Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dánta de chuid Uladh (An tUltach)

Title
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Tuathail, Éamonn
Composition Date
1856
Publisher
(Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1951)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


XIII. AN ROSARY INA VÉARSAÍ
ÉAMONN MHAC CUBHAIDH do chum.



Na Cúig Rúindiamhra Dólásacha



I. An Chéad Rúindiamhair: Urnaighe agus allus fola ar Slánuightheóra
sa gháirdín.



An comhluadar déidheannach a bhí ag an Mhaighdin
Lena haon mhac budh tuirseach í,
Tráth d'iarr sé a beannacht thóg sí a dá lámh gheala i n-áirde:
"Go mbeannuighthear thú ón Árd-Rígh, a mhic mo chroidhe."
Ó sin a thriall sé chum an tsuipéir dhéidheannaigh
Nó gur chuir sé é féin i gcló na sacramainte naomhtha,
Agus ó sin chun a' gháirdín gur chuir sé allus fola go cráidhte
Chum sinne shabháil air a' pheacadh chlaon.



II. An Dara Rúindiamhair: Sgiúradh ar dTighearna ag an cholamhain
cloiche.



Tar éis an chine Iúdaigh gur ghabh siad Críosta,
Le cordaí caola gur cheangail siad é,
Agus striopáil síos de a chuid éadaigh naomhtha
Chum méadughadh mí-chliú do thabhairt dó.
Bhuail siad buillí air, corradh is cúig mhíle,
Go raibh an fhuil a' preabadh tríd a chorp go léir,
Agus a chréachta naomtha ag sileadh síos leis
Mar thobar fíor-uisge a' teacht le réim.



III. An Treas Rúindiamhair: Corónadh ar Slánuightheóra le dealga
spíne.



Ar an choróin spíne cuireadh air chionn Chríosta
Is cóir dhúinn smaoineadh 's a chur i meabhair,
Gur fáisgeadh i air a chlaigeann naomtha
Chum méadughadh pianaigh' do thabairt dó.
Budh tuirseach an ciorrbhadh é os cionn a éadain naomtha
I n-áitidh coróin ríoghamhail mar ba chuibhe dhó.
Sin mar a d'íoc sé air son an chine dhaonna
Chum iad a shaoradh air ifrionn mhór.



IV. An Ceathramhadh Rúindiamhair:
Tugadh breitheamhnas báis air ar Slánuightheóir Iosa Críosta.



Nuair a tugadh breitheamhnas báis air bhí sé sáruigh'e,
Gé o raibh sé sásta air a dhol leó san tslighe,
Chum an tsléibhe a dh'fhuiling na páise,
Ionnus go dtiocfadh isteach ráidhte na n-aithreacha naomhtha,
Mar bhean sgaoil tháinig a mháthair i latháir ann,
'S a phobail na páirte, budh tuirseach í,
Ag amharc ar a haon mhac grádhach faoi chrann na páise,
Agus é air a thriall go Sliabh Calvary.



V. An Cúigeadh Rúindiamhair:
Céasadh ar Slánuightheóra Íosa Críosta.



Tar éis ar Slánuightheóir a theacht chum na háiteadh
A raibh sé chun a bhásughadh air son shíol Éabha.
Budh mhór a chuid dá pháis a chuid éadaigh naomhtha
A striopáil síos de os coinne an tsaoghail.
Sparradh go tiaránta a chosa agus a lámha
Air a' chroich i n-áirde le casúir go cruaidh -
Aige sin cúig dóláis na Maighdine glórmhaire
A d'fhuiling sí go brónach i measg an tsluaigh.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services