Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Title
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Tuathail, Éamonn
Composition Date
1856
Publisher
(Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1951)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
XIV. AN ROSARY INA VÉARSAÍ. ÉAMONN MHAC CUBHAIDH do chum Na Cúig Rúindiamhra Glórmhara. I. An Chéad Rúindiamhair: Eiséirighe ar dTighearna Íosa Críosta ó mharbhaidh. Air a' treas lá tareis Críosta bhásughadh Do chuaidh na Mairighneadh le hiomad céim, Chum na tuamba i ndúil Críosta fhagháil ann, Ach cha raibh sé insan áit sin óir d'fhág sé é. Rinne sé eiséirghe go glórmhar air maidin Dia Domhnaigh, Ag dol go ríoghachta na glóire i n-aon toigh le n'athair, 'S i n-éis gach dólás a fuair a' Mhaighdean ghlórmhar Is ag eiséirghe a ró-mhic 'sé a croidhe bhí slán. II. An Dara Rúndiamhair: Deasgabháil ar Slánuightheóra Íosa Críosta. Is a' dá fhichid lá sin do chomhnuigh Críosta Ag a chuid easbal naomhtha tar éis a bháis, A' seóladh 's a' míniughadh dhóibh go mbeadh siad líomtha Chum an chine dhaonna thabhairt a' bealach slán. Ghlac sé cead ag a mháthair 's a chuid easbal grádhach Nuair ba mhian leis an Árd-Rígh a dhol fána dhéin, Agus na hanmanna beannuigh'e as Limbo gur fhuasgail A bhí i gcuimhreach chruaidh ann ó pheacaidh Ádhaimh. III. An Treas Rúindiamhair: Tuirling an Spioraid Naomhtha air an Eaglais. Air a' deicheadh lá tar éis a dheisgiobail fhágbhail, Nó é féin a árdughadh go flaithis Dé, Chuir sé chuca anuas an Spiorad Naomhtha go lúthgháireach Chum méadughadh subháilce don tsaoghal go léir. Líon sé croidhe a mháthara 's a chuid easbal grádhach Le méadughadh grásta faoi bhrataigh a sgéith, Ionnus go dtroidfidíst go beódha mar shaighdeóirí cródha Air ríoghachta na glóire d'fhág sé aca air fagháil. IV. An Ceathramhadh Rúindiamhair. Árdughadh na Maighdine Muire go Flaitheas. An t-am ba mhian leis a' Mhaighdin dhílis A bheith sgartha díbeartha as gleann na ndeór, Tháinig a haon mhac Críosta agus sluaighte aingeal leis Agus d'árduigh sé í air a dheasláimh i nglóir. Goide méad na lúthgháire a thabhuigh an lá sin dí Indéidh gach sár-mhasladh agus briseadh croidhe, Eidir toigh Phíolóid agus cnoc na páise Lena haon mhac grádhach air bharr Chalbharaigh. V. An Cúigeadh Rúindiamhair: Corónadh na Maighdine Muire ... bhFlaitheas. Tar éis Muire dhol go flaitheamhnas síorthaidhe Líon na fíréin le 'n iomad dúil, Agus aingle na bhflaitheas le mórán sóláis, Mar corónadh chomh glórmhair sin os a gcomhair í. Háitigheadh í chois caithir na Tríonóide, 'S beidh sí annsin go síorthaidhe 'na bainríoghain i gcéim - Aige sin cúig glóire na Maighdine Óighe A fuair sí go rómhail ag deireadh a saoghail.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services