Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Title
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Tuathail, Éamonn
Composition Date
1710
Publisher
(Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1952)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Don Athair Proinsias Mhac Mathghamhna Ar chrú Cholla mo chuairt i gcéin, mac Eachach dhuasmhair Doimhléin, saoirfhear d'uaislibh chineadh Cuinn, dar dhual eineach is uirrim. Ó's díofa sin céim gan cheas an t-Athair Proinsias gan ainbhfios, mo chuairt féin 'na dháil go dian, an séimhfhear sáimh 's an fírfhial. Proinsias canónta is ceart coing, gan uaill, earráid ná doghruing, lán d'eineach, d'fhéile is d'aoibh, saorghrádh éigse agus macaoimh. Fear gan ollghlór as eineach ghnáth, díoltóir éigse agus ríoghdhámh; amhuil Ghuaire ghrianach ghrinn, ag riaradh uaisle go hinnill. I measg do chaorthann go caoin ní fhuilngir saoibhshliocht Chailbhín, ná Luitérian, dream is docht, a Phroinsiais nach fann sa diadhacht. Madradh allta ná faolchoin fhéigh ní lamhann bheith i measg do naoimh-thréid, nach ndíobrair uaibh go dian deas, an t-athair fial gan doirbheas. Gnúis is gloine ós altóir Dé re síolradh briathar an tSoisgéil, Proinsias maordha, clú na cléire, do chrú chraoibhe na caithréime. Athair is cliúiteach i gcianaibh tré chaoineas céille is fhírriaghail; buan Proinsias ag cruthughadh córa, 's ag deachtughadh luirg na canóna. Tá teasghrádh agus duine I bProinsias ághmhar ainglidhe, bráthair Mhic Mhathghamhna céim gan cheas, ríoghraidh rathamhla le héigeas. Ní beag sin an uair se ón fhile don athair ghruadhnáir eagnaidhe, sagart sáimh re fréimh na sgol, mo chuairt 'na dháil ní hiongnadh. Mo chuairtse don ruaig se do bhláth na gcliar, Don athair shuaimhneach shnuadh-ghlan is áille ciall, Mac mar Ghuaire biothshuaithnidh ar bProinsias fial, Re díol duaine re suadhaibh 's dá ndáil go dian.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services