Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dánta de chuid Uladh (An tUltach)

Title
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Author(s)
Mac Cuarta, Séamas Dall,
Compiler/Editor
Ó Tuathail, Éamonn
Composition Date
1733
Publisher
(Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1950)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


I.
Séamus Mhac Cuarta cct.



Ó thugais ó ughdaraibh Insi Fáil
do chommission uile comh hiomlán
ag Ros na Ríogh 's as Teamhair Chuinn,
ag so dhuitsi do chraobh chumainn.



Ó d'imthigh Dallán Forgaill uainn,
Torna is Seanchán an athuair,
níor goireadh ríoghollamh i nInis Fáil
acht tusa, a Dhomhnaill Uí Mhaoilriadháin.



Ó thugais buaidh thar gach tír
go fearann uasal an airdríogh,
ag so do choróin ríoghachta dhuit,
a Dhomhnaill gheanmnaidh an Ghaoidhlig.



Beir uaim is aithris do Bhrian
go dtugais chugainn as imchian,
ó laochraidh Chláir Chobhthaigh Muile,
An chraobh ag Domhnall mar deirid.



Ní fhuil ar úir Éireann anois
ollamh ná saoi re seanchus,
Ná ríoghraidh ar sliocht Míleadh anois,
nár ghéill dósan gan imreas.



A Dhomhnaill Uí Mhaoilriadháin
fuair tighearnas ar fhlaitheas na nGaedheal
Ó ollaimh is ó thriathaibh Chiarraighe,
Chonnacht is Néill,
Tabhair an ealaidhain si siar is cuireadh
Brian Ó Ceallaigh 'na dhéidh,
'S fá choróin do ríoghachta bliadhain go
mairidh tú is céad.



U 0246
II.
Brian Ó Ceallaigh cct.



Geall Gaedheal ar ghaisgidh ghloinn
gabhas Iollann na móirghéibheann;
an chlú chéadna ar Chrích Chuinn
le barr léighinn ag Domhnaill.



Fítheal agus Flaithri fionn,
bhí cíos dóibh ar threibh Eirionn;
an reacht céadna gan smúid gan smacht,
do Dhomhnall Ó Mhaoilríadháin is ró-cheart.



I dtoigh na Craobhruaidhe do bhí
Ollaimh Eireann gan mórmhaoidheamh;
Samhail Dhomhnaill ní raibh 'na measg
Le srothaibh léighinn gan oideas.



Ó léinsgrios Gaedheal do leithéid
níor shaltair san chrích
Ag aithbheodhadh na déithe
chuaidh a dh'éag le fada fo-ríor,
Ag ardughadh an léighinn a chuaidh i
dtréas ó d'imthigh na draoith' -
Coróin na hÉireann ar éigsibh is ceart
liom dhuit í.



III.
U 0201
Séamus Mhag Uidhir cct.



Ó fogradh gach eólaicme as Éirinn áin,
Gan treórughadh ná seóladh ag aon mhacán,
Tá an chóib se faoi bhrón ag gach éigeandáil,
'S cé fhóirfeas sinn acht Domhnall le
gríosacht fáidh?



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services