Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Maighdean an tSoluis agus Sgéalta Eile II
Title
Maighdean an tSoluis agus Sgéalta Eile II
Author(s)
In eagar ag Henry Morris,
Pen Name
Mac Róigh, Feargus (Bail. / Eag.)
Compiler/Editor
Morris, Henry
Composition Date
1921
Publisher
Dundalgan Press
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN CROCHAIRE TÁRNOCHT Bhí sin ann, agus is fado ó bhí. Dá mbéinn-se ann an uair sin ní bhéinn ann anois, nó dá mbéinn fhéin, ba chríon liath an sgéalaidhe mé. Bhéadh sgéal úr agam nó seansgéal; chumfainn fhéin ceann sul a mbéinn gan aon cheann. Bhí rí cúigidh i n-Éirinn, ar bh'ainm dó Gruagach an Ghaiste. Cibé ar bith ríoghamhlacht a bhí aige bhí gaiste éanacha aige, is ghabhadh sé lonndubh an uile mhaidin. Bhí triúr mac aige, is chuireadh sé amach iad fá choinne an éin do réir a n-aois; fear ba sine indiu, an dara fear an dara la, agus an fear óg an tríomhadh lá. Cé h-ainm a bhí ar an fhear óg acht Donn Ó Dubhthaigh. Chuir sé amach Donn Ó Dubhthaigh aon mhaidin amháin fá choinne an éin, agus nuair a bheir sé ar an éan i n-a láimh labhair an t-éan leis, agus dubhairt sé, "leig amach mé, agus gur ba féirrde thú." "Leabhra fhéin, acht leigfead, agus fearadh na fáilte," arsa Donn Ó Dubhthaigh, "ar a bhrígh ní maith a dheánfas mo chuid di damh" - bhí an t-éan cómh beag sin. D'fhosgail sé a lámh, agus leig sé an t-éan ar siubhal. Thainic sé isteach annseir an athair. D'fhiafraigh an t-athair de cá rabh an t-éan. "D'iarr sé orm-sa," arsa Donn Ó Dubhthaigh, "a leigint ar siubhal, agus leig mé ar siubhal é."
"Maise," ars' an t-athair leis, "oidhche dhubh nó dhorcha ní chodlóchaidh tú faoi dhídion an toighe amháin liom-sa." "Diabhal a feárr liom a dheánamh," arsa Donn Ó Dubhthaigh, "acht ní chuirfidh tú mé ag siubhal gan mo chulaidh chomhraic agus mo ghléas marcuigh- eacht(a)." Ghléas sé air a chulaidh chomhraic agus fuair sé an gléas marcuigheacht(a), agus costas a d'iomchróchadh ar an bhealach fuair sé ó'n athair é. Eadar mharcuigheacht agus chosidheacht agus cheoltóireacht níor stad sé go dteachaidh sé go ríoghacht na Gréige. Smaoi'tigh sé mar bhí sé fhéin i n-a mhac ríogh nach rabh duine ar bith is luaithe d'iarrfadh sé cuimrighe air ná rí Ghréag. Chuaidh sé cómhair fhad leis a chúirt agus smaoi'tigh nach rabh 'fhios aige goidé an cineal duine a bhí ins an rígh, agus go mbféidir gur 'un báis a chuirfeadh sé é gan ceathramha anama gan tagail, agus go mbfeárr dó fanacht uadh go bhfeicfeadh sé goidé an nádúir a bhí aige. Thréig sé cúirt an ríogh, agus chuaidh sé síos bealach eile agus casadh isteach é ina dteach bheag dheas dheismear. Ní fhuair sé ann acht seanbhean aosta. D'iarr sé órd na h-oidhche go maidin uirthi. Dubhairt sí nach rabh áit aici d'fhóghnóchadh do ghaisgidheach d'á mhac-a-samhail. "Maise," ar seisean, "nuair atá tú fhéin ag deánamh leis i gcómhnuidhe, nach bhfuil sé maith do leor agam-sa oidhche amháin." Dubhairt sí leis a bheithidheach a cheangal do'n doras, agus a theacht ar aghaidh. Thainic sé ar aghaidh, agus d'éirigh an t-seanbhean, agus chuir sí síos uisge
ar an teinidh, agus d'iarr sí air a chosa a nighe ins an uisge theith, nó go rabh sé tuirseach. Nuair a bhí a chosa nighte aige d'éirigh sí i n-a suidhe, agus rinne sí réidh a shuipear. Nuair a bhí a shuipear deánta aige chóirigh sí leabaidh mhín luachra dó. Chuaidh sé a luighe, agus ní fada a bhí sé i n-a luighe nuair a rinneadh na trí gháire ba mhó a chualaidh sé ariamh agus nach gcualaidh sé aon nídh ariamh bhí cosamhail leobhtha. "A rí dá ngéillim is a rí dá bhfóghn'im, goidé an sgéal do na trí gháire, nár chualaidh mé a léithid ariamh i n-uaimh nó i n-oileán ó rugadh mé?" "Crádh ort, a dhuine dhona ghránna," ar sise, "ná nach gcualaidh tú iomrádh ar na trí fathaigh atá le troid le Mac Ríog faoi Thuinn fá inghín ríogh Ghréag? Má gheibh Mac Ríogh faoi Thuinn buaidh ar na trí fathaigh is leis fhéin ingéan ríogh Ghréag gan bhuille gan urchar, agus má gheibh aon fhear dhe na fathaigh' buaidh air, is leobhtha fhéin í." "Och cóirigh fúm cóirigh tharm, ní mé atá ag dréim le ingín an ríogh," arsa Donn Ó Dubhthaigh. Dá luath 's ar éirigh an lá is luaithe ná sin a d'éirigh Donn Ó Dubhthaigh, nígh sé a éadan, chíor sé a cheann, agus bhí a bhriocfasta réidh ag an t-seanbhean, agus rinne sé a bhriocfasta. Chuir sé an diallaid ar an bheithidheach agus an srian, agus tharraing sé leis ar ghreim sriain í go dtea- chaidh sé síos go bruach na trágha, ins an áit a rabh Mac Ríogh faoi Tuinn agus ingéan ríogh Ghréag ag glacadh an aeir aniar agus siar cois na trágha. Nuair a chonnaic Mac Ríogh faoi Thuinn Donn Ó Dubhthaigh ag teacht, "Mo dóna is mo dhoghrainn ort," ar seisean, "go rachaidh mé i bhfolach faoi'n
tom go bhfeicfidh mé goidé tá sé i n-innibh a dheánamh. Is leór de dhonacht ort do ghraithe ag dul le deánamh ag fear eile." Nuair a thainic Donn Ó Dubhthaigh 'un cainnte leis an chailin óg bheannuigh sé duithe ins na briathraibh a chanadh siad ins an am sin, agus bheannuigh sise dó ins na briathraibh chéadna. D'fhiafraigh sé duithe i gcómhrádh chiuin an leigfeadh sí dó néal a chodladh i n-a h-ucht. Dubhairt sí go leigfeadh acht mur b'é go rabh eagla uirthi go mairbhfeadh an fathach é. "Má bhím-sa 'mo chodladh," ar seisean, "nuair tchífeas tusa an fathach ag teacht beir an an t-sréin agus craith é, agus musglóchaidh an srian mise." Leag sé a cheann i n-a h-ucht agus thuit sé i n-a chodladh agus ní fada a bhí an codladh ghá dheánamh aige nuair a tchí sise an soitheach ag teacht ar an fhairge. Bheir sí ar an t-sréin, agus chraith sí é, agus le méad an tormáin agus an torainn a rinne an srian d'éirigh seisean suas. D'amharc sé uaidh go fiata fíochasna. Tchí sé an long luchtmhar lánmhar fá n-a culaidh tógtha uirthi, go bocóideach go bacaideach go barr na gcrann díreach, cith cubhair i n-íochtar aici, agus cith gainmhe i n-uachtar, fathach na gcúig gceann na gcúig meall na gcúig muinneal is na gcúig gcos i n-a shuidhe ag stiúradh. Bhí sgaifte gabhar roimhe 'gus sgaifte gabhar i n-a dhiaidh. Bhí cailleach liath ar bharr a bhata leis, agus bradan fíoruisge i mbarr-éill a bhróige. An t-seanchailleach a bhí ar an bhata tharraing sé síos í tharraing sé suas í, fríd an ghríosaigh fríd an
ghruasaigh, fríd a fhiaclaibh fada fuara, agus d'fhág sé thiar i ngreim sin í. Chuir sé a bhos faoi dheireadh an t-soithigh agus a bhos faoi thoiseach an t-soithigh agus d'fhág sé tirm tráighte suas ar bharr na trágha í. Dubhairt sé nach rabh aon neach fir nó mná ar an domhan bhréanach a chuirfeadh amach í go gcuir- feadh sé fhéin amach ar ais í. Casadh é fhéin agus Donn Ó Dubhthaigh ar a chéile ar lár na trágha. "Do chat-mara agus do mharbhfáisg ort, a Dhuinn Uí Dhubhthaigh ghránna, mac Gruagach an Ghaiste, nach mór a fuair tú ó chroidhe theacht a éileamh mo chirt fhéin orm-sa. Is mór liom de ghreim thú is is beag liom de dhá ghreim tú, agus níl 'fhios agam goidé is fheárr a dheánamh leat mur gcaithfidh mé fríd spéir an aeir thú agus do mhuineal a bhriseadh teacht anuas duit." "Cha dteána ceachtar aca liomsa," arsa Don Ó Dubhthaigh, "acht le h-aghaidh cóir agus ceart a bhaint as do chionn salach meallanach thainic mise annseo." "Cia'ca is fheárr leat," ars' an fathach, "greimeannaí caola cruaidhe corraidheacht' nó sgiana glasa i mbarr easna a chéile?" "Is fearr liom greimeannaí caola cruaidhe corraidheacht'," arsa Donn Ó Dubhthaigh, "is iad a chleacht mé i mbaile bheag is i mbaile mhór, i gcúirt m'athara agus mo mhathara fhéin, agus is iad a bhéas agam anois, i n-áit a mbéidh mo chrúibíní mion-uaisle ag éirighe suas ar do spágaibh mór madardha mío-stuamachsa, a bheithidhigh." An tráth bheir an bheirt ar a chéile rinne siad bogán de'n chreagán, agus creagán de'n bhogán,
toibreacha fíor-uisge i lár na gcloch glas: ní rabh duine ó íochtar an domhain go dtí uachtar an domhain nach ag géar agus ag iomus ar an dís a thainic. Nuair a chonnaic Donn Ó Dubhthaigh nach rabh fear a leagtha nó a spreagtha nó a thruaighe le fághail thóg sé a mheisneach i mbeannan a sgéithe. Chuir sé, an chead fhásgadh, go dtí bhásta a bhrístí ins an ghainimh é, an darna fásgadh go poll a dhá easgall, agus an treas fasgadh go h-ubhall na sgórnaighe é. "Fód glas ós do chionn a bheithidhigh shalaigh," ar seisean. "Fóil ort, a ghisgidhigh a bh'fheárr a chonnaic mé ariamh, agus bhéaraidh mé duit duais níos fheárr nó mo cheann." "Goidé an duais a bhéaras tú damh?" arsa Donn Ó Dubhthaigh. "Bhéaraidh mé an chlaidheamh sholasta dhuit, nár fhág ariam fuigheall buille agus bhéaradh solus do'n domhan." "Ní hí atá mé dá shanntughadh acht do cheann," arsa Donn Ó Dubhthaigh, ag tarraingt aníos as a thruaill a lann ludarach líomhthar agus gá aimsiughadh i gcomhrac a chinn 's a mhuinéil, steall sé an ceann naoi n-eitrinn naoi n-iomaire de. Thug an ceann iarraidh dul ar an cholainn le tréan draoidheachta, agus chuaidh sé de léim eadar an chionn 'sa' colainn go bhfuair an cholann bás. Shuidh sé síos ag taoibh an chinn, agus mar shásamh air tharraing sé aníos as a phóca sgin phinne agus ghearr sé an teangaidh as an chionn agus chuir sé síos i n-a phóca í. D'éirigh sé i n-a shuidhe agus
shiubhail sé leis go socair go dteachaidh sé fhad leis an chailin óg. Smaoi'tigh sí go gcuirfeadh sí comhartha air go n-aithneóchadh sí é aríst. Tharraing sí siosúr aníos as a póca, agus ghearr sí lán an t-siosúir dá ghruaig ós cionn a chluaise ar an taoibh dheis dá chinn. D'imthigh sé abhaile annseir an t-seanbhean, agus nuair a fuair Mac Ríogh faoi Thuinn ar siubhal é, bheir sé ar an chionn agus tharraing sé leis é fhad le rígh Ghréag. Dubhairt sé go rabh trian a inghíne bainte aige. "Maith thú," ars' rí Ghréag, "má éirigheann an an dá lá atá le theacht leat cómh maith leis an lá indiu is leat mo inghéan gan bhuille gan urchar." Bhí Donn Ó Dubhthaigh i ndiaidh dhul a luighe an darna h-oidhche, agus nuair a bhí sé i stéis a dhul a chodladh rinneadh an dá gháire ba mhó a chualaidh sé ariamh. "A rí dá ngéillim is a rí dá bhfóghn'im, goidé an sgéal do na trí gháire aréir ann agus níl anocht acht beirt?" "Crádh ort, a dhuine, dhona ghránna, ná nach bhfuil 'fhios agat gur mhar'aigh Mac Ríogh faoi Thuinn fear aca indiu, agus nuair a mhair'feas sé an bheirt eile an dá lá atá le theacht is leis ingéan ríogh Ghréag gan bhuille gan urchar." "Och, cóirigh fúm, cóirigh tharm, ní mé atá ag dréim le inghín an ríogh." Dá luath is ar éirigh an lá is luaithe nó sin a d'éirigh Donn Ó Dubhthaigh. Nígh sé a éadan, chíor sé a cheann, agus bhí a bhriocfasta réidh ag an chailligh. Chuir sé an dhiallaid ar an bheithidheach, agus chuaidh sé síos go bruach na trágha. Leig
sé an beithidheach ar siubhal ar an fhéar, agus thug sé an srian leis ina láimh. Acht le sgéal fada a dheánamh goirid mhar'aigh Donn Ó Dubhthaigh an dá fhathach eile ar an mhodh chéadna is mhar'aigh sé an chead duine aca, agus ghearr sé an teanga as gach duine aca, agus chuir sé i n-a phóca iad mar an gcéadna. Níl aon lá dár mhar'aigh sé fathach nár chuir inghéan an ríogh comhartha airsean. An dara lá ghearr sí píosa cruinn de'n éadach a bhí i línín na casóige ar a thaoibh dheis. An tríomhadh lá ghearr sí píosa cruinn de'n leathar as uachtar a bhútaise ós cionn bhairr a' ladhair mhóir ar a chois dheis. Sin na trí comharthaí a bhí aici ar an taoibh amháin de. Thigeadh Mac Ríogh faoi Thuinn gach aon lá is bheireadh sé leis ceann an fhathaigh ar mhar'aigh Donn Ó Dubhthaigh an lá sin, agus bheireadh sé annseir rígh Ghréag iad, agus nuair a thug sé an ceann deirionnach dubhairt sé go rabh a inghéan bainte aige ar an uile cheart. "Maith an fear thú," arsa rí Ghréag, "is leat mo inghéan gan bhuille gan urchar. Thug sé gairm bainise do'n ríoghacht go léir ó aois na seacht mbliadhain go dtí an fear a bhí críon liath leis an aois, agus do'n mhnaoi ar an mhodh chéadna, le theacht 'un bainise a bhí le mairstin naoi n-oidhche agus naoi lá. Bhí sé do ghnáthas ins an am sin an bainis a dheánamh sul má bpós- faidhe an lánamhain. Is nuair a bhí na naoi lá agus na naoi n-oidhche caithte chuaidh gairm ar an lánamhain 'un pósta. Nuair a thainic an bhrídeóg i láthair chuir sí suas do'n ghrúm a phósadh. Chuir
sí lámh síos i n-a póca agus tharraing sí uirthi aníos an páipéar a rabh na trí comharthaí aici ann. Bheir sí ar an dlaoi ghruaige agus dubhairt sí nach bpósfadh sí aon fhear a choidhche acht an fear a bhfóghnóchadh an dlaoi ghruaige sin ins an bheárnaidh a bhí ós cionn a cluaise ar an taoibh dheis dá chionn. Chuir sí síos a lámh ins an pháipéar agus tharraing sí aníos an píosa éadaigh a ghearr sí as línín a chasóige, agus dubhairt sí nach bpósfadh sí aon fhear ariamh acht an fear a bhfóghnóchadh an píosa éadaigh sin do'n pholl a bhí ar línín a chasóige faoi n-a n-asgall dheas. Chuir sí síos a lamh arís, agus tharraing sí aníos an píosa cruinn leathair ar ghearr sí as uachtar a bhútaise a bhí ar a chois dheis. Labhair an t-athair agus dubhairt sé go rabh sí doiligh a shásamh ina bhfear mur rabh fear ins an ríoghacht a shásóchadh í. Dubhairt an t-seanbhean go rabh gaisgidheach ins an ríoghacht nach rabh aige go fóill. "Crádh ort, a shean-bhean, cad chuige nár innis tú sin damh i n-am?" arsa rí Ghréag. "Rachainn fhéin le cuireadh annseir mar choimhightheach." Chuir sé ceithre feara fichead de'n arm a b'airde a bhí faoi le cuireadh chuige agus d'iarr sé ortha a rádh gur bhain taisme mór dó nach bhfuair sé eolas i n-am go rabh an gaisgidheach ann, acht iad a leithsgéal a ghlacadh cómh maith agus b'fhéidir é. Bhí Donn a Dubhthaigh i n-a shuidhe ag an teinidh, i dteach na sean-mhná, go socair sámh, nuair a thainic an ceannphort a bhí ar an ghárda isteach, agus dubhairt sé gur éirigh taisme mór do'n rígh,
acht go rabh dúil aca go nglacfadh sé leithsgéal a ríogh. "Och," arsa Donn Ó Dubhthaigh, "cá rabh cás ar an rígh liomsa, acht rachaidh mé a amharc air nuair a chuir sé cuireadh orm. Chuaidh sé suas ar an chóiste, agus nuair a thainic sé anuas de'n chóiste ag teach an ríogh chonnaic gach uile dhuine an bheárnaidh as a ghruaig agus an poll ar bharr a bhútaise. Bheir inghéan an ríogh greim air, agus leag sí an dlaoi ghruaige isteach ins an bheárnaidh. "Athair, nach bhfóireann sin?" adeir sí. Bheir sí ar an phíosa éadaigh agus leag ar an pholl a bhí faoi n-a asgall ar a chasóig. "Athair, nach bhfóireann sin?" adeir sí. Bheir sí ar a chois dheis agus a' bhútais uirthi, agus chuir sí a' chos agus a' bhútais suas ar a glúin, agus leag sí an píosa leathair ar an pholl. "Athair, nach bhfóireann sin?" ar sise. "Fóiridh," ars' an t-athair. Chuir siad amach fá choinne sagairt méise agus cléireach uisge, agus pósadh an lánamhain. Agus mar go rabh an bhainis thart sul a dtainic Donn Ó Dubhthaigh, is nach bhfuair sé sásamh nó phéisiúr aisti, thug rí Ghréag an cuireadh céadna do'n ríoghacht go léir, naoi n-oidhche agus naoi lá eile. Chaith Donn Ó Dubhthaigh méid áirighthe d'aimsir i gcúirt an ríogh go dtí aon lá amháin. Smaoi'tigh sé go rachadh sé síos fá'n tráigh go bhfeicfeadh sé na trí soithigh bhí aige ó na trí fathaigh. Chuaidh sé síos agus a bhean leis. Goidé bhí acht dearthar ( = dearbhrathair) ag na trí fathaigh seo ins an domhan thoir, ar b'ainm dó
an Crochaire Tárnocht. Ní thainic aon fhear ar an domhan ba mhó draoidheachta ná é, agus bhí fionnadh fada air ó bhonn go bathais ar nós beithidhigh. Thainic sé isteach ar an fhairge le preabadh na súl, agus bheir sé greim ar inghín ríogh Ghréag, agus thug leis í ina domhan thoir. Nuair a chonnaic Donn Ó Dubhthaigh go rabh a bhean ar siubhal leis an Chrochaire Thárnocht ina domhan thoir chuaidh sé abhaile annseir rígh Ghréag agus dubhairt nach gcodlóchadh sé dhá oidhche i n-aon teach is nach n-íosadh sé dhá ghreim de aon bhiadh go gcuirfeadh sé an Crochaire Tárnocht 'un báis, sin nó go bhfágfaidhe é fhéin leis. Sgaoil sé leis ins na sidhe siúmannaí, ins na rith ruaimeannaí, ins na ruaimeannaí rith ruadh reatha, go dtabhradh sé cnoc de léim agus gleann de thuslóig, go rabh dubhantaí dubha na h-oidhche ag druidim leis, dubhantaí geala an lae ag druidim uaidh, an gearrán bán ag dul faoi chapóig agus an chapóg ag imtheacht uaidh gur casadh sgaoith gearrfhiadh leis ar thaoibh molaidh shléibhe. Chaith sé a bhata fríotha agus mhar'uigh sé ceann aca, agus ní shásuigh sin é gur bheir sé ar an darna ceann ar a rith. Tharraing sé air sponc, agus rinne teine chreasa. Rinne sé teine mhór chumhra chartha gan ró gan rudán gan smál gan smúideán le fód mónadh agus dhá dhriseóig. Tharraing sé air sgin phóca, agus d'fheann sé ceann aca. Chuir sé ceathramha ar bhior de, agus na trí cheathramhnacha eile ar an ghríosaigh. Nuair a bhí sé bruithte rósta aige ina shásamh thainic cú mór an domhain thoir annseir.
"A Dhuinn Uí Dhubhthaigh," ars' an cú mór, "a mhic ríogh in n-Éirinn, 'dtabharthá damhsa cúilín chnáimhín, cuid ar leith as cuibhlint, nó greim ós cionn an iomláin." "A bheithidhigh ba deise a chonnaic mé ariamh," arsa Donn Ó Dubhthaigh, "níor bhain olcas nó cruas-chroidhe damhsa, nach roinnfinn le éanlaith an aeir agus le beithidhigh' an talaimh, agus go h-áirighthe le duine dá dtigeadh sé trasna orm. Sin trí ceathramhnacha a bhruith mé ar an ghríosaigh, agus gearrfhiadh fuar nár leag mé aon lámh air, agus nuair a bhéas an t-iomlán ithte agat bíodh do bharr ar an pharoiste." Luigh Donn Ó Dubhthaigh taobh do'n teinidh, agus luigh an cú mór an taobh eile go bhfacaidh sé spéir an lae ag teacht. D'éirigh sé i n-a shuidhe agus chraith sé suas é fhéin le dul un siubhail an darna lá. "'gCluin tú mé a Dhuinn Uí Dhubhthaigh," ars' an cú mór, "nídh ar bith a 'tchífeas tá ar a rith ar an talamh, agus gur mhaith leat agat, sgáirt ar chú mhór an domhain thoir, agus béidh mise agat." D'imthigh Donn Ó Dubhthaigh leis, agus tharlaidh na rudaí céadna dó gur casadh seabhac donn dorcha an domhain thoir dó. D'iarr an seabhac seo air dadaidh a bhfeicfeadh sé fríd spéir an aeir agus gur mhaith leis aige, sgáirtigh ar sheabhac dhonn dhorcha an domhain thoir agus go mbéadh seisean aige. D'imthigh sé an tríomadh lá agus thainic fríd na rudaibh chéadna is thainic sé fríd an chead lá nó go dtainic dobharchú glas-dhoimhin ó'n domhan thoir annseir. Dubhairt an dobharchú glas-dhoimhin
"rud ar bith a tchífeas tú dul fríd an uisge agus gur mhaith leat agat é, sgáirt ar dhobharchú ghlas- dhoimhin an domhain thoir, agus béidh mise agat." Ní h-í sin a chómhairle go h-iomlán, acht ins an mheadhon lae indiu tiocfaidh tú ar chladach mara agus gheóbhaidh tú bád tarraingthe ar an chladach; tá a toiseach leis an ált agus a deireadh leis an fhairge. Tabhair thart í ar an chladach, sáith amach í, agus bí cinnte a bheith istoigh innti nó ní bhfuighidh tú greim uirthi a choidhche aríst. Ní facaidh tú ariamh aon ártharach is mó bhéas faoil bhealach ná í go bhfágfaidh sí istoigh i n-oileán thú a bhfuil an Crochaire Tárnocht i n-a chómhnuidhe ann. Tionntuigh thart agus tarraing suas í ar an fhéar glas le heagla go mbéadh graithe agat léithi arís: mur rabh is amhlaidh is measa. Ins an mheadhon lae thainic sé ar an chladach, agus fuair sé an bád mar adubhairt an dobharchú glasdhoimhin. Bheir sé greim ar an bhád agus thug sé thart í, agus sháith sé amach ar an uisge í, agus bhí sé de léim istoigh innti. Chuaidh an bád 'un siubhail, agus ní fhacaidh aon fhear ar an t-saoghal ariamh aon ártharach bhí faoi bhealach mar bhí sí, go dteachaidh sí isteach ar an oileán a rabh an Crochaire Tárnocht 'na chómhnuidhe ann. Nuair a chuaidh sé amach as an bhád thionntuigh sé thart agus bheir sé greim tosaigh uirthi, agus tharraing sé suas í ar an fhéar, agus chuir sé béal a bháid fúithe, agus chuaidh sé ar aghaidh go dteachaidh sé go cúirt an Chrochaire Thárnocht. Nuair a chonnaic a bhean ag teacht isteach é d'éirigh sí 'na seasamh, mhúch sí le pógaibh, bháidh
sí le deóraibh agus thriomuigh sí le brata síoda fíor-uaisle agus sróil é. "Do chat-mara agus do mharbhfáisg ort, ní hé do chuid chúinsisí tá mé iarraidh acht bhiadh, má tá sé agat." Ghléas sí a dhíneir, agus nuair a thug sí dó é sheas sí ins an doras ar eagla go mbéaradh an Crochaire Tárnocht go goirid air. Bhí an Crochaire Tárnocht an uile lá agus thigeadh sé thart ar an oileán ag deánamh sealg, agus seo an t-ádhbhar a rabh sise ag coimhead. D'amharc Donn Ó Dubhthaigh uaidh fríd an chúirt agus fuair mé arm éigint, agus thóg sé leac mhór a bhí i dteaghlach na teineadh, agus thochail sé a áit fhéin síos fúithe. D'iarr sé ar inghin ríogh Ghréag an leac a chur ar ais mar bhí sí go bhfeicfeadh sí goidé mar 's bhí sí 'fóirstin. Chuir sí an leac mar bhí sí, agus dubhairt sí nach n-aithneóchadh aon fhear i n-Éirinn gur corruigheadh í ariamh. Ní fada a bhí sin deánta aici nuair a chonnaic sí an Crochaire Thárnocht ag teacht ná doruis amuigh. "Fód, fód, féasóg, mothuighim boladh an Éireannaigh bhréagaigh in mo chábán toighe." "Tá boladh Éireannaigh agat an uile lá ó thug tú mise leat, agus goidé an fáth le go bhfuil sé ag cur iarghnó ort anois?" "Och, má tá, ní chuirfidh sé iarghnó ar bith orm níos mo." Thug sí biadh dó, agus ní bhfuair sé leath a sháithe. Thúsaigh sé ar an éanlaith a bhí marbh leis,
agus d'ith sé a sháith aca le cluimhreacha agus uile mar bhí siad. Bhí sé annsin sásta go bréagh, agus nuair a fuair sí sásta é, d'fhiafraigh sí de cá rabh an t-anam aige go gcuirfeadh sí fasgadh agus dídion air. Dubhairt sé go rabh an t-anam ins an sguaib a rabh sí ag sguabadh an toighe leis. Níor labhair sí níos mó go dtí maidin lá ar na bhárach gur imthigh sé aríst a sheilg, agus gur thóg sí an leac, agus gur leig sí aníos Donn Ó Dubhthaigh. Thug sí do a bhriocfasta, agus bhuail sí ar an sguaib, agus ó na seóidibh go dtí na péarlaí agus go dtí na lásaí óir gur chóirigh sí an sguab i n-a méin. Chuir sí an sguab na suidhe i bhfuinneóig na cistinighe, agus choimhead sí an doras go bhfaca sí an Crochaire Tárnocht ag teacht. Chuir sí Donn Ó Dubhthaigh, i bhfolach faoi'n leic agus shuidh sí ar chaithir óir agus í ag gáiridhe le pléisiúr cómh deas is bhí anam an Chrochaire Thárnocht cóirighthe aici. "A rí dá ngéillim agus a rí dá bhfóghn'aim," arsa Crochaire Tárnocht, tá tú ag éirighe amaideach; ní ins an sguaib atá m'anam acht ins an tuairnín. Bhain sí na seóide a bhí ar an sguaib duíthe, agus níor labhair sí níos mó go dtí 'n lá ar na bhárach, go dtí gur imthigh an Crochaire Tárnocht a sheilg, agus gur leig sí aníos Donn Ó Dubhthaigh as faoi an leic, agus go dtug sí dó a bhriocfasta. Chuaidh sí fhad leis an tuairnín, agus má chóirigh sí an sguab an lá roimhe sin go cinnte chóirigh sí an tuairnín níos fheárr. Nuair a chuir sí Donn Ó Dubhthaigh i bhfolach faoi
'n leic, shuidh sí ar an chaithir ós cionn an tuairnín, agus nuair a thainic an Crochaire Tárnocht isteach labhair sé agus adubhairt sé ins an chanamhaint chéadna, "A rí dá ngéillim is a rí dá bhfóghn'aim, a bhean, tá tú ag éirighe amaideach an uair atá tú cómh cúramach fá m'anam is tá tú, agus níl fághail agat air a choidhche. Gabh tseo ( = annseo) anuas 'un a' dorais. An bhfeiceann tú an crann sin? Tá caora agus lacha istoigh innti ins an chrann, agus tá ubh ag an lacha, agus a choidhche go bhfághthar an ubh agus go mbuailtear í ar an bhall d'odhrán atá faoi m'asgall deas níl cur 'un báis orm. Seacht gcatha na Féinne is ní theánfadh (siad) sin." Nuair a d'éirigh an Crochaire Tárnocht lá ar na bhárach, agus d'imthigh sé thart ar an oileán a sheilg, leig Donn Ó Dubhthaigh dó go rabh sé ar a chuid a b'faide de'n oileán ar siubhal. Bheir sé ar thuaigh an Chrochaire Thárnocht agus chuir sé faobhar uirthi, agus chuaidh sé amach annseir an chrann, agus an chead bhuille de'n tuaigh bhuail se ar an chrann chuir an crann béic as a chualaidh an Crochaire Tárnocht. Níl aon bhuille dár bhuail sé nach rabh an bhéicfeach ag méadughadh ar an chrann go dtí gur siúd amach an chaora as an chrann. Le méad is bhí sí faoi draoidheacht d'imthigh sí cómh luath agus gur chuir sí iogantas ar Donn Ó Dubhthaigh ins an dóigh nár smao'itigh sé go luath ar chómhairle an chú. Nuair a chonnaic sé í cómhair ar siubhal "Och chú mhóir an domhain thoir, cá bhfuil tú anois?" ar seisean. "Táim annseo, a bhodaigh, agus rinne tú feall orm," ar sise.
Má bhí an chaora luthmhar leis an draoidheacht bhí an cú luthmhar ó nádúir. D'imthigh an cú ar siubhal i ndiaidh na caorach agus ní fada a bhí sí gur stróic sí 'na giotaíbh í. Ach leis an sgéal fada a dheánamh goirid d'éaluigh an lacha a bhí 'sa' chaoirigh gur mhar'uigh seabhac donn dorcha an domhain thoir an lacha, agus thuit an ubh san fhairge. Ghlaoidh Donn Ó Dubhthaigh ar dhobharchú glas- dhoimhin agus chuir an dobharchú a chionn roimhe agus chuaidh sé amach 'san fhairge, agus chuaidh sé síos go dtí'n gainimh, agus thainic sé isteach agus an ubh leis i n-a bhéal, agus ins an am sin bhí an Crochaire Tárnocht ag éirige i ndeas do Dhonn Ó Dubhthaigh. "A Dhuinn Uí Dubhthaigh fosgail do lámh dheas," ars' an dobharchú, "agus an greim a bhéaras mise dhuit ná sgar leis ar aon scór go dtarnóchaidh tú an buille ar an Chrochaire Thárnocht. Fan a choidhche go dtógfaidh sé a lamh le breith ort, agus fuigfidh sé fosgailte an uile sheórt faoi do bhuille." Nuair a chonnaic ingéan ríogh Ghréag é ag leigint an Chrochaire Thárnocht ró-ndeas dó. "A Dhuinn Uí Dhubhthaigh, tabhair damhsa an ubh go bhféachfaidh mé fhéin léithi." "Maise, ní fhaca mé ariamh," arsa Donn Ó Dubhthaigh, "neart mo láimhe deise ins a láthair." Thug an Crochaire Tárnocht iarraidh air, agus nuair a thóg sé a lámh le breith air chaith Donn Ó Dubhthaigh an ubh air, agus bhuail sé an ball d'odhrán agus thuit an Crochaire Tárnocht marbh. Nuair a bhí sé ag fágháil bháis dubhairt sé.
"Mo bheannacht duit-se, agus mo mhallacht do d'oide is do mhúinteóir." Phill Donn Ó Dubhthaigh agus ingéan ríogh Ghréag ar chúirt agus ar caisleán an Chrochaire Thárnocht, go dtearna sgíste, agus nuair a bhí a sgíste deánta aca chuaidh siad síos i n-áit a rabh an bád, agus thionntuigh Donn Ó Dubhthaigh í aríst mar ba chóir, agus sháith sé amach í ar an fhairge. Phill sé ar chúirt an Chrochaire Thárnocht, agus líon sé an bád lán d'ór agus d'ollmhaitheas an Chrochaire Thárnocht. Chuaidh Donn Ó Dubhthaigh agus ingéan ríogh Ghréag, a bhean isteach ins an bhád, agus d'imthigh an bád, agus sheól sí léithi nach dtearn sí stad mara nó mór chómhnuidhe go dtainic sí isteach faoi chúirt agus chaisleán ríogh Ghréag, ar an tráigh chéadna a rabh na trí soithigh aige a bhí leis na trí fathaigh. Chuir sé amach last an bháid óir agus airgid agus an uile sheórt oll-mhaithis dá rabh leis. Nuair a chonnaic sí Ghréag ar ais é, agus an tríomhadh gníomh deánta leis, le méad a' lúthghair is a bhí air chuir sé sgéal amach fríd an ríoghacht uilig a theacht annsin 'un bainise a mhairfeadh naoi n-oidhche agus naoi lá. I ndiaidh mo thrioblóide ní thug sé damhsa acht bríste brúitín, stócaí bainne reamhair, agus bróga páipéir. Sin deireadh mo sgéil-se.
SGÉAL AN FHEARDHOMHAIN CHRUIM Lá de na laethibh agus uair de na h-uairibh ghannuigh an t-seilg ar Fhiannaibh na h-Éireann i nGleann na Smól. Smaoi'tigh Fionn gur bhfeárr dó tarraingt ar Ghleann Fada na Sealg. Nua a chuaidh siad fhad le Loch Finne thainic an oidhche ortha, agus thionntuigh siad síos ar thaoibh na láimhe chlí, bealach Ghleann' Léichín. Chonnaic siad solas, agus tharraing siad air. Bhí bothóg deánta ins an t-sliabh, agus fear 'na chómhnuidhe ann, ar bh'ainm dó Léichín. Bhí mac agus ingéan aige. Feardhomhan a bhí ar an mhac mar ainm, agus Finngheal ar an ingín. Dubhairt Fionn go rabh ocras ortha, agus d'fhiafraigh dó 'rabh fios aige dóigh ar bith a dtiocfadh leobhtha suipear a fhághail. Dubhairt Léichín nach rabh 'fhios aige, nach rabh feóil ar bith istoigh, acht dá bhfeicfeadh sé breacadh an lae go gcuirfeadh sé an gasúr leóbhtha go dtí an áit a rabh tarbh mire, agus dá bhfuigheadh siad é a thabhairt leóbhtha go dtabhrfadh sé a ndínear do seacht gcatha na Féinne go h-uile. Dubhairt Fionn go rabh sin go ró-mhaith. Ar maidin, lá ar na bhárach, chuir Léichín an gasúr leóbhtha go dtí Sliabh a' Tuilleadh le taobh Shléibh' Sneachta. Chuaidh an gasúr leóbhtha, agus
chuaidh sé suas i mullach carraige agus leig fead glaic. Níor bhfada gur tharraing an tarbh ortha agus leis an fhearg a bhí ar an tarbh bhris sé a dhá adhairc i n-éadan na carraige. Cé gur mhaith Goll ariamh 'sé an rud a chuaidh sé is d'fholuigh sé é fhéin i gcúl na carraige. Nuair a chonnaic a' Feardhomhan seo léim sé anuas ar dhruim an tairbh le n-a thuagh agus leag sé é. Nuair a fuair Goll an cuidigheadh thoisigh sé air agus mhar'uigh siad é. D'fheann siad annsin é, agus rinne siad ceithre ceathramhna dó. "Anois," adeir an Feardhomhan, "cé a iomchróchas iad seo?" "Bhéaraidh mise ceathramha liom," arsa Goll. "Bhéaraidh mise ceathramha liom," arsa Oscar. "Bhéaraidh mise ceathramha liom," arsa Diarmaid. "Maise," adeir an Feardhomhan, "bhéaraidh mise ceathramha liom fhéin." "'Bhfuil duine ar bith," adeir an Feardhomhan, "ag tabhairt an chinn leis?" Níor labhair fear ar bith. Bhí eagla ortha mar bhí sé ró-throm. "Bhéaraidh mé fhéin liom é," ars an Feardhomhan. Ar a theacht na bothóige daobhtha bhí iongantas mór ar Fhionn fá'n dóigh ar iomchar an Feardhomhan an ceann i gcuideachta na ceith- reamhna. Ghléas siad teine annsin, agus rósadh an fheóil, agus d'ith 'ach uile fhear a sháith. Ar maidin lá ar na bhárach, "Is mairg," arsa Fionn, "nach leigeann tú an gasúr liom, agus tuarasdal ar bith a n-iarrfá orm bhéarainn duit é." "Ní thiocfadh liom sgar'aint leis," adeir a athair, "ná níl a ghléas beó agam fhéin agus ag
mo ingín acht é, ná bíonn sé i dtólamh 'seifte dúinn." "Bá mhaith liom," adeir Fionn, "dá leigfeá liom é 'gcionn seacht mbliadhain agus bhéaraidh mé gealltanas fíor duit go leigfidh mé ar ais é." Ar an ghealltanas seo leig Léichín leis é. D'imthigh Fionn agus a chuideachta, agus an Feardhomhan leóbhtha. Ar a cúl siar chuig Loch Muc daobhtha d'éirigh muc agus ál banbhán romhpú, agus mharbh siad go léir iad, acht earcán an bhalláin deiridh, agus bhain Conán barr an rubaill duithe, agus léim sí isteach i n-uaigh agus ní fhacaidh siad níos mó í. Chuaidh siad siar annsin go Cruachán Chonnacht. 'S iomdhaidh cath agus sealg dá rabh ann ar feadh na seacht mbliadhain. I ríth an ama sin thaisbean an Feardhomhan é fhéin bheith na gaisgi- dheach an-tréanmhar. B'é an ceathramhadh fear é a b'feárr a bhí ins an Fhéinn. B'iad sin Goll, Oscar, Diarmaid, agus an Feardhomhan. Nuair a bhí sé seacht mbliadhain ann dubhairt sé go gcaithfeadh sé a chul na baile go bhfeicfeadh sé a athair. "Ná deána thusa sin," arsa Fionn, "fan agam-sa seacht mbliadhain eile, agus bhéaras mé an tuarasdal céadna duit." Ní rabh gar a bheith leis: chaithfeadh sé ghabhail na bhaile go bhfeicfeadh sé a athair. Nuair a chonnaic Fionn goidé mar bhí, dubhairt sé leis, "Leigfidh mise na bhaile thú, acht bíodh 'fhios agat, agus ná gabh bealach na muice gearrtha." Bhí buaidh ar an Feardhomhan rud ar bith a chrosfaidhe air sin an rud a chaithfeadh sé a dheánamh.
"Och, tá fhios agat anois go gcaithfidh mé a chul," arsa an Feardhomhan. Bhí trí madaidh aige. D'imthigh sé agus thug sé na madaidh leis, agus d'fhág sé slán ag Fionn. "Mo bheannacht leat," arsa Fionn. Nuair a thainic sé fhad le Mullach na Muice fuair sé nead na muice agus bhí na banbhain innti, agus mharbh sé na rudaí óga uilig le n-a chlaidheamh, agus d'imthigh sé leis ar a bhealach abhaile. Nuair a thainic an t-sean-mhuc go dtí an nead fuair sí na rudaí óga marbh, agus chuir sí a boladh, agus fuair sí suas leis ag Sráth Ghlúinsigh, agus leisg sgar'aint le iomlán na madaidh sgaoil ré Ghúinseach léithi, agus mhar'uigh sí í sin. Fhad is bhí an mhuc ag marbhadh an mhadaidh agus bhí seisean i dtólamh breith as. Nuair a fuair sé fhad leis a Ghraithimh thainic an mhuc suas leis agus annsin sgaoil sé an Grafach léithi agus bhí sé fhéin i dtólamh breith as. Mhar'uigh sí an madadh sin, agus fuair sí suas leissean ag Mín na Márach, agus annsin sgaoil sé an Mhárach léithi, agus bhí sé fhéin ag breith as. Mhar'uigh sí an madadh sin, agus fuair sí suas leissean ag Loch Muc. Thoisigh an bheirt ag troid. Leag an mhuc ar a dhá ghlúin é. Nuair a d'éirigh sé ar ais chuir sé a mhéar i n-a bhéal agus rinne sé fead. "Siúd fead an Fheardhomhain," arsa Finngheal, "má tá sé beo." Bhí sí ag cíoradh a cinn, agus bhí a gruaig síos léithi. Thug sí an rása sin le cuidigheadh le n-a dreathar. Nuair a chuaidh sí fhad le Loch Finne thug sí
léithi trí chlocha 'na bráisgín, agus nuair a bhí sí ar an taoibh thall do'n loch chualaidh sí an mac alla a bhí ins na beannaibh is shaoil sí gurbh ar an taoibh eile a bhí an troid, agus phill sí aríst. D'aithin sí annsin nárbh é. Chuaidh sí anonn aríst fríd an loch. Bhí sí ag snámh anonn is anall go rabh sí masluighthe sáruighthe, agus chuaidh gruaig a cinn faoi n-a dá chois agus báitheadh í. Ar maidin, lá ar na bhárach, fuaras an Fear dhomhan agus an mhuc marbh taobh le taoibh. Mhar'uigh seisean an mhuc, agus mhar'uigh an mhuc é.
BEAN AN FHIGHEADÓRA Bhí sin ann i bhfad ó shoin. Bhí lánamhain ann, agus bhí an fear 'na fhigheadóir. Thainic am bhaint na mónadh, agus fuair an fear cúpla fear eile le cuidiughadh leis an mhóin a bhaint. D'iarr sé ar a bhean a' dínear a bheith réidh ag teacht dóbhtha. Nuair a fuair an bhean a fear amuigh thúsaigh sí 'fhigheadóireacht ar an t-seól, agus bhris sí é. Dubhairt sí léithi fhéin nach rabh dadaidh le n-a innsigh uirthi acht an gamhain óg a bhí istoigh. Mhar'uigh sí an gamhain agus tharraing sí na diaidh amach ar an doras é, agus chaith sí ar an t-sráid é. Ag teacht abhaile do'n fhear bhí eagla uirthi, is d'innis sí fhéin gur mhar'uigh sí an gamhain, agus gur bhris sí an seól. Dubhairt an fear annsin go n-imtheóchadh sé, agus go mbeádh sé ag siubhal go dtí an oidhche, gu bhfeicfeadh sé 'bhfuigheadh sé bean ar bith cómh amaideach léithi. D'imthigh sé leis, agus thainic sé go dtí teach, is chonnaic sé beirt bhan, agus greim ag bean aca ar chóirneal de'n teach, agus greim ag an bhean eile ar an chóirneal eile. D'fhiafraigh sé dóbhtha goidé bhí siad a dheánamh. Dubhairt siad-san go rabh siad ag iarraidh bheith tionntughadh an toighe, an áit a rabh an ghaoith leis an doras. Bhí dhá dhoras ar an teach. Dubhairt seisean leóbhtha nár bhfeárr dóbhtha an doras a rabh an ghaoith leis a dhruid, agus an doras eile
a fhosgladh. Dubairt siad-san annsin nár chuimhnigh siad ariamh ar sin. Dubhairt an fear annsin go mbéadh sé ag siubhal go dtí an oidhche go bhfeicfeadh sé' bhfuigheadh sé beirt ar bith cómh h-amaideach leobhtha. Thainic sé go dtí teach eile, agus bhí beirt bhan ag an teach seo, agus greim ag bean aca ar adhairc bó, agus greim ag an bhean eile ar a ruball. D'fhiafraigh sé dóbhtha goidé bhí siad a dheánamh. Dubhairt siad-san go rabh siad ag iarraidh bheith a' cathadh (caitheamh) na bó suas ar an teach, an áit a rabh féar ag fás ar mhullach an toighe. D'fhiafraigh an fear dóbhtha 'rabh corrán aca. Dubhairt siad-san go rabh. Fuair sé an corrán, agus chuaidh sé suas agus ghearr sé an féar dóbhtha, agus thug siad do'n bhó é. Dubhairt sé annsin go mbéadh sé ag siubhal go dtí an oidhche go bhfeicfeadh sé 'bhfuigheadh sé bean ar bith cómh h-amaideach leóbhtha. D'imthigh sé leis agus casadh bean dó agus an-ualach léithe ar a druim. D'fhiafraigh sé di cá rabh sí 'gabhail. Dubhairt sí go rabh sí ag gabhail na bhflaithis, an áit a bhfuair a fear bás tá bliadhain ó shoin, agus go rabh sí ag smaoi'tiughadh go rabh a chuid éadaigh uilig caithte. Dubhairt an fear annsin gur eisean Naomh Peadar, agus go rabh sé ag teacht anois fá choinne an éadaigh, agus má bhí airgead ar bith aici fósta go raibh cuid de a dhith air. D'imthigh an bheirt aca leóbhtha un a toighe annsin, agus thug an bhean an méid airgid a bhí fá'n teach dó. Annsin d'imthigh sé na bhaile, agus bhí 'fhios aige go rabh neart ban cómh h-amaideach le n-a bhean fhéin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services