XII. - Sláinte na Mná Gaedhealaighe.
Peadar O Duirnín do chum.
I.
Ólfa mé sláinte an pháiste is daoire folt,
Shileas go trácht 'na sgáinneacha péarlach tiugh;
Ní fuireach is áill ach ar ball 'na gcéada lúb
A' pilleadh san áit ór fhás gach aon acú.
II.
Ólfa mé sláinte chláir a héadain dil,
Thart timcheall atá ar dhath an laege ghil.
Siúd soineann gan smál is deallradh gréine annsin,
A cuma 'na pátrún ... áille is sgéimhe
dhuinn.
III.
Ólfa mé sláinte a dá bhraoi chaola aniu
Gé fogus atáid do ghnáth dá chéile a' sgur;
Siúd a samhail nó táim-se lán díth céille tur:
Mar chleite ar a rása i láimh an chléirigh mhir.
IV.
Ólfa mé sláinte a dá rosg shéimhidhe ghlas,
Le gaethibh an gráidh ní ár 's í féin gan fhios.
Dá bhfaiceadh a ndeallradh arde-mhac Hécuba thoir
Ní chaillfidís lán mo mháime Gréagaigh d'fhuil.
V.
Ólfa mé sláinte a dá ghruaidh threaghdas fir,
A gile 'gá rádh gurab áill léi an chéim ó chinn
Siúd an drithle ina lár 's a gáir mar bhé ag goil,
'S ach mise bheith slán más fearr liom gléas a bhfuil.
VI.
Ólfa mé sláinte a gáire 's a béilín dil,
Gach siolla dá rádh a' breith bairr ar mhéir mhic Lir.
Is ceart chrutuig an Ceard gan smál mar néamhannaibh
Go fras-chumpa i nárus cnámh a déadaibh-se.
VII.
Ólfa mé sláinte a bráighe is gléghile cruth,
Mar shneachta as an aird nach gnáth teas gréine theacht;
Ní fada 's ní gearr, ní cam, ní caol 's ní tiugh,
Ach suidhte gan tár is ní háille í ané ná aniu.
VIII.
Ólfa mé sláinte a dá chrobh mhaoth gheal bheag,
Shinneas mar Dhaghdha a ndearna an éigse uilig.
Níl fioghair ar fagháil nach dtairrngeochadha méir gé lag
Anna mbrataibh bheir náire do mhnáibh is a mbéil gan smid.
IX.
Ólfa mé a sláinte óna bathas go dté a troigh,
Ciste na ndámh a bhfuil fáilte is féile innti.
Níl startha ná dan ón arc nach léir dhí a mbrígh,
'S is miste 'o chrích Fáil a bás tráth éagfas sí.