Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Lá Fheil' Pádraig na bhFeart. 1924

Title
Lá Fheil' Pádraig na bhFeart. 1924
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1924
Publisher
Comhaltas Uladh

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN t-ULTACH



PÁIPÉAR MÍOSAMHAIL FA CHOINNE GAEDHEAL TUAISCEART EIREANN.



Uiml. 1. Uimhir 3. LÁ FHEIL' PÁDRAIG NA bhFEART. 1924. Luach Dhá Phighinn.



AN t-ULTACH.
Árus Chonnradh na Gaedhilge,
5, Plás na Trágha,
Dún Dealgan.



Foillseóchthar “An t-ULTACH” an chéad lá de ghach mí.
LUACH: 2ph.; nó 3ph thríd an phost.



Sínteanas bliadhantamhail (airgead roimh ré) leis an
pháipéar a fhagháil thríd an phost, 3s.



Leitreacha:



Gach leitir a bhfuil baint aici le gnaithe an pháipéir seo,
cuirtear chuig an bhainisteóir í;



Gach leitir a bhfuil baint aici le h-Eagarthóireacht an
pháipéir seo, scríobhthar chuig an Eagarthóir í.



TEAMPALL CHONCHUBHAIR.



Is iomdha fearthainn agus fuacht
Is stuirm chuain do chuiris díot,
Ó tiodhlacadh thú ar dtús
Do Righ na nDúl mar thigheas.



— Seán Ua Coileáin.



Tchíthear damh féin go bhfuil cuma ar chuid cladach Thír
Chonaill, go bhfuil siad níos sine 'ná áit ar bith eile dá
bhfaca mé ariamh. Thig dreach na h-óige ar chuid fearann
féarmhar na tíre nuair a thig an t-Earrach, acht ní thógann
Earrach ná Samhradh an ghruaim de na creagachaibh breacha,
de na cladaigh dhubha, ná de na méiltibh loma gainimh atá
i dTír Chonaill Thiar.



Tá a shliocht ortha, tá stair agus seanchas fá na sean-
chreagachaibh céadna. Sean-seanchas ársaidhe uasal atá
ann mar bhéadh fiannuidheacht ann, atá ag cur le gnúis
chaithte na tíre.



An chéad Shamhradh a bhí mé anns na Rosaibh d'innis
seanduine sgéal damh a thaitin go mór liom. Tráthnóna
amháin bhí mé thíos fá Thobar an Chonnaigh ag amharc ar an
tsean teampall. Sin féin an áit ar fiú amharc oirthi. Tá
léana beag glas ar bhruach an chladaigh, agus an tsean-
bhallóg 'na seasamh air; an fhairrge mhór amach uadh go fíor-
ghlinnte an aéir.



Uaigneas, aois, agus farsaingeach!



Bhí gléas tarraingt pioctúireach liom, agus nuair a
chaith mé tamall ag amharc ar an teampall, tharraing mé
a phioctúir. Bhí an luthgháir orm, go rabh a léitheid agam
le teisbeáint do mo cháirde nuair a rachainn 'na bhaile go
Béal Feirsde.



Bhailigh mé liom mo chuid gléasraí annsin agus
d'imthigh mé siar an cladach.



Chonnaic mé seanduine ag tarraingt orm agus a
cholann dubh eadar mé agus léas. Thainig sé go dtí mé,
bheannuigh muid de chéile, agus chuaidh muid chun cómhráidh.



Ní rabh mórán aithne aige orm, ná mar dubhairt mé
cheana féin, ba é an chéad shamhradh damh a bheith thíos é. Ní
rabh fhios ag na daoinibh c'ainm a bhí orm an t-am sin. Acht
tá a fhios ag an tsaoghal anois é. Mac Seamsaigh Bhéal
Feirsde a bheir siad orm, agus i n-amannaibh Mac
Seamsaigh Néill Mhóir — siocair mé a bheith ar ceathramhain
'toigh Néill Mhóir.



“Nach deas an teampall é?” arsa mé féin.



“Maise ní'l fhios agam goidé deas a tchí tú ann,”
arsa Roibín Chonaill Óig.



“An gcualaidh tú ariamh goidé mar rinneadh é?” arsa
Roibín.



“Ní chualaidh, maise,” arsa mé féin.



Shuidh Roibín ar chlaidhe fód os mo choinne. Bhí an
solus ag cur dath ann a shean-leiceann. Taobh thiar de, bhí
mé ag coimheád ar an lán mhara ghlas ar crith, agus an
ghrian ag gabhail síos i n-aice na tuinne.



“Bhí fear 'na chómhnaidhe anns an áit seo,” arsa Roibín,
“fad ó shoin. Fear tábhachtach bláthmhar a bhí ann, a bhí comh
h-ionraice agus go dtug na comharsanaí Conchubhar
Cneasta air. Ní rabh aige acht é féin agus a mhac, agus bhí
siad go seascair: taobh tíre de thalamh aca agus teach
maith fiúntach.



“Thainig droch bhliadhain agus bhí cuid mhór daoiní ar
an anás. Má bhí féin, is iomdha déirce a rinne Conchubhar
Cneasta agus a mhac ortha. Acht is doiligh a dhul de na
daoinibh, agus indiaidh comh fial agus bhí siad, bhithear ag
goid uatha. Oidhche amháin, arsa Conchubhar le na mhac: ‘Tá
mo chuid préataí ag imtheacht as an sciobál; tá mé ag dul
amach anocht a choimheád go bhfeicidh mé an rachaidh agam
greim a fhágháil ar an ghadaidhe.’



“Chuaidh. Eadar sin agus maidín, nuair a b'fhada leis
an mhac a bhí sé gan sgéala a fhágháil as an sciobál, d'éirigh
sé agus chuaidh sé amach. Fuair sé an seanduine gránna
'na luighe ag saothrughadh an bháis. Thainig an gadaidhe,
agus nuair a chonnaic sé gur h-aithniughadh é, bheir sé ar
fhorc agus sháith sé i gConchubhar go bun na mbionglán í.



“Thoisigh Conchubhar Óg a chaoineadh agus a fhiafruigh
de'n athair cé a chuir 'sa chluiche sin é. Ní innseochadh sé
dó an chead uair é. Acht fá dheireadh, d'innis sé ainm an
ghadaidhe dó, ar shéala gan é trácht air le duine ar bith go
bhfuaradh an bás a bhéal.



“Tugadh an sagart chuig Conchubhar Cneasta agus ní
mó ná gur bheir sé beo air. Nuair a fuair sé bás rinneadh
é a fhaire go fiúntach, agus cuireadh anns an roilig é ag
cnámhaibh a mhuinntir.



“Chuaidh seacht mbliadhna thart. Níor thrácht Conchubhar
Óg le'n duine ariamh ar an ghadaidhe. Níor bhfada gur
imthigh 'acha'n seort mí-rath ar an ghadaidhe. Fuair sé féin
bás, agus d'fhág sé bean agus díleachta na dhiaidh. Chuaidh
an bhean rud beag ar seachrán san inchinn, eadar
bhuaidhreadh an tsaoghail agus an bhoichtíneacht, agus 'acha'n
chinéal leis an chinéal eile. Ba é an deireadh a bhí oirthí go
mb'éigean daoithe an dorus a tharraingt amach 'na diaidh
agus a dhul a chruinniughadh a codach.



“Lá amháin Earraigh bhí Conchubhar Óg na 'shuidhe anns
an sciobál ag scoilteadh póir, agus cé thainig isteach acht
bean an ghadaidhe. Chaith sé gráinín préataí chuicí, agus
d'imthigh sí. Acht goidé a rinne an tachrán acht cromadh
a gh-ámhailligh ar na préataí a bhí ar an urlar, agus ní rabh
oiread de stuaim ag an mháthair agus gur chruithnigh sí é.
Bhí Conchubhar tamall fada ag coimheádh air, agus is
cosamhail sa deireadh gur spreag an diabhal é. Bheir sé
an spáid agus rinne sé leircín de'n tachrán ar bhun an
urláir.



“Nuair a bhí an gníomh déanta, bhuail an t-aithreachas
Conchubhar agus bhuail an eagla é. Thug sé leis corp an
leinbh agus chuir sé é eadar an tuighe agus na scrathaibh os
chionn fhuinneóig' a cistinighe. Chuaidh cuartughadh ar an
leanbh, acht ní rabh sé le fágháil thall ná i bhfos.



“Chuaidh seacht mbliadhna eile thart, agus lá tuairisge
ní fuaras fá'n leanbh, go dtí lá amháin a bhí an sagart ag
léigheadh aifrinn 'toigh Chonchubhair Óig. Bhí an altóir ag an



(Ar lean. ar leath. a 5.)


L. 2


GIOLLA NA n-EARRMHÚINTE



“Suidh síos a bhitheamhnaigh! Níl beo ort muna bhfuil
tú a cur dílse millte faoi rud ínteacht. Gabh aníos 'na
clúide annseo agus ma choruigheann tú súil béal no bonn
go h-am codalta anocht, bhéarfaidh mise 'n rud atá tuillte
agat dhuit.”



“Arú, dheaidí mhóir, ar ndóiche níl mé déanamh dadaí
ort-sa anois, agus nach bhfuil mé marbh sa chlúid agat ó
mhaidin go f'oidhche.”



“Tá go dearbhtha marbh sa chlúid! Ó! a Bhriain na
gcoinneal, ba doiligh sin tusa a choinneal sa chlúid, tá
oiread earrmhúintí agus mion-chneamhaireacht ann do
cheithre cnámha agus a bhí anns an t-seachtar mac a thóg mé
ar m'urlár agus ní bréag ar bith sin. 'Níos annseo leat
agus leig do'n chat, na ní bhéidh sé ar a shon sin agat; dar
a leabhra nuair a thiocfas d'athair agus do mháthair a bhaile
dhéanfaidh mise 'n chasaoid bhuidhe ort (agus dar a leabhra
eile, mar' athruigh siad go mór, ní bhéidh moran agam ar a
son sin).”



Tháinig Giolla na n-Earrmhúinte aníos leath-
fhaillightheach go maith agus shuidh sa chlúid agus leóga fhéine
níor da dheóin a leath. Níor bhréag Giolla na
n-Earrmhúinte air, na ní théigheadh trághlacht air ó mhaidin
go neóin ach a déanamh rud ínteacht as a bhealach.
B'amhlaidh a bhí sé nuair a cuireadh 'n bagar seo thuas air,
agus cat mór brocach crochta ar lorg a rubaill aige os
cionn tuban uisge, agus chuirfeadh 'n sgeamhlach a bhí ar
an bheitheadhach bhocht sin crádh croidhe, déistean fiacal,
agus clár ar chluasa' 'ach duine beo ach Seáinín fhéin, agus
sé'n rud a bhí seisean a preabadaigh le h-aoibhneas agus
a cur cárannaigh ar éadan agus é ar a theann dithchill a
sgeamhlaigh ag aithris ar an chat. Ba é Seáinín Giolla na
n-Earrmhúinte. Sumachan de ghasúr bheag bheathuighste i
gcionn a naoi mbliadhan a bhí fá'n taca seo; aon mhac
amháin muinntire agus éan gan moran comhairle daríribh.
Bhí bród agus aoibhneas an domhain ar 'athair fo dtaoibh de
ná dubhairt 'ach duine go rabh an dís comh cosamhail le chéile
le dhá sgadan; agus i dtaca le n-a mháthair dó, shaoil sise
nach rabh a leithid dh'aingeal le fághail ar dhruim a domhain,
agus ma bhí sé millte agus 'n-a pheata gan chomhairle is
í a rinn' leis. Bhí sé comh cúramach aicí leis an t-súil a
bhí ann a ceann, bhéarfadh fuil a croidhe dhó sul ma
bhfeiceadh sí digh na díoghbhail ar bith air, agus dhéanfadh
rud ar bith ar a domhan le n-a shásamh. Creidim nár
bh'íonadh sin, ná is íontach grádh agus cion na máthra ar a
páiste fhéin, ach níl an mháthair sin a déanamh mar is cóir
a bheir barraidheacht réum do'n pháiste as ucht an cheana
atá aicí air. Fuair Seáinín bocht réum go leor a dtús
a shaoghail agus d'fhág sin é fhéin earrmhúinteach cleasach
agus i bhpluc an amhgair go minic. Má bhí sé mar seo
fhéin, ní gasúr é a rabh dí-mheas aige ar athair nó ar a
mháthair; bhéadh sin a n-aghaidhe na nádúire ó bhí siadsan co
h-an — chionamhail air, ach na dhiaidh sin ní dhéanfadh sé i
gcomhnaidhe 'ach nidh ar a gcomhairle. Mar mbéadh ann do
chorp ach a'n gháire amháin bhainfidhe asat é, dá bhfeictheá an
mháthair bhocht i ndiaidh Sheáinín lá agus slaitín leithe le n-a
bhualadh, má b'fhíor, an áit ar ghoid sé a baineid úr
Dhómhnaigh as a chórtha a dh'iomchar clábair inntí le cuidiughadh
le n-a chomráda Micheal Sheáin teach a dhéanadh sa gharraidh
i gcúl a toighe. Is iomaidh cleas de'n t-seórt seo a
d'imir sé oirthi agus ar dhaoine nárbh í.



Cibé cuing na smacht a bhí ag duine ar bith ar Seáinín
is ag n-'athair mór a bhí sé, agus ba mhinice i bhfad a
bhagruigheadh seisean fhéin na bhuaileadh sé agus ba ghoirid
go dtearn Seáinín neamh-íontas de ghlórthai'-san fosta
agus go dtéarn cíor thuaithbeal i gceart dó. Níorbh é
sin a chomaoin ná bhí cion ar leith ag an tseanduine air,
agus bhí i n-a chionn an mhaith dó, agus ó bhí sé i n-innibh
siubhal igceart go dtí n-aois a rabh sé anois ann níor
mhairg dó bheith faoi chúram athar móir.



Acht mo Sheáinín bocht, caidé'n chiall a bhí aige ach an
chiall cheadna a bhí againn uilig nuair a bhíomar ann aois,
agus dá olcas is mar bhí sé, rinn leath-smulcaigh agus
sean ghasraí an bhaile naoi n-uaire ní ba mheasa é.
B'iadsan a chuir suas é le dhul a bhaboireacht ar athair
mór, a d'innis dó caidé mar bhainfeadh sé a míopú as
Anna Eóin an sean chailín a bhí sa chomharsantacht aige, a
thug dúdóg dó le go bhfuair sé blas ar an phíopa agus a
d'fhoghluim na rannta dhó, a bhí na mbun mírinn agus mío-
shuaimhnis ar feadh na mblianta. Bhí mo dhuine bocht gan
choir agus shaoil go rabh go bréagh ach sult agus greann a
dhéanamh do chuid comrádaíní.



Bhí sean bhuachaill, Seán Úna, i n-a chomhnaidhe sa
chomharsantacht ag Seáinín agus duine an-éadtrom sa
ghráinín a bhí ann. Ní rabh moran aoise ag Seáinín nuair
a d'fhoghluim na sean ghasraí rann dó a bhí fhios aca a
chuirfeadh corrghail ar Sheán. Nuair a chruinnigheadh na
sean smulcaigh seo le chéile tráthnóna i ndiaidh am scoile,
no Dia Sathairn nuair nach mbíodh buaidhreadh scoile ortha
agus nuair a bhíodh 'ach aon chineal eile cleasuidheachta
sáruighthe ortha, chuirtí Seáinín bocht i n-aghaidhe na bpiolár
fhad le teach Sheáin Úna no go ndéaradh sé an rann seo ann
agus go bhfághadh siad Sean bocht i n-a ndiaidh. Ní thug
eagla na uathbhas ariamh ar Sheáinín locughadh ar an
teachtaireacht seo agus ní bhaineadh sé méar dá shróin na
go gcuireadh sé a cheann isteach ar dhoras Sheáin agus go
dtúsuigheadh:—



“Mise Seán Ua Gadhra mise Seán a mhála
Coigeallach gan náire mo bhacach fríd a tír
Muna bhfághaidh mé min ar scála, sin a's mias
mhaith bhláithche
Feannfaidh mé mur gcnámha má d'fheann mé
duine 'riamh.”



Dar a leóga ní h-é beannacht Dé no Mhuire, Cré na
n-Aspal no Fáilte 'n Aingil a theidheadh a gclupaidí
Sheáinín ar fhágail an dorais dó ach is minice i bhfad a
bhíodh a shean léim le tabhairt san aer aige, leis an mhaide
bhriste no fód dearg ó'n teinidh a sheachnadh ar a theitheadh
dó. Mo dhuine bocht is iomaidh cor bealuigh a bhí aige le
cur ar fhéin ariamh, dá bharr a chuid iomlata agus
earrmhúintí agus is iomaidh gríosail mhaith a thabhuigh sé dó
fhéin fosta ach mar sin fhéin ba tapaidh uaidh dearmad a
dhéanamh de sin nuair a thigeadh mian na h-iomlata fríd.



(Tuilleadh le teacht.)



P. Mh. S.



DRAOI-LUS.



Oidhche fhuar anróiteach a bhí ann, cupla lá roimh an
Nodlaig. Bhí sráideanna na cathrach dubh le daoine, fir
agus mná ag dul 'na bhaile agus gnoithe an lae críochnuithe
acu; dream eile ag ceannacht pronntanaisí Nodlag dá
gcáirde; buachaillí óga agus cailíní deasa ag spais-
teóracht dóibh fhéin; gasúir bheaga ag amharc isteach i
bhfuinneógaí na siopa, íad ag cainnt agus ag bainnt lán na
súl as rudaí deasa nach dtiocfadh leó cheannacht. Agus
na gluaisteáin, agus na rían-chairr — bheifeá bodhar acu —
“Grág! Grág!” “Cling! Cling!” acu gan stád. Agus
h'obair damh dearmad a dhéanamh ar ghasraí na bpáipéir,
“Herald! 6.30.” “Teilegreáf!”



Bhí leabhar ceannaithe agam, agus mé ag gabhail síos
na sráide agus é faoí 'n ascail agam, nuair a cuireadh
cosg liom. Cailín a bhí ann — cailín a raibh draoí-lus le
díol aici. Cailín donn a bhí innte, seál caithte thar na
guailnibh uirthí, agus rían an bhuaidheartha agus an anróigh
na héadain. “Mistletoe,” ar sise. Ní rabh sé de
dhíoghbháil orm.



“Á, déan, a ghasúir!” ar sise, nuair chonnaic sí idir
dhá chómhairle mé. “Féach an dóigh bhocht atá orm, agus an
Nodlaig ag teacht” — no rud éighinteacht mar sin.



Shocruigh an “gasur” an sgéal. Chuarduigh mé mo
phócaí, agus eagla an domhain orm nach mbeadh airgead
ionntú. Fuair mé sgilling 'sa deireadh agus thug mé
duithe é — ach dá leagfainn mó lámh ar nóta phúint an uair
sin, gheóbhadh sise é!



Thug mé an sgilling duithe; fuair an draoí-lus nach
rabh uaim — agus theich! Dá bhfanfainn boimite eile ag
amharc ar a' ghiorrach ud… bhéadh mo chroidhe sgiobtha
ar shiubhail aici!



Chuireas mo mhallacht ar an mhín-tíreachas sin a chuireas
léitheid an chailín sin ag siubhal na sráideann, “faoí shneacht
is faoí shioc,” is a fhágas sócal as maoin an tsaoghail seo
ag bithúnaigh, nach fiú íad, b'éidir íall a bróige a
cheangailt.



(Ar lean. ar leath. a 3.)


L. 3


“Ár n-athair ós é Ádhaimh,
Is ár máthair ós í Éabha,
Nach bhfuil a dtainig uatha,
Chomh huasal le na céile.”



A fhile adaí a mholas na beannta árda, agus na
srutháin cheólmhara, nach léir duit éagcóir an tsaoghail seo.
B'éidir gur shíolraigh an bhean adaí ó uaisle Éireann, agus
gur de shliocht Chromail choimhthigh na daoine a bhfuil meas
agus cáil ortha. Dá dtabharfainn gean do chailín acu súd,
mhaithfí damh; acht dá dtabharfainn gean don ainnir úd an
dhraoí-lus, bhéinn sgriosta, náirighthe, dár le hamadáin an
tsaoghail. Nach cuimhin liom fhéin an píonós a chuir na
múinteóirí ar bhuachaill bhocht a bhí ar sgoil liom fhéin,
siocair gur labhair sé le fear bocht a bhí ag obair amuigh i
bpáirc na sgoile.



Más míntíreacas é sin — sgriostar míntíreachas na
nGall.



“Táid fóirne ag fás sa Chlár seo Logha líomhtha
Dár chóir bheith tláth, gidh árd a rolla ag sgaoileadh;
Síol Eoghain gan áird, 'san tál fhuil bodhar chlaoidhte
Sna hóig ón mBán-tSrath sgáinte i gcoigcríochaibh.”



A Mháire, goirim thú. Bhí 'n cheart agat nuair a
dubhrais gur b'é an Pom a bhéadh ann ar ball, dá mbéadh
cead a gcinn ag daoinibh áirithe. Má bhíonn an lá leóbhtha
súd, tchifidh tú na mílte rud nár samhluigheadh ríamh duit,
agus tú in do pháiste chois cladaigh Cheann-Dubhrann.
Tchifidh tú céilidhthe selectáltha dá bhfógairt 'sa teanga
oifigiúil — céilidhthe a mbéidh deich bpunnt an duine mar
táillí ortha, le na ndéanamh “select.” Ní bhéidh Tonnaí
Thóraidhe, ná Ballaí Luimnighe, ná na “Híelans” dá
ndamhsadh ionnta. “Jazz-anna” uilig a bhéas ionntu.
Agus ní leigfear Máire, na Méadhbha, ná Sorcha, ná Síle,
ná Eibhlín, ná tú fhéin isteach. Ní leigfear mise, ná
Éamonn, ná Seán, ná Toirrdhealbhach, isteach ach oiread.
Goidé bhéadhmaois a dhéanamh ann, agus gan leath againn
“select” go leór dóibh.



Is olc an rud é droch mheas a bheith agat ar bhochtaibh
Dé. Nár bhféidir leis íad-san a dhéanamh saidhbhir, dá
m'áil leis é! Ach, cá bhfios nár thug Sé pronntanas dóibh
nár thug Sé do lucht an tsaidhbhris chor ar bith. Fear bocht,
is dócha, a dubhairt na focla seo ag moladh a ghrádha — ní
feasach dúinn fiú ce'r bhé, nó arbh Ultach, Muimhneach,
Connachtach no Laighneach é — ach sáruigh na focla seo — más
féidir leat:



“Is áilne í ná'n lile, is deise í ná'n sgéimh,
Is binne í ná'n bhéidhlín, is soillsighe í ná'n ghréin,
Is fearr ná sin uile a huaisleacht 'sa méinn
'Sa Dé tá ins na flaithis, déan fuasgladh dom phéin.”



Nach annamh a smaointigheas an Sasanach, dá
“selectídhe” é, ar rud mar sin — “a huaisleacht 'sa
méinn.” A fhile, mol na cnuic, más áil leat, ach na déan
dearmad ar na DAOINE seo, óir más íad na cnuic a thug
na filidhe móra dúinn, creidim gur b'íad na daoine a
chuidigh leobhtha chun Pádraig Mhac Píarais agus
Toirdhealbhach Mac Suibhne a thabhairt dúinn.



“Donn Piatth.”



MUINTEAR NA CEILLE.



Chomh fada siar agus thiocfadh le muintir pharaiste
Chlocháin Duinn a chuimhneamh air, bhí an droch-ainm ar
Pharra Pheadair Bháin. Parra Ó Gallchobhair an t-ainm a
baisteadh air ach siocair Peadar Bán a bheith ar a athair,
b'fhéidir sin nó 'chionn na ndroch-chleasanna chleachtuigheadh
sé, ní bhfuair sé ariamh ach Parra Dubh.



Ní raibh damhsa nó faire nó a dhath mar sin, 'sna seacht
bparaiste gan Parra a bheith ann ó nach raibh sé ach comh
h-óg sin, 'chionn is go bhfuair a mháthair bás agus í 'á
thabhairt ar an t-saoghal, agus d'fhág sin a athair gan an
toil nó an intinn láidir a sháith le smacht a chur air. Na
daoine a raibh ainm na céille orra dheireadh siad, “An
diúlach sin Pheadair Bháin — tá sé éadtrom 'sa' chionn i
gceart. Béidh droch-chríoch air, adeirim leat,” agus
d'fhágadh siad an scéal mar sin.



Fá'n am a bhfuil mé ag cainnt air bhí Parra Dubh
corraidheacht fíche bliain d'aois agus bhí 'acha'n chosamhlacht
air nach raibh ach an fhírinne ghlan ag an mhuintir a raibh cáil
na céille orra. Bhí dhá nídh ag déanamh buaidheartha dó.
Bhí sé i ngrádh. Ó'n chéad uair a leag sé a dhá shúil ar
Eibhlín Ní Ghabhann thoir ar an damhsa i gCluain a' Mhadaidh
ní thug sé duithe ach grádh agus gean a chroidhe i n-iomlán,
agus mo thruaigh mar scéal, bhí an cailín 'an dóigh cheadna.
Bhí Parra árd dóigheamhail, gruag chasta dhubh air, agus cé
nach raibh cuma ró-mhaith ar a aghaidh — b'fhéidir go raibh an
t-srón pas bag fada — thiocfadh leat an fhírinne a fheicilt
ag soillseadh amach chugat fríd a dhá shúil, agus bhí an
chumhacht do-mhínighthe sin ar mhnáibh aige nach mbíonn ac' ag
an té nár bhronn Dia an dóigheamhlacht air. An dara
buaidhreadh a bhí ar Pharra, bhí dúil nimhneach 'san ól aige
agus sin a' rud ba mhó a bhí ag cur as do'n chailín. Ní
éireochadh sé as an ól agus ní ghlacfadh sise é mura
n-éireochadh. Bhí togha a' dá chlaidhe aige. Bhí an dúil insa'
chailín agus an dúil ins an ól ag strachailt i n-éadán a
chéile agus gan ceachtar acu ba láidre na a chéile, shílfeá.
Sa' deireadh fuair an cailín an bhuaidh. Thug sé geall
duithe gan deoch a bhlaiseadh ar feadh trí míosa, agus bhí sí
sásta go leor leis sin. I rith na céad seachtmhaine, bhí
'acha'n duine ag déanamh iongantais fá'n dóigh ar éirigh
Parra Dubh as an ól. Bhí an deagh-fhocal ag 'acha'n duine
dó, taobh amuigh do Mhuintir na Céille. “Humhth, ní
mhairfidh sé seo i bhfad,” ar siad-san. “Fan go bhfeicidh
sibh. Tá lorg a' rópa ar a mhuinéal.” Maidir le Parra é
fhéin, bhí sé millteanach doiligh air a choinneáilt amach ó na
toighthe biotáilte an chéad uair, ach i ndiaidh a chéile bhí sé
ag teacht 'un tosaigh go tréan agus i ndeireadh na dtrí
míosa, bhí an dúil insan ól comh glan faoí chois, gur mheas
sé, le n-a chruthú d'Éibhlín nach raibh sé ag 'ul a bhlaiseadh
feasta, gur mheas sé siubhal isteach i dtoigh biotáilte agus
'fhuireach annsin go ceann leath-uaire agus mura sásochadh
sin í, ní shásóchadh an saoghal í.



Faraor géar mar leis na deagh-rúin! Ní raibh sé
bumaite istoigh go dtainig an sean-scairt chuige — scairt
an óil. Bhí an scairt ró-láidir dó. Shiubhal sé fa' choinne
an dorais agus ar ais leis aríst. “Leith-ceann,” ar
seisean, ag déanamh dearmaid ar a chailín donn uaigneach.
Níor bh'fhada gur cuireadh i gcuimhne dó í. Chuala sé an
glór ar a chúl. “Creidim,” ars an glór, “go bhfuil Éibhlín
Ní Ghabhann ag 'ul a phósadh. Truaigh liom an duine bocht
a gheóbhas í — an rud póstamhail, ní'l meabhair nó maith innti,
ach í ag síor-rith i ndiaidh na ndaoine is fearr ná í fhéin.
Duine bocht, gearr go raibh ciall cheannaigh aige” — sin ar
dhubhairt sé nuair a fuair sé an dórn i gcúl a chinn, agus
ó bhí an mí-ádh ar Pharra an oidhche adai, thuit an fear a
buaileadh ar a mhalaigh i n-éadán an laiste ar an doras
agus thoisigh an dearg-fhuil ag rith as.



Dhearc Parra ar an chorp agus seort mearáin air,
shílfeá. Annsin amach a' doras leis sul a fuarthas faill ar
greim 'fhaghail air.



Nuair a chuala muintear pharaiste Chlocháin Duinn an
scéal fa' dtaobh de Pharra, is amhlaidh a chraith siad a
gceann, mar dh'eadh go raibh 'fhios i gcomhnuidhe ariamh caidé
an droch-chríoch a bhí i ndán dó. Dia Dómhnaigh thug an
sagart paraiste seanmóin (do na fir óga go speisialta,
dubhairt sé) fá'n chrích a bhíos i gcomhnuidhe ar dhuine de
sheórt Pharra Dhuibh, agus má bhí an droch-ainm ar Pharra
Dubh roimhe sin, ba sheacht mó an droch-fhocal a tugadh dó
'na dhiaidh sin.



Le n-a chois seo, bhí an toraidheacht go géur 'na dhiaidh ach
i n-aimhdheóin an fhuadair is uilig ní bhfuarthas greim air.
Chuaidh sé glan ó eólas na mbrathadóirí. Shíltheas go
ndeachaidh sé go Béal Feirsde ar an chéad traen agus
gur shleamhnuigh sé as an tír ar long inteacht. Cibé ar bith,
fuair sé sábháilte ó'n dlighe agus le h-imtheacht na
h-aimsire, nuair a fuair an paraiste adhbhar casaoide ar
dhuine inteacht eile, rinneadh dearmad air 'sa' Chlochán
Donn.



Bhí sé comhair a bheith deich mbliana 'na dhiaidh seo a thuitim
amach nuair a chuaidh an sagart paraiste céadna soir go
Sasana a chaitheamh cuid dá laethibh saoire. Bhí sé ag siubhal
an t-sráid i Libherpúl lá. Ag teacht timcheall cúinne dó,
chonnaic sé páisde beag ag rith roimhe le gluaisteán.
Rinne sé léim le é a sábháilt, ach má rinne bhí duine roimhe
agus caitheadh an leanbh as a' bhealach. Nuair a stad an
gluaisteán ní rabh 'fhios ag aon duine ca h-ainm nó ca h-as
an fear marbh — fear an éadaigh ghiobalaigh a thug a anam
comh dána sin ar son an leinbhín. Nuair a chuaidh an sagart
'na bhaile, sé an t-seanmóin a bhí aige an chéad Dómhnach, an
tecs, “A anam a thabhairt ar son a charad, an grádh is mó
dá dtig le duine bheith aige,” agus tharraing sé chuige mar
shompla an fear bocht a chonnaic sé i Libherpúl. Ní raibh
fhios aige gurbh é Parra Dubh — an fear a chuaidh “an bealach
contráilte” — an fear a shábháil an leanbh. Agus lean
Muintear na Céille a shílstin go raibh an ceart acu.



T. Ó R.


L. 4


AN t-ULTACH.



LÁ FHEIL' PÁDRAIG NA bhFEART.



Lá Fheil' Pádraig na bhFeart
A bhaineas an neart a's an chloich ghlais
Béidh nead i ngach coill, breac i ngach linn
Agus laogh boinneann biadhttha i ngach buaile-bhó in Éirinn.



A Phádraig atá i bhflaitheas Dé gan locht,
Fagh grásta a's párdún don té atá bocht;
Seasaigh im' láthair nuair a bheas mé gan neart,
Agus siubhal liom mar ghárda, a Phádraig na bhFeart.



A Phádraig ó'n leanbh so fuair
Bachaill Íosa mar buaidh a's grás,
A Chuilm gan dúmblas 'do chlíth,
'Sa Bhríghid, bí linn do ghnáth.



Oisín cct. — A Phádraig an bhachaill bháin,
Má's air do láimh atá an chúis,
Leig liom go Flaitheamhnas Dé
Mo ghadhar a's mo chú.



Is léir don tsaoghal Fódlach go dtairngneóchthar
anuas Ceist na Dleachta (Tariffs) aig an chéud togha eile,
agus go bhfágfar fá mholadh na ndaonnaí í. Bhí Scéim-
Dhleachta leathan-aigeantach ceaptha aig Árt Ó Griobhtha
bliadhanta ó shoin, agus bhí fonn air an scéim sin a chur
i bhfeidhm dá bhfuigheadh sé amar air. Deirtear nach bhfeil
lucht stiúrtha an Riaghaltais air a'n fhocal fá dtaobh de'n
cheist anois, agus gur féarr le cuid aca an scéim a chur i
leath-thaoibh. Badh chóir dúinn uilig an cheist a léir-mheas go
haireach, ionnus nach mbéadh mearbhall orrainn dá gcuir-
fidhe ós ar gcomhair go tobann í. Chan ceist phoiliteadhachta
í, acht ceist náisiúnta a bhaineas le híseal agus le huasal.



Cuireadh Commisiún air bun chun an cheist a
leirsgrúdughadh cupla míosa ó shoin, agus tá toradh a gcuid
oibre againn anois. 'Sí an chomhairle a thug siad don Dáil
nach rachadh sé i dtairbhe don tír Cáin Chosanta a chur air
na hearraidhe a thigeas thar lear. Tá a lán nach bhfeil
sásta leis an chomhairle sin. Deirtear nach dtugadh
cothrom na Féinne dos na fiadhnaisí a bhí ag claonadh leis
an Cháin, agus gur aith-cheistniughadh go géur — námhadac
iad. Pé scéul é, cha dtig linn fhéin “Cunntas” an
Chommisiúin a mholadh air a chríochnamhlacht ná air a
chóimhsheasmhacht. Tcídhtear dúinn go dtig se 'na aghaidh
fhéin go minic.



Dar leis an Chommisiún, “dá gcuirfidhe Cáin Cosanta
air na hearraidhe gallda, thiocfadh na deantóirí gallda
isteach agus chuirfeadh siad fútha annseo, dálta an
Imperial Tobacco Company.” Agus nach mbéadh fáilte
rompa dá dtiocfadh siad. B'fhéarr linn agus b'fhéairrde
do'n tír seo an tairgead a bheith againn fhéin le haghaidh
na monarchanna a thógailt agus saslach a chur isteach
ionnta. Acht tá rud is mó suime ná sin — na lámhfradha a
dhéanamh in Éirinn, ar chor go dtabharfaidhe obair dos na
daonnaí bochta agus go gcoinneóchthaidhe na daonnaí óga
'sa' bhaile in Éirinn, pé áit 'na bhfuighfidhe an tairgead.
Cha bhfuigheadh an fear thall acht 5 'sa' chéud, no 10 'sa'
chéud, air an airgead a leagfaidhe amach aige, agus
caithfidhe an chuid eile ins an tír seo.



Dhíol Sasana 3,744,000 péire bróg le muinntir na
hÉireann anuraidh, ar bhfiú tuairim a's £2,000,000 iad.
I mí na Samhna amháin, cuireadh 475,000 péire isteach
o Shasana, air a dtugamar £237,000. 'San mhí chéudna,
char dhíol Sasana acht 108,000 péire le tíortha eile. Chan é
sin amháin, acht thainic bróga isteach annseo ó Ameriocá
agus Ástráilia fosda. Tá Iris na nGréasaidhe Sacsannach
lúthgháireach nach gcuirfear Scéim Dleachta i bhfeidhm san
tír seo, nídh nach iongnadh.



Tá ceithre monarchanna in Éirinn na ndeantar bróga
gur fiú £250,000 iad gach bliadhain, agus 'na dtabharthar
teacht-i-dtír do 500 oibridhe. Dá gcuirfidhe cáin chosanta
air na bróga a thigeas thar lear, deirtear gur goirid go
ndeantaoí bróga in Éirinn gach bliadhain ar bhfiú
£6,000,000 iad, agus go dtabharthaoí obair do 15,000
fear. Acht, dar leis an Chommisiún, b'fheairde i bhfad don
tír na monarchanna seo a bheith i gcóimhlinnt leis na
monarchanna thall, air eagla go rachadh aca Cóimhcheangal
nó Trust a chur air bun chun an trachtáil go léir air
bhrógaibh a thógáilt chuca fhéin. Chan fheil a shárugadh sin le
fághail!



Tá an tír seo báidhte i mbochtaineas agus chan fheil
dúil againn le furtacht fá láthair. Féuc an íde atá air na
feirmeóirí agus air na hoibridhthe — tá siad uilig in
iobladh bhocht. Cha chuireann sé iongantas mór orrainn
go bhfeil cuid aca ag éirghidh díbhfeargach. Bíodh gurab iad
argain agus scrios an dhogaidh is cionntach leis an
chruadhtan agus an easbhaidh, tá bliadhain caithte anois ó
cuireadh stad air an chogadh, agus cha dteachaidh an
Riaghaltas aon choispeán air aghaidh chun drocbhail na tíre
a leasughadh. “Geall morán agus teana beagán” a
bhíonns aca mar fhocal faire. Tá an Ghaodhaltacht 'ga
bánughadh aig an ghorta, acht dubhairt Fionán Ua Loinnsigh
nach raibh 'san scéul acht “dópe agus stunt.” Dá mbéadh
an Riaghaltas Gallda againn go fóill, bhéadh náire air na
Sasanaigh a chomh brúideamhail sin de chómhrádh a dheanamh.
Bhí imnidhe air Fhionán fá dtaobh de'n Ghaodhaltacht uair
amháin, agus char mhaith linn a mheas go bhfeil sé ag éirghidh
dúrchroidheach i lá a shonais. Go réidh, a bhean na dtrí mbó!



Muireadhach Méith.



AN FÁINNE.



BEANNACHT AN ÁRD-EASPUIG.



Bhí oidhche mhór in Árus na Gaedhilge nuair a bhí
Tánaiste-Chomharba Phádraig, an tÁrd-Easpog Ó
Domhnaill, i láthair aig an chruinniu míosamhail. Thug sé a
bhuidheachas air son na fáilte a fuair sé, agus labhair sé
mar leanas:



“Tá mé buidheach dhíbh uilig mar gheall ar an fháilte
chroidheamhail a fuair mé annseo anocht ó lucht an Fháinne
agus ó Chonnradh na Gaedhilge i nDún Dealgan. Tá
lúthgháir mhór orm a bheith i nbhur measc, agus ár dteangaidh
dhuthchais fhéin a chluinstin ag an chruinniughadh seo. Tá a
fhios agam go maith go bhfuil gach duine de lucht an Fháinne
agus de Chonnradh na Gaedhilge i nDún Dealgan ag
déanamh a mhór-dhíthcheall le cúis ár dteangtha fhéin a chur
'un tosaigh. Is deacair an obair atá eadar lámhaibh
agaibh. Tá a lán le déanamh againn go fóill le n-ár
dteangaidh fhéin a shábháil agus í a chuir ar bhéalaibh na
ndaoine aríst. Ach, ná bí beag-uchtach. Déanaigidh bhur
ndíthcheall, agus, le congnamh Dé, béidh toradh le feiceáil
as bhur gcuid oibre i gcionn tamaill eile.



“Cha dtiocfadh libh rud eile níos fhéarr a dhéanamh ná
an Ghaedhealg a labhairt i gcomhnuidhe le bhur gcáirdibh a
bhfuil an Ghaedhealg aca. Déanaigidh sin, agus dhéanfaidh
sibh bhur gcuid fhéin leis an Ghaedhilg a chur 'un cinn. Táim
sásta go bhfuil spéis mhór agaibh san Ghaedhilg, agus
taitnigheann cruinniughadh cosamhail leis an chruinniughadh
seo go mór liom.



“Tá sibhse i nDún Dealgan a bhfuil baint agaibh le
lucht an Fháinne ag déanamh na hoibre is uaisle thig le
Gaedheal a dhéanamh, agus is maith an rud go bhfuil sibh
ábalta ar an páipéar bréagh Gaedhealach sin — ‘An t-Ultach’
— chur amach gach mí. Dhéanfaidh ‘An t-Ultach’ a mhaith
orainn uilig, agus bhéarfaidh sé misneach do ghach duine
againn a bhfuil fonn orainn ár gcanamhaint fhéin a
choinneáil beo, agus an Ghaedhealg a chur i n-uachtar aríst
ar fud na h-Éireann. Beannacht Dé ar an Fháinne agus
ar ghach duine a bhfuil baint aige leis an Fháinne. Bail ó
Dhia ar an obair.”



Bhí siamsa beag ann annsin le cuid records ar an
fónograf. Thug an t-Aodhaire somplaí de na records
a rinne sé fhéin. I nGaedhilig ar fad iad. Bhí ceann
amháin agus na paidreacha air. Tuigeadh gach focal de.
Bhí cinn eile le sgéaltaí, amhráin agus ceol ortha — agus
brionglóid. Annsin do labhair an t-Árd-Easbog isteach
san ghléas agus indéidh bomaite bhí sé ag éisteacht le n-a
ghuth féin. Thaitin sé go mór le n-a rabh i lathair.



Chuir an t-Aodhaire i gcuimhne do'n chruinniú go
mbéidh “Iris an Fháinne” a chur amach i gcóir na Féile
Pádraig — agus go mbéidh an lá sin 'na lá mór ag lucht
an Fháinne.



Ba chóir go gcuimhneochadh gach Fáinnidhe a bhfuil baint
aige le Gasra Dhúin Dealgan go mbíonn an cruinniu ann
ar an chead Luan de ghach mí.


L. 5


MISE AGUS MO SHOILLSDHREAN



Tharla an oiread sin rudaí iongantacha le seal
bliadhanta thart nach mó go dtig le duine cuimhne a
choinneáil ar a leath, acht cé bith iongantais a thainig agus
a thiocfas, ní chuirfidh siad as mo chuimhne-sa go bráth an
chéad lá a chuaidh mé i gcionn soillsdheartha.



Bhí gasra de'n “Fháinne,” tá a fhios agat, i gceanntar
s' againne agus mise in mo aodhaire air agus bród an
tsaoghail orm as an dóigh a rabh ag éirigh leis, gur bh'fhada
liom an deis a fhagháil a ainm agus a chliu a chur i mbéal
an tsaoghail. Anois ó tharla an soillsdhreán agam, shíl mé
nach mbéadh moill orm dóigheamhlacht, gnaoi, déagh-
ghnúiseacht maille le móir-éachtaibh lucht an Fháinne i nDún
na Sidheóg a chur os comhair an tsaoghail, ní amháin i gcló.
acht i bpioctúiribh áilne. Chuige sin, chuir mé gairm sgoile
amach chuig gach Fáinneach 'san áit a bheith i láthair ag
cruinniughadh de'n “Fháinne” ins an tsean-teach sgoile ar
an ceathar a chlog an Domhnach 'na dhiaidh. Mhínigh mé dóbhtha,
in chomh beag focla a's thiocfadh liom, go rabh soillsdhreán
agam agus go rabh rún agam gach aon duine a rabh 'san
“Fháinne” ins an áit a shoillsdhearadh agus an
tsoillsdhreacht a chur ionns' ar pháipéaraibh móra Bhaile
Átha Cliath, agus da mba mhian leobhtha go dtiocfadh le gach
aon duine aca cóib a fhagháil dó fhéin nó duithe fhéin fa
choinne crochadh i h-áirde i n-áit fheiceálach 'sa bhaile 'sa
chruth go mbainfeadh sé an dalladh-mullóg as cé bith
seoiníní a mbéadh oiread de'n ádh ortha buaileadh isteach
chuca a chuartaigheacht nó le n-a bpíopaí a dheargadh.



Tainig an Domhnach acht thainig sé go caib-fhliuch
cáidheach. Thainig lucht an “Fháinne” agus iad go h-aerach
glionndarach agus ar bhárr na gaoithe. Go dearbhtha duit,
bhí siad ag dul as a gcroiceann le teann bróid agus
áthais nuair a smaointeochadh go mbéadh a bpioctúirí faoi
shúilibh an domhain mhóir lá eighinteacht gan mhoill, agus ar
ndóighe ní thiocfadh leat a bheith in a dhiaidh ortha. Acht bhí
créatúr bocht amháin i lathair an chruinnighthe sin a rabh a
chroidhe i mbéal a chuid bróg agus smut air. Ba mise an
smutaidhe bocht sin. Bhí a fhios agam nach mbéadh aon mhaith
ins na pioctúiribh mar bhí an lá ró-ghruamdha agus go rabh
sgiuradh na cuinneóige i ndán damh mura rabh. Cibé ar
bith, níor leig mé dadaidh orm fhéin agus chuaidh mé i gcionn
gnóithe. Thug mé ordughadh do lucht an chruinnighthe dul
amach. Chuir mé eagar ortha chomh maith as thainig liom, cuid
aca in a suidhe agus cuid aca in a seasamh. D'iarr mé
ortha annsin an chuma ab fhearr a dtiocfadh leobhtha a chur
ortha. Níor luaithe sin ráidhte agam na tchifeá na cailíní
ag cóiriughadh a gcuid ribíní agus na buachaillí ag slíocadh
siar a gcuid gruaige. Annsin d'amharc siad ar a chéile
ionann's le rádh: anois cé tá cosamhail liom? Rinne mise
réidh mo shoillsdhreán (agus grus orm ar fad). Ghlac mé
aimsiughadh ortha. Tharraing mé an clíce, agus bhí deireadh
na h-oibre sin deanta. Mhínigh mé dóbhtha annsin go
gcaithfidhe na pioctúirí a léarughadh acht da dtigeadh siad
ar ais fa chionn coicthighise go mbéadh na pioctúirí le
feiceáil nó le fagháil aca. (Bhí mo shúile ar mo bhrógaibh
nuair a bhí mé ag rádh sin.)



Le sgéal fada a dheanamh goirid, chuir mé na pioctúirí
chuig soillsdhearaidhe ar an tSráth Bán go léarochadh sé
damh iad agus go dearbhtha níor bhfada gur chuir sé ar ais
chugam iad. Nuair a d'fhosgail mé an clúdach in a rabh
siad, murb é go rabh mo dhruim leis an tábla, chomh cinnte
a's tá mé beo thuitfinn in mo chnap i laige ar an urlár.
Ní rabh cuma nó deanamh ar na pioctúiribh. Bhí cuid de na
buachaillíbh a rabh súile dubha aca agus cuid aca ar leath-
chluais. Agus bhí triúr no ceathrar de na cailíníbh agus
bhéarfa mionna an leabhair gur sean-chailleacha iad!



“O bub ó!” arsa mise, “tá léan síorraidhe ar seo,”
agus chaith mé uaim isteach ins an teinidh iad.



Nuair a thainig lucht an “Fháinne” i gcionn a chéile
arís ní rabh a fhios agam faoí'n spéir caidé'n leithsgéal a
dheanamh, nó bhí eagla mo chroicinn orm nach bhfágfadh siad
giota díom le chéile nuair a chluinfeadh siad nach rabh na
pioctúirí agam dóbhtha. Acht nuair a mhínigh mé dóbhtha
caidé mar bhí, ghlac siad uilig an sgéal go
réidh. Thug siad uilig maitheamhnas damh, amach ó
cailín amháin, agus bhí sise ar na caorthachaibh mire; acht
ní rabh an chuid eile acht ag gáiridhe magadh uirthi. Is
cosamhail go rabh buachaill aici i gcearn éighinteacht de'n
domhan agus gur gheall sí ceann de na pioctúiríbh a chur
chuige, agus bhí eagla uirthi anois nuair nach rabh na
pioctúirí le fagháil go sílfeadh sé gur fhuaruigh a croidhe
dó agus go bhfágfadh sé slán síorruidhe aici.



Acht bhí lá eile againn agus shoillsigh an ghrian go
n-aoibhinn an lá sin. Thainig soillsdhearaidhe as an bhaile
mór agus rinne sé uilig a shoillsdhearadh go h-áluinn.
agus bhí gach aon duine sásta agus cuireadh pioctúir aca
ionns' ar na páipéaraibh. Is dóiche go bhfaca tusa an
pioctúir, a léightheóir, agus mura bhfaca is iongantach nach
bhfaca, nó bhí an saoghal mór ag caint air. Fuair gach aon
duine de lucht an “Fháinne” ceann de na pioctúiribh, agus
chroch siad ar bhalla na cistinighe é agus, sgríobhtha faoí, tá
móid an “Fháinne” ins an uimhir iolraidh mar seo:



“Geallann sinn nach labhairfimid acht Gaedhilg le aon
duine de lucht an ‘Fháinne’ acht nuair a bhéas féidhm
eighinteacht fa leith leis.”



Ó crochadh i n-áirde na pioctúirí, is annamh a thig na
seoiníní a chuartuigheacht. Chuir na pioctúirí eagla ortha
go díreach dálta mar chuireas fear bréige eagla ar na
préacháin.



NÓTAÍ.



Soillsdhearadh photography (dearaim — tarraingim,
línighim).



Soillsdhearaidhe, photographer: Soillsdhearacht,
a photograph.



Soillsdhréan (soillsdhearán) a camera.



Leasuigh develop (photographs).



Leinteáin, lens.



Coimhghealán (coimhealán), focus.



Mirdhealbh a snap-shot (“mear” agus “dealbh).



“Taobhóg.”



TEAMPALL CHONCHUBHAIR.



(Ar lean. ó leath. a 1.)



fhuinneóig aige, agus go díreach nuair a bhí sé i lár an
aifrinn, thuit deor theith fhola anuas ar an éadach gheall.”



Thost Roibín, mar bhéadh sé a gheall ar faill a thabhairt
damh smuaintiughadh ar an amharc sin. Chonnaiceas damh
go rabh sé os choinne mo dhá shúil — an teach lán, an altóir
bheag gheal faoi'n fhuinneóig, agus an sagart ag rádh:



“Hic est enim calix sanguinis mei.” Le sin tuitidh
deor fhola, mar bhéadh an Slánuightheoir ag dórtadh a chuid
fola go so-fheicseanach arís. Chonnaic mé an stad a
baineadh as an tsagart.



“An dá luathas agus thuit an deór,” arsa Roibín,
d'aithin an sagart go rabh rud éigin cearr. Thug sé ar
na fir an tuighe a bhaint de'n teach, agus fuaras corp an
leinbh, agus gan loghadh ná críonadh air acht oiread leis an
lá a marbhadh é. Nuair a chonnaic Conchubhar Óg seo, chaith
sé é féin ar a dhá ghlún faoi an tsagart agus rinne sé a
fhaoiside.



Shagairt arsa seisean, ‘creidim nach bhfuil
maitheamhnas i ndán damh?’



“‘Ní déarnadh aon pheacadh ariamh nach dtig le Dia a
maitheadh,’ arsa'n sagart. ‘Caithfidh tú an breitheamhnas
aithrighe seo a chur díot sul a bhfágh' tú maitheamhnas’:



“‘An chéad rud,’ arsa seisean, ‘droichead a chur ar
abhainn an Chonléim.’



“‘An darna rud,’ arsa seisean, ‘teampall a dhéanamh
a dTobar an Chonnaigh.’



“‘Agus an treas rud,’ arsa seisean, ‘suidhe
bhfuinneóig an teampaill go dtaraidh éan de chuid an aéir
agus go mbeiridh sé uibh ar do bhois.’



“D'imthigh Conchubhar Óg agus dhíol sé a theach agus a
chuid talaimh. Chuir sé an droichead ar an abhainn, agus
rinne sé an teampall sin thall. Acht ba bheag an chuid de
n'a phionas an méid sin. Chuaidh sé fhad leis an tsagart
agus d'innis sé do goidé a bhí déanta aige.



“‘Imthigh anois,’ arsa'n sagart, ‘agus cuir díot an
chuid eile de do bhreitheamhnas aithrighe.’



“D'imthigh sé agus shuidh sé san fhuinneóig. Chuaidh na
laethe thart. Ní thainig an t-éan. Chuaidh bliadhain thart. Ní
thainig an t-éan. Chuaidh seacht mbliadhna thart.



“Lá amháin bhí Conchubhar 'na shuidhe agus gan ann acht
na feirste de, nach rabh caithte ag an fhuacht agus ag an
ánró. Thainig éan geal bán anuas agus shuidh sé ar a bhois
agus bheir sé uibh oirthí.



“Thug sé míle altughadh do Dhia agus thuit se marbh
annsin.



Tá pioctúir an teampaill agam fá choinne duine ar
bith ar maith leis a fheiceáil. I dtaca leis an sgéal, má
shíleann duine ar bith nach bhfuil sé ion-chreidthe, na bíodh sé
ag éileamh ar Sheosamh Mhac Seamsaigh as Béal Feirsde,
acht labhaireadh sé le Roibín Chonaill Óig as Tobar a'
Chonnaigh.



“Iolann Fionn.”


L. 6


I dTIR NA hOIGE



SÉUMAS AN tAMADÁN.



Bhí bean ann, aon uair amháin, a raibh mac amháin aicí.
“Séumas an t-amadán” a chuir na buachaillí eile air, do
chionn 's nach raibh mórán céille aige, acht bhí corruighe mhór
air an mháthair an leas-ainm sin a chloisint.



Domhnach amháin rinn, sí réidh cearc le haghaidh an
mheadhóin-lae, agus chuir sí isteach 'sa' phota air an teinidh í.
Chóruigh sí í fhéin le dul 'nan aifhrinn, agus dubhairt sí le
Séumas corr-amharc a thabhairt isteach 'sa' phota, 'fhad's
bhéadh sí air shiubhal.



I ndéidh tamaill, d'amharc Séumas isteach 'sa' phota,
agus thóg sé aníos píosa beag de'n chirc, agus chuir sé
isteach 'na bhéul é.



“Tá sin iongantach milis,” arsa seisean leis fhéin.



Fuair an cathughadh buaidh air, agus thóg sé an chearc
aníos a's an phota agus d'ith sé uilig go léir í.



“Chan fheil fhios agam goidé dheanfas mé anois,” arsa
seisean. “Muirbhfidh mo mháthair mé. Chan fheil a'n chearc
eile fó'n toigh, acht an ceann atá ar gor amuigh ins an
nead. Is fhéarr damh dul amach agus í a thabhairt isteach.”



Thug sé isteach an chearc ghuir, agus chuir sé 'sa' phota
í, eadar cleitidhe agus cluimhrighe, agus beo mar bhí sí.
Bhí sí a léimnigh aníos a's an phota, agus b'éigin dó í a
choinneált síos leis an mhaide-phota go dtí gur éug sí.
Fuaidh sé amach agus shuidh sé fhéin síos air an nead, cun
gor a chur air na huigheacha.



Nuair a thainic a mháthair abhaile, d'amharc sí isteach
'sa' phota. “Chan fheil fhios agam goidé'n sort bruis (súip)
a bheas againne indiu,” arsa sise. Fuaidh sí amach agus
scairt sí air Shéumas, agus rinn sé a fhreagairt a's an
nead:



“Gíc! gíc! gíc! a mháthair. Tá mé a cur guir air na
huigheacha.”



“Muise, fíor-amadán atá ionnat! Cha chuirimh iongan-
tas ann go dtug na buachaillí eile amadán ort, agus cha
bhíonn corruighe orm leobhtha arís a choidhche.”



TOBAR NA GLAISE-GHAIBHLINN.



Tá Tobar na Glaise-Ghaibhlinn thuas ar bhárr Shliabh
Fathaigh. Bhí sean-bhó ann a d'óladh a's an tobar, agus a
shnámhadh thairis an loch go Sliabh Mughdhorna, air a bhfaghadh
sí féur le hithe. Chan óladh sí stioch (deór) thall, agus chan
itheadh sí greim air an taobh seo.



Do-bheireadh sí bainne do ghach uile duine a rachadh chuicí,
agus líonadh sí na cannaidhe dóbhtha uilig. Tógadh dóbhtha
nach raibh dul aca í a fholmhughadh, agus fuaidh a cáil agus
a cliú air feadh na tíre uilig.



Bhí sean-chailleach phisreógach 'na comhnuidhe i bhfogus
do'n tsliabh a raibh éad uirrí i dtaobh na Glaise-Ghaibhlinn.
Ba bheag air an tsaoghal ba lugha uirrí ná an bhó bhocht. Lá
amháin, chuir sí criathar faoí'n Ghlais-Ghaibhlinn, agus bhleagh
sí go dtí gur bhleagh sí an croidhe aistí. Theanntuigh
(thionntuigh) an bhó thart, agus nuair a chonnaic sí an fhuil
ag imtheacht a's a croidhe, d'éug sí.



TRÍ LÁ NA BÓ RIABHAIGHE.



Sean-bhó a bhí ann, a bhí air bhruach bháis air feadh an
gheimhridh; acht nuair a bhí Mí na Márta criochnuighiste, thlig
sí a ruball suas air a druim agus léim sí mar bhéadh pocán
gabhair ann.



“Béidh mé beo bliadhain eile,” arsa sise, ós árd.
Bhí Mí na Márta ag éisteacht léithi, agus fuair sí tamallt
(iasacht) de thrí lá ó Mhí Aibreáin. Bhí siad anfadhach amach
's amach, agus cuireadh deireadh leis an tsean-bhoin.



Muireadhach Méith.



LEATHANACH NA MÚINTEÓIRÍ.



NA BRIATHRA MÍ-RIAGHALTA.



Ní BHÉIDH Séumas 'na shuidhe go moch maidin imbárach,
acht BEIDH sé 'na shuidhe go moch maidin Dia Céadaoine.
GHEOBHAIDH sé cupán tae acht ní bhFUIGH sé a bhreicfeasta
go dtí a naoí a clog. Annsoin RACHAIDH sé 'nan aonaigh
acht ní RACHAIDH sé i bhfad go gCASFAR fear air.



CLUINFIDH sé ó'n fhear sin go bhfeil fear coimhightheach
air an bhóthar a bhfeil capall aige le díol acht ní CHLUINFIDH
sé an luach bhéas air. I gcionn tamaill, TIOCFAIDH Séumas
suas leis an fhear seo, acht ní FHEICFIDH an fear Séumas
go LABHARFAIDH sé leis. 'TCHÍDHFIDH Séumas gur maith
an capall é, agus DEIRFIDH sé go dTABHARFAIDH sé
cúig punnt is fíche air an chapall. “Ní DHÉANFAIDH tú
margadh ar an luach sin,” DEIRFIDH an fear. Ní abrochaidh
Séumas focal eile acht TAIRGFIDH sé seacht bpunnt
fíche is deich scillinge. GLACFAIDH an fear é agus BÉIDH
sé sásta. BEIRFIDH Séumas greim ar an srian agus
tionntochaidh sé abhaile.



CEISTEANNA.



An mBÉIDH Séumas in a luighe ar a naoí, maidin Dia
Céadaoine?



Cá mBÉIDH sé an t-ám sin?



An bhFUIGH sé a bhreicfeasta ar a seacht?



Gá bhFUIGH sé a bhreicfeasta?



Nach bhFUIGH sé 'sa' leabaidh é?



Gá RACHAIDH sé i ndiaidh am bhreicfeasta?



An ABRANN tú go RACHAIDH sé 'un an aonaigh maidin
Dia Mháirt?



Nach RACHAIDH sé 'nan aonaigh cor ar bith?



An gCLUINFIDH sé dadaidh ó fhear ar an bhóthar?



Nach n-ABRANN tú go gCLUINFIDH sé an luach a bhéas
ar an chapall?



An dTIOCFAIDH Séumas suas leis an fhear a bhfeil an
chapall aige?



An bhFEICFIDH an fear Séumas sul a labharfaidh
Séumas?



Cad chuige nach bhFEICFIDH sé é?



An ABRANN tú nach bhFEICFIDH sé Séumas cor ar
bith?



An ABROCHAIDH Séumas rud ar bith leis?



Caidé DEIRFÉAS an fear?



Nach n-ABROCHAIDH Séumas go dTABHARFAIDH sé
deich bpunt is fíche ar an chapall?



An nDÉANFAR margadh ar an chéad luach a thairgfeas
Séumas dó?



An nDÉANFAIDH siad margadh cor ar bith?



An mBEIRFIDH Séumas greim ar an srian?



Nach bhFUIGH Séumas an diallaid fosta?



CRUINNEÓLAS (Ceisteanna air an cheacht a bhí in Uimhir
na míosa seo thart).



Gá mhéud cúige in Éirinn?



Ainmnigh iad?



Gá mhéud conndae i gCúige Laighin?



Goidé an chonndae is lugha in Éirinn?



Gá bhfeil sí suidhte?



Cad iad na conndae atá mór-thimcheall air?



Goidé an chonndae atá air an taobh thiar?



Air an taobh thiar-thuaidh? Ar an taobh thoir?



An conndae mhára no conndae thíre í?



Bhfeil Conndae Lúghbhaidh chomh mór le Co. Árdmhach'?



Cia aca is mó?



Cia aca is lugha?



Bhfeil sliabh air bith i gCo. Lúghbhaidh?



Goide an tainm a bheirtear orra?



Goidé an tainm atá air an chionn is aoirde?



Cad iad na bailtí móra i gCo. Lúghbhaidh?



Cia aca is mó?



Gá bhfeil Dún-Dealgan suidhte?



Goidé an taobh de Dhún-Dealgan a bhfeil Droichead-
Átha?



An bhfeil abha in aice le Baile Áth' Fhirdhíadh?



Gad is ainm dí?



An bhfeil na haibhne seo mór? Fada?



Cia aca atá mór?



An ritheann siad soir, siar, ó dheas nó, ó thuaidh?



Taisbean bárr na Bóinne air an léarsgáil?



Taisbean béul na Bóinne?



S. Mh. Sh.


L. 7


MAR THÁINICH AN t-ÁDH AR NÓRA.



(Ar Leanmhaint.)



Shiubhail siad go measra géur agus níor mhothuigh siad
an bealach a bhéith fada nó níor mhothuigh siad an tam a dul
thart go rabh siad ar an Mhachaire fa thuairm míle ó
Árd-a-Ratha.



Nuair a thainic siad fhad leis an Mhachaire, shuidh Nóra
agus a máthair síos cois claidhe agus chuir orra a gcuid
bróg. Annsin shiubhal siad araon le chéile isteach 'n a
bhaile mhóir agus shiubhal Eoin go fadalach 'na ndiaidh leis
an eallach.



Nuair a bhí Máire agus Nóra ag ceann an bhaile casadh
ceannuidhe eallach orra, bheannuigh sé dóibh agus bheannuigh
siadsan dó. D'amharc sé go géur ar Nóra agus rinne sé
meangadh gáire, acht shiubhal Nóra agus a máthair ar aghaidh
gan oiread agus amharc air.



“Hói!” arsa'n ceannuidhe. “A bhean uasail, an bhfaca
tú duine ar bith ag teacht isteach le eallach?” Thionntuigh
an bheirt bhán thart, agus arsa Nóra, “tá m'athair ag teach
isteach le cúig bireach. Is goirid go rabh sé annso anois.”



Seo a rabh d'a dhith ar an óganach agus d'fhiafruigh sé
dóibh an seasfadh siad aige go dtigeadh an tathair. “Dá
dtigeadh sé fhéin,” arsa seisean, “ní aithneochainnse é.”



Dubhairt siadsan go bhfanochadh agus thoisigh an chainnt
eatorra, agus bhí cómhrádh bréagh aca go dtainic Eoin agus
an teallach. Annsin, arsa Nóra, “sin é m'athair anois,
agus sin fear eile ag cainnt leis.”



Chuaidh an ceannuidhe anonn chuige agus thoisigh ag
déanadh margaidh leis. Bhí siad tamall maith ag
díospóireacht acht sháruigh orra teacht le chéile ar an luach.
Bhí an ceannuidhe ag rádh le Eoin go rabh a chuid eallach ro-
bhocht agus nar b'fhiú an luach iad a rabh Eoin ag dréim le
fághail orra.



Bhí Nóra agus a máthair 'na seasadh ag amharc orra
agus ag éisteacht leo agus arsa Nóra le 'na máthair,
“Nach truagh nach bhfuil an bireach breach annso, gheobhadh
m'athair luach maith ar an eallach.”



Níor labhair an mháthair acht chuaidh sí anonn agus scairt
sí i leath-taoibh ar Eoin agus arsa sise leis, “Innis dó
fá'n bhireach atá 'sa' bhaile.”



“Innis,” arsa Eoin, “nach mór an mhaith a dheanfas sé
dúinn a dul a' innse fa bhireach atá istigh i nGleann Locha,
ceanglaidh ar an eigín. Bá mhaith an rud dúinn da
bhfuigheannsa cead mo chinn trathnóna indé. Sin anois
agaibh.”



Sin a rabh de sin. Thionntuigh Eoin thart ar a shál agus
shiubhal anonn chuig an cheannuidhe arís. Bhí an ceannuidhe
anois ag cainnt le Nóra agus scairt Eoin air, agus arsa
seisean leis, “Innseochaidh mé duit caidé dheanfas mé
leat. Tá bireach breac 'sa' bhaile agamsa nach bhfuil a
léithid ar an aonach indiu agus ma's toil leatsa é, bhéirfidh
mé na rudaí seo a bhaile arís agus thig leatsa dul isteach
i mbárach nó lá ar bith is toil leat é, agus í a fheiceal
agus dheanfaidhmid margadh fa na luach agus fa luach na
rudaí seo annso.”



“Maith go leór,” ars' an ceannuidhe, “tá mise sásta
sin a dheanadh, acht caidé mar rachfas mise chugat, ní'l
eolas an bhealaigh agam.”



“Is furas sin a shocrughadh,” arsa Eoin. “Cibé lá a
bhéas fóirstineach agatsa dul go Gleann-Locha, tiocfaidh
mise 'un d'aircis, agus thig leat bheith amach liomsa.”



“B'fhéidir,” arsa'n ceannuidhe, “go dtiocfadh le do
nighean theacht, mar gur mhór an rud a bheith a cur an
tsiubhail an dara huair ortsa.”



“Ó! na bí ag smaoitiu gur trioblóid ar bíth sin
damhsa. Ní bhéidh orm acht luthghair teacht fa do choinne,”
arsa Eoin.



“Cibé is toil leat,” arsa'n ceannuidhe, “innis damh
anois cé'n lá a bhéidheas fóirstineach duit a theacht.”



“Bhal,” arsa Eoin, “cibé lá a fhóireas duitse, fóirfidh
sé damhsa.”



“An dtiocfadh leat teacht Dia Céudaoin, seo
chugainn?” arsa'n ceannuidhe.



“Cinnte thig,” arsa Eoin, “béidh mé annso ar an dó
a chlog. An mbéidh sin i nam go leór?”



“Béidh gan amhras,” arsa'n ceannuidhe, agus d'fhág
sé fhéin agus Eoin a chéile.



Ar feadh an ama a rabh an chainnt seo ag dul ar aghaidh
eadar Eoin agus an ceannuidhe bhí Nóra agus a máthair
shuas an tsráid ag amharc ar na neithibh a bhí dá dteisbheant
ins na fuinneogaibh. Chomh luath agus bhí an chainnt thart
chuir Eoin an teallach isteach i mbóitheach agus chuaidh suas
an tsráid ar lorg a mhná agus a níghne.



Nuair a fuair sé iad chuaidh an triúir acu isteach i
dtoigh ósda agus fuair siad réidh tráth bídh fhéin, agus fhad
agus bhí siad ag caitheadh an bhidh d'innis Eoin an sgéul
dóibh ó thús deireadh, caidé a thárla eadar é fhéin agus an
ceannuidhe agus caidé bhí socruighthe eatorra a dheanadh,
acht amháin nar léir sé dhóibh fa'n cheist a chuir an ceannuidhe
air, an dtiocfadh Nóra i naircis.



Nuair a bhí an bíadh caithte acu chuaidh Eoin amach agus
dhíol sé an bhean freastala ar a shon agus annsin chuaidh sé
fá dhéin a chuid eallaigh. Bhí Máire agus Nóra réidh anois
le dhul a bhaile agus mar bhí an bealach fada agus an oidhche
ag tuitim níor fhan siad le Eoin, mar nach dtiocfadh
leisean siubhal ró-mhór a bhaint as an ealach anois indiaidh
iad a bheith ar a gcois i rith an lae.



Mar sin de, d'imthigh Nóra agus máthair leó agus ag
an Mhachaire arís dóibh bhain siad daobhtha na bróga agus
rinne ar Gleann-Locha 'sna cosaibh thárnochta.



Cómh luath agus thainic siad a bhaile chuir Máire síos
teine mhaith, agus rinne réidh braon tae dí fhéin agus dó
Nora. Annsin théigh sí braon uisge agus d'iarr ar Nóra a
cosa a nighe mar go mbainfeadh sé an tuirse dí.



Nuair a bhí sin deanta chuaidh Nóra a luighe agus d'fhan
a máthair 'na suidhe a feitheamh ar Eoin a theacht abhaile. Fa
dheireadh thainic Eoin agus chuaidh Máire amach a chuidiughadh
leis an teallach a cheangail. Nuair bhí siad ceanglaidhe
chaith sé gráinín féir chuca agus thainic sé fhéin agus Máire
isteach 'un toighe. Rinne Máire réidh braon tae dó agus
nuair a bhí sé ólta aige, shuidh sé ag teinidh, bhain de a
bhrogaí, líon a phíopa agus fhad agus bhí sé d'a chathadh
d'innis sé dó Mháire caidé'n cheist a chuir an ceannuidhe
air i dtaoibh Nóra.



“Mo Nóra bhocht,” arsa Máire, “cé aige a bhfuil fhios
nach sin mar thiocfadh a hádh go fóill. Tá sí cúig bliadhna
fichid anois agus is goirid go rabh sé i nam aicí a bheith ag
dul i gcionn an tsaoghail agus mar bhfághmuid duine
éiginteacht dí gan mhoill béidh sí díomhain ar ár lámhaibh go
bráth. Tá súil a's Dia agam gur le gach sóirt ádha a
d'fhág tú an bireach breac 'sa' bhaile indiu.”



“Ní'l fhios agam fa sin,” arsa Eoin, “acht tá fhios
agam so, go bhfuil mise stracuighthe, tuirseach, sáruighthe
agus go bhfuil sé i nam againn an paidrín a rádh agus a
dhul a luighe.”



“Seo,” arsa Máire, “i nainm Dé, toiseochaidhmidh.”



Chuaidh siad araon ar a nglúnaibh, agus dubhairt an
paidrín agus annsin chuaidh a luighe agus bí cinnte gur
chodlaidh siad go samh go maidin.



Ar maidin lá-thar-na-mháraigh agus gach maidin eile go
dtí maidin Dia Céudaoine, chuaidh Eoin agus Máire agus
Nóra i gcionn a ngoithe mar ba ghnathach leo agus i rith ama
so níor innis ceachtar d'a bunadh do Nóra fa cheist an
cheannuidhe.



Bhí Eoin Mac Loinnsigh ar a chóis go luath ar maidin
Dia Céudaoine, obair an toighe deanta aige, agus é ar a
bhealach go hÁrd-a'-Ratha, le n-a bhata dubh, droighean faoí
'n-ascal, ar an deich ó'chlog.



Ní rabh aon aithghiorra ar an bhealach nach rabh fios
cruinn ag Eoin air, soir a' tSrath Buidhe, thart Bun Cró-
na-Lice, soir an Baile Iochtraigh agus síos go Machaire.
Cinnte is minic a chuala Eoin an sean-rádh — “Cam díreach
an ród, sé'n bealach-mór an aithghiorra,” acht níor thug sé
mórán áird air indiu. Bhí barraidheacht deifre air.



Cé gur bh'fháda an turas ó Ghleann-Locha go hÁrd-
a'-Ratha, bhí Eoin annsin ar ceathramh 'un a dó, agus bhí sé
ag congbhail súile géire, feichilt an bhfeicfeadh sé an
ceannuidhe. Fa dheireadh tchí sé gluaisteán ag teacht anuas
an tsráid ó chasan na nGleanntach. Nuair a bhí an


L. 8


gluaisteán díreach ó's coinne Eoin stad sé agus thainic
an tóganach leice amach as agus anall chuige.



“Níor shíl mé,” arsa seisean, “go mbeithfeá annso
comh luath. Caithfidh tú bheith tuirseach agus is fearr duit
suidhe isteach annso agus ní bhéidh tú i bhfad a dhul a bhaile.”



Shuidh Eoin 'sa' ghluaisteán, agus nuair a chonnaic an
ceannuidhe go rabh sé cóirighthe i gceart ann, thiomain siad
leo agus níor mhothuigh Eoin go rabh sé chómhair ag na bhaile
fhéin. Ba é sin an chéud uair do Eoin a bheith i ngluaisteán
agus bhí iongantas agus athas an dómhain air. Bhí sé ag
amharc ar na daoine bochta ag siubhal ó Árd-a'-Ratha, agus
déaradh sé leis fhéin, “nach deas a bheith annso, da bharr is
a bheith annsin.”



Fa dheireadh thainic siad fhad leis an áit a rabh casan
toighe Eoin a' gearradh ó'n bhealach-mhór. Stad an carr
agus chuaidh Eoin agus an ceannuidhe an chasain ag
tarraingt ar an toigh.



Chonnaic Nóra agus a máthair ag teacht iad, agus bhí an
teach sgiobtha, glan, sguabtha acu, teine maith shíos, agus
an citeal a fuicheadh nuair a thainic an bheirt fhear isteach.
Bheannuigh Nóra agus a máthair dóibh agus chuir míle fáilte
roimh an cheannuidhe 'un a dtoighe. Thug Máire cathaoir dó
agus d'iarr air shuidhe i naice na teineadh. Ní rabh Nóra
i bhfad ag deanadh cupa tae dó fhéin agus dó a hathair agus
nuair a bhí sin ólta acu chuaidh siad amach ag amharc ar an
bhireach bhreac.



Bhreathnuigh an ceannuidhe ó cheann go ruball í agus ní
rabh sé fhéin agus Eoin i bhfad ag socrughadh fa n-a luach.
“Anois,” ars' an ceannuidhe, “caidé fa na rudaí eile?”



Socruigheadh ar a luach sin fosta agus annsin thainic
Eoin agus an ceannuidhe isteach 'un toighe arís. Bhí an
ceannuidhe ag díol Eoin ar son na mbireach agus ag
leagan amach coidé'n dóigh 'bhfhearr a bhfuigheadh sé ar
siubhail iad. Thug Eoin gach sóirt tuaraisc dó agus nuair
a bhí gach rud sochruighthe acu fa na birigh, d'amharc an
ceannuidhe ar Eoin, agus, arsa seisean:



“Tá ceist agam le cur órt. Thaitin do nighean liom
ó'n chéud amharc a chonnaic mé oirthi agus thaitin sí mór-
mhór indiú liom agus anois tá mé d'a hiarraidh ort mar
céile.



Níor labhair Eoin ar feadh tamaill agus annsin scairth
sé ar Mháire agus d'innis dí caidé dubhairt an ceannuidhe.
“Maise,” arsa Máire, “fághfaidh mise ar a lóntoil fhéin
é. Ní chuirfidh mise chuici no uaithe. Sásuigheadh sí í fhéin.”



Scairteadh ar Nóra annsin agus hinnseadh dí caidé
dubhairt an fear óg. D'amharc Nóra ar a máthair, annsin
ar a hathair, annsin ar an cheannuidhe agus annsin ar a
máthair arís, agus arsa sise, “'Mháthair caidé dheanfas
mé?”



“Do chómhairle fhéin,” ars' an mháthair.



“In ainm Dé,” arsa Nóra, “glacfaidh mé é.”



Annsin d'éirigh an ceannuidhe agus chuir sé an cheist
chéudna ar Nóra a chuir sé ar a hathair, agus arsa Nóra,
“In ainm Dé pósfaidh mé thú.”



Chuaidh an ceannuidhe annsin chuig a hathair agus
socruigheadh go bpósfaidh an lánmhain óg seachtmhain ó'n lá
sin. D'fhág an ceannuidhe annsin agus chuaidh Eoin leis
ag tabhairt eolais an chasain 'un an bhealaigh-mhóir dó agus
chuaidh Nóra agus a máthair a dheanadh oibre 'n toighe mar
ba ghrathach leo.



Seachtmhain ó'n lá sin pósadh Nóra Nic Loinnsigh agus
Tomás Ó Dálaigh, ná budh sin ainm an cheannuidhe, agus
d'imthigh siad go Baile-a'-Cliath, le “mí-na-meala” a
chathadh ann.



Nuair a thainic siad arís, thug Tomás cuireadh dó
Eoin agus dó Máire Nic Loinnsigh dul leis fhéin agus
Nóra 'na nGleanntach, mar go mbéadh an-chleachtad agus
cumhaidh orra indiadh Nóra. D'aontuigh siad dhul leo,
díoladh gabhaltas Ghleann-Locha, agus tá Eoin agus a bhean
go súgach, samh i dtoigh Thomáis Uí Dhálaigh agus Nóra.



Is minic anois a deir Máire le Eoin, “Nar dhubhairt
mé leat, an lá d'iarr Nóra ort an bireach breac a fhághail
'sa' bhaile, nach rabh fhios agat caidé'n tádh a chuirfeadh sí
orainn go fóill.”



Ní'l focal le rádh ag Eoin már tá an fhírinne ag
Máire. Is fíor agus is ró fhíor an tsean-fhocal: “Is fada
'nonn an rud nach gcuirfidh Dia 'nall.”



(Críoch.) “Óirghialla.”



CISTE AN ULTAIGH.



£ s. d.



Clochar na Trócaire, Dún-dealgan 7 0 0



An tAth. Éamonn de Blacar 1 0 0



Parthalán Mhag Eochach, Fó-bhreitheamh 1 0 0



Éamonn Mhac Gabhann, Dún-dealgan 0 10 0



Máire Nic Chráith, Mullach-Cháirlinn 0 10 0



S. Ó Domhnaill 0 10 0



An tAthair P. Ó Raghallaigh 0 5 0



Máire Ní Bhríartaigh 0 5 0



LEABHAIR GAEDHILGE.



Má theastuigheann leabhar ar bith uait, nó eolus
dtaoibh leabhair, cuir nóta ag triall ar



MÁIRE NÍ RAGHALLAIGH,
87, Sráid Uach. na Driseóige,
I mBaile Átha Cliath.



TOMÁS MHAC CUILEANNÁIN,
Ard-Cheannuidhe, Dún Dealgan.



Ta togha gach bídh agus rogha gach dighe le fághail annseo.



TRÍ LEABHAIR A'S OMÉITH.



Ceolta Oméith. 1/- (post, 1/1)
(Cnuasacht Rann agus Amhrán.)



Pota Cnuasaigh. 9bp. (post, 10bp.)
(Leabhar Sgéaltach atá oireamhnach do scoil
Náisiúnta.)



Oméith. 1/6 (post, 1/8)
(Stáir agus Seanchus na háite.)



Muireadhach Méith do chuir in eagar.



Le fághail ó Oifig an Ultaigh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services