Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Title
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Author(s)
Ó Doirnín, Peadar,
Compiler/Editor
Ó Tuathail, Éamonn
Composition Date
1769
Publisher
(Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1951)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
XII. - Sláinte na Mná Gaedhealaighe. Peadar O Duirnín do chum. I. Ólfa mé sláinte an pháiste is daoire folt, Shileas go trácht 'na sgáinneacha péarlach tiugh; Ní fuireach is áill ach ar ball 'na gcéada lúb A' pilleadh san áit ór fhás gach aon acú. II. Ólfa mé sláinte chláir a héadain dil, Thart timcheall atá ar dhath an laege ghil. Siúd soineann gan smál is deallradh gréine annsin, A cuma 'na pátrún ... áille is sgéimhe dhuinn. III. Ólfa mé sláinte a dá bhraoi chaola aniu Gé fogus atáid do ghnáth dá chéile a' sgur; Siúd a samhail nó táim-se lán díth céille tur: Mar chleite ar a rása i láimh an chléirigh mhir. IV. Ólfa mé sláinte a dá rosg shéimhidhe ghlas, Le gaethibh an gráidh ní ár 's í féin gan fhios. Dá bhfaiceadh a ndeallradh arde-mhac Hécuba thoir Ní chaillfidís lán mo mháime Gréagaigh d'fhuil. V. Ólfa mé sláinte a dá ghruaidh threaghdas fir, A gile 'gá rádh gurab áill léi an chéim ó chinn Siúd an drithle ina lár 's a gáir mar bhé ag goil, 'S ach mise bheith slán más fearr liom gléas a bhfuil. VI. Ólfa mé sláinte a gáire 's a béilín dil, Gach siolla dá rádh a' breith bairr ar mhéir mhic Lir. Is ceart chrutuig an Ceard gan smál mar néamhannaibh Go fras-chumpa i nárus cnámh a déadaibh-se. VII. Ólfa mé sláinte a bráighe is gléghile cruth, Mar shneachta as an aird nach gnáth teas gréine theacht; Ní fada 's ní gearr, ní cam, ní caol 's ní tiugh, Ach suidhte gan tár is ní háille í ané ná aniu. VIII. Ólfa mé sláinte a dá chrobh mhaoth gheal bheag, Shinneas mar Dhaghdha a ndearna an éigse uilig. Níl fioghair ar fagháil nach dtairrngeochadha méir gé lag Anna mbrataibh bheir náire do mhnáibh is a mbéil gan smid. IX. Ólfa mé a sláinte óna bathas go dté a troigh, Ciste na ndámh a bhfuil fáilte is féile innti. Níl startha ná dan ón arc nach léir dhí a mbrígh, 'S is miste 'o chrích Fáil a bás tráth éagfas sí.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services