Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Lá Fheil' Pádraig na bhFeart. 1924
Title
Lá Fheil' Pádraig na bhFeart. 1924
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1924
Publisher
Comhaltas Uladh
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN t-ULTACH PÁIPÉAR MÍOSAMHAIL FA CHOINNE GAEDHEAL TUAISCEART EIREANN. Uiml. 1. Uimhir 3. LÁ FHEIL' PÁDRAIG NA bhFEART. 1924. Luach Dhá Phighinn. AN t-ULTACH. Árus Chonnradh na Gaedhilge, 5, Plás na Trágha, Dún Dealgan. Foillseóchthar “An t-ULTACH” an chéad lá de ghach mí. LUACH: 2ph.; nó 3ph thríd an phost. Sínteanas bliadhantamhail (airgead roimh ré) leis an pháipéar a fhagháil thríd an phost, 3s. Leitreacha: Gach leitir a bhfuil baint aici le gnaithe an pháipéir seo, cuirtear chuig an bhainisteóir í; Gach leitir a bhfuil baint aici le h-Eagarthóireacht an pháipéir seo, scríobhthar chuig an Eagarthóir í. TEAMPALL CHONCHUBHAIR. Is iomdha fearthainn agus fuacht Is stuirm chuain do chuiris díot, Ó tiodhlacadh thú ar dtús Do Righ na nDúl mar thigheas. — Seán Ua Coileáin. Tchíthear damh féin go bhfuil cuma ar chuid cladach Thír Chonaill, go bhfuil siad níos sine 'ná áit ar bith eile dá bhfaca mé ariamh. Thig dreach na h-óige ar chuid fearann féarmhar na tíre nuair a thig an t-Earrach, acht ní thógann Earrach ná Samhradh an ghruaim de na creagachaibh breacha, de na cladaigh dhubha, ná de na méiltibh loma gainimh atá i dTír Chonaill Thiar. Tá a shliocht ortha, tá stair agus seanchas fá na sean- chreagachaibh céadna. Sean-seanchas ársaidhe uasal atá ann mar bhéadh fiannuidheacht ann, atá ag cur le gnúis chaithte na tíre. An chéad Shamhradh a bhí mé anns na Rosaibh d'innis seanduine sgéal damh a thaitin go mór liom. Tráthnóna amháin bhí mé thíos fá Thobar an Chonnaigh ag amharc ar an tsean teampall. Sin féin an áit ar fiú amharc oirthi. Tá léana beag glas ar bhruach an chladaigh, agus an tsean- bhallóg 'na seasamh air; an fhairrge mhór amach uadh go fíor- ghlinnte an aéir. Uaigneas, aois, agus farsaingeach! Bhí gléas tarraingt pioctúireach liom, agus nuair a chaith mé tamall ag amharc ar an teampall, tharraing mé a phioctúir. Bhí an luthgháir orm, go rabh a léitheid agam le teisbeáint do mo cháirde nuair a rachainn 'na bhaile go Béal Feirsde. Bhailigh mé liom mo chuid gléasraí annsin agus d'imthigh mé siar an cladach. Chonnaic mé seanduine ag tarraingt orm agus a cholann dubh eadar mé agus léas. Thainig sé go dtí mé, bheannuigh muid de chéile, agus chuaidh muid chun cómhráidh. Ní rabh mórán aithne aige orm, ná mar dubhairt mé cheana féin, ba é an chéad shamhradh damh a bheith thíos é. Ní rabh fhios ag na daoinibh c'ainm a bhí orm an t-am sin. Acht tá a fhios ag an tsaoghal anois é. Mac Seamsaigh Bhéal Feirsde a bheir siad orm, agus i n-amannaibh Mac Seamsaigh Néill Mhóir — siocair mé a bheith ar ceathramhain 'toigh Néill Mhóir. “Nach deas an teampall é?” arsa mé féin. “Maise ní'l fhios agam goidé deas a tchí tú ann,” arsa Roibín Chonaill Óig. “An gcualaidh tú ariamh goidé mar rinneadh é?” arsa Roibín. “Ní chualaidh, maise,” arsa mé féin. Shuidh Roibín ar chlaidhe fód os mo choinne. Bhí an solus ag cur dath ann a shean-leiceann. Taobh thiar de, bhí mé ag coimheád ar an lán mhara ghlas ar crith, agus an ghrian ag gabhail síos i n-aice na tuinne. “Bhí fear 'na chómhnaidhe anns an áit seo,” arsa Roibín, “fad ó shoin. Fear tábhachtach bláthmhar a bhí ann, a bhí comh h-ionraice agus go dtug na comharsanaí Conchubhar Cneasta air. Ní rabh aige acht é féin agus a mhac, agus bhí siad go seascair: taobh tíre de thalamh aca agus teach maith fiúntach. “Thainig droch bhliadhain agus bhí cuid mhór daoiní ar an anás. Má bhí féin, is iomdha déirce a rinne Conchubhar Cneasta agus a mhac ortha. Acht is doiligh a dhul de na daoinibh, agus indiaidh comh fial agus bhí siad, bhithear ag goid uatha. Oidhche amháin, arsa Conchubhar le na mhac: ‘Tá mo chuid préataí ag imtheacht as an sciobál; tá mé ag dul amach anocht a choimheád go bhfeicidh mé an rachaidh agam greim a fhágháil ar an ghadaidhe.’ “Chuaidh. Eadar sin agus maidín, nuair a b'fhada leis an mhac a bhí sé gan sgéala a fhágháil as an sciobál, d'éirigh sé agus chuaidh sé amach. Fuair sé an seanduine gránna 'na luighe ag saothrughadh an bháis. Thainig an gadaidhe, agus nuair a chonnaic sé gur h-aithniughadh é, bheir sé ar fhorc agus sháith sé i gConchubhar go bun na mbionglán í. “Thoisigh Conchubhar Óg a chaoineadh agus a fhiafruigh de'n athair cé a chuir 'sa chluiche sin é. Ní innseochadh sé dó an chead uair é. Acht fá dheireadh, d'innis sé ainm an ghadaidhe dó, ar shéala gan é trácht air le duine ar bith go bhfuaradh an bás a bhéal. “Tugadh an sagart chuig Conchubhar Cneasta agus ní mó ná gur bheir sé beo air. Nuair a fuair sé bás rinneadh é a fhaire go fiúntach, agus cuireadh anns an roilig é ag cnámhaibh a mhuinntir. “Chuaidh seacht mbliadhna thart. Níor thrácht Conchubhar Óg le'n duine ariamh ar an ghadaidhe. Níor bhfada gur imthigh 'acha'n seort mí-rath ar an ghadaidhe. Fuair sé féin bás, agus d'fhág sé bean agus díleachta na dhiaidh. Chuaidh an bhean rud beag ar seachrán san inchinn, eadar bhuaidhreadh an tsaoghail agus an bhoichtíneacht, agus 'acha'n chinéal leis an chinéal eile. Ba é an deireadh a bhí oirthí go mb'éigean daoithe an dorus a tharraingt amach 'na diaidh agus a dhul a chruinniughadh a codach. “Lá amháin Earraigh bhí Conchubhar Óg na 'shuidhe anns an sciobál ag scoilteadh póir, agus cé thainig isteach acht bean an ghadaidhe. Chaith sé gráinín préataí chuicí, agus d'imthigh sí. Acht goidé a rinne an tachrán acht cromadh a gh-ámhailligh ar na préataí a bhí ar an urlar, agus ní rabh oiread de stuaim ag an mháthair agus gur chruithnigh sí é. Bhí Conchubhar tamall fada ag coimheádh air, agus is cosamhail sa deireadh gur spreag an diabhal é. Bheir sé an spáid agus rinne sé leircín de'n tachrán ar bhun an urláir. “Nuair a bhí an gníomh déanta, bhuail an t-aithreachas Conchubhar agus bhuail an eagla é. Thug sé leis corp an leinbh agus chuir sé é eadar an tuighe agus na scrathaibh os chionn fhuinneóig' a cistinighe. Chuaidh cuartughadh ar an leanbh, acht ní rabh sé le fágháil thall ná i bhfos. “Chuaidh seacht mbliadhna eile thart, agus lá tuairisge ní fuaras fá'n leanbh, go dtí lá amháin a bhí an sagart ag léigheadh aifrinn 'toigh Chonchubhair Óig. Bhí an altóir ag an (Ar lean. ar leath. a 5.)
GIOLLA NA n-EARRMHÚINTE “Suidh síos a bhitheamhnaigh! Níl beo ort muna bhfuil tú a cur dílse millte faoi rud ínteacht. Gabh aníos 'na clúide annseo agus ma choruigheann tú súil béal no bonn go h-am codalta anocht, bhéarfaidh mise 'n rud atá tuillte agat dhuit.” “Arú, dheaidí mhóir, ar ndóiche níl mé déanamh dadaí ort-sa anois, agus nach bhfuil mé marbh sa chlúid agat ó mhaidin go f'oidhche.” “Tá go dearbhtha marbh sa chlúid! Ó! a Bhriain na gcoinneal, ba doiligh sin tusa a choinneal sa chlúid, tá oiread earrmhúintí agus mion-chneamhaireacht ann do cheithre cnámha agus a bhí anns an t-seachtar mac a thóg mé ar m'urlár agus ní bréag ar bith sin. 'Níos annseo leat agus leig do'n chat, na ní bhéidh sé ar a shon sin agat; dar a leabhra nuair a thiocfas d'athair agus do mháthair a bhaile dhéanfaidh mise 'n chasaoid bhuidhe ort (agus dar a leabhra eile, mar' athruigh siad go mór, ní bhéidh moran agam ar a son sin).” Tháinig Giolla na n-Earrmhúinte aníos leath- fhaillightheach go maith agus shuidh sa chlúid agus leóga fhéine níor da dheóin a leath. Níor bhréag Giolla na n-Earrmhúinte air, na ní théigheadh trághlacht air ó mhaidin go neóin ach a déanamh rud ínteacht as a bhealach. B'amhlaidh a bhí sé nuair a cuireadh 'n bagar seo thuas air, agus cat mór brocach crochta ar lorg a rubaill aige os cionn tuban uisge, agus chuirfeadh 'n sgeamhlach a bhí ar an bheitheadhach bhocht sin crádh croidhe, déistean fiacal, agus clár ar chluasa' 'ach duine beo ach Seáinín fhéin, agus sé'n rud a bhí seisean a preabadaigh le h-aoibhneas agus a cur cárannaigh ar éadan agus é ar a theann dithchill a sgeamhlaigh ag aithris ar an chat. Ba é Seáinín Giolla na n-Earrmhúinte. Sumachan de ghasúr bheag bheathuighste i gcionn a naoi mbliadhan a bhí fá'n taca seo; aon mhac amháin muinntire agus éan gan moran comhairle daríribh. Bhí bród agus aoibhneas an domhain ar 'athair fo dtaoibh de ná dubhairt 'ach duine go rabh an dís comh cosamhail le chéile le dhá sgadan; agus i dtaca le n-a mháthair dó, shaoil sise nach rabh a leithid dh'aingeal le fághail ar dhruim a domhain, agus ma bhí sé millte agus 'n-a pheata gan chomhairle is í a rinn' leis. Bhí sé comh cúramach aicí leis an t-súil a bhí ann a ceann, bhéarfadh fuil a croidhe dhó sul ma bhfeiceadh sí digh na díoghbhail ar bith air, agus dhéanfadh rud ar bith ar a domhan le n-a shásamh. Creidim nár bh'íonadh sin, ná is íontach grádh agus cion na máthra ar a páiste fhéin, ach níl an mháthair sin a déanamh mar is cóir a bheir barraidheacht réum do'n pháiste as ucht an cheana atá aicí air. Fuair Seáinín bocht réum go leor a dtús a shaoghail agus d'fhág sin é fhéin earrmhúinteach cleasach agus i bhpluc an amhgair go minic. Má bhí sé mar seo fhéin, ní gasúr é a rabh dí-mheas aige ar athair nó ar a mháthair; bhéadh sin a n-aghaidhe na nádúire ó bhí siadsan co h-an — chionamhail air, ach na dhiaidh sin ní dhéanfadh sé i gcomhnaidhe 'ach nidh ar a gcomhairle. Mar mbéadh ann do chorp ach a'n gháire amháin bhainfidhe asat é, dá bhfeictheá an mháthair bhocht i ndiaidh Sheáinín lá agus slaitín leithe le n-a bhualadh, má b'fhíor, an áit ar ghoid sé a baineid úr Dhómhnaigh as a chórtha a dh'iomchar clábair inntí le cuidiughadh le n-a chomráda Micheal Sheáin teach a dhéanadh sa gharraidh i gcúl a toighe. Is iomaidh cleas de'n t-seórt seo a d'imir sé oirthi agus ar dhaoine nárbh í. Cibé cuing na smacht a bhí ag duine ar bith ar Seáinín is ag n-'athair mór a bhí sé, agus ba mhinice i bhfad a bhagruigheadh seisean fhéin na bhuaileadh sé agus ba ghoirid go dtearn Seáinín neamh-íontas de ghlórthai'-san fosta agus go dtéarn cíor thuaithbeal i gceart dó. Níorbh é sin a chomaoin ná bhí cion ar leith ag an tseanduine air, agus bhí i n-a chionn an mhaith dó, agus ó bhí sé i n-innibh siubhal igceart go dtí n-aois a rabh sé anois ann níor mhairg dó bheith faoi chúram athar móir. Acht mo Sheáinín bocht, caidé'n chiall a bhí aige ach an chiall cheadna a bhí againn uilig nuair a bhíomar ann aois, agus dá olcas is mar bhí sé, rinn leath-smulcaigh agus sean ghasraí an bhaile naoi n-uaire ní ba mheasa é. B'iadsan a chuir suas é le dhul a bhaboireacht ar athair mór, a d'innis dó caidé mar bhainfeadh sé a míopú as Anna Eóin an sean chailín a bhí sa chomharsantacht aige, a thug dúdóg dó le go bhfuair sé blas ar an phíopa agus a d'fhoghluim na rannta dhó, a bhí na mbun mírinn agus mío- shuaimhnis ar feadh na mblianta. Bhí mo dhuine bocht gan choir agus shaoil go rabh go bréagh ach sult agus greann a dhéanamh do chuid comrádaíní. Bhí sean bhuachaill, Seán Úna, i n-a chomhnaidhe sa chomharsantacht ag Seáinín agus duine an-éadtrom sa ghráinín a bhí ann. Ní rabh moran aoise ag Seáinín nuair a d'fhoghluim na sean ghasraí rann dó a bhí fhios aca a chuirfeadh corrghail ar Sheán. Nuair a chruinnigheadh na sean smulcaigh seo le chéile tráthnóna i ndiaidh am scoile, no Dia Sathairn nuair nach mbíodh buaidhreadh scoile ortha agus nuair a bhíodh 'ach aon chineal eile cleasuidheachta sáruighthe ortha, chuirtí Seáinín bocht i n-aghaidhe na bpiolár fhad le teach Sheáin Úna no go ndéaradh sé an rann seo ann agus go bhfághadh siad Sean bocht i n-a ndiaidh. Ní thug eagla na uathbhas ariamh ar Sheáinín locughadh ar an teachtaireacht seo agus ní bhaineadh sé méar dá shróin na go gcuireadh sé a cheann isteach ar dhoras Sheáin agus go dtúsuigheadh:— “Mise Seán Ua Gadhra mise Seán a mhála Coigeallach gan náire mo bhacach fríd a tír Muna bhfághaidh mé min ar scála, sin a's mias mhaith bhláithche Feannfaidh mé mur gcnámha má d'fheann mé duine 'riamh.” Dar a leóga ní h-é beannacht Dé no Mhuire, Cré na n-Aspal no Fáilte 'n Aingil a theidheadh a gclupaidí Sheáinín ar fhágail an dorais dó ach is minice i bhfad a bhíodh a shean léim le tabhairt san aer aige, leis an mhaide bhriste no fód dearg ó'n teinidh a sheachnadh ar a theitheadh dó. Mo dhuine bocht is iomaidh cor bealuigh a bhí aige le cur ar fhéin ariamh, dá bharr a chuid iomlata agus earrmhúintí agus is iomaidh gríosail mhaith a thabhuigh sé dó fhéin fosta ach mar sin fhéin ba tapaidh uaidh dearmad a dhéanamh de sin nuair a thigeadh mian na h-iomlata fríd. (Tuilleadh le teacht.) P. Mh. S. DRAOI-LUS. Oidhche fhuar anróiteach a bhí ann, cupla lá roimh an Nodlaig. Bhí sráideanna na cathrach dubh le daoine, fir agus mná ag dul 'na bhaile agus gnoithe an lae críochnuithe acu; dream eile ag ceannacht pronntanaisí Nodlag dá gcáirde; buachaillí óga agus cailíní deasa ag spais- teóracht dóibh fhéin; gasúir bheaga ag amharc isteach i bhfuinneógaí na siopa, íad ag cainnt agus ag bainnt lán na súl as rudaí deasa nach dtiocfadh leó cheannacht. Agus na gluaisteáin, agus na rían-chairr — bheifeá bodhar acu — “Grág! Grág!” “Cling! Cling!” acu gan stád. Agus h'obair damh dearmad a dhéanamh ar ghasraí na bpáipéir, “Herald! 6.30.” “Teilegreáf!” Bhí leabhar ceannaithe agam, agus mé ag gabhail síos na sráide agus é faoí 'n ascail agam, nuair a cuireadh cosg liom. Cailín a bhí ann — cailín a raibh draoí-lus le díol aici. Cailín donn a bhí innte, seál caithte thar na guailnibh uirthí, agus rían an bhuaidheartha agus an anróigh na héadain. “Mistletoe,” ar sise. Ní rabh sé de dhíoghbháil orm. “Á, déan, a ghasúir!” ar sise, nuair chonnaic sí idir dhá chómhairle mé. “Féach an dóigh bhocht atá orm, agus an Nodlaig ag teacht” — no rud éighinteacht mar sin. Shocruigh an “gasur” an sgéal. Chuarduigh mé mo phócaí, agus eagla an domhain orm nach mbeadh airgead ionntú. Fuair mé sgilling 'sa deireadh agus thug mé duithe é — ach dá leagfainn mó lámh ar nóta phúint an uair sin, gheóbhadh sise é! Thug mé an sgilling duithe; fuair an draoí-lus nach rabh uaim — agus theich! Dá bhfanfainn boimite eile ag amharc ar a' ghiorrach ud… bhéadh mo chroidhe sgiobtha ar shiubhail aici! Chuireas mo mhallacht ar an mhín-tíreachas sin a chuireas léitheid an chailín sin ag siubhal na sráideann, “faoí shneacht is faoí shioc,” is a fhágas sócal as maoin an tsaoghail seo ag bithúnaigh, nach fiú íad, b'éidir íall a bróige a cheangailt. (Ar lean. ar leath. a 3.)
“Ár n-athair ós é Ádhaimh, Is ár máthair ós í Éabha, Nach bhfuil a dtainig uatha, Chomh huasal le na céile.” A fhile adaí a mholas na beannta árda, agus na srutháin cheólmhara, nach léir duit éagcóir an tsaoghail seo. B'éidir gur shíolraigh an bhean adaí ó uaisle Éireann, agus gur de shliocht Chromail choimhthigh na daoine a bhfuil meas agus cáil ortha. Dá dtabharfainn gean do chailín acu súd, mhaithfí damh; acht dá dtabharfainn gean don ainnir úd an dhraoí-lus, bhéinn sgriosta, náirighthe, dár le hamadáin an tsaoghail. Nach cuimhin liom fhéin an píonós a chuir na múinteóirí ar bhuachaill bhocht a bhí ar sgoil liom fhéin, siocair gur labhair sé le fear bocht a bhí ag obair amuigh i bpáirc na sgoile. Más míntíreacas é sin — sgriostar míntíreachas na nGall. “Táid fóirne ag fás sa Chlár seo Logha líomhtha Dár chóir bheith tláth, gidh árd a rolla ag sgaoileadh; Síol Eoghain gan áird, 'san tál fhuil bodhar chlaoidhte Sna hóig ón mBán-tSrath sgáinte i gcoigcríochaibh.” A Mháire, goirim thú. Bhí 'n cheart agat nuair a dubhrais gur b'é an Pom a bhéadh ann ar ball, dá mbéadh cead a gcinn ag daoinibh áirithe. Má bhíonn an lá leóbhtha súd, tchifidh tú na mílte rud nár samhluigheadh ríamh duit, agus tú in do pháiste chois cladaigh Cheann-Dubhrann. Tchifidh tú céilidhthe selectáltha dá bhfógairt 'sa teanga oifigiúil — céilidhthe a mbéidh deich bpunnt an duine mar táillí ortha, le na ndéanamh “select.” Ní bhéidh Tonnaí Thóraidhe, ná Ballaí Luimnighe, ná na “Híelans” dá ndamhsadh ionnta. “Jazz-anna” uilig a bhéas ionntu. Agus ní leigfear Máire, na Méadhbha, ná Sorcha, ná Síle, ná Eibhlín, ná tú fhéin isteach. Ní leigfear mise, ná Éamonn, ná Seán, ná Toirrdhealbhach, isteach ach oiread. Goidé bhéadhmaois a dhéanamh ann, agus gan leath againn “select” go leór dóibh. Is olc an rud é droch mheas a bheith agat ar bhochtaibh Dé. Nár bhféidir leis íad-san a dhéanamh saidhbhir, dá m'áil leis é! Ach, cá bhfios nár thug Sé pronntanas dóibh nár thug Sé do lucht an tsaidhbhris chor ar bith. Fear bocht, is dócha, a dubhairt na focla seo ag moladh a ghrádha — ní feasach dúinn fiú ce'r bhé, nó arbh Ultach, Muimhneach, Connachtach no Laighneach é — ach sáruigh na focla seo — más féidir leat: “Is áilne í ná'n lile, is deise í ná'n sgéimh, Is binne í ná'n bhéidhlín, is soillsighe í ná'n ghréin, Is fearr ná sin uile a huaisleacht 'sa méinn 'Sa Dé tá ins na flaithis, déan fuasgladh dom phéin.” Nach annamh a smaointigheas an Sasanach, dá “selectídhe” é, ar rud mar sin — “a huaisleacht 'sa méinn.” A fhile, mol na cnuic, más áil leat, ach na déan dearmad ar na DAOINE seo, óir más íad na cnuic a thug na filidhe móra dúinn, creidim gur b'íad na daoine a chuidigh leobhtha chun Pádraig Mhac Píarais agus Toirdhealbhach Mac Suibhne a thabhairt dúinn. “Donn Piatth.” MUINTEAR NA CEILLE. Chomh fada siar agus thiocfadh le muintir pharaiste Chlocháin Duinn a chuimhneamh air, bhí an droch-ainm ar Pharra Pheadair Bháin. Parra Ó Gallchobhair an t-ainm a baisteadh air ach siocair Peadar Bán a bheith ar a athair, b'fhéidir sin nó 'chionn na ndroch-chleasanna chleachtuigheadh sé, ní bhfuair sé ariamh ach Parra Dubh. Ní raibh damhsa nó faire nó a dhath mar sin, 'sna seacht bparaiste gan Parra a bheith ann ó nach raibh sé ach comh h-óg sin, 'chionn is go bhfuair a mháthair bás agus í 'á thabhairt ar an t-saoghal, agus d'fhág sin a athair gan an toil nó an intinn láidir a sháith le smacht a chur air. Na daoine a raibh ainm na céille orra dheireadh siad, “An diúlach sin Pheadair Bháin — tá sé éadtrom 'sa' chionn i gceart. Béidh droch-chríoch air, adeirim leat,” agus d'fhágadh siad an scéal mar sin. Fá'n am a bhfuil mé ag cainnt air bhí Parra Dubh corraidheacht fíche bliain d'aois agus bhí 'acha'n chosamhlacht air nach raibh ach an fhírinne ghlan ag an mhuintir a raibh cáil na céille orra. Bhí dhá nídh ag déanamh buaidheartha dó. Bhí sé i ngrádh. Ó'n chéad uair a leag sé a dhá shúil ar Eibhlín Ní Ghabhann thoir ar an damhsa i gCluain a' Mhadaidh ní thug sé duithe ach grádh agus gean a chroidhe i n-iomlán, agus mo thruaigh mar scéal, bhí an cailín 'an dóigh cheadna. Bhí Parra árd dóigheamhail, gruag chasta dhubh air, agus cé nach raibh cuma ró-mhaith ar a aghaidh — b'fhéidir go raibh an t-srón pas bag fada — thiocfadh leat an fhírinne a fheicilt ag soillseadh amach chugat fríd a dhá shúil, agus bhí an chumhacht do-mhínighthe sin ar mhnáibh aige nach mbíonn ac' ag an té nár bhronn Dia an dóigheamhlacht air. An dara buaidhreadh a bhí ar Pharra, bhí dúil nimhneach 'san ól aige agus sin a' rud ba mhó a bhí ag cur as do'n chailín. Ní éireochadh sé as an ól agus ní ghlacfadh sise é mura n-éireochadh. Bhí togha a' dá chlaidhe aige. Bhí an dúil insa' chailín agus an dúil ins an ól ag strachailt i n-éadán a chéile agus gan ceachtar acu ba láidre na a chéile, shílfeá. Sa' deireadh fuair an cailín an bhuaidh. Thug sé geall duithe gan deoch a bhlaiseadh ar feadh trí míosa, agus bhí sí sásta go leor leis sin. I rith na céad seachtmhaine, bhí 'acha'n duine ag déanamh iongantais fá'n dóigh ar éirigh Parra Dubh as an ól. Bhí an deagh-fhocal ag 'acha'n duine dó, taobh amuigh do Mhuintir na Céille. “Humhth, ní mhairfidh sé seo i bhfad,” ar siad-san. “Fan go bhfeicidh sibh. Tá lorg a' rópa ar a mhuinéal.” Maidir le Parra é fhéin, bhí sé millteanach doiligh air a choinneáilt amach ó na toighthe biotáilte an chéad uair, ach i ndiaidh a chéile bhí sé ag teacht 'un tosaigh go tréan agus i ndeireadh na dtrí míosa, bhí an dúil insan ól comh glan faoí chois, gur mheas sé, le n-a chruthú d'Éibhlín nach raibh sé ag 'ul a bhlaiseadh feasta, gur mheas sé siubhal isteach i dtoigh biotáilte agus 'fhuireach annsin go ceann leath-uaire agus mura sásochadh sin í, ní shásóchadh an saoghal í. Faraor géar mar leis na deagh-rúin! Ní raibh sé bumaite istoigh go dtainig an sean-scairt chuige — scairt an óil. Bhí an scairt ró-láidir dó. Shiubhal sé fa' choinne an dorais agus ar ais leis aríst. “Leith-ceann,” ar seisean, ag déanamh dearmaid ar a chailín donn uaigneach. Níor bh'fhada gur cuireadh i gcuimhne dó í. Chuala sé an glór ar a chúl. “Creidim,” ars an glór, “go bhfuil Éibhlín Ní Ghabhann ag 'ul a phósadh. Truaigh liom an duine bocht a gheóbhas í — an rud póstamhail, ní'l meabhair nó maith innti, ach í ag síor-rith i ndiaidh na ndaoine is fearr ná í fhéin. Duine bocht, gearr go raibh ciall cheannaigh aige” — sin ar dhubhairt sé nuair a fuair sé an dórn i gcúl a chinn, agus ó bhí an mí-ádh ar Pharra an oidhche adai, thuit an fear a buaileadh ar a mhalaigh i n-éadán an laiste ar an doras agus thoisigh an dearg-fhuil ag rith as. Dhearc Parra ar an chorp agus seort mearáin air, shílfeá. Annsin amach a' doras leis sul a fuarthas faill ar greim 'fhaghail air. Nuair a chuala muintear pharaiste Chlocháin Duinn an scéal fa' dtaobh de Pharra, is amhlaidh a chraith siad a gceann, mar dh'eadh go raibh 'fhios i gcomhnuidhe ariamh caidé an droch-chríoch a bhí i ndán dó. Dia Dómhnaigh thug an sagart paraiste seanmóin (do na fir óga go speisialta, dubhairt sé) fá'n chrích a bhíos i gcomhnuidhe ar dhuine de sheórt Pharra Dhuibh, agus má bhí an droch-ainm ar Pharra Dubh roimhe sin, ba sheacht mó an droch-fhocal a tugadh dó 'na dhiaidh sin. Le n-a chois seo, bhí an toraidheacht go géur 'na dhiaidh ach i n-aimhdheóin an fhuadair is uilig ní bhfuarthas greim air. Chuaidh sé glan ó eólas na mbrathadóirí. Shíltheas go ndeachaidh sé go Béal Feirsde ar an chéad traen agus gur shleamhnuigh sé as an tír ar long inteacht. Cibé ar bith, fuair sé sábháilte ó'n dlighe agus le h-imtheacht na h-aimsire, nuair a fuair an paraiste adhbhar casaoide ar dhuine inteacht eile, rinneadh dearmad air 'sa' Chlochán Donn. Bhí sé comhair a bheith deich mbliana 'na dhiaidh seo a thuitim amach nuair a chuaidh an sagart paraiste céadna soir go Sasana a chaitheamh cuid dá laethibh saoire. Bhí sé ag siubhal an t-sráid i Libherpúl lá. Ag teacht timcheall cúinne dó, chonnaic sé páisde beag ag rith roimhe le gluaisteán. Rinne sé léim le é a sábháilt, ach má rinne bhí duine roimhe agus caitheadh an leanbh as a' bhealach. Nuair a stad an gluaisteán ní rabh 'fhios ag aon duine ca h-ainm nó ca h-as an fear marbh — fear an éadaigh ghiobalaigh a thug a anam comh dána sin ar son an leinbhín. Nuair a chuaidh an sagart 'na bhaile, sé an t-seanmóin a bhí aige an chéad Dómhnach, an tecs, “A anam a thabhairt ar son a charad, an grádh is mó dá dtig le duine bheith aige,” agus tharraing sé chuige mar shompla an fear bocht a chonnaic sé i Libherpúl. Ní raibh fhios aige gurbh é Parra Dubh — an fear a chuaidh “an bealach contráilte” — an fear a shábháil an leanbh. Agus lean Muintear na Céille a shílstin go raibh an ceart acu. T. Ó R.
AN t-ULTACH. LÁ FHEIL' PÁDRAIG NA bhFEART. Lá Fheil' Pádraig na bhFeart A bhaineas an neart a's an chloich ghlais Béidh nead i ngach coill, breac i ngach linn Agus laogh boinneann biadhttha i ngach buaile-bhó in Éirinn. A Phádraig atá i bhflaitheas Dé gan locht, Fagh grásta a's párdún don té atá bocht; Seasaigh im' láthair nuair a bheas mé gan neart, Agus siubhal liom mar ghárda, a Phádraig na bhFeart. A Phádraig ó'n leanbh so fuair Bachaill Íosa mar buaidh a's grás, A Chuilm gan dúmblas 'do chlíth, 'Sa Bhríghid, bí linn do ghnáth. Oisín cct. — A Phádraig an bhachaill bháin, Má's air do láimh atá an chúis, Leig liom go Flaitheamhnas Dé Mo ghadhar a's mo chú. Is léir don tsaoghal Fódlach go dtairngneóchthar anuas Ceist na Dleachta (Tariffs) aig an chéud togha eile, agus go bhfágfar fá mholadh na ndaonnaí í. Bhí Scéim- Dhleachta leathan-aigeantach ceaptha aig Árt Ó Griobhtha bliadhanta ó shoin, agus bhí fonn air an scéim sin a chur i bhfeidhm dá bhfuigheadh sé amar air. Deirtear nach bhfeil lucht stiúrtha an Riaghaltais air a'n fhocal fá dtaobh de'n cheist anois, agus gur féarr le cuid aca an scéim a chur i leath-thaoibh. Badh chóir dúinn uilig an cheist a léir-mheas go haireach, ionnus nach mbéadh mearbhall orrainn dá gcuir- fidhe ós ar gcomhair go tobann í. Chan ceist phoiliteadhachta í, acht ceist náisiúnta a bhaineas le híseal agus le huasal. Cuireadh Commisiún air bun chun an cheist a leirsgrúdughadh cupla míosa ó shoin, agus tá toradh a gcuid oibre againn anois. 'Sí an chomhairle a thug siad don Dáil nach rachadh sé i dtairbhe don tír Cáin Chosanta a chur air na hearraidhe a thigeas thar lear. Tá a lán nach bhfeil sásta leis an chomhairle sin. Deirtear nach dtugadh cothrom na Féinne dos na fiadhnaisí a bhí ag claonadh leis an Cháin, agus gur aith-cheistniughadh go géur — námhadac iad. Pé scéul é, cha dtig linn fhéin “Cunntas” an Chommisiúin a mholadh air a chríochnamhlacht ná air a chóimhsheasmhacht. Tcídhtear dúinn go dtig se 'na aghaidh fhéin go minic. Dar leis an Chommisiún, “dá gcuirfidhe Cáin Cosanta air na hearraidhe gallda, thiocfadh na deantóirí gallda isteach agus chuirfeadh siad fútha annseo, dálta an Imperial Tobacco Company.” Agus nach mbéadh fáilte rompa dá dtiocfadh siad. B'fhéarr linn agus b'fhéairrde do'n tír seo an tairgead a bheith againn fhéin le haghaidh na monarchanna a thógailt agus saslach a chur isteach ionnta. Acht tá rud is mó suime ná sin — na lámhfradha a dhéanamh in Éirinn, ar chor go dtabharfaidhe obair dos na daonnaí bochta agus go gcoinneóchthaidhe na daonnaí óga 'sa' bhaile in Éirinn, pé áit 'na bhfuighfidhe an tairgead. Cha bhfuigheadh an fear thall acht 5 'sa' chéud, no 10 'sa' chéud, air an airgead a leagfaidhe amach aige, agus caithfidhe an chuid eile ins an tír seo. Dhíol Sasana 3,744,000 péire bróg le muinntir na hÉireann anuraidh, ar bhfiú tuairim a's £2,000,000 iad. I mí na Samhna amháin, cuireadh 475,000 péire isteach o Shasana, air a dtugamar £237,000. 'San mhí chéudna, char dhíol Sasana acht 108,000 péire le tíortha eile. Chan é sin amháin, acht thainic bróga isteach annseo ó Ameriocá agus Ástráilia fosda. Tá Iris na nGréasaidhe Sacsannach lúthgháireach nach gcuirfear Scéim Dleachta i bhfeidhm san tír seo, nídh nach iongnadh. Tá ceithre monarchanna in Éirinn na ndeantar bróga gur fiú £250,000 iad gach bliadhain, agus 'na dtabharthar teacht-i-dtír do 500 oibridhe. Dá gcuirfidhe cáin chosanta air na bróga a thigeas thar lear, deirtear gur goirid go ndeantaoí bróga in Éirinn gach bliadhain ar bhfiú £6,000,000 iad, agus go dtabharthaoí obair do 15,000 fear. Acht, dar leis an Chommisiún, b'fheairde i bhfad don tír na monarchanna seo a bheith i gcóimhlinnt leis na monarchanna thall, air eagla go rachadh aca Cóimhcheangal nó Trust a chur air bun chun an trachtáil go léir air bhrógaibh a thógáilt chuca fhéin. Chan fheil a shárugadh sin le fághail! Tá an tír seo báidhte i mbochtaineas agus chan fheil dúil againn le furtacht fá láthair. Féuc an íde atá air na feirmeóirí agus air na hoibridhthe — tá siad uilig in iobladh bhocht. Cha chuireann sé iongantas mór orrainn go bhfeil cuid aca ag éirghidh díbhfeargach. Bíodh gurab iad argain agus scrios an dhogaidh is cionntach leis an chruadhtan agus an easbhaidh, tá bliadhain caithte anois ó cuireadh stad air an chogadh, agus cha dteachaidh an Riaghaltas aon choispeán air aghaidh chun drocbhail na tíre a leasughadh. “Geall morán agus teana beagán” a bhíonns aca mar fhocal faire. Tá an Ghaodhaltacht 'ga bánughadh aig an ghorta, acht dubhairt Fionán Ua Loinnsigh nach raibh 'san scéul acht “dópe agus stunt.” Dá mbéadh an Riaghaltas Gallda againn go fóill, bhéadh náire air na Sasanaigh a chomh brúideamhail sin de chómhrádh a dheanamh. Bhí imnidhe air Fhionán fá dtaobh de'n Ghaodhaltacht uair amháin, agus char mhaith linn a mheas go bhfeil sé ag éirghidh dúrchroidheach i lá a shonais. Go réidh, a bhean na dtrí mbó! Muireadhach Méith. AN FÁINNE. BEANNACHT AN ÁRD-EASPUIG. Bhí oidhche mhór in Árus na Gaedhilge nuair a bhí Tánaiste-Chomharba Phádraig, an tÁrd-Easpog Ó Domhnaill, i láthair aig an chruinniu míosamhail. Thug sé a bhuidheachas air son na fáilte a fuair sé, agus labhair sé mar leanas: “Tá mé buidheach dhíbh uilig mar gheall ar an fháilte chroidheamhail a fuair mé annseo anocht ó lucht an Fháinne agus ó Chonnradh na Gaedhilge i nDún Dealgan. Tá lúthgháir mhór orm a bheith i nbhur measc, agus ár dteangaidh dhuthchais fhéin a chluinstin ag an chruinniughadh seo. Tá a fhios agam go maith go bhfuil gach duine de lucht an Fháinne agus de Chonnradh na Gaedhilge i nDún Dealgan ag déanamh a mhór-dhíthcheall le cúis ár dteangtha fhéin a chur 'un tosaigh. Is deacair an obair atá eadar lámhaibh agaibh. Tá a lán le déanamh againn go fóill le n-ár dteangaidh fhéin a shábháil agus í a chuir ar bhéalaibh na ndaoine aríst. Ach, ná bí beag-uchtach. Déanaigidh bhur ndíthcheall, agus, le congnamh Dé, béidh toradh le feiceáil as bhur gcuid oibre i gcionn tamaill eile. “Cha dtiocfadh libh rud eile níos fhéarr a dhéanamh ná an Ghaedhealg a labhairt i gcomhnuidhe le bhur gcáirdibh a bhfuil an Ghaedhealg aca. Déanaigidh sin, agus dhéanfaidh sibh bhur gcuid fhéin leis an Ghaedhilg a chur 'un cinn. Táim sásta go bhfuil spéis mhór agaibh san Ghaedhilg, agus taitnigheann cruinniughadh cosamhail leis an chruinniughadh seo go mór liom. “Tá sibhse i nDún Dealgan a bhfuil baint agaibh le lucht an Fháinne ag déanamh na hoibre is uaisle thig le Gaedheal a dhéanamh, agus is maith an rud go bhfuil sibh ábalta ar an páipéar bréagh Gaedhealach sin — ‘An t-Ultach’ — chur amach gach mí. Dhéanfaidh ‘An t-Ultach’ a mhaith orainn uilig, agus bhéarfaidh sé misneach do ghach duine againn a bhfuil fonn orainn ár gcanamhaint fhéin a choinneáil beo, agus an Ghaedhealg a chur i n-uachtar aríst ar fud na h-Éireann. Beannacht Dé ar an Fháinne agus ar ghach duine a bhfuil baint aige leis an Fháinne. Bail ó Dhia ar an obair.” Bhí siamsa beag ann annsin le cuid records ar an fónograf. Thug an t-Aodhaire somplaí de na records a rinne sé fhéin. I nGaedhilig ar fad iad. Bhí ceann amháin agus na paidreacha air. Tuigeadh gach focal de. Bhí cinn eile le sgéaltaí, amhráin agus ceol ortha — agus brionglóid. Annsin do labhair an t-Árd-Easbog isteach san ghléas agus indéidh bomaite bhí sé ag éisteacht le n-a ghuth féin. Thaitin sé go mór le n-a rabh i lathair. Chuir an t-Aodhaire i gcuimhne do'n chruinniú go mbéidh “Iris an Fháinne” a chur amach i gcóir na Féile Pádraig — agus go mbéidh an lá sin 'na lá mór ag lucht an Fháinne. Ba chóir go gcuimhneochadh gach Fáinnidhe a bhfuil baint aige le Gasra Dhúin Dealgan go mbíonn an cruinniu ann ar an chead Luan de ghach mí.
MISE AGUS MO SHOILLSDHREAN Tharla an oiread sin rudaí iongantacha le seal bliadhanta thart nach mó go dtig le duine cuimhne a choinneáil ar a leath, acht cé bith iongantais a thainig agus a thiocfas, ní chuirfidh siad as mo chuimhne-sa go bráth an chéad lá a chuaidh mé i gcionn soillsdheartha. Bhí gasra de'n “Fháinne,” tá a fhios agat, i gceanntar s' againne agus mise in mo aodhaire air agus bród an tsaoghail orm as an dóigh a rabh ag éirigh leis, gur bh'fhada liom an deis a fhagháil a ainm agus a chliu a chur i mbéal an tsaoghail. Anois ó tharla an soillsdhreán agam, shíl mé nach mbéadh moill orm dóigheamhlacht, gnaoi, déagh- ghnúiseacht maille le móir-éachtaibh lucht an Fháinne i nDún na Sidheóg a chur os comhair an tsaoghail, ní amháin i gcló. acht i bpioctúiribh áilne. Chuige sin, chuir mé gairm sgoile amach chuig gach Fáinneach 'san áit a bheith i láthair ag cruinniughadh de'n “Fháinne” ins an tsean-teach sgoile ar an ceathar a chlog an Domhnach 'na dhiaidh. Mhínigh mé dóbhtha, in chomh beag focla a's thiocfadh liom, go rabh soillsdhreán agam agus go rabh rún agam gach aon duine a rabh 'san “Fháinne” ins an áit a shoillsdhearadh agus an tsoillsdhreacht a chur ionns' ar pháipéaraibh móra Bhaile Átha Cliath, agus da mba mhian leobhtha go dtiocfadh le gach aon duine aca cóib a fhagháil dó fhéin nó duithe fhéin fa choinne crochadh i h-áirde i n-áit fheiceálach 'sa bhaile 'sa chruth go mbainfeadh sé an dalladh-mullóg as cé bith seoiníní a mbéadh oiread de'n ádh ortha buaileadh isteach chuca a chuartaigheacht nó le n-a bpíopaí a dheargadh. Tainig an Domhnach acht thainig sé go caib-fhliuch cáidheach. Thainig lucht an “Fháinne” agus iad go h-aerach glionndarach agus ar bhárr na gaoithe. Go dearbhtha duit, bhí siad ag dul as a gcroiceann le teann bróid agus áthais nuair a smaointeochadh go mbéadh a bpioctúirí faoi shúilibh an domhain mhóir lá eighinteacht gan mhoill, agus ar ndóighe ní thiocfadh leat a bheith in a dhiaidh ortha. Acht bhí créatúr bocht amháin i lathair an chruinnighthe sin a rabh a chroidhe i mbéal a chuid bróg agus smut air. Ba mise an smutaidhe bocht sin. Bhí a fhios agam nach mbéadh aon mhaith ins na pioctúiribh mar bhí an lá ró-ghruamdha agus go rabh sgiuradh na cuinneóige i ndán damh mura rabh. Cibé ar bith, níor leig mé dadaidh orm fhéin agus chuaidh mé i gcionn gnóithe. Thug mé ordughadh do lucht an chruinnighthe dul amach. Chuir mé eagar ortha chomh maith as thainig liom, cuid aca in a suidhe agus cuid aca in a seasamh. D'iarr mé ortha annsin an chuma ab fhearr a dtiocfadh leobhtha a chur ortha. Níor luaithe sin ráidhte agam na tchifeá na cailíní ag cóiriughadh a gcuid ribíní agus na buachaillí ag slíocadh siar a gcuid gruaige. Annsin d'amharc siad ar a chéile ionann's le rádh: anois cé tá cosamhail liom? Rinne mise réidh mo shoillsdhreán (agus grus orm ar fad). Ghlac mé aimsiughadh ortha. Tharraing mé an clíce, agus bhí deireadh na h-oibre sin deanta. Mhínigh mé dóbhtha annsin go gcaithfidhe na pioctúirí a léarughadh acht da dtigeadh siad ar ais fa chionn coicthighise go mbéadh na pioctúirí le feiceáil nó le fagháil aca. (Bhí mo shúile ar mo bhrógaibh nuair a bhí mé ag rádh sin.) Le sgéal fada a dheanamh goirid, chuir mé na pioctúirí chuig soillsdhearaidhe ar an tSráth Bán go léarochadh sé damh iad agus go dearbhtha níor bhfada gur chuir sé ar ais chugam iad. Nuair a d'fhosgail mé an clúdach in a rabh siad, murb é go rabh mo dhruim leis an tábla, chomh cinnte a's tá mé beo thuitfinn in mo chnap i laige ar an urlár. Ní rabh cuma nó deanamh ar na pioctúiribh. Bhí cuid de na buachaillíbh a rabh súile dubha aca agus cuid aca ar leath- chluais. Agus bhí triúr no ceathrar de na cailíníbh agus bhéarfa mionna an leabhair gur sean-chailleacha iad! “O bub ó!” arsa mise, “tá léan síorraidhe ar seo,” agus chaith mé uaim isteach ins an teinidh iad. Nuair a thainig lucht an “Fháinne” i gcionn a chéile arís ní rabh a fhios agam faoí'n spéir caidé'n leithsgéal a dheanamh, nó bhí eagla mo chroicinn orm nach bhfágfadh siad giota díom le chéile nuair a chluinfeadh siad nach rabh na pioctúirí agam dóbhtha. Acht nuair a mhínigh mé dóbhtha caidé mar bhí, ghlac siad uilig an sgéal go réidh. Thug siad uilig maitheamhnas damh, amach ó cailín amháin, agus bhí sise ar na caorthachaibh mire; acht ní rabh an chuid eile acht ag gáiridhe magadh uirthi. Is cosamhail go rabh buachaill aici i gcearn éighinteacht de'n domhan agus gur gheall sí ceann de na pioctúiríbh a chur chuige, agus bhí eagla uirthi anois nuair nach rabh na pioctúirí le fagháil go sílfeadh sé gur fhuaruigh a croidhe dó agus go bhfágfadh sé slán síorruidhe aici. Acht bhí lá eile againn agus shoillsigh an ghrian go n-aoibhinn an lá sin. Thainig soillsdhearaidhe as an bhaile mór agus rinne sé uilig a shoillsdhearadh go h-áluinn. agus bhí gach aon duine sásta agus cuireadh pioctúir aca ionns' ar na páipéaraibh. Is dóiche go bhfaca tusa an pioctúir, a léightheóir, agus mura bhfaca is iongantach nach bhfaca, nó bhí an saoghal mór ag caint air. Fuair gach aon duine de lucht an “Fháinne” ceann de na pioctúiribh, agus chroch siad ar bhalla na cistinighe é agus, sgríobhtha faoí, tá móid an “Fháinne” ins an uimhir iolraidh mar seo: “Geallann sinn nach labhairfimid acht Gaedhilg le aon duine de lucht an ‘Fháinne’ acht nuair a bhéas féidhm eighinteacht fa leith leis.” Ó crochadh i n-áirde na pioctúirí, is annamh a thig na seoiníní a chuartuigheacht. Chuir na pioctúirí eagla ortha go díreach dálta mar chuireas fear bréige eagla ar na préacháin. NÓTAÍ. Soillsdhearadh photography (dearaim — tarraingim, línighim). Soillsdhearaidhe, photographer: Soillsdhearacht, a photograph. Soillsdhréan (soillsdhearán) a camera. Leasuigh develop (photographs). Leinteáin, lens. Coimhghealán (coimhealán), focus. Mirdhealbh a snap-shot (“mear” agus “dealbh). “Taobhóg.” TEAMPALL CHONCHUBHAIR. (Ar lean. ó leath. a 1.) fhuinneóig aige, agus go díreach nuair a bhí sé i lár an aifrinn, thuit deor theith fhola anuas ar an éadach gheall.” Thost Roibín, mar bhéadh sé a gheall ar faill a thabhairt damh smuaintiughadh ar an amharc sin. Chonnaiceas damh go rabh sé os choinne mo dhá shúil — an teach lán, an altóir bheag gheal faoi'n fhuinneóig, agus an sagart ag rádh: “Hic est enim calix sanguinis mei.” Le sin tuitidh deor fhola, mar bhéadh an Slánuightheoir ag dórtadh a chuid fola go so-fheicseanach arís. Chonnaic mé an stad a baineadh as an tsagart. “An dá luathas agus thuit an deór,” arsa Roibín, d'aithin an sagart go rabh rud éigin cearr. Thug sé ar na fir an tuighe a bhaint de'n teach, agus fuaras corp an leinbh, agus gan loghadh ná críonadh air acht oiread leis an lá a marbhadh é. Nuair a chonnaic Conchubhar Óg seo, chaith sé é féin ar a dhá ghlún faoi an tsagart agus rinne sé a fhaoiside. Shagairt arsa seisean, ‘creidim nach bhfuil maitheamhnas i ndán damh?’ “‘Ní déarnadh aon pheacadh ariamh nach dtig le Dia a maitheadh,’ arsa'n sagart. ‘Caithfidh tú an breitheamhnas aithrighe seo a chur díot sul a bhfágh' tú maitheamhnas’: “‘An chéad rud,’ arsa seisean, ‘droichead a chur ar abhainn an Chonléim.’ “‘An darna rud,’ arsa seisean, ‘teampall a dhéanamh a dTobar an Chonnaigh.’ “‘Agus an treas rud,’ arsa seisean, ‘suidhe bhfuinneóig an teampaill go dtaraidh éan de chuid an aéir agus go mbeiridh sé uibh ar do bhois.’ “D'imthigh Conchubhar Óg agus dhíol sé a theach agus a chuid talaimh. Chuir sé an droichead ar an abhainn, agus rinne sé an teampall sin thall. Acht ba bheag an chuid de n'a phionas an méid sin. Chuaidh sé fhad leis an tsagart agus d'innis sé do goidé a bhí déanta aige. “‘Imthigh anois,’ arsa'n sagart, ‘agus cuir díot an chuid eile de do bhreitheamhnas aithrighe.’ “D'imthigh sé agus shuidh sé san fhuinneóig. Chuaidh na laethe thart. Ní thainig an t-éan. Chuaidh bliadhain thart. Ní thainig an t-éan. Chuaidh seacht mbliadhna thart. “Lá amháin bhí Conchubhar 'na shuidhe agus gan ann acht na feirste de, nach rabh caithte ag an fhuacht agus ag an ánró. Thainig éan geal bán anuas agus shuidh sé ar a bhois agus bheir sé uibh oirthí. “Thug sé míle altughadh do Dhia agus thuit se marbh annsin. Tá pioctúir an teampaill agam fá choinne duine ar bith ar maith leis a fheiceáil. I dtaca leis an sgéal, má shíleann duine ar bith nach bhfuil sé ion-chreidthe, na bíodh sé ag éileamh ar Sheosamh Mhac Seamsaigh as Béal Feirsde, acht labhaireadh sé le Roibín Chonaill Óig as Tobar a' Chonnaigh. “Iolann Fionn.”
I dTIR NA hOIGE SÉUMAS AN tAMADÁN. Bhí bean ann, aon uair amháin, a raibh mac amháin aicí. “Séumas an t-amadán” a chuir na buachaillí eile air, do chionn 's nach raibh mórán céille aige, acht bhí corruighe mhór air an mháthair an leas-ainm sin a chloisint. Domhnach amháin rinn, sí réidh cearc le haghaidh an mheadhóin-lae, agus chuir sí isteach 'sa' phota air an teinidh í. Chóruigh sí í fhéin le dul 'nan aifhrinn, agus dubhairt sí le Séumas corr-amharc a thabhairt isteach 'sa' phota, 'fhad's bhéadh sí air shiubhal. I ndéidh tamaill, d'amharc Séumas isteach 'sa' phota, agus thóg sé aníos píosa beag de'n chirc, agus chuir sé isteach 'na bhéul é. “Tá sin iongantach milis,” arsa seisean leis fhéin. Fuair an cathughadh buaidh air, agus thóg sé an chearc aníos a's an phota agus d'ith sé uilig go léir í. “Chan fheil fhios agam goidé dheanfas mé anois,” arsa seisean. “Muirbhfidh mo mháthair mé. Chan fheil a'n chearc eile fó'n toigh, acht an ceann atá ar gor amuigh ins an nead. Is fhéarr damh dul amach agus í a thabhairt isteach.” Thug sé isteach an chearc ghuir, agus chuir sé 'sa' phota í, eadar cleitidhe agus cluimhrighe, agus beo mar bhí sí. Bhí sí a léimnigh aníos a's an phota, agus b'éigin dó í a choinneált síos leis an mhaide-phota go dtí gur éug sí. Fuaidh sé amach agus shuidh sé fhéin síos air an nead, cun gor a chur air na huigheacha. Nuair a thainic a mháthair abhaile, d'amharc sí isteach 'sa' phota. “Chan fheil fhios agam goidé'n sort bruis (súip) a bheas againne indiu,” arsa sise. Fuaidh sí amach agus scairt sí air Shéumas, agus rinn sé a fhreagairt a's an nead: “Gíc! gíc! gíc! a mháthair. Tá mé a cur guir air na huigheacha.” “Muise, fíor-amadán atá ionnat! Cha chuirimh iongan- tas ann go dtug na buachaillí eile amadán ort, agus cha bhíonn corruighe orm leobhtha arís a choidhche.” TOBAR NA GLAISE-GHAIBHLINN. Tá Tobar na Glaise-Ghaibhlinn thuas ar bhárr Shliabh Fathaigh. Bhí sean-bhó ann a d'óladh a's an tobar, agus a shnámhadh thairis an loch go Sliabh Mughdhorna, air a bhfaghadh sí féur le hithe. Chan óladh sí stioch (deór) thall, agus chan itheadh sí greim air an taobh seo. Do-bheireadh sí bainne do ghach uile duine a rachadh chuicí, agus líonadh sí na cannaidhe dóbhtha uilig. Tógadh dóbhtha nach raibh dul aca í a fholmhughadh, agus fuaidh a cáil agus a cliú air feadh na tíre uilig. Bhí sean-chailleach phisreógach 'na comhnuidhe i bhfogus do'n tsliabh a raibh éad uirrí i dtaobh na Glaise-Ghaibhlinn. Ba bheag air an tsaoghal ba lugha uirrí ná an bhó bhocht. Lá amháin, chuir sí criathar faoí'n Ghlais-Ghaibhlinn, agus bhleagh sí go dtí gur bhleagh sí an croidhe aistí. Theanntuigh (thionntuigh) an bhó thart, agus nuair a chonnaic sí an fhuil ag imtheacht a's a croidhe, d'éug sí. TRÍ LÁ NA BÓ RIABHAIGHE. Sean-bhó a bhí ann, a bhí air bhruach bháis air feadh an gheimhridh; acht nuair a bhí Mí na Márta criochnuighiste, thlig sí a ruball suas air a druim agus léim sí mar bhéadh pocán gabhair ann. “Béidh mé beo bliadhain eile,” arsa sise, ós árd. Bhí Mí na Márta ag éisteacht léithi, agus fuair sí tamallt (iasacht) de thrí lá ó Mhí Aibreáin. Bhí siad anfadhach amach 's amach, agus cuireadh deireadh leis an tsean-bhoin. Muireadhach Méith. LEATHANACH NA MÚINTEÓIRÍ. NA BRIATHRA MÍ-RIAGHALTA. Ní BHÉIDH Séumas 'na shuidhe go moch maidin imbárach, acht BEIDH sé 'na shuidhe go moch maidin Dia Céadaoine. GHEOBHAIDH sé cupán tae acht ní bhFUIGH sé a bhreicfeasta go dtí a naoí a clog. Annsoin RACHAIDH sé 'nan aonaigh acht ní RACHAIDH sé i bhfad go gCASFAR fear air. CLUINFIDH sé ó'n fhear sin go bhfeil fear coimhightheach air an bhóthar a bhfeil capall aige le díol acht ní CHLUINFIDH sé an luach bhéas air. I gcionn tamaill, TIOCFAIDH Séumas suas leis an fhear seo, acht ní FHEICFIDH an fear Séumas go LABHARFAIDH sé leis. 'TCHÍDHFIDH Séumas gur maith an capall é, agus DEIRFIDH sé go dTABHARFAIDH sé cúig punnt is fíche air an chapall. “Ní DHÉANFAIDH tú margadh ar an luach sin,” DEIRFIDH an fear. Ní abrochaidh Séumas focal eile acht TAIRGFIDH sé seacht bpunnt fíche is deich scillinge. GLACFAIDH an fear é agus BÉIDH sé sásta. BEIRFIDH Séumas greim ar an srian agus tionntochaidh sé abhaile. CEISTEANNA. An mBÉIDH Séumas in a luighe ar a naoí, maidin Dia Céadaoine? Cá mBÉIDH sé an t-ám sin? An bhFUIGH sé a bhreicfeasta ar a seacht? Gá bhFUIGH sé a bhreicfeasta? Nach bhFUIGH sé 'sa' leabaidh é? Gá RACHAIDH sé i ndiaidh am bhreicfeasta? An ABRANN tú go RACHAIDH sé 'un an aonaigh maidin Dia Mháirt? Nach RACHAIDH sé 'nan aonaigh cor ar bith? An gCLUINFIDH sé dadaidh ó fhear ar an bhóthar? Nach n-ABRANN tú go gCLUINFIDH sé an luach a bhéas ar an chapall? An dTIOCFAIDH Séumas suas leis an fhear a bhfeil an chapall aige? An bhFEICFIDH an fear Séumas sul a labharfaidh Séumas? Cad chuige nach bhFEICFIDH sé é? An ABRANN tú nach bhFEICFIDH sé Séumas cor ar bith? An ABROCHAIDH Séumas rud ar bith leis? Caidé DEIRFÉAS an fear? Nach n-ABROCHAIDH Séumas go dTABHARFAIDH sé deich bpunt is fíche ar an chapall? An nDÉANFAR margadh ar an chéad luach a thairgfeas Séumas dó? An nDÉANFAIDH siad margadh cor ar bith? An mBEIRFIDH Séumas greim ar an srian? Nach bhFUIGH Séumas an diallaid fosta? CRUINNEÓLAS (Ceisteanna air an cheacht a bhí in Uimhir na míosa seo thart). Gá mhéud cúige in Éirinn? Ainmnigh iad? Gá mhéud conndae i gCúige Laighin? Goidé an chonndae is lugha in Éirinn? Gá bhfeil sí suidhte? Cad iad na conndae atá mór-thimcheall air? Goidé an chonndae atá air an taobh thiar? Air an taobh thiar-thuaidh? Ar an taobh thoir? An conndae mhára no conndae thíre í? Bhfeil Conndae Lúghbhaidh chomh mór le Co. Árdmhach'? Cia aca is mó? Cia aca is lugha? Bhfeil sliabh air bith i gCo. Lúghbhaidh? Goide an tainm a bheirtear orra? Goidé an tainm atá air an chionn is aoirde? Cad iad na bailtí móra i gCo. Lúghbhaidh? Cia aca is mó? Gá bhfeil Dún-Dealgan suidhte? Goidé an taobh de Dhún-Dealgan a bhfeil Droichead- Átha? An bhfeil abha in aice le Baile Áth' Fhirdhíadh? Gad is ainm dí? An bhfeil na haibhne seo mór? Fada? Cia aca atá mór? An ritheann siad soir, siar, ó dheas nó, ó thuaidh? Taisbean bárr na Bóinne air an léarsgáil? Taisbean béul na Bóinne? S. Mh. Sh.
MAR THÁINICH AN t-ÁDH AR NÓRA. (Ar Leanmhaint.) Shiubhail siad go measra géur agus níor mhothuigh siad an bealach a bhéith fada nó níor mhothuigh siad an tam a dul thart go rabh siad ar an Mhachaire fa thuairm míle ó Árd-a-Ratha. Nuair a thainic siad fhad leis an Mhachaire, shuidh Nóra agus a máthair síos cois claidhe agus chuir orra a gcuid bróg. Annsin shiubhal siad araon le chéile isteach 'n a bhaile mhóir agus shiubhal Eoin go fadalach 'na ndiaidh leis an eallach. Nuair a bhí Máire agus Nóra ag ceann an bhaile casadh ceannuidhe eallach orra, bheannuigh sé dóibh agus bheannuigh siadsan dó. D'amharc sé go géur ar Nóra agus rinne sé meangadh gáire, acht shiubhal Nóra agus a máthair ar aghaidh gan oiread agus amharc air. “Hói!” arsa'n ceannuidhe. “A bhean uasail, an bhfaca tú duine ar bith ag teacht isteach le eallach?” Thionntuigh an bheirt bhán thart, agus arsa Nóra, “tá m'athair ag teach isteach le cúig bireach. Is goirid go rabh sé annso anois.” Seo a rabh d'a dhith ar an óganach agus d'fhiafruigh sé dóibh an seasfadh siad aige go dtigeadh an tathair. “Dá dtigeadh sé fhéin,” arsa seisean, “ní aithneochainnse é.” Dubhairt siadsan go bhfanochadh agus thoisigh an chainnt eatorra, agus bhí cómhrádh bréagh aca go dtainic Eoin agus an teallach. Annsin, arsa Nóra, “sin é m'athair anois, agus sin fear eile ag cainnt leis.” Chuaidh an ceannuidhe anonn chuige agus thoisigh ag déanadh margaidh leis. Bhí siad tamall maith ag díospóireacht acht sháruigh orra teacht le chéile ar an luach. Bhí an ceannuidhe ag rádh le Eoin go rabh a chuid eallach ro- bhocht agus nar b'fhiú an luach iad a rabh Eoin ag dréim le fághail orra. Bhí Nóra agus a máthair 'na seasadh ag amharc orra agus ag éisteacht leo agus arsa Nóra le 'na máthair, “Nach truagh nach bhfuil an bireach breach annso, gheobhadh m'athair luach maith ar an eallach.” Níor labhair an mháthair acht chuaidh sí anonn agus scairt sí i leath-taoibh ar Eoin agus arsa sise leis, “Innis dó fá'n bhireach atá 'sa' bhaile.” “Innis,” arsa Eoin, “nach mór an mhaith a dheanfas sé dúinn a dul a' innse fa bhireach atá istigh i nGleann Locha, ceanglaidh ar an eigín. Bá mhaith an rud dúinn da bhfuigheannsa cead mo chinn trathnóna indé. Sin anois agaibh.” Sin a rabh de sin. Thionntuigh Eoin thart ar a shál agus shiubhal anonn chuig an cheannuidhe arís. Bhí an ceannuidhe anois ag cainnt le Nóra agus scairt Eoin air, agus arsa seisean leis, “Innseochaidh mé duit caidé dheanfas mé leat. Tá bireach breac 'sa' bhaile agamsa nach bhfuil a léithid ar an aonach indiu agus ma's toil leatsa é, bhéirfidh mé na rudaí seo a bhaile arís agus thig leatsa dul isteach i mbárach nó lá ar bith is toil leat é, agus í a fheiceal agus dheanfaidhmid margadh fa na luach agus fa luach na rudaí seo annso.” “Maith go leór,” ars' an ceannuidhe, “tá mise sásta sin a dheanadh, acht caidé mar rachfas mise chugat, ní'l eolas an bhealaigh agam.” “Is furas sin a shocrughadh,” arsa Eoin. “Cibé lá a bhéas fóirstineach agatsa dul go Gleann-Locha, tiocfaidh mise 'un d'aircis, agus thig leat bheith amach liomsa.” “B'fhéidir,” arsa'n ceannuidhe, “go dtiocfadh le do nighean theacht, mar gur mhór an rud a bheith a cur an tsiubhail an dara huair ortsa.” “Ó! na bí ag smaoitiu gur trioblóid ar bíth sin damhsa. Ní bhéidh orm acht luthghair teacht fa do choinne,” arsa Eoin. “Cibé is toil leat,” arsa'n ceannuidhe, “innis damh anois cé'n lá a bhéidheas fóirstineach duit a theacht.” “Bhal,” arsa Eoin, “cibé lá a fhóireas duitse, fóirfidh sé damhsa.” “An dtiocfadh leat teacht Dia Céudaoin, seo chugainn?” arsa'n ceannuidhe. “Cinnte thig,” arsa Eoin, “béidh mé annso ar an dó a chlog. An mbéidh sin i nam go leór?” “Béidh gan amhras,” arsa'n ceannuidhe, agus d'fhág sé fhéin agus Eoin a chéile. Ar feadh an ama a rabh an chainnt seo ag dul ar aghaidh eadar Eoin agus an ceannuidhe bhí Nóra agus a máthair shuas an tsráid ag amharc ar na neithibh a bhí dá dteisbheant ins na fuinneogaibh. Chomh luath agus bhí an chainnt thart chuir Eoin an teallach isteach i mbóitheach agus chuaidh suas an tsráid ar lorg a mhná agus a níghne. Nuair a fuair sé iad chuaidh an triúir acu isteach i dtoigh ósda agus fuair siad réidh tráth bídh fhéin, agus fhad agus bhí siad ag caitheadh an bhidh d'innis Eoin an sgéul dóibh ó thús deireadh, caidé a thárla eadar é fhéin agus an ceannuidhe agus caidé bhí socruighthe eatorra a dheanadh, acht amháin nar léir sé dhóibh fa'n cheist a chuir an ceannuidhe air, an dtiocfadh Nóra i naircis. Nuair a bhí an bíadh caithte acu chuaidh Eoin amach agus dhíol sé an bhean freastala ar a shon agus annsin chuaidh sé fá dhéin a chuid eallaigh. Bhí Máire agus Nóra réidh anois le dhul a bhaile agus mar bhí an bealach fada agus an oidhche ag tuitim níor fhan siad le Eoin, mar nach dtiocfadh leisean siubhal ró-mhór a bhaint as an ealach anois indiaidh iad a bheith ar a gcois i rith an lae. Mar sin de, d'imthigh Nóra agus máthair leó agus ag an Mhachaire arís dóibh bhain siad daobhtha na bróga agus rinne ar Gleann-Locha 'sna cosaibh thárnochta. Cómh luath agus thainic siad a bhaile chuir Máire síos teine mhaith, agus rinne réidh braon tae dí fhéin agus dó Nora. Annsin théigh sí braon uisge agus d'iarr ar Nóra a cosa a nighe mar go mbainfeadh sé an tuirse dí. Nuair a bhí sin deanta chuaidh Nóra a luighe agus d'fhan a máthair 'na suidhe a feitheamh ar Eoin a theacht abhaile. Fa dheireadh thainic Eoin agus chuaidh Máire amach a chuidiughadh leis an teallach a cheangail. Nuair bhí siad ceanglaidhe chaith sé gráinín féir chuca agus thainic sé fhéin agus Máire isteach 'un toighe. Rinne Máire réidh braon tae dó agus nuair a bhí sé ólta aige, shuidh sé ag teinidh, bhain de a bhrogaí, líon a phíopa agus fhad agus bhí sé d'a chathadh d'innis sé dó Mháire caidé'n cheist a chuir an ceannuidhe air i dtaoibh Nóra. “Mo Nóra bhocht,” arsa Máire, “cé aige a bhfuil fhios nach sin mar thiocfadh a hádh go fóill. Tá sí cúig bliadhna fichid anois agus is goirid go rabh sé i nam aicí a bheith ag dul i gcionn an tsaoghail agus mar bhfághmuid duine éiginteacht dí gan mhoill béidh sí díomhain ar ár lámhaibh go bráth. Tá súil a's Dia agam gur le gach sóirt ádha a d'fhág tú an bireach breac 'sa' bhaile indiu.” “Ní'l fhios agam fa sin,” arsa Eoin, “acht tá fhios agam so, go bhfuil mise stracuighthe, tuirseach, sáruighthe agus go bhfuil sé i nam againn an paidrín a rádh agus a dhul a luighe.” “Seo,” arsa Máire, “i nainm Dé, toiseochaidhmidh.” Chuaidh siad araon ar a nglúnaibh, agus dubhairt an paidrín agus annsin chuaidh a luighe agus bí cinnte gur chodlaidh siad go samh go maidin. Ar maidin lá-thar-na-mháraigh agus gach maidin eile go dtí maidin Dia Céudaoine, chuaidh Eoin agus Máire agus Nóra i gcionn a ngoithe mar ba ghnathach leo agus i rith ama so níor innis ceachtar d'a bunadh do Nóra fa cheist an cheannuidhe. Bhí Eoin Mac Loinnsigh ar a chóis go luath ar maidin Dia Céudaoine, obair an toighe deanta aige, agus é ar a bhealach go hÁrd-a'-Ratha, le n-a bhata dubh, droighean faoí 'n-ascal, ar an deich ó'chlog. Ní rabh aon aithghiorra ar an bhealach nach rabh fios cruinn ag Eoin air, soir a' tSrath Buidhe, thart Bun Cró- na-Lice, soir an Baile Iochtraigh agus síos go Machaire. Cinnte is minic a chuala Eoin an sean-rádh — “Cam díreach an ród, sé'n bealach-mór an aithghiorra,” acht níor thug sé mórán áird air indiu. Bhí barraidheacht deifre air. Cé gur bh'fháda an turas ó Ghleann-Locha go hÁrd- a'-Ratha, bhí Eoin annsin ar ceathramh 'un a dó, agus bhí sé ag congbhail súile géire, feichilt an bhfeicfeadh sé an ceannuidhe. Fa dheireadh tchí sé gluaisteán ag teacht anuas an tsráid ó chasan na nGleanntach. Nuair a bhí an
gluaisteán díreach ó's coinne Eoin stad sé agus thainic an tóganach leice amach as agus anall chuige. “Níor shíl mé,” arsa seisean, “go mbeithfeá annso comh luath. Caithfidh tú bheith tuirseach agus is fearr duit suidhe isteach annso agus ní bhéidh tú i bhfad a dhul a bhaile.” Shuidh Eoin 'sa' ghluaisteán, agus nuair a chonnaic an ceannuidhe go rabh sé cóirighthe i gceart ann, thiomain siad leo agus níor mhothuigh Eoin go rabh sé chómhair ag na bhaile fhéin. Ba é sin an chéud uair do Eoin a bheith i ngluaisteán agus bhí iongantas agus athas an dómhain air. Bhí sé ag amharc ar na daoine bochta ag siubhal ó Árd-a'-Ratha, agus déaradh sé leis fhéin, “nach deas a bheith annso, da bharr is a bheith annsin.” Fa dheireadh thainic siad fhad leis an áit a rabh casan toighe Eoin a' gearradh ó'n bhealach-mhór. Stad an carr agus chuaidh Eoin agus an ceannuidhe an chasain ag tarraingt ar an toigh. Chonnaic Nóra agus a máthair ag teacht iad, agus bhí an teach sgiobtha, glan, sguabtha acu, teine maith shíos, agus an citeal a fuicheadh nuair a thainic an bheirt fhear isteach. Bheannuigh Nóra agus a máthair dóibh agus chuir míle fáilte roimh an cheannuidhe 'un a dtoighe. Thug Máire cathaoir dó agus d'iarr air shuidhe i naice na teineadh. Ní rabh Nóra i bhfad ag deanadh cupa tae dó fhéin agus dó a hathair agus nuair a bhí sin ólta acu chuaidh siad amach ag amharc ar an bhireach bhreac. Bhreathnuigh an ceannuidhe ó cheann go ruball í agus ní rabh sé fhéin agus Eoin i bhfad ag socrughadh fa n-a luach. “Anois,” ars' an ceannuidhe, “caidé fa na rudaí eile?” Socruigheadh ar a luach sin fosta agus annsin thainic Eoin agus an ceannuidhe isteach 'un toighe arís. Bhí an ceannuidhe ag díol Eoin ar son na mbireach agus ag leagan amach coidé'n dóigh 'bhfhearr a bhfuigheadh sé ar siubhail iad. Thug Eoin gach sóirt tuaraisc dó agus nuair a bhí gach rud sochruighthe acu fa na birigh, d'amharc an ceannuidhe ar Eoin, agus, arsa seisean: “Tá ceist agam le cur órt. Thaitin do nighean liom ó'n chéud amharc a chonnaic mé oirthi agus thaitin sí mór- mhór indiú liom agus anois tá mé d'a hiarraidh ort mar céile. Níor labhair Eoin ar feadh tamaill agus annsin scairth sé ar Mháire agus d'innis dí caidé dubhairt an ceannuidhe. “Maise,” arsa Máire, “fághfaidh mise ar a lóntoil fhéin é. Ní chuirfidh mise chuici no uaithe. Sásuigheadh sí í fhéin.” Scairteadh ar Nóra annsin agus hinnseadh dí caidé dubhairt an fear óg. D'amharc Nóra ar a máthair, annsin ar a hathair, annsin ar an cheannuidhe agus annsin ar a máthair arís, agus arsa sise, “'Mháthair caidé dheanfas mé?” “Do chómhairle fhéin,” ars' an mháthair. “In ainm Dé,” arsa Nóra, “glacfaidh mé é.” Annsin d'éirigh an ceannuidhe agus chuir sé an cheist chéudna ar Nóra a chuir sé ar a hathair, agus arsa Nóra, “In ainm Dé pósfaidh mé thú.” Chuaidh an ceannuidhe annsin chuig a hathair agus socruigheadh go bpósfaidh an lánmhain óg seachtmhain ó'n lá sin. D'fhág an ceannuidhe annsin agus chuaidh Eoin leis ag tabhairt eolais an chasain 'un an bhealaigh-mhóir dó agus chuaidh Nóra agus a máthair a dheanadh oibre 'n toighe mar ba ghrathach leo. Seachtmhain ó'n lá sin pósadh Nóra Nic Loinnsigh agus Tomás Ó Dálaigh, ná budh sin ainm an cheannuidhe, agus d'imthigh siad go Baile-a'-Cliath, le “mí-na-meala” a chathadh ann. Nuair a thainic siad arís, thug Tomás cuireadh dó Eoin agus dó Máire Nic Loinnsigh dul leis fhéin agus Nóra 'na nGleanntach, mar go mbéadh an-chleachtad agus cumhaidh orra indiadh Nóra. D'aontuigh siad dhul leo, díoladh gabhaltas Ghleann-Locha, agus tá Eoin agus a bhean go súgach, samh i dtoigh Thomáis Uí Dhálaigh agus Nóra. Is minic anois a deir Máire le Eoin, “Nar dhubhairt mé leat, an lá d'iarr Nóra ort an bireach breac a fhághail 'sa' bhaile, nach rabh fhios agat caidé'n tádh a chuirfeadh sí orainn go fóill.” Ní'l focal le rádh ag Eoin már tá an fhírinne ag Máire. Is fíor agus is ró fhíor an tsean-fhocal: “Is fada 'nonn an rud nach gcuirfidh Dia 'nall.” (Críoch.) “Óirghialla.” CISTE AN ULTAIGH. £ s. d. Clochar na Trócaire, Dún-dealgan 7 0 0 An tAth. Éamonn de Blacar 1 0 0 Parthalán Mhag Eochach, Fó-bhreitheamh 1 0 0 Éamonn Mhac Gabhann, Dún-dealgan 0 10 0 Máire Nic Chráith, Mullach-Cháirlinn 0 10 0 S. Ó Domhnaill 0 10 0 An tAthair P. Ó Raghallaigh 0 5 0 Máire Ní Bhríartaigh 0 5 0 LEABHAIR GAEDHILGE. Má theastuigheann leabhar ar bith uait, nó eolus dtaoibh leabhair, cuir nóta ag triall ar MÁIRE NÍ RAGHALLAIGH, 87, Sráid Uach. na Driseóige, I mBaile Átha Cliath. TOMÁS MHAC CUILEANNÁIN, Ard-Cheannuidhe, Dún Dealgan. Ta togha gach bídh agus rogha gach dighe le fághail annseo. TRÍ LEABHAIR A'S OMÉITH. Ceolta Oméith. 1/- (post, 1/1) (Cnuasacht Rann agus Amhrán.) Pota Cnuasaigh. 9bp. (post, 10bp.) (Leabhar Sgéaltach atá oireamhnach do scoil Náisiúnta.) Oméith. 1/6 (post, 1/8) (Stáir agus Seanchus na háite.) Muireadhach Méith do chuir in eagar. Le fághail ó Oifig an Ultaigh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services