Don Athair Proinsias Mhac Mathghamhna
Ar chrú Cholla mo chuairt i gcéin,
mac Eachach dhuasmhair Doimhléin,
saoirfhear d'uaislibh chineadh Cuinn,
dar dhual eineach is uirrim.
Ó's díofa sin céim gan cheas
an t-Athair Proinsias gan ainbhfios,
mo chuairt féin 'na dháil go dian,
an séimhfhear sáimh 's an fírfhial.
Proinsias canónta is ceart coing,
gan uaill, earráid ná doghruing,
lán d'eineach, d'fhéile is d'aoibh,
saorghrádh éigse agus macaoimh.
Fear gan ollghlór as eineach ghnáth,
díoltóir éigse agus ríoghdhámh;
amhuil Ghuaire ghrianach ghrinn,
ag riaradh uaisle go hinnill.
I measg do chaorthann go caoin
ní fhuilngir saoibhshliocht Chailbhín,
ná Luitérian, dream is docht,
a Phroinsiais nach fann sa diadhacht.
Madradh allta ná faolchoin fhéigh
ní lamhann bheith i measg do naoimh-thréid,
nach ndíobrair uaibh go dian deas,
an t-athair fial gan doirbheas.
Gnúis is gloine ós altóir Dé
re síolradh briathar an tSoisgéil,
Proinsias maordha, clú na cléire,
do chrú chraoibhe na caithréime.
Athair is cliúiteach i gcianaibh
tré chaoineas céille is fhírriaghail;
buan Proinsias ag cruthughadh córa,
's ag deachtughadh luirg na canóna.
Tá teasghrádh agus duine
I bProinsias ághmhar ainglidhe,
bráthair Mhic Mhathghamhna céim gan cheas,
ríoghraidh rathamhla le héigeas.
Ní beag sin an uair se ón fhile
don athair ghruadhnáir eagnaidhe,
sagart sáimh re fréimh na sgol,
mo chuairt 'na dháil ní hiongnadh.
Mo chuairtse don ruaig se do bhláth na gcliar,
Don athair shuaimhneach shnuadh-ghlan is áille ciall,
Mac mar Ghuaire biothshuaithnidh ar bProinsias fial,
Re díol duaine re suadhaibh 's dá ndáil go dian.