Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Curadh Glas an Eolais
Title
Curadh Glas an Eolais
Author(s)
Tomás Bhid (Tommuny),
Compiler/Editor
Ó Raghallaigh, Seághan Maolmhuire, An tA
Composition Date
1905
Publisher
Muintir na Leabhar Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CURADH GLAS AN EOLAIS TOMÁS AN DROICHID d'innis an sgéal seo do'n ATHAIR SEÁGHAN MAOLMHUIRE O RAGHALLAIGH Bhí sinn ann fad' ó, 's is fad' ó bhí; agus dá mbéadh sinn ann an uair sin, ní bhéadh sinn ann anois; bhéadh sgéal úr, nó sean sgéal againn, agus níor dhóiche sin 'ná bheith gan aon sgéal: Mar bhí rí breágh, aoibhinn, áluinn ann, agus phós sé bainríoghan óg, agus ó'n lá phós sé, bhí sé féin agus í féin i ngrádh, gur rugadh i gceann bliadhna mac, a raibh ollghárdas mór agus goirm sgoile, faoi 'n oidhre óg a bheith ar fághail. Ó'n lá rugadh an mac, bhí an ríoghtamhlacht ag tuitim, nó go raibh an mac bliadhain agus fiche. Bhí an mac lá ag siúbhal ar bórd na trághadh. Mar bhreathnuigh sé amach ar an bhfarraige, do chonnaic sé an corrachán snámh' taobh le 'n iomróir amháin. Budh gearr go dtáinic an corrachán i dtír, agus tugadh feisdiúghadh lae agus bliadhna airthí. Shiúbhail an fear suas chun mic ríogh Éireann. “Go mbeannuighidh Dia dhuit, a mhic ríogh Éireann.” “Go mbeannuighidh Dia agus Muire dhuit,” arsa mac ríogh Éireann, ars' eisean, “mar nach bhfuil a fhios agam cia thú, le d'ainm a chanamhaint.” “Mise Curadh Glas an Eolais. An n-imreochá cluiche cárdaidhe, a mhic ríogh Éireann?” “Mo chroídhe-chrádh dhíom má chlisim,” arsa mac ríogh Éireann. Tharraing Curadh Glas an Eolais a phaca cárdaidhe chuige, óir is ionduail [anamh?] bhí gan iad. Shuidhea-
dar síos ar an bhféar glas, agus d'imrigheadar, agus chuaidh an cluiche ar Churadh Glas an Eolais. “Tabhair do bhreith anois,” ars' an Curadh, ars' eisean. “Bheirim de bhreith agus de mhór-imirt ort, gach seomra d'á bhfuil folamh i gcúirt m'athar, bheith líonta le ór agus le airgead seal má n-eirigheann an ghrian ar maidin i mbárach.” “Caithfidhear sin bheith déanta,” arsa Curadh Glas an Eolais: "slán leat, a mhic ríogh Éireann, go lá éigin eile.” D'fhill mac ríogh Éireann abhaile, chun cúirte a athar agus a mháthar. Ar maidin lá ar n-a n-aortha, nuair a d'eirigh an rí, níor fhéad sé a cheann a chur isteach i n-aon rúma d'á raibh folamh nach raibh líonta roimhe le ór agus le air- gead. Ghlaoidh sé ar a mhac, agus tháinic a mhac chuige. “Go dé sgéal an obair seo, a mhic?” ars' an rí. “Is cuma dhuit-se, a athair,” ars' an mac, ars' eisean; "béidh tusa ceart ar aon nós.” “A mhic,” ars' an rí, ars' eisean, “tiocfaidh an obair seo searbh, tá faitchíos orm, agus ná teirigh níos mó ag imirt in san áit a dtáinic an obair seo as.” Níor labhair an mac ní ba mhó. 'Nuair d'ith sé a bhricfasta, thug sé aghaidh síos ar an áit a raibh sé an lá roimhe sin ann. Budh geárr bhí sé ann, nuair chonnaic sé an corrachán snámh' ag teacht chun talaidh taobh le'n iomróir amháin. Thug an t-iomróir feisdiúghadh lae agus bliadhna ar an gcorrachán, chomh maith agus nach mbéadh sé gan bheith acht lá ann. Shiúbhail sé suas chun mic ríogh Éireann. “Go mbeannuighidh Dia dhuit, a mhic ríogh Éireann!” “Go mbeannuighidh Dia agus Muire dhuit, a Churaidh Ghlais an Eolais,” arsa mac ríogh Éireann, ars' eisean. “An n-imreochá cluiche cárdaidhe i ndiú?” arsa Curadh Glas an Eolais. “Maise' bhéadh sé náireach agam cliseadh i ndiú, mar nár chlis mé i ndé, a Churaidh Ghlais an Eolais.”
“Verroo ell.” Tharraing siad na cárdaidhe chucu, agus d'imrigheadar go cruaidh an cluiche, agus d'eirigh le mac ríogh Éireann gur chuir sé an cluiche ar Churadh Glas an Eolais. "Tabhair do bhreith anois, a mhic ríogh Éireann,” arsa Curadh Glas an Eolais. “Ó, ní beag duit a luaithe,” arsa mac ríogh Éireann. “Bheirim de bhreith ort an cuan sin bheith líonta le soighthigh bheaga agus móra, — aghaidh gach tíre agus gach náisiúna bheith ar an gcuan sin.” “Is mór é d'athchuinge, a mhic ríogh Éireann,” arsa Curadh Glas an Eolais, “acht caithfidhear a dhéanadh.” Thugadar dhá gcúl a gcinn d'á chéile; thug mac ríogh Éireann aghaidh ar chúirt a athar agus a mháthar féin; thug Curadh Glas an Eolais aghaidh ar a thír féin, thríd na fairgeanta móra in a chorrachán snámh' gur bhuail sé tír agus talamh in a ríoghacht féin. Nuair a d'eirigh rí na h-Éireann, agus bhreathnuigh sé amach, ní thiocfadh leis tada fheiceál acht soighthigh loingseacha agus báid i n-aon áit d'á bhféadfadh sé breathnughadh air. Ghlaoidh sé chuige ar a mhac. “'Seadh a mhic,” ars' eisean, “cad é ciall an obair seo?” “Tá ciall mhaith, a athair,” ars' an mac; “bhí tú ariamh i nganfhios annseo, acht ní mar sin a bhéas tú feasda. Óir béidh eolas ort ins gach tír agus i ngach náisiún.” “Á! a mhic,” ars' an t-athair, ars' eisean, "tá faitchíos orm gur tusa bhéas shíos leis.” “Béidh do sháith féin agad-sa, a athair, cébrí rud eireochas domh-sa.” Nuair a d'ith sé (.i. mac ríogh Éireann) a bhricfasta, nigh sé agus ghlan sé a lámha agus a éadan, agus ghléas sé é féin suas mar budh cóir do mhac ríogh 'dhéanadh. Shiúbail sé síos chun an chuain, mar rinne sé 'ch aon lá de'n dá lá roimhe sin. Ar dhearcadh dhó amach ameasg a raibh de shoighthigh bheaga agus móra ar an gcuan, do
chonnaic sé an corrachán snámh' a' triall chun na trághadh, agus budh gearr go raibh sé féin agus a chorrachán ar an tráigh. Thug sé feisdiúghadh lae agus bliadhna airthí, mar rinne gach aon turas eile. Shiúbhail sé suas chun mic ríogh Éireann. “Go mbeannuighidh Dia dhuit, a mhic ríogh Éireann!” “Go mbeannuighidh Dia agus Muire dhuit, a Churaidh Ghlais an Eolais!” “An n-imreochá cluiche cárdaidhe, a mhic ríogh Éireann?” arsa Curadh Glas an Eolais. “Mo chroídhe-chrádh dhíom má chlisim i ndiú,” arsa mac ríogh Éireann. Tharraing siad chucu na cárdaidhe, agus d'imrigheadar chomh cruaidh agus bhí sé in a gcumhachta ag féachaint cia h-acu a mbéadh an bhuaidh aige. Chuaidh an cluiche ar mhac ríogh Éireann. “Tabhair do bhreith anois,” arsa mac ríogh Éireann. “Ní beag duit a luaithe,” arsa Curadh Glas an Eolais; agus b'fhíor dhó é. “Cuirim-se do bhreith agus de mhór-imirt ort, gan dá lá chathadh in aon teach, ná trí béilidhe in aon bhord, go bhfághaidh tú mo theach-sa amach, agus bheirim lá agus bliadhain duit, nó do cheann agus do choiméad beatha 'chailleadh.” Thugadar dhá gcúl a gcinn d'á chéile. Thug mac ríogh Éireann aghaidh ar chúirt a athar agus a mháthar féin. Thug Curadh Glas an Eolais aghaidh ar na fair- geantaibh. Nuair tháinic mac ríogh Éireann go dtí cúirt a athara, níor thasbáin sé subháilce acht briseadh croídhe agus dobrón. “H'm'-nneá! Is mac ríogh faoi gheasaibh thu!” arsa sean-rí na h-Éireann. “Maise' 'seadh go deimhin, a athair,” ars' an prionnsa óg. “H'm'-nneá! Is maith a bhí a fhios agam-sa,” ars'
an t-athair, ars' eisean, “nár fhéad aon duine buaidh fhághail ariamh ar an draoitheadóiríbh.” “Well, a athair,” ars' an prionnsa óg, “cébrí rud eireochas domh-sa, béidh do sháith féin agat-sa 'mo dhiaidh.” Lá'r n-a bhárach, nuair d'eirigh an lá, d'eirigh mac ríogh Éireann. "Feistigh bád agus gléas long dom, a athair,” ars' eisean, “go dtéidhidh mé ar thóir an draoitheadóra, Curadh Glas an Eolais.” “A mhic,” ars' an mháthair, ars' ise, “déan mo chómhairle. Fan, agus déan an t-earrach; is ionduail an té nach gcuirfidh in san earrach a mbéidh aige in san bhfoghmhar. Má fhághann tú amach é i gcionn lae agus bliadhna, gheobhfaidh tú amach é i gcionn lae agus trí ráithche. An té nach gcuirfidh in san earrach ní bhainfidh sé in san bhfoghmhar.” “Déanfaidh mé do chómhairle, a mháthair,” arsa mac ríogh Éireann. Chuaidh sé i gcionn a ghnaithe nó gur caitheadh an ráithche. “Gléasaidh lón dom anois,” ars' eisean, “go dtéidhidh mé an thóir an Churaidh.” “Well, a mhic,” ars' an mháthair, ars' ise, “déan mo chómhairle, agus fan ráithche eile, agus má tá sé i ndán duit a fhághail amach in gcionn lae agus trí ráithche, gheobhfaidh tú amach é i gcionn lae agus leith-bhliadhna.” “Déanfaidh mé do chómhairle,” arsa mac ríogh Éireann. Chuaidh sé i gcionn a ghnaithe, mar badh cóir dhó, go raibh sé taobh leis an leith-bhliadhain. “'Nois,” ars' eisean, “gléasaidh lón dom, agus leig dhom bheith ag imtheacht ar thóir an Churaidh.” “Déan mo chómhairle arís, a mhic, agus fan ráithche eile, agus má tá an t-ádh ort, go ndéanfaidh tú amach é i gcionn lae agus leith-bhliadhna, déanfaidh tú amach é i gcionn lae agus ráithche.”
“Déanfaidh mé do chómhairle, a mháthair,” arsa mac ríogh Éireann. D'fhan sé ar a cómhairle, nó gur chrap sé agus gur chuir sé i gcrích a shaothar agus gach nídh d'ár fheil dó. “'Nois, a mháthair,” arsa mac ríogh Éireann, “gléas lón dom go dtéidhidh mé chun siúbhail, agus ar thóir Churaidh Ghlais an Eolais.” “Déanfaidh mise sin duit,” ars' an mháthair. Ghléas sí agus d'fheist sí trí bhunnóg aráin. “'Nois, a mhic,” ars' an mháthair, “tabhair aire dhóibh seo, mar do bhéarfá do do cheann agus do do choiméad beatha; óir b'fhéidir go dtastóchadh siad uait i n-aimsir do chruadhtain.” D'fheistigheadar long dhó, lochtmhar, lán-tsoilseach. Thug sé a toiseach do mhuir agus a deireadh do thír. D'árduigh sé suas a cuid seolta, bocóideacha, bacói- deacha, snáitheacha fhada go bárra na gcrann, comh-fhada, comh-dhíreacha; agus thug sé cead do'n loing imtheacht ar a cómhairle féin. Budh gearr gur bhuail sé caladh i dtír nach raibh a fhios aige cia'n áit 'san domhan a raibh sé ann. Thug sé feisdiúghadh lae agus bliadhna airthí. D'iompuigh sé a chúl ar an luing agus a aghaidh ar an talamh a bhí aige le siúbhal air. Budh gearr go raibh deireadh an lae ag teannadh leis. Ní fhaca sé toirt fiach ná fionnóg, go bhfaca sé coill bhreágh, aoibhinn, áluinn a bhfad uaidhe. “Mo chroídhe-chrádh dhíom,” arsa mac ríogh Éireann, “go dtriallfaidh mé chun na coilleadh, óir is annamh ariamh bhí coill gan ionad comhnuidhe.” Shiúbhail sé leis go dtáinic sé chun taoibhe na coilleadh. Chonnaic sé casán garbh, agus lean sé dhó, nó go dtáinic sé i n-áit a bhfacaidh sé cúirt bhreágh, aoibhinn, áluinn, gan bun cleite asteach ná bárr cleite amach, acht 'chuile chleite ag déanadh sgéith' dhídin agus fasgaidh dhí, agus 'chuile bhraon a thuitfeadh as an spéir, bhí sé silte dhí mar thuitfeadh braon de dhruim gé. Bhuail sé an dorus le bárr a bhútais. Thainic an
fathach aoin-chinn amach, agus — “Fú, fá, féasóg, a Éireannaigh bhréagaigh, bhradaigh, cad do thug chun mo thighe-sa thú, ag cur éagcaoin agus trioblóid' orm-sa in m'ionad comhnuidhe féin?” “Ní Éireannach bradach ná bréagach mise,” arsa mac ríogh Éireann, “acht duine atá 'na ion ceart agus cónraic a bhaint díot-sa, a fhathaigh shalaigh.” “Cia 's feárr leat,” ars' an fathach, ars' eisean, “ag gabháil do sgeanaibh mara i mbárr-easnachaibh 'ná ag carraidheacht ar leacrachaibh glasa?” “Is feárr liom ag carraidheacht ar leacrachaibh glasa,” arsa mac ríogh Éireann, “óir is é a chleacht mé i gcúirt m' athara agus mo mháthara féin.” Rugadar dhá ghreim chaola, chruaidhe ar a chéile; rinneadar bogán de'n chruadhán, agus cruadhán de'n bhogán, le neart charraidheachta agus cónraic. Do chonnaic mac ríogh Éireann nach raibh fear a shínte ná a chaointe aige. Thug sé fásgadh faoi'n bhfathach agus chuir sé go dtí na glúine é. An dara fásgadh thug sé faoi, chuir sé go básta a bhrísde é, agus an tríomhadh fásgadh, chuir sé go meall a bhrághad é. “Fód glas ar do mhuineál, a fhathaigh!” arsa mac ríogh Éireann. “A ghaisgidhigh is feárr a chonnaic mé 'riamh,” ars' an fathach, “tabhair as seo mé, agus bhéarfaidh mé slaitín draoidheachta dhuit a dhéanfas beo de'n mharbh agus marbh de'n bheo, claidheamh soluis a dhéanfas solas i ndorchadas in aon áit a mbéidh tú, each ceol donn a bhéarfas ar an ngaoith atá roimpí, agus nach mbéarfaidh an ghaoth atá 'na diaidh airthí.” Chuir sé lámh in a mhála, agus rug sé ar ceann de na bunnógaibh thug a mháthair dhó agus chaith sé i mbéal an fhathaigh é. “Súgh mo chroídhe agus mac mo dheirbhfhíre, nár bh'fhurusda d'aithne domh-sa go dtáinic an braon maith sin rómhat?” ars' an fathach leis. “Ní fhaca mise aon fhathach ná aon ghaisgidheach ar
thaoibh mo mháthara ariamh nach bhfaca mé fear agus gaisgidheach bhain dom' athair féin chomh maith agus chomh tréan leis,” arsa mac ríogh Éireann. Chuadar asteach chun na cúirte, agus má's shíos a bhí áit dó, is shuas a socruigheadh é, le bród agus luthgháir ag an "uncuil" roimhe. Chaitheadar an oídhche, trian le fiannuigheacht, trian le sgéaluigheacht, agus trian le soirm sáimh agus aon-chodladh. Dhá mhoiche dh'ár eirigh an lá, bhí mac ríogh Éireann 'n a shuidhe chomh moch leis. “'Seadh,” ars' an t-uncuil, ars' eisean, “cad eurd a thug as baile thú, le go dtáinic tú chun na tíre seo?” D' innis sé dhó mar d' innis mise dhuit-se. “Is sin fear nach gcuala mé trácht ar a ainm in aon leabhar d'ar léigh mé ariamh,” ars' an fathach, “acht tá dearbhráthair eile agam siubhal lae as seo, agus muna bhfuil eolas aige air, gheobhfaidh tú do sháith trioblóide in a fhághail amach.” D'fhág sé slán agus beannacht ag an uncuil, agus thug sé aghaidh i dtír choigcríche gan aon eolas, go raibh deoin agus deireadh an lae ag teannadh leis, an ghrian ag gabháil i bhfarraige, an giorrán bán ag gabháil ar sgáth na copóige agus an chopóg ag gabháil d'á tóin i n-áirde. Ar bhreathnughadh uaidhe do chonnaic sé coill bhreágh aoibhinn, áluinn agus dubhairt sé leis féin go mb'fhéidir gur ab inntí sin bhí a uncuil 'na chomhnuidhe. Theann sé air féin chun siúbhail, go dtáinic sé suas le taoibh na coilleadh. Chonnaic sé bóithrín garbh nó cloidreán garbh, agus lean sé dhó go dtáinic sé in amharc na cúirte. Chonnaic sé cúirt bhreágh, aoibhinn, áluinn gan bun cleite isteach ná bárr cleite amach acht 'chuile chleite a' déanadh sgéith' dhídin agus fasgaidh dhí, agus 'ch aon bhraon a thuitfeadh as an spéir, bhí sé silte dhí go díreach mar thuitfeadh braon de dhruim gé. Bhuail sé an doras le bárr a bhútais; agus tháinic an
fathach mór dhá gceann, dhá mhuineál, amach, agus — “Fú, fá, féasóg, a Éireannaigh bhréagaigh, bhradaigh, cad do thug annseo thú, ag cur mío-nós' agus trioblóide orm-sa in m'ionad comhnuidhe féin?” “Ní Éireannach bréagach ná bradach mise,” arsa mac ríogh Éireann, “acht duine atá in a ion ceart agus cónraic a bhaint díot-sa, a fhathaigh shalaigh,” ars' eisean. “Cia 's feárr leat,” ars' an fathach, “ag gabháil do sgeanaibh mara i mbárr-easnachaibh ná ag carraidh- eacht ar leacrachaibh glasa?” “Is feárr liom ag carraidheacht ar leacrachaibh glasa,” arsa mac ríogh Éireann, “óir is é a chleacht mé i gcúirt m'athara agus mo mháthara féin.” Rugadar dhá ghreim chaola chruaidhe ar a chéile; rinneadar bogán de'n chruadhán agus cruadhán de'n bhogán, gur tháirngigheadar toibreacha fíor-uisge thrí mhullach na gcairrgeacha aníos le neart carraidheachta agus cónraic. Do chonnaic mac ríogh Éireann nach raibh fear a chaointe ná a shínte aige, agus thug sé fásgadh faoi'n bhfathach, agus cuir sé go dtí na glúinibh é; an dara fásgadh thug sé faoi, chuir sé go básta a bhrísde é, agus an tríomhadh fásgadh chuir sé go dtí dá mheall a dhá bhrághad é. “Fód glas ar do mhuineál, a fhathaigh!” arsa mac ríogh Éireann. “A ghaisgidhigh is feárr a chonnaic mé ariamh,” ars' an fathach, “tabhair as seo mé, agus bhéarfaidh mé slaitín draoidheachta dhuit a dhéanfas beo de'n mharbh agus marbh de'n bheo, claidheamh soluis a dhéanfas solus i ndorchadas in aon áit a mbéidh tú; agus each caol donn a bhéarfas ar an ngaoith atá roimpí, agus nach mbéarfaidh an ghaoth atá 'na diaidh airthí.” Chuir sé lámh in a mhála agus rug sé ar cheann de na bunnógaibh thug a mháthair dhó, agus chaith sé i mbéal an fhathaigh é. “Súgh mo chroídhe agus mac mo dheirbhshíre, nár
bh'fhurusda d'aithne domh-sa go dtáinic an braon maith sin romhat, agus nach raibh mé i n-a ion éagcóir do dhéanadh ort! Nó cad chuige nár innis tú sin ar dtús dom, seal má'r ghabhamar i dtrioblóid le chéile?” “Ní fhaca mise,” arsa mac ríogh Éireann, “fear ar aon taoibh de mo mháthair 'riamh nach bhfaca mé fear ar thaoibh m'athara féin chomh maith leis.” Má's shíos bhí sé le bheith an oídhche sin, is shuas a cuireadh é. Níor mhuiche d'eirigh an mhaidin ar n-a bhárach ná'r eirigh mach ríogh Éireann. “'Seadh,” ars' an t-uncuil, ars' eisean, “cad eurd a thug annseo thú, nó cad tá ort go bhfuil tú ag siúbhal rómhat mar seo?” D'innis sé dhó mar d'innis mise dhuit-se, sé sin go raibh sé ag tóruigheacht áit chomhnuidhe Churaidh Ghlais an Eolais, le n-a fághail amach. “'Sin fear,” ars' an fathach, “in ar léigh mé, ná in a gcuala mé ariamh, nach gcuala mé a ainm canta ag aon neacht. Acht tá dearbhráthair eile domh-sa i siúbhal lae dhíot, agus b'fhéidir go mbéadh níos mó eolais aige 'ná tá agam-sa, acht ná teirigh i dtrioblóid leis, óir tá neart d'uncuil agus mo neart-sa i gcuideachta ann.” Chraitheadar lámh, agus thugadar dhá gcúl a gcinn d'á chéile. B'fheárr péire bonn 'ná dhá phéire uachdar ag mac ríogh Éireann, go raibh deoin agus deireadh an lae ag teannadh leis. Ní fhaca sé toirt fiadh ná fionnóige, acht chonnaic sé coill bhreágh aoibhinn, áluinn, ach tamall maith uaidhe. Rinne sé a bhealach go lom- luacht, gan móiméad ar bith a chailleadh, gur thriall sé suas le taoibh na coilleadh. Chonnaic sé bóithrín garbh nach raibh i bhfeileamhaint do chríostaidhe ar bith siúbhal air, acht an fathach é féin. Budh geárr go bhfaca sé an chúirt aoibhinn, áluinn, gan bun cleite isteach ná bárr cleite amach, acht 'chuile chleite ag déanadh sgéith' dhídin agus fasgaidh dhí, agus 'chuile bhraon a thuitfeadh as an spéir, bhí sé silte dhí go díreach mar do thuitfeadh braon uisge de dhruim gé.
Bhuail sé an doras le bárr a bhútais; agus tháinic fathach na dtrí gceann, trí mhuineál amach, agus iad ag fás ar aon cholainn amháin. “Fú, fá, féasóg,” ars' an fathach, ars' eisean, “a Éireannaigh bhréagaigh, bhradaigh, cad do thug chun mo thíghe-sa ná chun mo ríoghachta thú, ag cur mío-ghnaoi orm-sa?” “Ní Éireannach bréagach ná bradach mise, a fhathaigh shalaigh,” ars mac ríogh Éireann, “acht gaisgidheach atá 'na ion ceart agus cónraic a bhaint díot-sa.” “Cia 's feárr leat,” ars' an fathach, “ag gabháil do sgeanaibh mara i mbárr-easnachaibh ná ag carraidheacht ar leacrachaibh glasa?” “Is feárr liom ag carraidheacht ar leacrachaibh glasa,” arsa mac ríogh Éireann, “óir is é a chleacht mé i gcúirt m'athara agus mo mháthara féin.” Rugadar dhá ghreim chaola chruaidhe ar a chéile; rinneadar bogán de'n chruadhán agus cruadhán de'n bhogán, gur thairngigheadar toibreacha fíor-uisge thrí mhullach na gcairgeacha aníos le neart carraidheachta agus cónraic. Do chonnaic mac ríogh Éireann nach raibh fear a chaointe ná a shínte aige, agus thug sé fásgadh faoi'n bhfathach, agus chuir sé go dtí na glúinibh é; an dara fásgadh thug sé faoi, chuir sé go básda a bhrísde é, agus an tríomhadh fásgadh chuir sé go dtí trí mheall a thrí bhrághad é. “Fód glas ar do mhuineál anois, a fhathaigh!” arsa mac ríogh Éireann. “A ghaisgidhigh is feárr a chonnaic mé ariamh,” ars' an fathach, “má bheir tú as seo mé, bhéarfaidh mé slaitín draoidheachta dhuit a dhéanfas beo de'n mharbh agus marbh de'n bheo; claidheamh soluis a dhéanfas solus i ndorchadas in aon áit a mbéidh tú; agus each chaol donn a bhéarfas slán, sábháilte thú as aon áit d'á mbéidh géibheann ort,” Chaith sé an tríomhadh cáca siar in a chraos. “Súgh mo chroídhe agus mac mo dheirbhshíre, nár
bh'fhurusda d'aithne domh-sa go dtáinic an braon maith sin rómhat; agus cad chuige ar bhain tú an cómhrac sin asam, agus gan a fhios agad nach marbhóchainn thú?” “Ní fhaca mise,” arsa mac ríogh Éireann, “fear ar aon taoibh de mo mháthair 'riamh nach bhfaca mé fear ar thaoibh m'athara féin chomh maith leis.” Má's shíos bhí sé le bheith an oídhche sin, is shuas a cuireadh é. Níor mhoiche d'eirigh an mhaidin ar na bhárach 'ná 'r eirigh mac ríogh Éireann. “Seadh,” ars' an fathach, ar seisean, “cad eurd a thug as baile thú le go dtáinic tú chun na tíre seo?” D'innis sé dhó mar d'innis mise dhuit-se, 'sé sin, go raibh sé a' tóruigheacht áit chomhnuidhe Churaidh Ghlais an Eolais; agus go gcaithfeadh sé trí lá dualgais a chur isteach leis, nó a cheann agus a choiméad beatha do chailleadh leis. “Sin fear,” ars' an t-uncuil, ars' eisean, “nár chuala mise a ainm canta ariamh roimhe seo, acht muna bhféadfaidh mise a fhághail amach, ní fhéadfaidh aon neach beo a fhághail amach 'mo dhiaidh; óir,” ar seisean, “tá árd-chíos agam-sa air éanlaith an aedhir, air bheithidhighibh éigciallta an chnoic, agus air iasg na farraige, chomh fada a's tá mo ríoghthamhlacht féin a' gabháil.” Fuair sé buabhall agus shéid sé é. Ní raibh aon éan i gcnoc ná i gcoill nach riabh faoi n-a chosaibh in achar amén. Chuir sé tuairisg ar Churadh Glas an Eolais, acht ní raibh aon chúntas acú air. “Dona go leor,” ars' an fathach, ars' eisean; “bronnaim cíos sheacht mbliadhna dhaoibh mar gheall ar an trioblóid ar chuir mé sibh ann.” Shéid sé an buabhall an dara h-uair, agus tháinic beithidhigh éigciallta an chnoic thart air mar tháinic éanlaith an aedhir. “Bhfuil fios, ná aon tuairisg agaibh ar teach, ná ar ionad comhnuidhe Churaidh Ghlais an Eolais?” ars' an fathach leo.
“Ní fhacamar,” arsa na beithidhigh éigciallta, “ná ní chualamar a ainm canta ariamh go dtí seo.” “Bronnaim cíos sheacht mbliadhna dhaoibh faoi'n trioblóid a chuir mé orraibh.” Shéid sé an buabhall an tríomhadh uair, agus tháinig iasg na farraige, beag agus mór, ó'n míol mór go dtí an rón, agus 'chuile bhreac d'á réir sin go dtí na purtáin beaga bhí ar thóin na farraige leagtha. “Bhfuil aon tuairisg agaibh dhom ar Churadh Ghlas an Eolais?” “Níor chualamar a ainm canta ariamh, ná ní fhacamar amharc ar a ionad comhnuídhe in a dtéidhmid in ar n-áitiughadh féin.” “Imigidh libh anois,” ars' an fathach, “agus maithim cíos agus deachmhaidh sheacht mbliadhna dhaoibh-se faoi n-bhúr dtrioblóid ag teacht as gach ceárd d'á raibh sibh ann.” Shéid sé an buabhall an ceathramhadh uair, mar do chonnaic sé aon fheithide amháin easbhach. Ar iompódh thart dó chonnaic sé chuige anuas ar taoibh mala an chnoic an sionach ag teacht agus a theanga amuigh le méad na deifre bhí air ag teacht. “Cá raibh tusa,” ars' an fathach leis, “'nuair a shéid mé an buabhall an chéad uair?” “Bhí mé ag teacht,” ars' eisean. “Cá raibh tú,” ars' an fathach, “'nuair shéid mise an buabhall an dara h-uair?” “Bhí mé at teacht,” ars' eisean. “Sin an freagradh céadna,” ars' fathach. “Cá raibh tú 'nuair shéid mé an buabhall an treas uair?” “Bhí mé i dteach Churaidh Ghlais an Eolais, ag piocadh gé.” “Á! is tú an buachaill atá ag teastáil uaim,” ars' an fathach. Thug sé isteach mac ríogh Éireann chun a chúirte aoibhne áille, agus ar ndóigh thug sé madadh ruadh na gceithre gcos leis. Thug sé biadh agus ól do mhac
ríogh Éireann, agus thug sé an rud budh cleachtmhar leis féin fhághail do mhadadh ruadh na gceithre gcos. “Caithfidh tú anois,” ars' an fathach, “an fear seo thabhairt agus a threoir go dorus Churaidh Ghlais an Eolais.” “Ní'l stróbh ar bith orm sin a dhéanadh,” arsa madadh ruadh na gceithre gcos. Shiubhladar leo le chéile agus budh geárr go rabhadar ag dorus mór Churaidh Ghlais an Eolais. “Seo é anois,” ars' an sionach, ars' eisean, “agus déan féin do bhealach gan mise níos mó.” Bhuail mac ríogh Éireann bárr a bhútais i n-aghaidh an doruis, agus do tháinic Curadh Glas an Eolais amach chuige. “Tá tú ann do réir do ghealltanais, a mhic ríogh Éireann!” “Tá mé,” arsa mac ríogh Éireann, “agus budh doiligh dhom d'ionad comhnuidhe fhághail amach. Tá sé mall anois obair lae a thoisiughadh.” “Óch, béidh do sháith am' agad,” ars' an Curadh, ars' eisean. Thug sé biadh agus beatha do mhac ríogh Éireann mar budh gnás d'á leithide fhághail. Thug sé leaba d'á réir dó. Ar maidin lá'r n-a bhárach d'eirigh mac ríogh Éireann, agus deir sé lsis an gCuradh gur biadh agus obair bhí sé ag iarraidh. “Tá sin le fághail agad,” arsa Curadh Glas an Eolais. “Tabhair leat an chuingir chapall sin, agus mun' mbéidh 'chuil' fhód de'n pháirc talaidh sin amuigh treabhtha agad ag gabháil-faoi na gréine, béidh do cheann agus do choiméad beatha le cailleadh agad,” ar seisean. Thug sé leis an chuingir chapall agus chuir sé chun treabhtha iad, agus an chéad turn a tháinig sé go dtí ceann na páirce, bhí loch mór ag ceann an talaidh. 'Nuair a d'iompuigh sé a chuingir chapall, mar budh cóir dó, d'eirigh ollphéist as an loch, agus do sgiob sí ceann d'á chuid caiple uaidhe. Níorbh é a bheannacht
do chuir sé leis an ollphéist. Chuaidh sé suas leis an t-éin [aon] chapall, agus nuair a d'fhill sé ar ais arís go dtí an loch, d'eirigh an ollphéist, agus do sgiob sí an dara capall uaidhe. “Tá do sháith déanta agad,” arsa mac ríogh Éireann. D'eirigh sé go léim, agus chuaidh sé i bhfastógh inntí. Thug sé isteach í, agus budh doiligh a dhéanadh, agus chuir sé chun treabhtha í, agus budh doilighe a ceapadh chun gnaithe 'ná a cur chun treabhtha. Chaith sé féin agus í féin sgathadh maith sal má'r fhéad sé buaidh fhághail airthí ná a ceapadh chun treabhtha. Bhí an lá dh'á chathadh agus gan an obair dh'á déanadh. Budh geárr go dtáinic an cailín óg le n-a dhinnéir chuige. “Cad é an chaoi bhfuil tú ag déanadh gnaithe, a mhic ríogh Éireann?” ars' an cailín óg. “Go dona,” ars mac ríogh Éireann. “Suidh síos agus caith do dhinnéir,” ars' an cailín óg. “'Sé mo bharamhail,” arsa mac ríogh Éireann, “gur ab é an dinnéir deireannach é a chaithfeas mé go bráth.” “Suidh síos, agus ith do bhiadh, óir níor tháinic olc ariamh as beatha.” Rinne sé a cómhairle, agus rug sise ar an gcéachta, agus is geárr a bhí an fód deireannach gan taobh dhearg an fhóid ag dul chun uachtair. “Is maith an cailín thú,” arsa mac ríogh Éireann. “'Nois,” ars' an cailín, “an dtiúbraidh tú an ollphéist chun na cúirte, i n-áit na gcapall?” “Mo chroídhe-chrádh dhíom,” arsa mac ríogh Éireann, “mur dtiúbhraidh, ó rinne sí gnaithe chomh maith sin.” Ghlac sé a am go raibh an oídhche ag teacht, go ndeárnaidh sé abhaile go dtí cúirt Churaidh Ghlais an Eolais; agus chuir sé an ollphéist ar stábla, agus thug sé beatha dhí, mar badh cóir dhó a dhéanadh. Nuair tháinic sé isteach — “Seadh,” ars' an Curadh, ars' eisean, “bhfuil an pháirc treabhtha agad?” “Tig leat dul amach agus a feiceál, agus tasbhán- faidh amharc do shúl duit go bhfuil sé déanta. Acht
nuair do thosuigh mé ar maidin, agus do tháinic mé go dtí an loch, do d'eirigh ollphéist as an loch, agus do thug sí uaim ceann de do chuid caiple. Chuaidh mé chun treabhtha leis an t-éin cheann, agus nuair a d'fhill mé ar m'ais léithe, do rinne sí an cleas céadna.” “Cad do rinne tú annsin?” arsa Curadh Glas an Eolais. “Do léim mé 'san loch 'n a diaidh, agus fuair mé go leor le déanadh agus an ollphéist a thabhairt isteach agus a cur chun treabhtha.” “Cad do rinne tú léithe?” arsa Curadh Glas an Eolais. “Tá sí 'san stábla agam,” arsa mac ríogh Éireann. “Is maith an obair lae do rinne tú,” arsa Curadh Glas an Eolais. “Suidh síos agus caith do dhinnéir.” Chaitheadar an oídhche sin mar budh cóir do mhac ríogh Éireann agus do Churadh Glas an Eolais, go raibh sé 'n a am codlata. Dá mhoiche dh'ár eirigh an lá, bhí mac ríogh Éireann 'n a shuidhe chomh moch leis. “Biadh agus obair atá mé ag iarraidh,” arsa mac ríogh Éireann. Fuair sé a bhricfasta. “Tá sean-chaisleán annsin shuas,” arsa Curadh Glas an Eolais, “agus caithfidh tú a ghlanadh agus a chartadh, go bhfághaidh tú an biorán suain a chaill mo mháthair seacht mbliadhna ó shoin.” “Ní stróbh ar bith sin a dhéanadh,” arsa mac riogh Éireann. Chuaidh sé chun an tsean-chaisleáin, agus thosuigh sé 'ghá ghlanadh amach, acht dheamhan sluasad a chaith sé amach, nach dtáinic trí lán-sluaisde ar ais in a leabaidh, go raibh an áit chomh líonta agus nach raibh áit seasta aige. “Mo chroídhe-chrádh dhíom,” arsa mac riogh Éireann, “munab olc an gnaithe a cuireadh dh'á dhéanadh mé.” Budh gearr go dtáinic an bhean óg i láithreach [i láthair].
“Cad é an chaoi bhfuil tú ag dul chun tosaigh i ndiú?” ars' an bhean óg. “Go dona,” ars' eisean; “óir is dóighthe gur rud é nach bhféadfaidh aon neach d'á bhfuil beo a dhéanadh.” “Suidh síos agus caith do dhinnéir,” ars' an bhean óg. “Ó, maise' is cuma dhom ithe nó 's gan ithe,” arsa mac ríogh Éireann, “óir feicthear dhom gurab é an dinnéir deireannach é íosfas mé go bráth.” “Suidh síos, déan mo chómhairle; níor tháinic olc as biadh ariamh.” Shuidh sé síos i gcionn a bhídh. Rug an bhean óg ar an tsluasaid, agus sal má raibh a dhinnéir ithte ag mac ríogh Éireann, bhí an biorán suain i ngreim ag an mnaoi óig. “Is tú an charaid is feárr a chonnaic mé ariamh,” arsa mac ríogh Éireann, “agus is cóir dhom-sa bheith an-bhuidheach dhíot.” “Coingbhigh d'inntinn dhuit féin, agus ná can orm- sa go bhfaca tú ariamh mé. Cad a dhéanfas tú anocht,” ar sise, “nuair a ghabhfas tú chun na cúirte? Béidh Curadh Glas an Eolais 'n-a shuídhe ar a chathaoir, agus ní maith í a ghnúis, nuair a thasbhánfas tú an biorán suain dó. Acht tasbán tusa go bhfuil tú in a ion a chuntanós d'athrúghadh, agus ciall mhaith a mhúnadh dhó. Abair leis mar seo — ‘Sin dhá lá dualgais agam curtha isteach, agus dhá dtrian de'n mhnaoi saothruighthe agam,’ agus go gcaithfidh tú sin fhághail, nuair a bhéas tú faoi réir. Déarfaidh seisean go bhfuil tú ceart.” Nuair a tháinic mac ríogh Éireann go dtí an chúirt, shiúbhal sé isteach, agus sheachaid sé an biorán suain dó'n Churadh. “Seo,” ars' eisean, “agus léan sgrios ar an gcailligh is máthair dhuit, nach dtug aire dhó nuair a bhí sé aicí, agus gan chailleadh in san tsean- chaisleán lobhtha sin shuas! Sin dhá lá dualgais agam curtha isteach dhuit, agus dhá dtrian de'n mhnaoi saoth-
ruighthe agam, agus caithfidh mé sin fhághail nuair a bhéas mé faoi réir.” “Ní stróbh ar bith sin orm-sa,” arsa Curadh Glas an Eolais; “tá siad, togha agus roghain, agad le fághail.” Chaitheadar an oídhche sin mar budh cóir do mhac ríogh Éireann agus, ar ndóigh, do'n rí, Curadh Glas an Eolais. Dá mhoiche dh'ár eirigh an lá, níor mhoiche 'ná d'eirigh mac ríogh Éireann. “Biadh agus obair atá mé ag iarraidh,” ars' eisean. “Caithfidh tú sin fhághail,” ars' an Curadh Glas. Nuair a d'ith sé a bhricfasta, tugadh dhó taomán le gabháil ag taomadh na locha. “Bhfeiceann tú an loch sin thíos i gceann an talaidh? Caithfidh tú 'chuile bhraon d'á bhfuil 'san loch sin a thaomadh amach, agus an fáinne a chaill mo mháthair seacht mbliaghna ó shoin a fhághail domh-sa roimh ghrian a ghabháil i bhfaraige, nó do cheann a bheith caillte agad.” Thosuigh sé ag taomadh, agus, ar ndóigh, dheamhan taomán a chuireadh sé amach nach dtigeadh trí thaomán isteach 'n a leabaidh, nó go raibh an loch 'g á chur siar ní budh faide 'ná budh mhian leis a ghabháil. Budh gearr go dtáinic an bhean óg le n-a dhinnéir. “Cad é an chaoi bhfuil tú ag dul chun tosaigh leis an loch?” ars' an bhean óg. “Ó, is gearr,” arsa mac ríogh Éireann, “nach loch a bhéas inntí acht faraige.” “Suidh síos agus ith do dhinnéir,” ars' an bhean óg. “Mo chroídhe-chrádh dhíom,” arsa mac riogh Éireann, “go bhfuil faitchíos ann gurab é mo dhinnéir deir- eannach é.” “Glac meisneach agus ith do dhinnéir, óir níor tháinic olc as biadh riamh.” Rug sí ar an taomán, agus budh mhaith an lámh 'n a chionn í. Budh gearr go raibh an braon deireannach taomtha amach aicí agus an fáinne i ngreim aicí. “Seo é an fáinne anois,” ars' ise, “agus tabhair
aire dhó, agus nuair fhilleas tú chun na cúirte, is mío- ghnaoitheamhail é a chuntanós, nuair a thiocfas tú isteach, acht tasbán dó go bhfuil an t-anam in san áit chóir agat-sa. Nuair fhiafróchas sé dhíot a bhfuair tú an fáinne, déarfaidh tú leis — Is seo é an fáinne, agus dá gcaillfeadh sí arís é, agus í féin 'na cheann, nach dtaomfá-sa an loch ar a son féin ná 'n fháinne. D'imthigh sise. D'fhill seisean chun na cúirte. “Tá mo thrí lá dualgais curtha isteach agam,” ars' eisean, “agus trí thrian na mná óige saothruighthe agam.” “Is tú an gaisgidheach is fearr a theangmhaigh liom-sa riamh i n-éin cheárd d'á raibh mé ann,” ars' an Curadh Glas, “agus caithfidh mise sin fhághail duit, óir,” ars' eisean, “is fíor-ghaisgidheach thú, agus fíor-mhac ríogh le bainríoghan, agus ní drochfhocal é sin, mar go deimhin tá tú in a ion beatha shaothrúghadh dho aon mhnaoi bheo.” Ar maidin lá ar n-a bhárach d'itheadar a mbricfasta, shiúbhladar am ag spaisdeóireacht dóibh féin, mar budh ghnáthach do righthibh agus do gaisgídhthíbh a dhéanadh. Lá ar n-a n-aortha d'eirigh mac ríogh Éireann, agus dubhairt sé leis féin go raibh sé 'n a am aige triall ar thóir a athar agus a mháthar féin. “Is cóir dhuit bean fhághail domh-sa anois,” ars' eisean, “go dtéidhidh mé chun siúbhail chun mo thíre féin.” “Well, caithfidh mise sin fhághail duit,” arsa Curadh Glas an Eolais. Thug sé isteach é i seomra bhí líonta le mnáibh fionna ar bhreághch'de, ar áilne a bhfaca súil duine. “Ní bhéidh aon bhean acu sin agam,” ar mac ríogh Éireann. Thug sé isteach é i seomra mná ruadh. Dá mbudh bhreaghch'de na mná fionna, budh seacht mbreághch'de na mná ruadha.
“Ní bhéidh aon bhean acu sin agam,” arsa mac ríogh Éireann. Thug sé leis annsin é chun áite i raibh seomra de mhná dubha ar bhreághach'de agus ar áilne nach bhféadfadh aon neach beo locht fhághail orthú. “Ní bhéidh ceachtar acú sin agam,” ar mac ríogh Éireann. “Well, ní'l aon bhean agam-sa oirfeas duit,” arsa Curadh Glas an Eolais, “nuair nach raibh ceachtar acú sin i bhfeileamhaint duit.” “Well, is feárr liom déanadh gan aon bhean chomhfhad a's mhairfeas mé beo 'ná ceachtar acu sin do bheith agam.” Ar siúbhal amach dóibh, chonnaic sé bean nár bh'fhiú í madadh tafann a dhéanadh airthí, ag tabhairt amach luathadh as an gcisteanaigh. “'Sin í an bhean bhéas agam-sa,” arsa mac ríogh Éireann. “Beannacht duit-se, agus mallacht do'n bhéal a mhúin thú!” arsa Curadh Glas an Eolais. “Caithfidh tú capall marcuigheachta fhághail domh-sa,” arsa mac ríogh Éireann, “a bhéas 'n-a ion ar n-iomchur chun a' chalaidh ar fhág mé mo long ann.” “Gheobhfaidh mé sin duit,” arsa Curadh Glas an Eolais. Thug sé ar ais é chun stábla bhí líonta le caiplíbh donn', ar áille a dtiocfadh leis iarraidh. "Ní'l aon chapall acú sin i bhfeileamhain dom,” arsa mac ríogh Éireann. Thug sé isteach é in áit i raibh stábla de chaiplíbh ruadh' ar áille agus ar bhreághach'de a dtiocfadh leis iarraidh. “Ní bhéidh ceachtar acú sin agam,” arsa mac ríogh Éireann. Thug sé isteach é i stábla bhí líonta le eachannaíbh dubha, ar áilne agus ar bhreághach'de d'a bhfaca súil ariamh.
“Ní bhéidh ceachtar acú sin agam,” arsa mac ríogh Éireann. “Is tú an fear is do-shásta d'á bhfaca mise 'riamh,” arsa Curadh Glas an Eolais. Nuair do shiúbhladar amach: “Tá tart mór orm,” arsa mac ríogh Éireann. “Ní bhéidh sin i bhfad le rádh agad in mo chúirt-sa,” arsa Curadh Glas an Eolais. Chuaidh sé go dtí an soiléar, agus nuair a chuir sé an doras isteach, bhí mac ríogh Éireann le n-a shálaíbh. Chonnaic sé pleibistín gliobach gan mórán slacht', ag ithe cruithneacht' mhaol 'sa tsoiléar. “Sin í an capall bhéas agam-sa,” arsa mac ríogh Éireann. “Beannacht duit-se, agus mallacht do'n bhéal a mhúin thú! - Well", arsa Curadh Glas Eolais, “ní imtheochaidh tú abhaile feadh leathanta gearra go bhfeicidh tú roinn de mo ríoghachta.” Nuair a caitheadh suim laethanta: “Tá sé 'n-a am agam-sa,” arsa mac ríogh Éireann, “cuimhniúghadh ar m' athair agus ar mo mháthair féin.” Cuireadh fios ar shagart, agus rinneadh pósadh a mhair seacht n-oídhche agus seacht lá, a b'fheárr an oídhche dheiridh 'ná an chéad oídhche. Annsin thug 'chaon neach a bhí ag an mbainis aghaidh ar a áitiúghadh féin. Nuair a tháinic an oídhche, agus am an chodlata, bhí leaba feistighthe ag Curadh Glas an Eolais do mhac ríogh Éireann agus d'á inghín féin, an gadaidhe, a raibh dabhach nimhe ceaptha fúithe, nuair a ghabhfadh siad isteach áinntí, le n-a slugadh agus deireadh a chur ar a mbeatha. “Glac t'am,” ars' an bhean le mac ríogh Éireann. “Tá an leaba sin feistighthe ar chaoi nach bhfuil eolas agad-sa air. Nuair a leagfas tú do lámh airthí (agus tabhair le tasbáint go n-aireochadh sé go mbeitheá ag gabháil áinntí isteach); tá m'athair annsan seomra is goire annseo agus a chluas ag fanacht le tusa agus mise 'aireachtáil a titim isteach. Nuair aireochas tusa
eisean ag tarraint an chéad tsrann', bhí thusa go léim i ngreim in san gclaidheamh soluis atá aigeá 'n-a cheann in san leabhaidh. For, mun' mbí greim agad-sa ar an gclaidheamh déanfaidh seisean féar glas ar thalamh ar a dtiocfaidh faoi amharc a shúl. Acht, nuair a bhéas an claidheamh agad-sa, ní fhéadfaidh sé urchóid do dhéanadh ort.” D'fhan mac ríogh Éireann ag éisteacht, agus ag fanacht leis an gcéad shrann a thiocfadh ó shróin an Churaidh Ghlais. B'fhada go dtáinic sin, acht nuair a tháinic sé, do ghoid mac ríogh Éireann isteach 'san seomra, agus do thug an claidheamh leis. Shiúbhladar amach as an gcúirt, agus bhí crann mór ag fás taobh 'muigh de'n dorus. “Tá dorus ar an gcrann,” ars' an bhean le mac ríogh Éireann, “agus caithfidh tú an dorus sin a fhosgailt, agus an lach' atá in san gcrann do thabhairt amach. Tá ubh in san lach agus ní'l a mharbhadh go brath i ndán do m'athair go mbuailtear ar an mball d'ódharán atá ar a thaobh dheas, leis an uibh atá in san lach', é.” Nuair a chuir mac ríogh Éireann a lámh isteach, budh giorra bhí sé 'ghá tabhairt amach 'ná bhí sé 'ghá cur isteach; do shaoil sé go raibh sí sluigthe ag an lach' ó'n ngualainn amach. Chuir sí féin isteach a lámh, agus thug sí an lach' amach, gur mharbhuigh sé an lach' agus do bhain sí an ubh amach as bolg an lach'. Chuadar ag marchuigheacht ann sin ar a gcapaillín pleibistíneach, ag triall ar an áit ar fhág sé a long feistighthe an lá tháinic sé ar an oileán. Nuair a d'eirigh mór-shoillse an lae ortú: “Breathnuigh 'do dhiaidh,” ars' an bhean, “agus féach a' bhfeiceann tú tada ag teacht 'nn ar ndiaidh.” Bhreathnuigh seisean 'na dhiaidh, agus ní fhaca sé tada acht spéir glan ins gach ceárd a bhreathnuigh sé air. I n-achar gheárr: “Breathnuigh 'do dhiaidh aríst,” ar sise, “agus féach a' bhfeiceann tú tada.” Bhreathnuigh seisean 'na dhiaidh.
“Chím cnap mór, mar bhéadh cnoc, i bhfad uaim,” ar seisean. “Tá sé 'teacht,” ars' an bhean. “Breathnuigh 'do dhiaidh aríst, agus féach cá fhaide uait é.” “Tá sé a' tarraint gar go maith dhúinn anois,” arsa mac ríogh Éireann. “Ísligh anuas,” ars' an bhean, “ní'l am ar bith le spáráil againn. Bhfuil aon rath ort le breith ar an uibh, dh'á bhualadh ar an mball d'ódharán, nó mun' mbuailidh, déanfaidh sé féar glas ar thalamh dhíot-sa agus dhíom-sa.” “Mo chroídhe-chrádh dhíom,” arsa mac ríogh Éireann, “mun' b'shin rud nár fhéach mé mo lámh ariamh leis,” agus b'fhíor dhó é. “Dona go leor,” ar sise, “má chaithfidh mise m'athair féin, a d'oil agus a thóig mé, a mharbhadh mar gheall ar mhac ríogh Éireann.” Rug sí ar an uibh níos túisge 'ná bhéadh siad le chéile 'nn a bhféar glas ar thalamh. D'aimsigh sí an ball d'ódharán, bhuail sí é mar budh cóir, gur chuir sin deireadh le Curadh Glas an Eolais. Do tháiniceadar gan aon trioblóid chun an chalaidh, an áit ar fhág sé a long. D'fheist sé chun na faraige í, chuir sé a bhean agus an pleibistín isteach, agus é féin go léim isteach 'nn a ndiaidh. Thug sé aghaidh an tsoighthigh ar aghaidh oileáin na h-Éireann. D'árduigh sé suas a chuid seolta, bocóideacha, bacóideacha, snáitheacha fhada go bárra na gcrann, cómhfhada cómh- dhíreach. “Slán go bráth,” ar seisean, “le oileán agus le ríoghacht Churaidh Ghlais an Eolais.” Bhí an portán beag agus an portán mór, an fharaige shoir agus an fharaige shiar, ag teacht ar chois agus ar bhois a mhaidí rámha, ag déanadh ceoil sídhe agus aghaidh feidil (oirfide?) dó-san, ag ionsaighe na n-aigéan dhubha, dhorcha, agus na mbróinte borba, béalsgaoilte, gur bhuail sé cuan agus caladh le oileán na h-Éireann, agus le dúithche a athar agus a mháthar féin.
Nuair a cheangail sé suas a long, mar is gnás le caiptín loinge a dhéanadh le n-a loing, nuair a thioc- fadh sé i dtír le n-a locht, “Caithfidh tusa,” ar seisean, “fanacht ann seo, go dtéidhidh mise nó go bhfeicidh mé bhfuil an chúirt i n-ordúghadh faoi do chómhair, agus faoi mo chómhair-se féin le dul áinntí.” “Á!” ars' an bhean, ars' ise, “tá faitchíos orm go ndéanfaidh tú dearmad dhíom-sa, nuair a ghabhfas tú chun na cúirte.” “Sin rud i n-aghaidh nádúir,” arsa mac ríogh Éireann, “fear dearmad do dhéanadh d'á bhean.” “Nuair a ghabhfas tusa chun na cúirte, béidh oll- ghárdas mór rómhat agus crathadh lámh. Má leigeann tú do aon neach, ná béal duine thabhairt go do bhéal, tá mise dearmadta, agus ní fhaca tú mé ariamh ó'n móiméad sin amach,” ars' an bhean. Nuair tháinic sé chun cúirte a athar, bhí ó'n uaisle go dtí na searbhfóghantaidhthe a b'ísle, ag teacht 'n a láthair, ag déanadh luthgháire agus ollghárdas' faoi é 'theacht ar ais chun cúirte a athar agus a mháthar féin. Choing- bhigh gach duine uaidhe amach, nó gur eirigh coileán con a d'fhág sé 'n a dhiaidh, agus chuimil sí a teanga le ollghárdas d'á bhéal. Bhí an dearmad déanta do'n mhnaoi bhí in san loing, ionann agus dá mbéadh sé gan a feiceál go bráth. Bhí an t-am dh'á chathadh gan aon aireachtáil ag mac ríogh Éireann, go raibh lá agus bliadhain caithte. Cheap a athair agus uaisle na tíre do'n phrionsa óg go raibh sé 'n a am aige pósadh, agus deághrath do chur air féin in san saoghal. Bhí rí i n-uachdar na h-Éireann a raibh inghín bhreágh, aoibhinn, áluinn aige, agus go bhfeil- feadh sí dhó le bheith 'na bainríoghan óg agus 'n a céile aige. Chuadar agus chanadar le righ uachdair na h-Éireann, ar a inghín a thabhairt le pósadh do mhac ríogh íochdair na h-Éireann. “Mo chroídhe-chrádh dhíom,” ars' an rí, “má thig liom
áitiúghadh níos feárr, ná fear níos feárr a fhághail dom' inghín.” D'fheistigheadar iad féin chun bóthair, go dtáinic- eadar chun na cúirte i raibh an prionsa óg le bheith 'n a oidhir airthí. Rinneadh pósadh. Cuireadh goirm scoile amach ar an uaisle, 'chuile dhrong agus 'chuile dhream go dtí fear iarraidhthe na déirce. Mhair an bhainis seacht n-oídhche agus seacht lá, agus b'fheárr an oídhche dheiridh 'ná an chéad oídhche. “Mo chroídhe-chrádh dhíom,” ars' an bhean do bhí in sa' loing, “mun' bhfuil sé 'n-a am agam-sa féin do ghabháil chun treabhtha.” D'fhág sí an long agus do tháinic sí, agus do chuir sí í féin i bhfolach i ngéagán crainn do bhí ós cionn tobair ar chúl teach a' gheata. D'eirigh leis an oídhche go raibh sí 'n-a lán-gealaighe, agus d'eirigh leis nár fhéad an ghealach a bheith níos mó sholusda 'ná bhí sí an oídhche chéadna. “Gabh 'mach,” ars' an geatóir le duine d'á thriúr inghín, “agus tabhair isteach uisge, go nglanamuid inn féin le dul chun na cúirte.” Chuaidh inghín acú amach go dtí an tobar. Nuair a dhearc sí síos leis an uisge a thógbháil, chonnaic sí an sgáile budh bhreághach'de dh'á bhfaca sí ariamh, ná dh'á dtiocfadh léithe fheiceál. Chaith sí an soightheach uaithí, agus tháinic isteach gan aon deor uisge. “A shean-reascail,” ar sise, “cad do b'áil leat mise a chur i gcoinne uisge dhuit, agus gan aon bhean níos breághach'de 'ná mise le fághail 'san domhan?” “Maise brón ort,” ars' an t-atháir, “for is tú an bhean is míofaire ar thafan madadh ariamh airthí. — Gabh 'mach,” ars' an t-athair leis an darna h-inghín, “agus tabhair isteach soightheach uisge.” D'imthigh sí chun an tobair, bhreathnuigh sí síos, agus do chonnaic sí an sgáile mar do chonnaic a deirbhshiúr, agus níor ghlac sí am, ná ní deárna sí staidéar, acht chaith sí an soightheach uaithí, agus d'fhill sí ar a h-ais
mar do rinne a deirbhshiúr agus “má ba mheasa an maol, ba mheasa an mullach.” “A shean-reascail,” ar sise, “cad as a fuair tu bean chomh breágh liom-sa a chur i gcoinne uisge dhuit-se, innis dom?” “Treadadh ort, a chréatúir is suaraighe ar dhearc súil duine 'riamh airthí! — Gabh 'mach,” ars' an t-athair leis an tríomhadh inghín, “agus ná déan aithris orthú seo, agus tabhair isteach an t-uisge.” Rug sí ar an soightheach, chuaidh sí chun an tobair; 'nuair a chrom sí ag gabháil ag thógbháil an uisge, chonnaic sí an sgáile budh bhreághach'de d'á bhfaca súil ariamh. Chaith sí an soightheach uaithí chomh fada 'gus d'fhéad sí agus do d'fhill sí isteach, agus ní buídheach do bhí sí d'a h-athair faoi bhean chomh breágh leithe féin do bheith 'na searbhfhóghantaidh aige, agus ag iomchur uisge. “Dia 'gh ár réidhteach!” ars' an t-athair, ars' eisean, “for, nach mise an truaighe, agus triúr chomh míofar chomh míoghanoi'mhail agus nár thafainn madadh ariamh ar aon triúr a dtiocfadh leo bheith níos míofaire 'ná sibh!” D'eirigh sé feín; chuaidh sé chun an tobair, agus nuair a chrom sé síos ar an tobar chonnaic sé an sgáile i gcuma-riocht mná badh bhreághach'de d'á bhfaca sé riamh. Do bhreathnuigh sé suas in san gcrann; chonnaic sé an bhean ós a chionn. “'H'm-nneá! gabh 'nuas as sin,” ar seisean, “for, tá go leor míoghnaoi déanta agad orm-sa anocht!” Tháinic sí anuas, agus shiúbhladar le chéile isteach chun na tíghe. “A chlann,” ars' an t-athair, “ní'l aon mhilleán agam oraibh faoi a ndeárna sibh anocht, for, dhá mbhéinn-se 'mo bhean mar bhí sibh-se, bhéinn féin chomh dona le ceachtar agaibh.” Nígheadar agus ghlanadar agus chíoradar iad féin, chuireadar orthú a gcuid éadaigh a b'fheárr, le gabháil chun na cúirte.
“Tá fáilte rómhainn-ne,” ars' an t-athair, “agus d'á bhrígh go bhfuil, tig linn tusa a thabhairt linn, agus ní náireach dhúinn thú in sa gcúirt ná in sa gcaisleán.” Shiúbhladar suas chun na cúirte. Shuidheadar in san áit ameasg an chomhluadair bhí ceaptha dhóibh. Bhí caithríom mór le ithe agus le h-ól ag 'ch aon neach mar ba toil leis. Nuair a caitheadh sgathadh de'n oídhche, níor cuireadh tada chun tosaigh acht caint agus cómhrádh. “An é seo an chaoi i gcaitheann sibh an oídhche ag póstaíbh agus ag bainis?” ars' an strainséar mná. “Ní'l eolas ar a athrúghadh againn,” ars' an cómh- luadar. Chuir sí a lámh in a póca; do chaith sí coileach agus cearc ar an mbord, agus tháinic eagladh mhór orthu a lig nuair a choiniceadar an chearc agus an coileach. Do chaith sí trí gráin cruithneachta ar an mbord. Sgiob an coileach dhá ghrán, agus níor fhág sé ag an gcirc acht aon ghrán amháin. “Níorbh é sin do chomaoin orm,” ars' an chearc. “Nuair tháinic tú go cúirt m'athar, do theastuigh mise uait!” “Is cuma liom,” ars' an coileach. Chaith sí cúig ghráin ar an mbord. Sgiob an coileach trí ghráin, agus níor fhág ag an gcirc acht an dá ghrán. “Níorbh é sin do chomaoin orm,” ars' an chearc. "An gcuimhnigheann tú ar an lá a cuireadh ag treabhadh na páirce thú, nuair a thug an ollphéist do chuingir chapall uait, nár theastuigh mise uait an lá sin — nuair bhí sé ag sárúghadh ort an ollphéist a cheapadh, dhá mhéad do ghaisge agus do neart?” “Is cuma liom,” ars' an coileach. Chaith sí seacht nghráin ar an mbord. Sgiob an coileach ceithre gráin, agus ní raibh ag an gcirc acht a trí. “Níorbh é sin do chomaoin orm,” ars' an chearc (agus ní raibh duine 'sa gcúirt ó na ríghtíbh go dtí an dream a b' ísle, nach dtáinic ag dearcadh ar an gcirc
agus ar an gcoileach, agus ar an obair iongantaigh a bhí ar siúbhal acú); “nuair a cuireadh thú ag glanadh na sean-chúirte leis an mbiorán suain a fhághail amach a chaill a mháthair seacht mbliadhna roimhe sin, do théas- tuigh mise uaith.” “Is cuma liom,” ars' an coileach. Chuir sí naoi ngráin amach. Do sgiob an coileach cúig gráin leis, agus níor fhág ag an gcirc acht a ceathar. “Níorbh é sin do chomaoin orm,” ars' an chearc, “nuair a chuir m'athair thú ag taomadh an loch' leis an bhfáinne fhághail do chaill a mháthair seacht mbliadhna roimhe sin.” “Is cuma liom,” ars' an coileach. Chuir sí aon ghrán déag amach. Do sgiob an coileach sé gráin agus ní raibh ag an gcirc acht a cúig. “Níorbh é sin do chomaoin orm,” ars' an chearc, “nó an gcuimhnígheann tú ar an oídhche nuair a ceapadh leaba dhuit-se agus dhomh-sa le dul chun suain ós cionn an dabhach nimhe? Do theastuigh mise uait an oídhche sin.” “Is cuma liom,” ars' an coileach. Chaith sí trí gráin déag ar an mbord. Do sgiob an coileach seacht ngráin agus d'fhág sin an chearc taobh le sé gráin. “Níorbh é sin do chomaoin orm,” ars' an chearc, “nuair a rug tú ar an gclaidheamh soluis le mo chómhairle-se, agus do dhéanfadh m'athair, Curadh Glas an Eolais, féar glas ar an talamh dhínn acht meir mise.” “Is cuma liom,” ars' an coileach. Chaith sí cúig gráin déag ar an mbord. Do sgiob an coileach ocht ngráin, agus d'fhág sin an chearc taobh le seacht ngránaibh. “Níorbh é sin do chomaoin orm,” ars' an chearc, “nuair a mharbhuigh mise an lacha do bhí 'san gcrann, agus do bhain mé an ubh amach as a bolg, agus d'fhága- mar slán agus beannacht ag cúirt m'athar féin.” “Is cuma liom,” ars' an coileach.
Chaith sí seacht ngráin déag amach. Sgiob an coileach naoi ngráin, agus ní raibh ag an gcirc le piocadh acht ocht ngráin. “Níorbh é sin do chomaoin orm,” ars' an chearc, “nuair a bhuail mise m'athair ar an mball d'ódharán bhí ar a thaobh dheas, agus do mharbhuigh mé m'athair mar gheall ort-sa, agus chuir sin deireadh ar bheatha Churaidh Ghlais an Eolais. Tháiniceamar go dtí an long gan aon trioblóid, thug sinn go dtí cuan agus caladh t'athar, mar ba cóir.” Is cuma liom,” ars' an coileach. [“Ó maise budh é an staic é!” arsa sean-bhean do bhí ag eisteacht leis an sgéal 'san gclúid.] Chaith sí naoi ngráin déag síos. Sgiob an coileach deich ngráin, agus ní raibh ag an gcirc acht naoi ngráin. “Níorbh é sin do chomaoin orm,” ars' an chearc, “nuair a d'fhág tú mise in sa loing, agus tháinic tú féin chun na cúirte, go gcuirtheá in ordúghadh í le mise do thabhairt leat. Chuireas mé ort gan aon neach d'á raibh beo blaiseadh ná gabháil i ngoire do bhéil, nó dá ndéantá, go raibh dearmad déanta agad dhíom, agus do rinne tú sin go ceart, nó gur eirigh an coileán con, agus gur chuimil sí a teanga de do bhéal, agus uaidhe sin amach níor chuimhnigh tú níos mó orm-sa.” Do stop an imirt. Bhí mac ríogh Éireann ag breathnúghadh air ó n-a thosach go dtí n-a dheireadh. “Tá sé in 'am agam-sa,” ar seisean, “gabháil chun tosaigh, for, tá tú annsin.” Chuaidh an cómhluadar, 'chaon dream acú, ó na ríghtíbh go dtí an dream a b'ísle, chun a n-áite féin. “Well,” arsa mac ríogh Éireann, ars' eisean, le athair a mhná agus le n-a athair féin, “is ríghthe sibh agus fágaim ar bhur mbreitheamhnas, bhur n-inntinn a thabhairt mar is cóir ar sgéal a innseóchaidh mé dhaoibh.” “Déanfamuid é sin, má tá sé in ar gcúmhacht,” ars' an dá righ. “Nuair bhí mise i dtír choidrighthe gan aon eolas,
fuair mé bosca déanta, glas agus eochair air, a d'féadfainn féin iomchur, le mo chuid éadaigh ghlain do chongbháil. Chaill mé eochair an ghlais, a rinneadh dhó, agus fuair mé eochair úr déanta dhó, agus, tí narbh iongnadh, ní raibh sí i bhfeileamhaint do'n ghlas, mar bhí an chéad eochair a chaill mé. Anois, fuair mé arís an chéad eochair, agus, a ríghthe chneasda, chóra, cia h-acu de'n dá eochair is cóir dom a chongbháil?” “Coingbhigh an chéad eochair,” ars' an rí a raibh a inghín pósta ag mac ríogh Éireann. “For, ní'l aon eochair le fághail oirfeas mar an gcéad eochair do ghlas ar bith.” “Tá súil agam gur fear go d'fhocal thú,” arsa mac ríogh Éireann. Shiúbail sé síos agus thug sé láithreach an tsean- eochair. “Bhfeiceann tú an bhean seo,” arsa mac ríogh Éireann, “atá annseo in ar gcómhluadar? Is seo í an eochair a chaill mise, agus atá faighte agam arís. Is seo í an bhean a chuaidh thríd gach trioblóid d'á bhfaca sibh anocht eidir an coileach agus an chearc. 'Sí rinne gach nídh d'á bhfaca sibh mar gheall ormsa, agus mharbh sí, mar do chonnaic sibh, a h-athair féin mar gheall orm, mar bhí Curadh Glas an Eolais. Agus anois rinne mise dearmad lae agus bliadhna dhí, mar gheall ar an gcoileán con, agus a ríghthe uaisle, óirdhearca, cia h-acu de'n dá mhnaoi is cóir dhom a chongbháil?” D'eirigh an t-athair claimhuin agus a athair féin, agus chraitheadar lámh leis an mnaoi strainséaraidh, “agus céad míle fáilte go raibh rómhat chun na tíre seo, agus chun t'ionaid chomhnaidhe, for, is tú a shaothruighis an chúirt seo le d'obair chruaidh agus is ort is feárr díol í.” “Bhéarfaidh mise m'inghín abhaile; ní'l dochar déanta dhí, ná éagcóir; agus fágfamuid slán agus beannacht agaibh, le Dia an t-ádh agus an séan fheiceál oraibh,” ars' an rí a raibh a inghín pósta, mar shaoileadar.
Lá ar n-a n-aortha, 'nuair a d'itheadar a mbricfasta, d'fhágadar slán agus beannacht ag mac ríogh Éireann agus ag a mhnaoi, thugadar a n-aghaidh, 'ch aon neach ar a ionad agus ar a áitiúghadh féin, d'á raibh ag an bhféasta. Bhí 'chuile dhuine buidheach, beannachtach, acht Tomás bocht Ó 'cGiobúin [fear innste an sgéil seo rómhainn]. Bhuail sgoilteach é, agus b'éigean dó an chúirt fhágáil, nuair a chuaidh sé ó mhaith ar bith a dhéanadh, agus triall leis, go dtáinic sé go Béal Áth a' Chip [ainm an bhaile i raibh sé 'n a chomhnaidhe] imeasg a mhuintire féin, agus sin é deireadh mo sgéil ar mhac ríogh Éireann agus ar Churadh Glas an Eolais. Beannacht dhílis Dé le h-anam “Tommuny Bhid" bhoicht! — Chuaidh sé ar sluagh na marbh, i mBéal Áth a' Chip, am éigin i rith 1902. S. M. o. R.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services