Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dánta de chuid Uladh (An tUltach)

Title
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Tuathail, Éamonn
Composition Date
1856
Publisher
(Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1951)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


XIV. AN ROSARY INA VÉARSAÍ.
ÉAMONN MHAC CUBHAIDH do chum



Na Cúig Rúindiamhra Glórmhara.



I. An Chéad Rúindiamhair: Eiséirighe ar dTighearna Íosa Críosta ó
mharbhaidh.



Air a' treas lá tareis Críosta bhásughadh
Do chuaidh na Mairighneadh le hiomad céim,
Chum na tuamba i ndúil Críosta fhagháil ann,
Ach cha raibh sé insan áit sin óir d'fhág sé é.
Rinne sé eiséirghe go glórmhar air maidin Dia Domhnaigh,
Ag dol go ríoghachta na glóire i n-aon toigh le n'athair,
'S i n-éis gach dólás a fuair a' Mhaighdean ghlórmhar
Is ag eiséirghe a ró-mhic 'sé a croidhe bhí slán.



II. An Dara Rúndiamhair: Deasgabháil ar Slánuightheóra Íosa Críosta.



Is a' dá fhichid lá sin do chomhnuigh Críosta
Ag a chuid easbal naomhtha tar éis a bháis,
A' seóladh 's a' míniughadh dhóibh go mbeadh siad líomtha
Chum an chine dhaonna thabhairt a' bealach slán.
Ghlac sé cead ag a mháthair 's a chuid easbal grádhach
Nuair ba mhian leis an Árd-Rígh a dhol fána dhéin,
Agus na hanmanna beannuigh'e as Limbo gur fhuasgail
A bhí i gcuimhreach chruaidh ann ó pheacaidh Ádhaimh.



III. An Treas Rúindiamhair: Tuirling an Spioraid Naomhtha air an
Eaglais.



Air a' deicheadh lá tar éis a dheisgiobail fhágbhail,
Nó é féin a árdughadh go flaithis Dé,
Chuir sé chuca anuas an Spiorad Naomhtha go lúthgháireach
Chum méadughadh subháilce don tsaoghal go léir.
Líon sé croidhe a mháthara 's a chuid easbal grádhach
Le méadughadh grásta faoi bhrataigh a sgéith,
Ionnus go dtroidfidíst go beódha mar shaighdeóirí cródha
Air ríoghachta na glóire d'fhág sé aca air fagháil.



IV. An Ceathramhadh Rúindiamhair.
Árdughadh na Maighdine Muire go Flaitheas.



An t-am ba mhian leis a' Mhaighdin dhílis
A bheith sgartha díbeartha as gleann na ndeór,
Tháinig a haon mhac Críosta agus sluaighte aingeal leis
Agus d'árduigh sé í air a dheasláimh i nglóir.
Goide méad na lúthgháire a thabhuigh an lá sin dí
Indéidh gach sár-mhasladh agus briseadh croidhe,
Eidir toigh Phíolóid agus cnoc na páise
Lena haon mhac grádhach air bharr Chalbharaigh.



V. An Cúigeadh Rúindiamhair: Corónadh na Maighdine Muire
... bhFlaitheas.



Tar éis Muire dhol go flaitheamhnas síorthaidhe
Líon na fíréin le 'n iomad dúil,
Agus aingle na bhflaitheas le mórán sóláis,
Mar corónadh chomh glórmhair sin os a gcomhair í.
Háitigheadh í chois caithir na Tríonóide,
'S beidh sí annsin go síorthaidhe 'na bainríoghain i gcéim -
Aige sin cúig glóire na Maighdine Óighe
A fuair sí go rómhail ag deireadh a saoghail.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services