Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Title
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Author(s)
Mac Cuarta, Séamas Dall,
Compiler/Editor
Ó Tuathail, Éamonn
Composition Date
1733
Publisher
(Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1950)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
I. Séamus Mhac Cuarta cct. Ó thugais ó ughdaraibh Insi Fáil do chommission uile comh hiomlán ag Ros na Ríogh 's as Teamhair Chuinn, ag so dhuitsi do chraobh chumainn. Ó d'imthigh Dallán Forgaill uainn, Torna is Seanchán an athuair, níor goireadh ríoghollamh i nInis Fáil acht tusa, a Dhomhnaill Uí Mhaoilriadháin. Ó thugais buaidh thar gach tír go fearann uasal an airdríogh, ag so do choróin ríoghachta dhuit, a Dhomhnaill gheanmnaidh an Ghaoidhlig. Beir uaim is aithris do Bhrian go dtugais chugainn as imchian, ó laochraidh Chláir Chobhthaigh Muile, An chraobh ag Domhnall mar deirid. Ní fhuil ar úir Éireann anois ollamh ná saoi re seanchus, Ná ríoghraidh ar sliocht Míleadh anois, nár ghéill dósan gan imreas. A Dhomhnaill Uí Mhaoilriadháin fuair tighearnas ar fhlaitheas na nGaedheal Ó ollaimh is ó thriathaibh Chiarraighe, Chonnacht is Néill, Tabhair an ealaidhain si siar is cuireadh Brian Ó Ceallaigh 'na dhéidh, 'S fá choróin do ríoghachta bliadhain go mairidh tú is céad.
II. Brian Ó Ceallaigh cct. Geall Gaedheal ar ghaisgidh ghloinn gabhas Iollann na móirghéibheann; an chlú chéadna ar Chrích Chuinn le barr léighinn ag Domhnaill. Fítheal agus Flaithri fionn, bhí cíos dóibh ar threibh Eirionn; an reacht céadna gan smúid gan smacht, do Dhomhnall Ó Mhaoilríadháin is ró-cheart. I dtoigh na Craobhruaidhe do bhí Ollaimh Eireann gan mórmhaoidheamh; Samhail Dhomhnaill ní raibh 'na measg Le srothaibh léighinn gan oideas. Ó léinsgrios Gaedheal do leithéid níor shaltair san chrích Ag aithbheodhadh na déithe chuaidh a dh'éag le fada fo-ríor, Ag ardughadh an léighinn a chuaidh i dtréas ó d'imthigh na draoith' - Coróin na hÉireann ar éigsibh is ceart liom dhuit í. III.
Séamus Mhag Uidhir cct. Ó fogradh gach eólaicme as Éirinn áin, Gan treórughadh ná seóladh ag aon mhacán, Tá an chóib se faoi bhrón ag gach éigeandáil, 'S cé fhóirfeas sinn acht Domhnall le gríosacht fáidh?
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services