Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Title
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Tuathail, Éamonn
Composition Date
1856
Publisher
(Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1951)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
XIII. AN ROSARY INA VÉARSAÍ ÉAMONN MHAC CUBHAIDH do chum. Na Cúig Rúindiamhra Dólásacha I. An Chéad Rúindiamhair: Urnaighe agus allus fola ar Slánuightheóra sa gháirdín. An comhluadar déidheannach a bhí ag an Mhaighdin Lena haon mhac budh tuirseach í, Tráth d'iarr sé a beannacht thóg sí a dá lámh gheala i n-áirde: "Go mbeannuighthear thú ón Árd-Rígh, a mhic mo chroidhe." Ó sin a thriall sé chum an tsuipéir dhéidheannaigh Nó gur chuir sé é féin i gcló na sacramainte naomhtha, Agus ó sin chun a' gháirdín gur chuir sé allus fola go cráidhte Chum sinne shabháil air a' pheacadh chlaon. II. An Dara Rúindiamhair: Sgiúradh ar dTighearna ag an cholamhain cloiche. Tar éis an chine Iúdaigh gur ghabh siad Críosta, Le cordaí caola gur cheangail siad é, Agus striopáil síos de a chuid éadaigh naomhtha Chum méadughadh mí-chliú do thabhairt dó. Bhuail siad buillí air, corradh is cúig mhíle, Go raibh an fhuil a' preabadh tríd a chorp go léir, Agus a chréachta naomtha ag sileadh síos leis Mar thobar fíor-uisge a' teacht le réim. III. An Treas Rúindiamhair: Corónadh ar Slánuightheóra le dealga spíne. Ar an choróin spíne cuireadh air chionn Chríosta Is cóir dhúinn smaoineadh 's a chur i meabhair, Gur fáisgeadh i air a chlaigeann naomtha Chum méadughadh pianaigh' do thabairt dó. Budh tuirseach an ciorrbhadh é os cionn a éadain naomtha I n-áitidh coróin ríoghamhail mar ba chuibhe dhó. Sin mar a d'íoc sé air son an chine dhaonna Chum iad a shaoradh air ifrionn mhór. IV. An Ceathramhadh Rúindiamhair: Tugadh breitheamhnas báis air ar Slánuightheóir Iosa Críosta. Nuair a tugadh breitheamhnas báis air bhí sé sáruigh'e, Gé o raibh sé sásta air a dhol leó san tslighe, Chum an tsléibhe a dh'fhuiling na páise, Ionnus go dtiocfadh isteach ráidhte na n-aithreacha naomhtha, Mar bhean sgaoil tháinig a mháthair i latháir ann, 'S a phobail na páirte, budh tuirseach í, Ag amharc ar a haon mhac grádhach faoi chrann na páise, Agus é air a thriall go Sliabh Calvary. V. An Cúigeadh Rúindiamhair: Céasadh ar Slánuightheóra Íosa Críosta. Tar éis ar Slánuightheóir a theacht chum na háiteadh A raibh sé chun a bhásughadh air son shíol Éabha. Budh mhór a chuid dá pháis a chuid éadaigh naomhtha A striopáil síos de os coinne an tsaoghail. Sparradh go tiaránta a chosa agus a lámha Air a' chroich i n-áirde le casúir go cruaidh - Aige sin cúig dóláis na Maighdine glórmhaire A d'fhuiling sí go brónach i measg an tsluaigh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services