Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Mí na Feil' Mlinne
Title
Mí na Feil' Mlinne
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1924
Publisher
Comhaltas Uladh
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN t-ULTACH PÁIPÉAR MÍOSAMHAIL FA CHOINNE GAEDHEAL TUAISCEART ÉIREANN. Uiml. 1. Uimhir 7. MÍ NA FEIL' MLINNE. 1162821924. Luach Dhá Phighinn. AN t-ULTACH. Árus Chonnradh na Gaedhilge, 5, Plás na Trágha, Dún Dealgan. Leabhra Saora le hAghaidh na bPáisdí-Scoile. Réidh anois: POTA CNUASAIGH, CUID A DÓ. 24 leathanaigh. Luach 4ph.; nó 5ph. thríd an phost. Le fághail ó Oifig an Ultaigh. Béidh leabhra eile ag teacht amach go haithghiorra. TEACHT CHEALLAIGH MHÓIR. II. Nuair a thainig Donnchadh Óg isteach i dteac na bainse, bhí scaifte mór daoine cruinn. Bhí an bhiotáilte ag gabhail thart, agus an biadh 'ghá dhéanamh réidh. Bhí Seán Mór Píobaire na shuidhe sa choirneál agus é ag seinm corr- phort anois as arís de'n chruinnigheadh, agus Feidhlimidh Fidileoir na shuidhe sa choirneál eile ag tarraingt an bhógha go h-aigeantach ar an fhidil. Bhí cisteanach agus seomra mór fada farsaing 'toigh Eoghain Uí Cheallaigh, agus bhí siad plodaighthe. Bhí an t-aos óg ag damhsa agus ag ól agus ag suirghe. Bhí an dream aosta ag cómhrádh agus ag sgéalaidheacht agus ag ól agus ag déanamh carthanais. Chuaidh an oidhche thart go súgach, greannmhar gleoireóiseach go rabh sé a dheas de'n mheadhon oidhche. Bhí Donnchad na shuidhe ag an bhalla bheag an t-am seo, agus Síle ar a ghlúin, indiaidh iad cúrsa damhsa a dhéanamh. D'amharc Donncadh trasna an toighe agus chonnaic sé fear bocht 'na shuidhe thall os a choinne i n-aice an doruis. Ní rabh aithne ar bith aige air. Chroich de sheanduine mhór thoirteach a bhí ann, féasóg fhada gharbh liath air, agus sean- hata mór bán anuas ann a shúilibh. Bhí a chuid éadaigh iongantach garbh, giobach, scifleógach. Bhí dhá chroisín na luighe ann a ucht. Ní rabh aon bhacach anns an tír nach rabh aithne ag Donnchadh air, shíl sé féin, acht níor léar dó go bhfacaidh sé an fear seo ariamh. Stán sé go géar air. D'amharc an fear bocht air. Chonnaiceas do Dhonnchadh go rabh dhá shúil óga, a bhí comh géar agus comh luinnireach le súilibh iolair, ag amharc amach as faoi dhuilleóig an tsean- hata bháin sin. Bhruid sé Síle agus chuir sé ceist oirthi a rabh sí ag aithne an fhir bhoicht. Dubhairt sí nach bhfacaidh sí ariamh é. Ba léar daobhtha go rabh go leor 'sa teach ar a n-aicid, ná b'iomdha súil a tugadh ar an bhacach mhór chreapalta a rabh na croisíní leis. Ní thiocfadh le Donnchadh a dhá shúil a thógáil de. Choimheád sé é nuair a bhí an bhiotáilte ag gabhail thart. Chonnaic sé é ag tógáil a láimhe ag caitheamh siar an ghloinne, agus mar bhí an muinchille scifleogach gear- ruballach strócaighthe, nocht a sgiathán nuair thóg sé an lámh leath-bhealaigh go dtí an uillinn. Ní fhacaidh Donnchadh a leithéid de sgiathán ariamh. Bhí sé chomhair a bheith comh ramhar le muineál fir, feachógach, cruinn, agus acha'n chuisle gorm ann go ramhar le rópa cnáibe. Thainig truaighe aige dó nuair a chonnaic sé a leitéid de fhear bhreagh agus gan lugh na gcos leis. Stad an damhsa, agus sgairteadh ar Anna Níc Géidigh amhrán a rádh. Dubhairt sí an “Draighneán Donn” go caoin binn brónach. Scairteadh ar Árt Óg, agus ar Sheán Néill agus ar chupla duine eile, agus bhí callán agus greadadh bos ann a thógfadh an ceann de'n teach, dar leat. Sa deireadh, nuair a bhí na h-amhráin ráidhte, agus gan an dara ceoltóir le fágháil, d'éirigh Donnchadh Óg na sheasamh. “Deirfidh an strainséar a bhfuil an hata bán air amhrán, ma's sé a thoil é,” arsa seisean. Ní thiocfadh leis a innse, dá muirfidhe é, goidé a thug air éirigh agus sin a rádh. Thainig sé fríd a cheann, agus acht oiread is dá mbéadh tapógaí ann, d'éirigh sé agus dubhairt sé é. D'amharc acha'n dhuine ar an fhear bhocht. Thost siad ó thús. Annsin thoisigh corr dhuine thall is i bhfos 'ghá bhros- lughadh. D'éirigh sé, agus leig sé a thaca ar na croisínibh. Cheol sé an t-amhrán a rinn Cearbhallán Dall de Nábla Ní Cheallaigh. Nábla Ní Cheallaigh an t-ainm a bhí ar an chailín óg a bhí 'ghá pósadh, agus d'fhóir an t-amhrán go h-iongantach maith. Bhí glór breagh domhain binn ag an fhear bhocht. Chuir sé aoibh ar bhean Eoghain Uí Cheallaigh nuair a cheol sé amach go breagh glan árd: “'Sí cúl tiugh na mbachall fáinneach geal slim. 'Sí cum an eala í 's gile 'shnámh ar an linn 'Sí grádh 'gus spéis na ngasúr Nábla shéimh Ní Cheallaigh. A' déad is deise leagadh i bfárus a cinn.” Chuir sé pléisiúr ar a rabh 'sa teach sul a rabh sé réidh, agus buaileadh na bosa go teann, agus sgairteadh “Arís! arís!” go dtí go rabh lucht na bainse ar aon gháir amháin uilig. Thoisigh sé ansin ar “An Chrúisgín Lán” agus bhain sé mac alla as na creataighibh. Nuair a bhí an t-amhrán ráidhte sgairt Eoghan Ua Ceallaigh an crúisgín a líonadh arais, agus chuaidh cur eile biotáilte thart. Chaith an bacach siar a ghloine go chroidheamhail. Bhí a rabh thart fá dtaobh de 'ghá mholadh, agus bhí an moladh agus an bhiotáilte ag gabhail ann a cheann dó. D'éirigh sí dhe léim 'na sheasamh, chaith uaidh na croisíní agus leig a shean sgairt as. “Bacach mise ar aon chois, siubhlaim go státamhail. Buail suas a Fheidhlimidh, go ndéanaidh mé aon chúrsa amháin.” D'éirigh munamar fríd an teach. An mhuinntir a bhí ar chúl daoine eile, shín siad a gcuid muineál a amharc ar an fhear a rabh na croisíní leis, agus gan gnaithe aige leobhtha. Thoisigh Feidhlimidh Fidileoir a bhualadh, agus thoisigh an bacach a dhamhsa. Agus a léitheid eile dhe dhaimhseoir, ní rabh i n-íochtar tíre an oidhche sin. Bhí péire de shean- bhrógaibh móra troma air, acht ma bhí féin bhí sé comh h-éadtrom ar a chois le gealbhán. Chor sé agus cham sé agus lúb sé a chuid cos, chuir sé thaire na chéile iad; níor luaithe na sála ná na ladhara ar an talamh aige; agus d'aithneochtha an port, dá mbeitheá gan an fhideal a chluin- stin ar cor ar bith, ar thormán a chuid cos ar an urlár. 'Sa deireadh nuair a bhí sé tuirseach, d'umhluigh sé de'n chuideachta mar bhéadh fear uasal ann, agus shuidh sé i dtaobh an toighe. “Ní fhacaidh mé a leitheid de dhamhseoir,” arsa fear meadhon aosta ag gualainn Dhonnchaidh, “ó d'imhthigh Ceallaigh Mór!” Thoisigh an t-aos óg a dhamhsa arais. Bhí achan bheirt ag cainnt le chéile ar fud an toighe go ceann tamaill fá'n fhear bocht aistidheach seo. Acht 'sa deireadh chuaidh siad a dhéanamh neamh-iongantais dó, agus a stad a thracht air.
Amach le Donnchadh agus le Síle fhágháil fuaradh indiaidh iad féin a théigheadh ag damhsa. Ar an léana os coinne an toighe bhí scaifte maith cruinn. Bhí oidhche réabh ghealaighe ann, agus bhí na buachaillí óga ag geárradh léimneach. Sheasuigh siad-san a gh-amharc orthú i gcuideachta na cuideachta. Bhí scaifte mór 'ghá bfiacháil féin ó thús, acht dhe réir mar d'éirigh an léim fada thoisigh siad a thuitim amach go dtí nach rabh fágtha acht triúr. Ba iad an triúr iad Feargal Mhór Ó Canann, Éamonn Airt Óig, agus Conall Manntach Ó Breisleáin, agus ní rabh aon triúr fear a ba gaiste ná iad anns an dá phobal. “Sheacht mh'anam sibh, a fheara!” arsa Toirdhealbhach Óg, “seo an rud a innseochas cá bhfuil searrach na deagh- lárach.” Ba é Éamonn Airt Óig a dtainig sé ar a sheal geárradh an chead uair. Ghlan sé ocht dtroighte déag. Chuaidh an fear manntach ar a chúl annsin agus thainig sé ar aghaidh mar bhéadh fiadh ann, agus rinne sé naoi dtroighthe déag. Gheárr Fearghal Mór fiche troigh gan mhasla gan breadar. Thug an bheirt eile cupla iarraidh a theacht suas leis, acht ní rabh dul acú a dhul thaire na shean-mharcannaibh. Bhí a ndicheall agus a sean-dicheall deanta, agus thug siad suas é. Thoisigh Muinntir Chanann a dhéanamh mórtais as Fearghal. “Maise, ní hé sin a dhicheall,” arsa fear acú. “Tá slat eile go fóill ann a chnámha.” “Déan do dhicheall. Fág marc ag fir óga na paróisde,” arsa cupla fear acú. Chuaidh Fearghal Mór giota maith ar a chúl agus thainig sé chun tosaig le rúideóig mhillteanaigh. D'éirigh sé ó'n talamh mar bhéadh sé ag gabhail ar eiteógai agus ghearr sé léim a bhain a n-anál de na fir a bhí ag amharc air. Tomhaiseadh í. Bhí dhá throigh agus fiche gearrtha aige. Thoisigh an moladh ar Fheargal. Hubhradh nach rabh a leithéid eadar an dá fhearsaidh, go rabh fir óga na h-áite na mbráigh aige. Cé a bhí caithte ar a shleasluighe ar an léana, agus gan aon dhuine ag cur chuige ná uadh, acht an bacach a rinn an cúrsa mór i dtús na h-oidhche. “Uch,” ar seisean, “chonnaic mé fear a ghearrfadh do léim agus gan a lámha a bhaint as a phócaí.” D'amharc Fearghal Mór síos air. Ní rabh sé astoigh nuair a rinne an fear bocht an cúrsa, agus shíl sé nuair a chonnaic sé na croisíní go rabh sé creapalta. “Sé do leithéid is dóighche a bheith ag cainnt,” arsa seisean. “Ar ndóighe ní ghearrfá thusa a dhath ar scor ar bith.” “Ná bac le sin,” arsa'n bacach. “Bhí mise ag geárradh léimneach le fir a b'fhearr ná thú.” “Ma bhí, is nuair a bhí tú óg agus lúgha ná gcnámh leat. Acht chuaidh an lá sin thart, a bhacaigh.” “Ní dheachaidh an lá sin thart, a bhodaigh,” arsa'n fear bocht, ag éirghe 'na sheasamh. Chaith sé uadh na croisíní. Scaoil sé na h-iallacha ann a chuid sean-bhróg, agus chaith sé de na cosa iad. Ghéarr sé léim. Sílfeá gur chuir sé ród talaimh de. Thoisigh Eoghan Dubh, uncal Fheargal Mhóir, a thomhas na léime. Chunntais sé chúig — sé — seacht — ocht slata — agus bhí fad a bhróige fágtha. Cúig troighthe fichead! D'éirigh súile na bhfear mór, agus d'amharc siad ar a chéile. “Cúig troighte fichead!” arsa Eoghan Dubh. “Níor ghearr aon fhear ariamh an léim sin acht Ceallaigh Mór Bhaile-an-Teampaill.” Thug sé rúchladh anonn agus chuir sé a lámh i bhféasóig an strainseára agus an láimh eile ann a hata. Thainig an bheirt leis, agus chonnaic an scaifte aghaidh óg dhóigheamhail fir nach rabh os cionn dhá fhicheadh bliadhain agus ceann fata catach gruaige. D'aithin an chuid a ba sine de rabh i láthair é 'sa bomaite. Ba é Ceallaigh Mór a thainig arais é. D'éirigh an ghibrisg. “An dúnmharbhthóir! an dúnmharbhthoir! beirigidh air,” arsa Muinntir Chanann. Chuaidh cuid de 'n t-aos óg a chur cúil orthú. D'éirigh an hullach hallach. Thoisigh lucht na bainse a theacht amach go bhfeiceadh siad goidé an gleo a bhí ag gabhail. Sheasaigh Ceallaigh Mór cupla bomaite. Annsin nuair a chonnaic sé an sluagh ag déanamh air, theich sé, gus ba ghaiste é na an ghaoth Mhárta. Lean Muinntir Chanann é, agus eadar an ólachán agus achan chineál, d'imthigh bunudhas na bhfear a bhí i lathair a chuidiughadh leobhtha. D'imthigh an tseilg síos an malaidh agus thrasna na gconn- lach a bhí i gcois na h-abhna. Nuair a chonnaic na daoine an abhainn roimhe Cheallaigh leig siad uaill astú féin, ná shíl siad go rabh sé ceapaighthe. Bhí an abhainn cinnte ocht slata ar leithead, agus sílfeadh duine le h-amharc oirthí go rabh sí uair go leith go leathan sin. Acht níor bhain sí bomaite moille as Ceallaigh Mór. D'éirigh sé san aer. Shíl an mhuinntir a bhí ar a thóir gur ceart dó cinnte a theacht anuas i lár na h-ábhna. Da dtigeadh, bhí deireadh leis, na bhí an abhainn seacht dtroighthe ar doimhne, agus sruth ann a chartochadh péist mhór. Acht ní thainig. Thainig sé anuas ar an bhruach thall, agus sheasaigh sé agus d'amharc sé 'na dhiaidh. Nuair a thainig na fir eile go bruach na h-abhna ní rabh fear ar bith ábalta í glanadh dhe léim, gus b'éigean daobhtha seasamh annsin. Chuaidh Ceallaigh Mór a gháiridhe faobhtha. “Gabhaigidh anall a fheara breaghtha,” arsa seisean. “Na caillfidh sibh an tseilg. Tá Clochán an Áir leath-mhíle suas agus béidh mise ar an Phollán Raithnighe nuair a bhéas sibh thart.” Goidé a rinn Feargal Mór acht mós a bhí 'toighe Eoghain Uí Ceallaigh a thabhairt leis nuair a thoisigh an rása. Chonnaic sé amuigh sa sgiobál é, agus dar leis go mbéadh sé úsáideach. “Cuirfidh mise mo ghiolla anonn romham, a Cheallaigh Mhóir,” arsa seisean. Sgaoil sé, agus chuir sé lán bhéal an ghunna fríd an fhear thall. “Sin urchár an daill fa'n abhaill,” arsa Feargal Mór Ó Canann. Níor baineadh biongadh as Ceallaigh. Chuir sé a lámh isteach ann a ochras agus tharraing sé amach piostal. Bhí cubhar fola le na bhéal. 'Na dhiaidh sin ní rabh de chrith ar a láimh acht oiread le carraig. Sgaoil sé agus shiab sé blaosc na cloigne de Fheargal Mhór. “Níor leig mise mo chuid fola le'n fhear ariamh,” arsa Ceallaigh Mór Bhaile an Teampaill, agus thuit sé. (An Deireadh.) IOLANN FIONN. AN SGADÁN. Dán beag é seo a rinne file eintean ag moladh an sgadáin. I láimh-sgríbhinn de chuid Aodha Uí Néill a fuaireas é. Bhí Aodh 'na chomhnuidhe san Iubhar fá thuairim na bliadhna 1800. Mochean do theacht, a sgadáin! Druid liom, a dhaltáin uasail; Dar láimh hathara is do mháthara Do thuillis fáilte uaim-se. Ó thús an Chorgais chéasta, A fhir le' ngléastar comh-ól, Ort-sa go teacht na Cásga, Mór mo ghrádh-sa 's is ró-mhór. Cé mór a thuit anuraidh Dod ghaol bhunaidh fán méise, Ná cuimhnigh fuath ná faladh, Ós tú cara na héigne. Ar bhféachaint gacha cósta Go críocha bóchna na Gréige, Iasg is uaisle ná an sgadán, Ní bhfuair Cannan * Chinn-tSléibhe. † Dá bhféachaidís uaisle Bhanbha Cé is mó tairbhe don triúr-sa: Is rí ar gach iasg an sgadán, Eidir bhradán is liúsa. Dar láimh m'athara, a sgadáin, Cé maith bradán na Bóinne, Is duit a dhealbhas an dán-sa, Thar iasgaibh uaisle na Fodhla. * Canann, ainm duine? no canánach? † Áit a dtugtar Killeavy sa Bhéarla air. Tá sé i g Condae Árdmhacha. — EAMONN Ó TUATHAIL.
BEIRT DHEAGH-GHAEDHEAL AR LÁR. Is é mo chrádh 's mo chás An bás a thigeas go trom, Nuair leagtar ar lár Na cáirdí ar mhaith linn bheith buan! Tá Seanchaidhe Mhuirtheimhne ar shiubhal uainn — tá Aindreas Ó Marcuigh faoí fhód! An sean-leomhan Gaedhil a bhí linn i gcúis na Gaedhilge le ceathrú céad bliadhain aniar tá sé sciobtha uainn ag an teachtaire dubhach sin an bás. Tá an teanga aibidh chliste agus an glór binn blasta a ríomhuigheadh stáir agus scéaltaí ár sinnsir agus a chanadh “Úir Chill' a' Chreagain” dúinn — tá siad 'na dtost go bráth! Doiligh dúinn a thuigbheal no a mheabhrú. Faraor gur fíor é! Le cúig bliadna 's fiche anuas bhí Aindreas ag síor- bhronnadh ar Ghaedhilgeoirí óga na Maighe seo na seodaí luachmhara dó-cheannuighthe sin a bronnadh air fhéin. Agus chan suarach an méad díobhtha a bhí aige. Cha creidthear go rabh a chomhshamhail de Ghaedheal ar an t-sean-bhunadh le n-ár linn. Cá bhfuil an sean-dhuine a shuidhfeadh imeasg óg na tíre sa rang Gaedhilge ón chéad oidhche cuireadh an rang ar bun go dtí cupla seachtmhain roimhe le n-a bhás — rith cúig bliadhain 's fiche? Chan fhuil sé i n-Éirinn. Is cuimhin liom an triur de'n t-sean-stoc — Proinseas Mag Uinnseanáin, Seán Mac Eochaidh agus Aindreas — ag seanchus le céile sa scoil an chéad oidhche sin agus muidinne ag treascairt agus in achrainn leis an chead leathanach de leabhraí Uí Gramhnaigh. Agus is cuimhin linn uilig Aindreas in a shuidhe cois teineadh san halla againn ag áirneal rith na n-oidhcheannta Gheimhridh seo chuaidh thart. Bhí a chuid spéise san teangaidh agus san t-seanchus chomh h-árd an oidhche dheireannach 's bhí ar an chéad oidhche. Acht an teachtaire a thug a bheirt chomradaidhe ar shiubhal na bliadhantaí ó shoin d'fhuaduigh sé ár gcara leis cupla seachtmhain ó shoin. Agus crothnochar go mór againn é. Feasta béidhmid gan seanchaidhe. Feasta béidhmid gan ár n-athair baisdidh. Mo dheoigh — mo dheoigh! Agus níor leor leis an teachtaire an sean-Ghaedheal amháin, ghoid sé uainn Gaedheal óg duthrachtach an lá in a dhéidh. An sagart óg dicheallach Séamus Ó Doláin — fear go rabh díol beirte ann — tá sé faoi'n fhód ghlas ar bhruach Átha Fhirdia. Chan léar do gach aoinne an méad oibre a rinne an sagart óg seo ar son na Gaedhilge. Chaith sé a dhuthracht go toileamhail le Coláisde Íta ag Ceann an Chlochair agus b é an t-oibrighidhe ba dhéine lá na Feise ar Mhuirtheimhne gach bliadhain. Fáinnidhe dílis de Ghasra Dhúin Dealgan é fósta — agus char náir do'n Ghasra a mbeadh baint aige leis. Bhí lá na Feise ann la 'eil Peadair agus Póil. Bhí na sluaighthí Gaedheal ann eadar óg agus aosta. Bhí moltóirí agus stiurthóirí ann — thall agus i bhfus. Acht chan fhacthas an sean-fhear cromtha ann agus sgaibhte de'n aos óg thart air ag éisteacht le n-a sheanchus. Chan fhacthas an cléireach óg ag gluaiseacht anonn 's anall ag stiurú agus ag beannú go laghach do ghach aoinne. Cha rabh siad ann — faraor! Acht imeasg gleo agus aoibhnis na cuideachta chonnaic muid iad i gcuimhne dhílis ár n-aigneadh agus ghuidh dóbhtha: Sólás na bhFlaitheas agus cuideacht na n-Aingeal. “CÚ CHULAINN.” GAEDHILG ALBAN. Tá'n Ghaedhilg dá labhairt go fada, fairsing in Albain go fóill — ní 'sna cathrachaibh ná sna bailtibh móra, ach ins na “Hielans” agus ins na h-oileáin ar iomallbhórdaibh Íarthair na tíre — ó Innse Gall go dtí an t-Oileán Sgíathanach, Íle, agus Rachra. Tá'n Ghaedhealtacht mhór sin níos mó, agus níos fairsinge ná Gaedhealtacht na hÉireann, ach ar an taobh eile, ní'l an oiread sin daoine ann agus atá 'sa Ghaedhealtacht s'againne, agus níltear ach ag toiseacht ar a Gaedhilg a theagasg ins na sgoltacha. Dá' ainndeóin sin is uile, tá cuid mhór Gaedhilge in Albain, agus tá i bhfad níos mó suime acu-san in a gcuid ceóil, ná mar atá againne i gcuid ceóil na hÉireann. An té a bhfuil dúil aige i gceól Gaedhealach na hÉireann, tá's aige comh doiligh is atá sé leabhra ceóil fhaghail. Ní'l againn ach cuid Hardebec, “An Smólach,” agus leabhra tonic-sol-fa an Athar Breathnach. Tá a dhá oiread le faghail i nGaedhilg na hAlban, i mBaile Átha Clíath fhéin. Ní'l aon tuighe ann nach léighfimís cuid Gaedhilge Alban, ach leith- sgéal an chló — agus is suarach an leithsgéal sin. Cuireann an sean-chló “Gaedhealach” a thug an bháinrioghan Elisabeth dúinn 50 per cent. le costas clódóireachta, agus má's maith le muinntir na hAlban airgead a shábháil, agus a gcuid leabhar a bheith 50 per cent. níos saoire ná ár gcuid- inne, cad chuige nach ndéanfadh siad sin. Truagh nach bhfuil an oiread sin céille againne! Ach, tá mé ag gabhail ar seacrán i gceisteannaibh cló in áit leanstan do'n cheist a bhí gá plé agam. Ní'l níos mó deifir idir Gaedhilg na Hielans agus ár nGaedhilg-inne, ná mar tá idir cuid Béarla Alban agus an Béarla coitchíanta. Cuir i gcas. nó an Ghaedhilg seo: “Saoil sibh fhéin nach mé bhí truagh dhe, Feasgar foghair air achadh bhuana; A h-uile té, 'sa fear féin r'a gualainn 'S mo leannan donn-sa an bhárr nan cuantan. Shiúbhlainn, shiúbhlainn, shiúbhlainn fhéin leat, Shiúbhlainn fada troimh choill nan geug leat 'S nuair bha mi óg, 's ar bheagan céille Gur é do ghaol-sa a rinn mo léireadh.” Ní'l ach dhá fhocal 'sa Ghaedhilg sin nach bhfuil coitchíanta againne — “feasgar” (“tráthnóna”), agus “gaol” (“grádh” in Albain). Is fíor nach ionann cíall do “cuan” san abairt sin “air bharr nan cuantan” agus “cuan” againne — cíalluigheann sé “ar an fhairrge,” ach ní ghlacann sé mórán trioblóide sin a dhéanamh amach. Ach tá eagla orainn roimh Gaedhilg ar bith nach bhfuil coitchíanta againne — agus tá sin ceart 'sa stáid a bhfuil an Ghaedhilg ann in Éirinn. Ghlacfá focal nó abairt coimhightheach ar bith a thuig- bheáil go maith 'sár a ndéanfá úsáid de, agus gan úsáid a dhéanamh de annsin féin gan féidhm a bheith leis. Cad chuige sin? Tá, go léighimid i bhfad níos mó Béarla ná Gaedhilge, agus go bhfaghamuid cleachtadh ar an Bhéarla coimhthigheach i gan fhios dúinn féin. Mar sin ní'l moill orainn Béarla “Rabbí Burns” nó Mutt is Jeff a thuigbheáil, ach cuireann Gaedhilg nach bhfuil cleachtadh againn air scannradh orainn. Is ionann sin agus a rádh go bhfuil an Ghaedhilg ag faghail bháis go mall. Muna dtugaimid aire dí, gheóbhaidh an teanga liteardha bás, agus ní féadfar cómhrádh a dhéanamh i nGaedhilg fá rud ar bith ach na barraí. Tá na páipéirí Béarla — an “t-Inde- pendent” agus an “Freeman” ag tabhairt oideachais Béarla do na daoine a'chan lá, ach ní léightear dhath ar bith sa Ghaedhilg ach leabhartha sgoile. Má mhaireann an scéal mar sin, tiocfaidh an lá a mbéidh éolas níos féarr ag muinntir na Gaedhealtachta ar an Bhéarla ná ar an Ghaedhilg — agus nuair thiocfas n lá sin, béidh deireadh leis an Ghaedhilg — ní bhéidh innte ach cánamhain bhocht lag, íargcúlta a mbéadh sé comh maith againn í chur san uaigh. Caidé an léigheas? Tá, litridheacht. Choinnigh an sgéalaidheacht an teanga beó bríoghmhar go dtí seo, ach tá'n sgéalaidheacht ag fághail bháis, agus caithfear rud inteacht a chur 'na áit. Ach, goidé an bhaint atá aige seo le ceóil Alban. Tá, nuair a thiocfas an lá a mbéidh an Ghaedhilg oifigiúil san uaigh, “gan ua nó mac, a shilfeadh a'n deor ós a cionn,” béidh orainn litridheacht úr a cheapadh. Gheobhmuid smaointe agus ádhbhar sgéalta ó'n nar nGaedhealtacht fhéin, ó Thír Chonaill go Gaillimh, agus go Ciarruidhe fósda, má's féidir leo-sud druim-láimhe a thabhairt le stíl leanbhaidhe an Athar Peadar. Ach, ghlacfaimís rudaí a ghlacadh ó thíortha eile fósda. bhéidh lorg an Bhéurla air an teangain, ach má ghlacaimid Má ghlacaimid barraidheacht ó Shasainn ná ó'n Oileán Úr, rudaí ó Albain, béidh blas agus snas na Gaedhilge binne blasta orthu, ach san am chéanna, gheobhfar smaointe úra a bheas foirstineach dúinn i litríocht agus i n-amhráin na h-Alban. DONN PIATT. TOMÁS MHAC CUILEANNÁIN, Ard-Cheannuidhe, Dún Dealgan. Ta togha gach bídh agus rogha gach dighe le fághail annseo.
SINN FHÉIN. Tá cuid d'ár lucht léighte, eadar múinteóirí agus ollamhna, ag friotháil air na rangannaí ins na Collaisdí Samhraidh, agus badh chóir go ndeanfadh gach'n dhuine aca a chothrom fhéin air son an Ultaigh. h-Innseadh dúinn i gclár Árd-Fheis Chonnradh na Gaedhilge gur cailleadh £1,238 3s. 6d. anuraidh le Fáinne- an-Lae. Tuigeann fear léighinn leath-fhocal. Dhíol an t-ULTACH a's fhéin go dtí trí míosa ó shoin, acht cailleadh a lán airgid leis ó cuiread deireadh leis na rangannaí geimhridh. Chan fheil aon Chonnradh taobh thiar dínn, agus bhéadh an bás i ndán dúinn indiu, acht ab iad na cáirde flaitheamhla a bhí againn. Badh chóir go bhfuighfidhe síntiús bliadhna ó ghach'n mhac-léighinn atá ag fríotháil air na rangannaí i gCúig Uladh. Is beag duine aca nach dtabharfadh trí scilling dá n-iarrfaidhe orra. Tógthar dúinn go dtiocfadh le lucht léighte an Ultaigh cuidiu linn air dhóigheannaí eile thar mar ghnidhtear — féiríni agus síntiúsaí fhághail, fograí a sholáthar, an “t-Ultach” a mholadh air feadh na tíre, agus é a chur air leigheadh ins na rangannaí agus na collaisdí. Teastuigheann cothughadh ó'n Ultach thar mar fuair sé air na mallaibh. M.M. T. WILLIAMSON, DUNDALK. AN t-ULTACH. MÍ NA FEIL' MLINNE. Béidh an Ghaedhealg marbh ar fad, 'sé sin nó béidh sí ar na bonnaibh go teann fa chionn fhichead eile bliain. Ba bhocht an lá d'Éirinn é dá gcaillfidhe an teanga seo a tháinig anall chugainn ón tsean-aimsir agus ar chuir gach glún de shíolradh Gaedheal ó Mhíleadh Easpáine mais agus bláth agus cruth uirthi. An bhfuilmid ag cailleadh nó ag déanamh talaimh mar támuid? An bhfuil an cath ag gabháil inár n-éadan nó an bhfuilmid ag breith buaidhe? Le siubhal ar thalamh na fírinne, caithfimid a rádh go bhfuil an teanga Ghaedhilge ag cailleadh annso agus annsiúd, ach má tá fhéin, tá sí ag brughadh í fhéin 'un tosaigh thall agus i bhfos. Na seandaoine a rabh an Ghaedhealg ar bhárr a dteangtha aca agus a rabh sí ina mbéal gach lá ó bhí siad ina bpáistibh támuid á gcailleadh. An té imthigheas ar shluagh na marbh mar so théid rud síos san uaigh ina chuideachta nach bhfuil fagháil arais air go héag. Tá na seandaoine Gaedhealacha ag imtheacht uainn gach lá. Murab é gur fhág siad glún óg ina ndiaidh a bhfuil an teanga chéadna aca b'imtheacht é a bhéadh ina chaill ar Éirinn go bráthach. Tá saoghal náisiúin cosamhail, go díreach, le saoghal duine. Tig atharrú agus síor-atharrú ar an duine ón uair bídh sé ina pháiste go rabh ina sheanduine chaoch, chaithte. 'Sé a dhálta sin ag tír é. Má tá teanga fa leith ag lucht tíre ar bith fásfaidh sí do réir mar fhásas saoghal na tíre sin, nó mura bhfásaidh gheobhaidh sí bás. Tá Gaedhil Éireann ag an chrois-bhealach san am i láthair. La deich mbliana fichead táthar ag iarraidh na teangtha a aith-bheodhú agus a tabhairt arais ó bhéal na huaighe. Leis an fhírinne a rádh, is beag atá déanta go fóill ag dream ar bith de mhuintir na hÉireann leis an Ghaedhealg a dhéanamh ina gnáth- theangaidh náisiúnta. 'Siad na scoltacha a bhéarfas arais í, má tá tabhairt arais uirthi. Ach ná saoileadh duine ar bith go mairfidh sí i gcomhnuidhe mar theangaidh i mbéal na ndaoine mura dtige litridheacht i nGaedhilg na hÉireann a bhéarfas fad saoghail agus anál dí. 'Sí easbhaidh seo na litridheachta atá ag cailleadh orainn, mar tá a fhios ag an tsaoghal, agus a bhéarfas bás na teangtha i n-aithghiorracht, mura gcuirimid ár mbonna le teann. Níor scríobhadh rud ar bith ó toisigheadh ar aith-bhéodhú na Gaedhilge d'fhéadfaidhe a rádh gur litridheacht é a mhair- feas. Níor cumadh filidheacht ar bith le leith-chéad bliain d'fhéadfaidhe a chur i gcomórtas le filidheacht na seachtmhadh agus na hochtmhadh haoise déag. Ní h-é an rud d'fhoghnfadh tá céad nó dhá chéad bliain ó shoin a fhóirfeas do shaoghal an lae indiu. An scéaluidhe a chuireas roimhe fhéin gnáth- shaoghal na haimsire atá i láthair a nochtadh i scríbhinn caith- fidh sé a bheith eolach, oilte ar ealadhain na scéaluidheachta mar chleachtuighthear indiu í ar Roinn na hEórpa. Tá an ealadhain sin dá cleachtadh ag scríbhneoirí Béarla, ag scríbhneoirí na Frainnce, na Gearmáine agus na Rúise, tá, agus ag a lán tíortha eile. Níor toisigheadh uirthi mar is ceart go fóill fhéin sa Ghaedhilg. Is fearr go mór fada an iarraidh a rinne na daoine a d'fhéach sa teangaidh Bhéarla le saoghal na hÉireann a nochtadh ina gcuid scéalta san naomhadh haois déag 'ná mar atá déanta againne go fóill in ár dteangaidh fhéin. Litridheacht a chuireas anam agus croidhe i dteangaidh agus a chuireas ar a cosaibh í go minic nuair bídh sí ar leabaidh an bháis. Stad litridheacht na Gaedhilge d'fhás i dtráthaibh an ama a rabh Seathrún Céitinn i gcionn a phinn. Tháinig meath ar an teangaidh ón lá sin anall. Is le trí nó ceathar de chéadtaibh bliain a d'fhás litridheacht an Bhéarla. Nuair bhí scríbhneoirí móra na Breataine ag cruthú na litridheachta sin atá fa mheas ag gach scoláire indiu bhí litridheacht na Gaedhilge sa smeach dheireannaigh. Mothuigheadh le deich mbliana fichead go rabh an anál go fóill innti, ach anál lag agus cuisle anbhfann a bhí innti agus ná bíodh iongantas ar dhuine ar bith nuair nach dtáinig bláth an tSamhraidh ar nua-litridheacht na Gaedhilge go fóill. Tiocfaidh sé, ach ní thiocfaidh gan saothar. Má's rud é go dtabhairfear an teanga seo againne arais mar theangaidh laetheamhail na tíre agus go bhfásfaidh litridheacht innti a bhéas ionchurtha le litridheacht ar bith dá bhfuil againn indiu caithfear a ceangail go dlúth le gnáth-shaoghal na ndaoine, bíodh comhnuidhe ortha sin sa chathair nó i n-uaigneas na tíre. Má scarfar an Ghaedhealg ó shaoghal choitcheannta na tíre tarraingeóchaidh sí a hanál dheireannach sul a mothóchamuid. 'Siad an dráma agus an páipéar nuaidheachta an dá ní is treise cumhacht ar an tsaoghal dheireannach seo agus dá n-éireóchadh linn iad a chur a dh'obair ar thaoibh na Gaedhilge bhéadh an bhuaidh againn go hiomlán. Bhéadh buaidhte againn ar Ghalltacht agus bhéadh Éire Ghaedhealach ar uachtar againn sa deireadh. Admhuigheann gach duine go bhfuil cumhacht iongantach ag an dráma leis an pobal a mhuscladh agus a theagasc comh maith le caitheamh aimsire agus pléisiúr a bheith ann. Dá mbíodh lucht drámuidheachta againn a thaistealóchadh gach baile mór ar fud Éireann le drámaí Gaedhealacha, mar tá i mBaile Átha Cliath, ba mhór an cuidiú é leis an teangaidh a shábháil. An rud adubhradh i dtaoibh an dráma is ionráidhte é i dtaoibh páipéar nuaidheachta mar i gcéadna. Is leitheadaighe go mór fada cumhacht an pháipéir i dtír ina dtig le bunudhas gach duine páipéar nuaidheachta a léigheadh. Tá eagla orainn nach dtáinig an t-am go fóill le páipéar laetheamhail a chur amach inár dteangaidh fhéin againn ina mbéadh iongantais an domhain thoir agus an domhain thiar le fagháil ag a lucht léighte sé lá na seachtmhaine. Tiocfaidh sé lá éighinteacht, ach ní i n-aithghiorracht é. Dá mbíodh an saoghal Gaedhealach mar ba cheart dó a bheith bhéadh a leithéid againn i láthair na huaire a bhfuilmid ann. Támuid i bhfad 'un deiridh i dtaoibh páipéar agus iris- leabhar i dteangaidh na tíre seo i gcomórtas le muintir na Breataine Bige thall. Féach a bhfuil aca-san díobhtha eadar pháipéir laetheamhla, sheachtmhaineamhla agus mhíosamhla. Go rabh sinne comh fada 'un tosaigh leis an mhuintir thall sa dóigh seo ní thig linn a rádh a choidhche go bhfuil an teanga s'againne thar chontabhairt báis. Saoilidh a lán gurab í an phoilitidheacht tús agus deireadh gach ruda i saoghal tíre. Bhí cuid mhór daoine i nÉirinn fhéin a bhí den bharamhail chéadna. Cibé atharrú a tháinig ar an tír seo ar na bliantaibh deireannacha seo ní h-í an phoilitidheacht go hiomlán a rinne é. Bhí cumhacht níos treise ar a chúl 'ná poilitidheacht ar bith. B'í an Ghaedhealg agus an spiorad a mhuscail sí ar fud Éireann an chumhacht sin. Ní thug sí ach leath-bealaigh sinn go fóill. Bhéarfaidh sí iomlán an bhealaigh sinn go cuan na Saoirse ach Éire Ghaedhealach a bheith ar uachtar, an Éire Ghaedhealach sin ar briseadh uirthi le linn Eoghain Ruaidh Uí Néill agus Phádraic Sáirséil. Niall Mór.
MONINNE AN tSLÉIBHE. Cha mhór nach dtearnadh dearmad agus neam-aird air an bhán-naoimh oirdheirc seo san tír 'na rugadh í agus ar oibrigh sí go tréan-dúthrachtach ann; acht is éugsamhalta an scéul é go leanann a h-ainm do scríntibh ársuidhe in áiteachaí iargcúlta in Albain agus i Sasain, agus go bhfeil a seanchas le léigheadh i láimhscríbheannaí agus i leabhraí móra a gcuid dhe leabharlannaí na hEorpa. Rugadh Moninne (nó, M'linne, mar tugthar uirthi in Óirghialaibh) i Magh-Chonaille (Co. Lúghmhaighe), agus bhí sí 'na beathaidh in aimsir Phádraig. Shíolraigh a h-athair, Mochta, ó theaghlach Chonuill Chearnaigh, agus bhí a máthair, Coman, muinnteardhach aige ríghthibh Uladh. Bhí d'réar amháin aici, Rónan, a fuaidh go hAlbain in aois a óige chun an creideamh a chraobhscaoileadh 'san tír ud. Deirtear ins na sean- leabhraí gur “ghabh Moninne an crios” ó Naomh Pádraig agus gur chuir sí clochar air bun aige Fachairt in aice le Dún-dealgain. Char bh'fada ann í go dtug sí an toigh sin do Naomh Bríghid; agus chuir sí faoithi fhéin aige bun an tsléibhe, san áitigh air a dtugthar Cill-shléibhe anois. Do bhrígh go raibh sise fhéin de shíol uasal na ríogh, bhí cumhacht éifeachtach aici i measc na ndaonnaí, agus bhain sí feidhm a's an chumacht sin chun an creideamh a shíolrughadh agus a cuid mainistreach fhéin a mhéadughadh. Chuir sé clochair air bun in Árdmhacha, i Sórd Chuilm Chille, in Oméith, i Sean-eaglais agus in áiteachaibh eile, 'fhad's bhí sí fhéin na comhnuidhe i gCill-shléibhe, 'na máthair-abb os a gcionn uilig. Acht bhí aon nídh amháin ag cogaint a croidhe i gcomhnuidhe, agus cha raibh suaimhneas air bith le fághail aici go dtabharfadh sí iarracht air an creideamh a iomchur 'fhad leis na daonnaí i Sasain agus in Albain a bhí go fóill 'na suidhe “i ndorcadas agus i gceó an bháis.” Má bhí sí ag éirghidh aosta fhéin, bhí neart agus fuinneamh aici go fóill chun obair a dheanamh air son Dé. Mar rinn an Tréadaidhe Maith, d'fág sí an “céud acht caora” na déidh, agus fuaidh sí anonn thar sáile air lorg na caorach boichte a bhí caillte. Chuir sí clochar mór air bun aige Burton-on-Trent i Staffordshire, agus tá a hainm air an teampall gallda san bhaile sin go fóill. Air bhruac na haibhne, in aice leis an bhaile seo, tá tobar beannuighthe air a dtugthar St. Mud's Hole, i., Tobar Mhoduenna. I bhfogus do Phenridge 'sa chonndae chéudna, tá sean-chill bheag faoí 'na comairc; agus fuarthas an pioctúir dubh-bhán, atá air thuas air an leathanaigh seo, a's an fhuinneóig mhóir 'san t-sean-chill ud. Ba mhór an onóir a bheirthí dí san chomharsnacht uilig ud sul a dtainic an Malairtiughadh Creidimh i Sasain. D'fhan sí seacht mbliadhna i Staffordshire, agus, 'na dhéidh sin, fuaidh sí go hAlbain chun cuairt a thabhairt air a d'réar a bhí 'na Abb aige Lónfortin a bhfogus do Dhún- Dée. Chuir sí a lán clochar air bun san tír ud fosda, agus tá teampaill faoí na comairc go fóill i nDún- Éadain, i Lónfortin, i nGallghaedhealaibh agus i gCendtíri. Fuair sí bás aige Lónfortin in Albain 'sa bhliadhain 517. Tá tasc a báis le fághail aige sna Ceithre Maigistrí: A.C. 517 — A ceathar décc do Muirceartach. S. Darerca Cille-Slébhe-Cuilinn dar bainm Moninde décc 6 Iulu. Naoí fichit bliadhain fod a shaoghail. Thainic na Sasanaigh a's Burton-on-Trent go Lónfor- tin chun corp na bán-naoimhe a thabhairt 'na bhaile leóbhtha, acht cha raibh na hAlbanaigh air a'n fhocal leis sin. Chan fhuaireadar réidhteac ró-mhaith le n-a chéile, agus thosaig siad ag troid. Marbhughadh a lán, eadar óg agus aosta. D'éirigh an stoirm, agus thainic an fhearthainn anuas; agus char stad an doineann air feadh dhá fhichid lá, nó go raibh na haibhne ag teacht thar a mbéulaibh agus an tír uilig air maosadh. “Is fhéarr síothcháin ná síor-bháisleach,” arsa na hAlbanaigh, nuair a chuir siad fá dtear go raibh an fóghmhar 'ga scriosadh aca; agus leig siad an corp leis na Sasanaigh. Mar gheall air sin, tá seanfhocal aige Muintir Oméith agus Muintir Chillshléibhe: “Má bhíonn sé fheartainn Lá 'le M'linne Seasfaidh an doineann go Lá 'le Muire.” Agus tá an seanfhocal eile seo aca fosda: “Bíonn trí choispeán coiligh air an oidhche Eadar Lá 'le Eoin Dhúin-dealgan agus Lá 'le M'linne Chillshléibhe.” Hiolcadh i mBurton-on-Trent í; agus an Feartlaoidh a bhí ós cionn a scríne, tá sé le léigheadh go fóill i sean- láimhscríbhinn 'san British Museum: Is ionann “terra Conallea” agus Magh Conaille, nó an Chonntae Lúghmhaighe seo againne. 'San láimhscríbhinn chéudna tá na rudaí eile seo le fághail: (a) Dhá amhrán diadha 'na dtabhartar onóir don bhán- naoimh. (b An “Beatha” fhada a scriobh Conchubhran. (c) Gearr-chunntas air an naoimh, agus air na comharbaí a thainic na déidh i gCill-shléibhe. (d) Scéul i dtaobh na cloiche móire i gCill-shléibhe air a luigheadh sí san oidhche. Taobh 'muigh de'n “bheathaidh” a scriobh Conchubhran, tá seacht “mbeatha” eile le fághail i leabharlannaí i Sasain agus i Roinn Eorpa. Comhchuimhnighthear i bFéiliribh agus in Annalachaibh na hÉireann í fosda. Cuir i gcas, i bh-“Felire na Naomh n-Érennach” a scríobh an bráthair bocht, Micheal O'Cléirigh: Pridie Nonas Iulii — MONINNE, ógh, ó Shliabh Cuillenn. Cill-tsléibhe ainm a baile ag Sliabh Cuillenn in Ulltoibh. Do shíol Irel, mic Conuill Cernaigh dí. Naoí fichit bliadhain a haéis amhail atá isin rannsa:— Naoí bhfichit bliadhna malle, do réir riaghla gan timme, Gan baos, gan bétt, gan baoghal, ba hé saoghal Moninne. Adeir Cuimin Conneire isin dán darab tús “Carais Patraicc Phuirt Macha,” nar ith sí a saith, acus nachar ith dinnér. Ag so mar adeir: Ó do ghabh crios fo a colainn As iar na fhios adbeirim Nochar chaith sáith no séire Moninne Sléibhe Cuilinn. Agus i bFéilire Oingusso fosda: Deir Conchubhran go dtugadh a brat, a róin-léine, an sgiúrsa le 'na gcuireadh sí a corp faoí smacht, agus cuid (Ar lean. ar leath. a 8.)
LEATHANACH NA MÚINTEOIRÍ. STÁIR — COLM-CILLE. (Air leanmhaint.) II. Bhí grádh iongantach mór aige Colm-Cille do léigheann agus d'fhilidheacht. Acht bhí dúil aige ins an Sríbhinn Diadha thar ádhbhar léighinn air bith eile. Deirtear ins na sean- leabhraí gurb é a ghrádh mór seo do léigheann agus don Scríbhinn Diadha ba bhun le n-a dhíbirt as Éireann. Bhí leabhraí docrach-gann in Éirinn an t-am sin, 'chionn 's nach raibh ann acht láimhscríbheanna. Ba mhinic a théidead Colm-cille air feadh na tíre ag cuartughadh leabhar, agus ba mhinic, fosda, a gheibheadh sé 'eiteach a's na daonnaí ar leobhtha na láimhscríbheanna. Ba mhaith le Colm-Cille na leabhraí a ait-scríochadh, 'chór go gcraobh- scaoilfidhe eolas an chreidim air feadh na tíre; acht bhí eagal air na daonnaí eile go n-ísleóchthaoí fiudas na mbun-láimhscríbhinn. Bhí leabhar luachmhar, nach raibh a mhacsamhail le fághail in Éirinn, i dtaisgidh í gcill de chuid Fhinnéin Naomhtha, aige Druim-Fhinn i gCo. Lúghmhaighe. Leabhar na Salm a bhí ann, agus fuair Colm cead ó Fhinnéin an leabhar a léigheadh. Cha raibh sé sásta leis sin, agus chuir sé roimhe mac-leabhair a dheanamh. I rith na hoidhche bhíodh sé ag scríobhadh i nganfhios d'Fhinnén, dar leis. Chualaidh Finnén an scéul, acht ma chualaidh fhéin, char leig sé dadamh air go dtí go bhfuair sé an príomh-leabhar arais. “Rinn tú mac-leabhair,” arsa Finnén, “agus is liom- sa fosda é, chionn's nach dtug mé cead duit an leabhar a aithscríobhadh.” Cha raibh Colm sásta leis sin, agus d'fhág siad an cheist aige Diarmuid, rí na Teamhrach. “Le gach bóin a bóinin Agus le gach leabhar a leabhairín,” arsa Diarmuid, agus thug sé an mac-leabhair d'Fhinnén. Acht air an lá céudna, tarla rud ibhfad níos measa na an breitheamhnas seo. Thug Colm “Coimrighe na heaglaise” do mhac ríogh Chonnachta — bhí ceart aige an choimrighe seo a thabhairt do dhuine air bith. Acht d'orduigh Diarmuid go stróicfidhe an prionnsa bocht as lámhaibh Chuilm agus go gcrochfaide air an bhall é. Ba mhór an náire do Rígh na hÉireann a léitheid a dheanamh. Nuair a chualaidh Fir Thíre-Conaill agus Fir Thíre Eoghain na scéala seo, bhí siad air an daoraidh agus d'éirigh siad chun an easonóir a dhíoghailt. Thainic an dá airm air a'n iúl aige Cúl Dreimhne, an áit 'na dtugadh cath millteac agus 'na dearnad casgairt mhór air Dhiarmuid agus air a mhuintir. Ba hé Colm ba cionntach leis an ár, agus, ins an chéud uimhir eile, ársochamuinn goidé bhain dó 'na dhéidh. CEISTEANNA: Ar chuir Colm spéis san fhilidheacht? Cia aca a b'fhéarr leis — an fhilidheacht nó an Scríbhinn Diadha? Arbh' fhurus leabhraí fhághail an uair sin? Gad chuige narbh fhurus? Ar mhaith le Colm an easbhaidh a fhóirithin? An dtabharthaoi cead dó na láimhscríbheana a aith- scríobhadh? Gad chuige nach dtabharthaoi cead dó? An raibh Saltair air bith le fághail in Éirinn in aimsir Chuilm? Cé'rbh leis í? Gá raibh sí i dtaisce? Goidé'n chondae 'na bhfeil Druim-Fhinn? Tais'ean air an léarscáil é? An dtug Naomh Finnén tamaillt (iasacht) de'n leabhar do Cholm? Ar léigh Colm é? An raibh sé sásta leis sin? Ar shanntuigh sé an leabhar? An dtug Finnén cead dó an leabhar a aithscríobhadh? Gad chuige nach dtabharfadh Finnén an cead sin dó? An ar mhaithe leis fhéin (chum a thairbhe fhéin) a rinn Colm an mac-leabhair? Ar ársuigh Colm d'Finnén go raibh sé 'ga scríobhadh? An i rith na hoidhche nó i rith an lae a bhíodh sé a scríobhadh? Gad chuige nach scríobhadh sé i rith an lae? Arbh léir dó an leabhar 'sa doracas? (ba léir — bhí léas miorbhailteach ag soillsiughadh air an leabhar 'fhad's bhí sé ag scríobhadh.) An raibh fhios aige Finnén go raibh Colm ag scríobhadh? Gad chuige nar chuir sé stad leis? Cé shocruigh an cheist eatorra? An raibh Colm sásta leis an bhreitheamhnas? Goidé an chiall atá le “coimrighe na heaglaise”? Cé an duine d'a dtug Colm coimrighe na heaglaise? Ar bhris Diarmuid an “coimrighe”? Gá bhfeil Cúildreimhne? Tais'ean air an léarscáil é? Goidé'n áit 'na raibh Diarmuid 'na chomhnuidhe? TEIP AGUS SLEAMHNÚ. Is doiligh an Teip agus an Sleamhnú a sheachaint. Baineann siad le gach nidh agus le gach duine ó am go h-am. Féach ar inneal na traenach nuair 'bhíos sé ag gluaiseacht amach ó'n stáisiun agus an líne fhada de chóistí 'na dhéidh. Cluinfidh tú ar dtús cupla “puf” breagha láidre. Annsin cluinfidh tú a lán de “phufanna” goiride gasta as, agus bainfidh na roithnil splancann as an bhóthar iarainn agus iad ag sleamhnú thart. Sin an Teip beag. Tar éis tamaillín — nuair a bhíos an traen ar fad faoi lán t-seol — béidh na “pufanna” go réidh rialta láidir aríst. In a dhéidh sin cha bhíonn aon tsleamhnú le feiceal ann. Cibé sleamhnú bhíos ann is ar an taobh astoigh bíonn sé agus ní fheicthear é. Bíonn an Sleamhnú sin — an Teip beag sin — ag an duine chomh maith, tráthanna. An té go mbíonn dúil na buaidhe aige i gcomhnuidhe agus nach gcuimhigheann go mbíonn an teip ann bíonn díombaidh air go minic. An fear óg a shaoileas go dtig leis dreaporacht go barr-mhullach a chéirde gan sleamhnú beag éigin a dheanamh ní chuimhnigheann sé ar an Teip a bhíos ann. Agus toisg nach n-eirigheann leis go furusta réidh tar éis bliadhna no dhó bíonn iontas air a laighead bhíos déanta aige. Acht an té go bhfuil eolas a ghnaithe aige ar fheabhas tuigeann sé an Sleamhnú beag agus an Teip — agus bíonn sé réidh 'na gcóir. Ní bhíonn sé ag súil leis an bhuaidh in gach cluithche d'a n-imrigheann sé. Is é a chuid eolais ar an Teip a chuireas air a chuid airgid bheith i dtaisce aige, agus cuid stóir, thar an méad ghníos gnaithe dó i lathair na h-uaire. — An t-am go mbíonn an gnaithe go maith aige cha dtéanann sé dearmud ar am éigin le teacht nuair nach mbéidh sé chomh maith. Acht ní thig an chiall roimh an aois, agus ní thuigeann an óige an Sleamhnú beag agus an Teip. Má theipeann ar an sgríobhnóir óg an chéad sgéal a dhíol le fear eagair bheir sé dí-mhisneach dó, agus cha mhór ná go n-eirigheann sé as an sgríobhnóracht ar fad. Má theipeann, uair, ar an fhear ghnaithe ceannach tairbheach a dheanamh cha dtugann sé sin aon dí-mhisneach dó. Is amhlaidh brostuigheann sé é chun ceannach eile a dheanamh. Tuigeann sé go mbíonn an Teip ann. Ionann an Teip do'n óige agus an Sleamhnú do'n traen ar a ghluaiseacht amach ó'n stáisiun. Acht an uair 'bhíos an traen faoi lán t-seol — an uair 'bhíos an fear óg tuigsionach go leor faoi'n Teip bheag — ní bhaineann sé d'a mhisneach. Cuid eolais a bheith ag an duine ar an Sleamhnú agus ar an Teip a bhaineas le gach gnaithe agus ní bainfear d'a chuid mhisnigh “CÚ CHULAINN.” LEABHAIR GAEDHILGE. Má theastuigheann leabhar ar bith uait, nó eolus i dtaoibh leabhair, cuir nóta ag triall ar MÁIRE NÍ RAGHALLAIGH, 87, Sráid Uach. na Driseóige, i mBaile Átha Cliath.
I dTIR NA hOIGE. AN TARBHÁN BREAC. (Innsint Óirghiallach.) Bhí bean ann, a'n uair amháin a raibh mac amháin aici. D'éug sí, agus cha raibh a'n dadamh aici le tabhairt don mhac acht tarbhán breac. Lá d'a raibh an buachaill ag obair amuigh ins an pháirc, arsa'n tarbhán breac leis: “Tá tú corrtha anois; téidh suas air mo dhruim.” Fuaidh sé suas air dhruim an tarbháin bhric, agus shiubhal siad go raibh an oidhche ag druidim leobhtha. Arsa'n tarbhán breac, “Is fhéarr dúinn dul isteach 'sa' choillidh seo. Tá ocras ort anois, acht bain an aodharc (adharc) dheas díom, agus rud air bith atá uait fó do shuipéar, gheobhaidh tú annsoin é.” Nuair a chualaidh an buachaill sin, rug sé air an aodhairc agus bhain sé de'n tarbhán í. Chuir sé síos air an talamh í agus fuair sé gach uile rud eadar biadh agus deoch. D'ith sé agus d'ól sé a sháith. “B'féarr duid dul suas 'na' chrainn ud,” arsa'n tarbhán breac, “agus dul 'do chodhladh. B'fhéadfaidhe nach mbéidh mise beo air maidin.” Fuaidh an buachaill suas 'na chrainn agus char bhfada go raibh sé na chodhladh. AN TARBH MÓR. Tuairim 'sa dhá bhuille dhéag 'san oidhche thainic tarbh mór amach a's an choillidh agus bhí sé ag srannfaidhe agus ag búirfidhe agus ag tarraingt aníos an fhéir le n-a dhá aodhairc. Thosaigh an tarbhán breac agus an tarbh mór a' troid, agus nuair a thainic an lá, chuir an tarbhan breac a dhá aodhairc isteach 'san tarbh mhór agus leig sé amach a phutóga. Cha mhór nar bhris an buachaill a chnámha ag teacht anuas a's an chrann dó; agus thug sé giobal amach a's a phóca agus thriomluigh (thiormuigh) sé an tarbhán breac uilig thart. “Bain an aodharc díom anois, agus gheobhaidh tú do bhricfeasta,” arsa'n tarbhán breac. Bhain sé amach an aodharc, fuair sé an biadh agus an deoch, agus d'ól sé agus d'ith sé a sháith. D'imthigh siad air siubhal a's an choillidh, agus nuair a thainic an oidhche aríst, fuaidh siad isteach i gcoillidh mhóir eile. Bhain sé an aodharc a's an tarbhán breac agus chuir sé síos air an talamh é. “Ith do sháith anocht,” arsa'n tarbhán breac, “b'fhéad- faidhe nach mbéidh mise beo air maidin.” Fuair sé a sháith, agus fuaidh sé fá chomhnuidhe ins an chrann. BÁS AN TARBHÁIN BHRIC. Tuairim's a dhá bhuille dhéug 'san oidhche, thainic tarbh mór amach a's an choillidh. Bhí sé ag srannfaidhe agus ag búirfidhe agus ag tarraingt aníos an fhéir le n-a dhá aodhairc. Thosaigh siad ag troid, agus nuair a bhí an lá ag teacht, bhí an tarbh mór ag éirghidh ro-laidir don tarbhán breac. Chuir an tarbh mór a dhá aodhairc isteach 'san tarbhán breac agus leig sé a phutóga amach. Thainic an buachaill bocht anuas a's an chrann agus bhí brón mór air 'chionn 's go raibh an tarbhán breac ag fághail bháis. “Eist anois,” arsa'n tarbhán breac, “leis an rud atá mé ag innsighe duid. Nuair a bheas mé marbh, bain an craiceann díom, agus an aodharc dheas fosda. Bhéarfaidh tú ‘Tóbaidhe Taithdal’ mar ainm don chraiceann, agus an ‘Claidheamh Soluis’ ar an aodhairc.” D'éug an tarbhán breac 'na dhéidh sin, agus bhí brón agus buaidhreadh air an bhuachaill. Char mhaith leis an craiceann a bhaint de'n tarbhán, mar gheall air an chinealtas a fuair sé uaidh. Chuir sé an Claidheamh Soluis 'na phóca agus d'imthigh sé leis. Acht nuair a smaoinigh sé air an chomhairle a thug an tarbhán dó, thainic sé thar n-ais go dtí an áit 'na raibh sé na luighe, agus bhain sé an craiceann de'n bholg agus de'n druim. AN TRIÚR FATHACH. Fuaidh sé a siubhal air an bhothar go dtí gur casadh fear uasal air. “Tá mé ag cuartughadh buachalla,” arsa'n fear uasal, “gá bhfeil tú ag dul?” “Tá mise ag cuartughadh oibre,” arsa'n buachaill. “Goidé thigidh leat a dheanamh?” “Cha dtigidh liom a'n dadamh a dheanamh acht buachailleacht, acht teana (deanfaidh) mé sin air fheabhas.” “Is tusa an fear atá uaim,” arsa'n fear uasal. “Cha raibh buachaill agam le seacht mbliadhain nar marbhadh orm é. Tá triúr fathac 'na gcomhnuidhe air aon teórainn le mo chuid talmhain agus bíonn siad ag iarraidh mo chuid eallaigh a mhealladh isteach thar an teórainn chuca. Rud air bith a théidheas isteach chuca, cha dtigid liom a bhaint díobhtha aríst.” Rug an fear uasal abhaile é, agus maidin lá 's na bharach, thug sé na ba leis, ag buachailleacht. Bhí balla mór eadar talamh na bhfathac agus talamh an fhir uasail. Leag sé an balla uilig go léir síos, gus thiomáin sé na bá isteach 'na gharraidhe, 'na raibh ubhla deasa dearga. Fuaidh (chuaidh) sé fhéin suas 'na chrainn agus bhí sé ag tligint sios na n-ubhall chuige sna buaibh. AN CHÉUD FHATHACH. Cha raibh sé i bhfad annsoin go dtainic fathac mór amach. “Tar anuas a's sin chugam-sa,” arsa'n fatach. “B'fhéadfaidhe gur ró-ghasda a thiocfainn anuas,” arsa'n buachaill. “A'mur dtiocfaidh tú gan fuireachas, tairngeochaidh mé an crann as na fréumhaibh.” Is gairm sin a fuair freagra. Cha mhór nar bhris an buachaill a chnamha ag teacht anuas i gcoinne an fhathaigh. Thosaigh siad ag troid. Bhí an fathach ró-laidir don bhuachaill, acht smaoinigh sé ar chomhairle an tarbháin bhric. Sgairt sé air Thóbaidhe Taithdal, agus léim Tóbaidhe amach a's a phóca agus cheangal sé an fathach chomh cruaidh sin nach raibh cor a's. Ba laidre neart an tarbháin mhairbh na neart an fhathaigh bheó. In a dhéidh sin, scairt sé air an Chlaidheamh Soluis agus thlig sé an cionn de'n fhathach. Chuir sé naoí n-iomaire agus naoí n-eitrinn é leis an bhuille ud. Tharraing sé leis an cholann, agus rinn sé draicheadh thar an abhainn de. Nuair a thiomáin sé na ba a bhaile ins an choinfheascar, bhí lúthgháir mhór orra é a fheiceáil aríst, agus bhí an oir'd (oiread) sin bainne aige sna buaibh nach raibh go leór soightheach sa toigh, agus b'éigean dóbhtha soighthighe úra a dheanamh. Bhí triúr nighean ag an fhear uasal, agus nigh siad créachta an bhuachalla, agus, 'na dhéidh sin, rinn siad réidh a shuipéur. Thainic an fear uasal isteach a's an bhuaile: “Leigead na fathaigh tri gártha gach oidhche eile, acht char chualaidh mé acht dhá gháir anocht.” “B'fhéadhfaidhe go bhfeil siad tinn,” arsa'n buachaill. AN DARA FATHACH. Maidin lá'r na bhárach, d'éirigh an buachaill agus thiomain sé na ba roimhe go dtainig sé thart le garraidhe a bhí i bhfad níos deise ná'n áitigh 'na raibh sé an chéud lá. Leag sé síos an balla agus thiomáin sé na ba isteach. Fuaidh sé fhéin suas 'na chrainn agus thosaigh sé ag tligint na n-ubhall síos chuige sna buaibh. Char bhfada go dtainic fathach amach agus dhá chionn air. “Mharbh tú mo dh'réar indé, acht béidh mise cúiteach leat indiu,” arsa'n fathach. Sgairt an buachaill air Thóbaidhe Taithdal, agus léim Tóbaidhe amach agus cheangal sé an fathach chomh cruaidh sin nach raibh cor a's. Thainic an buachaill anuas a's an chrann, tharraing sé amach an Claidheamh Soluis agus thlig sé an dá chionn a's an fhathach. Chuir sé naoí n-iomaire agus naoí n-eitrinn iad leis an bhuille sin. Tharraing sé leis an cholann agus rinn sé draichead eile thar an abhainn de. Nuair a bhleagh na cailíní na ba an coinfheascar ud, bhí i bhfad ní b'mhó bainne aca na bhí, an coinfheascar roimhe leis sin. Cha raibh mias nó canna fó'n toigh nach raibh líonta, agus b'éigean dóbhtha soighthighe úra a dheanamh aríst. “Char chualaidh mé anocht acht a'n gháir amháin,” arsa'n fear uasal nuair a thainic sé isteach. AN TREAS FHATHACH. Maidin lá'r na bhárach, fuaidh an buachaill amach aríst, agus thiomáin sé na ba 'fhad le doras na cúirte. Thainic an treas fhathach amach, an fear a ba shine aca. Tar annseo, a chneamhaire,” arsa seisean, “go muir'fidh mé thú. Mharbh tú mo bheirt dh'réar, acht ma tá fhéin, tá lá a' chúitighthe ann indiu.” (Ar lean. ar leath. a 8.)
A REFERENCE SUMMARY OF THE BOOKS OF THE DUNDALGAN PRESS, DUNDALK. Please keep for reference. Full catalogue on application. SCHOOL READERS. Cuchulainn Series. Book I. 3d. Cuchulainn Series. Book II. 4d. Cuchulainn Series. Book III. 7d. GAEL OG AR SGOIL. Part I. 4d. (Mion-tús léighinn) GAEL OG AR SGOIL. Part II. 5d. (Coiscéim ar aghaidh) TÚS MAITH, by B. O'Keeney 6d. AN SCOLAIRE, Part I. 3d. Part II. 4d. MION ORDUIGHTHE NA SGOILE (School Orders and Directions.) 6d. CAD É SIN? RANNTA NAOIDHEANÁN — SÉ AMHRÁIN NA hÉIREANN, Tonic Solfa. 3d. NOVELS. CAISLEÁIN ÓIR, by “Maire.” MÉ FÉIN, by Seaghan Mac Menamin. (In the press.) BOOKS. MO DHÁ RÓISÍN 2s. 6ph. OIDHCHE ÁIRNEÁIL 2s. 6ph. AN DOCHARTACH 2s. SGÉALTA GOIRIDE GEIMHRÍDH 2s. CÓMHRADH COIS TEINEADH Scilling FÁIRE PHAIDÍ MHÓIR 2s. 6ph. AN SEANCHAIDHE, Ulster and Munster Editions 7d. BRUIDHEAN CHAORTHAINN, Ulster Version. 2s. 6d. DAOINE BEAGA AGUS DAOINE MÓRA 6ph. AN MHÁTHAIR 2s. 6ph. CEÓL NA nÉAN 1s. 6ph. MAIGHDEAN AN tSOLUIS, Parts I. and II. each 9d. TROID BHAILE AN DROICHID Scilling CAINNT CHOITCHEANNTA 1s. 6ph. FIR MÓRA NA hÉIREANN. MONINNE AN tSLÉIBHE. (Ar lean. ó leath. a 5.) d'a hiarsmaí eile arais go Cill-shléibhe, agus go raibh siad ann le n-a linn fhéin (A.C. 1100). Chan fheil le féiceáil i gCill-shléibhe anois acht leacracha agus fothracha an tsean- teampaill, acht bhí scoil chliumhail ann ó aimsir Mhoninne nó gur claochlughadh an clochar le linn an Chéud Shéumais (A.C. 1605). Acht cothuighthear a cliú agus a cuimhne aige Muintir Óméith agus Muintir Chill-shléibhe go dtí an lá seo. Fear a's Óméith a bhí i gcruadal amuigh air an fhairrge a rinn an Phaidir seo: A Bhríghid mhín i bhFachairt A Mhlinne i gCill-shléibhe A Bhrónaigh i mBaile na Cille Go dtugaidh sibh slán mé go hÉirinn. In aimsir na bpéin-dlíghthe, chruinnigheadh na daoine a's gach uile áird thart timceall na sean-áite chun an “Pátrún” a choimhéad. Do léightí an t-Aifreann go moch ar maidin, agus na dhéidh sin, bhíodh lá mór spóirse agus cuideachta aige sna daonnaí uilig, eadar óg agus aosda. Corr a's céud bliadhain ó shoin, thainic na saighdiúiri gallda amach a's an Iubhar, scab siad na daoine agus mharbhaigh a lán aca. Leag siad ballaí an tsean-teampaill agus chuir siad an Pátrún air lár. Tá leagan de'n amhrán, a rinneadh don chor ud, i gcló i g“Ceolta Óméith.” Cha raibh a'n ghoir agam annseo acht gearr-chunntas a thabhairt fa dtaobh de'n bhán-naoimh oirdheirc. B'fhurus leabhraí a scríobhadh 'na taobh, acht d'á laighead d'á n-abradh san ghearr-chunntas seo, b'fhéadfaidhe go dtabharfar tuairim goidé an mór-mheas a bhí uirthi in Éirinn agus i dtíorthaí eile, tá fad ó shoin. Éinne a bhfeil tuilleadh eolais uaidh, b'fhiú dó an leabhar a scríobh Espositó a léigheadh; sin agus an t-alt fiudach a scríobh sagart d'Ord N. Doimnic san uimhir seo thart d'Irisleabhar Seandachta Chonntae Lúghmhaighe. MUIREADHACH MÉITH. I dTIR NA hOIGE. (Ar lean. ó leath. a 7.) Thosaigh an bheirt a' troid agus bhí an fathach ag éirghidh ró-laidir don bhuachaill. Sgairt sé air Thóbaidhe aríst, agus léim Tóbaidhe amach a's a phóca agus cheangal sé an fathach chomh chruaidh sin go raibh a dhá shúil 'gha síneadh amach a's a chionn. Bhuail an buachaill an cionn de, agus rinn sé draichead eile de'n cholainn. Nuair a thainic na ba abhaile an coinfheascar ud, chlis air na cúparaí a sáith soightheach a dheanamh agus b'éigean dos na cailíní an bainne a dhrigeadh (bhleaghaint) isteach 'sa talamh. Char cualathas gáir air bith an oidhche ud, agus chun an scéul a aithghiorrad, thug an fear uasal a chaisleán fhéin don bhuachaill agus an nighean a b'fhéarr leis. Posadh iad agus bí bainis mhór acu. Lá na bainnse, bhí siad ag dul thart ag amharc air na garraidhthe agus air na colna a bhí thar an abhainn. Fuaidh siad isteach chuige cúirt na bhfathach, agus chuir siad iongantas mór 'na bhfaca siad d'ór agus d'airgead agus d'urradh agus de thrusgar. Bhí bairille óir ann, agus nuair a chuir an buachaill a lámh síos ins an bhairille, léim cat mór dubh amach agus chuir sé a dhá chrobh thart fá mhuineal an bhuachalla. Char mhór nar tachtad é sul a smaoinigh sé air chomhairle an tarbháin bhric. Sgairt sé air an Chlaidheamh Soluis arist agus thlig sé an cionn de'n chat. Chruinnigh siad a raibh dhe shaidhbhreas amuigh 'sastoigh agus thug siad leobhtha 'na bhaile é, agus bhí siad uilig sonasach 'na dhéidh sin. Sin deireadh mo sgéil-sa a bhain do mo mhuintir fhéin i bhfogus do dhorus an toighe nar tógadh mé. Foillseóchthar “An t-ULTACH” an chéad lá de ghach mí. LUACH: 2ph.: nó 3ph thríd an phost. Sínteanas bliadhantamhail (airgead roimh ré) leis an pháipéar a fhagháil thríd an phost, 3s. Clódhbhualadh le h-aghaidh na seilbhtheoirí ag Oifig “Scriúduightheoir Dhúin Dealgan,” i nDún Dealgan.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services