Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Mion-chaint na Midhe agus Uladh

Title
Mion-chaint na Midhe agus Uladh
Author(s)
Ua Dubhthaigh, Pádraig,
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


MION-CHAINT NA MIDHE.



COMHRADH EADAR
BEIRT FHEAR.



1. Go mbeannuighe Dia
dhuit ar maidin, a
Shéamuis.



2. Dia 's Muire dhuit, a
Mhichil.



3. Caidé mar tá tú
(= caidé an dóigh at'
ort, nó caidé an chuma
at' ort)?



4. Go maith, go raibh maith
agat; caidé mar tá tú
fhéin?



5. Comh fad is tá an
tsláinte aige duine,
chán fhuil gar a bheith
casaoid aige.



6. Is fíor sin go deimhin,
chán fhuil fios ceithre na
sláinte aige duine go
mbíonn sé tamall gan í.



7. Caidé mar tá sibh ar
aghaidh le bhur n-obair
thiar ann sin?



8. Támuid ar aghaidh go
maith, measaim go mbéidh
sinn réidh ar a' tseacht-
mhain seo.




L. 2


9. Is mór sin ar fad,
chár thosuigh mise go
dtí seachtmhain 's an lá
indiú.



10. Má leanann an aimsir
mar seo seachtmhain eile,
béidh am go leor againn
uilig.



11. Má bhíonn ar gcuid
coirce curtha againn Lá
Fheil' Pádraig, féadann
sinn a bheith buidheach.



12. Chá bhéadh sé ró-ghasta,
dhá mbéadh sé curtha i
mbárach.



13. Chá dtig leis bheith ag
fearthainn i gcomhnaidhe.
Rinne sé níos mó fear-
thainn' ar a' bhliadhain seo
(= i mbliadhna) ná bliadh-
ain ar bith eile is cumhain
liom-sa.



14. Caidé mar tá do chlio-
bóg óg ag obair?



15. Tá sí ag obair go ciúin,
acht amháin go bhfuil a
gualainn frithir, agus
b'éigean dúinn sgíste a
thabhairt dí go ceann
cúpla lá.



16. Chá leigeann tú a leas
iongantas a chur ann sin
mar tá sí óg bog.



17. Caidé an aois i bhfuil
sí anois?



18. Dhá bhliadhain ar a' Bhéal-
taine seo chugainn.



19. Tá sin óg amach (= an-
óg).


L. 3


20. Cá huair a bhí tú ar an
mhargadh?



21. Dia Luain seo thart.



22. A' raibh margadh mór
agaibh?



23. Is minic chonnaic mé
níos mó; acht bhí iarraidh
mhaith ar rud ar bith bhí ag
díoladh (= d'á dhíol) ann.



24. Caidé mar bhí na prea-
taí ag díol?



25. Chá dtiocfadh liom-sa a
rádh ar dóigh (= go ceart).



26. Chá raibh margadh lán
ann nuair d'fhág mise é.



27. Má leanann an aimsir
mar seo, fásfaidh an féar
comh maith nach n-aithneoch-
aidh tú i seachtmhain nó i
gcoi'cís é.



28. Tá dúil agam go raibh
cochán agus féar tirim
daor.



29. Tá an t-eallach cortha
ins a' stábla; badh mhór
a' t-athrughadh dóbhtha a
fhághail amach ar an fhéar.



30. Tá an craiceann ag
sgoilteadh orthú le biadh
tirim.



31. Tá sé an t-am agam
dearcadh fá mo chuid fhéin
oibre anois.



32. Caidé tá tú a dhéanamh
indiú?



33. Chán fhuil mé ag déa-
namh an dadadh go seadh
(go sé = go fóil), acht tá
mé ag dul anonn anois
a ghearradh na ndosán bhí
ag strócadh ceann na
gcapall fhad 's bhí siad
ag teanntadh ar an
cheann-iomaire.


L. 4


34. (1) Slán leat.
(2) Beannacht leat.



35. (1) Go dtéidh tú slán.
(2) Go soirbhighe Dia
dhuit.



AN AIMSIR.



1. Tá cuma na fearthainn'
ar an lá indiú (= tá an
lá indiú cosmhail leis an
fhearthainn).



2. Is olc an cómhartha ar an
aimsir na faoileannáin a
fheiceáil ag dul thart ag
sgréacaidigh.



3. Tá fearthainn ins an
néal sin os nár gcionn.



4. Tá eagla orm go mbéidh
sí seo 'na cioth throm.



5. Tá an ghaoth 'anois a
ndeas.



6. Tá sé ag cur go trom
anois.



7. Chá bhíonn acht cioth ann.



8. Féach an ghrian ag teacht
fríd na néaltaíbh.



9. Tá teas go léor ann
anois, chun an mhéid a
fhliuch an fhearthainn a
thriomughadh.



10. Tá sé ag dórtadh
anois.


L. 5


11. Tá sé ag tógbháil na
gcloch ón talamh.



12. Tá sé 'na lá bhreágh
anois ar fad.



13. Chá bhíonn níos mó fear-
thainn' againn go ceann
tamaill.



14. Tá dubha ins an spéir.



15. Tá cioth cloich-shneachta
ag teacht.



16. Tá cloich-shneachta oir-
ead le (= comh mór le)
huibheachaibh ag tuitim.



17. Tá sé ag éirghe cosmhail
amach le sneachta.



18. Tá fuacht a' t-sneachta
ins an aer.



19. Bainfidh an sneachta an
ghoimhe as an aimsir.



20. Beidh troigh ar doimhne
de shneachta amuigh ar
maidin



21. Tá sé ag tuitim go
tiugh.



22. Tá sé dh'á leaghadh anois.



23. Tá sé ag sioc.



24. Tá oighre ar an uisge.



25. Tá oighre ar an bhóthar
agus tá an bóthar sleamh-
ain.



26. Sin leac mór oighre.



27. Tá sé comh tiugh agus comh
láidir le bórd.



28. Tá sé 'tosughadh dh'á
leaghadh.


L. 6


29. Béidh aimsir bhréagh
againn anois le congnamh
Dé.



30. Aimsir ghlan.
Aimsir fhuar.
Aimsir bhréagh.
Aimsir reodhach, shiocáin.
Aimsir cheodhach.
Aimsir fhearthainneach.
Aimsir shneachtach.
Aimsir fhliuch.
Aimsir the.
Aimsir ghrianmhar.
Aimsir ghaothach.



AN CHÉAD-PHROINN.



1. Éirigh anois, béidh do
chéad-phroinn réidh ar a'
bponc.



2. A' mbéidh faill (= am)
agam, píosa siubhail a
dhéanamh roimhe le mo
chéad-phroinn?



3. Béidh; acht ná siubhail i
bhfad, bí astoigh (= istigh)
arís i ndeich mbimide.



4. A' mbéidh uibheacha bruith-
the agat?



5. Tá na huibheacha seo ró-
bhruiththe.



6. Tabhair an t-im sin damh
le do thoil.



7. An arán cruithneachta tá
'gat ar maidin?



8. Shaoileas go mbadh mhaith
leat athrughadh.



9. Tá sé i bhfad níos féarr
ná an t-arán geal.


L. 7


10. Tá níos mó láidreacht'
ann.



11. Cuir tuilleadh ime ar
do chuid aráin.



12. Shaoilfeadh duine gur
ór a bhí inntí, tá tú comh
cúramach léithe.



13. Chá baoghal duit mise,
chá déanaim dearmad
orm féin.



14. Dóirt amach cupán eile
tae damh annseo, le do
thoil.



15. Sonas ar do láimh.



16. Ná cuir mórán uachtair
in mo chuid tae.



17. Tá an t-uachtar sin
láidir ar dhóigh ar bith.



18. An maith leat mórán
siúcra?



19. Ghnídh sponóg bheag gach
cupán damh-sa.



20. Nach mbéidh cupán eile
agat?



21. Ná líon an cupán sin
ar fad.



22. Cad chuige (= caidé an
fáth = cad as)?



23. Tá na cupáin seo an-
bheag.



24. Tá siad mór go leór;
acht chán fhuil spéis agam
i n-a lán tae.



25. Chán gach (h)aon dhuine
a bhfuil an sgéal céadna
le rádh acú.


L. 8


AN MEADHON LAE.



1. Tá an meadhon lae réidh
anois.



2. Chár shaoil mé go raibh sé
comh mall sin.



3. Tarraing do chathaoir i
n-aice an bhuird, agus suidh
síos.



4. Ná bíodh náire ort do
sháith a ithe.



5. A' mbéidh tuilleadh feóla
'gat?



6. Chá bhíonn, tá mé buidh-
each dhíot; is feárr liom
beagán gabáiste.



7. Seo dhuit tuilleadh muic-
fheóla.



8. Bhfuil an fheóil sin bruith-
the a sháith?



9. Béidh beagán anbhruithe
agam anois.



10. Déanfaidh sin.



11. Tabhair beagán salainn
damh, le do thoil.



12. Tá mé réidh anois.


L. 9


AG CUR PRÉATAÍ.



1. Spréidh an t-aoileach thart
chomhthrom agus ná fág cnap-
án (lumpán) dí gan
spréidheadh.



2. Measann tú go bhfuil go
leór aoiligh ann seo
'gainn?



3. Cá mhéad drill atá tú
'thabhairt leat do gach
sreath?



4. Tá mé ag tabhairt cúig
cionn; acht carna móra
tá ionntú seo.



5. Cá mhéad carn tá in gach
(h) aon ualach (lóda)?



6. Trí carna agus tá ceithre ual-
ach (lóda) in gach sreath.



7. Béidh sin 'na leasughadh
throm go leór.



8. A' gcuirfidh tú cuid de
na préataí indiu?



9. Gan amhras. B'fhéad-
faidhe go mbéadh sé
seachtmhain go bhfuighmist
lá mar seo arís.



10. Is féarr an aimsir a
fhreastal nuair tá sí go
maith.



11. Tosachaidh mé ag cur i
ndéidh a' mheadhoin lae.



12. Béidh fear eile a cheithre
orm-sa a chuidiughadh liom
ann seo.



13. Caithfidh mise a dhul suas
ann seo agus na buachaillí a
chur a leagan na bpór.


L. 10


14. Anois, a bhuachaillí,
bhfuil sibh réidh a leagan
na bpréataí?



15. Bhfuil bráiscíní agaibh
uilig?



16. Ná tabhair an iomad
leat, a bhuachaill, agus béidh
sé níos fusa dhuit siubhal.



17. Ná leag pór ar bith nach
bhfuil fás ann.



18. Caidé an fad leagfas
muid eadar gach (h) aon
phór?



19. Fágaidh aon orlach déag
eatorra.



20. Coinnighidh na póir go
ceart i lár an eitrin.



21. Nuair a bhéidheas deich
ndrillí is fiche leagtha
agaibh-se, tosachaidh mise
a chur falughadh (= folach).



22. Cá mhéad lán práiscín
ghlacfaidh sé do gach
(h)aon drill?



23. A' nglacfaidh práiscín
amháin go dtí an ceann
eile thú?



24. Fáigfidh mé mála póir
ar an cheann-iomaire eile.



25. Tá cuid agaibh-se ag
dul ró-ghasta agus chán fhuil
sibh ag fágáil i bhfois-
geacht amháin (= go comh-
throm) iad.



26. Táim ag tosughadh a chur
falughadh (= folach) orthú
anois.


L. 11


27. A' gcoinneochaidh duine
agaibh greim ar a' chapall
seo go dtiocfaidh sé
(ag) cleachtughadh leis an
obair?



28. Tabhair air siubhal ar
bhárr an drill, óir, dá
siubhalfadh sé ins an eit-
rin, chaithfeadh sé an pór
as a áit.



29. Tabhair cead dó siubhal
leis fhéin anois go bhfeic-
fidh sinn caidé mar dhéan-
faidh sé.



30. Tá sé ag dul ar aghaidh
go bréagh; féadann tú
dhul ar ais do do chuid
oibre anois.



31. Béidh an pháirc seo cur-
tha againn anocht.



32. Tá an pór uilig leag-
tha anois.



33. A' raibh go leór acú
do'n pháirc uilig?



34. Bhí, mur chuir siad ró-
thiugh iad.



35. Gabh siar anois agus abair
leis na mbuachaillíbh dhul
isteach agus a séire (sui-
peár) a fhághail.



36. Béidh siad athásach sin
a chluinsint.



37. Tá mé deimhneach go
mbéidh siad cortha i
mbárach.



38. Rinn siad obair mhaith ó
lá.


L. 12


39. Mura bhfuil tú ró-
phráidhinneach, d'fhéadfá
na drillí, tá le cur fal-
ughadh orthú agam, a áir-
eamh (chonntus).



40. Tá cúig ceann déag
is fiche le cur falughad
orthú go seadh (go sé = go
fóil).



41. Coinneochaidh sin tuair-
im dhá uair mé.



42. Béidh sé a cheithre ort
práidhinn a dhéanamh; chá
mhothuigheann tú an oidhche
ag teacht.



43. Badh mhaith liom a bheith
réidh roimhe leis an oidhche.



44. Chán fhuil gnaithe (=
gnó) agam-sa bheith fánach
annseo, nuair nach bhfuil
dadadh le déanamh agam.



45. Téidh agus cruinnigh suas na
málaí folmha ar fad, agus
tabhair isteach leat iad.



46. Bhfuair tú na málaí
uilig?



47. Saoilim go bhfuair.



48. Caidé an méad tá le
déanamh anois agat?



49. Chán fhuil acht dul síos
agus teacht aníos uair amháin
agam.



50. Fanfaidh mise annseo
go dtiocfaidh tú aníos.



51. Tig leat 'chuidiughadh
liom na capaill a thabh-
airt a bhaile.



52. Chuir sinn a lán ó thos-
uigh muid.


L. 13


53. Tabhair isteach an cap-
all seo agus bhéarfaidh mise
an ceann eile.



54. Ná fág rud ar bith de'n
úghaim i do dhéidh.



55. Tá gach (h)aon cheann
díobhtha linn anois.



MEATHLAIDHEACHT.



1. Geárr casán thart an
pháirc ar dtús.



2. Sin ball a bhfuil cuma
air go bhfuil sé abaidh.



3. Tá sé réidh le sgathadh.



4. An céad ghaoth a thioc-
fas, sgathfaidh sí e.



5. Is féarr dúinn a ghearradh
anois.



6. Glacfaidh mé sreath suas
fríd seo.



7. Cia thógfas 'mo dhéidh?



8. Tóg go glan anois é.



9. Ná teana (= déan) na
purainn (= punainn) comh
mór.



10. Má ghnídh tú comh mór
iad, chá dtig leat síomán
(banda) a fhághail a
cheangailfeas iad.



11. Tá an t-arbhar seo
doiligh amach a bhaint.



12. Tá bonn tiugh féir ar
an talamh seo agus baineann
sé an faobhar de'n speil
go gasta.



13. An le cloich ghainimh
chuireann tú faobhar
uirthí?


L. 14


14. Chán fhuil gar dúinn
gearradh níos fuide suas
ann sin; chan fhuil se
abaidh.



15. Tá coirce níos abaidhe
ag an cheann eile de'n
pháirc.



16. Cuir na purainn (=
punainn) seo as mo
bhealach.



17. Tosuigidh a cheangladh
anois.



18. A' bhfuil sibh réidh a chur
suas na stocaí?



19. Cá mhéad purann (=
punann) chuirfimid (chuir-
feas muid) i ngach ceann
acú?



20. Cuiridh sé cinn déag agus
cuiridh tríphurann (= phun-
ainn) orra.



21. Ceanglaidh iad ar
dhóigh nach séideochaidh an
ghaoth ar siubhal iad.



22. A' bhfuil duine ar bith
ag cruinniughadh an tacair
inár ndéidh?



23. Sin meathlaidheacht ghlan.



24. Bhéadh sé níos fusa a
bhaint, dhá mbéadh an ghaoth
ag séideadh an choirce
ó'n speil.



25. Chán fhuil an ghaoth sin
olc ar chor ar bith.



26. Dhá mbéadh sí 'nár
n-aghaidh, béadh sé níos
measa.



27. Tá gráinne an choirce
sin cumtha go maith.


L. 15


28. Badh chóir dó a bhualadh
go maith.



29. Badh chóir, má fhághann
se seachtmhain mar seo
ins na stocaíbh.



AG DUL 'UN A' BHAILE
MHÓIR.



1. Tá sé an t-am a éirghe.



2. Caidé an t-am é?



3. Tá sé ceathramha go dtí
a cúig.



4. Maise, tá sin moch; chár
eírigh mé indé go dtí
fiche bimide i ndéidh a
cúig.



5. Is cuma sin; tá níos
mó le déanamh indiú
agat ná bhí indé.



6. Caidé tá le déanamh
indiú agam?



7. Déan práidhinn anois agus
ársachaidh mé duid nuair
tá tú as leabaidh.



8. Maise, a Shéamuis, bhí sé
doiligh d'fhághail 'do shuidhe
ar maidin.



9. Chá leigeann tú a leas
iongantas a chur ann sin;
bhí mé as leabaidh mall
aréir.



10. Cá rabh tú aréir nó cá
huair a thainic tú a
bhaile?



11. Bhí me thall ag an fhaire
agus chá dtainic me a bhaile
go dtí a deích a chlog.


L. 16


12. A' raibh faire mhór
agaibh?



13. Chá raibh,agus anois b'fhéarr
liom-sa i bhfad gur fhan
me sa mbaile.



14. Teana (déan) práidhinn
le do chéad-phroinn agus tabh-
air biadh do na capall-
aibh.



15. Caidé chaithfeas me
dhéanamh ann sin?



16. Caithfidh tú an capall
dubh a thabhairt chun
a' t-Sráidbhaile fa
choinne ualaigh (lóda)
guail.



17. 'Bhfuil sé furus greim
a choinghbheáil ar an chapall
sin?



18. Tá sé furus go leór,
acht tabhair aire agus ná
buail leis an tslait ar
na hasnaíbh é.



19. Nach mbéidh tusa ag
teacht liom-sa?



20. Má shaoileann tú nach
mbéid tú ar son an
chapaill a choingbheáil.



21. Chán maith liom a dhul
liom fhéin, agus is féarr
duit a theacht liom.



22. A' bhfuil tú chomh bog sin
go bhfuil eagla ort a
choingbheáil?



23. Nuair nach raibh sé
amuigh riamh roimhe, is
féarr duid fhéin a theacht
liom.


L. 17


24. Imthigh leat anois; béidh
mo chead-phroinn réidh go
haithghiorra, agus chá bhíonn
tusa réidh a theacht liom.



25. Cá bhfuil sráthar a'
bheithigh?



26. Nach dtig leat a fágh-
ail?



27. Caithfidh sé a bheith ins
an áit chéadna i bhfuair
tú an t-adhastar.



28. Fuair mé an t-adhastar
ar pheig adhmaid i gcóir-
neál an stábla, acht chán
fhaca me an sráthar ann
sin.



29. Má's sin a' dóigh, cuar-
tuigh fríd a' stábla eile.



30. Cá bhfuair tú é?



31. Fuair mé ins an stábla
céadna i bhfuair mé an
t-adhastar ann, acht ab é
go raibh an srathar fal-
uighthe (= foluighthe) le
cochán.



32. Nár dheas an áit sin a
fhághail?



33. Chán mise d'fhág ann
sin ar dhóigh ar bith é.



34. Caidé eile adeirfeá?



35. Tabhair an capall thart
leat ar chúl an tighe.



36. Rachaidh mise roimhe
leat, agus tarraingeochaidh
mé an trucaill amach as
tig na dtrucaill.



37. Cuir an capall ar ais
isteach ann seo.


L. 18


38. Tar thart go dtí doras
an sgiobóil go bhfuighmid
cochán a chuirfeas muid
(sinn) ins a' trucaill.



39. Rachamuid ar aghaidh
anois i n-ainm Dé.



40. Cia tá 'na chómhnaidhe
ins a' tigh mór sin
thall?



41. Sin an áit i bhfuil
Séamus Mór, a pósadh
ar a' tseachtmhain seo
thart, 'na chomhnaidhe.



42. Maise, a ndeir tú gur
pósadh é?



43. Pósadh é, chán níos
moille nó Dia Máirt seo
thart.



44. Chaithfidh sé a bheith aosta
anois; is fada ó bhí mise
agus eisean ag dul ar sgoil
ar a'n iúl (= le chéile).



45. An raibh tusa ag dul
ar sgoil ar a'n iúl leis?



46. Bhí go deimhin, agus bhí
seisean i bhfad níos mó
agus níos aosta nó mise.



47. Cia shaoilfeadh sin?



48. Cia pósadh leis?



49. Le nighin Mhichil Bháin
thall ag bun a' tsléibhe.



50. Caidé an fad i bhfuil
sé ó'n áit s' againne go
dtí an Sráidbhaile?



51. Tá dúil agam go bhfuil
sé seacht míle.


L. 19


52. Mílte Gaodhalach' nó
mílte Sasanach'?



53. Tá 's agat go maith
nach gconntusmuid le
míltibh Sasanach' ins an
cheanntar seo.



54. Siud an lán mara (an
taoide).



55. Cá bhfuil sé? Chán
fheicim e.



56. Nach bhfeic tú é ar thaoibh
do láimhe clé de Mhóta
Dhealgain?



57. 'Tchíim anois é; acht chá
dtiocfadh liom a' chéad
uair (= ar dtús) mar
bhí an ghrian ag lonn-
radh ró-láidir in m'
aghaidh.



58. Is fada ó bhí Cú-Chulainn
'na-chomhnaidhe thuas ann
sin.



59. Cia atá 'na chomhnaidhe
ann anois?



60. Albanach, agus chá leig-
feadh sé thú taobh istigh
de na geataíbh.



61. Is iongantach sin ar
fad.



62. Má's iongantach,is fíor
é.



63. Chá leigeann sé a leas
a bheith comh cruaidh, óir
béidh an Móta ann sin
'na dhéidh.



64. Chán amharcann sé mar
sin do neithibh.



65. Seo roilig Dhúin Dheal-
gain.


L. 20


66. Is iomdha duine 'na
luighe taobh istigh de'n
bhalla.



67. Béidh sin deireadh dhuinn
uilig.



68. Caidé an seórt oibre
atá ag dul ar aghaidh
amuigh ann sin?



69. Sin an áit i ndéantar
na blící (= brící).



70. Támuid i bhfogus do'n
bhaile mhór anois.



INS AN BHAILE MHÓR.



1. Baile an Sráidbhaile atá
ag dul ar fheabhas gach
a'n lá.



2. Sin margadh na bpréataí.



3. Tá Margadh mór ann sin
cheana.



4. Nuair rachfas muid
(sinn) suas ann seo, caith-
fidh sinn teanntadh taobh
na láimhe clé le dhul chun
a' chéibh.



5. Thíos ann sin gheobhas me
an gual.



6. Caidé an seort cártha é
sin?



7. Sin cuimhneachán do thóg
muintir a' tSráidbhaile
le cuimhne fear Naochad a
hOcht.



8. Go ndéanaidh Dia tró-
caire ar anamnaibh na
bhfear agus na mban d'éag
“Ar son Creidimh agus
Tíre.”


L. 21


9. Caidé an fad a bhfuil
sé anois ó seo do'n chéibh?



10. Seo an áit i ndíoltar
an gual.



11. Is feárr duit tuirlint
(theacht anuas) ann seo agus
greim cinn a thabhairt ar
an chapall.



12. Tabhair an trucaill
anonn ar an taoibh thall
de'n droichead tomhaiste.



13. Cuir an trucaill ar
ais ar an droichead.



14. Bain amach slabhraidhe.
an bhrístín agus iall an bhuilg.



15. Taem (= tabhair damh)
an bata sin go gcóirighe
mé faoi'n trucaill é.



16. Caidé an fáth a ndean-
faidh tú sin?



17. Chun an comhthrom
(truime) a thabhairt ó
dhruim an chapaill agus a
leigint ar an droichead
tomhaiste.



18. Mur ndéanfá sin, chá
dtiocfadh leat an tru-
caill a thomhas go ceart.



19. Seo chugainn an fear
a líonfas an gual.



20. Bhí sinn ag fuireach
leat.



21. A' raibh sibh i bhfad ann
seo?



22. Ó cheathrama go dtí a
naoi.


L. 22


23. Dhá mbéadh sibh ann seo
cúig bhimide níos guiste,
béidhinn-se ann seo.



24. A' ndeir tú sin?



25. Téidhim fá choinne mo
cheadphroinne ar a fiche
bimide go dtí a
naoi.



26. Caidé an comhthrom
(truime) atá 'san tru-
caill sin?



27. Sé chéad, trí ceathramha.



28. Sin an comhthrom
(truime) céadna bhí sé
an uair dheireannach bhí
mé ann seo.



29. Cóirigh na slabhraidhe
sin agus tabhair an tru-
caill anonn ar a' taoibh
thall de'n charn sin guail.



30. An é seo an gual a
líonfas muid (sinn)?



31. 'Seadh; agus gual maith
at' ann.



32. Ár ndóigh, badh chóir dó;
nach bhfuil tú ag baint
sgilling' is ponta an
tonna as?



33. Cia d'ársuigh sin duit?
Measaim go rabh duine
inseach (= éigean) ag
fochmaid fút.



34. Caidé tá tú a bhaint
as, mar sin?



35. Naoi sgillinge déag an
tonna.



36. Tabhair an t-sluasad
sin anall agus tosuigh d'á
líonadh.


L. 23


37. Ná caith na ceannaí
móra isteach comh garbh
nó caithfidh tú an tóin as
mo thrucaill.



38. Chá leigeann tú a leas
greim eagla a bheith ort,
óir is iomdha trucaill thig
isteach ann seo gach lá,
agus is beag acú théid amach
gan a tóin.



39. 'Saoileann tú caidé
an méad guail tá 'gam
ar a' trucaill sin anois?



40. Tá tuairim dhá chéad
déag.



41. Saoilim go bhfuil an
capall sin ar son cúig
céad déag a tharraint.



42. Tá cúig céad déag
agat anois.



43. Tabhair an trucaill ar
ais ar an droichead go
dtómhas muinn an gual.



44. Tá cuig céad déag is
ceathramha 'gat. Adtabh-
arfaidh tú an cheathramha
leat?



45. Tá sé comh maith damh;
chán fhiú mo shaothar a
thligean ( = theilgean =
a chaitheamh) de.



46. Tarraing ar agaidh an
capall anois.



47. Féadann tusa dhul ar
agaidh anois agus béarfaidh
mise ort ( = gabhfaidh
mé thú, buailfidh mé
suas leat) suas an
baile.


L. 24


48. An rabh tú i bhfad ag
fuireach ann seo?



49. Tá mé ann seo tuairim
cuig bimide déag.



50. Chá dtiocfadh liom-sa a
fhághail ar siubhal níos
guiste.



51. Nuair chuaidh mé isteach
a dhíol ar son an ghuail,
bhí a seacht nó a hocht
cloigne roimhe liom,
agus b' éigean damh fan-
acht ar mo sheal.



52. Rachamuid ar aghaidh
anois agus gheobhaidh sinn ár
meadhon lae; tá mé
deimhneach go bhfuil do
ghoile agat anois.



53. Rachaidh mise ar aghaidh
agus gheobhaidh mé stábla
do'n chapall, agus téidh
thusa agus órduigh meadh-
on lae dúinn.



54. Ar fhág tú féar tirim
a sháith aige?



55. A' bhfaca tú duine ar
bith amuigh indiú a raibh
aithne agat air?



56. Chonnaic mé cúpla
daoine comhursanaighe
thuas ag an áit i ndíoltar
an cochán.



57. Teana (= déan) do
sgíste ann seo agus bhéar-
faidh mise an capall
anuas.



58. A' dtabhairfidh tú rud
ar bith eile a bhaile leat
indiú?


L. 25


59. Saoilim go bhfuil ualach
go leor againn cheana.



60. Tá cruinniughadh mór
thíos ann seo roimhe
linn.



61. Tá an tsráid cumhang
ann seo; coinnigh greim
chruaidh ar na córdaíbh.



AG TEACHT A BHAILE.



1. Caithfiomuidne aire a
thabhairt dúinn fhéin, nuair
rachfas muid (sinn) comh
fada le droichead an
bhóthair iarainn.



2. Chá dtig leat an traen
a fheiceáil leis na crainn
go dtí go mbéidh sé le
do thaoibh.



3. Bhí me ag teacht ann seo
lá amháin le capall óg,
agus go díreach nuair
bhí mé faoi 'n droichead
chuaidh traen thart le
tarann (= torann) cos-
mhail le táirneach, agus
acht ab é go rabh mé réidh
ar a shon, bhéadh an capall
ar siubhal uaim.



4. Bhí sé sona nach bhfuair
sé ar siubhal.



5. Nach iongantach an
tarann (= torann) ghní
trucaill ag dul faoi
dhroichead?



6. Caidé an t-am bhéidheas
sinn sa mbaile?


L. 26


7. Bhí sinn dhá uair go leith
ag teacht amach, agus
glacfaidh sé trí uaire le
dul 'un a' bhaile.



8. A' dteanntochaidh sinn
go taoibh na láimhe clé
ag an chros-bhóthar seo?



9. Sin bóthar cnocach agus
rachaidh sinn ar aghaidh go
díreach, agus chá chasann
an oiread cnoc nó mullach
orainn.



10. Támuid sa mbaile arís
comh slán is bhí sinn riamh.



11. Tabhair an trucaill
thart go tigh an ghuail,
agus fág ann sin go
maidin é.



12. Tabhair an capall
isteach ann seo anois.



13. Tabhair sop damh go
gcuimleochaidh mé an
t-allus de.



14. Cuartochaidh sinn rud
innseach dúinn féin anois.



AG TREABHADH..



1. Caidé tá le deanamh
indiú againn?



2. Rachamuid síos agus toso-
chaidh sinn ag treabhadh
páirce na heórna.



3. Rachaidh mise síos roimhe
leat, agus nuair thiocfas
tusa anuas, béidh an
béarna leagtha agam-
sa.


L. 27


4. Tá an pháirc seo i n-ór-
dughadh mhaith ar son
treabhtha indiú.



5. Caidé an taobh de'n
pháirc ar chóir dúinn a
thosughadh ann ar dtús?



6. Badh chóir dúinn a thosugh-
adh ann seo, agus sgríob a
thabhairt go dtí an cloidhe
thall.



7. Nach mb'fheárr dúinn
tosughadh ag an taoibh
íochtrach agus a dhul suas
leis a' chloidhe thall?



8. Má threabhann tú ins an
áird sin, chá bhíonn áit do
cheann-iomaire agat.



9. A' bhfuil na croitcheachaibh
leat?



10. Cia acú de na capall-
aibh chuirfeas tú ar an
taoibh astoigh (istigh)?



11. An capall dubh, tá cuma
air go bhfuil sé níos cortha
ná an ceann eile.



12. Tabhair greim ar a'
chéachta agus coinneochaidh
mise na córdaí.



13. Caidé an áird i
dteanntochaidh mé iad?



14. Tiomáin thart an pháirc
iad, agus coinnigh tuairim
dhá shlait ó'n chloidhe iad.



15. Nuair thiocfas muinne
thart ann seo arís, teann-
tuigh suas go dtí an taobh
eile iad.


L. 28


16. Tá án talamh seo an-
tirim indiú; tá sé dh'á
ghearradh go réidh.



17. Féadann tú na córdaí
a thabhairt domh-sa; béidh
mise ar son a gcoing-
bheála ar a'n iúl leis a'
chéachta.



18. Coinnigh an capall go
maith ins an eitrin.



19. Caidé an talamh tá 'san
pháirc seo?



20. Tá ácra go leith.



21. A' mbéidh sinn ar son a
threabhtha i dtrí lá?



22. Má choinnigheann an aim-
sir go maith, treabhfaidh
sinn i dtrí lá go leith í.



23. Caidé an bárr is cóir
a chur innte (inntí)?



24. Is fhéarr duinn coirce
chur innte i mbliadhna
agus béidh sí níos fusa a
shaothrughadh ar a' bhliadhain
seo chugainn.



25. Dá mbéadh sí treabhtha
go maith anois, cha ghlac-
fadh sé morán fursuighthe
falughadh (folach) a chur
ar an choirce.



26. Dhéanfadh dhá sgríob ar
fad agus ceann trasna.



27. Bhfuil an maide seist-
righe (= seisrighe) sin dí-
reach?



28. Má dhearcann tú as
seo air, shaoilfeá nach
raibh sé díreach.


L. 29


29. Tá an cóltar sin dh'á
chaitheamh go maith.



30. Tá pláta an talaimh agus
pláta na taoibhe i bhfogus
do bheith caithte amach.



31. Chá seasann na céachtaí
ghnídh siad anois an
caitheamh leis na sean-
céachtaíbh.



32. Tá na céachtaí úra seo
níos saoire agus níos éad-
truime.



33. Cá mhéad poll tá 'san
ráca?



34. Tá ocht bpuill ins an
cheann seo acht tá cuid
acú agus chán fhuil ionntú
acht sé puill.



35. Is féarr duit greim a
thabhairt ar na córdaíbh
go bhfuigfidh mé na
capaill teanntuighthe.



36. Nuair rachfas sinn síos
chun a' cheann-iomaire
íochtraigh, féadann sinn
sgaoileadh amach agus dhul a
bhaile.



37. Tar ann seo go gcuid-
eochaidh mé suas ar a
chapall seo thú.



38. Tarraingeochaidh mé an-
all chun a' claidhe é agus
gheobhaidh mé as sin ar a
dhruim.



39. Ná cuir ar sodar é, óir
tá sé cortha.



40. Chán é go dtéarn
(= ndearna) sé obair
chruaidh ó lá.


L. 30


AG BUALADH COIRCE.



THRESHING.



1. Cá bhfuil an súiste?



2. Chán fhuil agat acht an
lamhchrann; cá bhfuil an
buailteán?



3. Béidh craiceann easgann
a cheithre orm le n-a
gceangladh.



4. Nach ndéanfadh an líon?



5. Dhéanfadh go ceann ta-
maill; acht bíonn caitheamh
fada ins an chraiceann
easgann.



6. Spréidh na cáití ar an
bhall ghlas sin thall.



7. Nach bhfuil tú ag dul a
bhualadh sa sgioból?



8. Bhéidhinn plúchtha leis a'
dusta (= deannach) agus leis
an cháith.



9. Má thigeannan fhearthainn
orainn, caidé dhéanfas-
muid (sinn)?



10. Má bhíonn fearthainn ar
bith, chá bhíonn acht cioth,
agus tig linn falughadh
(= folach) a chur ar an
choirce leis na cáitíbh.



11. An iad seo na cáití tá
'gat? Tá siad uilig
réabtha.



12. Rachadh an coirce fríotú
(= tríotha) mar rachadh sé
fríd choigneóir.



13. Taem an snáthad sin
gcuirfidh mé snaidhm
ionntú.


L. 31


14. Cuir cloch ar an chóir-
neál sin, ar dhóigh nach
séideochaidh an ghaoth ar
siubhal é.



15. Cuir síos a' doras ar
lár a' cháite.



16. An é sin buailteán
cuill atá 'gat?



17. Cá mhéad buille bhuail-
feas sinn ar gach taoibh
de'n phurann (= phunann)?



18. Dhéanfaidh sé buillí: tá
an t-arbhar sin tirim
abaidh.



19. Cia sgaoilfeas na
purainn (= punainn)
duinn?



20. An ghirrseach bheag sin
ag teacht anuas an
pháirc.



21. Nach bhfuil sise ag dul
a chrathadh an chocháin?



22. Dhéanfaidh sí an dá
chuid; acht gheobhaidh sí
duine eile a chuidiughadh
léite i ndéidh a' mheadhoin
lae.



23. Tabhair aire agus ná
buail leis a' tsúiste mé.



24. Teanntochaidh sinn na
purainn (= punainn);
tá an taobh seo buailte
a sháith.



25. Cuir do chos chlé faoi'n
taoibh seo, agus cuir
ceann do shúiste ar an
taoibh eile agus teann-
tuigh iad.


L. 32


26. Tá tú ag eirghe uachtach;
shaoilfeadh duine go raibh
an purann (= punann)
sin céad ar chomhthrom
(= truime, meadhachan),
bhí tú comh fada sin d'á
theanntadh.



27. Bhfeic tú an bhean thuas
ag an tigh ag sgairteadh
orainn a bhaile chuig nár
meadhon lae?



28. Chár mhothuigh mé an lá
seo ag dul thart.



29. Caith na súistí ann
sin agus cuir falughadh
(= folach) cocháin orthú.



30. Chán fhuil eagla ort go
ngoidfeár iad?



31. Chán fhuil, acht chán maith
liom iad a bheith sgoilte
leis a' ghréin.



32. Anois, a chailín, ná leig
na cearcaí 'chómhair a'
cháite, nó stróicfidh siad
an coirce fhríd an
fhéar.



33. Má mhothuigheann tú
cioth ag teacht, cuir fal-
ughadh (= folac) ar a'
cháite.



34. Béidh an chruach bheag sin
uailte againn anocht.



35. Tá sí ar an taoibh thíos
de'n sgimheal anois, agus
badh chóir dó sin a bheith a
leith.



36. Chá raibh mórán lucha ins
an chruaich sin.


L. 33


37. Chonnaic mé lochóg inntí
ar a' tseachtmhain seo
thart, agus is cosmhail gur
dhíbir sí na lucha.



38. Dhá mbéadh sí níos
foisge do'n uisge,
bhéadh níos mó lochógaí
inntí.



39. A' mb'féarr dúinn
cruach a dhéanamh de'n
mhéad atá buailte 'gainn
anois?



40. Is féarr fanacht go
mbéidh sé uilig buailte
'gainn.



41. Líon suas an coirce sin
i mála.



42. Tá an gráinne sin
beag.



43. Tá cuid dé módhmhar.



44. Ná leig do'n choirce
dul amach ó'n cháite.



45. Gráinne de rachfas
amach, cruinneochaidh na
cearcaí suas é.



AR SGOIL.



1. Bhfuil na buachaillí (na
gasúir) uilig istigh?



2. Seasadh an Treas Céim
thart i rang.



3. A' chéad bhuachaill, tabhair
na sglátaí amach do na
buachaillíbh agus do na
cailíníbh ins an Cheathramh-
adh Céim.


L. 34


4. Bhearaid (bhéarfad) cúig
bhimide dhaoibh go díreach
chun amharc ar bhur
gceachtannaibh.



5. Bhfuil sibh uilig réidh?



6. Sgríobhaidh síos na focla
seo leanas.



7. Má tá focal nach ceart
aige duine ar bith agaibh,
sgríobhadh sé amach trí
huaire é.



8. Sgríobhthar gach dearmad
trí huaire.



9. Féadann buachaill ar
bith nach raibh dearmad
aige suidhe ann seo, agus a
cheacht a fhághail réidh.



10. Béidh mé an-chruaidh ar
bhuachaill ar bith nach
mbéidh ar son mínighthe
na bhfocal a ársuighe
dhomh.



11. Ná cluinim níos mó
glóir ins na suidheacháin.



12. Má chluinim níos mó
cainte, béidhead ag dul
síos leis a' tslait..



13. Tabhair aníos na sglátaí
anois.



14. Coinnigidh socair anois
go nglaoidhfidh mé na
hainmneacha.



15. Leig domh 'fheiceáil
anois caidé bhí sibh-se ins
na suidheacháin a dheanamh
ar a' leath-uair seo thart.



16. Badh chóir a thuilleadh a
bheith sgríobhtha agat 'san
aimsir.


L. 35


17. Tá i bhfad barraidheacht
sgríobhtha ag an chailín
seo.



18. Chán maith liom smáil
a fheiceáil ar pháipeár
duine ar bith.



19. Shaoileas go dtiocfadh
leat sgríobhadh níos
féarr.



20. Seo sgríbhneóireacht
mhaith.



21. Dearcaidh ar sgríbh-
neóireacht an bhuachalla
seo.



22. Sin a' dóigh badh chóir a
sgríbhneóireacht a bheith
réidh aig gach haon
dhuine agaibh.



23. Cá bhfuil an páipéar
súighthe?



24. Triomuighidh bhur gcuid
leabhrán sgríobhtha.



25. Druididh anois iad agus
cuiridh go dtí an ceann
eile de'n suidheachán iad.



26. Bhfuil sibh réidh ar son
athruighthe?



27. Éirighidh in bhur seasamh.



28. Buailidh cosa; siubh-
laidh.



29. Stadaidh (seasaidh).



30. Sgríobhfaidh sibh-se ins na
suidheacháin rosg ar “An
chaitheamh aimsire is féarr
liom,” agus c.



31. Chán fhuil rosg fada a
cheithre orm-sa, acht caith-
sidh sé bheith ciallmhar
agus sgríobhadh go maith.


L. 36


32. Sgríobhaidh tuairim lea-
thanach amháin.



33. Tabhair aire a thosughadh
le cinn-litir.



34. Leis an bhuachaill bheag
sin atáim ag labhairt,
mar ghnídh sé dearmad ar
an chinn-litir gach a'n
lá.



35. Roinnidh bhur rosg i
n-altaibh beaga.



36. Léighfidh an Cúigeadh
Céim anois.



37. Tosuigh, a' chéad bhuach-
aill (nó chailín).



38. Ná léigh comh gasta sin.



39. Tá sin ró-ghasta go
fóil.



40. Tá sin níos féarr; féach
agus léigh an chéad alt eile
mar sin.



41. Déanfaidh sin anois.



42. Druid do leabhar anois
agus ársuigh damh id' fhoclaibh
fhéin caidé bhí tú a
léigheadh.



43. Tá tú ag dul ar fhea-
bhas in do léigheadh.



44. Ar fhóglaim tú sin
aréir?



45. An chéad bhuachaill (nó
chailín) eile.



46. Coinnigh do súil ar na
stadannaibh.



47. Caidé bhain duit - nach
dtig leat léigheadh níos
airde?


L. 37


48. Nach bhfuil aithne agat
ar an fhocal sin?



49. Litrigh é. Anois an
dtig leat a rádh?



50. Ársuigh damh anois
caidé an míniughadh atá
leis.



51. A' bhfuil sé ceart?



52. Má shaoileann duine ar
bith nach bhfuil sé ceart,
cuireadh sé suas a lámh.



53. Chán fheicim lámha ar bith
tógtha..



54. Ná bí (= bíodh) an
oiread sin práidhinne
ort, agus bainfidh tú
amach an chiall níos
féarr.



55. Léigh an abairt sin arís.



56. Léigh thríd an cheacht sin
go cúramach, óir caithfidh
sibh alt a sgríobhadh air
ar ball.



57. A' bhfuil bhur rosg réidh
agaibh?



58. Badh chóir a thuilleadh a
bheith déanta agad-sa.



59. Chán fhuil mórán céille
ins an mhéad atá sgríobh-
tha agad.



60. Chán fhuil sé seo i bhfad
níos féarr, acht atá na
hailt córuighthe go deas.



61. Tá sé sin go maith.



62. Tá sé seo go maith
fósta (= fós).



63. Seo an ceann is féarr
a chas orm go seadh.


L. 38


64. Chán fhuil an buachaill
seo ró-chúramach fa'n
dóigh a chaitheas sé a chuid
dubhaigh.



65. Tá smáil deasa toighte
agat-sa.



66. Maith, cosmhail, olc.



67. Féadann sibh dul amach
chun spóirt a dhéanamh
anois.



68. Bhfuil na sglátaí uilig
cruinn?



69. Caithfidh sibh tosughadh
ar an ríomhaireacht nuair
thiocfas sibh isteach.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services