XV.
RIOSDARD MHAC CON MHIDHE.
SÉAMUS MHAC CUARTA cct.
I.
Tabhair mo bheannacht tré dhúthracht
do Riosdard clúthach Mac Con Mhidhe,
is buidheachas tré dhísleacht í gcomhnaidhe
ar son an chóir a chur 'na suidhe.
II.
Is dósan a dlightear mo bheannacht,
mar aon is onóir na héigse,
's go luigheadh dá shinnsearaibh faoi cheannach
ríghthe ceannarda na hÉireann.
III.
Dá maireadh uaisle shíol Eóghain
meic Néill chródha 'na suidhe,
ní coimhéadfaidhe aon reacht i nÉirinn
gan dol faoi léigheann Mheic Con Mhidhe.
IV.
Is é bhíodh ag Saltair na Teamhrach
ag fromhadh an tseanchais do na huaisle;
is leis do líonadh an Leabhar Eóghanach,
do dhorchuigh an t-eólas ar na tuataibh.
V.
Re linn seisir os cionn céada
ar shliocht Éireamhóin do fritheadh,
ní rachadh figheadóir sna trí réagúin
a cheartugadh léighinn ar Mhac Con Mhidhe.
VI.
Níor sgríobhadh cairt i nÉirinn
nach iad a ghéaga chuir 'na suidhe;
i bhfochair an ríogh do bhíodh 'na dhéidh sin,
's tugthar a chéim do Mhac Con Mhidhe.
VII.
Mara ndéanadh Mac Con Mhidhe do thréidhe
acht gan an dá réagún a léigean i gcogadh,
'sé dorinne na roinn chum réitigh
eidir shíol Néill is sliocht na gColladh.
VIII.
Na bannaidhe se a ndeachaidh Colum
do threibh na n-ollamh ar Íosa:
go gciorrbhabhadh faoi cheann bliadhna
gach neach dá n-iarradh an daoirse.
IX.
Ní fada léig Íosa bannaidhe Choluim
gan díoghailt go díreach ón ollamh -
tá Brian do mhianach na gColladh
is asna 'na thaoibh briste ar bogadh.
X.
Mo chúig céad déag maighdean mhilis 'na dháil,
'S gan fiú an tsnáithe chaoil éadaigh 'na dtimcheall mar sgáth;
Fána chongnamh liom féin beidsi go bruinne 'na pháirt,
Ag dúsgadh na séad saidhbhris i dtuilltibh a ghráidh.
XI.
Ollaimh na críche se do bhíodh go gortach fá bhiadh,
Acht Mac Con Mhidhe bhí ag ríoghraidh sleachta na Niall;
Ní fhacadar sgríobhaidhthe taom olcas riamh,
Acht ag ceannach an fhíona ar mhian 's dá sgabadh go dian.
XII.
Bagair na ndaor ar shaoi budh danartha an chiall;
Ar ollamh na ríogh ná claon le dán úr, a Bhriain.
Tobar na híce lér mian do rollasa riar,
Is ag Mac Con Mhidhe do bhíodh an leabhar ariamh.
Tabhair mo bheannacht.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11