Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Mí na Feil' Mlinne

Title
Mí na Feil' Mlinne
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1924
Publisher
Comhaltas Uladh

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN t-ULTACH



PÁIPÉAR MÍOSAMHAIL FA CHOINNE GAEDHEAL TUAISCEART ÉIREANN.



Uiml. 1. Uimhir 7. MÍ NA FEIL' MLINNE. 1162821924. Luach Dhá Phighinn.



AN t-ULTACH.
Árus Chonnradh na Gaedhilge,
5, Plás na Trágha,
Dún Dealgan.



Leabhra Saora le hAghaidh na bPáisdí-Scoile.



Réidh anois:



POTA CNUASAIGH,
CUID A DÓ.



24 leathanaigh.



Luach 4ph.; nó 5ph. thríd an phost.



Le fághail ó Oifig an Ultaigh.



Béidh leabhra eile ag teacht amach go haithghiorra.



TEACHT CHEALLAIGH MHÓIR.



II.



Nuair a thainig Donnchadh Óg isteach i dteac na bainse,
bhí scaifte mór daoine cruinn. Bhí an bhiotáilte ag gabhail
thart, agus an biadh 'ghá dhéanamh réidh. Bhí Seán Mór
Píobaire na shuidhe sa choirneál agus é ag seinm corr-
phort anois as arís de'n chruinnigheadh, agus Feidhlimidh
Fidileoir na shuidhe sa choirneál eile ag tarraingt an bhógha
go h-aigeantach ar an fhidil.



Bhí cisteanach agus seomra mór fada farsaing 'toigh
Eoghain Uí Cheallaigh, agus bhí siad plodaighthe. Bhí an t-aos
óg ag damhsa agus ag ól agus ag suirghe. Bhí an dream
aosta ag cómhrádh agus ag sgéalaidheacht agus ag ól agus
ag déanamh carthanais. Chuaidh an oidhche thart go súgach,
greannmhar gleoireóiseach go rabh sé a dheas de'n mheadhon
oidhche.



Bhí Donnchad na shuidhe ag an bhalla bheag an t-am seo,
agus Síle ar a ghlúin, indiaidh iad cúrsa damhsa a dhéanamh.
D'amharc Donncadh trasna an toighe agus chonnaic sé fear
bocht 'na shuidhe thall os a choinne i n-aice an doruis. Ní
rabh aithne ar bith aige air. Chroich de sheanduine mhór
thoirteach a bhí ann, féasóg fhada gharbh liath air, agus sean-
hata mór bán anuas ann a shúilibh. Bhí a chuid éadaigh
iongantach garbh, giobach, scifleógach. Bhí dhá chroisín na
luighe ann a ucht. Ní rabh aon bhacach anns an tír nach rabh
aithne ag Donnchadh air, shíl sé féin, acht níor léar dó go
bhfacaidh sé an fear seo ariamh. Stán sé go géar air.
D'amharc an fear bocht air. Chonnaiceas do Dhonnchadh go
rabh dhá shúil óga, a bhí comh géar agus comh luinnireach le
súilibh iolair, ag amharc amach as faoi dhuilleóig an tsean-
hata bháin sin.



Bhruid sé Síle agus chuir sé ceist oirthi a rabh sí ag
aithne an fhir bhoicht. Dubhairt sí nach bhfacaidh sí ariamh é.
Ba léar daobhtha go rabh go leor 'sa teach ar a n-aicid, ná
b'iomdha súil a tugadh ar an bhacach mhór chreapalta a rabh
na croisíní leis.



Ní thiocfadh le Donnchadh a dhá shúil a thógáil de.
Choimheád sé é nuair a bhí an bhiotáilte ag gabhail thart.
Chonnaic sé é ag tógáil a láimhe ag caitheamh siar an
ghloinne, agus mar bhí an muinchille scifleogach gear-
ruballach strócaighthe, nocht a sgiathán nuair thóg sé an
lámh leath-bhealaigh go dtí an uillinn. Ní fhacaidh Donnchadh
a leithéid de sgiathán ariamh. Bhí sé chomhair a bheith comh
ramhar le muineál fir, feachógach, cruinn, agus acha'n
chuisle gorm ann go ramhar le rópa cnáibe. Thainig
truaighe aige dó nuair a chonnaic sé a leitéid de fhear
bhreagh agus gan lugh na gcos leis.



Stad an damhsa, agus sgairteadh ar Anna Níc
Géidigh amhrán a rádh. Dubhairt sí an “Draighneán Donn”
go caoin binn brónach. Scairteadh ar Árt Óg, agus ar
Sheán Néill agus ar chupla duine eile, agus bhí callán agus
greadadh bos ann a thógfadh an ceann de'n teach, dar leat.



Sa deireadh, nuair a bhí na h-amhráin ráidhte, agus gan
an dara ceoltóir le fágháil, d'éirigh Donnchadh Óg na
sheasamh. “Deirfidh an strainséar a bhfuil an hata bán air
amhrán, ma's sé a thoil é,” arsa seisean. Ní thiocfadh leis
a innse, dá muirfidhe é, goidé a thug air éirigh agus sin
a rádh. Thainig sé fríd a cheann, agus acht oiread is dá
mbéadh tapógaí ann, d'éirigh sé agus dubhairt sé é.



D'amharc acha'n dhuine ar an fhear bhocht. Thost siad ó
thús. Annsin thoisigh corr dhuine thall is i bhfos 'ghá bhros-
lughadh. D'éirigh sé, agus leig sé a thaca ar na croisínibh.
Cheol sé an t-amhrán a rinn Cearbhallán Dall de Nábla Ní
Cheallaigh. Nábla Ní Cheallaigh an t-ainm a bhí ar an chailín
óg a bhí 'ghá pósadh, agus d'fhóir an t-amhrán go h-iongantach
maith. Bhí glór breagh domhain binn ag an fhear bhocht. Chuir
sé aoibh ar bhean Eoghain Uí Cheallaigh nuair a cheol sé amach
go breagh glan árd:



“'Sí cúl tiugh na mbachall fáinneach geal slim.
'Sí cum an eala í 's gile 'shnámh ar an linn
'Sí grádh 'gus spéis na ngasúr Nábla shéimh Ní
Cheallaigh.
A' déad is deise leagadh i bfárus a cinn.”



Chuir sé pléisiúr ar a rabh 'sa teach sul a rabh sé réidh,
agus buaileadh na bosa go teann, agus sgairteadh “Arís!
arís!” go dtí go rabh lucht na bainse ar aon gháir amháin
uilig.



Thoisigh sé ansin ar “An Chrúisgín Lán” agus bhain sé
mac alla as na creataighibh. Nuair a bhí an t-amhrán ráidhte
sgairt Eoghan Ua Ceallaigh an crúisgín a líonadh arais,
agus chuaidh cur eile biotáilte thart. Chaith an bacach siar
a ghloine go chroidheamhail. Bhí a rabh thart fá dtaobh de 'ghá
mholadh, agus bhí an moladh agus an bhiotáilte ag gabhail ann
a cheann dó. D'éirigh sí dhe léim 'na sheasamh, chaith uaidh na
croisíní agus leig a shean sgairt as.



“Bacach mise ar aon chois, siubhlaim go státamhail.
Buail suas a Fheidhlimidh, go ndéanaidh mé aon chúrsa
amháin.”



D'éirigh munamar fríd an teach. An mhuinntir a bhí ar
chúl daoine eile, shín siad a gcuid muineál a amharc ar an
fhear a rabh na croisíní leis, agus gan gnaithe aige leobhtha.
Thoisigh Feidhlimidh Fidileoir a bhualadh, agus thoisigh an
bacach a dhamhsa. Agus a léitheid eile dhe dhaimhseoir, ní
rabh i n-íochtar tíre an oidhche sin. Bhí péire de shean-
bhrógaibh móra troma air, acht ma bhí féin bhí sé comh
h-éadtrom ar a chois le gealbhán. Chor sé agus cham sé
agus lúb sé a chuid cos, chuir sé thaire na chéile iad; níor
luaithe na sála ná na ladhara ar an talamh aige; agus
d'aithneochtha an port, dá mbeitheá gan an fhideal a chluin-
stin ar cor ar bith, ar thormán a chuid cos ar an urlár. 'Sa
deireadh nuair a bhí sé tuirseach, d'umhluigh sé de'n
chuideachta mar bhéadh fear uasal ann, agus shuidh sé i
dtaobh an toighe.



“Ní fhacaidh mé a leitheid de dhamhseoir,” arsa fear
meadhon aosta ag gualainn Dhonnchaidh, “ó d'imhthigh
Ceallaigh Mór!”



Thoisigh an t-aos óg a dhamhsa arais. Bhí achan bheirt ag
cainnt le chéile ar fud an toighe go ceann tamaill fá'n
fhear bocht aistidheach seo. Acht 'sa deireadh chuaidh siad a
dhéanamh neamh-iongantais dó, agus a stad a thracht air.


L. 2


Amach le Donnchadh agus le Síle fhágháil fuaradh
indiaidh iad féin a théigheadh ag damhsa. Ar an léana os
coinne an toighe bhí scaifte maith cruinn. Bhí oidhche réabh
ghealaighe ann, agus bhí na buachaillí óga ag geárradh
léimneach. Sheasuigh siad-san a gh-amharc orthú i gcuideachta
na cuideachta.



Bhí scaifte mór 'ghá bfiacháil féin ó thús, acht dhe réir
mar d'éirigh an léim fada thoisigh siad a thuitim amach go
dtí nach rabh fágtha acht triúr. Ba iad an triúr iad Feargal
Mhór Ó Canann, Éamonn Airt Óig, agus Conall Manntach
Ó Breisleáin, agus ní rabh aon triúr fear a ba gaiste ná
iad anns an dá phobal.



“Sheacht mh'anam sibh, a fheara!” arsa Toirdhealbhach
Óg, “seo an rud a innseochas cá bhfuil searrach na deagh-
lárach.”



Ba é Éamonn Airt Óig a dtainig sé ar a sheal
geárradh an chead uair. Ghlan sé ocht dtroighte déag.
Chuaidh an fear manntach ar a chúl annsin agus thainig sé
ar aghaidh mar bhéadh fiadh ann, agus rinne sé naoi dtroighthe
déag. Gheárr Fearghal Mór fiche troigh gan mhasla gan
breadar.



Thug an bheirt eile cupla iarraidh a theacht suas leis,
acht ní rabh dul acú a dhul thaire na shean-mharcannaibh. Bhí
a ndicheall agus a sean-dicheall deanta, agus thug siad
suas é. Thoisigh Muinntir Chanann a dhéanamh mórtais as
Fearghal.



“Maise, ní hé sin a dhicheall,” arsa fear acú. “Tá
slat eile go fóill ann a chnámha.”



“Déan do dhicheall. Fág marc ag fir óga na
paróisde,” arsa cupla fear acú.



Chuaidh Fearghal Mór giota maith ar a chúl agus thainig
sé chun tosaig le rúideóig mhillteanaigh. D'éirigh sé ó'n
talamh mar bhéadh sé ag gabhail ar eiteógai agus ghearr sé
léim a bhain a n-anál de na fir a bhí ag amharc air.
Tomhaiseadh í. Bhí dhá throigh agus fiche gearrtha aige.



Thoisigh an moladh ar Fheargal. Hubhradh nach rabh a
leithéid eadar an dá fhearsaidh, go rabh fir óga na h-áite na
mbráigh aige. Cé a bhí caithte ar a shleasluighe ar an léana,
agus gan aon dhuine ag cur chuige ná uadh, acht an bacach
a rinn an cúrsa mór i dtús na h-oidhche.



“Uch,” ar seisean, “chonnaic mé fear a ghearrfadh do
léim agus gan a lámha a bhaint as a phócaí.”



D'amharc Fearghal Mór síos air. Ní rabh sé astoigh
nuair a rinne an fear bocht an cúrsa, agus shíl sé nuair a
chonnaic sé na croisíní go rabh sé creapalta.



“Sé do leithéid is dóighche a bheith ag cainnt,” arsa
seisean. “Ar ndóighe ní ghearrfá thusa a dhath ar scor ar
bith.”



“Ná bac le sin,” arsa'n bacach. “Bhí mise ag
geárradh léimneach le fir a b'fhearr ná thú.”



“Ma bhí, is nuair a bhí tú óg agus lúgha ná gcnámh leat.
Acht chuaidh an lá sin thart, a bhacaigh.”



“Ní dheachaidh an lá sin thart, a bhodaigh,” arsa'n fear
bocht, ag éirghe 'na sheasamh. Chaith sé uadh na croisíní.
Scaoil sé na h-iallacha ann a chuid sean-bhróg, agus chaith
sé de na cosa iad.



Ghéarr sé léim. Sílfeá gur chuir sé ród talaimh de.
Thoisigh Eoghan Dubh, uncal Fheargal Mhóir, a thomhas na
léime. Chunntais sé chúig — sé — seacht — ocht slata — agus
bhí fad a bhróige fágtha. Cúig troighthe fichead!



D'éirigh súile na bhfear mór, agus d'amharc siad ar
a chéile.



“Cúig troighte fichead!” arsa Eoghan Dubh. “Níor
ghearr aon fhear ariamh an léim sin acht Ceallaigh Mór
Bhaile-an-Teampaill.”



Thug sé rúchladh anonn agus chuir sé a lámh i bhféasóig
an strainseára agus an láimh eile ann a hata. Thainig an
bheirt leis, agus chonnaic an scaifte aghaidh óg dhóigheamhail
fir nach rabh os cionn dhá fhicheadh bliadhain agus ceann fata
catach gruaige. D'aithin an chuid a ba sine de rabh i láthair
é 'sa bomaite. Ba é Ceallaigh Mór a thainig arais é.
D'éirigh an ghibrisg.



“An dúnmharbhthóir! an dúnmharbhthoir! beirigidh air,”
arsa Muinntir Chanann.



Chuaidh cuid de 'n t-aos óg a chur cúil orthú. D'éirigh
an hullach hallach. Thoisigh lucht na bainse a theacht amach
go bhfeiceadh siad goidé an gleo a bhí ag gabhail.



Sheasaigh Ceallaigh Mór cupla bomaite. Annsin nuair
a chonnaic sé an sluagh ag déanamh air, theich sé, gus ba
ghaiste é na an ghaoth Mhárta. Lean Muinntir Chanann é,
agus eadar an ólachán agus achan chineál, d'imthigh
bunudhas na bhfear a bhí i lathair a chuidiughadh leobhtha.
D'imthigh an tseilg síos an malaidh agus thrasna na gconn-
lach a bhí i gcois na h-abhna. Nuair a chonnaic na daoine an
abhainn roimhe Cheallaigh leig siad uaill astú féin, ná shíl
siad go rabh sé ceapaighthe. Bhí an abhainn cinnte ocht slata
ar leithead, agus sílfeadh duine le h-amharc oirthí go rabh
sí uair go leith go leathan sin. Acht níor bhain sí bomaite
moille as Ceallaigh Mór. D'éirigh sé san aer. Shíl an
mhuinntir a bhí ar a thóir gur ceart dó cinnte a theacht
anuas i lár na h-ábhna. Da dtigeadh, bhí deireadh leis, na
bhí an abhainn seacht dtroighthe ar doimhne, agus sruth ann a
chartochadh péist mhór. Acht ní thainig. Thainig sé anuas ar
an bhruach thall, agus sheasaigh sé agus d'amharc sé 'na
dhiaidh.



Nuair a thainig na fir eile go bruach na h-abhna ní rabh
fear ar bith ábalta í glanadh dhe léim, gus b'éigean daobhtha
seasamh annsin. Chuaidh Ceallaigh Mór a gháiridhe faobhtha.



“Gabhaigidh anall a fheara breaghtha,” arsa seisean.
“Na caillfidh sibh an tseilg. Tá Clochán an Áir leath-mhíle
suas agus béidh mise ar an Phollán Raithnighe nuair a bhéas
sibh thart.”



Goidé a rinn Feargal Mór acht mós a bhí 'toighe
Eoghain Uí Ceallaigh a thabhairt leis nuair a thoisigh an rása.
Chonnaic sé amuigh sa sgiobál é, agus dar leis go mbéadh
sé úsáideach.



“Cuirfidh mise mo ghiolla anonn romham, a Cheallaigh
Mhóir,” arsa seisean.



Sgaoil sé, agus chuir sé lán bhéal an ghunna fríd an
fhear thall.



“Sin urchár an daill fa'n abhaill,” arsa Feargal Mór
Ó Canann.



Níor baineadh biongadh as Ceallaigh. Chuir sé a lámh
isteach ann a ochras agus tharraing sé amach piostal. Bhí
cubhar fola le na bhéal. 'Na dhiaidh sin ní rabh de chrith ar
a láimh acht oiread le carraig. Sgaoil sé agus shiab sé
blaosc na cloigne de Fheargal Mhór.



“Níor leig mise mo chuid fola le'n fhear ariamh,” arsa
Ceallaigh Mór Bhaile an Teampaill, agus thuit sé.



(An Deireadh.)



IOLANN FIONN.



AN SGADÁN.



Dán beag é seo a rinne file eintean ag moladh an
sgadáin. I láimh-sgríbhinn de chuid Aodha Uí Néill a
fuaireas é. Bhí Aodh 'na chomhnuidhe san Iubhar fá thuairim
na bliadhna 1800.



Mochean do theacht, a sgadáin!
Druid liom, a dhaltáin uasail;
Dar láimh hathara is do mháthara
Do thuillis fáilte uaim-se.



Ó thús an Chorgais chéasta,
A fhir le' ngléastar comh-ól,
Ort-sa go teacht na Cásga,
Mór mo ghrádh-sa 's is ró-mhór.



Cé mór a thuit anuraidh
Dod ghaol bhunaidh fán méise,
Ná cuimhnigh fuath ná faladh,
Ós tú cara na héigne.



Ar bhféachaint gacha cósta
Go críocha bóchna na Gréige,
Iasg is uaisle ná an sgadán,
Ní bhfuair Cannan * Chinn-tSléibhe. †



Dá bhféachaidís uaisle Bhanbha
Cé is mó tairbhe don triúr-sa:
Is rí ar gach iasg an sgadán,
Eidir bhradán is liúsa.



Dar láimh m'athara, a sgadáin,
Cé maith bradán na Bóinne,
Is duit a dhealbhas an dán-sa,
Thar iasgaibh uaisle na Fodhla.



* Canann, ainm duine? no canánach?
† Áit a dtugtar Killeavy sa Bhéarla air. Tá sé i
g Condae Árdmhacha.



— EAMONN Ó TUATHAIL.


L. 3


BEIRT DHEAGH-GHAEDHEAL AR LÁR.



Is é mo chrádh 's mo chás
An bás a thigeas go trom,
Nuair leagtar ar lár
Na cáirdí ar mhaith linn bheith buan!



Tá Seanchaidhe Mhuirtheimhne ar shiubhal uainn — tá
Aindreas Ó Marcuigh faoí fhód! An sean-leomhan Gaedhil
a bhí linn i gcúis na Gaedhilge le ceathrú céad bliadhain
aniar tá sé sciobtha uainn ag an teachtaire dubhach sin an
bás. Tá an teanga aibidh chliste agus an glór binn blasta
a ríomhuigheadh stáir agus scéaltaí ár sinnsir agus a
chanadh “Úir Chill' a' Chreagain” dúinn — tá siad 'na dtost
go bráth! Doiligh dúinn a thuigbheal no a mheabhrú. Faraor
gur fíor é!



Le cúig bliadna 's fiche anuas bhí Aindreas ag síor-
bhronnadh ar Ghaedhilgeoirí óga na Maighe seo na seodaí
luachmhara dó-cheannuighthe sin a bronnadh air fhéin. Agus
chan suarach an méad díobhtha a bhí aige. Cha creidthear go
rabh a chomhshamhail de Ghaedheal ar an t-sean-bhunadh le n-ár
linn.



Cá bhfuil an sean-dhuine a shuidhfeadh imeasg óg na tíre
sa rang Gaedhilge ón chéad oidhche cuireadh an rang ar bun
go dtí cupla seachtmhain roimhe le n-a bhás — rith cúig
bliadhain 's fiche? Chan fhuil sé i n-Éirinn.



Is cuimhin liom an triur de'n t-sean-stoc — Proinseas
Mag Uinnseanáin, Seán Mac Eochaidh agus Aindreas — ag
seanchus le céile sa scoil an chéad oidhche sin agus
muidinne ag treascairt agus in achrainn leis an chead
leathanach de leabhraí Uí Gramhnaigh. Agus is cuimhin linn
uilig Aindreas in a shuidhe cois teineadh san halla againn
ag áirneal rith na n-oidhcheannta Gheimhridh seo chuaidh thart.
Bhí a chuid spéise san teangaidh agus san t-seanchus chomh
h-árd an oidhche dheireannach 's bhí ar an chéad oidhche.



Acht an teachtaire a thug a bheirt chomradaidhe ar shiubhal
na bliadhantaí ó shoin d'fhuaduigh sé ár gcara leis cupla
seachtmhain ó shoin. Agus crothnochar go mór againn é.
Feasta béidhmid gan seanchaidhe. Feasta béidhmid gan ár
n-athair baisdidh. Mo dheoigh — mo dheoigh!



Agus níor leor leis an teachtaire an sean-Ghaedheal
amháin, ghoid sé uainn Gaedheal óg duthrachtach an lá in a
dhéidh. An sagart óg dicheallach Séamus Ó Doláin — fear
go rabh díol beirte ann — tá sé faoi'n fhód ghlas ar bhruach
Átha Fhirdia. Chan léar do gach aoinne an méad oibre a
rinne an sagart óg seo ar son na Gaedhilge. Chaith sé a
dhuthracht go toileamhail le Coláisde Íta ag Ceann an
Chlochair agus b é an t-oibrighidhe ba dhéine lá na Feise ar
Mhuirtheimhne gach bliadhain. Fáinnidhe dílis de Ghasra
Dhúin Dealgan é fósta — agus char náir do'n Ghasra a
mbeadh baint aige leis.



Bhí lá na Feise ann la 'eil Peadair agus Póil. Bhí na
sluaighthí Gaedheal ann eadar óg agus aosta. Bhí
moltóirí agus stiurthóirí ann — thall agus i bhfus.
Acht chan fhacthas an sean-fhear cromtha ann agus
sgaibhte de'n aos óg thart air ag éisteacht le n-a sheanchus.
Chan fhacthas an cléireach óg ag gluaiseacht anonn 's anall
ag stiurú agus ag beannú go laghach do ghach aoinne. Cha
rabh siad ann — faraor!



Acht imeasg gleo agus aoibhnis na cuideachta chonnaic
muid iad i gcuimhne dhílis ár n-aigneadh agus ghuidh dóbhtha:



Sólás na bhFlaitheas agus cuideacht na n-Aingeal.



“CÚ CHULAINN.”



GAEDHILG ALBAN.



Tá'n Ghaedhilg dá labhairt go fada, fairsing in Albain
go fóill — ní 'sna cathrachaibh ná sna bailtibh móra, ach ins na
“Hielans” agus ins na h-oileáin ar iomallbhórdaibh
Íarthair na tíre — ó Innse Gall go dtí an t-Oileán
Sgíathanach, Íle, agus Rachra. Tá'n Ghaedhealtacht mhór sin
níos mó, agus níos fairsinge ná Gaedhealtacht na
hÉireann, ach ar an taobh eile, ní'l an oiread sin daoine
ann agus atá 'sa Ghaedhealtacht s'againne, agus níltear
ach ag toiseacht ar a Gaedhilg a theagasg ins na sgoltacha.
Dá' ainndeóin sin is uile, tá cuid mhór Gaedhilge in
Albain, agus tá i bhfad níos mó suime acu-san in a gcuid
ceóil, ná mar atá againne i gcuid ceóil na hÉireann. An
té a bhfuil dúil aige i gceól Gaedhealach na hÉireann, tá's
aige comh doiligh is atá sé leabhra ceóil fhaghail. Ní'l
againn ach cuid Hardebec, “An Smólach,” agus leabhra
tonic-sol-fa an Athar Breathnach. Tá a dhá oiread le faghail
i nGaedhilg na hAlban, i mBaile Átha Clíath fhéin. Ní'l aon
tuighe ann nach léighfimís cuid Gaedhilge Alban, ach leith-
sgéal an chló — agus is suarach an leithsgéal sin. Cuireann
an sean-chló “Gaedhealach” a thug an bháinrioghan Elisabeth
dúinn 50 per cent. le costas clódóireachta, agus má's
maith le muinntir na hAlban airgead a shábháil, agus a
gcuid leabhar a bheith 50 per cent. níos saoire ná ár gcuid-
inne, cad chuige nach ndéanfadh siad sin. Truagh nach bhfuil
an oiread sin céille againne!



Ach, tá mé ag gabhail ar seacrán i gceisteannaibh cló
in áit leanstan do'n cheist a bhí gá plé agam. Ní'l níos mó
deifir idir Gaedhilg na Hielans agus ár nGaedhilg-inne, ná
mar tá idir cuid Béarla Alban agus an Béarla
coitchíanta. Cuir i gcas.



nó an Ghaedhilg seo:



“Saoil sibh fhéin nach mé bhí truagh dhe,
Feasgar foghair air achadh bhuana;
A h-uile té, 'sa fear féin r'a gualainn
'S mo leannan donn-sa an bhárr nan cuantan.
Shiúbhlainn, shiúbhlainn, shiúbhlainn fhéin leat,
Shiúbhlainn fada troimh choill nan geug leat
'S nuair bha mi óg, 's ar bheagan céille
Gur é do ghaol-sa a rinn mo léireadh.”



Ní'l ach dhá fhocal 'sa Ghaedhilg sin nach bhfuil coitchíanta
againne — “feasgar” (“tráthnóna”), agus “gaol”
(“grádh” in Albain). Is fíor nach ionann cíall do “cuan”
san abairt sin “air bharr nan cuantan” agus “cuan”
againne — cíalluigheann sé “ar an fhairrge,” ach ní ghlacann
sé mórán trioblóide sin a dhéanamh amach. Ach tá eagla
orainn roimh Gaedhilg ar bith nach bhfuil coitchíanta againne
— agus tá sin ceart 'sa stáid a bhfuil an Ghaedhilg ann in
Éirinn. Ghlacfá focal nó abairt coimhightheach ar bith a thuig-
bheáil go maith 'sár a ndéanfá úsáid de, agus gan úsáid
a dhéanamh de annsin féin gan féidhm a bheith leis. Cad
chuige sin? Tá, go léighimid i bhfad níos mó Béarla ná
Gaedhilge, agus go bhfaghamuid cleachtadh ar an Bhéarla
coimhthigheach i gan fhios dúinn féin. Mar sin ní'l moill
orainn Béarla “Rabbí Burns” nó Mutt is Jeff a
thuigbheáil, ach cuireann Gaedhilg nach bhfuil cleachtadh
againn air scannradh orainn. Is ionann sin agus a rádh
go bhfuil an Ghaedhilg ag faghail bháis go mall. Muna
dtugaimid aire dí, gheóbhaidh an teanga liteardha bás,
agus ní féadfar cómhrádh a dhéanamh i nGaedhilg fá rud ar
bith ach na barraí. Tá na páipéirí Béarla — an “t-Inde-
pendent” agus an “Freeman” ag tabhairt oideachais
Béarla do na daoine a'chan lá, ach ní léightear dhath ar bith
sa Ghaedhilg ach leabhartha sgoile. Má mhaireann an scéal
mar sin, tiocfaidh an lá a mbéidh éolas níos féarr ag
muinntir na Gaedhealtachta ar an Bhéarla ná ar an Ghaedhilg
— agus nuair thiocfas n lá sin, béidh deireadh leis an
Ghaedhilg — ní bhéidh innte ach cánamhain bhocht lag, íargcúlta
a mbéadh sé comh maith againn í chur san uaigh.



Caidé an léigheas? Tá, litridheacht. Choinnigh an
sgéalaidheacht an teanga beó bríoghmhar go dtí seo, ach
tá'n sgéalaidheacht ag fághail bháis, agus caithfear rud
inteacht a chur 'na áit.



Ach, goidé an bhaint atá aige seo le ceóil Alban.
Tá, nuair a thiocfas an lá a mbéidh an Ghaedhilg oifigiúil
san uaigh, “gan ua nó mac, a shilfeadh a'n deor ós a
cionn,” béidh orainn litridheacht úr a cheapadh. Gheobhmuid
smaointe agus ádhbhar sgéalta ó'n nar nGaedhealtacht fhéin,
ó Thír Chonaill go Gaillimh, agus go Ciarruidhe fósda, má's
féidir leo-sud druim-láimhe a thabhairt le stíl leanbhaidhe
an Athar Peadar.



Ach, ghlacfaimís rudaí a ghlacadh ó thíortha eile fósda.
bhéidh lorg an Bhéurla air an teangain, ach má ghlacaimid
Má ghlacaimid barraidheacht ó Shasainn ná ó'n Oileán Úr,
rudaí ó Albain, béidh blas agus snas na Gaedhilge binne
blasta orthu, ach san am chéanna, gheobhfar smaointe úra a
bheas foirstineach dúinn i litríocht agus i n-amhráin na
h-Alban. DONN PIATT.



TOMÁS MHAC CUILEANNÁIN,
Ard-Cheannuidhe, Dún Dealgan.



Ta togha gach bídh agus rogha gach dighe le fághail annseo.


L. 4


SINN FHÉIN.



Tá cuid d'ár lucht léighte, eadar múinteóirí agus
ollamhna, ag friotháil air na rangannaí ins na Collaisdí
Samhraidh, agus badh chóir go ndeanfadh gach'n dhuine aca
a chothrom fhéin air son an Ultaigh.



h-Innseadh dúinn i gclár Árd-Fheis Chonnradh na
Gaedhilge gur cailleadh £1,238 3s. 6d. anuraidh le Fáinne-
an-Lae. Tuigeann fear léighinn leath-fhocal. Dhíol an
t-ULTACH a's fhéin go dtí trí míosa ó shoin, acht cailleadh
a lán airgid leis ó cuiread deireadh leis na rangannaí
geimhridh. Chan fheil aon Chonnradh taobh thiar dínn, agus
bhéadh an bás i ndán dúinn indiu, acht ab iad na cáirde
flaitheamhla a bhí againn.



Badh chóir go bhfuighfidhe síntiús bliadhna
ó ghach'n mhac-léighinn atá ag fríotháil air na
rangannaí i gCúig Uladh. Is beag duine aca
nach dtabharfadh trí scilling dá n-iarrfaidhe orra. Tógthar
dúinn go dtiocfadh le lucht léighte an Ultaigh cuidiu linn
air dhóigheannaí eile thar mar ghnidhtear — féiríni agus
síntiúsaí fhághail, fograí a sholáthar, an “t-Ultach” a mholadh
air feadh na tíre, agus é a chur air leigheadh ins na
rangannaí agus na collaisdí. Teastuigheann cothughadh ó'n
Ultach thar mar fuair sé air na mallaibh. M.M.



T. WILLIAMSON, DUNDALK.



AN t-ULTACH.



MÍ NA FEIL' MLINNE.



Béidh an Ghaedhealg marbh ar fad, 'sé sin nó béidh sí
ar na bonnaibh go teann fa chionn fhichead eile bliain. Ba
bhocht an lá d'Éirinn é dá gcaillfidhe an teanga seo a
tháinig anall chugainn ón tsean-aimsir agus ar chuir gach
glún de shíolradh Gaedheal ó Mhíleadh Easpáine mais agus
bláth agus cruth uirthi. An bhfuilmid ag cailleadh nó ag
déanamh talaimh mar támuid? An bhfuil an cath ag gabháil
inár n-éadan nó an bhfuilmid ag breith buaidhe? Le siubhal
ar thalamh na fírinne, caithfimid a rádh go bhfuil an teanga
Ghaedhilge ag cailleadh annso agus annsiúd, ach má tá
fhéin, tá sí ag brughadh í fhéin 'un tosaigh thall agus i bhfos.
Na seandaoine a rabh an Ghaedhealg ar bhárr a dteangtha
aca agus a rabh sí ina mbéal gach lá ó bhí siad ina bpáistibh
támuid á gcailleadh. An té imthigheas ar shluagh na marbh
mar so théid rud síos san uaigh ina chuideachta nach bhfuil
fagháil arais air go héag. Tá na seandaoine Gaedhealacha
ag imtheacht uainn gach lá. Murab é gur fhág siad glún óg
ina ndiaidh a bhfuil an teanga chéadna aca b'imtheacht é a
bhéadh ina chaill ar Éirinn go bráthach.



Tá saoghal náisiúin cosamhail, go díreach, le saoghal
duine. Tig atharrú agus síor-atharrú ar an duine ón uair
bídh sé ina pháiste go rabh ina sheanduine chaoch, chaithte.
'Sé a dhálta sin ag tír é. Má tá teanga fa leith ag lucht
tíre ar bith fásfaidh sí do réir mar fhásas saoghal na tíre
sin, nó mura bhfásaidh gheobhaidh sí bás. Tá Gaedhil Éireann
ag an chrois-bhealach san am i láthair. La deich mbliana
fichead táthar ag iarraidh na teangtha a aith-bheodhú agus
a tabhairt arais ó bhéal na huaighe. Leis an fhírinne a rádh,
is beag atá déanta go fóill ag dream ar bith de mhuintir
na hÉireann leis an Ghaedhealg a dhéanamh ina gnáth-
theangaidh náisiúnta. 'Siad na scoltacha a bhéarfas arais
í, má tá tabhairt arais uirthi. Ach ná saoileadh duine ar
bith go mairfidh sí i gcomhnuidhe mar theangaidh i mbéal na
ndaoine mura dtige litridheacht i nGaedhilg na hÉireann
a bhéarfas fad saoghail agus anál dí. 'Sí easbhaidh seo na
litridheachta atá ag cailleadh orainn, mar tá a fhios ag an
tsaoghal, agus a bhéarfas bás na teangtha i n-aithghiorracht,
mura gcuirimid ár mbonna le teann.



Níor scríobhadh rud ar bith ó toisigheadh ar aith-bhéodhú
na Gaedhilge d'fhéadfaidhe a rádh gur litridheacht é a mhair-
feas. Níor cumadh filidheacht ar bith le leith-chéad bliain
d'fhéadfaidhe a chur i gcomórtas le filidheacht na seachtmhadh
agus na hochtmhadh haoise déag. Ní h-é an rud d'fhoghnfadh
tá céad nó dhá chéad bliain ó shoin a fhóirfeas do shaoghal
an lae indiu. An scéaluidhe a chuireas roimhe fhéin gnáth-
shaoghal na haimsire atá i láthair a nochtadh i scríbhinn caith-
fidh sé a bheith eolach, oilte ar ealadhain na scéaluidheachta
mar chleachtuighthear indiu í ar Roinn na hEórpa. Tá an
ealadhain sin dá cleachtadh ag scríbhneoirí Béarla, ag
scríbhneoirí na Frainnce, na Gearmáine agus na Rúise,
tá, agus ag a lán tíortha eile. Níor toisigheadh uirthi mar
is ceart go fóill fhéin sa Ghaedhilg. Is fearr go mór fada
an iarraidh a rinne na daoine a d'fhéach sa teangaidh Bhéarla
le saoghal na hÉireann a nochtadh ina gcuid scéalta san
naomhadh haois déag 'ná mar atá déanta againne go fóill
in ár dteangaidh fhéin.



Litridheacht a chuireas anam agus croidhe i dteangaidh
agus a chuireas ar a cosaibh í go minic nuair bídh sí ar
leabaidh an bháis. Stad litridheacht na Gaedhilge d'fhás i
dtráthaibh an ama a rabh Seathrún Céitinn i gcionn a phinn.
Tháinig meath ar an teangaidh ón lá sin anall. Is le trí
nó ceathar de chéadtaibh bliain a d'fhás litridheacht an
Bhéarla. Nuair bhí scríbhneoirí móra na Breataine ag
cruthú na litridheachta sin atá fa mheas ag gach scoláire
indiu bhí litridheacht na Gaedhilge sa smeach dheireannaigh.
Mothuigheadh le deich mbliana fichead go rabh an anál go
fóill innti, ach anál lag agus cuisle anbhfann a bhí innti
agus ná bíodh iongantas ar dhuine ar bith nuair nach
dtáinig bláth an tSamhraidh ar nua-litridheacht na Gaedhilge
go fóill. Tiocfaidh sé, ach ní thiocfaidh gan saothar.



Má's rud é go dtabhairfear an teanga seo againne
arais mar theangaidh laetheamhail na tíre agus go bhfásfaidh
litridheacht innti a bhéas ionchurtha le litridheacht ar bith dá
bhfuil againn indiu caithfear a ceangail go dlúth le
gnáth-shaoghal na ndaoine, bíodh comhnuidhe ortha sin sa
chathair nó i n-uaigneas na tíre. Má scarfar an Ghaedhealg
ó shaoghal choitcheannta na tíre tarraingeóchaidh sí a hanál
dheireannach sul a mothóchamuid. 'Siad an dráma agus an
páipéar nuaidheachta an dá ní is treise cumhacht ar an
tsaoghal dheireannach seo agus dá n-éireóchadh linn iad a
chur a dh'obair ar thaoibh na Gaedhilge bhéadh an bhuaidh
againn go hiomlán. Bhéadh buaidhte againn ar Ghalltacht
agus bhéadh Éire Ghaedhealach ar uachtar againn sa deireadh.



Admhuigheann gach duine go bhfuil cumhacht iongantach
ag an dráma leis an pobal a mhuscladh agus a theagasc
comh maith le caitheamh aimsire agus pléisiúr a bheith ann.
Dá mbíodh lucht drámuidheachta againn a thaistealóchadh gach
baile mór ar fud Éireann le drámaí Gaedhealacha, mar
tá i mBaile Átha Cliath, ba mhór an cuidiú é leis an
teangaidh a shábháil. An rud adubhradh i dtaoibh an dráma
is ionráidhte é i dtaoibh páipéar nuaidheachta mar i
gcéadna. Is leitheadaighe go mór fada cumhacht an
pháipéir i dtír ina dtig le bunudhas gach duine páipéar
nuaidheachta a léigheadh. Tá eagla orainn nach dtáinig an
t-am go fóill le páipéar laetheamhail a chur amach inár
dteangaidh fhéin againn ina mbéadh iongantais an domhain
thoir agus an domhain thiar le fagháil ag a lucht léighte sé
lá na seachtmhaine. Tiocfaidh sé lá éighinteacht, ach ní
i n-aithghiorracht é. Dá mbíodh an saoghal Gaedhealach mar
ba cheart dó a bheith bhéadh a leithéid againn i láthair na
huaire a bhfuilmid ann.



Támuid i bhfad 'un deiridh i dtaoibh páipéar agus iris-
leabhar i dteangaidh na tíre seo i gcomórtas le muintir
na Breataine Bige thall. Féach a bhfuil aca-san díobhtha
eadar pháipéir laetheamhla, sheachtmhaineamhla agus
mhíosamhla. Go rabh sinne comh fada 'un tosaigh leis an
mhuintir thall sa dóigh seo ní thig linn a rádh a choidhche go
bhfuil an teanga s'againne thar chontabhairt báis.



Saoilidh a lán gurab í an phoilitidheacht tús agus
deireadh gach ruda i saoghal tíre. Bhí cuid mhór daoine i
nÉirinn fhéin a bhí den bharamhail chéadna. Cibé atharrú a
tháinig ar an tír seo ar na bliantaibh deireannacha seo ní
h-í an phoilitidheacht go hiomlán a rinne é. Bhí cumhacht
níos treise ar a chúl 'ná poilitidheacht ar bith. B'í an
Ghaedhealg agus an spiorad a mhuscail sí ar fud Éireann
an chumhacht sin. Ní thug sí ach leath-bealaigh sinn go fóill.
Bhéarfaidh sí iomlán an bhealaigh sinn go cuan na Saoirse
ach Éire Ghaedhealach a bheith ar uachtar, an Éire Ghaedhealach
sin ar briseadh uirthi le linn Eoghain Ruaidh Uí Néill agus
Phádraic Sáirséil.



Niall Mór.


L. 5


MONINNE AN tSLÉIBHE.



Cha mhór nach dtearnadh dearmad agus neam-aird air
an bhán-naoimh oirdheirc seo san tír 'na rugadh í agus ar
oibrigh sí go tréan-dúthrachtach ann; acht is éugsamhalta
an scéul é go leanann a h-ainm do scríntibh ársuidhe in
áiteachaí iargcúlta in Albain agus i Sasain, agus go bhfeil
a seanchas le léigheadh i láimhscríbheannaí agus i leabhraí
móra a gcuid dhe leabharlannaí na hEorpa.



Rugadh Moninne (nó, M'linne, mar tugthar uirthi in
Óirghialaibh) i Magh-Chonaille (Co. Lúghmhaighe), agus bhí sí 'na
beathaidh in aimsir Phádraig. Shíolraigh a h-athair, Mochta, ó
theaghlach Chonuill Chearnaigh, agus bhí a máthair, Coman,
muinnteardhach aige ríghthibh Uladh. Bhí d'réar amháin aici,
Rónan, a fuaidh go hAlbain in aois a óige chun an creideamh
a chraobhscaoileadh 'san tír ud. Deirtear ins na sean-
leabhraí gur “ghabh Moninne an crios” ó Naomh Pádraig
agus gur chuir sí clochar air bun aige Fachairt in aice le
Dún-dealgain. Char bh'fada ann í go dtug sí an toigh sin
do Naomh Bríghid; agus chuir sí faoithi fhéin aige bun an
tsléibhe, san áitigh air a dtugthar Cill-shléibhe anois.



Do bhrígh go raibh sise fhéin de shíol uasal na ríogh, bhí
cumhacht éifeachtach aici i measc na ndaonnaí, agus bhain sí
feidhm a's an chumacht sin chun an creideamh a shíolrughadh
agus a cuid mainistreach fhéin a mhéadughadh. Chuir sé
clochair air bun in Árdmhacha, i Sórd Chuilm Chille, in
Oméith, i Sean-eaglais agus in áiteachaibh eile, 'fhad's bhí sí
fhéin na comhnuidhe i gCill-shléibhe, 'na máthair-abb os a
gcionn uilig.



Acht bhí aon nídh amháin ag cogaint a croidhe i
gcomhnuidhe, agus cha raibh suaimhneas air bith le fághail aici
go dtabharfadh sí iarracht air an creideamh a iomchur 'fhad
leis na daonnaí i Sasain agus in Albain a bhí go fóill 'na
suidhe “i ndorcadas agus i gceó an bháis.” Má bhí sí ag
éirghidh aosta fhéin, bhí neart agus fuinneamh aici go fóill
chun obair a dheanamh air son Dé. Mar rinn an Tréadaidhe
Maith, d'fág sí an “céud acht caora” na déidh, agus
fuaidh sí anonn thar sáile air lorg na caorach boichte a bhí
caillte.



Chuir sí clochar mór air bun aige Burton-on-Trent i
Staffordshire, agus tá a hainm air an teampall gallda
san bhaile sin go fóill. Air bhruac na haibhne, in aice leis
an bhaile seo, tá tobar beannuighthe air a dtugthar
St. Mud's Hole, i., Tobar Mhoduenna. I bhfogus do
Phenridge 'sa chonndae chéudna, tá sean-chill bheag faoí
'na comairc; agus fuarthas an pioctúir dubh-bhán, atá air
thuas air an leathanaigh seo, a's an fhuinneóig mhóir 'san
t-sean-chill ud. Ba mhór an onóir a bheirthí dí san
chomharsnacht uilig ud sul a dtainic an Malairtiughadh
Creidimh i Sasain.



D'fhan sí seacht mbliadhna i Staffordshire, agus, 'na
dhéidh sin, fuaidh sí go hAlbain chun cuairt a thabhairt air a
d'réar a bhí 'na Abb aige Lónfortin a bhfogus do Dhún-
Dée. Chuir sí a lán clochar air bun san tír ud fosda,
agus tá teampaill faoí na comairc go fóill i nDún-
Éadain, i Lónfortin, i nGallghaedhealaibh agus i
gCendtíri.



Fuair sí bás aige Lónfortin in Albain 'sa bhliadhain
517. Tá tasc a báis le fághail aige sna Ceithre Maigistrí:



A.C. 517 — A ceathar décc do Muirceartach. S.
Darerca Cille-Slébhe-Cuilinn dar bainm Moninde
décc 6 Iulu. Naoí fichit bliadhain fod a shaoghail.



Thainic na Sasanaigh a's Burton-on-Trent go Lónfor-
tin chun corp na bán-naoimhe a thabhairt 'na bhaile leóbhtha,
acht cha raibh na hAlbanaigh air a'n fhocal leis sin. Chan
fhuaireadar réidhteac ró-mhaith le n-a chéile, agus thosaig
siad ag troid. Marbhughadh a lán, eadar óg agus aosta.
D'éirigh an stoirm, agus thainic an fhearthainn anuas; agus
char stad an doineann air feadh dhá fhichid lá, nó go raibh na
haibhne ag teacht thar a mbéulaibh agus an tír uilig air
maosadh. “Is fhéarr síothcháin ná síor-bháisleach,” arsa na
hAlbanaigh, nuair a chuir siad fá dtear go raibh an fóghmhar
'ga scriosadh aca; agus leig siad an corp leis na
Sasanaigh. Mar gheall air sin, tá seanfhocal aige Muintir
Oméith agus Muintir Chillshléibhe:



“Má bhíonn sé fheartainn Lá 'le M'linne
Seasfaidh an doineann go Lá 'le Muire.”



Agus tá an seanfhocal eile seo aca fosda:



“Bíonn trí choispeán coiligh air an oidhche
Eadar Lá 'le Eoin Dhúin-dealgan agus Lá 'le
M'linne Chillshléibhe.”



Hiolcadh i mBurton-on-Trent í; agus an Feartlaoidh
a bhí ós cionn a scríne, tá sé le léigheadh go fóill i sean-
láimhscríbhinn 'san British Museum:



Is ionann “terra Conallea” agus Magh Conaille, nó an
Chonntae Lúghmhaighe seo againne.



'San láimhscríbhinn chéudna tá na rudaí eile seo le
fághail:



(a) Dhá amhrán diadha 'na dtabhartar onóir don bhán-
naoimh.



(b An “Beatha” fhada a scriobh Conchubhran.



(c) Gearr-chunntas air an naoimh, agus air na
comharbaí a thainic na déidh i gCill-shléibhe.



(d) Scéul i dtaobh na cloiche móire i gCill-shléibhe air
a luigheadh sí san oidhche.



Taobh 'muigh de'n “bheathaidh” a scriobh Conchubhran, tá
seacht “mbeatha” eile le fághail i leabharlannaí i Sasain
agus i Roinn Eorpa. Comhchuimhnighthear i bFéiliribh agus in
Annalachaibh na hÉireann í fosda. Cuir i gcas, i
bh-“Felire na Naomh n-Érennach” a scríobh an bráthair bocht,
Micheal O'Cléirigh:



Pridie Nonas Iulii — MONINNE, ógh, ó Shliabh
Cuillenn. Cill-tsléibhe ainm a baile ag Sliabh
Cuillenn in Ulltoibh. Do shíol Irel, mic Conuill
Cernaigh dí. Naoí fichit bliadhain a haéis amhail atá
isin rannsa:—



Naoí bhfichit bliadhna malle, do réir riaghla gan
timme,
Gan baos, gan bétt, gan baoghal, ba hé saoghal
Moninne.



Adeir Cuimin Conneire isin dán darab tús “Carais
Patraicc Phuirt Macha,” nar ith sí a saith, acus nachar
ith dinnér. Ag so mar adeir:



Ó do ghabh crios fo a colainn
As iar na fhios adbeirim
Nochar chaith sáith no séire
Moninne Sléibhe Cuilinn.



Agus i bFéilire Oingusso fosda:




Deir Conchubhran go dtugadh a brat, a róin-léine, an
sgiúrsa le 'na gcuireadh sí a corp faoí smacht, agus cuid



(Ar lean. ar leath. a 8.)


L. 6


LEATHANACH NA MÚINTEOIRÍ.



STÁIR — COLM-CILLE. (Air leanmhaint.)



II.



Bhí grádh iongantach mór aige Colm-Cille do léigheann
agus d'fhilidheacht. Acht bhí dúil aige ins an Sríbhinn Diadha
thar ádhbhar léighinn air bith eile. Deirtear ins na sean-
leabhraí gurb é a ghrádh mór seo do léigheann agus don
Scríbhinn Diadha ba bhun le n-a dhíbirt as Éireann.



Bhí leabhraí docrach-gann in Éirinn an t-am sin,
'chionn 's nach raibh ann acht láimhscríbheanna. Ba mhinic a
théidead Colm-cille air feadh na tíre ag cuartughadh
leabhar, agus ba mhinic, fosda, a gheibheadh sé 'eiteach a's
na daonnaí ar leobhtha na láimhscríbheanna. Ba mhaith le
Colm-Cille na leabhraí a ait-scríochadh, 'chór go gcraobh-
scaoilfidhe eolas an chreidim air feadh na tíre; acht bhí
eagal air na daonnaí eile go n-ísleóchthaoí fiudas na
mbun-láimhscríbhinn.



Bhí leabhar luachmhar, nach raibh a mhacsamhail le fághail
in Éirinn, i dtaisgidh í gcill de chuid Fhinnéin Naomhtha, aige
Druim-Fhinn i gCo. Lúghmhaighe. Leabhar na Salm a bhí ann,
agus fuair Colm cead ó Fhinnéin an leabhar a léigheadh.
Cha raibh sé sásta leis sin, agus chuir sé roimhe mac-leabhair
a dheanamh. I rith na hoidhche bhíodh sé ag scríobhadh i
nganfhios d'Fhinnén, dar leis. Chualaidh Finnén an scéul,
acht ma chualaidh fhéin, char leig sé dadamh air go dtí go
bhfuair sé an príomh-leabhar arais.



“Rinn tú mac-leabhair,” arsa Finnén, “agus is liom-
sa fosda é, chionn's nach dtug mé cead duit an leabhar a
aithscríobhadh.”



Cha raibh Colm sásta leis sin, agus d'fhág siad an
cheist aige Diarmuid, rí na Teamhrach.



“Le gach bóin a bóinin
Agus le gach leabhar a leabhairín,”
arsa Diarmuid, agus thug sé an mac-leabhair d'Fhinnén.



Acht air an lá céudna, tarla rud ibhfad níos measa
na an breitheamhnas seo. Thug Colm “Coimrighe na
heaglaise” do mhac ríogh Chonnachta — bhí ceart aige an
choimrighe seo a thabhairt do dhuine air bith. Acht d'orduigh
Diarmuid go stróicfidhe an prionnsa bocht as lámhaibh
Chuilm agus go gcrochfaide air an bhall é. Ba mhór an
náire do Rígh na hÉireann a léitheid a dheanamh.



Nuair a chualaidh Fir Thíre-Conaill agus Fir Thíre
Eoghain na scéala seo, bhí siad air an daoraidh agus d'éirigh
siad chun an easonóir a dhíoghailt. Thainic an dá airm air
a'n iúl aige Cúl Dreimhne, an áit 'na dtugadh cath millteac
agus 'na dearnad casgairt mhór air Dhiarmuid agus air a
mhuintir.



Ba hé Colm ba cionntach leis an ár, agus, ins an chéud
uimhir eile, ársochamuinn goidé bhain dó 'na dhéidh.



CEISTEANNA:



Ar chuir Colm spéis san fhilidheacht?



Cia aca a b'fhéarr leis — an fhilidheacht nó an Scríbhinn
Diadha?



Arbh' fhurus leabhraí fhághail an uair sin?



Gad chuige narbh fhurus?



Ar mhaith le Colm an easbhaidh a fhóirithin?



An dtabharthaoi cead dó na láimhscríbheana a aith-
scríobhadh?



Gad chuige nach dtabharthaoi cead dó?



An raibh Saltair air bith le fághail in Éirinn in aimsir
Chuilm?



Cé'rbh leis í? Gá raibh sí i dtaisce?



Goidé'n chondae 'na bhfeil Druim-Fhinn?



Tais'ean air an léarscáil é?



An dtug Naomh Finnén tamaillt (iasacht) de'n leabhar
do Cholm?



Ar léigh Colm é? An raibh sé sásta leis sin?



Ar shanntuigh sé an leabhar?



An dtug Finnén cead dó an leabhar a aithscríobhadh?



Gad chuige nach dtabharfadh Finnén an cead sin dó?



An ar mhaithe leis fhéin (chum a thairbhe fhéin) a rinn Colm
an mac-leabhair?



Ar ársuigh Colm d'Finnén go raibh sé 'ga scríobhadh?



An i rith na hoidhche nó i rith an lae a bhíodh sé a
scríobhadh?



Gad chuige nach scríobhadh sé i rith an lae?



Arbh léir dó an leabhar 'sa doracas?
(ba léir — bhí léas miorbhailteach ag soillsiughadh air
an leabhar 'fhad's bhí sé ag scríobhadh.)



An raibh fhios aige Finnén go raibh Colm ag scríobhadh?



Gad chuige nar chuir sé stad leis?



Cé shocruigh an cheist eatorra?



An raibh Colm sásta leis an bhreitheamhnas?



Goidé an chiall atá le “coimrighe na heaglaise”?



Cé an duine d'a dtug Colm coimrighe na heaglaise?



Ar bhris Diarmuid an “coimrighe”?



Gá bhfeil Cúildreimhne? Tais'ean air an léarscáil é?



Goidé'n áit 'na raibh Diarmuid 'na chomhnuidhe?



TEIP AGUS SLEAMHNÚ.



Is doiligh an Teip agus an Sleamhnú a sheachaint.
Baineann siad le gach nidh agus le gach duine ó am go
h-am.



Féach ar inneal na traenach nuair 'bhíos sé ag
gluaiseacht amach ó'n stáisiun agus an líne fhada de chóistí
'na dhéidh. Cluinfidh tú ar dtús cupla “puf” breagha
láidre. Annsin cluinfidh tú a lán de “phufanna” goiride
gasta as, agus bainfidh na roithnil splancann as an bhóthar
iarainn agus iad ag sleamhnú thart. Sin an Teip beag.
Tar éis tamaillín — nuair a bhíos an traen ar fad faoi lán
t-seol — béidh na “pufanna” go réidh rialta láidir aríst.
In a dhéidh sin cha bhíonn aon tsleamhnú le feiceal ann.
Cibé sleamhnú bhíos ann is ar an taobh astoigh bíonn sé agus
ní fheicthear é.



Bíonn an Sleamhnú sin — an Teip beag sin — ag an
duine chomh maith, tráthanna. An té go mbíonn dúil na
buaidhe aige i gcomhnuidhe agus nach gcuimhigheann go
mbíonn an teip ann bíonn díombaidh air go minic.



An fear óg a shaoileas go dtig leis dreaporacht go
barr-mhullach a chéirde gan sleamhnú beag éigin a dheanamh
ní chuimhnigheann sé ar an Teip a bhíos ann. Agus toisg nach
n-eirigheann leis go furusta réidh tar éis bliadhna no dhó
bíonn iontas air a laighead bhíos déanta aige.



Acht an té go bhfuil eolas a ghnaithe aige ar fheabhas
tuigeann sé an Sleamhnú beag agus an Teip — agus bíonn
sé réidh 'na gcóir. Ní bhíonn sé ag súil leis an bhuaidh in
gach cluithche d'a n-imrigheann sé. Is é a chuid eolais ar an
Teip a chuireas air a chuid airgid bheith i dtaisce aige, agus
cuid stóir, thar an méad ghníos gnaithe dó i lathair na
h-uaire.



— An t-am go mbíonn an gnaithe go maith aige cha
dtéanann sé dearmud ar am éigin le teacht nuair nach
mbéidh sé chomh maith. Acht ní thig an chiall roimh an aois,
agus ní thuigeann an óige an Sleamhnú beag agus an Teip.



Má theipeann ar an sgríobhnóir óg an chéad sgéal a
dhíol le fear eagair bheir sé dí-mhisneach dó, agus cha mhór
ná go n-eirigheann sé as an sgríobhnóracht ar fad.



Má theipeann, uair, ar an fhear ghnaithe ceannach
tairbheach a dheanamh cha dtugann sé sin aon dí-mhisneach dó.
Is amhlaidh brostuigheann sé é chun ceannach eile a dheanamh.
Tuigeann sé go mbíonn an Teip ann.



Ionann an Teip do'n óige agus an Sleamhnú do'n
traen ar a ghluaiseacht amach ó'n stáisiun. Acht an uair
'bhíos an traen faoi lán t-seol — an uair 'bhíos an fear óg
tuigsionach go leor faoi'n Teip bheag — ní bhaineann sé d'a
mhisneach.



Cuid eolais a bheith ag an duine ar an Sleamhnú agus
ar an Teip a bhaineas le gach gnaithe agus ní bainfear d'a
chuid mhisnigh



“CÚ CHULAINN.”



LEABHAIR GAEDHILGE.



Má theastuigheann leabhar ar bith uait, nó eolus
i dtaoibh leabhair, cuir nóta ag triall ar
MÁIRE NÍ RAGHALLAIGH,
87, Sráid Uach. na Driseóige,
i mBaile Átha Cliath.


L. 7


I dTIR NA hOIGE.



AN TARBHÁN BREAC.



(Innsint Óirghiallach.)



Bhí bean ann, a'n uair amháin a raibh mac amháin aici.
D'éug sí, agus cha raibh a'n dadamh aici le tabhairt don
mhac acht tarbhán breac. Lá d'a raibh an buachaill ag obair
amuigh ins an pháirc, arsa'n tarbhán breac leis:



“Tá tú corrtha anois; téidh suas air mo dhruim.”



Fuaidh sé suas air dhruim an tarbháin bhric, agus shiubhal
siad go raibh an oidhche ag druidim leobhtha. Arsa'n tarbhán
breac, “Is fhéarr dúinn dul isteach 'sa' choillidh seo. Tá
ocras ort anois, acht bain an aodharc (adharc) dheas díom,
agus rud air bith atá uait fó do shuipéar, gheobhaidh tú
annsoin é.”



Nuair a chualaidh an buachaill sin, rug sé air an
aodhairc agus bhain sé de'n tarbhán í. Chuir sé síos air an
talamh í agus fuair sé gach uile rud eadar biadh agus
deoch. D'ith sé agus d'ól sé a sháith.



“B'féarr duid dul suas 'na' chrainn ud,” arsa'n
tarbhán breac, “agus dul 'do chodhladh. B'fhéadfaidhe nach
mbéidh mise beo air maidin.”



Fuaidh an buachaill suas 'na chrainn agus char bhfada
go raibh sé na chodhladh.



AN TARBH MÓR.



Tuairim 'sa dhá bhuille dhéag 'san oidhche thainic tarbh
mór amach a's an choillidh agus bhí sé ag srannfaidhe agus
ag búirfidhe agus ag tarraingt aníos an fhéir le n-a dhá
aodhairc. Thosaigh an tarbhán breac agus an tarbh mór a'
troid, agus nuair a thainic an lá, chuir an tarbhan breac a
dhá aodhairc isteach 'san tarbh mhór agus leig sé amach a
phutóga. Cha mhór nar bhris an buachaill a chnámha ag teacht
anuas a's an chrann dó; agus thug sé giobal amach a's
a phóca agus thriomluigh (thiormuigh) sé an tarbhán breac
uilig thart.



“Bain an aodharc díom anois, agus gheobhaidh tú do
bhricfeasta,” arsa'n tarbhán breac.



Bhain sé amach an aodharc, fuair sé an biadh agus an
deoch, agus d'ól sé agus d'ith sé a sháith. D'imthigh siad
air siubhal a's an choillidh, agus nuair a thainic an oidhche
aríst, fuaidh siad isteach i gcoillidh mhóir eile. Bhain sé an
aodharc a's an tarbhán breac agus chuir sé síos air an
talamh é.



“Ith do sháith anocht,” arsa'n tarbhán breac, “b'fhéad-
faidhe nach mbéidh mise beo air maidin.” Fuair sé a sháith,
agus fuaidh sé fá chomhnuidhe ins an chrann.



BÁS AN TARBHÁIN BHRIC.



Tuairim's a dhá bhuille dhéug 'san oidhche, thainic tarbh
mór amach a's an choillidh. Bhí sé ag srannfaidhe agus ag
búirfidhe agus ag tarraingt aníos an fhéir le n-a dhá
aodhairc. Thosaigh siad ag troid, agus nuair a bhí an lá ag
teacht, bhí an tarbh mór ag éirghidh ro-laidir don tarbhán
breac. Chuir an tarbh mór a dhá aodhairc isteach 'san
tarbhán breac agus leig sé a phutóga amach.



Thainic an buachaill bocht anuas a's an chrann agus bhí
brón mór air 'chionn 's go raibh an tarbhán breac ag fághail
bháis.



“Eist anois,” arsa'n tarbhán breac, “leis an rud
atá mé ag innsighe duid. Nuair a bheas mé marbh, bain an
craiceann díom, agus an aodharc dheas fosda. Bhéarfaidh
tú ‘Tóbaidhe Taithdal’ mar ainm don chraiceann, agus an
‘Claidheamh Soluis’ ar an aodhairc.”



D'éug an tarbhán breac 'na dhéidh sin, agus bhí brón
agus buaidhreadh air an bhuachaill. Char mhaith leis an
craiceann a bhaint de'n tarbhán, mar gheall air an
chinealtas a fuair sé uaidh. Chuir sé an Claidheamh Soluis
'na phóca agus d'imthigh sé leis. Acht nuair a smaoinigh sé
air an chomhairle a thug an tarbhán dó, thainic sé thar n-ais
go dtí an áit 'na raibh sé na luighe, agus bhain
sé an craiceann de'n bholg agus de'n druim.



AN TRIÚR FATHACH.



Fuaidh sé a siubhal air an bhothar go dtí gur casadh fear
uasal air.



“Tá mé ag cuartughadh buachalla,” arsa'n fear uasal,
“gá bhfeil tú ag dul?”



“Tá mise ag cuartughadh oibre,” arsa'n buachaill.



“Goidé thigidh leat a dheanamh?”



“Cha dtigidh liom a'n dadamh a dheanamh acht
buachailleacht, acht teana (deanfaidh) mé sin air fheabhas.”



“Is tusa an fear atá uaim,” arsa'n fear uasal. “Cha
raibh buachaill agam le seacht mbliadhain nar marbhadh orm
é. Tá triúr fathac 'na gcomhnuidhe air aon teórainn le
mo chuid talmhain agus bíonn siad ag iarraidh mo chuid
eallaigh a mhealladh isteach thar an teórainn chuca. Rud
air bith a théidheas isteach chuca, cha dtigid liom a bhaint
díobhtha aríst.”



Rug an fear uasal abhaile é, agus maidin lá 's na
bharach, thug sé na ba leis, ag buachailleacht. Bhí balla
mór eadar talamh na bhfathac agus talamh an fhir uasail.
Leag sé an balla uilig go léir síos, gus thiomáin sé na
bá isteach 'na gharraidhe, 'na raibh ubhla deasa dearga.
Fuaidh (chuaidh) sé fhéin suas 'na chrainn agus bhí sé ag
tligint sios na n-ubhall chuige sna buaibh.



AN CHÉUD FHATHACH.



Cha raibh sé i bhfad annsoin go dtainic fathac mór amach.



“Tar anuas a's sin chugam-sa,” arsa'n fatach.



“B'fhéadfaidhe gur ró-ghasda a thiocfainn anuas,”
arsa'n buachaill.



“A'mur dtiocfaidh tú gan fuireachas, tairngeochaidh
mé an crann as na fréumhaibh.”



Is gairm sin a fuair freagra. Cha mhór nar
bhris an buachaill a chnamha ag teacht anuas
i gcoinne an fhathaigh. Thosaigh siad ag troid. Bhí an fathach
ró-laidir don bhuachaill, acht smaoinigh sé ar chomhairle an
tarbháin bhric. Sgairt sé air Thóbaidhe Taithdal, agus léim
Tóbaidhe amach a's a phóca agus cheangal sé an fathach chomh
cruaidh sin nach raibh cor a's. Ba laidre neart an tarbháin
mhairbh na neart an fhathaigh bheó. In a dhéidh sin, scairt sé
air an Chlaidheamh Soluis agus thlig sé an cionn de'n
fhathach. Chuir sé naoí n-iomaire agus naoí n-eitrinn é leis
an bhuille ud. Tharraing sé leis an cholann, agus rinn sé
draicheadh thar an abhainn de.



Nuair a thiomáin sé na ba a bhaile ins an choinfheascar,
bhí lúthgháir mhór orra é a fheiceáil aríst, agus bhí an oir'd
(oiread) sin bainne aige sna buaibh nach raibh go leór
soightheach sa toigh, agus b'éigean dóbhtha soighthighe úra a
dheanamh. Bhí triúr nighean ag an fhear uasal, agus nigh
siad créachta an bhuachalla, agus, 'na dhéidh sin, rinn siad
réidh a shuipéur.



Thainic an fear uasal isteach a's an bhuaile:



“Leigead na fathaigh tri gártha gach oidhche eile, acht
char chualaidh mé acht dhá gháir anocht.”



“B'fhéadhfaidhe go bhfeil siad tinn,” arsa'n buachaill.



AN DARA FATHACH.



Maidin lá'r na bhárach, d'éirigh an buachaill agus
thiomain sé na ba roimhe go dtainig sé thart le garraidhe
a bhí i bhfad níos deise ná'n áitigh 'na raibh sé an chéud lá.
Leag sé síos an balla agus thiomáin sé na ba isteach.
Fuaidh sé fhéin suas 'na chrainn agus thosaigh sé ag tligint
na n-ubhall síos chuige sna buaibh.



Char bhfada go dtainic fathach amach agus dhá chionn air.



“Mharbh tú mo dh'réar indé, acht béidh mise cúiteach
leat indiu,” arsa'n fathach. Sgairt an buachaill air
Thóbaidhe Taithdal, agus léim Tóbaidhe amach agus cheangal
sé an fathach chomh cruaidh sin nach raibh cor a's. Thainic an
buachaill anuas a's an chrann, tharraing sé amach an
Claidheamh Soluis agus thlig sé an dá chionn a's an fhathach.
Chuir sé naoí n-iomaire agus naoí n-eitrinn iad leis an
bhuille sin. Tharraing sé leis an cholann agus rinn sé
draichead eile thar an abhainn de.



Nuair a bhleagh na cailíní na ba an coinfheascar ud,
bhí i bhfad ní b'mhó bainne aca na bhí, an coinfheascar roimhe
leis sin. Cha raibh mias nó canna fó'n toigh nach raibh
líonta, agus b'éigean dóbhtha soighthighe úra a dheanamh
aríst.



“Char chualaidh mé anocht acht a'n gháir amháin,” arsa'n
fear uasal nuair a thainic sé isteach.



AN TREAS FHATHACH.



Maidin lá'r na bhárach, fuaidh an buachaill amach aríst,
agus thiomáin sé na ba 'fhad le doras na cúirte. Thainic
an treas fhathach amach, an fear a ba shine aca.



Tar annseo, a chneamhaire,” arsa seisean, “go
muir'fidh mé thú. Mharbh tú mo bheirt dh'réar, acht ma tá
fhéin, tá lá a' chúitighthe ann indiu.”



(Ar lean. ar leath. a 8.)


L. 8


A REFERENCE SUMMARY OF THE BOOKS OF THE
DUNDALGAN PRESS, DUNDALK.



Please keep for reference. Full catalogue on application.



SCHOOL READERS.



Cuchulainn Series. Book I. 3d.



Cuchulainn Series. Book II. 4d.



Cuchulainn Series. Book III. 7d.



GAEL OG AR SGOIL. Part I. 4d.
(Mion-tús léighinn)



GAEL OG AR SGOIL. Part II. 5d.
(Coiscéim ar aghaidh)



TÚS MAITH,
by B. O'Keeney 6d.



AN SCOLAIRE,
Part I. 3d. Part II. 4d.



MION ORDUIGHTHE NA SGOILE
(School Orders and Directions.) 6d.



CAD É SIN?



RANNTA NAOIDHEANÁN —



SÉ AMHRÁIN NA hÉIREANN,
Tonic Solfa. 3d.



NOVELS.



CAISLEÁIN ÓIR, by “Maire.”




MÉ FÉIN, by Seaghan Mac Menamin.



(In the press.)



BOOKS.



MO DHÁ RÓISÍN 2s. 6ph.



OIDHCHE ÁIRNEÁIL 2s. 6ph.



AN DOCHARTACH 2s.



SGÉALTA GOIRIDE GEIMHRÍDH 2s.



CÓMHRADH COIS TEINEADH Scilling



FÁIRE PHAIDÍ MHÓIR 2s. 6ph.



AN SEANCHAIDHE,
Ulster and Munster Editions 7d.



BRUIDHEAN CHAORTHAINN,
Ulster Version. 2s. 6d.



DAOINE BEAGA AGUS
DAOINE MÓRA 6ph.



AN MHÁTHAIR 2s. 6ph.



CEÓL NA nÉAN 1s. 6ph.



MAIGHDEAN AN tSOLUIS,
Parts I. and II. each 9d.



TROID BHAILE AN DROICHID Scilling



CAINNT CHOITCHEANNTA 1s. 6ph.



FIR MÓRA NA hÉIREANN.



MONINNE AN tSLÉIBHE.



(Ar lean. ó leath. a 5.)



d'a hiarsmaí eile arais go Cill-shléibhe, agus go raibh siad
ann le n-a linn fhéin (A.C. 1100). Chan fheil le féiceáil i
gCill-shléibhe anois acht leacracha agus fothracha an tsean-
teampaill, acht bhí scoil chliumhail ann ó aimsir Mhoninne
nó gur claochlughadh an clochar le linn an Chéud Shéumais
(A.C. 1605). Acht cothuighthear a cliú agus a cuimhne aige
Muintir Óméith agus Muintir Chill-shléibhe go dtí an lá
seo. Fear a's Óméith a bhí i gcruadal amuigh air an
fhairrge a rinn an Phaidir seo:



A Bhríghid mhín i bhFachairt
A Mhlinne i gCill-shléibhe
A Bhrónaigh i mBaile na Cille
Go dtugaidh sibh slán mé go hÉirinn.



In aimsir na bpéin-dlíghthe, chruinnigheadh na daoine
a's gach uile áird thart timceall na sean-áite chun an
“Pátrún” a choimhéad. Do léightí an t-Aifreann go moch
ar maidin, agus na dhéidh sin, bhíodh lá mór spóirse agus
cuideachta aige sna daonnaí uilig, eadar óg agus aosda.
Corr a's céud bliadhain ó shoin, thainic na saighdiúiri
gallda amach a's an Iubhar, scab siad na daoine agus
mharbhaigh a lán aca. Leag siad ballaí an tsean-teampaill
agus chuir siad an Pátrún air lár. Tá leagan de'n amhrán,
a rinneadh don chor ud, i gcló i g“Ceolta Óméith.”



Cha raibh a'n ghoir agam annseo acht gearr-chunntas a
thabhairt fa dtaobh de'n bhán-naoimh oirdheirc. B'fhurus
leabhraí a scríobhadh 'na taobh, acht d'á laighead d'á n-abradh
san ghearr-chunntas seo, b'fhéadfaidhe go dtabharfar
tuairim goidé an mór-mheas a bhí uirthi in Éirinn agus i
dtíorthaí eile, tá fad ó shoin. Éinne a bhfeil tuilleadh
eolais uaidh, b'fhiú dó an leabhar a scríobh Espositó a
léigheadh; sin agus an t-alt fiudach a scríobh sagart d'Ord
N. Doimnic san uimhir seo thart d'Irisleabhar Seandachta
Chonntae Lúghmhaighe. MUIREADHACH MÉITH.



I dTIR NA hOIGE.



(Ar lean. ó leath. a 7.)



Thosaigh an bheirt a' troid agus bhí an fathach ag éirghidh
ró-laidir don bhuachaill. Sgairt sé air Thóbaidhe aríst,
agus léim Tóbaidhe amach a's a phóca agus cheangal sé an
fathach chomh chruaidh sin go raibh a dhá shúil 'gha síneadh amach
a's a chionn. Bhuail an buachaill an cionn de, agus rinn
sé draichead eile de'n cholainn.



Nuair a thainic na ba abhaile an coinfheascar ud, chlis
air na cúparaí a sáith soightheach a dheanamh agus b'éigean
dos na cailíní an bainne a dhrigeadh (bhleaghaint) isteach 'sa
talamh.



Char cualathas gáir air bith an oidhche ud, agus chun an
scéul a aithghiorrad, thug an fear uasal a chaisleán fhéin
don bhuachaill agus an nighean a b'fhéarr leis. Posadh iad
agus bí bainis mhór acu. Lá na bainnse, bhí siad ag dul
thart ag amharc air na garraidhthe agus air na colna a bhí
thar an abhainn. Fuaidh siad isteach chuige cúirt na bhfathach,
agus chuir siad iongantas mór 'na bhfaca siad d'ór agus
d'airgead agus d'urradh agus de thrusgar.



Bhí bairille óir ann, agus nuair a chuir an buachaill a
lámh síos ins an bhairille, léim cat mór dubh amach agus
chuir sé a dhá chrobh thart fá mhuineal an bhuachalla. Char mhór
nar tachtad é sul a smaoinigh sé air chomhairle an tarbháin
bhric. Sgairt sé air an Chlaidheamh Soluis arist agus thlig
sé an cionn de'n chat. Chruinnigh siad a raibh dhe shaidhbhreas
amuigh 'sastoigh agus thug siad leobhtha 'na bhaile é, agus
bhí siad uilig sonasach 'na dhéidh sin.



Sin deireadh mo sgéil-sa a bhain do mo mhuintir fhéin
i bhfogus do dhorus an toighe nar tógadh mé.



Foillseóchthar “An t-ULTACH” an chéad lá de ghach mí.



LUACH: 2ph.: nó 3ph thríd an phost.



Sínteanas bliadhantamhail (airgead roimh ré) leis an
pháipéar a fhagháil thríd an phost, 3s.



Clódhbhualadh le h-aghaidh na seilbhtheoirí ag Oifig “Scriúduightheoir Dhúin Dealgan,” i nDún Dealgan.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services