Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Mion-chaint na Midhe agus Uladh
Title
Mion-chaint na Midhe agus Uladh
Author(s)
Ua Dubhthaigh, Pádraig,
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
MION-CHAINT NA MIDHE. COMHRADH EADAR BEIRT FHEAR. 1. Go mbeannuighe Dia dhuit ar maidin, a Shéamuis. 2. Dia 's Muire dhuit, a Mhichil. 3. Caidé mar tá tú (= caidé an dóigh at' ort, nó caidé an chuma at' ort)? 4. Go maith, go raibh maith agat; caidé mar tá tú fhéin? 5. Comh fad is tá an tsláinte aige duine, chán fhuil gar a bheith casaoid aige. 6. Is fíor sin go deimhin, chán fhuil fios ceithre na sláinte aige duine go mbíonn sé tamall gan í. 7. Caidé mar tá sibh ar aghaidh le bhur n-obair thiar ann sin? 8. Támuid ar aghaidh go maith, measaim go mbéidh sinn réidh ar a' tseacht- mhain seo.
9. Is mór sin ar fad, chár thosuigh mise go dtí seachtmhain 's an lá indiú. 10. Má leanann an aimsir mar seo seachtmhain eile, béidh am go leor againn uilig. 11. Má bhíonn ar gcuid coirce curtha againn Lá Fheil' Pádraig, féadann sinn a bheith buidheach. 12. Chá bhéadh sé ró-ghasta, dhá mbéadh sé curtha i mbárach. 13. Chá dtig leis bheith ag fearthainn i gcomhnaidhe. Rinne sé níos mó fear- thainn' ar a' bhliadhain seo (= i mbliadhna) ná bliadh- ain ar bith eile is cumhain liom-sa. 14. Caidé mar tá do chlio- bóg óg ag obair? 15. Tá sí ag obair go ciúin, acht amháin go bhfuil a gualainn frithir, agus b'éigean dúinn sgíste a thabhairt dí go ceann cúpla lá. 16. Chá leigeann tú a leas iongantas a chur ann sin mar tá sí óg bog. 17. Caidé an aois i bhfuil sí anois? 18. Dhá bhliadhain ar a' Bhéal- taine seo chugainn. 19. Tá sin óg amach (= an- óg).
20. Cá huair a bhí tú ar an mhargadh? 21. Dia Luain seo thart. 22. A' raibh margadh mór agaibh? 23. Is minic chonnaic mé níos mó; acht bhí iarraidh mhaith ar rud ar bith bhí ag díoladh (= d'á dhíol) ann. 24. Caidé mar bhí na prea- taí ag díol? 25. Chá dtiocfadh liom-sa a rádh ar dóigh (= go ceart). 26. Chá raibh margadh lán ann nuair d'fhág mise é. 27. Má leanann an aimsir mar seo, fásfaidh an féar comh maith nach n-aithneoch- aidh tú i seachtmhain nó i gcoi'cís é. 28. Tá dúil agam go raibh cochán agus féar tirim daor. 29. Tá an t-eallach cortha ins a' stábla; badh mhór a' t-athrughadh dóbhtha a fhághail amach ar an fhéar. 30. Tá an craiceann ag sgoilteadh orthú le biadh tirim. 31. Tá sé an t-am agam dearcadh fá mo chuid fhéin oibre anois. 32. Caidé tá tú a dhéanamh indiú? 33. Chán fhuil mé ag déa- namh an dadadh go seadh (go sé = go fóil), acht tá mé ag dul anonn anois a ghearradh na ndosán bhí ag strócadh ceann na gcapall fhad 's bhí siad ag teanntadh ar an cheann-iomaire.
34. (1) Slán leat. (2) Beannacht leat. 35. (1) Go dtéidh tú slán. (2) Go soirbhighe Dia dhuit. AN AIMSIR. 1. Tá cuma na fearthainn' ar an lá indiú (= tá an lá indiú cosmhail leis an fhearthainn). 2. Is olc an cómhartha ar an aimsir na faoileannáin a fheiceáil ag dul thart ag sgréacaidigh. 3. Tá fearthainn ins an néal sin os nár gcionn. 4. Tá eagla orm go mbéidh sí seo 'na cioth throm. 5. Tá an ghaoth 'anois a ndeas. 6. Tá sé ag cur go trom anois. 7. Chá bhíonn acht cioth ann. 8. Féach an ghrian ag teacht fríd na néaltaíbh. 9. Tá teas go léor ann anois, chun an mhéid a fhliuch an fhearthainn a thriomughadh. 10. Tá sé ag dórtadh anois.
11. Tá sé ag tógbháil na gcloch ón talamh. 12. Tá sé 'na lá bhreágh anois ar fad. 13. Chá bhíonn níos mó fear- thainn' againn go ceann tamaill. 14. Tá dubha ins an spéir. 15. Tá cioth cloich-shneachta ag teacht. 16. Tá cloich-shneachta oir- ead le (= comh mór le) huibheachaibh ag tuitim. 17. Tá sé ag éirghe cosmhail amach le sneachta. 18. Tá fuacht a' t-sneachta ins an aer. 19. Bainfidh an sneachta an ghoimhe as an aimsir. 20. Beidh troigh ar doimhne de shneachta amuigh ar maidin 21. Tá sé ag tuitim go tiugh. 22. Tá sé dh'á leaghadh anois. 23. Tá sé ag sioc. 24. Tá oighre ar an uisge. 25. Tá oighre ar an bhóthar agus tá an bóthar sleamh- ain. 26. Sin leac mór oighre. 27. Tá sé comh tiugh agus comh láidir le bórd. 28. Tá sé 'tosughadh dh'á leaghadh.
29. Béidh aimsir bhréagh againn anois le congnamh Dé. 30. Aimsir ghlan. Aimsir fhuar. Aimsir bhréagh. Aimsir reodhach, shiocáin. Aimsir cheodhach. Aimsir fhearthainneach. Aimsir shneachtach. Aimsir fhliuch. Aimsir the. Aimsir ghrianmhar. Aimsir ghaothach. AN CHÉAD-PHROINN. 1. Éirigh anois, béidh do chéad-phroinn réidh ar a' bponc. 2. A' mbéidh faill (= am) agam, píosa siubhail a dhéanamh roimhe le mo chéad-phroinn? 3. Béidh; acht ná siubhail i bhfad, bí astoigh (= istigh) arís i ndeich mbimide. 4. A' mbéidh uibheacha bruith- the agat? 5. Tá na huibheacha seo ró- bhruiththe. 6. Tabhair an t-im sin damh le do thoil. 7. An arán cruithneachta tá 'gat ar maidin? 8. Shaoileas go mbadh mhaith leat athrughadh. 9. Tá sé i bhfad níos féarr ná an t-arán geal.
10. Tá níos mó láidreacht' ann. 11. Cuir tuilleadh ime ar do chuid aráin. 12. Shaoilfeadh duine gur ór a bhí inntí, tá tú comh cúramach léithe. 13. Chá baoghal duit mise, chá déanaim dearmad orm féin. 14. Dóirt amach cupán eile tae damh annseo, le do thoil. 15. Sonas ar do láimh. 16. Ná cuir mórán uachtair in mo chuid tae. 17. Tá an t-uachtar sin láidir ar dhóigh ar bith. 18. An maith leat mórán siúcra? 19. Ghnídh sponóg bheag gach cupán damh-sa. 20. Nach mbéidh cupán eile agat? 21. Ná líon an cupán sin ar fad. 22. Cad chuige (= caidé an fáth = cad as)? 23. Tá na cupáin seo an- bheag. 24. Tá siad mór go leór; acht chán fhuil spéis agam i n-a lán tae. 25. Chán gach (h)aon dhuine a bhfuil an sgéal céadna le rádh acú.
AN MEADHON LAE. 1. Tá an meadhon lae réidh anois. 2. Chár shaoil mé go raibh sé comh mall sin. 3. Tarraing do chathaoir i n-aice an bhuird, agus suidh síos. 4. Ná bíodh náire ort do sháith a ithe. 5. A' mbéidh tuilleadh feóla 'gat? 6. Chá bhíonn, tá mé buidh- each dhíot; is feárr liom beagán gabáiste. 7. Seo dhuit tuilleadh muic- fheóla. 8. Bhfuil an fheóil sin bruith- the a sháith? 9. Béidh beagán anbhruithe agam anois. 10. Déanfaidh sin. 11. Tabhair beagán salainn damh, le do thoil. 12. Tá mé réidh anois.
AG CUR PRÉATAÍ. 1. Spréidh an t-aoileach thart chomhthrom agus ná fág cnap- án (lumpán) dí gan spréidheadh. 2. Measann tú go bhfuil go leór aoiligh ann seo 'gainn? 3. Cá mhéad drill atá tú 'thabhairt leat do gach sreath? 4. Tá mé ag tabhairt cúig cionn; acht carna móra tá ionntú seo. 5. Cá mhéad carn tá in gach (h) aon ualach (lóda)? 6. Trí carna agus tá ceithre ual- ach (lóda) in gach sreath. 7. Béidh sin 'na leasughadh throm go leór. 8. A' gcuirfidh tú cuid de na préataí indiu? 9. Gan amhras. B'fhéad- faidhe go mbéadh sé seachtmhain go bhfuighmist lá mar seo arís. 10. Is féarr an aimsir a fhreastal nuair tá sí go maith. 11. Tosachaidh mé ag cur i ndéidh a' mheadhoin lae. 12. Béidh fear eile a cheithre orm-sa a chuidiughadh liom ann seo. 13. Caithfidh mise a dhul suas ann seo agus na buachaillí a chur a leagan na bpór.
14. Anois, a bhuachaillí, bhfuil sibh réidh a leagan na bpréataí? 15. Bhfuil bráiscíní agaibh uilig? 16. Ná tabhair an iomad leat, a bhuachaill, agus béidh sé níos fusa dhuit siubhal. 17. Ná leag pór ar bith nach bhfuil fás ann. 18. Caidé an fad leagfas muid eadar gach (h) aon phór? 19. Fágaidh aon orlach déag eatorra. 20. Coinnighidh na póir go ceart i lár an eitrin. 21. Nuair a bhéidheas deich ndrillí is fiche leagtha agaibh-se, tosachaidh mise a chur falughadh (= folach). 22. Cá mhéad lán práiscín ghlacfaidh sé do gach (h)aon drill? 23. A' nglacfaidh práiscín amháin go dtí an ceann eile thú? 24. Fáigfidh mé mála póir ar an cheann-iomaire eile. 25. Tá cuid agaibh-se ag dul ró-ghasta agus chán fhuil sibh ag fágáil i bhfois- geacht amháin (= go comh- throm) iad. 26. Táim ag tosughadh a chur falughadh (= folach) orthú anois.
27. A' gcoinneochaidh duine agaibh greim ar a' chapall seo go dtiocfaidh sé (ag) cleachtughadh leis an obair? 28. Tabhair air siubhal ar bhárr an drill, óir, dá siubhalfadh sé ins an eit- rin, chaithfeadh sé an pór as a áit. 29. Tabhair cead dó siubhal leis fhéin anois go bhfeic- fidh sinn caidé mar dhéan- faidh sé. 30. Tá sé ag dul ar aghaidh go bréagh; féadann tú dhul ar ais do do chuid oibre anois. 31. Béidh an pháirc seo cur- tha againn anocht. 32. Tá an pór uilig leag- tha anois. 33. A' raibh go leór acú do'n pháirc uilig? 34. Bhí, mur chuir siad ró- thiugh iad. 35. Gabh siar anois agus abair leis na mbuachaillíbh dhul isteach agus a séire (sui- peár) a fhághail. 36. Béidh siad athásach sin a chluinsint. 37. Tá mé deimhneach go mbéidh siad cortha i mbárach. 38. Rinn siad obair mhaith ó lá.
39. Mura bhfuil tú ró- phráidhinneach, d'fhéadfá na drillí, tá le cur fal- ughadh orthú agam, a áir- eamh (chonntus). 40. Tá cúig ceann déag is fiche le cur falughad orthú go seadh (go sé = go fóil). 41. Coinneochaidh sin tuair- im dhá uair mé. 42. Béidh sé a cheithre ort práidhinn a dhéanamh; chá mhothuigheann tú an oidhche ag teacht. 43. Badh mhaith liom a bheith réidh roimhe leis an oidhche. 44. Chán fhuil gnaithe (= gnó) agam-sa bheith fánach annseo, nuair nach bhfuil dadadh le déanamh agam. 45. Téidh agus cruinnigh suas na málaí folmha ar fad, agus tabhair isteach leat iad. 46. Bhfuair tú na málaí uilig? 47. Saoilim go bhfuair. 48. Caidé an méad tá le déanamh anois agat? 49. Chán fhuil acht dul síos agus teacht aníos uair amháin agam. 50. Fanfaidh mise annseo go dtiocfaidh tú aníos. 51. Tig leat 'chuidiughadh liom na capaill a thabh- airt a bhaile. 52. Chuir sinn a lán ó thos- uigh muid.
53. Tabhair isteach an cap- all seo agus bhéarfaidh mise an ceann eile. 54. Ná fág rud ar bith de'n úghaim i do dhéidh. 55. Tá gach (h)aon cheann díobhtha linn anois. MEATHLAIDHEACHT. 1. Geárr casán thart an pháirc ar dtús. 2. Sin ball a bhfuil cuma air go bhfuil sé abaidh. 3. Tá sé réidh le sgathadh. 4. An céad ghaoth a thioc- fas, sgathfaidh sí e. 5. Is féarr dúinn a ghearradh anois. 6. Glacfaidh mé sreath suas fríd seo. 7. Cia thógfas 'mo dhéidh? 8. Tóg go glan anois é. 9. Ná teana (= déan) na purainn (= punainn) comh mór. 10. Má ghnídh tú comh mór iad, chá dtig leat síomán (banda) a fhághail a cheangailfeas iad. 11. Tá an t-arbhar seo doiligh amach a bhaint. 12. Tá bonn tiugh féir ar an talamh seo agus baineann sé an faobhar de'n speil go gasta. 13. An le cloich ghainimh chuireann tú faobhar uirthí?
14. Chán fhuil gar dúinn gearradh níos fuide suas ann sin; chan fhuil se abaidh. 15. Tá coirce níos abaidhe ag an cheann eile de'n pháirc. 16. Cuir na purainn (= punainn) seo as mo bhealach. 17. Tosuigidh a cheangladh anois. 18. A' bhfuil sibh réidh a chur suas na stocaí? 19. Cá mhéad purann (= punann) chuirfimid (chuir- feas muid) i ngach ceann acú? 20. Cuiridh sé cinn déag agus cuiridh tríphurann (= phun- ainn) orra. 21. Ceanglaidh iad ar dhóigh nach séideochaidh an ghaoth ar siubhal iad. 22. A' bhfuil duine ar bith ag cruinniughadh an tacair inár ndéidh? 23. Sin meathlaidheacht ghlan. 24. Bhéadh sé níos fusa a bhaint, dhá mbéadh an ghaoth ag séideadh an choirce ó'n speil. 25. Chán fhuil an ghaoth sin olc ar chor ar bith. 26. Dhá mbéadh sí 'nár n-aghaidh, béadh sé níos measa. 27. Tá gráinne an choirce sin cumtha go maith.
28. Badh chóir dó a bhualadh go maith. 29. Badh chóir, má fhághann se seachtmhain mar seo ins na stocaíbh. AG DUL 'UN A' BHAILE MHÓIR. 1. Tá sé an t-am a éirghe. 2. Caidé an t-am é? 3. Tá sé ceathramha go dtí a cúig. 4. Maise, tá sin moch; chár eírigh mé indé go dtí fiche bimide i ndéidh a cúig. 5. Is cuma sin; tá níos mó le déanamh indiú agat ná bhí indé. 6. Caidé tá le déanamh indiú agam? 7. Déan práidhinn anois agus ársachaidh mé duid nuair tá tú as leabaidh. 8. Maise, a Shéamuis, bhí sé doiligh d'fhághail 'do shuidhe ar maidin. 9. Chá leigeann tú a leas iongantas a chur ann sin; bhí mé as leabaidh mall aréir. 10. Cá rabh tú aréir nó cá huair a thainic tú a bhaile? 11. Bhí me thall ag an fhaire agus chá dtainic me a bhaile go dtí a deích a chlog.
12. A' raibh faire mhór agaibh? 13. Chá raibh,agus anois b'fhéarr liom-sa i bhfad gur fhan me sa mbaile. 14. Teana (déan) práidhinn le do chéad-phroinn agus tabh- air biadh do na capall- aibh. 15. Caidé chaithfeas me dhéanamh ann sin? 16. Caithfidh tú an capall dubh a thabhairt chun a' t-Sráidbhaile fa choinne ualaigh (lóda) guail. 17. 'Bhfuil sé furus greim a choinghbheáil ar an chapall sin? 18. Tá sé furus go leór, acht tabhair aire agus ná buail leis an tslait ar na hasnaíbh é. 19. Nach mbéidh tusa ag teacht liom-sa? 20. Má shaoileann tú nach mbéid tú ar son an chapaill a choingbheáil. 21. Chán maith liom a dhul liom fhéin, agus is féarr duit a theacht liom. 22. A' bhfuil tú chomh bog sin go bhfuil eagla ort a choingbheáil? 23. Nuair nach raibh sé amuigh riamh roimhe, is féarr duid fhéin a theacht liom.
24. Imthigh leat anois; béidh mo chead-phroinn réidh go haithghiorra, agus chá bhíonn tusa réidh a theacht liom. 25. Cá bhfuil sráthar a' bheithigh? 26. Nach dtig leat a fágh- ail? 27. Caithfidh sé a bheith ins an áit chéadna i bhfuair tú an t-adhastar. 28. Fuair mé an t-adhastar ar pheig adhmaid i gcóir- neál an stábla, acht chán fhaca me an sráthar ann sin. 29. Má's sin a' dóigh, cuar- tuigh fríd a' stábla eile. 30. Cá bhfuair tú é? 31. Fuair mé ins an stábla céadna i bhfuair mé an t-adhastar ann, acht ab é go raibh an srathar fal- uighthe (= foluighthe) le cochán. 32. Nár dheas an áit sin a fhághail? 33. Chán mise d'fhág ann sin ar dhóigh ar bith é. 34. Caidé eile adeirfeá? 35. Tabhair an capall thart leat ar chúl an tighe. 36. Rachaidh mise roimhe leat, agus tarraingeochaidh mé an trucaill amach as tig na dtrucaill. 37. Cuir an capall ar ais isteach ann seo.
38. Tar thart go dtí doras an sgiobóil go bhfuighmid cochán a chuirfeas muid (sinn) ins a' trucaill. 39. Rachamuid ar aghaidh anois i n-ainm Dé. 40. Cia tá 'na chómhnaidhe ins a' tigh mór sin thall? 41. Sin an áit i bhfuil Séamus Mór, a pósadh ar a' tseachtmhain seo thart, 'na chomhnaidhe. 42. Maise, a ndeir tú gur pósadh é? 43. Pósadh é, chán níos moille nó Dia Máirt seo thart. 44. Chaithfidh sé a bheith aosta anois; is fada ó bhí mise agus eisean ag dul ar sgoil ar a'n iúl (= le chéile). 45. An raibh tusa ag dul ar sgoil ar a'n iúl leis? 46. Bhí go deimhin, agus bhí seisean i bhfad níos mó agus níos aosta nó mise. 47. Cia shaoilfeadh sin? 48. Cia pósadh leis? 49. Le nighin Mhichil Bháin thall ag bun a' tsléibhe. 50. Caidé an fad i bhfuil sé ó'n áit s' againne go dtí an Sráidbhaile? 51. Tá dúil agam go bhfuil sé seacht míle.
52. Mílte Gaodhalach' nó mílte Sasanach'? 53. Tá 's agat go maith nach gconntusmuid le míltibh Sasanach' ins an cheanntar seo. 54. Siud an lán mara (an taoide). 55. Cá bhfuil sé? Chán fheicim e. 56. Nach bhfeic tú é ar thaoibh do láimhe clé de Mhóta Dhealgain? 57. 'Tchíim anois é; acht chá dtiocfadh liom a' chéad uair (= ar dtús) mar bhí an ghrian ag lonn- radh ró-láidir in m' aghaidh. 58. Is fada ó bhí Cú-Chulainn 'na-chomhnaidhe thuas ann sin. 59. Cia atá 'na chomhnaidhe ann anois? 60. Albanach, agus chá leig- feadh sé thú taobh istigh de na geataíbh. 61. Is iongantach sin ar fad. 62. Má's iongantach,is fíor é. 63. Chá leigeann sé a leas a bheith comh cruaidh, óir béidh an Móta ann sin 'na dhéidh. 64. Chán amharcann sé mar sin do neithibh. 65. Seo roilig Dhúin Dheal- gain.
66. Is iomdha duine 'na luighe taobh istigh de'n bhalla. 67. Béidh sin deireadh dhuinn uilig. 68. Caidé an seórt oibre atá ag dul ar aghaidh amuigh ann sin? 69. Sin an áit i ndéantar na blící (= brící). 70. Támuid i bhfogus do'n bhaile mhór anois. INS AN BHAILE MHÓR. 1. Baile an Sráidbhaile atá ag dul ar fheabhas gach a'n lá. 2. Sin margadh na bpréataí. 3. Tá Margadh mór ann sin cheana. 4. Nuair rachfas muid (sinn) suas ann seo, caith- fidh sinn teanntadh taobh na láimhe clé le dhul chun a' chéibh. 5. Thíos ann sin gheobhas me an gual. 6. Caidé an seort cártha é sin? 7. Sin cuimhneachán do thóg muintir a' tSráidbhaile le cuimhne fear Naochad a hOcht. 8. Go ndéanaidh Dia tró- caire ar anamnaibh na bhfear agus na mban d'éag “Ar son Creidimh agus Tíre.”
9. Caidé an fad a bhfuil sé anois ó seo do'n chéibh? 10. Seo an áit i ndíoltar an gual. 11. Is feárr duit tuirlint (theacht anuas) ann seo agus greim cinn a thabhairt ar an chapall. 12. Tabhair an trucaill anonn ar an taoibh thall de'n droichead tomhaiste. 13. Cuir an trucaill ar ais ar an droichead. 14. Bain amach slabhraidhe. an bhrístín agus iall an bhuilg. 15. Taem (= tabhair damh) an bata sin go gcóirighe mé faoi'n trucaill é. 16. Caidé an fáth a ndean- faidh tú sin? 17. Chun an comhthrom (truime) a thabhairt ó dhruim an chapaill agus a leigint ar an droichead tomhaiste. 18. Mur ndéanfá sin, chá dtiocfadh leat an tru- caill a thomhas go ceart. 19. Seo chugainn an fear a líonfas an gual. 20. Bhí sinn ag fuireach leat. 21. A' raibh sibh i bhfad ann seo? 22. Ó cheathrama go dtí a naoi.
23. Dhá mbéadh sibh ann seo cúig bhimide níos guiste, béidhinn-se ann seo. 24. A' ndeir tú sin? 25. Téidhim fá choinne mo cheadphroinne ar a fiche bimide go dtí a naoi. 26. Caidé an comhthrom (truime) atá 'san tru- caill sin? 27. Sé chéad, trí ceathramha. 28. Sin an comhthrom (truime) céadna bhí sé an uair dheireannach bhí mé ann seo. 29. Cóirigh na slabhraidhe sin agus tabhair an tru- caill anonn ar a' taoibh thall de'n charn sin guail. 30. An é seo an gual a líonfas muid (sinn)? 31. 'Seadh; agus gual maith at' ann. 32. Ár ndóigh, badh chóir dó; nach bhfuil tú ag baint sgilling' is ponta an tonna as? 33. Cia d'ársuigh sin duit? Measaim go rabh duine inseach (= éigean) ag fochmaid fút. 34. Caidé tá tú a bhaint as, mar sin? 35. Naoi sgillinge déag an tonna. 36. Tabhair an t-sluasad sin anall agus tosuigh d'á líonadh.
37. Ná caith na ceannaí móra isteach comh garbh nó caithfidh tú an tóin as mo thrucaill. 38. Chá leigeann tú a leas greim eagla a bheith ort, óir is iomdha trucaill thig isteach ann seo gach lá, agus is beag acú théid amach gan a tóin. 39. 'Saoileann tú caidé an méad guail tá 'gam ar a' trucaill sin anois? 40. Tá tuairim dhá chéad déag. 41. Saoilim go bhfuil an capall sin ar son cúig céad déag a tharraint. 42. Tá cúig céad déag agat anois. 43. Tabhair an trucaill ar ais ar an droichead go dtómhas muinn an gual. 44. Tá cuig céad déag is ceathramha 'gat. Adtabh- arfaidh tú an cheathramha leat? 45. Tá sé comh maith damh; chán fhiú mo shaothar a thligean ( = theilgean = a chaitheamh) de. 46. Tarraing ar agaidh an capall anois. 47. Féadann tusa dhul ar agaidh anois agus béarfaidh mise ort ( = gabhfaidh mé thú, buailfidh mé suas leat) suas an baile.
48. An rabh tú i bhfad ag fuireach ann seo? 49. Tá mé ann seo tuairim cuig bimide déag. 50. Chá dtiocfadh liom-sa a fhághail ar siubhal níos guiste. 51. Nuair chuaidh mé isteach a dhíol ar son an ghuail, bhí a seacht nó a hocht cloigne roimhe liom, agus b' éigean damh fan- acht ar mo sheal. 52. Rachamuid ar aghaidh anois agus gheobhaidh sinn ár meadhon lae; tá mé deimhneach go bhfuil do ghoile agat anois. 53. Rachaidh mise ar aghaidh agus gheobhaidh mé stábla do'n chapall, agus téidh thusa agus órduigh meadh- on lae dúinn. 54. Ar fhág tú féar tirim a sháith aige? 55. A' bhfaca tú duine ar bith amuigh indiú a raibh aithne agat air? 56. Chonnaic mé cúpla daoine comhursanaighe thuas ag an áit i ndíoltar an cochán. 57. Teana (= déan) do sgíste ann seo agus bhéar- faidh mise an capall anuas. 58. A' dtabhairfidh tú rud ar bith eile a bhaile leat indiú?
59. Saoilim go bhfuil ualach go leor againn cheana. 60. Tá cruinniughadh mór thíos ann seo roimhe linn. 61. Tá an tsráid cumhang ann seo; coinnigh greim chruaidh ar na córdaíbh. AG TEACHT A BHAILE. 1. Caithfiomuidne aire a thabhairt dúinn fhéin, nuair rachfas muid (sinn) comh fada le droichead an bhóthair iarainn. 2. Chá dtig leat an traen a fheiceáil leis na crainn go dtí go mbéidh sé le do thaoibh. 3. Bhí me ag teacht ann seo lá amháin le capall óg, agus go díreach nuair bhí mé faoi 'n droichead chuaidh traen thart le tarann (= torann) cos- mhail le táirneach, agus acht ab é go rabh mé réidh ar a shon, bhéadh an capall ar siubhal uaim. 4. Bhí sé sona nach bhfuair sé ar siubhal. 5. Nach iongantach an tarann (= torann) ghní trucaill ag dul faoi dhroichead? 6. Caidé an t-am bhéidheas sinn sa mbaile?
7. Bhí sinn dhá uair go leith ag teacht amach, agus glacfaidh sé trí uaire le dul 'un a' bhaile. 8. A' dteanntochaidh sinn go taoibh na láimhe clé ag an chros-bhóthar seo? 9. Sin bóthar cnocach agus rachaidh sinn ar aghaidh go díreach, agus chá chasann an oiread cnoc nó mullach orainn. 10. Támuid sa mbaile arís comh slán is bhí sinn riamh. 11. Tabhair an trucaill thart go tigh an ghuail, agus fág ann sin go maidin é. 12. Tabhair an capall isteach ann seo anois. 13. Tabhair sop damh go gcuimleochaidh mé an t-allus de. 14. Cuartochaidh sinn rud innseach dúinn féin anois. AG TREABHADH.. 1. Caidé tá le deanamh indiú againn? 2. Rachamuid síos agus toso- chaidh sinn ag treabhadh páirce na heórna. 3. Rachaidh mise síos roimhe leat, agus nuair thiocfas tusa anuas, béidh an béarna leagtha agam- sa.
4. Tá an pháirc seo i n-ór- dughadh mhaith ar son treabhtha indiú. 5. Caidé an taobh de'n pháirc ar chóir dúinn a thosughadh ann ar dtús? 6. Badh chóir dúinn a thosugh- adh ann seo, agus sgríob a thabhairt go dtí an cloidhe thall. 7. Nach mb'fheárr dúinn tosughadh ag an taoibh íochtrach agus a dhul suas leis a' chloidhe thall? 8. Má threabhann tú ins an áird sin, chá bhíonn áit do cheann-iomaire agat. 9. A' bhfuil na croitcheachaibh leat? 10. Cia acú de na capall- aibh chuirfeas tú ar an taoibh astoigh (istigh)? 11. An capall dubh, tá cuma air go bhfuil sé níos cortha ná an ceann eile. 12. Tabhair greim ar a' chéachta agus coinneochaidh mise na córdaí. 13. Caidé an áird i dteanntochaidh mé iad? 14. Tiomáin thart an pháirc iad, agus coinnigh tuairim dhá shlait ó'n chloidhe iad. 15. Nuair thiocfas muinne thart ann seo arís, teann- tuigh suas go dtí an taobh eile iad.
16. Tá án talamh seo an- tirim indiú; tá sé dh'á ghearradh go réidh. 17. Féadann tú na córdaí a thabhairt domh-sa; béidh mise ar son a gcoing- bheála ar a'n iúl leis a' chéachta. 18. Coinnigh an capall go maith ins an eitrin. 19. Caidé an talamh tá 'san pháirc seo? 20. Tá ácra go leith. 21. A' mbéidh sinn ar son a threabhtha i dtrí lá? 22. Má choinnigheann an aim- sir go maith, treabhfaidh sinn i dtrí lá go leith í. 23. Caidé an bárr is cóir a chur innte (inntí)? 24. Is fhéarr duinn coirce chur innte i mbliadhna agus béidh sí níos fusa a shaothrughadh ar a' bhliadhain seo chugainn. 25. Dá mbéadh sí treabhtha go maith anois, cha ghlac- fadh sé morán fursuighthe falughadh (folach) a chur ar an choirce. 26. Dhéanfadh dhá sgríob ar fad agus ceann trasna. 27. Bhfuil an maide seist- righe (= seisrighe) sin dí- reach? 28. Má dhearcann tú as seo air, shaoilfeá nach raibh sé díreach.
29. Tá an cóltar sin dh'á chaitheamh go maith. 30. Tá pláta an talaimh agus pláta na taoibhe i bhfogus do bheith caithte amach. 31. Chá seasann na céachtaí ghnídh siad anois an caitheamh leis na sean- céachtaíbh. 32. Tá na céachtaí úra seo níos saoire agus níos éad- truime. 33. Cá mhéad poll tá 'san ráca? 34. Tá ocht bpuill ins an cheann seo acht tá cuid acú agus chán fhuil ionntú acht sé puill. 35. Is féarr duit greim a thabhairt ar na córdaíbh go bhfuigfidh mé na capaill teanntuighthe. 36. Nuair rachfas sinn síos chun a' cheann-iomaire íochtraigh, féadann sinn sgaoileadh amach agus dhul a bhaile. 37. Tar ann seo go gcuid- eochaidh mé suas ar a chapall seo thú. 38. Tarraingeochaidh mé an- all chun a' claidhe é agus gheobhaidh mé as sin ar a dhruim. 39. Ná cuir ar sodar é, óir tá sé cortha. 40. Chán é go dtéarn (= ndearna) sé obair chruaidh ó lá.
AG BUALADH COIRCE. THRESHING. 1. Cá bhfuil an súiste? 2. Chán fhuil agat acht an lamhchrann; cá bhfuil an buailteán? 3. Béidh craiceann easgann a cheithre orm le n-a gceangladh. 4. Nach ndéanfadh an líon? 5. Dhéanfadh go ceann ta- maill; acht bíonn caitheamh fada ins an chraiceann easgann. 6. Spréidh na cáití ar an bhall ghlas sin thall. 7. Nach bhfuil tú ag dul a bhualadh sa sgioból? 8. Bhéidhinn plúchtha leis a' dusta (= deannach) agus leis an cháith. 9. Má thigeannan fhearthainn orainn, caidé dhéanfas- muid (sinn)? 10. Má bhíonn fearthainn ar bith, chá bhíonn acht cioth, agus tig linn falughadh (= folach) a chur ar an choirce leis na cáitíbh. 11. An iad seo na cáití tá 'gat? Tá siad uilig réabtha. 12. Rachadh an coirce fríotú (= tríotha) mar rachadh sé fríd choigneóir. 13. Taem an snáthad sin gcuirfidh mé snaidhm ionntú.
14. Cuir cloch ar an chóir- neál sin, ar dhóigh nach séideochaidh an ghaoth ar siubhal é. 15. Cuir síos a' doras ar lár a' cháite. 16. An é sin buailteán cuill atá 'gat? 17. Cá mhéad buille bhuail- feas sinn ar gach taoibh de'n phurann (= phunann)? 18. Dhéanfaidh sé buillí: tá an t-arbhar sin tirim abaidh. 19. Cia sgaoilfeas na purainn (= punainn) duinn? 20. An ghirrseach bheag sin ag teacht anuas an pháirc. 21. Nach bhfuil sise ag dul a chrathadh an chocháin? 22. Dhéanfaidh sí an dá chuid; acht gheobhaidh sí duine eile a chuidiughadh léite i ndéidh a' mheadhoin lae. 23. Tabhair aire agus ná buail leis a' tsúiste mé. 24. Teanntochaidh sinn na purainn (= punainn); tá an taobh seo buailte a sháith. 25. Cuir do chos chlé faoi'n taoibh seo, agus cuir ceann do shúiste ar an taoibh eile agus teann- tuigh iad.
26. Tá tú ag eirghe uachtach; shaoilfeadh duine go raibh an purann (= punann) sin céad ar chomhthrom (= truime, meadhachan), bhí tú comh fada sin d'á theanntadh. 27. Bhfeic tú an bhean thuas ag an tigh ag sgairteadh orainn a bhaile chuig nár meadhon lae? 28. Chár mhothuigh mé an lá seo ag dul thart. 29. Caith na súistí ann sin agus cuir falughadh (= folach) cocháin orthú. 30. Chán fhuil eagla ort go ngoidfeár iad? 31. Chán fhuil, acht chán maith liom iad a bheith sgoilte leis a' ghréin. 32. Anois, a chailín, ná leig na cearcaí 'chómhair a' cháite, nó stróicfidh siad an coirce fhríd an fhéar. 33. Má mhothuigheann tú cioth ag teacht, cuir fal- ughadh (= folac) ar a' cháite. 34. Béidh an chruach bheag sin uailte againn anocht. 35. Tá sí ar an taoibh thíos de'n sgimheal anois, agus badh chóir dó sin a bheith a leith. 36. Chá raibh mórán lucha ins an chruaich sin.
37. Chonnaic mé lochóg inntí ar a' tseachtmhain seo thart, agus is cosmhail gur dhíbir sí na lucha. 38. Dhá mbéadh sí níos foisge do'n uisge, bhéadh níos mó lochógaí inntí. 39. A' mb'féarr dúinn cruach a dhéanamh de'n mhéad atá buailte 'gainn anois? 40. Is féarr fanacht go mbéidh sé uilig buailte 'gainn. 41. Líon suas an coirce sin i mála. 42. Tá an gráinne sin beag. 43. Tá cuid dé módhmhar. 44. Ná leig do'n choirce dul amach ó'n cháite. 45. Gráinne de rachfas amach, cruinneochaidh na cearcaí suas é. AR SGOIL. 1. Bhfuil na buachaillí (na gasúir) uilig istigh? 2. Seasadh an Treas Céim thart i rang. 3. A' chéad bhuachaill, tabhair na sglátaí amach do na buachaillíbh agus do na cailíníbh ins an Cheathramh- adh Céim.
4. Bhearaid (bhéarfad) cúig bhimide dhaoibh go díreach chun amharc ar bhur gceachtannaibh. 5. Bhfuil sibh uilig réidh? 6. Sgríobhaidh síos na focla seo leanas. 7. Má tá focal nach ceart aige duine ar bith agaibh, sgríobhadh sé amach trí huaire é. 8. Sgríobhthar gach dearmad trí huaire. 9. Féadann buachaill ar bith nach raibh dearmad aige suidhe ann seo, agus a cheacht a fhághail réidh. 10. Béidh mé an-chruaidh ar bhuachaill ar bith nach mbéidh ar son mínighthe na bhfocal a ársuighe dhomh. 11. Ná cluinim níos mó glóir ins na suidheacháin. 12. Má chluinim níos mó cainte, béidhead ag dul síos leis a' tslait.. 13. Tabhair aníos na sglátaí anois. 14. Coinnigidh socair anois go nglaoidhfidh mé na hainmneacha. 15. Leig domh 'fheiceáil anois caidé bhí sibh-se ins na suidheacháin a dheanamh ar a' leath-uair seo thart. 16. Badh chóir a thuilleadh a bheith sgríobhtha agat 'san aimsir.
17. Tá i bhfad barraidheacht sgríobhtha ag an chailín seo. 18. Chán maith liom smáil a fheiceáil ar pháipeár duine ar bith. 19. Shaoileas go dtiocfadh leat sgríobhadh níos féarr. 20. Seo sgríbhneóireacht mhaith. 21. Dearcaidh ar sgríbh- neóireacht an bhuachalla seo. 22. Sin a' dóigh badh chóir a sgríbhneóireacht a bheith réidh aig gach haon dhuine agaibh. 23. Cá bhfuil an páipéar súighthe? 24. Triomuighidh bhur gcuid leabhrán sgríobhtha. 25. Druididh anois iad agus cuiridh go dtí an ceann eile de'n suidheachán iad. 26. Bhfuil sibh réidh ar son athruighthe? 27. Éirighidh in bhur seasamh. 28. Buailidh cosa; siubh- laidh. 29. Stadaidh (seasaidh). 30. Sgríobhfaidh sibh-se ins na suidheacháin rosg ar “An chaitheamh aimsire is féarr liom,” agus c. 31. Chán fhuil rosg fada a cheithre orm-sa, acht caith- sidh sé bheith ciallmhar agus sgríobhadh go maith.
32. Sgríobhaidh tuairim lea- thanach amháin. 33. Tabhair aire a thosughadh le cinn-litir. 34. Leis an bhuachaill bheag sin atáim ag labhairt, mar ghnídh sé dearmad ar an chinn-litir gach a'n lá. 35. Roinnidh bhur rosg i n-altaibh beaga. 36. Léighfidh an Cúigeadh Céim anois. 37. Tosuigh, a' chéad bhuach- aill (nó chailín). 38. Ná léigh comh gasta sin. 39. Tá sin ró-ghasta go fóil. 40. Tá sin níos féarr; féach agus léigh an chéad alt eile mar sin. 41. Déanfaidh sin anois. 42. Druid do leabhar anois agus ársuigh damh id' fhoclaibh fhéin caidé bhí tú a léigheadh. 43. Tá tú ag dul ar fhea- bhas in do léigheadh. 44. Ar fhóglaim tú sin aréir? 45. An chéad bhuachaill (nó chailín) eile. 46. Coinnigh do súil ar na stadannaibh. 47. Caidé bhain duit - nach dtig leat léigheadh níos airde?
48. Nach bhfuil aithne agat ar an fhocal sin? 49. Litrigh é. Anois an dtig leat a rádh? 50. Ársuigh damh anois caidé an míniughadh atá leis. 51. A' bhfuil sé ceart? 52. Má shaoileann duine ar bith nach bhfuil sé ceart, cuireadh sé suas a lámh. 53. Chán fheicim lámha ar bith tógtha.. 54. Ná bí (= bíodh) an oiread sin práidhinne ort, agus bainfidh tú amach an chiall níos féarr. 55. Léigh an abairt sin arís. 56. Léigh thríd an cheacht sin go cúramach, óir caithfidh sibh alt a sgríobhadh air ar ball. 57. A' bhfuil bhur rosg réidh agaibh? 58. Badh chóir a thuilleadh a bheith déanta agad-sa. 59. Chán fhuil mórán céille ins an mhéad atá sgríobh- tha agad. 60. Chán fhuil sé seo i bhfad níos féarr, acht atá na hailt córuighthe go deas. 61. Tá sé sin go maith. 62. Tá sé seo go maith fósta (= fós). 63. Seo an ceann is féarr a chas orm go seadh.
64. Chán fhuil an buachaill seo ró-chúramach fa'n dóigh a chaitheas sé a chuid dubhaigh. 65. Tá smáil deasa toighte agat-sa. 66. Maith, cosmhail, olc. 67. Féadann sibh dul amach chun spóirt a dhéanamh anois. 68. Bhfuil na sglátaí uilig cruinn? 69. Caithfidh sibh tosughadh ar an ríomhaireacht nuair thiocfas sibh isteach.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services