Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Curadh Glas an Eolais

Title
Curadh Glas an Eolais
Author(s)
Tomás Bhid (Tommuny),
Compiler/Editor
Ó Raghallaigh, Seághan Maolmhuire, An tA
Composition Date
1905
Publisher
Muintir na Leabhar Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


CURADH GLAS AN EOLAIS



TOMÁS AN DROICHID



d'innis an sgéal seo do'n



ATHAIR SEÁGHAN MAOLMHUIRE O RAGHALLAIGH



Bhí sinn ann fad' ó, 's is fad' ó bhí; agus dá mbéadh
sinn ann an uair sin, ní bhéadh sinn ann anois; bhéadh
sgéal úr, nó sean sgéal againn, agus níor dhóiche sin
'ná bheith gan aon sgéal: Mar bhí rí breágh, aoibhinn,
áluinn ann, agus phós sé bainríoghan óg, agus ó'n lá
phós sé, bhí sé féin agus í féin i ngrádh, gur rugadh i
gceann bliadhna mac, a raibh ollghárdas mór agus
goirm sgoile, faoi 'n oidhre óg a bheith ar fághail.



Ó'n lá rugadh an mac, bhí an ríoghtamhlacht ag tuitim,
nó go raibh an mac bliadhain agus fiche. Bhí an mac lá
ag siúbhal ar bórd na trághadh. Mar bhreathnuigh sé
amach ar an bhfarraige, do chonnaic sé an corrachán
snámh' taobh le 'n iomróir amháin. Budh gearr go
dtáinic an corrachán i dtír, agus tugadh feisdiúghadh
lae agus bliadhna airthí. Shiúbhail an fear suas chun
mic ríogh Éireann.



“Go mbeannuighidh Dia dhuit, a mhic ríogh Éireann.”



“Go mbeannuighidh Dia agus Muire dhuit,” arsa mac
ríogh Éireann, ars' eisean, “mar nach bhfuil a fhios
agam cia thú, le d'ainm a chanamhaint.”



“Mise Curadh Glas an Eolais. An n-imreochá
cluiche cárdaidhe, a mhic ríogh Éireann?”



“Mo chroídhe-chrádh dhíom má chlisim,” arsa mac
ríogh Éireann.



Tharraing Curadh Glas an Eolais a phaca cárdaidhe
chuige, óir is ionduail [anamh?] bhí gan iad. Shuidhea-


L. 2


dar síos ar an bhféar glas, agus d'imrigheadar, agus
chuaidh an cluiche ar Churadh Glas an Eolais.



“Tabhair do bhreith anois,” ars' an Curadh, ars' eisean.



“Bheirim de bhreith agus de mhór-imirt ort, gach
seomra d'á bhfuil folamh i gcúirt m'athar, bheith líonta
le ór agus le airgead seal má n-eirigheann an ghrian
ar maidin i mbárach.”



“Caithfidhear sin bheith déanta,” arsa Curadh Glas
an Eolais: "slán leat, a mhic ríogh Éireann, go lá
éigin eile.”



D'fhill mac ríogh Éireann abhaile, chun cúirte a
athar agus a mháthar.



Ar maidin lá ar n-a n-aortha, nuair a d'eirigh an rí,
níor fhéad sé a cheann a chur isteach i n-aon rúma d'á
raibh folamh nach raibh líonta roimhe le ór agus le air-
gead. Ghlaoidh sé ar a mhac, agus tháinic a mhac chuige.



“Go dé sgéal an obair seo, a mhic?” ars' an rí.



“Is cuma dhuit-se, a athair,” ars' an mac, ars'
eisean; "béidh tusa ceart ar aon nós.”



“A mhic,” ars' an rí, ars' eisean, “tiocfaidh an
obair seo searbh, tá faitchíos orm, agus ná teirigh níos
mó ag imirt in san áit a dtáinic an obair seo as.”



Níor labhair an mac ní ba mhó. 'Nuair d'ith sé a
bhricfasta, thug sé aghaidh síos ar an áit a raibh sé an
lá roimhe sin ann. Budh geárr bhí sé ann, nuair
chonnaic sé an corrachán snámh' ag teacht chun talaidh
taobh le'n iomróir amháin. Thug an t-iomróir feisdiúghadh
lae agus bliadhna ar an gcorrachán, chomh maith agus
nach mbéadh sé gan bheith acht lá ann. Shiúbhail sé suas
chun mic ríogh Éireann.



“Go mbeannuighidh Dia dhuit, a mhic ríogh Éireann!”



“Go mbeannuighidh Dia agus Muire dhuit, a Churaidh
Ghlais an Eolais,” arsa mac ríogh Éireann, ars' eisean.



“An n-imreochá cluiche cárdaidhe i ndiú?” arsa
Curadh Glas an Eolais.



“Maise' bhéadh sé náireach agam cliseadh i ndiú, mar
nár chlis mé i ndé, a Churaidh Ghlais an Eolais.”


L. 3


“Verroo ell.” Tharraing siad na cárdaidhe chucu,
agus d'imrigheadar go cruaidh an cluiche, agus d'eirigh
le mac ríogh Éireann gur chuir sé an cluiche ar Churadh
Glas an Eolais.



"Tabhair do bhreith anois, a mhic ríogh Éireann,” arsa
Curadh Glas an Eolais.



“Ó, ní beag duit a luaithe,” arsa mac ríogh Éireann.
“Bheirim de bhreith ort an cuan sin bheith líonta le
soighthigh bheaga agus móra, — aghaidh gach tíre agus gach
náisiúna bheith ar an gcuan sin.”



“Is mór é d'athchuinge, a mhic ríogh Éireann,” arsa
Curadh Glas an Eolais, “acht caithfidhear a dhéanadh.”



Thugadar dhá gcúl a gcinn d'á chéile; thug mac ríogh
Éireann aghaidh ar chúirt a athar agus a mháthar féin;
thug Curadh Glas an Eolais aghaidh ar a thír féin, thríd
na fairgeanta móra in a chorrachán snámh' gur bhuail sé
tír agus talamh in a ríoghacht féin.



Nuair a d'eirigh rí na h-Éireann, agus bhreathnuigh
sé amach, ní thiocfadh leis tada fheiceál acht soighthigh
loingseacha agus báid i n-aon áit d'á bhféadfadh sé
breathnughadh air. Ghlaoidh sé chuige ar a mhac.



“'Seadh a mhic,” ars' eisean, “cad é ciall an obair
seo?”



“Tá ciall mhaith, a athair,” ars' an mac; “bhí tú
ariamh i nganfhios annseo, acht ní mar sin a bhéas tú
feasda. Óir béidh eolas ort ins gach tír agus i ngach
náisiún.”



“Á! a mhic,” ars' an t-athair, ars' eisean, "tá
faitchíos orm gur tusa bhéas shíos leis.”



“Béidh do sháith féin agad-sa, a athair, cébrí rud
eireochas domh-sa.”



Nuair a d'ith sé (.i. mac ríogh Éireann) a bhricfasta,
nigh sé agus ghlan sé a lámha agus a éadan, agus ghléas
sé é féin suas mar budh cóir do mhac ríogh 'dhéanadh.
Shiúbail sé síos chun an chuain, mar rinne sé 'ch aon lá
de'n dá lá roimhe sin. Ar dhearcadh dhó amach ameasg
a raibh de shoighthigh bheaga agus móra ar an gcuan, do


L. 4


chonnaic sé an corrachán snámh' a' triall chun na
trághadh, agus budh gearr go raibh sé féin agus a
chorrachán ar an tráigh. Thug sé feisdiúghadh lae agus
bliadhna airthí, mar rinne gach aon turas eile. Shiúbhail
sé suas chun mic ríogh Éireann.



“Go mbeannuighidh Dia dhuit, a mhic ríogh Éireann!”



“Go mbeannuighidh Dia agus Muire dhuit, a Churaidh
Ghlais an Eolais!”



“An n-imreochá cluiche cárdaidhe, a mhic ríogh
Éireann?” arsa Curadh Glas an Eolais.



“Mo chroídhe-chrádh dhíom má chlisim i ndiú,” arsa
mac ríogh Éireann.



Tharraing siad chucu na cárdaidhe, agus d'imrigheadar
chomh cruaidh agus bhí sé in a gcumhachta ag féachaint
cia h-acu a mbéadh an bhuaidh aige. Chuaidh an cluiche
ar mhac ríogh Éireann.



“Tabhair do bhreith anois,” arsa mac ríogh
Éireann.



“Ní beag duit a luaithe,” arsa Curadh Glas an
Eolais; agus b'fhíor dhó é.



“Cuirim-se do bhreith agus de mhór-imirt ort, gan
dá lá chathadh in aon teach, ná trí béilidhe in aon bhord,
go bhfághaidh tú mo theach-sa amach, agus bheirim lá agus
bliadhain duit, nó do cheann agus do choiméad beatha
'chailleadh.”



Thugadar dhá gcúl a gcinn d'á chéile. Thug mac
ríogh Éireann aghaidh ar chúirt a athar agus a mháthar
féin. Thug Curadh Glas an Eolais aghaidh ar na fair-
geantaibh.



Nuair tháinic mac ríogh Éireann go dtí cúirt a
athara, níor thasbáin sé subháilce acht briseadh croídhe
agus dobrón.



“H'm'-nneá! Is mac ríogh faoi gheasaibh thu!” arsa
sean-rí na h-Éireann.



“Maise' 'seadh go deimhin, a athair,” ars' an prionnsa
óg.



“H'm'-nneá! Is maith a bhí a fhios agam-sa,” ars'


L. 5


an t-athair, ars' eisean, “nár fhéad aon duine buaidh
fhághail ariamh ar an draoitheadóiríbh.”



“Well, a athair,” ars' an prionnsa óg, “cébrí rud
eireochas domh-sa, béidh do sháith féin agat-sa 'mo
dhiaidh.”



Lá'r n-a bhárach, nuair d'eirigh an lá, d'eirigh mac
ríogh Éireann.



"Feistigh bád agus gléas long dom, a athair,” ars'
eisean, “go dtéidhidh mé ar thóir an draoitheadóra,
Curadh Glas an Eolais.”



“A mhic,” ars' an mháthair, ars' ise, “déan mo
chómhairle. Fan, agus déan an t-earrach; is ionduail
an té nach gcuirfidh in san earrach a mbéidh aige in san
bhfoghmhar. Má fhághann tú amach é i gcionn lae agus
bliadhna, gheobhfaidh tú amach é i gcionn lae agus
trí ráithche. An té nach gcuirfidh in san earrach ní
bhainfidh sé in san bhfoghmhar.”



“Déanfaidh mé do chómhairle, a mháthair,” arsa mac
ríogh Éireann.



Chuaidh sé i gcionn a ghnaithe nó gur caitheadh an
ráithche.



“Gléasaidh lón dom anois,” ars' eisean, “go dtéidhidh
mé an thóir an Churaidh.”



“Well, a mhic,” ars' an mháthair, ars' ise, “déan mo
chómhairle, agus fan ráithche eile, agus má tá sé i ndán
duit a fhághail amach in gcionn lae agus trí ráithche,
gheobhfaidh tú amach é i gcionn lae agus leith-bhliadhna.”



“Déanfaidh mé do chómhairle,” arsa mac ríogh
Éireann.



Chuaidh sé i gcionn a ghnaithe, mar badh cóir dhó, go
raibh sé taobh leis an leith-bhliadhain.



“'Nois,” ars' eisean, “gléasaidh lón dom, agus leig
dhom bheith ag imtheacht ar thóir an Churaidh.”



“Déan mo chómhairle arís, a mhic, agus fan ráithche
eile, agus má tá an t-ádh ort, go ndéanfaidh tú amach
é i gcionn lae agus leith-bhliadhna, déanfaidh tú amach
é i gcionn lae agus ráithche.”


L. 6


“Déanfaidh mé do chómhairle, a mháthair,” arsa mac
ríogh Éireann.



D'fhan sé ar a cómhairle, nó gur chrap sé agus gur
chuir sé i gcrích a shaothar agus gach nídh d'ár fheil dó.



“'Nois, a mháthair,” arsa mac ríogh Éireann, “gléas
lón dom go dtéidhidh mé chun siúbhail, agus ar thóir
Churaidh Ghlais an Eolais.”



“Déanfaidh mise sin duit,” ars' an mháthair.



Ghléas sí agus d'fheist sí trí bhunnóg aráin.



“'Nois, a mhic,” ars' an mháthair, “tabhair aire dhóibh
seo, mar do bhéarfá do do cheann agus do do choiméad
beatha; óir b'fhéidir go dtastóchadh siad uait i n-aimsir
do chruadhtain.”



D'fheistigheadar long dhó, lochtmhar, lán-tsoilseach.
Thug sé a toiseach do mhuir agus a deireadh do thír.
D'árduigh sé suas a cuid seolta, bocóideacha, bacói-
deacha, snáitheacha fhada go bárra na gcrann, comh-fhada,
comh-dhíreacha; agus thug sé cead do'n loing imtheacht
ar a cómhairle féin. Budh gearr gur bhuail sé caladh
i dtír nach raibh a fhios aige cia'n áit 'san domhan a
raibh sé ann. Thug sé feisdiúghadh lae agus bliadhna
airthí. D'iompuigh sé a chúl ar an luing agus a aghaidh
ar an talamh a bhí aige le siúbhal air. Budh gearr go
raibh deireadh an lae ag teannadh leis. Ní fhaca sé
toirt fiach ná fionnóg, go bhfaca sé coill bhreágh,
aoibhinn, áluinn a bhfad uaidhe.



“Mo chroídhe-chrádh dhíom,” arsa mac ríogh Éireann,
“go dtriallfaidh mé chun na coilleadh, óir is annamh
ariamh bhí coill gan ionad comhnuidhe.”



Shiúbhail sé leis go dtáinic sé chun taoibhe na coilleadh.
Chonnaic sé casán garbh, agus lean sé dhó, nó go dtáinic
sé i n-áit a bhfacaidh sé cúirt bhreágh, aoibhinn, áluinn,
gan bun cleite asteach ná bárr cleite amach, acht
'chuile chleite ag déanadh sgéith' dhídin agus fasgaidh
dhí, agus 'chuile bhraon a thuitfeadh as an spéir, bhí sé
silte dhí mar thuitfeadh braon de dhruim gé.



Bhuail sé an dorus le bárr a bhútais. Thainic an


L. 7


fathach aoin-chinn amach, agus — “Fú, fá, féasóg, a
Éireannaigh bhréagaigh, bhradaigh, cad do thug chun mo
thighe-sa thú, ag cur éagcaoin agus trioblóid' orm-sa
in m'ionad comhnuidhe féin?”



“Ní Éireannach bradach ná bréagach mise,” arsa
mac ríogh Éireann, “acht duine atá 'na ion ceart agus
cónraic a bhaint díot-sa, a fhathaigh shalaigh.”



“Cia 's feárr leat,” ars' an fathach, ars' eisean,
“ag gabháil do sgeanaibh mara i mbárr-easnachaibh 'ná
ag carraidheacht ar leacrachaibh glasa?”



“Is feárr liom ag carraidheacht ar leacrachaibh glasa,”
arsa mac ríogh Éireann, “óir is é a chleacht mé i gcúirt
m' athara agus mo mháthara féin.”



Rugadar dhá ghreim chaola, chruaidhe ar a chéile;
rinneadar bogán de'n chruadhán, agus cruadhán de'n
bhogán, le neart charraidheachta agus cónraic. Do
chonnaic mac ríogh Éireann nach raibh fear a shínte ná a
chaointe aige. Thug sé fásgadh faoi'n bhfathach agus
chuir sé go dtí na glúine é. An dara fásgadh thug sé
faoi, chuir sé go básta a bhrísde é, agus an tríomhadh
fásgadh, chuir sé go meall a bhrághad é.



“Fód glas ar do mhuineál, a fhathaigh!” arsa mac
ríogh Éireann.



“A ghaisgidhigh is feárr a chonnaic mé 'riamh,” ars' an
fathach, “tabhair as seo mé, agus bhéarfaidh mé slaitín
draoidheachta dhuit a dhéanfas beo de'n mharbh agus
marbh de'n bheo, claidheamh soluis a dhéanfas solas i
ndorchadas in aon áit a mbéidh tú, each ceol donn a
bhéarfas ar an ngaoith atá roimpí, agus nach mbéarfaidh
an ghaoth atá 'na diaidh airthí.”



Chuir sé lámh in a mhála, agus rug sé ar ceann de
na bunnógaibh thug a mháthair dhó agus chaith sé i mbéal
an fhathaigh é.



“Súgh mo chroídhe agus mac mo dheirbhfhíre, nár
bh'fhurusda d'aithne domh-sa go dtáinic an braon maith
sin rómhat?” ars' an fathach leis.



“Ní fhaca mise aon fhathach ná aon ghaisgidheach ar


L. 8


thaoibh mo mháthara ariamh nach bhfaca mé fear agus
gaisgidheach bhain dom' athair féin chomh maith agus chomh
tréan leis,” arsa mac ríogh Éireann.



Chuadar asteach chun na cúirte, agus má's shíos a
bhí áit dó, is shuas a socruigheadh é, le bród agus
luthgháir ag an "uncuil" roimhe. Chaitheadar an oídhche,
trian le fiannuigheacht, trian le sgéaluigheacht, agus
trian le soirm sáimh agus aon-chodladh.



Dhá mhoiche dh'ár eirigh an lá, bhí mac ríogh Éireann 'n a
shuidhe chomh moch leis.



“'Seadh,” ars' an t-uncuil, ars' eisean, “cad eurd
a thug as baile thú, le go dtáinic tú chun na tíre
seo?”



D' innis sé dhó mar d' innis mise dhuit-se.



“Is sin fear nach gcuala mé trácht ar a ainm in aon
leabhar d'ar léigh mé ariamh,” ars' an fathach, “acht tá
dearbhráthair eile agam siubhal lae as seo, agus muna
bhfuil eolas aige air, gheobhfaidh tú do sháith trioblóide
in a fhághail amach.”



D'fhág sé slán agus beannacht ag an uncuil, agus
thug sé aghaidh i dtír choigcríche gan aon eolas, go raibh
deoin agus deireadh an lae ag teannadh leis, an ghrian
ag gabháil i bhfarraige, an giorrán bán ag gabháil ar
sgáth na copóige agus an chopóg ag gabháil d'á tóin
i n-áirde.



Ar bhreathnughadh uaidhe do chonnaic sé coill bhreágh
aoibhinn, áluinn agus dubhairt sé leis féin go mb'fhéidir
gur ab inntí sin bhí a uncuil 'na chomhnuidhe. Theann
sé air féin chun siúbhail, go dtáinic sé suas le taoibh
na coilleadh. Chonnaic sé bóithrín garbh nó cloidreán
garbh, agus lean sé dhó go dtáinic sé in amharc na
cúirte. Chonnaic sé cúirt bhreágh, aoibhinn, áluinn gan
bun cleite isteach ná bárr cleite amach acht 'chuile
chleite a' déanadh sgéith' dhídin agus fasgaidh dhí, agus
'ch aon bhraon a thuitfeadh as an spéir, bhí sé silte dhí
go díreach mar thuitfeadh braon de dhruim gé.



Bhuail sé an doras le bárr a bhútais; agus tháinic an


L. 9


fathach mór dhá gceann, dhá mhuineál, amach, agus — “Fú,
fá, féasóg, a Éireannaigh bhréagaigh, bhradaigh, cad do
thug annseo thú, ag cur mío-nós' agus trioblóide
orm-sa in m'ionad comhnuidhe féin?”



“Ní Éireannach bréagach ná bradach mise,” arsa mac
ríogh Éireann, “acht duine atá in a ion ceart agus
cónraic a bhaint díot-sa, a fhathaigh shalaigh,” ars'
eisean.



“Cia 's feárr leat,” ars' an fathach, “ag gabháil
do sgeanaibh mara i mbárr-easnachaibh ná ag carraidh-
eacht ar leacrachaibh glasa?”



“Is feárr liom ag carraidheacht ar leacrachaibh
glasa,” arsa mac ríogh Éireann, “óir is é a chleacht
mé i gcúirt m'athara agus mo mháthara féin.”



Rugadar dhá ghreim chaola chruaidhe ar a chéile;
rinneadar bogán de'n chruadhán agus cruadhán de'n
bhogán, gur tháirngigheadar toibreacha fíor-uisge thrí
mhullach na gcairrgeacha aníos le neart carraidheachta
agus cónraic. Do chonnaic mac ríogh Éireann nach raibh
fear a chaointe ná a shínte aige, agus thug sé fásgadh
faoi'n bhfathach, agus cuir sé go dtí na glúinibh é; an
dara fásgadh thug sé faoi, chuir sé go básta a bhrísde
é, agus an tríomhadh fásgadh chuir sé go dtí dá mheall
a dhá bhrághad é.



“Fód glas ar do mhuineál, a fhathaigh!” arsa mac
ríogh Éireann.



“A ghaisgidhigh is feárr a chonnaic mé ariamh,” ars' an
fathach, “tabhair as seo mé, agus bhéarfaidh mé slaitín
draoidheachta dhuit a dhéanfas beo de'n mharbh agus
marbh de'n bheo, claidheamh soluis a dhéanfas solus
i ndorchadas in aon áit a mbéidh tú; agus each caol
donn a bhéarfas ar an ngaoith atá roimpí, agus nach
mbéarfaidh an ghaoth atá 'na diaidh airthí.”



Chuir sé lámh in a mhála agus rug sé ar cheann de
na bunnógaibh thug a mháthair dhó, agus chaith sé i mbéal
an fhathaigh é.



“Súgh mo chroídhe agus mac mo dheirbhshíre, nár


L. 10


bh'fhurusda d'aithne domh-sa go dtáinic an braon maith
sin romhat, agus nach raibh mé i n-a ion éagcóir do
dhéanadh ort! Nó cad chuige nár innis tú sin ar dtús
dom, seal má'r ghabhamar i dtrioblóid le chéile?”



“Ní fhaca mise,” arsa mac ríogh Éireann, “fear ar
aon taoibh de mo mháthair 'riamh nach bhfaca mé fear
ar thaoibh m'athara féin chomh maith leis.”



Má's shíos bhí sé le bheith an oídhche sin, is shuas a
cuireadh é. Níor mhuiche d'eirigh an mhaidin ar n-a
bhárach ná'r eirigh mach ríogh Éireann.



“'Seadh,” ars' an t-uncuil, ars' eisean, “cad eurd
a thug annseo thú, nó cad tá ort go bhfuil tú ag
siúbhal rómhat mar seo?”



D'innis sé dhó mar d'innis mise dhuit-se, sé sin go
raibh sé ag tóruigheacht áit chomhnuidhe Churaidh Ghlais
an Eolais, le n-a fághail amach.



“'Sin fear,” ars' an fathach, “in ar léigh mé, ná in
a gcuala mé ariamh, nach gcuala mé a ainm canta ag
aon neacht. Acht tá dearbhráthair eile domh-sa i siúbhal
lae dhíot, agus b'fhéidir go mbéadh níos mó eolais
aige 'ná tá agam-sa, acht ná teirigh i dtrioblóid leis, óir
tá neart d'uncuil agus mo neart-sa i gcuideachta ann.”



Chraitheadar lámh, agus thugadar dhá gcúl a gcinn
d'á chéile. B'fheárr péire bonn 'ná dhá phéire uachdar
ag mac ríogh Éireann, go raibh deoin agus deireadh an
lae ag teannadh leis. Ní fhaca sé toirt fiadh ná
fionnóige, acht chonnaic sé coill bhreágh aoibhinn, áluinn,
ach tamall maith uaidhe. Rinne sé a bhealach go lom-
luacht, gan móiméad ar bith a chailleadh, gur thriall sé
suas le taoibh na coilleadh. Chonnaic sé bóithrín garbh
nach raibh i bhfeileamhaint do chríostaidhe ar bith siúbhal
air, acht an fathach é féin. Budh geárr go bhfaca sé
an chúirt aoibhinn, áluinn, gan bun cleite isteach ná
bárr cleite amach, acht 'chuile chleite ag déanadh
sgéith' dhídin agus fasgaidh dhí, agus 'chuile bhraon a
thuitfeadh as an spéir, bhí sé silte dhí go díreach mar
do thuitfeadh braon uisge de dhruim gé.


L. 11


Bhuail sé an doras le bárr a bhútais; agus tháinic
fathach na dtrí gceann, trí mhuineál amach, agus iad
ag fás ar aon cholainn amháin.



“Fú, fá, féasóg,” ars' an fathach, ars' eisean, “a
Éireannaigh bhréagaigh, bhradaigh, cad do thug chun mo
thíghe-sa ná chun mo ríoghachta thú, ag cur mío-ghnaoi
orm-sa?”



“Ní Éireannach bréagach ná bradach mise, a fhathaigh
shalaigh,” ars mac ríogh Éireann, “acht gaisgidheach
atá 'na ion ceart agus cónraic a bhaint díot-sa.”



“Cia 's feárr leat,” ars' an fathach, “ag gabháil do
sgeanaibh mara i mbárr-easnachaibh ná ag carraidheacht
ar leacrachaibh glasa?”



“Is feárr liom ag carraidheacht ar leacrachaibh
glasa,” arsa mac ríogh Éireann, “óir is é a chleacht
mé i gcúirt m'athara agus mo mháthara féin.”



Rugadar dhá ghreim chaola chruaidhe ar a chéile;
rinneadar bogán de'n chruadhán agus cruadhán de'n
bhogán, gur thairngigheadar toibreacha fíor-uisge thrí
mhullach na gcairgeacha aníos le neart carraidheachta
agus cónraic. Do chonnaic mac ríogh Éireann nach raibh
fear a chaointe ná a shínte aige, agus thug sé fásgadh
faoi'n bhfathach, agus chuir sé go dtí na glúinibh é; an
dara fásgadh thug sé faoi, chuir sé go básda a bhrísde
é, agus an tríomhadh fásgadh chuir sé go dtí trí mheall
a thrí bhrághad é.



“Fód glas ar do mhuineál anois, a fhathaigh!” arsa
mac ríogh Éireann.



“A ghaisgidhigh is feárr a chonnaic mé ariamh,” ars' an
fathach, “má bheir tú as seo mé, bhéarfaidh mé slaitín
draoidheachta dhuit a dhéanfas beo de'n mharbh agus
marbh de'n bheo; claidheamh soluis a dhéanfas solus
i ndorchadas in aon áit a mbéidh tú; agus each chaol
donn a bhéarfas slán, sábháilte thú as aon áit d'á
mbéidh géibheann ort,”



Chaith sé an tríomhadh cáca siar in a chraos.



“Súgh mo chroídhe agus mac mo dheirbhshíre, nár


L. 12


bh'fhurusda d'aithne domh-sa go dtáinic an braon maith
sin rómhat; agus cad chuige ar bhain tú an cómhrac
sin asam, agus gan a fhios agad nach marbhóchainn
thú?”



“Ní fhaca mise,” arsa mac ríogh Éireann, “fear ar
aon taoibh de mo mháthair 'riamh nach bhfaca mé fear ar
thaoibh m'athara féin chomh maith leis.”



Má's shíos bhí sé le bheith an oídhche sin, is shuas a
cuireadh é. Níor mhoiche d'eirigh an mhaidin ar na
bhárach 'ná 'r eirigh mac ríogh Éireann.



“Seadh,” ars' an fathach, ar seisean, “cad eurd a
thug as baile thú le go dtáinic tú chun na tíre seo?”



D'innis sé dhó mar d'innis mise dhuit-se, 'sé sin, go
raibh sé a' tóruigheacht áit chomhnuidhe Churaidh Ghlais an
Eolais; agus go gcaithfeadh sé trí lá dualgais a chur
isteach leis, nó a cheann agus a choiméad beatha do
chailleadh leis.



“Sin fear,” ars' an t-uncuil, ars' eisean, “nár
chuala mise a ainm canta ariamh roimhe seo, acht muna
bhféadfaidh mise a fhághail amach, ní fhéadfaidh aon neach
beo a fhághail amach 'mo dhiaidh; óir,” ar seisean, “tá
árd-chíos agam-sa air éanlaith an aedhir, air bheithidhighibh
éigciallta an chnoic, agus air iasg na farraige, chomh
fada a's tá mo ríoghthamhlacht féin a' gabháil.”



Fuair sé buabhall agus shéid sé é. Ní raibh aon éan
i gcnoc ná i gcoill nach riabh faoi n-a chosaibh in achar
amén. Chuir sé tuairisg ar Churadh Glas an Eolais,
acht ní raibh aon chúntas acú air.



“Dona go leor,” ars' an fathach, ars' eisean;
“bronnaim cíos sheacht mbliadhna dhaoibh mar gheall ar
an trioblóid ar chuir mé sibh ann.”



Shéid sé an buabhall an dara h-uair, agus tháinic
beithidhigh éigciallta an chnoic thart air mar tháinic
éanlaith an aedhir.



“Bhfuil fios, ná aon tuairisg agaibh ar teach, ná ar
ionad comhnuidhe Churaidh Ghlais an Eolais?” ars' an
fathach leo.


L. 13


“Ní fhacamar,” arsa na beithidhigh éigciallta, “ná ní
chualamar a ainm canta ariamh go dtí seo.”



“Bronnaim cíos sheacht mbliadhna dhaoibh faoi'n
trioblóid a chuir mé orraibh.”



Shéid sé an buabhall an tríomhadh uair, agus tháinig
iasg na farraige, beag agus mór, ó'n míol mór go dtí
an rón, agus 'chuile bhreac d'á réir sin go dtí na
purtáin beaga bhí ar thóin na farraige leagtha.



“Bhfuil aon tuairisg agaibh dhom ar Churadh Ghlas an
Eolais?”



“Níor chualamar a ainm canta ariamh, ná ní fhacamar
amharc ar a ionad comhnuídhe in a dtéidhmid in ar
n-áitiughadh féin.”



“Imigidh libh anois,” ars' an fathach, “agus maithim
cíos agus deachmhaidh sheacht mbliadhna dhaoibh-se faoi
n-bhúr dtrioblóid ag teacht as gach ceárd d'á
raibh sibh ann.”



Shéid sé an buabhall an ceathramhadh uair, mar do
chonnaic sé aon fheithide amháin easbhach. Ar iompódh thart
dó chonnaic sé chuige anuas ar taoibh mala an chnoic an
sionach ag teacht agus a theanga amuigh le méad na
deifre bhí air ag teacht.



“Cá raibh tusa,” ars' an fathach leis, “'nuair a shéid
mé an buabhall an chéad uair?”



“Bhí mé ag teacht,” ars' eisean.



“Cá raibh tú,” ars' an fathach, “'nuair shéid mise
an buabhall an dara h-uair?”



“Bhí mé at teacht,” ars' eisean.



“Sin an freagradh céadna,” ars' fathach. “Cá
raibh tú 'nuair shéid mé an buabhall an treas uair?”



“Bhí mé i dteach Churaidh Ghlais an Eolais, ag piocadh
gé.”



“Á! is tú an buachaill atá ag teastáil uaim,”
ars' an fathach.



Thug sé isteach mac ríogh Éireann chun a chúirte
aoibhne áille, agus ar ndóigh thug sé madadh ruadh na
gceithre gcos leis. Thug sé biadh agus ól do mhac


L. 14


ríogh Éireann, agus thug sé an rud budh cleachtmhar leis
féin fhághail do mhadadh ruadh na gceithre gcos.



“Caithfidh tú anois,” ars' an fathach, “an fear seo
thabhairt agus a threoir go dorus Churaidh Ghlais an
Eolais.”



“Ní'l stróbh ar bith orm sin a dhéanadh,” arsa madadh
ruadh na gceithre gcos.



Shiubhladar leo le chéile agus budh geárr go rabhadar
ag dorus mór Churaidh Ghlais an Eolais.



“Seo é anois,” ars' an sionach, ars' eisean, “agus
déan féin do bhealach gan mise níos mó.”



Bhuail mac ríogh Éireann bárr a bhútais i n-aghaidh an
doruis, agus do tháinic Curadh Glas an Eolais amach
chuige.



“Tá tú ann do réir do ghealltanais, a mhic ríogh
Éireann!”



“Tá mé,” arsa mac ríogh Éireann, “agus budh
doiligh dhom d'ionad comhnuidhe fhághail amach. Tá sé
mall anois obair lae a thoisiughadh.”



“Óch, béidh do sháith am' agad,” ars' an Curadh, ars'
eisean. Thug sé biadh agus beatha do mhac ríogh
Éireann mar budh gnás d'á leithide fhághail. Thug sé
leaba d'á réir dó. Ar maidin lá'r n-a bhárach d'eirigh
mac ríogh Éireann, agus deir sé lsis an gCuradh gur
biadh agus obair bhí sé ag iarraidh.



“Tá sin le fághail agad,” arsa Curadh Glas an
Eolais. “Tabhair leat an chuingir chapall sin, agus
mun' mbéidh 'chuil' fhód de'n pháirc talaidh sin amuigh
treabhtha agad ag gabháil-faoi na gréine, béidh do cheann
agus do choiméad beatha le cailleadh agad,” ar
seisean.



Thug sé leis an chuingir chapall agus chuir sé chun
treabhtha iad, agus an chéad turn a tháinig sé go dtí
ceann na páirce, bhí loch mór ag ceann an talaidh.
'Nuair a d'iompuigh sé a chuingir chapall, mar budh
cóir dó, d'eirigh ollphéist as an loch, agus do sgiob sí
ceann d'á chuid caiple uaidhe. Níorbh é a bheannacht


L. 15


do chuir sé leis an ollphéist. Chuaidh sé suas leis an
t-éin [aon] chapall, agus nuair a d'fhill sé ar ais arís
go dtí an loch, d'eirigh an ollphéist, agus do sgiob sí
an dara capall uaidhe.



“Tá do sháith déanta agad,” arsa mac ríogh Éireann.
D'eirigh sé go léim, agus chuaidh sé i bhfastógh inntí.
Thug sé isteach í, agus budh doiligh a dhéanadh, agus
chuir sé chun treabhtha í, agus budh doilighe a ceapadh
chun gnaithe 'ná a cur chun treabhtha. Chaith sé féin
agus í féin sgathadh maith sal má'r fhéad sé buaidh
fhághail airthí ná a ceapadh chun treabhtha. Bhí an lá dh'á
chathadh agus gan an obair dh'á déanadh. Budh geárr
go dtáinic an cailín óg le n-a dhinnéir chuige.



“Cad é an chaoi bhfuil tú ag déanadh gnaithe, a mhic
ríogh Éireann?” ars' an cailín óg.



“Go dona,” ars mac ríogh Éireann.



“Suidh síos agus caith do dhinnéir,” ars' an cailín óg.



“'Sé mo bharamhail,” arsa mac ríogh Éireann, “gur
ab é an dinnéir deireannach é a chaithfeas mé go bráth.”



“Suidh síos, agus ith do bhiadh, óir níor tháinic olc
ariamh as beatha.” Rinne sé a cómhairle, agus rug
sise ar an gcéachta, agus is geárr a bhí an fód
deireannach gan taobh dhearg an fhóid ag dul chun
uachtair.



“Is maith an cailín thú,” arsa mac ríogh Éireann.



“'Nois,” ars' an cailín, “an dtiúbraidh tú an
ollphéist chun na cúirte, i n-áit na gcapall?”



“Mo chroídhe-chrádh dhíom,” arsa mac ríogh Éireann,
“mur dtiúbhraidh, ó rinne sí gnaithe chomh maith sin.”



Ghlac sé a am go raibh an oídhche ag teacht, go
ndeárnaidh sé abhaile go dtí cúirt Churaidh Ghlais an
Eolais; agus chuir sé an ollphéist ar stábla, agus
thug sé beatha dhí, mar badh cóir dhó a dhéanadh. Nuair
tháinic sé isteach — “Seadh,” ars' an Curadh, ars' eisean,
“bhfuil an pháirc treabhtha agad?”



“Tig leat dul amach agus a feiceál, agus tasbhán-
faidh amharc do shúl duit go bhfuil sé déanta. Acht


L. 16


nuair do thosuigh mé ar maidin, agus do tháinic mé go
dtí an loch, do d'eirigh ollphéist as an loch, agus do
thug sí uaim ceann de do chuid caiple. Chuaidh mé
chun treabhtha leis an t-éin cheann, agus nuair a d'fhill
mé ar m'ais léithe, do rinne sí an cleas céadna.”



“Cad do rinne tú annsin?” arsa Curadh Glas an
Eolais.



“Do léim mé 'san loch 'n a diaidh, agus fuair mé go
leor le déanadh agus an ollphéist a thabhairt isteach
agus a cur chun treabhtha.”



“Cad do rinne tú léithe?” arsa Curadh Glas an
Eolais.



“Tá sí 'san stábla agam,” arsa mac ríogh Éireann.



“Is maith an obair lae do rinne tú,” arsa Curadh
Glas an Eolais. “Suidh síos agus caith do dhinnéir.”



Chaitheadar an oídhche sin mar budh cóir do mhac ríogh
Éireann agus do Churadh Glas an Eolais, go raibh sé 'n
a am codlata.



Dá mhoiche dh'ár eirigh an lá, bhí mac ríogh Éireann 'n
a shuidhe chomh moch leis.



“Biadh agus obair atá mé ag iarraidh,” arsa mac
ríogh Éireann.



Fuair sé a bhricfasta.



“Tá sean-chaisleán annsin shuas,” arsa Curadh Glas
an Eolais, “agus caithfidh tú a ghlanadh agus a chartadh,
go bhfághaidh tú an biorán suain a chaill mo mháthair
seacht mbliadhna ó shoin.”



“Ní stróbh ar bith sin a dhéanadh,” arsa mac riogh
Éireann. Chuaidh sé chun an tsean-chaisleáin, agus
thosuigh sé 'ghá ghlanadh amach, acht dheamhan sluasad a
chaith sé amach, nach dtáinic trí lán-sluaisde ar ais in a
leabaidh, go raibh an áit chomh líonta agus nach raibh áit
seasta aige.



“Mo chroídhe-chrádh dhíom,” arsa mac riogh Éireann,
“munab olc an gnaithe a cuireadh dh'á dhéanadh mé.”



Budh gearr go dtáinic an bhean óg i láithreach [i
láthair].


L. 17


“Cad é an chaoi bhfuil tú ag dul chun tosaigh i
ndiú?” ars' an bhean óg.



“Go dona,” ars' eisean; “óir is dóighthe gur rud
é nach bhféadfaidh aon neach d'á bhfuil beo a
dhéanadh.”



“Suidh síos agus caith do dhinnéir,” ars' an bhean
óg.



“Ó, maise' is cuma dhom ithe nó 's gan ithe,” arsa
mac ríogh Éireann, “óir feicthear dhom gurab é
an dinnéir deireannach é íosfas mé go bráth.”



“Suidh síos, déan mo chómhairle; níor tháinic olc
as biadh ariamh.”



Shuidh sé síos i gcionn a bhídh. Rug an bhean óg ar an
tsluasaid, agus sal má raibh a dhinnéir ithte ag mac
ríogh Éireann, bhí an biorán suain i ngreim ag an
mnaoi óig.



“Is tú an charaid is feárr a chonnaic mé ariamh,”
arsa mac ríogh Éireann, “agus is cóir dhom-sa bheith
an-bhuidheach dhíot.”



“Coingbhigh d'inntinn dhuit féin, agus ná can orm-
sa go bhfaca tú ariamh mé. Cad a dhéanfas tú anocht,”
ar sise, “nuair a ghabhfas tú chun na cúirte? Béidh
Curadh Glas an Eolais 'n-a shuídhe ar a chathaoir, agus
ní maith í a ghnúis, nuair a thasbhánfas tú an biorán
suain dó. Acht tasbán tusa go bhfuil tú in a ion a
chuntanós d'athrúghadh, agus ciall mhaith a mhúnadh dhó.
Abair leis mar seo — ‘Sin dhá lá dualgais agam curtha
isteach, agus dhá dtrian de'n mhnaoi saothruighthe agam,’
agus go gcaithfidh tú sin fhághail, nuair a bhéas tú faoi
réir. Déarfaidh seisean go bhfuil tú ceart.”



Nuair a tháinic mac ríogh Éireann go dtí an chúirt,
shiúbhal sé isteach, agus sheachaid sé an biorán suain
dó'n Churadh. “Seo,” ars' eisean, “agus léan sgrios
ar an gcailligh is máthair dhuit, nach dtug aire dhó nuair
a bhí sé aicí, agus gan chailleadh in san tsean-
chaisleán lobhtha sin shuas! Sin dhá lá dualgais agam
curtha isteach dhuit, agus dhá dtrian de'n mhnaoi saoth-


L. 18


ruighthe agam, agus caithfidh mé sin fhághail nuair a bhéas
mé faoi réir.”



“Ní stróbh ar bith sin orm-sa,” arsa Curadh Glas an
Eolais; “tá siad, togha agus roghain, agad le
fághail.”



Chaitheadar an oídhche sin mar budh cóir do mhac ríogh
Éireann agus, ar ndóigh, do'n rí, Curadh Glas an
Eolais. Dá mhoiche dh'ár eirigh an lá, níor mhoiche 'ná
d'eirigh mac ríogh Éireann.



“Biadh agus obair atá mé ag iarraidh,” ars' eisean.



“Caithfidh tú sin fhághail,” ars' an Curadh Glas.



Nuair a d'ith sé a bhricfasta, tugadh dhó taomán le
gabháil ag taomadh na locha.



“Bhfeiceann tú an loch sin thíos i gceann an talaidh?
Caithfidh tú 'chuile bhraon d'á bhfuil 'san loch sin a
thaomadh amach, agus an fáinne a chaill mo mháthair
seacht mbliaghna ó shoin a fhághail domh-sa roimh ghrian a
ghabháil i bhfaraige, nó do cheann a bheith caillte agad.”
Thosuigh sé ag taomadh, agus, ar ndóigh, dheamhan
taomán a chuireadh sé amach nach dtigeadh trí thaomán
isteach 'n a leabaidh, nó go raibh an loch 'g á chur siar ní
budh faide 'ná budh mhian leis a ghabháil. Budh gearr go
dtáinic an bhean óg le n-a dhinnéir.



“Cad é an chaoi bhfuil tú ag dul chun tosaigh leis an
loch?” ars' an bhean óg.



“Ó, is gearr,” arsa mac ríogh Éireann, “nach loch a
bhéas inntí acht faraige.”



“Suidh síos agus ith do dhinnéir,” ars' an bhean óg.



“Mo chroídhe-chrádh dhíom,” arsa mac riogh Éireann,
“go bhfuil faitchíos ann gurab é mo dhinnéir deir-
eannach é.”



“Glac meisneach agus ith do dhinnéir, óir níor tháinic
olc as biadh riamh.”



Rug sí ar an taomán, agus budh mhaith an lámh 'n a
chionn í. Budh gearr go raibh an braon deireannach
taomtha amach aicí agus an fáinne i ngreim aicí.



“Seo é an fáinne anois,” ars' ise, “agus tabhair


L. 19


aire dhó, agus nuair fhilleas tú chun na cúirte, is mío-
ghnaoitheamhail é a chuntanós, nuair a thiocfas tú isteach,
acht tasbán dó go bhfuil an t-anam in san áit chóir
agat-sa. Nuair fhiafróchas sé dhíot a bhfuair tú an
fáinne, déarfaidh tú leis — Is seo é an fáinne, agus
dá gcaillfeadh sí arís é, agus í féin 'na cheann, nach
dtaomfá-sa an loch ar a son féin ná 'n fháinne.



D'imthigh sise. D'fhill seisean chun na cúirte.



“Tá mo thrí lá dualgais curtha isteach agam,” ars'
eisean, “agus trí thrian na mná óige saothruighthe
agam.”



“Is tú an gaisgidheach is fearr a theangmhaigh liom-sa
riamh i n-éin cheárd d'á raibh mé ann,” ars' an Curadh
Glas, “agus caithfidh mise sin fhághail duit, óir,” ars'
eisean, “is fíor-ghaisgidheach thú, agus fíor-mhac ríogh
le bainríoghan, agus ní drochfhocal é sin, mar go
deimhin tá tú in a ion beatha shaothrúghadh dho aon mhnaoi
bheo.”



Ar maidin lá ar n-a bhárach d'itheadar a mbricfasta,
shiúbhladar am ag spaisdeóireacht dóibh féin, mar budh
ghnáthach do righthibh agus do gaisgídhthíbh a dhéanadh. Lá
ar n-a n-aortha d'eirigh mac ríogh Éireann, agus
dubhairt sé leis féin go raibh sé 'n a am aige triall
ar thóir a athar agus a mháthar féin.



“Is cóir dhuit bean fhághail domh-sa anois,” ars'
eisean, “go dtéidhidh mé chun siúbhail chun mo thíre
féin.”



“Well, caithfidh mise sin fhághail duit,” arsa Curadh
Glas an Eolais.



Thug sé isteach é i seomra bhí líonta le mnáibh
fionna ar bhreághch'de, ar áilne a bhfaca súil
duine.



“Ní bhéidh aon bhean acu sin agam,” ar mac ríogh
Éireann.



Thug sé isteach é i seomra mná ruadh. Dá mbudh
bhreaghch'de na mná fionna, budh seacht mbreághch'de na
mná ruadha.


L. 20


“Ní bhéidh aon bhean acu sin agam,” arsa mac ríogh
Éireann.



Thug sé leis annsin é chun áite i raibh seomra de
mhná dubha ar bhreághach'de agus ar áilne nach bhféadfadh
aon neach beo locht fhághail orthú.



“Ní bhéidh ceachtar acú sin agam,” ar mac ríogh
Éireann.



“Well, ní'l aon bhean agam-sa oirfeas duit,” arsa
Curadh Glas an Eolais, “nuair nach raibh ceachtar acú
sin i bhfeileamhaint duit.”



“Well, is feárr liom déanadh gan aon bhean chomhfhad
a's mhairfeas mé beo 'ná ceachtar acu sin do bheith
agam.”



Ar siúbhal amach dóibh, chonnaic sé bean nár bh'fhiú í
madadh tafann a dhéanadh airthí, ag tabhairt amach
luathadh as an gcisteanaigh.



“'Sin í an bhean bhéas agam-sa,” arsa mac ríogh
Éireann.



“Beannacht duit-se, agus mallacht do'n bhéal a
mhúin thú!” arsa Curadh Glas an Eolais.



“Caithfidh tú capall marcuigheachta fhághail domh-sa,”
arsa mac ríogh Éireann, “a bhéas 'n-a ion ar n-iomchur
chun a' chalaidh ar fhág mé mo long ann.”



“Gheobhfaidh mé sin duit,” arsa Curadh Glas an
Eolais.



Thug sé ar ais é chun stábla bhí líonta le caiplíbh
donn', ar áille a dtiocfadh leis iarraidh.



"Ní'l aon chapall acú sin i bhfeileamhain dom,” arsa
mac ríogh Éireann.



Thug sé isteach é in áit i raibh stábla de chaiplíbh
ruadh' ar áille agus ar bhreághach'de a dtiocfadh leis
iarraidh.



“Ní bhéidh ceachtar acú sin agam,” arsa mac ríogh
Éireann.



Thug sé isteach é i stábla bhí líonta le eachannaíbh
dubha, ar áilne agus ar bhreághach'de d'a bhfaca súil
ariamh.


L. 21


“Ní bhéidh ceachtar acú sin agam,” arsa mac ríogh
Éireann.



“Is tú an fear is do-shásta d'á bhfaca mise 'riamh,”
arsa Curadh Glas an Eolais.



Nuair do shiúbhladar amach: “Tá tart mór orm,”
arsa mac ríogh Éireann.



“Ní bhéidh sin i bhfad le rádh agad in mo chúirt-sa,”
arsa Curadh Glas an Eolais. Chuaidh sé go dtí an
soiléar, agus nuair a chuir sé an doras isteach, bhí mac
ríogh Éireann le n-a shálaíbh. Chonnaic sé pleibistín
gliobach gan mórán slacht', ag ithe cruithneacht' mhaol
'sa tsoiléar.



“Sin í an capall bhéas agam-sa,” arsa mac ríogh
Éireann.



“Beannacht duit-se, agus mallacht do'n bhéal a
mhúin thú! - Well", arsa Curadh Glas Eolais, “ní
imtheochaidh tú abhaile feadh leathanta gearra go bhfeicidh
tú roinn de mo ríoghachta.”



Nuair a caitheadh suim laethanta: “Tá sé 'n-a am
agam-sa,” arsa mac ríogh Éireann, “cuimhniúghadh ar
m' athair agus ar mo mháthair féin.”



Cuireadh fios ar shagart, agus rinneadh pósadh a
mhair seacht n-oídhche agus seacht lá, a b'fheárr an oídhche
dheiridh 'ná an chéad oídhche. Annsin thug 'chaon neach a
bhí ag an mbainis aghaidh ar a áitiúghadh féin. Nuair a
tháinic an oídhche, agus am an chodlata, bhí leaba
feistighthe ag Curadh Glas an Eolais do mhac ríogh
Éireann agus d'á inghín féin, an gadaidhe, a raibh
dabhach nimhe ceaptha fúithe, nuair a ghabhfadh siad isteach
áinntí, le n-a slugadh agus deireadh a chur ar a mbeatha.



“Glac t'am,” ars' an bhean le mac ríogh Éireann.
“Tá an leaba sin feistighthe ar chaoi nach bhfuil eolas
agad-sa air. Nuair a leagfas tú do lámh airthí (agus
tabhair le tasbáint go n-aireochadh sé go mbeitheá ag
gabháil áinntí isteach); tá m'athair annsan seomra is
goire annseo agus a chluas ag fanacht le tusa agus
mise 'aireachtáil a titim isteach. Nuair aireochas tusa


L. 22


eisean ag tarraint an chéad tsrann', bhí thusa go léim
i ngreim in san gclaidheamh soluis atá aigeá 'n-a
cheann in san leabhaidh. For, mun' mbí greim agad-sa
ar an gclaidheamh déanfaidh seisean féar glas ar
thalamh ar a dtiocfaidh faoi amharc a shúl. Acht, nuair
a bhéas an claidheamh agad-sa, ní fhéadfaidh sé urchóid
do dhéanadh ort.”



D'fhan mac ríogh Éireann ag éisteacht, agus ag
fanacht leis an gcéad shrann a thiocfadh ó shróin an
Churaidh Ghlais. B'fhada go dtáinic sin, acht nuair a
tháinic sé, do ghoid mac ríogh Éireann isteach 'san
seomra, agus do thug an claidheamh leis. Shiúbhladar
amach as an gcúirt, agus bhí crann mór ag fás taobh
'muigh de'n dorus.



“Tá dorus ar an gcrann,” ars' an bhean le mac
ríogh Éireann, “agus caithfidh tú an dorus sin a
fhosgailt, agus an lach' atá in san gcrann do thabhairt
amach. Tá ubh in san lach agus ní'l a mharbhadh go brath i
ndán do m'athair go mbuailtear ar an mball d'ódharán
atá ar a thaobh dheas, leis an uibh atá in san lach', é.”



Nuair a chuir mac ríogh Éireann a lámh isteach, budh
giorra bhí sé 'ghá tabhairt amach 'ná bhí sé 'ghá cur
isteach; do shaoil sé go raibh sí sluigthe ag an lach' ó'n
ngualainn amach. Chuir sí féin isteach a lámh, agus
thug sí an lach' amach, gur mharbhuigh sé an lach' agus do
bhain sí an ubh amach as bolg an lach'.



Chuadar ag marchuigheacht ann sin ar a gcapaillín
pleibistíneach, ag triall ar an áit ar fhág sé a long
feistighthe an lá tháinic sé ar an oileán. Nuair a
d'eirigh mór-shoillse an lae ortú: “Breathnuigh 'do
dhiaidh,” ars' an bhean, “agus féach a' bhfeiceann tú
tada ag teacht 'nn ar ndiaidh.”



Bhreathnuigh seisean 'na dhiaidh, agus ní fhaca sé tada
acht spéir glan ins gach ceárd a bhreathnuigh sé air. I
n-achar gheárr: “Breathnuigh 'do dhiaidh aríst,” ar sise,
“agus féach a' bhfeiceann tú tada.”



Bhreathnuigh seisean 'na dhiaidh.


L. 23


“Chím cnap mór, mar bhéadh cnoc, i bhfad uaim,” ar
seisean.



“Tá sé 'teacht,” ars' an bhean. “Breathnuigh 'do
dhiaidh aríst, agus féach cá fhaide uait é.”



“Tá sé a' tarraint gar go maith dhúinn anois,” arsa
mac ríogh Éireann.



“Ísligh anuas,” ars' an bhean, “ní'l am ar bith le
spáráil againn. Bhfuil aon rath ort le breith ar an
uibh, dh'á bhualadh ar an mball d'ódharán, nó mun'
mbuailidh, déanfaidh sé féar glas ar thalamh dhíot-sa
agus dhíom-sa.”



“Mo chroídhe-chrádh dhíom,” arsa mac ríogh Éireann,
“mun' b'shin rud nár fhéach mé mo lámh ariamh leis,”
agus b'fhíor dhó é.



“Dona go leor,” ar sise, “má chaithfidh mise
m'athair féin, a d'oil agus a thóig mé, a mharbhadh mar
gheall ar mhac ríogh Éireann.”



Rug sí ar an uibh níos túisge 'ná bhéadh siad le
chéile 'nn a bhféar glas ar thalamh. D'aimsigh sí an
ball d'ódharán, bhuail sí é mar budh cóir, gur chuir sin
deireadh le Curadh Glas an Eolais.



Do tháiniceadar gan aon trioblóid chun an chalaidh,
an áit ar fhág sé a long. D'fheist sé chun na faraige
í, chuir sé a bhean agus an pleibistín isteach, agus é
féin go léim isteach 'nn a ndiaidh. Thug sé aghaidh an
tsoighthigh ar aghaidh oileáin na h-Éireann. D'árduigh
sé suas a chuid seolta, bocóideacha, bacóideacha,
snáitheacha fhada go bárra na gcrann, cómhfhada cómh-
dhíreach. “Slán go bráth,” ar seisean, “le oileán
agus le ríoghacht Churaidh Ghlais an Eolais.” Bhí an
portán beag agus an portán mór, an fharaige shoir
agus an fharaige shiar, ag teacht ar chois agus ar bhois a
mhaidí rámha, ag déanadh ceoil sídhe agus aghaidh feidil
(oirfide?) dó-san, ag ionsaighe na n-aigéan dhubha,
dhorcha, agus na mbróinte borba, béalsgaoilte, gur
bhuail sé cuan agus caladh le oileán na h-Éireann,
agus le dúithche a athar agus a mháthar féin.


L. 24


Nuair a cheangail sé suas a long, mar is gnás le
caiptín loinge a dhéanadh le n-a loing, nuair a thioc-
fadh sé i dtír le n-a locht, “Caithfidh tusa,” ar seisean,
“fanacht ann seo, go dtéidhidh mise nó go bhfeicidh mé
bhfuil an chúirt i n-ordúghadh faoi do chómhair, agus
faoi mo chómhair-se féin le dul áinntí.”



“Á!” ars' an bhean, ars' ise, “tá faitchíos orm go
ndéanfaidh tú dearmad dhíom-sa, nuair a ghabhfas tú
chun na cúirte.”



“Sin rud i n-aghaidh nádúir,” arsa mac ríogh Éireann,
“fear dearmad do dhéanadh d'á bhean.”



“Nuair a ghabhfas tusa chun na cúirte, béidh oll-
ghárdas mór rómhat agus crathadh lámh. Má leigeann
tú do aon neach, ná béal duine thabhairt go do bhéal,
tá mise dearmadta, agus ní fhaca tú mé ariamh ó'n
móiméad sin amach,” ars' an bhean.



Nuair tháinic sé chun cúirte a athar, bhí ó'n uaisle go
dtí na searbhfóghantaidhthe a b'ísle, ag teacht 'n a láthair,
ag déanadh luthgháire agus ollghárdas' faoi é 'theacht
ar ais chun cúirte a athar agus a mháthar féin. Choing-
bhigh gach duine uaidhe amach, nó gur eirigh coileán con
a d'fhág sé 'n a dhiaidh, agus chuimil sí a teanga le
ollghárdas d'á bhéal. Bhí an dearmad déanta do'n
mhnaoi bhí in san loing, ionann agus dá mbéadh sé
gan a feiceál go bráth.



Bhí an t-am dh'á chathadh gan aon aireachtáil ag mac
ríogh Éireann, go raibh lá agus bliadhain caithte. Cheap
a athair agus uaisle na tíre do'n phrionsa óg go raibh
sé 'n a am aige pósadh, agus deághrath do chur air
féin in san saoghal. Bhí rí i n-uachdar na h-Éireann a
raibh inghín bhreágh, aoibhinn, áluinn aige, agus go bhfeil-
feadh sí dhó le bheith 'na bainríoghan óg agus 'n a céile
aige. Chuadar agus chanadar le righ uachdair na
h-Éireann, ar a inghín a thabhairt le pósadh do mhac
ríogh íochdair na h-Éireann.



“Mo chroídhe-chrádh dhíom,” ars' an rí, “má thig liom


L. 25


áitiúghadh níos feárr, ná fear níos feárr a fhághail
dom' inghín.”



D'fheistigheadar iad féin chun bóthair, go dtáinic-
eadar chun na cúirte i raibh an prionsa óg le bheith 'n
a oidhir airthí. Rinneadh pósadh. Cuireadh goirm scoile
amach ar an uaisle, 'chuile dhrong agus 'chuile dhream
go dtí fear iarraidhthe na déirce. Mhair an bhainis
seacht n-oídhche agus seacht lá, agus b'fheárr an
oídhche dheiridh 'ná an chéad oídhche.



“Mo chroídhe-chrádh dhíom,” ars' an bhean do bhí in sa'
loing, “mun' bhfuil sé 'n-a am agam-sa féin do
ghabháil chun treabhtha.”



D'fhág sí an long agus do tháinic sí, agus do chuir
sí í féin i bhfolach i ngéagán crainn do bhí ós cionn
tobair ar chúl teach a' gheata. D'eirigh leis an oídhche
go raibh sí 'n-a lán-gealaighe, agus d'eirigh leis
nár fhéad an ghealach a bheith níos mó sholusda 'ná bhí sí
an oídhche chéadna.



“Gabh 'mach,” ars' an geatóir le duine d'á thriúr
inghín, “agus tabhair isteach uisge, go nglanamuid
inn féin le dul chun na cúirte.”



Chuaidh inghín acú amach go dtí an tobar. Nuair a
dhearc sí síos leis an uisge a thógbháil, chonnaic sí an
sgáile budh bhreághach'de dh'á bhfaca sí ariamh, ná dh'á
dtiocfadh léithe fheiceál. Chaith sí an soightheach uaithí,
agus tháinic isteach gan aon deor uisge.



“A shean-reascail,” ar sise, “cad do b'áil leat
mise a chur i gcoinne uisge dhuit, agus gan aon bhean
níos breághach'de 'ná mise le fághail 'san domhan?”



“Maise brón ort,” ars' an t-atháir, “for is tú an
bhean is míofaire ar thafan madadh ariamh airthí. —
Gabh 'mach,” ars' an t-athair leis an darna h-inghín,
“agus tabhair isteach soightheach uisge.”



D'imthigh sí chun an tobair, bhreathnuigh sí síos, agus
do chonnaic sí an sgáile mar do chonnaic a deirbhshiúr,
agus níor ghlac sí am, ná ní deárna sí staidéar, acht
chaith sí an soightheach uaithí, agus d'fhill sí ar a h-ais


L. 26


mar do rinne a deirbhshiúr agus “má ba mheasa an
maol, ba mheasa an mullach.”



“A shean-reascail,” ar sise, “cad as a fuair tu bean
chomh breágh liom-sa a chur i gcoinne uisge dhuit-se,
innis dom?”



“Treadadh ort, a chréatúir is suaraighe ar dhearc
súil duine 'riamh airthí! — Gabh 'mach,” ars' an t-athair
leis an tríomhadh inghín, “agus ná déan aithris orthú
seo, agus tabhair isteach an t-uisge.”



Rug sí ar an soightheach, chuaidh sí chun an tobair; 'nuair
a chrom sí ag gabháil ag thógbháil an uisge, chonnaic sí an
sgáile budh bhreághach'de d'á bhfaca súil ariamh. Chaith
sí an soightheach uaithí chomh fada 'gus d'fhéad sí agus
do d'fhill sí isteach, agus ní buídheach do bhí sí d'a
h-athair faoi bhean chomh breágh leithe féin do bheith 'na
searbhfhóghantaidh aige, agus ag iomchur uisge.



“Dia 'gh ár réidhteach!” ars' an t-athair, ars' eisean,
“for, nach mise an truaighe, agus triúr chomh míofar
chomh míoghanoi'mhail agus nár thafainn madadh ariamh
ar aon triúr a dtiocfadh leo bheith níos míofaire 'ná
sibh!”



D'eirigh sé feín; chuaidh sé chun an tobair, agus
nuair a chrom sé síos ar an tobar chonnaic sé an
sgáile i gcuma-riocht mná badh bhreághach'de d'á bhfaca
sé riamh. Do bhreathnuigh sé suas in san gcrann;
chonnaic sé an bhean ós a chionn.



“'H'm-nneá! gabh 'nuas as sin,” ar seisean, “for,
tá go leor míoghnaoi déanta agad orm-sa anocht!”



Tháinic sí anuas, agus shiúbhladar le chéile isteach
chun na tíghe.



“A chlann,” ars' an t-athair, “ní'l aon mhilleán agam
oraibh faoi a ndeárna sibh anocht, for, dhá mbhéinn-se
'mo bhean mar bhí sibh-se, bhéinn féin chomh dona le
ceachtar agaibh.”



Nígheadar agus ghlanadar agus chíoradar iad féin,
chuireadar orthú a gcuid éadaigh a b'fheárr, le gabháil
chun na cúirte.


L. 27


“Tá fáilte rómhainn-ne,” ars' an t-athair, “agus
d'á bhrígh go bhfuil, tig linn tusa a thabhairt linn, agus
ní náireach dhúinn thú in sa gcúirt ná in sa gcaisleán.”



Shiúbhladar suas chun na cúirte. Shuidheadar in san
áit ameasg an chomhluadair bhí ceaptha dhóibh. Bhí
caithríom mór le ithe agus le h-ól ag 'ch aon neach mar
ba toil leis. Nuair a caitheadh sgathadh de'n oídhche,
níor cuireadh tada chun tosaigh acht caint agus cómhrádh.



“An é seo an chaoi i gcaitheann sibh an oídhche ag
póstaíbh agus ag bainis?” ars' an strainséar mná.



“Ní'l eolas ar a athrúghadh againn,” ars' an cómh-
luadar.



Chuir sí a lámh in a póca; do chaith sí coileach agus
cearc ar an mbord, agus tháinic eagladh mhór orthu
a lig nuair a choiniceadar an chearc agus an coileach.
Do chaith sí trí gráin cruithneachta ar an mbord. Sgiob
an coileach dhá ghrán, agus níor fhág sé ag an gcirc acht
aon ghrán amháin.



“Níorbh é sin do chomaoin orm,” ars' an chearc.
“Nuair tháinic tú go cúirt m'athar, do theastuigh mise
uait!”



“Is cuma liom,” ars' an coileach.



Chaith sí cúig ghráin ar an mbord. Sgiob an coileach
trí ghráin, agus níor fhág ag an gcirc acht an dá ghrán.



“Níorbh é sin do chomaoin orm,” ars' an chearc.
"An gcuimhnigheann tú ar an lá a cuireadh ag treabhadh
na páirce thú, nuair a thug an ollphéist do chuingir
chapall uait, nár theastuigh mise uait an lá sin — nuair
bhí sé ag sárúghadh ort an ollphéist a cheapadh, dhá mhéad
do ghaisge agus do neart?”



“Is cuma liom,” ars' an coileach.



Chaith sí seacht nghráin ar an mbord. Sgiob an
coileach ceithre gráin, agus ní raibh ag an gcirc acht
a trí.



“Níorbh é sin do chomaoin orm,” ars' an chearc
(agus ní raibh duine 'sa gcúirt ó na ríghtíbh go dtí an
dream a b' ísle, nach dtáinic ag dearcadh ar an gcirc


L. 28


agus ar an gcoileach, agus ar an obair iongantaigh a
bhí ar siúbhal acú); “nuair a cuireadh thú ag glanadh
na sean-chúirte leis an mbiorán suain a fhághail amach
a chaill a mháthair seacht mbliadhna roimhe sin, do théas-
tuigh mise uaith.”



“Is cuma liom,” ars' an coileach.



Chuir sí naoi ngráin amach. Do sgiob an coileach
cúig gráin leis, agus níor fhág ag an gcirc acht a
ceathar.



“Níorbh é sin do chomaoin orm,” ars' an chearc,
“nuair a chuir m'athair thú ag taomadh an loch' leis an
bhfáinne fhághail do chaill a mháthair seacht mbliadhna
roimhe sin.”



“Is cuma liom,” ars' an coileach.



Chuir sí aon ghrán déag amach. Do sgiob an coileach
sé gráin agus ní raibh ag an gcirc acht a cúig.



“Níorbh é sin do chomaoin orm,” ars' an chearc,
“nó an gcuimhnígheann tú ar an oídhche nuair a ceapadh
leaba dhuit-se agus dhomh-sa le dul chun suain ós cionn
an dabhach nimhe? Do theastuigh mise uait an oídhche sin.”



“Is cuma liom,” ars' an coileach.



Chaith sí trí gráin déag ar an mbord. Do sgiob an
coileach seacht ngráin agus d'fhág sin an chearc taobh
le sé gráin.



“Níorbh é sin do chomaoin orm,” ars' an chearc,
“nuair a rug tú ar an gclaidheamh soluis le mo
chómhairle-se, agus do dhéanfadh m'athair, Curadh Glas
an Eolais, féar glas ar an talamh dhínn acht meir mise.”



“Is cuma liom,” ars' an coileach.



Chaith sí cúig gráin déag ar an mbord. Do sgiob
an coileach ocht ngráin, agus d'fhág sin an chearc taobh
le seacht ngránaibh.



“Níorbh é sin do chomaoin orm,” ars' an chearc,
“nuair a mharbhuigh mise an lacha do bhí 'san gcrann,
agus do bhain mé an ubh amach as a bolg, agus d'fhága-
mar slán agus beannacht ag cúirt m'athar féin.”



“Is cuma liom,” ars' an coileach.


L. 29


Chaith sí seacht ngráin déag amach. Sgiob an coileach
naoi ngráin, agus ní raibh ag an gcirc le piocadh acht
ocht ngráin.



“Níorbh é sin do chomaoin orm,” ars' an chearc,
“nuair a bhuail mise m'athair ar an mball d'ódharán
bhí ar a thaobh dheas, agus do mharbhuigh mé m'athair mar
gheall ort-sa, agus chuir sin deireadh ar bheatha Churaidh
Ghlais an Eolais. Tháiniceamar go dtí an long gan
aon trioblóid, thug sinn go dtí cuan agus caladh
t'athar, mar ba cóir.”



Is cuma liom,” ars' an coileach.



[“Ó maise budh é an staic é!” arsa sean-bhean do
bhí ag eisteacht leis an sgéal 'san gclúid.]



Chaith sí naoi ngráin déag síos. Sgiob an coileach
deich ngráin, agus ní raibh ag an gcirc acht naoi ngráin.



“Níorbh é sin do chomaoin orm,” ars' an chearc,
“nuair a d'fhág tú mise in sa loing, agus tháinic tú
féin chun na cúirte, go gcuirtheá in ordúghadh í le mise
do thabhairt leat. Chuireas mé ort gan aon neach d'á
raibh beo blaiseadh ná gabháil i ngoire do bhéil, nó dá
ndéantá, go raibh dearmad déanta agad dhíom, agus
do rinne tú sin go ceart, nó gur eirigh an coileán con,
agus gur chuimil sí a teanga de do bhéal, agus uaidhe
sin amach níor chuimhnigh tú níos mó orm-sa.”



Do stop an imirt. Bhí mac ríogh Éireann ag
breathnúghadh air ó n-a thosach go dtí n-a dheireadh. “Tá
sé in 'am agam-sa,” ar seisean, “gabháil chun tosaigh,
for, tá tú annsin.”



Chuaidh an cómhluadar, 'chaon dream acú, ó na ríghtíbh
go dtí an dream a b'ísle, chun a n-áite féin.



“Well,” arsa mac ríogh Éireann, ars' eisean, le
athair a mhná agus le n-a athair féin, “is ríghthe sibh agus
fágaim ar bhur mbreitheamhnas, bhur n-inntinn a thabhairt
mar is cóir ar sgéal a innseóchaidh mé dhaoibh.”



“Déanfamuid é sin, má tá sé in ar gcúmhacht,”
ars' an dá righ.



“Nuair bhí mise i dtír choidrighthe gan aon eolas,


L. 30


fuair mé bosca déanta, glas agus eochair air, a
d'féadfainn féin iomchur, le mo chuid éadaigh ghlain do
chongbháil. Chaill mé eochair an ghlais, a rinneadh dhó,
agus fuair mé eochair úr déanta dhó, agus, tí narbh
iongnadh, ní raibh sí i bhfeileamhaint do'n ghlas, mar bhí
an chéad eochair a chaill mé. Anois, fuair mé arís an
chéad eochair, agus, a ríghthe chneasda, chóra, cia h-acu
de'n dá eochair is cóir dom a chongbháil?”



“Coingbhigh an chéad eochair,” ars' an rí a raibh a
inghín pósta ag mac ríogh Éireann. “For, ní'l aon
eochair le fághail oirfeas mar an gcéad eochair do
ghlas ar bith.”



“Tá súil agam gur fear go d'fhocal thú,” arsa mac
ríogh Éireann.



Shiúbail sé síos agus thug sé láithreach an tsean-
eochair.



“Bhfeiceann tú an bhean seo,” arsa mac ríogh
Éireann, “atá annseo in ar gcómhluadar? Is seo í
an eochair a chaill mise, agus atá faighte agam arís.
Is seo í an bhean a chuaidh thríd gach trioblóid d'á
bhfaca sibh anocht eidir an coileach agus an chearc. 'Sí
rinne gach nídh d'á bhfaca sibh mar gheall ormsa, agus
mharbh sí, mar do chonnaic sibh, a h-athair féin mar gheall
orm, mar bhí Curadh Glas an Eolais. Agus anois
rinne mise dearmad lae agus bliadhna dhí, mar gheall
ar an gcoileán con, agus a ríghthe uaisle, óirdhearca,
cia h-acu de'n dá mhnaoi is cóir dhom a chongbháil?”



D'eirigh an t-athair claimhuin agus a athair féin, agus
chraitheadar lámh leis an mnaoi strainséaraidh, “agus
céad míle fáilte go raibh rómhat chun na tíre seo,
agus chun t'ionaid chomhnaidhe, for, is tú a shaothruighis
an chúirt seo le d'obair chruaidh agus is ort is feárr
díol í.”



“Bhéarfaidh mise m'inghín abhaile; ní'l dochar déanta
dhí, ná éagcóir; agus fágfamuid slán agus beannacht
agaibh, le Dia an t-ádh agus an séan fheiceál oraibh,”
ars' an rí a raibh a inghín pósta, mar shaoileadar.


L. 31


Lá ar n-a n-aortha, 'nuair a d'itheadar a mbricfasta,
d'fhágadar slán agus beannacht ag mac ríogh Éireann
agus ag a mhnaoi, thugadar a n-aghaidh, 'ch aon neach ar
a ionad agus ar a áitiúghadh féin, d'á raibh ag an
bhféasta.



Bhí 'chuile dhuine buidheach, beannachtach, acht Tomás
bocht Ó 'cGiobúin [fear innste an sgéil seo rómhainn].
Bhuail sgoilteach é, agus b'éigean dó an chúirt fhágáil,
nuair a chuaidh sé ó mhaith ar bith a dhéanadh, agus triall
leis, go dtáinic sé go Béal Áth a' Chip [ainm an bhaile
i raibh sé 'n a chomhnaidhe] imeasg a mhuintire féin,
agus sin é deireadh mo sgéil ar mhac ríogh Éireann
agus ar Churadh Glas an Eolais.



Beannacht dhílis Dé le h-anam “Tommuny Bhid"
bhoicht! — Chuaidh sé ar sluagh na marbh, i mBéal Áth a'
Chip, am éigin i rith 1902.



S. M. o. R.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services