Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dánta de chuid Uladh (An tUltach)

Title
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Author(s)
Mac Cuarta, Séamas Dall,
Compiler/Editor
Ó Tuathail, Éamonn
Composition Date
1733
Publisher
(Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1952)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


BRIAN mhac EÓGHAIN



SÉAMUS MHAC CUARTA cct



I
Is uasal 's is fearamhail, is buadhach 's is barramhail,
is subháilceach an macaoimh Brian mhac Eóghain,
Mar Ghuaire ós na fearaibh ag fuasgailt na n-ealadhan,
gruagach na flatha is fial fán ór.
Níl gruamacht i n'amharc, cruatan nó gangaid,
acht na sluaighte dá dteagmhadh a riar fán mbórd,
Mar chnuasach na mara is uasal do sgabas
duais do gach aicme ar shiansaibh an cheóil.



II
Bheir Brian, an ceann fine, a mhian do gach duine
Laoch Liathmhuine is gloine, grianán an oinigh,
Dia dá chuir chuige is annsacht na n-órd.
Fial-mhac a chinidh is fiachtar go Doire,
acht an iarsma chuaidh roimhe, dream nach bhfuil beó -
Goma bliadhnach a roinneas tighearnas a chloinne,
's an diadhacht 'na choinne i n-am sgaramhain leó.



III
Atá mianach na coilleadh céadna dar baineadh
ag líonadh san mbile, bráthair Uí Ruairc,
Fíneáltas is gliocas, críonnacht is tuigse,
is daonnacht gan tuisle ag sásughadh na sluagh.
Síol nachar milleadh is díreach do cuireadh
don fhíneamhain a shil ón Spáinn thar cuan;
Is don dísleacht a geineadh an croidhe tá ag an gcuradh,
ríogh-phlanda an oinigh, fás Eóghain Ruaidh.



IV
Is ag Brian bhíos fulaing cliar agus coinneamh,
riaradh gach fuireann is fáilte 'na gcomhair,
Mar an iasgach a chuireas fial-mhuir dá himeall
ag biathadh gach cruinnioghadh is gnáthach dá cóir,
Gan fiafraighe orra uile acht fíontaí 'na gcoinne,
ag riar flatha is file, cláirseach is ceóil;
Cibé ler mianach an fuisge ag iarraidh bheith ar misge,
Má thriallaid dá thoighsean árdabhaidh a ghlóir.



V
A Dhia gan dúthaigh is fearann, cúirt agus halla
ag umhlughadh faoi ghar don árd-fhlaith Brian,
Mar budh dúthchas don abhaill chumhra do threabhaibh
Uí Dhubhthaigh níodh goradh gáibhtheach i ngliaidh,
Tús catha is caraid chliútach Mhic Mhathghamhna
do chnuasaigh na creacha as cathair Átha Cliath -
Is súgach 's is fearamhail, is úr le lucht ealadhan,
go dúbalta leanas an sár-mhacaoimh iad.



VI
Marab é gur éagadar ollaimh Éireann is nach mairid,
bhéaradaois a mholadh i láthair chum Briain,
Gach féile is fán Nodlaig léighfeadh as rolla
fréamha na fola ór fhás an fial.
Bheadh téada dá mbrosgadh, séada dá bpronnadh,
stéada dá sporadh is fásgadh srian,
Léigheann dá sgoradh, sgéimh ar na sgolaibh,
is cléir as na leabhair ag sásughadh an triaith.



VII
Tabhair an féirín se i dtaisgidh, véarsa don aiste,
do Chéit is do Pheigidh, grádh leó is riaghail,
'S d'inghin Fheidhlim, an bhean bhreasnaidh dhéid-gheal a dheasuigheas
Féasta fá mheas ar árd-nós triaith,
'S an mhaighdean gan easbaidh déanta nó deise,
méine nó maise, is fearr cló is ciall -
Goma tréitheach a dtreise ar chéada dá bhfreastal,
is béadsa 'na measg san gan annró bliadhain.



VIII
Tabhair mo chéad bean gan athrach, faedhbhtha sa mbealach,
gan éadaighe dá bhfolach, slán dóibh siar,


L. 7


'S cuireadh Bernaby coróin phéarlaí ar mo bhannáil
an uair léighfeas sé an bheannacht ársaidh chian.
An déagh-mhac gan fhallás is féasta lucht seachráin,
an tréin-fhear a leanas rása na Niall,
'Ga mbíonn cléir is bochtáin is éigse go folláin,
is gach aon díobh ar mearughadh i bpárlús Bhriain.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services