Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Maighdean an tSoluis agus Sgéalta Eile II

Title
Maighdean an tSoluis agus Sgéalta Eile II
Author(s)
In eagar ag Henry Morris,
Pen Name
Mac Róigh, Feargus (Bail. / Eag.)
Compiler/Editor
Morris, Henry
Composition Date
1921
Publisher
Dundalgan Press

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN CROCHAIRE TÁRNOCHT



Bhí sin ann, agus is fado ó bhí. Dá mbéinn-se
ann an uair sin ní bhéinn ann anois, nó dá mbéinn
fhéin, ba chríon liath an sgéalaidhe mé.



Bhéadh sgéal úr agam nó seansgéal; chumfainn
fhéin ceann sul a mbéinn gan aon cheann.



Bhí rí cúigidh i n-Éirinn, ar bh'ainm dó Gruagach
an Ghaiste. Cibé ar bith ríoghamhlacht a bhí aige
bhí gaiste éanacha aige, is ghabhadh sé lonndubh an
uile mhaidin.



Bhí triúr mac aige, is chuireadh sé amach iad fá
choinne an éin do réir a n-aois; fear ba sine
indiu, an dara fear an dara la, agus an fear óg
an tríomhadh lá. Cé h-ainm a bhí ar an fhear óg acht
Donn Ó Dubhthaigh. Chuir sé amach Donn Ó Dubhthaigh
aon mhaidin amháin fá choinne an éin, agus nuair
a bheir sé ar an éan i n-a láimh labhair an t-éan
leis, agus dubhairt sé, "leig amach mé, agus
gur ba féirrde thú." "Leabhra fhéin, acht leigfead,
agus fearadh na fáilte," arsa Donn Ó Dubhthaigh,
"ar a bhrígh ní maith a dheánfas mo chuid di damh" -
bhí an t-éan cómh beag sin.



D'fhosgail sé a lámh, agus leig sé an t-éan ar
siubhal. Thainic sé isteach annseir an athair.
D'fhiafraigh an t-athair de cá rabh an t-éan. "D'iarr
sé orm-sa," arsa Donn Ó Dubhthaigh, "a leigint
ar siubhal, agus leig mé ar siubhal é."


L. 2


"Maise," ars' an t-athair leis, "oidhche dhubh nó
dhorcha ní chodlóchaidh tú faoi dhídion an toighe
amháin liom-sa."



"Diabhal a feárr liom a dheánamh," arsa Donn
Ó Dubhthaigh, "acht ní chuirfidh tú mé ag siubhal gan
mo chulaidh chomhraic agus mo ghléas marcuigh-
eacht(a)."



Ghléas sé air a chulaidh chomhraic agus fuair
sé an gléas marcuigheacht(a), agus costas a
d'iomchróchadh ar an bhealach fuair sé ó'n athair é.



Eadar mharcuigheacht agus chosidheacht agus
cheoltóireacht níor stad sé go dteachaidh sé go
ríoghacht na Gréige. Smaoi'tigh sé mar bhí sé
fhéin i n-a mhac ríogh nach rabh duine ar bith is luaithe
d'iarrfadh sé cuimrighe air ná rí Ghréag.



Chuaidh sé cómhair fhad leis a chúirt agus
smaoi'tigh nach rabh 'fhios aige goidé an cineal duine
a bhí ins an rígh, agus go mbféidir gur 'un báis a
chuirfeadh sé é gan ceathramha anama gan tagail,
agus go mbfeárr dó fanacht uadh go bhfeicfeadh sé
goidé an nádúir a bhí aige.



Thréig sé cúirt an ríogh, agus chuaidh sé síos
bealach eile agus casadh isteach é ina dteach bheag
dheas dheismear. Ní fhuair sé ann acht seanbhean
aosta. D'iarr sé órd na h-oidhche go maidin
uirthi. Dubhairt sí nach rabh áit aici d'fhóghnóchadh
do ghaisgidheach d'á mhac-a-samhail.



"Maise," ar seisean, "nuair atá tú fhéin ag
deánamh leis i gcómhnuidhe, nach bhfuil sé maith
do leor agam-sa oidhche amháin." Dubhairt sí
leis a bheithidheach a cheangal do'n doras, agus a
theacht ar aghaidh. Thainic sé ar aghaidh, agus
d'éirigh an t-seanbhean, agus chuir sí síos uisge


L. 3


ar an teinidh, agus d'iarr sí air a chosa a nighe
ins an uisge theith, nó go rabh sé tuirseach.



Nuair a bhí a chosa nighte aige d'éirigh sí i n-a
suidhe, agus rinne sí réidh a shuipear.



Nuair a bhí a shuipear deánta aige chóirigh sí
leabaidh mhín luachra dó. Chuaidh sé a luighe, agus
ní fada a bhí sé i n-a luighe nuair a rinneadh na
trí gháire ba mhó a chualaidh sé ariamh agus nach
gcualaidh sé aon nídh ariamh bhí cosamhail leobhtha.



"A rí dá ngéillim is a rí dá bhfóghn'im, goidé
an sgéal do na trí gháire, nár chualaidh mé a
léithid ariamh i n-uaimh nó i n-oileán ó rugadh mé?"



"Crádh ort, a dhuine dhona ghránna," ar sise,
"ná nach gcualaidh tú iomrádh ar na trí fathaigh
atá le troid le Mac Ríog faoi Thuinn fá inghín
ríogh Ghréag? Má gheibh Mac Ríogh faoi Thuinn
buaidh ar na trí fathaigh is leis fhéin ingéan ríogh
Ghréag gan bhuille gan urchar, agus má gheibh aon
fhear dhe na fathaigh' buaidh air, is leobhtha fhéin í."



"Och cóirigh fúm cóirigh tharm, ní mé atá ag
dréim le ingín an ríogh," arsa Donn Ó Dubhthaigh.



Dá luath 's ar éirigh an lá is luaithe ná sin a
d'éirigh Donn Ó Dubhthaigh, nígh sé a éadan, chíor
sé a cheann, agus bhí a bhriocfasta réidh ag an
t-seanbhean, agus rinne sé a bhriocfasta. Chuir
sé an diallaid ar an bheithidheach agus an srian,
agus tharraing sé leis ar ghreim sriain í go dtea-
chaidh sé síos go bruach na trágha, ins an áit a
rabh Mac Ríogh faoi Tuinn agus ingéan ríogh Ghréag
ag glacadh an aeir aniar agus siar cois na trágha.



Nuair a chonnaic Mac Ríogh faoi Thuinn Donn Ó
Dubhthaigh ag teacht, "Mo dóna is mo dhoghrainn
ort," ar seisean, "go rachaidh mé i bhfolach faoi'n


L. 4


tom go bhfeicfidh mé goidé tá sé i n-innibh a
dheánamh. Is leór de dhonacht ort do ghraithe ag
dul le deánamh ag fear eile."



Nuair a thainic Donn Ó Dubhthaigh 'un cainnte
leis an chailin óg bheannuigh sé duithe ins na
briathraibh a chanadh siad ins an am sin, agus
bheannuigh sise dó ins na briathraibh chéadna.
D'fhiafraigh sé duithe i gcómhrádh chiuin an leigfeadh
sí dó néal a chodladh i n-a h-ucht. Dubhairt sí
go leigfeadh acht mur b'é go rabh eagla uirthi
go mairbhfeadh an fathach é.



"Má bhím-sa 'mo chodladh," ar seisean, "nuair
tchífeas tusa an fathach ag teacht beir an an t-sréin
agus craith é, agus musglóchaidh an srian mise."



Leag sé a cheann i n-a h-ucht agus thuit sé i
n-a chodladh agus ní fada a bhí an codladh ghá
dheánamh aige nuair a tchí sise an soitheach ag
teacht ar an fhairge.



Bheir sí ar an t-sréin, agus chraith sí é, agus
le méad an tormáin agus an torainn a rinne an
srian d'éirigh seisean suas. D'amharc sé uaidh
go fiata fíochasna. Tchí sé an long luchtmhar
lánmhar fá n-a culaidh tógtha uirthi, go bocóideach
go bacaideach go barr na gcrann díreach, cith
cubhair i n-íochtar aici, agus cith gainmhe i n-uachtar,
fathach na gcúig gceann na gcúig meall na gcúig
muinneal is na gcúig gcos i n-a shuidhe ag stiúradh.
Bhí sgaifte gabhar roimhe 'gus sgaifte gabhar i
n-a dhiaidh.



Bhí cailleach liath ar bharr a bhata leis, agus
bradan fíoruisge i mbarr-éill a bhróige. An
t-seanchailleach a bhí ar an bhata tharraing sé síos
í tharraing sé suas í, fríd an ghríosaigh fríd an


L. 5


ghruasaigh, fríd a fhiaclaibh fada fuara, agus
d'fhág sé thiar i ngreim sin í. Chuir sé a bhos faoi
dheireadh an t-soithigh agus a bhos faoi thoiseach
an t-soithigh agus d'fhág sé tirm tráighte suas
ar bharr na trágha í.



Dubhairt sé nach rabh aon neach fir nó mná ar
an domhan bhréanach a chuirfeadh amach í go gcuir-
feadh sé fhéin amach ar ais í.



Casadh é fhéin agus Donn Ó Dubhthaigh ar a
chéile ar lár na trágha.



"Do chat-mara agus do mharbhfáisg ort, a
Dhuinn Uí Dhubhthaigh ghránna, mac Gruagach an
Ghaiste, nach mór a fuair tú ó chroidhe theacht
a éileamh mo chirt fhéin orm-sa. Is mór liom de
ghreim thú is is beag liom de dhá ghreim tú, agus
níl 'fhios agam goidé is fheárr a dheánamh leat
mur gcaithfidh mé fríd spéir an aeir thú agus do
mhuineal a bhriseadh teacht anuas duit."



"Cha dteána ceachtar aca liomsa," arsa Don
Ó Dubhthaigh, "acht le h-aghaidh cóir agus ceart a
bhaint as do chionn salach meallanach thainic mise
annseo." "Cia'ca is fheárr leat," ars' an fathach,
"greimeannaí caola cruaidhe corraidheacht' nó
sgiana glasa i mbarr easna a chéile?"



"Is fearr liom greimeannaí caola cruaidhe
corraidheacht'," arsa Donn Ó Dubhthaigh, "is iad
a chleacht mé i mbaile bheag is i mbaile mhór, i
gcúirt m'athara agus mo mhathara fhéin, agus is
iad a bhéas agam anois, i n-áit a mbéidh mo
chrúibíní mion-uaisle ag éirighe suas ar do spágaibh
mór madardha mío-stuamachsa, a bheithidhigh."



An tráth bheir an bheirt ar a chéile rinne siad
bogán de'n chreagán, agus creagán de'n bhogán,


L. 6


toibreacha fíor-uisge i lár na gcloch glas: ní
rabh duine ó íochtar an domhain go dtí uachtar an
domhain nach ag géar agus ag iomus ar an dís a
thainic.



Nuair a chonnaic Donn Ó Dubhthaigh nach rabh
fear a leagtha nó a spreagtha nó a thruaighe le
fághail thóg sé a mheisneach i mbeannan a sgéithe.
Chuir sé, an chead fhásgadh, go dtí bhásta a bhrístí
ins an ghainimh é, an darna fásgadh go poll a dhá
easgall, agus an treas fasgadh go h-ubhall na
sgórnaighe é.



"Fód glas ós do chionn a bheithidhigh shalaigh,"
ar seisean.



"Fóil ort, a ghisgidhigh a bh'fheárr a chonnaic
mé ariamh, agus bhéaraidh mé duit duais níos
fheárr nó mo cheann."



"Goidé an duais a bhéaras tú damh?" arsa
Donn Ó Dubhthaigh.



"Bhéaraidh mé an chlaidheamh sholasta dhuit, nár
fhág ariam fuigheall buille agus bhéaradh solus
do'n domhan."



"Ní hí atá mé dá shanntughadh acht do cheann,"
arsa Donn Ó Dubhthaigh, ag tarraingt aníos as a
thruaill a lann ludarach líomhthar agus gá
aimsiughadh i gcomhrac a chinn 's a mhuinéil, steall
sé an ceann naoi n-eitrinn naoi n-iomaire de.
Thug an ceann iarraidh dul ar an cholainn le tréan
draoidheachta, agus chuaidh sé de léim eadar an
chionn 'sa' colainn go bhfuair an cholann bás.
Shuidh sé síos ag taoibh an chinn, agus mar shásamh
air tharraing sé aníos as a phóca sgin phinne agus
ghearr sé an teangaidh as an chionn agus chuir sé
síos i n-a phóca í. D'éirigh sé i n-a shuidhe agus


L. 7


shiubhail sé leis go socair go dteachaidh sé fhad
leis an chailin óg. Smaoi'tigh sí go gcuirfeadh
sí comhartha air go n-aithneóchadh sí é aríst.
Tharraing sí siosúr aníos as a póca, agus ghearr
sí lán an t-siosúir dá ghruaig ós cionn a chluaise
ar an taoibh dheis dá chinn. D'imthigh sé abhaile
annseir an t-seanbhean, agus nuair a fuair Mac
Ríogh faoi Thuinn ar siubhal é, bheir sé ar an chionn
agus tharraing sé leis é fhad le rígh Ghréag.
Dubhairt sé go rabh trian a inghíne bainte aige.
"Maith thú," ars' rí Ghréag, "má éirigheann an
an dá lá atá le theacht leat cómh maith leis an
lá indiu is leat mo inghéan gan bhuille gan urchar."



Bhí Donn Ó Dubhthaigh i ndiaidh dhul a luighe an
darna h-oidhche, agus nuair a bhí sé i stéis a dhul
a chodladh rinneadh an dá gháire ba mhó a chualaidh
sé ariamh.



"A rí dá ngéillim is a rí dá bhfóghn'im, goidé
an sgéal do na trí gháire aréir ann agus níl
anocht acht beirt?"



"Crádh ort, a dhuine, dhona ghránna, ná nach
bhfuil 'fhios agat gur mhar'aigh Mac Ríogh faoi
Thuinn fear aca indiu, agus nuair a mhair'feas
sé an bheirt eile an dá lá atá le theacht is leis
ingéan ríogh Ghréag gan bhuille gan urchar."



"Och, cóirigh fúm, cóirigh tharm, ní mé atá ag
dréim le inghín an ríogh."



Dá luath is ar éirigh an lá is luaithe nó sin a
d'éirigh Donn Ó Dubhthaigh. Nígh sé a éadan, chíor
sé a cheann, agus bhí a bhriocfasta réidh ag an
chailligh. Chuir sé an dhiallaid ar an bheithidheach,
agus chuaidh sé síos go bruach na trágha. Leig


L. 8


sé an beithidheach ar siubhal ar an fhéar, agus thug
sé an srian leis ina láimh.



Acht le sgéal fada a dheánamh goirid mhar'aigh
Donn Ó Dubhthaigh an dá fhathach eile ar an mhodh
chéadna is mhar'aigh sé an chead duine aca, agus
ghearr sé an teanga as gach duine aca, agus chuir
sé i n-a phóca iad mar an gcéadna.



Níl aon lá dár mhar'aigh sé fathach nár chuir
inghéan an ríogh comhartha airsean. An dara lá
ghearr sí píosa cruinn de'n éadach a bhí i línín
na casóige ar a thaoibh dheis. An tríomhadh lá
ghearr sí píosa cruinn de'n leathar as uachtar a
bhútaise ós cionn bhairr a' ladhair mhóir ar a chois
dheis. Sin na trí comharthaí a bhí aici ar an taoibh
amháin de.



Thigeadh Mac Ríogh faoi Thuinn gach aon lá is
bheireadh sé leis ceann an fhathaigh ar mhar'aigh
Donn Ó Dubhthaigh an lá sin, agus bheireadh sé
annseir rígh Ghréag iad, agus nuair a thug sé an
ceann deirionnach dubhairt sé go rabh a inghéan
bainte aige ar an uile cheart.



"Maith an fear thú," arsa rí Ghréag, "is leat
mo inghéan gan bhuille gan urchar.



Thug sé gairm bainise do'n ríoghacht go léir ó
aois na seacht mbliadhain go dtí an fear a bhí
críon liath leis an aois, agus do'n mhnaoi ar an
mhodh chéadna, le theacht 'un bainise a bhí le mairstin
naoi n-oidhche agus naoi lá. Bhí sé do ghnáthas
ins an am sin an bainis a dheánamh sul má bpós-
faidhe an lánamhain. Is nuair a bhí na naoi lá
agus na naoi n-oidhche caithte chuaidh gairm ar an
lánamhain 'un pósta. Nuair a thainic an bhrídeóg
i láthair chuir sí suas do'n ghrúm a phósadh. Chuir


L. 9


sí lámh síos i n-a póca agus tharraing sí uirthi
aníos an páipéar a rabh na trí comharthaí aici
ann. Bheir sí ar an dlaoi ghruaige agus dubhairt
sí nach bpósfadh sí aon fhear a choidhche acht an
fear a bhfóghnóchadh an dlaoi ghruaige sin ins an
bheárnaidh a bhí ós cionn a cluaise ar an taoibh
dheis dá chionn. Chuir sí síos a lámh ins an pháipéar
agus tharraing sí aníos an píosa éadaigh a ghearr
sí as línín a chasóige, agus dubhairt sí nach
bpósfadh sí aon fhear ariamh acht an fear a
bhfóghnóchadh an píosa éadaigh sin do'n pholl a bhí
ar línín a chasóige faoi n-a n-asgall dheas. Chuir
sí síos a lamh arís, agus tharraing sí aníos an
píosa cruinn leathair ar ghearr sí as uachtar a
bhútaise a bhí ar a chois dheis.



Labhair an t-athair agus dubhairt sé go rabh sí
doiligh a shásamh ina bhfear mur rabh fear ins an
ríoghacht a shásóchadh í.



Dubhairt an t-seanbhean go rabh gaisgidheach ins
an ríoghacht nach rabh aige go fóill.



"Crádh ort, a shean-bhean, cad chuige nár innis
tú sin damh i n-am?" arsa rí Ghréag. "Rachainn
fhéin le cuireadh annseir mar choimhightheach."



Chuir sé ceithre feara fichead de'n arm a b'airde
a bhí faoi le cuireadh chuige agus d'iarr sé ortha
a rádh gur bhain taisme mór dó nach bhfuair sé
eolas i n-am go rabh an gaisgidheach ann, acht iad
a leithsgéal a ghlacadh cómh maith agus b'fhéidir é.



Bhí Donn a Dubhthaigh i n-a shuidhe ag an teinidh,
i dteach na sean-mhná, go socair sámh, nuair a
thainic an ceannphort a bhí ar an ghárda isteach,
agus dubhairt sé gur éirigh taisme mór do'n rígh,


L. 10


acht go rabh dúil aca go nglacfadh sé leithsgéal
a ríogh.



"Och," arsa Donn Ó Dubhthaigh, "cá rabh cás
ar an rígh liomsa, acht rachaidh mé a amharc air
nuair a chuir sé cuireadh orm.



Chuaidh sé suas ar an chóiste, agus nuair a thainic
sé anuas de'n chóiste ag teach an ríogh chonnaic
gach uile dhuine an bheárnaidh as a ghruaig agus an
poll ar bharr a bhútaise.



Bheir inghéan an ríogh greim air, agus leag sí an
dlaoi ghruaige isteach ins an bheárnaidh.



"Athair, nach bhfóireann sin?" adeir sí.



Bheir sí ar an phíosa éadaigh agus leag ar an
pholl a bhí faoi n-a asgall ar a chasóig.



"Athair, nach bhfóireann sin?" adeir sí. Bheir
sí ar a chois dheis agus a' bhútais uirthi, agus chuir
sí a' chos agus a' bhútais suas ar a glúin, agus
leag sí an píosa leathair ar an pholl.



"Athair, nach bhfóireann sin?" ar sise.



"Fóiridh," ars' an t-athair.



Chuir siad amach fá choinne sagairt méise agus
cléireach uisge, agus pósadh an lánamhain. Agus
mar go rabh an bhainis thart sul a dtainic Donn
Ó Dubhthaigh, is nach bhfuair sé sásamh nó phéisiúr
aisti, thug rí Ghréag an cuireadh céadna do'n
ríoghacht go léir, naoi n-oidhche agus naoi lá eile.



Chaith Donn Ó Dubhthaigh méid áirighthe d'aimsir
i gcúirt an ríogh go dtí aon lá amháin. Smaoi'tigh
sé go rachadh sé síos fá'n tráigh go bhfeicfeadh
sé na trí soithigh bhí aige ó na trí fathaigh. Chuaidh
sé síos agus a bhean leis.



Goidé bhí acht dearthar ( = dearbhrathair) ag na
trí fathaigh seo ins an domhan thoir, ar b'ainm dó


L. 11


an Crochaire Tárnocht. Ní thainic aon fhear ar
an domhan ba mhó draoidheachta ná é, agus bhí
fionnadh fada air ó bhonn go bathais ar nós beithidhigh.
Thainic sé isteach ar an fhairge le preabadh na súl,
agus bheir sé greim ar inghín ríogh Ghréag, agus
thug leis í ina domhan thoir.



Nuair a chonnaic Donn Ó Dubhthaigh go rabh a
bhean ar siubhal leis an Chrochaire Thárnocht ina
domhan thoir chuaidh sé abhaile annseir rígh Ghréag
agus dubhairt nach gcodlóchadh sé dhá oidhche i
n-aon teach is nach n-íosadh sé dhá ghreim de aon
bhiadh go gcuirfeadh sé an Crochaire Tárnocht 'un
báis, sin nó go bhfágfaidhe é fhéin leis.



Sgaoil sé leis ins na sidhe siúmannaí, ins na
rith ruaimeannaí, ins na ruaimeannaí rith ruadh
reatha, go dtabhradh sé cnoc de léim agus gleann
de thuslóig, go rabh dubhantaí dubha na h-oidhche
ag druidim leis, dubhantaí geala an lae ag
druidim uaidh, an gearrán bán ag dul faoi
chapóig agus an chapóg ag imtheacht uaidh gur
casadh sgaoith gearrfhiadh leis ar thaoibh molaidh
shléibhe.



Chaith sé a bhata fríotha agus mhar'uigh sé ceann
aca, agus ní shásuigh sin é gur bheir sé ar an darna
ceann ar a rith. Tharraing sé air sponc, agus
rinne teine chreasa. Rinne sé teine mhór chumhra
chartha gan ró gan rudán gan smál gan smúideán
le fód mónadh agus dhá dhriseóig.



Tharraing sé air sgin phóca, agus d'fheann sé
ceann aca. Chuir sé ceathramha ar bhior de, agus
na trí cheathramhnacha eile ar an ghríosaigh.



Nuair a bhí sé bruithte rósta aige ina shásamh
thainic cú mór an domhain thoir annseir.




L. 12


"A Dhuinn Uí Dhubhthaigh," ars' an cú mór, "a
mhic ríogh in n-Éirinn, 'dtabharthá damhsa cúilín
chnáimhín, cuid ar leith as cuibhlint, nó greim ós
cionn an iomláin."



"A bheithidhigh ba deise a chonnaic mé ariamh,"
arsa Donn Ó Dubhthaigh, "níor bhain olcas nó
cruas-chroidhe damhsa, nach roinnfinn le éanlaith
an aeir agus le beithidhigh' an talaimh, agus go
h-áirighthe le duine dá dtigeadh sé trasna orm.
Sin trí ceathramhnacha a bhruith mé ar an ghríosaigh,
agus gearrfhiadh fuar nár leag mé aon lámh air,
agus nuair a bhéas an t-iomlán ithte agat bíodh
do bharr ar an pharoiste."



Luigh Donn Ó Dubhthaigh taobh do'n teinidh, agus
luigh an cú mór an taobh eile go bhfacaidh sé spéir
an lae ag teacht. D'éirigh sé i n-a shuidhe agus
chraith sé suas é fhéin le dul un siubhail an darna
lá.



"'gCluin tú mé a Dhuinn Uí Dhubhthaigh," ars'
an cú mór, "nídh ar bith a 'tchífeas tá ar a rith
ar an talamh, agus gur mhaith leat agat, sgáirt
ar chú mhór an domhain thoir, agus béidh mise agat."



D'imthigh Donn Ó Dubhthaigh leis, agus tharlaidh
na rudaí céadna dó gur casadh seabhac donn
dorcha an domhain thoir dó. D'iarr an seabhac
seo air dadaidh a bhfeicfeadh sé fríd spéir an
aeir agus gur mhaith leis aige, sgáirtigh ar sheabhac
dhonn dhorcha an domhain thoir agus go mbéadh
seisean aige.



D'imthigh sé an tríomadh lá agus thainic fríd
na rudaibh chéadna is thainic sé fríd an chead lá
nó go dtainic dobharchú glas-dhoimhin ó'n domhan
thoir annseir. Dubhairt an dobharchú glas-dhoimhin


L. 13


"rud ar bith a tchífeas tú dul fríd an uisge agus
gur mhaith leat agat é, sgáirt ar dhobharchú ghlas-
dhoimhin an domhain thoir, agus béidh mise agat."



Ní h-í sin a chómhairle go h-iomlán, acht ins an
mheadhon lae indiu tiocfaidh tú ar chladach mara
agus gheóbhaidh tú bád tarraingthe ar an chladach;
tá a toiseach leis an ált agus a deireadh leis an
fhairge. Tabhair thart í ar an chladach, sáith amach
í, agus bí cinnte a bheith istoigh innti nó ní bhfuighidh
tú greim uirthi a choidhche aríst. Ní facaidh tú ariamh
aon ártharach is mó bhéas faoil bhealach ná í go
bhfágfaidh sí istoigh i n-oileán thú a bhfuil an Crochaire
Tárnocht i n-a chómhnuidhe ann.



Tionntuigh thart agus tarraing suas í ar an
fhéar glas le heagla go mbéadh graithe agat
léithi arís: mur rabh is amhlaidh is measa.



Ins an mheadhon lae thainic sé ar an chladach,
agus fuair sé an bád mar adubhairt an dobharchú
glasdhoimhin.



Bheir sé greim ar an bhád agus thug sé thart í,
agus sháith sé amach ar an uisge í, agus bhí sé de
léim istoigh innti. Chuaidh an bád 'un siubhail,
agus ní fhacaidh aon fhear ar an t-saoghal ariamh
aon ártharach bhí faoi bhealach mar bhí sí, go dteachaidh
sí isteach ar an oileán a rabh an Crochaire Tárnocht
'na chómhnuidhe ann.



Nuair a chuaidh sé amach as an bhád thionntuigh
sé thart agus bheir sé greim tosaigh uirthi, agus
tharraing sé suas í ar an fhéar, agus chuir sé
béal a bháid fúithe, agus chuaidh sé ar aghaidh go
dteachaidh sé go cúirt an Chrochaire Thárnocht.



Nuair a chonnaic a bhean ag teacht isteach é
d'éirigh sí 'na seasamh, mhúch sí le pógaibh, bháidh


L. 14


sí le deóraibh agus thriomuigh sí le brata síoda
fíor-uaisle agus sróil é.



"Do chat-mara agus do mharbhfáisg ort, ní hé
do chuid chúinsisí tá mé iarraidh acht bhiadh, má
tá sé agat."



Ghléas sí a dhíneir, agus nuair a thug sí dó é
sheas sí ins an doras ar eagla go mbéaradh an
Crochaire Tárnocht go goirid air.



Bhí an Crochaire Tárnocht an uile lá agus thigeadh
sé thart ar an oileán ag deánamh sealg, agus
seo an t-ádhbhar a rabh sise ag coimhead.



D'amharc Donn Ó Dubhthaigh uaidh fríd an chúirt
agus fuair mé arm éigint, agus thóg sé leac mhór
a bhí i dteaghlach na teineadh, agus thochail sé a
áit fhéin síos fúithe. D'iarr sé ar inghin ríogh
Ghréag an leac a chur ar ais mar bhí sí go bhfeicfeadh
sí goidé mar 's bhí sí 'fóirstin. Chuir sí an leac
mar bhí sí, agus dubhairt sí nach n-aithneóchadh aon
fhear i n-Éirinn gur corruigheadh í ariamh. Ní
fada a bhí sin deánta aici nuair a chonnaic sí an
Crochaire Thárnocht ag teacht ná doruis amuigh.



"Fód, fód, féasóg, mothuighim boladh an
Éireannaigh bhréagaigh in mo chábán toighe."



"Tá boladh Éireannaigh agat an uile lá ó thug
tú mise leat, agus goidé an fáth le go bhfuil sé
ag cur iarghnó ort anois?"



"Och, má tá, ní chuirfidh sé iarghnó ar bith orm
níos mo."



Thug sí biadh dó, agus ní bhfuair sé leath a
sháithe. Thúsaigh sé ar an éanlaith a bhí marbh leis,


L. 15


agus d'ith sé a sháith aca le cluimhreacha agus uile
mar bhí siad. Bhí sé annsin sásta go bréagh, agus
nuair a fuair sí sásta é, d'fhiafraigh sí de cá rabh
an t-anam aige go gcuirfeadh sí fasgadh agus
dídion air.



Dubhairt sé go rabh an t-anam ins an sguaib
a rabh sí ag sguabadh an toighe leis. Níor labhair
sí níos mó go dtí maidin lá ar na bhárach gur
imthigh sé aríst a sheilg, agus gur thóg sí an leac,
agus gur leig sí aníos Donn Ó Dubhthaigh.



Thug sí do a bhriocfasta, agus bhuail sí ar an
sguaib, agus ó na seóidibh go dtí na péarlaí agus
go dtí na lásaí óir gur chóirigh sí an sguab i n-a
méin.



Chuir sí an sguab na suidhe i bhfuinneóig na
cistinighe, agus choimhead sí an doras go bhfaca
sí an Crochaire Tárnocht ag teacht.



Chuir sí Donn Ó Dubhthaigh, i bhfolach faoi'n leic
agus shuidh sí ar chaithir óir agus í ag gáiridhe le
pléisiúr cómh deas is bhí anam an Chrochaire Thárnocht
cóirighthe aici.



"A rí dá ngéillim agus a rí dá bhfóghn'aim,"
arsa Crochaire Tárnocht, tá tú ag éirighe amaideach;
ní ins an sguaib atá m'anam acht ins an tuairnín.



Bhain sí na seóide a bhí ar an sguaib duíthe,
agus níor labhair sí níos mó go dtí 'n lá ar na
bhárach, go dtí gur imthigh an Crochaire Tárnocht
a sheilg, agus gur leig sí aníos Donn Ó Dubhthaigh
as faoi an leic, agus go dtug sí dó a bhriocfasta.
Chuaidh sí fhad leis an tuairnín, agus má chóirigh
sí an sguab an lá roimhe sin go cinnte chóirigh sí
an tuairnín níos fheárr.



Nuair a chuir sí Donn Ó Dubhthaigh i bhfolach faoi


L. 16


'n leic, shuidh sí ar an chaithir ós cionn an tuairnín,
agus nuair a thainic an Crochaire Tárnocht isteach
labhair sé agus adubhairt sé ins an chanamhaint
chéadna, "A rí dá ngéillim is a rí dá bhfóghn'aim,
a bhean, tá tú ag éirighe amaideach an uair atá
tú cómh cúramach fá m'anam is tá tú, agus níl
fághail agat air a choidhche. Gabh tseo ( = annseo)
anuas 'un a' dorais. An bhfeiceann tú an crann
sin? Tá caora agus lacha istoigh innti ins an
chrann, agus tá ubh ag an lacha, agus a choidhche go
bhfághthar an ubh agus go mbuailtear í ar an bhall
d'odhrán atá faoi m'asgall deas níl cur 'un
báis orm. Seacht gcatha na Féinne is ní theánfadh
(siad) sin."



Nuair a d'éirigh an Crochaire Tárnocht lá ar na
bhárach, agus d'imthigh sé thart ar an oileán a
sheilg, leig Donn Ó Dubhthaigh dó go rabh sé ar a
chuid a b'faide de'n oileán ar siubhal. Bheir sé
ar thuaigh an Chrochaire Thárnocht agus chuir sé
faobhar uirthi, agus chuaidh sé amach annseir an
chrann, agus an chead bhuille de'n tuaigh bhuail se
ar an chrann chuir an crann béic as a chualaidh an
Crochaire Tárnocht. Níl aon bhuille dár bhuail
sé nach rabh an bhéicfeach ag méadughadh ar an
chrann go dtí gur siúd amach an chaora as an
chrann. Le méad is bhí sí faoi draoidheacht d'imthigh
sí cómh luath agus gur chuir sí iogantas ar Donn
Ó Dubhthaigh ins an dóigh nár smao'itigh sé go luath
ar chómhairle an chú. Nuair a chonnaic sé í cómhair
ar siubhal "Och chú mhóir an domhain thoir, cá bhfuil
tú anois?" ar seisean.



"Táim annseo, a bhodaigh, agus rinne tú feall
orm," ar sise.


L. 17


Má bhí an chaora luthmhar leis an draoidheacht
bhí an cú luthmhar ó nádúir.



D'imthigh an cú ar siubhal i ndiaidh na caorach
agus ní fada a bhí sí gur stróic sí 'na giotaíbh í.



Ach leis an sgéal fada a dheánamh goirid
d'éaluigh an lacha a bhí 'sa' chaoirigh gur mhar'uigh
seabhac donn dorcha an domhain thoir an lacha,
agus thuit an ubh san fhairge.



Ghlaoidh Donn Ó Dubhthaigh ar dhobharchú glas-
dhoimhin agus chuir an dobharchú a chionn roimhe
agus chuaidh sé amach 'san fhairge, agus chuaidh
sé síos go dtí'n gainimh, agus thainic sé isteach
agus an ubh leis i n-a bhéal, agus ins an am sin
bhí an Crochaire Tárnocht ag éirige i ndeas do
Dhonn Ó Dubhthaigh.



"A Dhuinn Uí Dubhthaigh fosgail do lámh dheas,"
ars' an dobharchú, "agus an greim a bhéaras mise
dhuit ná sgar leis ar aon scór go dtarnóchaidh
tú an buille ar an Chrochaire Thárnocht. Fan a
choidhche go dtógfaidh sé a lamh le breith ort, agus
fuigfidh sé fosgailte an uile sheórt faoi do
bhuille."



Nuair a chonnaic ingéan ríogh Ghréag é ag leigint
an Chrochaire Thárnocht ró-ndeas dó. "A Dhuinn
Uí Dhubhthaigh, tabhair damhsa an ubh go bhféachfaidh
mé fhéin léithi."



"Maise, ní fhaca mé ariamh," arsa Donn Ó
Dubhthaigh, "neart mo láimhe deise ins a láthair."



Thug an Crochaire Tárnocht iarraidh air, agus
nuair a thóg sé a lámh le breith air chaith Donn
Ó Dubhthaigh an ubh air, agus bhuail sé an ball
d'odhrán agus thuit an Crochaire Tárnocht marbh.
Nuair a bhí sé ag fágháil bháis dubhairt sé.


L. 18


"Mo bheannacht duit-se, agus mo mhallacht do
d'oide is do mhúinteóir."



Phill Donn Ó Dubhthaigh agus ingéan ríogh Ghréag
ar chúirt agus ar caisleán an Chrochaire Thárnocht,
go dtearna sgíste, agus nuair a bhí a sgíste
deánta aca chuaidh siad síos i n-áit a rabh an
bád, agus thionntuigh Donn Ó Dubhthaigh í aríst
mar ba chóir, agus sháith sé amach í ar an fhairge.



Phill sé ar chúirt an Chrochaire Thárnocht, agus
líon sé an bád lán d'ór agus d'ollmhaitheas an
Chrochaire Thárnocht.



Chuaidh Donn Ó Dubhthaigh agus ingéan ríogh
Ghréag, a bhean isteach ins an bhád, agus d'imthigh
an bád, agus sheól sí léithi nach dtearn sí stad
mara nó mór chómhnuidhe go dtainic sí isteach
faoi chúirt agus chaisleán ríogh Ghréag, ar an
tráigh chéadna a rabh na trí soithigh aige a bhí leis
na trí fathaigh.



Chuir sé amach last an bháid óir agus airgid
agus an uile sheórt oll-mhaithis dá rabh leis. Nuair
a chonnaic sí Ghréag ar ais é, agus an tríomhadh
gníomh deánta leis, le méad a' lúthghair is a bhí
air chuir sé sgéal amach fríd an ríoghacht uilig a
theacht annsin 'un bainise a mhairfeadh naoi n-oidhche
agus naoi lá.



I ndiaidh mo thrioblóide ní thug sé damhsa acht
bríste brúitín, stócaí bainne reamhair, agus
bróga páipéir. Sin deireadh mo sgéil-se.


L. 19


SGÉAL AN FHEARDHOMHAIN CHRUIM



Lá de na laethibh agus uair de na h-uairibh
ghannuigh an t-seilg ar Fhiannaibh na h-Éireann i
nGleann na Smól. Smaoi'tigh Fionn gur bhfeárr
dó tarraingt ar Ghleann Fada na Sealg. Nua
a chuaidh siad fhad le Loch Finne thainic an oidhche
ortha, agus thionntuigh siad síos ar thaoibh na láimhe
chlí, bealach Ghleann' Léichín.



Chonnaic siad solas, agus tharraing siad air.
Bhí bothóg deánta ins an t-sliabh, agus fear 'na
chómhnuidhe ann, ar bh'ainm dó Léichín. Bhí mac
agus ingéan aige. Feardhomhan a bhí ar an mhac
mar ainm, agus Finngheal ar an ingín.



Dubhairt Fionn go rabh ocras ortha, agus
d'fhiafraigh dó 'rabh fios aige dóigh ar bith a
dtiocfadh leobhtha suipear a fhághail.



Dubhairt Léichín nach rabh 'fhios aige, nach rabh
feóil ar bith istoigh, acht dá bhfeicfeadh sé breacadh
an lae go gcuirfeadh sé an gasúr leóbhtha go dtí
an áit a rabh tarbh mire, agus dá bhfuigheadh siad é
a thabhairt leóbhtha go dtabhrfadh sé a ndínear do
seacht gcatha na Féinne go h-uile. Dubhairt Fionn
go rabh sin go ró-mhaith.



Ar maidin, lá ar na bhárach, chuir Léichín an
gasúr leóbhtha go dtí Sliabh a' Tuilleadh le taobh
Shléibh' Sneachta. Chuaidh an gasúr leóbhtha, agus


L. 20


chuaidh sé suas i mullach carraige agus leig fead
glaic. Níor bhfada gur tharraing an tarbh ortha
agus leis an fhearg a bhí ar an tarbh bhris sé a dhá
adhairc i n-éadan na carraige.



Cé gur mhaith Goll ariamh 'sé an rud a chuaidh sé
is d'fholuigh sé é fhéin i gcúl na carraige. Nuair
a chonnaic a' Feardhomhan seo léim sé anuas ar
dhruim an tairbh le n-a thuagh agus leag sé é.
Nuair a fuair Goll an cuidigheadh thoisigh sé air
agus mhar'uigh siad é. D'fheann siad annsin é,
agus rinne siad ceithre ceathramhna dó.



"Anois," adeir an Feardhomhan, "cé a
iomchróchas iad seo?"



"Bhéaraidh mise ceathramha liom," arsa Goll.



"Bhéaraidh mise ceathramha liom," arsa Oscar.



"Bhéaraidh mise ceathramha liom," arsa Diarmaid.



"Maise," adeir an Feardhomhan, "bhéaraidh
mise ceathramha liom fhéin."



"'Bhfuil duine ar bith," adeir an Feardhomhan,
"ag tabhairt an chinn leis?"



Níor labhair fear ar bith. Bhí eagla ortha mar bhí
sé ró-throm. "Bhéaraidh mé fhéin liom é," ars
an Feardhomhan. Ar a theacht na bothóige daobhtha
bhí iongantas mór ar Fhionn fá'n dóigh ar iomchar
an Feardhomhan an ceann i gcuideachta na ceith-
reamhna. Ghléas siad teine annsin, agus rósadh
an fheóil, agus d'ith 'ach uile fhear a sháith.



Ar maidin lá ar na bhárach, "Is mairg," arsa
Fionn, "nach leigeann tú an gasúr liom, agus
tuarasdal ar bith a n-iarrfá orm bhéarainn duit
é."



"Ní thiocfadh liom sgar'aint leis," adeir a
athair, "ná níl a ghléas beó agam fhéin agus ag


L. 21


mo ingín acht é, ná bíonn sé i dtólamh 'seifte
dúinn."



"Bá mhaith liom," adeir Fionn, "dá leigfeá
liom é 'gcionn seacht mbliadhain agus bhéaraidh
mé gealltanas fíor duit go leigfidh mé ar ais é."
Ar an ghealltanas seo leig Léichín leis é. D'imthigh
Fionn agus a chuideachta, agus an Feardhomhan
leóbhtha.



Ar a cúl siar chuig Loch Muc daobhtha d'éirigh
muc agus ál banbhán romhpú, agus mharbh siad go
léir iad, acht earcán an bhalláin deiridh, agus
bhain Conán barr an rubaill duithe, agus léim
sí isteach i n-uaigh agus ní fhacaidh siad níos mó í.
Chuaidh siad siar annsin go Cruachán Chonnacht.
'S iomdhaidh cath agus sealg dá rabh ann ar
feadh na seacht mbliadhain. I ríth an ama sin
thaisbean an Feardhomhan é fhéin bheith na gaisgi-
dheach an-tréanmhar. B'é an ceathramhadh fear é
a b'feárr a bhí ins an Fhéinn.



B'iad sin Goll, Oscar, Diarmaid, agus an
Feardhomhan.



Nuair a bhí sé seacht mbliadhain ann dubhairt
sé go gcaithfeadh sé a chul na baile go bhfeicfeadh
sé a athair. "Ná deána thusa sin," arsa Fionn,
"fan agam-sa seacht mbliadhain eile, agus bhéaras
mé an tuarasdal céadna duit."



Ní rabh gar a bheith leis: chaithfeadh sé ghabhail na
bhaile go bhfeicfeadh sé a athair.



Nuair a chonnaic Fionn goidé mar bhí, dubhairt
sé leis, "Leigfidh mise na bhaile thú, acht bíodh
'fhios agat, agus ná gabh bealach na muice gearrtha."



Bhí buaidh ar an Feardhomhan rud ar bith a
chrosfaidhe air sin an rud a chaithfeadh sé a dheánamh.




L. 22


"Och, tá fhios agat anois go gcaithfidh mé a
chul," arsa an Feardhomhan. Bhí trí madaidh aige.



D'imthigh sé agus thug sé na madaidh leis, agus
d'fhág sé slán ag Fionn.



"Mo bheannacht leat," arsa Fionn.



Nuair a thainic sé fhad le Mullach na Muice
fuair sé nead na muice agus bhí na banbhain innti,
agus mharbh sé na rudaí óga uilig le n-a chlaidheamh,
agus d'imthigh sé leis ar a bhealach abhaile. Nuair
a thainic an t-sean-mhuc go dtí an nead fuair
sí na rudaí óga marbh, agus chuir sí a boladh,
agus fuair sí suas leis ag Sráth Ghlúinsigh, agus
leisg sgar'aint le iomlán na madaidh sgaoil ré
Ghúinseach léithi, agus mhar'uigh sí í sin. Fhad is
bhí an mhuc ag marbhadh an mhadaidh agus bhí seisean
i dtólamh breith as.



Nuair a fuair sé fhad leis a Ghraithimh thainic an
mhuc suas leis agus annsin sgaoil sé an Grafach
léithi agus bhí sé fhéin i dtólamh breith as.



Mhar'uigh sí an madadh sin, agus fuair sí suas
leissean ag Mín na Márach, agus annsin sgaoil
sé an Mhárach léithi, agus bhí sé fhéin ag breith as.



Mhar'uigh sí an madadh sin, agus fuair sí suas
leissean ag Loch Muc. Thoisigh an bheirt ag troid.
Leag an mhuc ar a dhá ghlúin é.



Nuair a d'éirigh sé ar ais chuir sé a mhéar i n-a
bhéal agus rinne sé fead.



"Siúd fead an Fheardhomhain," arsa Finngheal,
"má tá sé beo."



Bhí sí ag cíoradh a cinn, agus bhí a gruaig síos
léithi. Thug sí an rása sin le cuidigheadh le n-a
dreathar.



Nuair a chuaidh sí fhad le Loch Finne thug sí


L. 23


léithi trí chlocha 'na bráisgín, agus nuair a bhí sí
ar an taoibh thall do'n loch chualaidh sí an mac alla
a bhí ins na beannaibh is shaoil sí gurbh ar an taoibh
eile a bhí an troid, agus phill sí aríst.



D'aithin sí annsin nárbh é. Chuaidh sí anonn aríst
fríd an loch. Bhí sí ag snámh anonn is anall go
rabh sí masluighthe sáruighthe, agus chuaidh gruaig a
cinn faoi n-a dá chois agus báitheadh í.



Ar maidin, lá ar na bhárach, fuaras an Fear
dhomhan agus an mhuc marbh taobh le taoibh.
Mhar'uigh seisean an mhuc, agus mhar'uigh an mhuc é.


L. 24


BEAN AN FHIGHEADÓRA



Bhí sin ann i bhfad ó shoin. Bhí lánamhain ann,
agus bhí an fear 'na fhigheadóir. Thainic am bhaint
na mónadh, agus fuair an fear cúpla fear eile
le cuidiughadh leis an mhóin a bhaint. D'iarr sé
ar a bhean a' dínear a bheith réidh ag teacht dóbhtha.
Nuair a fuair an bhean a fear amuigh thúsaigh sí
'fhigheadóireacht ar an t-seól, agus bhris sí é.
Dubhairt sí léithi fhéin nach rabh dadaidh le n-a
innsigh uirthi acht an gamhain óg a bhí istoigh. Mhar'uigh
sí an gamhain agus tharraing sí na diaidh amach ar
an doras é, agus chaith sí ar an t-sráid é.



Ag teacht abhaile do'n fhear bhí eagla uirthi,
is d'innis sí fhéin gur mhar'uigh sí an gamhain, agus
gur bhris sí an seól.



Dubhairt an fear annsin go n-imtheóchadh sé,
agus go mbeádh sé ag siubhal go dtí an oidhche,
gu bhfeicfeadh sé 'bhfuigheadh sé bean ar bith cómh
amaideach léithi. D'imthigh sé leis, agus thainic
sé go dtí teach, is chonnaic sé beirt bhan, agus
greim ag bean aca ar chóirneal de'n teach, agus
greim ag an bhean eile ar an chóirneal eile.



D'fhiafraigh sé dóbhtha goidé bhí siad a dheánamh.
Dubhairt siad-san go rabh siad ag iarraidh bheith
tionntughadh an toighe, an áit a rabh an ghaoith leis
an doras. Bhí dhá dhoras ar an teach. Dubhairt
seisean leóbhtha nár bhfeárr dóbhtha an doras a
rabh an ghaoith leis a dhruid, agus an doras eile


L. 25


a fhosgladh. Dubairt siad-san annsin nár
chuimhnigh siad ariamh ar sin.



Dubhairt an fear annsin go mbéadh sé ag
siubhal go dtí an oidhche go bhfeicfeadh sé' bhfuigheadh
sé beirt ar bith cómh h-amaideach leobhtha. Thainic
sé go dtí teach eile, agus bhí beirt bhan ag an teach
seo, agus greim ag bean aca ar adhairc bó, agus
greim ag an bhean eile ar a ruball.



D'fhiafraigh sé dóbhtha goidé bhí siad a dheánamh.



Dubhairt siad-san go rabh siad ag iarraidh bheith
a' cathadh (caitheamh) na bó suas ar an teach, an
áit a rabh féar ag fás ar mhullach an toighe.
D'fhiafraigh an fear dóbhtha 'rabh corrán aca.
Dubhairt siad-san go rabh. Fuair sé an corrán,
agus chuaidh sé suas agus ghearr sé an féar dóbhtha,
agus thug siad do'n bhó é.



Dubhairt sé annsin go mbéadh sé ag siubhal go
dtí an oidhche go bhfeicfeadh sé 'bhfuigheadh sé bean
ar bith cómh h-amaideach leóbhtha. D'imthigh sé leis
agus casadh bean dó agus an-ualach léithe ar a
druim.



D'fhiafraigh sé di cá rabh sí 'gabhail. Dubhairt
sí go rabh sí ag gabhail na bhflaithis, an áit a bhfuair
a fear bás tá bliadhain ó shoin, agus go rabh sí
ag smaoi'tiughadh go rabh a chuid éadaigh uilig
caithte. Dubhairt an fear annsin gur eisean
Naomh Peadar, agus go rabh sé ag teacht anois fá
choinne an éadaigh, agus má bhí airgead ar bith
aici fósta go raibh cuid de a dhith air. D'imthigh
an bheirt aca leóbhtha un a toighe annsin, agus
thug an bhean an méid airgid a bhí fá'n teach dó.



Annsin d'imthigh sé na bhaile, agus bhí 'fhios aige
go rabh neart ban cómh h-amaideach le n-a bhean
fhéin.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services