Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Title
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Author(s)
Mac Cuarta, Séamas Dall,
Compiler/Editor
Ó Tuathail, Éamonn
Composition Date
1733
Publisher
(Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1951)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
XV. RIOSDARD MHAC CON MHIDHE. SÉAMUS MHAC CUARTA cct. I. Tabhair mo bheannacht tré dhúthracht do Riosdard clúthach Mac Con Mhidhe, is buidheachas tré dhísleacht í gcomhnaidhe ar son an chóir a chur 'na suidhe. II. Is dósan a dlightear mo bheannacht, mar aon is onóir na héigse, 's go luigheadh dá shinnsearaibh faoi cheannach ríghthe ceannarda na hÉireann. III. Dá maireadh uaisle shíol Eóghain meic Néill chródha 'na suidhe, ní coimhéadfaidhe aon reacht i nÉirinn gan dol faoi léigheann Mheic Con Mhidhe. IV. Is é bhíodh ag Saltair na Teamhrach ag fromhadh an tseanchais do na huaisle; is leis do líonadh an Leabhar Eóghanach, do dhorchuigh an t-eólas ar na tuataibh. V. Re linn seisir os cionn céada ar shliocht Éireamhóin do fritheadh, ní rachadh figheadóir sna trí réagúin a cheartugadh léighinn ar Mhac Con Mhidhe. VI. Níor sgríobhadh cairt i nÉirinn nach iad a ghéaga chuir 'na suidhe; i bhfochair an ríogh do bhíodh 'na dhéidh sin, 's tugthar a chéim do Mhac Con Mhidhe. VII. Mara ndéanadh Mac Con Mhidhe do thréidhe acht gan an dá réagún a léigean i gcogadh, 'sé dorinne na roinn chum réitigh eidir shíol Néill is sliocht na gColladh. VIII. Na bannaidhe se a ndeachaidh Colum do threibh na n-ollamh ar Íosa: go gciorrbhabhadh faoi cheann bliadhna gach neach dá n-iarradh an daoirse. IX. Ní fada léig Íosa bannaidhe Choluim gan díoghailt go díreach ón ollamh - tá Brian do mhianach na gColladh is asna 'na thaoibh briste ar bogadh. X. Mo chúig céad déag maighdean mhilis 'na dháil, 'S gan fiú an tsnáithe chaoil éadaigh 'na dtimcheall mar sgáth; Fána chongnamh liom féin beidsi go bruinne 'na pháirt, Ag dúsgadh na séad saidhbhris i dtuilltibh a ghráidh. XI. Ollaimh na críche se do bhíodh go gortach fá bhiadh, Acht Mac Con Mhidhe bhí ag ríoghraidh sleachta na Niall; Ní fhacadar sgríobhaidhthe taom olcas riamh, Acht ag ceannach an fhíona ar mhian 's dá sgabadh go dian. XII. Bagair na ndaor ar shaoi budh danartha an chiall; Ar ollamh na ríogh ná claon le dán úr, a Bhriain. Tobar na híce lér mian do rollasa riar, Is ag Mac Con Mhidhe do bhíodh an leabhar ariamh. Tabhair mo bheannacht.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services