Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ceol na nÉan agus Sgéalta Eile
Title
Ceol na nÉan agus Sgéalta Eile
Author(s)
In eagar ag Séamus Ó Searcaigh,
Compiler/Editor
Ó Searcaigh, Séamus
Composition Date
1919
Publisher
Dundalgan Press
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SEÁN AGUS NIGHEAN AN RÍOGH Bhí fear ann uair amháin agus bhí trí ba aige; agus dubhairt sé le n-a mhac, Seán, lá, "Tabhair leat ceann de na ba sin 'un aonaigh i mbárach agus díol í. Tá an cíos ag teacht orainn fa chionn seacht- mhaine." Thug Seán an bhó leis 'un aonaigh. Ar a bhealach casadh air sean-fhear beag críon liath. "Is fearr duid an bhó sin a thabhairt damh-sa," arsa'n sean-fhear, "agus bheirfidh mé bata duid atá agam annseo. Is cuma cá mhéad duine a chasfar ar an bhata, tá sé ábalta (ar) iad a bhuaileadh uilig. Béidh sé fíor-úsáideach agat go fóill." Thug sé dó an bhó ar an bhata agus phill 'un a' bhaile chuig n-a athair. "Ar dhíol tú an bhó?" arsa'n t-athair leis. "Maise, char dhíol," adeir sé. "Casadh sean-fhear beag críon liath orm agus rinn' mé malairt leis - an bhó ar an bhata (seo)" "Ó," arsa'n t-athair, "cuirfidh mé ar shiubhal ó mo theach ar fad thú." D'iarr Seán ar an bhata ghabháil i gcionn gnaithe agus iad uilig a bhuaileadh isteach i gcoirneál amháin. Rinn' an bata sin. "Tá bó eile annsin," arsa'n t-athair; "tabhair leat 'un aonaigh í agus díol í; agus bí siúráilte an cíos a bheith 'un a' bhaile leat, ná
cuirfidh an tighearna amach sinn mura ndíolamuid an cíos." B'fhíor é; lá ar n-a bhárach thug Seán an dara bó leis 'un aonaigh. Cha dteachaidh sé i bhfad nuair a casadh an fear beag críon air. "Is fearr duid an bhó sin a thabhairt damh- sa," ar seisean. "Tá bocsa agam annseo agus bheirfidh mé dhuid an bocsa ar an bhó. Tá luchóg agus cearnamán san bhocsa agam. Béidh siad fíor-úráideach agat go fóill." Thug sé dó an bhó ar an bhocsa agus phill 'un a' bhaile chuig n-a athair. "Ar dhíol tú an bhó?" adeir an t-athair leis. "Maise, char dhíol," arsa Seán. "Casadh an sean-fhear beag orm indiu aríst agus thug mé an bhó dó ar an bhocsa seo." "Cha bhíonn tú fa mo theach níos fuide," arsa'n t-athair: "tá mé sgriosta agat." D'iarr Seán ar an bhata ghabháil i gcionn gnaithe; agus bhuail an bata iad uilig isteach i gcoirneál amháin. "Níl agam ach bó amháin anois," arsa'n t-athair; "tabhar leat 'un aonaigh í agus díol í; is ná tabhair í don tsean-fhear bheag liath. Bí siúráilte agus tabhair 'un aonaigh í, agus bíodh a luach 'un a' bhaile leat - cha ngeobhmuid spás níos fuide sa chíos. Cuirfear amach sinn mura ndíolamuid an cíos gan mhoill." B'fhíor é; thug Seán leis an tríomhadh bó le ghabháil 'un aonaigh. Cha dteachaidh sé i bhfad gur casadh an sean-fhear beag liath dó. "Is fearr duid an bhó sin a thabhairt damh- sa," ar seisean. "Tá bocsa eile
agam annseo agus bheirfidh mé dhuid é. Béidh sé 'na bhocsa fhíor-úsáideach agat go fóill. Tá fideal ann a dtig léithe gach a'n chineál port a bhuaileadh; agus tá tábla bídh agus dighe ann. Níl a'n am 'á bhfasglóchar an bocsa nach dtiocfaidh an tábla amach; agus is cuma cá mhéad duine shuidhfeas síos ag an tábla, gheobhaidh siad uilig a sáith le hithe agus le hól." Thug sé dó an bhó ar an bhocsa agus phill 'un 'a bhaile chuig n-a athair. "Ar dhíol tú an bhó indiu?" arsa'n t-athair. "Maise, char dhíol mé an bhó indiu," arsa Seán. "Casadh an sean-fhear críon liath orm agus thug mé an bhó dó ar an bhocsa (seo)." "Maise," adeir an t-athair, "cuirfear amach uilig sinn anois." "B'fhéidir nach gcuirfidhe," arsa Seán. "Seo bocsa thug an sean-fhear damh-sa ar an bhó agus tá tábla ann; agus is cuma cá huair a fhosglóchar an bocsa, thig an tábla amach, agus is cuma cá mhéad duine shuidhfeas aige, béidh a sáith bídh agus dighe le fagháil acu uilig." D'fhosgail an mac an bocsa, thionn- tuigh an tábla amach, shuidh an teaghlach thart fa'n tábla, agus d'ith agus d'ól a sáith. Bhí rí 'na chomhnuidhe san áit chéadna seo agus cha rabh aige ach aon nighean amháin, agus chuir an rí fuagradh amach go bhfuigheadh fear ar bith í a bhéadh ábalta (ar) trí gháire a bhaint aisti. Dubhairt Seán le n-a athair go rachadh seisean. "Níl mórán maith duid- se ghabháil a dh'amharc ar nighin ríogh,"
arsa'n t-athair; "tógadh ró-bhocht thú le nighin ríogh a fhagháil le pósadh." "Is cuma liom," arsa Seán, "rachaidh mé a dh'amharc uirthi ar sgor ar bith." Chuaidh sé agus thug leis a bhata agus a bhocsa. Shiubhail leis go dteachaidh sé a fhad le caisleán an ríogh. Casadh an rí air nuair a bhí sé ag gabháil ar aghaidh 'un toighe. D'fhiaf- ruigh sé de goidé a bhí a dhíth air. "Do nighean má bhím ábalta (ar) trí gháire a bhaint aisti." Chuaidh sé isteach. Bhí nighean an ríogh thuas an staighre. D'iarr an rí uirthi theacht anuas. Thainic sí a fhad le cionn an staighre agus d'amharc sí síos. D'fhosgail Seán an bocsa a rabh an fhideal agus an tábla ann. Annsin d'fhosgail sé an bocsa a rabh an luchóg agus an cearnamán ann. Thoisigh an luchóg agus an cearnamán a dhamhsa ar an tábla. Rinn' nighean an ríogh gáire. "Tá gáire amháin agam as do nighin," arsa Seán. "Tá," arsa'n rí. Thoisigh an fhideal a phortaidheacht aríst, agus thoisigh an luchóg agus an cearnamán a dhamhsa. Rinn' nighean an ríogh gáire eile. "Sin dhá gháire (agam as do nighin)," arsa Seán. "'Seadh," arsa'n rí. Thoisigh an fhideal a phortaidheacht aríst, agus thoisigh an luchóg agus an cearnamán a dhamhsa. Rinn' nighean an ríogh an tríomh- adh gáire. "Tá an tríomhadh gáire agam as do nighin," arsa Seán. "Tá,"
arsa'n rí, "agus gheobhaidh tú mo nighean le pósadh." Chruinnigh siad banais mhór agus pósadh iad. An tríomhadh lá i ndiaidh a bpósta d'fhiafruigh nighean an ríogh de n-a fear an bhfaca sé an áit a rabh leomhain a hathara. Dubhairt seisean nach bhfaca. "Is fearr duid theacht liom-sa," ar sise, "go dteisbeán- óchaidh mé iad duid." Chuaidh sé léithe agus d'fhosgail sí an geabhta. D'amharc seisean isteach ar na leomhain. "Seasuigh isteach giota eile," ar sise, "chan fheiceann tú baoghal ortha go fóill." Sheasuigh sé isteach giota eile. Chuir sí a dhá láimh leis, chaith isteach imeasg na leomhan é, agus dhruid an geabhta. D'iarr Seán ar an bhata ghabháil i gcionn gnaithe gur ghread sé na leomhain isteach i gcoirneál amháin. D'fhosgail sé an bocsa ina rabh an fhideal agus an tábla agus d'ith agus d'ól a sháith. Bhí sé beo istoigh imeasg na leomhan trí lá. Smaointigh sise go rachadh sí a dh'amharc air; agus chuaidh. Nuair a d'fhosgail sí an geabhta, bhí Seán 'na shuidhe istoigh ag gabháil cheoil. Smaointigh sí go rabh fuil uasal ann nuair nár mharbh na leomhain é. D'fhosgail sí an geabhta dó agus thainic sé amach. Fuair sé bheith 'na rígh. Tamall gearr ina dhiaidh sin thug sé leis a athair agus a mháthair agus an chuid eile den teaghlach, agus chaith siad beatha dheas phléisiúrdha 'na dhiaidh sin.
MAC AN GHABHA Bhí an gabha pósta agus fuair a bean bás bliadhain i ndiaidh mac óg a bheith aici. Nuair a bhí an mac ábalta (ar) siubhal 'un na sgoile, chuir a athair 'un na sgoile é agus choinnigh ar an sgoil é go rabh sé dhá bhliadhain déag d'aois. Thainic sé isteach lá amháin i ndiaidh am sgoile. Nuair a rinn' sé a dhinneár, chuaidh sé amach 'un na ceardcha, an áit a rabh a athair ag obair. Shuidh sé síos ar chladach na teineadh. Bhí sioc agus sneachta an domhain ann, agus thainic éan beag isteach ar an urlár. Thoisigh an t-éan a ghabháil cheoil - is bhí oiread foghluma ag mac an ghabha is go dtuigfeadh sé goidé bhéadh na héanacha a rádh. "Goidé tá an t-éan beag sin a rádh?" arsa'n t-athair le n-a mhac. "Chan fhoghnann sé damh-sa sin a innse duid," arsa'n mac. "Mura n-innse tú damh goidé tá an t-éan beag sin a rádh," arsa'n t-athair, "cuirfidh mé ar shiubhal i mbéal do chinn thú." "Maise," arsa'n mac leis an athair, "má's mar sin atá, innseo- chaidh mé duid; deir an t-éan beag sin go dtiocfaidh mise i n-oiread saidhbhris go fóill is go rachaidh mé a nighe m'aghaidhe is mo lámh thuas a chois na teineadh, is go rachaidh tusa síos 'un tseomra fa choinne éadach
lámh damh le m'aghaidh is mo lámha a thriomú, is (go b-) pillfidh tú aníos as an tseomra ar do ghlúinibh tárnochta is (go) sínfidh tú an t-éadach chugam-sa le m'aghaidh is mo lámha a thriomú." "Má's mar sin atá," arsa'n t-athair leis an mhac, "tá tú fada go leor agam-sa," ag fagháil greime ar an mhac is a thabhairt leis 'un na fairrge gur chaith amach é. Bhí an chuid a b'fhearr den tsnámh ag an mhac, agus shnámh sé amach chuig oileán beag a bhí san fhairrge. Bhí sé amuigh ar an oileán annsin, is thainic long as Sasain isteach. Bhí caiphtín na luinge ag siubhal thart ar bord agus gloine aige ag amharc fa dtaobh de. 'Tchí sé an gasúr beag seo ar an oileán gan aonduine aige ach é fhéin. D'orduigh sé do na seoltóiribh bád a leagan agus ghabháil chuig an oileán ar a rabh an gasúr agus é a thabhairt ar bord chuige-san. Leag na seoltóirí an bád agus chuaidh chuig an oileán a rabh an gasúr air. Thóg siad an gasúr leobhtha sa bhád agus d'fhág siad é ar bord ag an chaiphtín. Ar maidin lá ar n-a bhárach sheol an caiphtín leis go dteachaidh sé go Sasain. Nuair a chuaidh sé a fhad le talamh Shasana, ar seisean leis an ghasúr: "Is fearr duid-se ghabháil i dtír anois." Shiubhail an gasúr leis. Chonnaic sé ceathrar fear ag siubhal roimhe ar an bhealach mhór, agus cá rabh an ceathrar fear ag gabháil ach 'un na ceardcha. Shiubhail sé leobhtha go
dteachaidh siad a fhad leis an cheardcha. Chuaidh sé isteach is shuidh síos a chois na teineadh, an áit a rabh an gabha ag obair. Nuair a bhí an gabha réidh le n-a chuid oibre tráthnóna, d'fhiafruigh sé den ghasúr goidé a bhí a dhíoghbháil air-san. "Maise, níl a dhath a dhíoghbháil orm-sa," arsa'n gasúr, "ach lóistín uait-se go maidin," ag toiseacht is 'gha innse dó gur mac bocht gabha a bhí ann as Éirinn, is goidé rinn' a athair leis. "Má's mar sin atá," adeir an gabha, "coinneochaidh mise thú. Béidh tú a dhíoghbháil orm le timthireacht bheag a dheanamh damh. Níl aonduine agam ach mé fhéin is mo bhean." Bhí sé ag an ghabha annsin go cionn thrí mbliadhan. Thainic bliadhain mhór leath-truim i nÉirinn - droch-bharr agus gann- tanas bídh. D'fhág na préacháin uile- go-léir Éire agus d'imthigh siad go Sasain ach coileach is cearc. Thug an chearc amach éilbhín, is fuair an t-éilbhín uile-go-léir bás ach ceann amháin. D'fhág an chearc an t-éan sin is d'imthigh sí go Sasain, an áit a rabh an fhairsingeacht. D'fhan an coileach gur thóg sé an t-éan. Thainic bliadhain mhaith i nÉirinn an darna bliadhain, le fairsingeacht bídh, is thainic na préacháin uilig ar ais go hÉirinn. Thoisigh an coileach is an chearc a throid fa'n éan, fa chéacu acu b'fhearr ceart air. D'fhág siad sa deireadh ag rígh na Sasana le socrú é - céacu an coileach nó an chearc
b'fhearr ceart ar an éan. Cha dtiocfadh le rígh na Sasana ghabháil amach lá ar bith 'na diaidh sin nach rabh na préacháin uilig cruinnighthe fa dtaobh de. "Níl a fhios agam," arsa'n rí, "goidé an réasún an bhfuil na préacháin uilig cruinn fa dtaobh díom-sa, nuair a théighim amach, ach oiread le fear ar bith eile sa ríoghacht." Cha rabh ag an rígh ach aon nighean amháin, is chuir sé ar na peáipeáir go dtabhairfeadh sé a nighean agus a chuid oighridheachta, óna lá fhéin amach, do bhuachaill ar bith a dtiocfadh leis a innse dó goidé ba chiall do na préacháin bheith cruinn fa dtaobh dó-san ach oiread le fear ar bith eile sa ríoghacht. Bhí an gabha a rabh an gasúr aige ag fagháil na bpeáipeár, agus ar seisean leis an ghasúr: "An dtiocfadh leat-sa an réasún a innse?" "Thiocfadh liom," arsa'n gasúr. "Má thig," arsa'n gabha, "rachaidh mise agus tusa go caisleán an ríogh i mbárach." "Níl maith damh-sa ghabháil," arsa'n gasúr, "oir tógadh ró-bhocht mé." "Cha dean sin a dhath de dhuithbhir," arsa'n gabha. "Gheobhaidh mise culaidh éadaigh duid comh maith is bhéas ag an chruinniú i mbárach, is beathadhach." Shiubhail siad leobhtha go dteachaidh siad a fhad le caisleán an ríogh. Bhí oiread daoine annsin cruinn is gach aonduine ag innse a sgéil fhéin; ach cha rabh na préacháin ag fágháil an ríogh le n-a linn. Fa dheireadh labhair
an gabha amach is dubhairt go rabh gasúr aige-san annseo a dtiocfadh leis a innse goidé ba chiall dóbhtha bheith cruinn fa dtaobh de. D'iarr an rí ar an ghasúr theacht ag aghaidh chuige-san; is nuair a chuaidh sé i láthair an ríogh, arsa'n rí leis; "An dtig leat a innse goidé an réasún an bhfuil na préacháin cruinn fa dtaobh díom-sa ach oiread le fear ar bith eile sa ríoghacht?" "Thig liom" arsa'n gasúr. "Bhí bliadhain mhór leath-truim i nÉirinn is droch- bharr is an biadh gann, is d'fhág na préacháin uilig Éire is thainic siad go Sasain, an áit a rabh an biadh fairsing." "Thainic," arsa'n rí. "D'fhan coileach agus cearc i nÉirinn," arsa'n gasúr, "is thug an chearc amach éilbhín; is nuair a thainic an t-éilbhín amach, fuair na héanacha uilig bás ach aon cheann amháin. D'fhág an chearc an t-éan is thainic go Sasain, an áit a rabh an fhairsingeacht, is d'fhan an coileach gur thóg sé an t-éan. Bhí bliadhain mhaith i nÉirinn annsin an darna bliadhain, is chuaidh na préacháin uilig 'un a' bhaile go hÉirinn, is thoisigh an coileach agus an chearc a throid fa'n éan, fa chéacu ach b'fhearr ceart air, is d'fhág siad agat-sa an chúis le socrú." "An dtug an chearc amach an t- éilbhin?" arsa'n rí. "Thug," arsa'n gasúr; "ach d'fhág sí é annsin is d'imthigh sí go Sasain, is murab é an coileach, gheobhadh an t-éan bás, agus is é is fearr ceart air anois." Le sin d'éirigh na préacháin uilig is d'fhág siad an rí is cha rabh aon cheann
le feiceáil fa dtaobh de níos mó. "Anois," arsa'n rí, "tá mise ag tabhairt mo nighne don ghasúr le pósadh is mo chuid saidhbhris ó mo lá fhéin amach." Pósadh an gasúr agus nighean an ríogh. Chuir an rí an gasúr chuig sgoil mhúinte go cionn bliadhna; is bhí nighean ríogh eile ag an sgoil mhúinte seo is thuit sí i ngrádh leis is cha deanfadh rud ar bith cúis dí ach go bpósfadh sí é. Dubhairt an gasúr nach bpósfadh sé í, oir go rabh sé pósta ar nighin ríogh mar bhí sé. Bhí fáinne ar nighin an ríogh a bhí ar an sgoil is bhris sí ina dhá chuid é. "Anois," ar sise, "bheirfidh mé a leath duid-se is coinneochaidh mé fhéin an leath eile, is má thig a dhath ar cearr ort a choidhche, thig leat theacht a fhad le caisleán m'athara agus leath an fháinne a theisbeáint damh-sa." Dubhairt sí focal cainte leis annsin is d'iarr sí air an focal sin a rádh nuair a thiocfadh sé a fhad léithe ar eagla nach n-aithneochadh sí é. Chuaidh sé 'un a' bhaile annsin chuig a bhean fhéin, is bhí sé aici trí bliadhna nuair a fuair sí amach gur mac gabha bhoicht as Éirinn é. Ghlac sí fuath mór dó, is thug sí deoch dó aon oidhche amháin is bhris a chroiceann uile-go-léir amach is cha deanfadh a dhath cúis do n-a mhnaoi ach go ndíbreochadh sí ar shiubhal ón teach ar fad é. D'imthigh sé leis ó áit go háit. Cha rabh aonduine sásta (ar) a choinneáil i rith bliadhna.
Smaointigh sé go dtarraingeochadh sé ar nighin an ríogh a rabh sé ar an sgoil mhúinte ina cuideachta. Nuair thainic sé a fhad le geabhta chaisleán an ríogh, cha leigfeadh an fear a bhí ag coimheád an gheabhta isteach é. Chuir mac an ghabha ceist air annsin fa nighin an ríogh, is dubhairt fear an gheabhta go rabh sí pósta le dhá bhliadhain agus go rabh mac amháin aici bliadhain d'aois. Dubhairt mac an ghabha gur mhaith leis í a fheiceáil. Chuaidh teachtaire chuig nighin an ríogh is thainic sí 'un an gheabhta, is shín seisean leath an fháinne chuici a thug sí dó nuair a bhí siad ar an sgoil mhúinte le chéile. Dubhairt sí nárbh' é a bhí ann ar chor ar bith. Dubhairt seisean annsin an focal cainte adubhairt sí leis nuair a bhí siad ag sgaradh ó chéile, is chreid sí é. Thug sí isteach é agus d'fhág in i seomra leis fhéin é. Cha rabh a'n doctúir maith sa tír nach dtug sí a dh'amharc air, is cha dtiocfadh le haonduine acu a dhath a mhaith a dheanamh dó. Bhí féasta mór sa chaisleán aon oidhche amháin, (as) siocair gur lá beirthe an mhic a bhí ann, is bhí na huaisle uile-go-léir cruinn acu. Chuaidh máthair an pháiste (.i. nighean an ríogh) isteach 'un tseomra, an áit a rabh mac an ghabha 'na luighe ag éagcaoin. "An bhfuil fhios agat," ar sise leis, "rud ar bith ar an domhan a gheanfadh a dhath a mhaith duid? Má tá a fhios, gheobhaidh mise duid é." "Chan fhuil a fhios agam a dhath," ar seisean, "ach aon rud amháin,
is má gheibhim sin, fuigfidh sé slán folláin mé - sin fuil de mhic-sa le cumailt orm." Chuaidh sí isteach 'un tseomra, an áit a rabh a mac fhéin 'na luighe, is tharraing a chuid fola is chumail sí ar mhac an ghabha é is d'éirigh sé suas comh slán folláin is bhí sé ariamh. Nuair a bhí mac an ghabha leigheasta, chaith sé dhá mhí eile sa chaisleán. Lá amháin, i gcionn an ama sin, chuaidh nighean an ríogh 'un cainte leis, agus ar sise: "Is fearr dhuid ghabháil 'un a' bhaile anois chuig do bhean go Sasain is rachaidh mise agus m'fhear leat." D'imthigh siad leobhtha; is nuair a chonnaic bean mhic an ghabha ag teacht iad, chuaidh sí amach is chuir fáilte mhór rompa, mar bhí lúthgháir an domhain uirthi go rabh a fear slán folláin ar ais. Tamall ins dhiaidh sin, dubhairt sí leis: "Is fearr dhuid ghabháil 'un a' bhaile go hÉirinn is rachaidh mise leat le d'athair a thabhairt linn annseo, mar tá sé beo bocht i nÉirinn agus tá ar sáith againne le tabhairt dó." Thainic siad go nÉirinn fa choinne an athara. An tráthnóna sin bhí an gabha dubh 'na sheasamh amuigh ag an doras is chonnaic sé cóiste ag teacht agus dhá bheathadhach bhána ann. Thiomáin siad leobhtha go dtainic siad 'un na sráide chuig an ghabha dubh, is d'iarr an mac lóistín air go maidin. Thug sé loistín dóbhtha. Ar maidin lá ar n-a bhárach d'éirigh an gabha dubh go luath; is nuair a
d'éirigh an mac, d'fhág an t-athair an sgála uisge aige ar chladach na teineadh le n-a aghaidh agus a lámha a nighe. Annsin chuaidh sé síos 'un tseomra fa choinne éadach lámh go dtriomóchadh an mac a aghaidh is a lámha leis. Nuair a bhí sé thíos, chuaidh sé ar a dhá ghlúin thárnochta is shiubhail aníos mar sin gur shín sé an t-éadach lámh chuig a mhac. "Anois," arsa'n mac leis, "an bhfuil cuimhne agat goidé bhí an t-éan beag a rádh an lá bhí sé ag gabháil cheoil ar urlár na ceardcha?" "Is cuimhneach liom," arsa'n t-athair. "An tusa mo mhac?" "Is mé," arsa'n mac. Thug sé leis an t-athair annsin go Sasain, go caisleán an ríogh, is bhí a sáith uilig acu.
MAC AGUS NIGHEAN AN RÍOGH. Bhí sin ann i bhfad ó shoin, agus is i bhfad ó shoin é. Bhí rí ann agus chruinnigh sé cibé saidhbhreas a bhí san ríoghacht chuige fhéin. Bhí fear aige, darb' ainm an Sean-Dall, le comhairle a thabhairt air. Bhí triúr mac agus triúr nigheanach aige. Bhí sé baramhlach go rabh siad sean go leor le pósadh. Sgairt sé isteach ar an tSean- Dall le comhairle a thabairt dó .i. goidé b'fhearr dó a dheanamh le n-a thriúr mac agus le n-a thriúr nigheanach. Dubhairt an Sean-Dall leis: "Níl aonduine san ríoghacht saidhbhir go leor le do chlann nighean nó do chlann mhac a phósadh, agus chan fheicim bealach is fearr 'ná iad fhéin a phósadh ar a chéile, agus coinneochaidh sin an saidhbhreas agat fhéin." Sagairt an rí ar an mhac agus ar an nighin a ba sine - agus pósadh iad. Annsin sgairt sé ar an dara mac agus ar an dara nighin, agus pósadh iad-san. Sgairt sé annsin ar an mhac a b'óige agus ar an nighin a b'óige; ach cha dtabhairfeadh an mac óg isteach don rígh, agus díbreadh é fhéin agus a dheirbhshiúr. D'fhág siad caisleán a n-athara agus shiubhail seo go dtainic an oidhche ortha, gus shuidh siad síos ar chloich ag taoibh coilleadh.
Thoisigh sé a chur fhearthanna, agus d'éirigh sé an-dorcha. Thoisigh an deirbhshiúr a ghul nuair nár ghlac siad comhairle. D'amharc an dearthair fa dtaobh de agus chonnaic sé solus. "'Tchím solus," ar seisean, "agus is fearr dúinn éirghe agus tarraingt air." B'fhíor é; d'éirigh siad agus shiubhail leobhtha go dtainic go teach an tsoluis. Bhuail siad ag an doras, agus cá háit a rabh siad ach ag caisleán ríogh. D'éirigh an rí agus leig sé isteach iad agus thug a suipeár dóbhtha - an biadh agus an deoch a b'fhearr a bhí sa chaisleán. Deir an sean-rí leis an rígh óg: "Is cosamhail gur tógadh go maith thú in do shaoghal." "Maise, tógadh go han-mhaith mé," adeir sé; agus d'innis sé dó gur mac ríogh é, agus gur chuir a athair ar shiubal é nuair nach bpósfadh sé a dheirbhshiúr. "Tá go maith," arsa'n sean-rí: "níl agam-sa ach mé fhéin agus mo bhean: bheirfidh mé mo shaidhbhreas agus mo ríoghacht duid ón lá seo amach, agus bheirfidh mo bhean a cuid saidhbhris do do dheirbhshiúir." Lá ar n-a bhárach, nuair a fuair an rí óg a bhricfeasta, dubhairt an sean-rí leis: "Is fearr duid ghabháil amach liom-sa go dteisbeánóchaidh mé dhuid an pháirc a bhfuil mo chuid caorach ramhar ann, agus tabhair leat an madadh beag bán atá annsin agus dreasaigh 'sna caoirigh é." Thug sé leis an madadh beag bán
agus dhreasaigh 'sna caoirigh é. Cha dteachaidh siad i bhfad gur thuit an molt a ba reimhe agus gur plúchadh ina chuid gearach é. Sgairt an sean-rí leis an molt a thabhairt 'un a' bhaile, oir go rabh a chuid teanontuidhthe le theacht lá ar n-a bhárach le n-a chuid mónadh a tharraingt agus go mbéadh an molt a dhíth air i gcomhair a ndinneára. Nuair a chrom an rí óg leis an mholt a thógáil, bhí fear agus trí madaidh 'na seasamh ag a thaoibh. "Is fearr duid an molt sin a thabhairt damh-sa," arsa'n fear, "agus bheirfidh mé madadh duid a iomcharas ualach ar bith a chuirfeas tú air." "B'fhéidir nach mbéadh mo mhaighistir sásta liom, oir níl mé ach húr san áit seo," ar seisean le fear na madadh. "Is cuma céacu bhéas sé sásta nó nach mbéidh," arsa fear na madadh, "béidh an madadh seo fíor- úsáideach agus go fóill." Thug sé dó an molt ar an mhadadh. Chuir sé an madadh beag bán 'sna caoirigh aríst agus cha dteachaidh siad i bhfad gur thuit an dara molt agus gur plúchadh ina chuid gearach é. Deir fear an madadh: "Is fearr duid an molt sin a thabhairt damh-sa agus bheirfidh mé dhuid madadh atá comh lúthmhar sin go rithfidh sé síos rud ar bith a thiocfas ina chasán. Béidh an madadh seo fíor-úsáideach agat go fóill." Thug sé dó an dara molt ar an dara madadh. Chuir sé an madadh beag bán 'sna caoirigh aríst agus cha dteachaidh
siad i bhfad gur thuit an tríomhadh molt agus gur plúchadh ina chuid gearach é. "Is fearr duid an molt sin a thabhairt damh-sa," arsa fear na madadh. "Béidh an madadh seo fíor- úsáideach agat go fóill. Tá fios ag an mhadadh sin agus níl rud ar bith dá mbéithear a dheanamh nach mbéidh a fhios aige fa dtaobh de." Thug sé dó an tríomhadh molt ar an tríomadh madadh. Chuir sé an madadh beag bán 'sna caoirigh aríst agus cha dteachaidh siad i bhfad gur thuit an ceathramhadh molt agus gur plúchadh ina chuid gearach é. Chrom an rí óg agus thóg sé an molt, d'fhág ar dhruim an mhadaidh láidir é, agus thug 'un a' bhaile é fa choinne dhinneár lucht tharrangta na mónadh lá ar n-a bhárach. Nuair a d'éirigh an rí óg an dara lá agus fuair a bhricfeasta, deir sé leis an tsean-rígh: "Rachaidh mé amach fríd an choillidh seo go bhfeice mé goidé a bhfuil sé cosamhail leis." "Má ghlacann tú mo chomhairle-sa," arsa'n sean-rí, "cha dtéigheann tú amach fríd an choillidh. Bhí seachtar mac agam-sa agus, de réir mar bhí siad ag teacht ar aghaidh, chuaidh siad amach 'un na coilleadh agus cailleadh iad ó dhuine go duine agus chan fhuaire mé a dtuairisg ariamh." "Is cuma liom" arsa'n rí óg; "rachaidh mise 'un na coilleadh." "Má théigh- eann tú amach," arsa'n sean-rí, "tabhair leat mo ghunna-sa agus púdar agus grán go leor." Chuaidh sé amach 'un na coilleadh
agus thug a ghunna agus na trí madaidh leis. De réir mar bhí sé ag siubhal sa choillidh bhí gach uile sheort éanacha a b'fhearr 'ná a chéile dá gcastáil dó. Sgaoil sé leis gur chaith sé ultach mór don mhadadh láidir. Nuair a bhí sé baramhlach go rabh go leor aige, chruinnigh sé iad, agus d'iomchar an madadh láidir 'un a' bhaile chuig an tsean-rígh iad. Bhí lúthgháir mhór ar an tsean-righ nuair a chonnaic sé go dtainic an rí óg 'un a' bhaile slán. Ar maidin lá ar n-a bhárach d'éirigh an fear óg, fuair sé gunna agus a chuid madadh, agus chuaidh 'un na coilleadh aríst. Maith is mar bhí na héanacha an chéad lá, bhí siad dhá uair comh maith an dara lá. Sgaoil sé leis gur mheas sé go rabh a sháith aige; agus annsin d'iarr sé ar an mhadadh láidir iad a chur ar a dhruim agus a dtabhairt 'un a' bhaile. Mór is mar bhí lúthgháir ar an tsean-rígh an chéad lá, bhí a dhá oiread lúthgháire air an dara lá nuair a chonnaic sé iad ag teacht. An tríomhadh lá thug an rí óg leis a ghunna agus a mhadadh aríst agus chuaidh 'un na coilleadh. Maith is mar bhí na héanacha andá chéad lá, bhí siad trí huaire comh maith an tríomhadh lá. Nuair a bhí chóir a sháith aige, mhothuigh sé na crainn ag crathadh, agus siud amach fathach mór na coilleadh agus thug sé iarraidh ar é a stracadh agus a mharbhadh. Léim na trí madaidh ar an fhathach. Bhí siad ag alpadh na feola amach de n-a chorp.
Dubhairt an fathach leis, dá dtabh- airfeadh sé ar a chuid madadh stad de agus gan é a mharbhadh, go rabh caisleán aige sa choillidh agus nach rabh coirneál istoigh ann nach rabh lán óir agus airgid agus go bhfuigheadh sé uilig é. Thug an rí órdú don mhadadh láidir breith ar an fathach mhór agus é a chaitheamh ar a dhruim. B'fhíor é; chaith an madadh an fathach ar a dhruim agus shiubhail leobhtha ag dteachaidh siad go caisleán an fhathaigh. Cha rabh coirneál istoigh ann nach rabh lán óir agus airgid. "Sin ciste mór annsin," arsa'n fathach mór, "agus caith mise isteach ann agus cead agam luighe ann go bhfuighe mé bás." B'fhíor é; chaith mé an fathach isteach sa chiste mhór agus chuir an glas air go maidin. Lá ar n-a bhárach, nuair a fuair an rí óg a bhricfeasta, smaointigh sé go bpillfeadh sé aríst chuig an tsean-rígh agus go dtabhairfeadh sé leis a dheirbhshiúr go caisleán an fhathaigh go bhfeicfeadh sí an saidhbhreas a fuair seisean. Chuaidh sé agus thug leis a dheirbh- shiúr go caisleán an fhathaigh mhóir. An mhaidin ina dhiaidh sin, nuair a fuair an rí óg a bhricfeasta, chuaidh sé amach 'un na coilleadh aríst agus thug leis a ghunna agus na madaidh. Nuair a bhí baramhail ag an deirbh- shiúir go rabh sé sa choillidh, chuaidh sí fhéin agus an fathach mór a chaint. Arsa'n fathach: "Dá bhfuighmis do dhearthair a chur 'un báis, bhéadh an
saidhbhreas uilig againn fhéin ar aon." "Goidé an bealach báis a thig linn a chur air?" arsa'n deirbhshiúr. "Tá claidheamh soluis annsin," arsa'n fathach. "Chuir suas os cionn an dorais é, agus nuair a thiocfas do dhearthair isteach, tuitfidh an claidheamh air." Thug sí léithe an claidheamh agus chuir suas os cionn an dorais é. An madadh a rabh fios aige, shuidh sé síos agus cha rachadh sé ní b'fhuide. Annsin thoisigh na trí madaidh a chogarnaigh le chéile agus phill siad. D'iarr an fathach ar an chailín amharc amach, oir go rabh eagla ag teacht air. D'amharc sí amach agus chonnaic sí na trí madaidh ag teacht ina rith. Isteach léithe agus d'innis don fhathach go rabh na trí madaidh ag teacht. "Tóg an clár den chiste," ar seisean, "go gcaithe mise mé fhéin isteach." Thainic an madadh lúthmhar ar toiseach, ghearr léim an dorais, agus isteach leis. Thuit an claidheamh agus bhain barr an rubaill de. Thóg an cailín an claidheamh agus d'fhág thart é. Thainic an rí óg ina rith comh teann is thiocfadh leis. Bhí eagla air gur mharbh an fathach mmór a dheirbhshiúr. Nuair a thainic sé isteach, d'fhiaf- ruigh sé an rabh rud ar bith ar cearr. Dubhairt sise nach rabh. Ar maidin lá ar n-a bhárach dubhairt sé le n-a dheirbhshiúir go rachadh sé amach 'un na coilleadh an lá sin; agus chuaidh. Nuair a fuair sise ar shiubhal é,
thóg sí an clár den chiste agus leig an fathach mór amach. D'fhiafruigh sé dí an rabh a fhios aici bealach ar bith leis an dearthair a chur 'un báis. Dubhairt sise nach rabh a fhios aici; ach nuair a gheobhadh sí a dearthair 'na chodladh, go mbainfeadh sí an clár den chiste agus go leigfeadh sí eisean amach. Fuair an rí óg a shuipeár an oidhche sin; agus nuair a bhí sé ag gabháil a luighe, léim na trí madaidh suas ar chlár an chiste agus luigh siad ar clár anuas. Chuaidh sise ag brath ar iad a chur anuas, ach í chorróchadh siad dí. D'iarr sí ar a dearthair iad a chur anuas, agus dubhairt seisean nach gcuirfeadh. Chuaidh sí fhéin ina gcionn aríst, agus bheir ceann de na madaidh greim láimhe uirthi, agus luigh (sé) ar chlár an chiste go maidin. Chuaidh an rí óg amach lá ar n-a bharách. Thug leis a ghunna agus na madaidh. Nuair a fuair sise ar shiubhal é, thóg sí an clár agus leig amach an fathach mór. "Tá eagla orm," ar seisean, nuair a fuair sé amach, "nach mbíomuid ábalta (ar) do dhearthair a chur 'un báis. Téigh thusa amach; agus nuair atchífeas tú é, bhí ag sgreadaigh agus ag caoineadh agus 'gha rádh go bhfuil an bás ort. Fiafróchaidh sé duid an bhfuil a fhios agat rud ar bith a gheanfadh maith duit. Abair nach bhfuil a dhath ar dhruim an domhain a gheanfas maith duit ach rud amháin,
agus gurab é sin teanga an tairbh órdha atá sa Domhan Thoir." B'fhíor é; bhí sí amuigh roimhe ag sgreadaigh is ag sgréachaigh go rabh an bás uirthi, ná gur ghearr an madadh í sa láimh. D'fhiafruigh an dearthair dí an rabh a fhios aici rud ar bith a leigheasfadh í. Dubhairt sí nach rabh rud ar bith a leigheasfadh í ach teanga an tairbh órdha a bhí sa Domhan Thoir. "Bíodh ciall agat," arsa'n dearthair; "má's féidir sin a fhagháil, gheobhaidh mise duid é i mbárach." Bhí an rí óg ar a chois le héirghe gréine maidin lá ar n-a bhárach. Thug leis a ghunna, na madaidh, agus long a bhí ag an fhathach mhór. (Chuaidh sé ar an luing agus) sheol sé leis go rabh sé fa ghiota de chais- leán Rí an Domhain Thoir. Cha rabh ag an Rígh ach nighean amháin, agus bhí sise thuas an staighre. Rith sí anuas chuig a hathair. "Tá an long ag teacht," ar sise, "is deire chonnaic mé ariamh, agus chan fheicim uirthi ach fear amháin agus trí madaidh." Rith sí 'un an chladaigh agus thug cuireadh don rígh óg go toigh a hathara. Chuaidh sé agus d'fhan acu an oidhche sin. Thuit sí i ngrádh leis. Dubhairt Rí an Domhain Thoir leis go rabh cosamhlacht air gur tógadh go maith é. D'innis an rí óg gach rud dar tharla dó, agus an ócáid ar a rabh sé. "Is fearr duid pilleadh 'un a' bhaile," arsa Rí an Domhain Thoir leis. "Cha dteachaidh aon fhear ariamh isteach chuig an tarbh órdha nár mharbh sé." "Is cuma liom," arsa'n rí óg; "nuair
a thainic mé an fad seo, féachfaidh mé leis." Ar maidin lá ar n-a bhárach chuaidh sé 'un na páirce ina rabh an tarbh. Cha deanfadh a dhath maith do nighin an Ríogh ach go bhfuigfeadh sé na madaidh aici go dtiocfadh sé aríst. Dhruid sí iad i dteach a rabh trí dhoras air. Shiubhail an rí óg leis 'un na páirce. Nuair a thainic sé a fhad leis an gheabhta, d'fhiafruigh sé d'fhear an gheabhta an bhfuigheadh sé isteach. Dubhairt seisean go bhfuigheadh, ach nach dtainic fear beo amach as an pháirc sin ariamh. D'fhosgail sé (annsin) an geabhta, agus shiubhail an rí óg leis ag tarraingt ar an tarbh. (Ba annsin) ghearr an madadh láidir léim agus chuir na naoi ndoras amach roimhe. Rith sé fhéin agus an dá mhadadh eile go rabh istoigh sa pháirc. Bhí an tarbh fa thrí léim don rígh óg nuair a thainic na madaidh ar aghaidh. Léim siad ar an tarbh agus leag siad é. Thoisigh sé a bhúirfhigh, chuir amach a theanga, agus ghearr an rí óg an teanga as le n-a sgin agus phill ar chaisleán Rí an Domhain Thoir. Nuair a chonnaic nighean an Ríogh an fear óg ag teacht agus go dtearn sé an rud nár éirigh le fear ar bith a dheanamh ariamh, mór is mar bhí sí i ngrádh leis roimhe sin, bhí sí trí oiread i ngrádh leis anois; cha dean- fadh a dhath cúis dí ach go bpósfadh sé í. Dubhairt sé nach bpósfadh sé í go rachadh sé fa choinne a dheirbh-
sheathara go mbéadh sí ag an bhanais. Leig an deirbhshiúr amach an fathach mór as an chiste nuair a bhí an fear óg ar shiubhal, agus bhí sí amuigh ag coimheád ag súil go bhfeicfeadh sí ag teacht é. Chonnaic; agus isteach léithe agus d'innis don fhathach mhór (go rabh sé ag teacht). "Tá mise fada go leor as an chiste," ar seisean; agus isteach leis, agus chuir sise an glas air. Thainic an rí óg agus d'innis do n-a dheirbhshiúir goidé mar bhí. (Annsin) thug sé teanga an tairbh órdha dí le cumailt ar a láimh; agus chumail. Lá ar n-a bhárach thoisigh sé is thug leis an t-ór agus an t-airgead. Nuair a bhí sé 'gha iomchar, chuaidh sise a chaint leis an fhathach mhór. Dubhairt seisean léithe claidheamh an tsoluis a thabhairt léithe, agus cead a iarraidh leabaidh an lánamhain a dheanamh an oidhche a phósfaidhe iad; an claidheamh a chur suas as cionn na leabtha agus go dtuitfeadh sé ar an rígh óg agus go muirbhfeadh sé é. Pósadh iad lá ar n-a bhárach; agus d'iarr sise cead an leabaidh a dheanamh. Dubhairt Rí an Domhain Thoir nach rabh bean ar bith a badh chórtha a deanamh 'ná í. Rinn' sí an leabaidh agus chuir an claidheamh suas os a cionn. Nuair a shín seisean é fhéin sa leabaidh, thainic an claidheamh anuas air agus thuit sé thart marbh. (Agus) nuair a mhusgail a bhean ar maidin, fuair sí é 'na luighe marbh ag n-a taoibh.
Thoisigh an deirbhshiúr a chaoineadh agus a strócadh na gruaige as a cionn. Chuaidh sí chuig an Rígh agus d'fhiafruigh goidé badh chóir a dheanamh le n-a nighin a mharbh a fear fhéin. Dubhairt seisean rud ar bith ar mhian léithe a dheanamh léithe go mbéadh seisean sásta. "Chan fheicim a dhath is fearr a dheanamh (léithe)," ar sise, "ach teinidh a chur síos agus í a dhóghadh." "Maith go leor," arsa'n Rí; "ach cha ndóightear í go cionn lá-agus- bliadhain." Ní rabh lá ar feadh na bliadhna nach dtiocfadh bean an fhir mhairbh chuig n-a uaigh. An lá bhí sí le dóghadh chuaidh sí an fosta; agus cha rabh sí i bhfad ann go dtainic na trí madaidh chuici. Thoisigh siad ar an uaigh agus char stad gur stróc siad aníos an chomh- nair. Tharraing (siad) amach as an chomhair (annsin) é. Ligh (siad) é, agus d'éirigh sé suas na fhear comh húr óg is a bhí ariamh; agus thionntuigh na trí madaidh 'na dtrí fhir bhreaghtha. Cha rabh i bhfad go bhfaca an Rí iad ag teacht 'na rith chuige. Bhí an teinidh réidh le nighin Rí an an Domhain Thoir a dhóghadh. Thainic deirbhshiúr an ríogh óig i láthair. D'iarr an rí óg breith uirthi agus í a chaitheamh isteach sa teinidh, oir gurab í ba chionn-tsiocair don trioblóid uilig. Rinneadh amhlaidh. Chomhnuigh an rí óg agus a bhean go suailceach 'na dhiaidh sin. Bhí saoghal fada agus beatha phléisiúrdha acu; agus chan fhuair mise leith-phighinn de n-a dtairbhe.
CONALL MAG FHIONNGHAILE Bhí Conall 'na chomhnuidhe thuas annseo ar an Bhealtaine, agus shíl go leor daoine gur amadán a bhí ann. Ní rabh dadamh aige ach sean- ghearrán bán. Chuaidh sé 'un aonaigh lá leis an tsean-ghearrán mar i ndúil is go ndeanfadh sé slighe bheatha de n-a luach. Bhuail sé leis an ól is rinn' sé dearmad den tsean-ghearrán bhán, agus lá ar n-a bhárach goidé fuair sé ach an gearrán marbh i gcois claidhe agus a chuid cruidhtheacha dá dtriomú ag an ghréin. Ach, a bhráthair ó! bhí sé go holc, agus cha dtearn sé ach a sgian a tharraingt amach as a phóca, na cruidh- theacha a bhaint de, agus an croiceann fosta. Chuir sé an sean-ghearrán, agus é san am chéadna ag rádh ina intinn: "Mo thruaighe thú, a shean- ghearráin bhoicht! Is olc mar d'éirigh duid." D'imthigh sé annsin 'un a' bhaile; agus ag teacht thart ag taoibh na carn-aoileadh dó, thug sé fa dear mórán cuileog ann, mar bhí an lá te, agus fuair sé greim ar ghiota a chlár is mharbh sé na céadta acu. Nuair a chonnaic sé an gníomh a rinn' sé, siud isteach chuig gabha na Bealtaine é go bhfuair claidheamh deanta de chruidhtheacha an tsean-
ghearráin bháin, agus d'agair sé an gabha claidheamh a dheanamh a mhuir- bhfeadh céad le gach buille. Bhí go maith is cha rabh go holc, siud síos go Gort an Choirce é aon lá amháin. Bhí tórradh annsin; agus i ndiaidh an tórraidh, thúsaigh siad a chaitheamh cloch urchair. D'iarr siad ar Chonall féacháil leis an chloich. Chuir seisean ceist orthu an rabh daoine ar bith thiar sa reilic. Dubh- airt siad-san go rabh, ach gur chuma, nach gcuirfeadh sé an chloch a fhad leo. "Maith go leor," arsa Conall. Chaith sé an chloch urchair: bhí sean- bhean ag caoineadh ar uaigh ann is mharbh sé í leis an chloich. Rith seisean, agus rith muintear an tórraidh 'na dhiaidh. Siud soir fríd Ghort an Choirce iad go léir, is ag camadh an bhóthair, cé casadh díobhtha ach doctúir agus a bhean ag tiomáint i gcarbad. Sgannruigh an beathadhach, thuit bean an doctúra, is marbhadh í. Ach, a bhráthair! d'fhág an doctúir an carbad fosta agus ina dhiaidh leis. As go bráth leis an iomlán acu soir fríd choillidh an mhinistéire go dteachaidh siad a fhad le céidh an Dubh-Choradh i n-aice Bhaile an Easa. Agus go díreach bhí an long ceithre slata ón chéidh, i ndiaidh seoladh. Leis an rúide bhí le Conall chuaidh sé ar bord d'aon léim amháin, thainic anuas sa sgeadamán ar mhairneálach bhí 'na luighe ar bord. Stiúc an fear bocht ar an bhomaite. Phill siad an long ar ais leis an mhairneálach a chur sa reilic. Cuireadh
cúirt ar bun annsin gur féachadh Conall. Cruthuigheadh gur mharbh sé sean-bhean fosta. D'orduigh an breitheamh Conall a chur ar uaigh na sean-mhná, agus cibé fear a b'fhearr ag caitheamh na cloiche é seasamh ag an bhonn chéadna (ag) ar sheas Conall, dá muirbhfidhe fhéin é (.i. Conall), nach mbéadh dochar deanta. Ach cha rabh gar ann: cha rabh fear ar bith de mhuintir an tórraidh, ná an doctúir fhéin, ábalta (ar) an chloch a chur a fhad le Conall. Bhí go maith is cha rabh go holc, sheol an long ar ais is Conall leo ar bord, a chlaidheamh ina láimh is croiceann an tsean-ghearráin ar a dhruim. Thainic seachrán ortha is rith an biadh is caitheadh faideoga ar na fir go léir, is thuit sé ar Chonall bhocht a chur 'un báis go n-itheadh an chuid eile é. Ach, a bhráthair! cheangail Conall an croiceann fa n-a mhuineál, is léim sé ó dhruim na luinge isteach san fhairrge. Bhí sgoith an tsnámha aige, is shnámh sé leis go dtainic sí i dtír thall i n-íochtar na Gréige. Ba ghnáth le nighin an Ríogh bheith ag spaisteoracht thart fa'n chósta gach maidin, is an mhaidin seo thug sí fa dear Conall 'na luighe is an croi- ceann fa dtaobh de is an claidheamh sáithte ann. D'innis sí do n-a hathair é. Thainic cuidiú gur thóg leo Conall go dtí an Rí. D'amharc siad ar an chlaidheamh is chonnaic siad na focla seo sgríobhtha air: - "Céad le gach buille." Bhí go maith is cha rabh go holc,
fa'n am chéadna seo bhí caisleán úr dá dheanamh ag Rígh na Gréige, is an mhéid a thógadh siad sa lá bhéadh sé caithte anuas ar maidin. Fuair Conall aire mhaith, is thainic sé chuige fhéin. Tugadh biadh agus deoch dó; ach le sgéal fada a dheanamh goirid, d'innis an Rí dó fa dtaobh den chaisleán, is dubhairt Conall leis go ndeanfadh seisean a dhícheall. Chuaidh Conall amach an oidhche seo agus chaith sé an méid cloch mór a fuair mé ar bharr an bhalla. Agus cha rabh sé i bhfad annsin ag fanacht go dtainic dhá fhathach. Thoisigh siad a leagan an chaisleáin; acht, a bhráthair! chaith mo Chonall cloch anuas agus bhuail fear acu i mullach an chinn. "Ná dean sin níos mó," arsa fathach acu leis. Chaith Conall cloch eile anuas is bhuail sí an dara fathach i mullach an chinn; is le sgéal fada a dheanamh goirid, thuit siad fhéin amach le chéile: throid siad gur mharbh fear acu an fear eile go dtainic Conall anuas gur steall sé an ceann den dara fathach. Ach i dtaca le háthas de, bhí sin ar an Rígh nuair d'innis Conall dó goidé mar tharla. Thug an Rí moladh mór do Chonall is dubhairt go ndeanfadh sí cúis an-mhaith ar fad. An dara hoidhche thainic dhá fhathach eile i dtráthaibh an ama chéadna, is d'éirigh díobhtha mar d'éirigh don chéad bheirt. "Faraor géar!" arsa'n tsean- chailleach, máthair na bhfathach, "tá mo cheathrar mac marbh anois agus tá eagla mhór orm go muirbhfidh sé
mo thriúr mac eile fosta mura dtabhairfidh siad aire mhaith (dóbhtha fhéin). Ach le sgéal fada a dheanamh goirid, rinn' Conall réidh an oidhche seo is chuaidh 'un an chaisleáin. Cha rabh i bhfad go dtainic an bheirt a b'fhearr de na fathaigh is thoisigh an troid. Fuair Conall an bhuaidh ortha (mar fuair ar na fathaigh eile). Nuair a chuala an seachtmhadh fathach goidé mar bhí, ní rabh maith leis comhrac a thabhairt do Chonall, ná bhí seisean beagán níos laige 'ná an seisear eile. Bhí go maith is cha rabh go holc, pósadh Conall agus nighean an Ríogh, agus tugadh an áit go huile dó. Bhí banais ann a mhair lá agus bliadhain, is bhí an lá deireannach, má bhí a dhath ann, ní b'fhearr 'ná an chéad lá. Chomhnuigh siad san chaisleán úr comh luath is bhí sé deanta. Bhí am aoibhinn aerach acu fhéin is ag an Rígh fada go leor; ach má bhí, badh mhaith leis an tsean-chailligh Conall a chur 'un báis dá mbíodh a fhios aici goidé an dóigh. Fuair Conall cuireadh aon lá amháin ón tsean-chailligh is óna mac, an fathach óg. Thainic mo Chonall. Leig siad-san ortha fhéin go rabh fáilte roimhe. D'iarr an tsean- chailleach ar an fhathach ghabháil amach is é fhéin agus Conall an t-iarann a chaitheamh go bhfuigheadh siad amach goidé an láidreacht a bhí ann. Chaith an fathach an t-iarann giota beag, ná bhí sé comh trom is nach dtógfadh
dhá claigeann déag d'fhir chothroma é. Rinn' Conall fead ghlaice, is chuir an fathach ceist air cad chuige an dtearn sé sin. "Tá," arsa Conall, "tá mé ag gabháil a chaitheamh anonn go hÉirinn chuig gabha an bhaile s'againne (.i. gabha na Bealtaine). Gheanfaidh sé inneoin de, agus rinn' mé an fhead fa choinne é an casán a fhágháil aige. "Ó, a athair na gcarad!" arsa'n fathach, "ná caith, ná béidh sé a dhíoghbháil orm fhéin." "Tá eagla orm go bhfuighe sé do bhuaidh," arsa'n tsean-chailleach (nuair thainic siad isteach); "ach an bhfuil a fhios agat goidé gheanfas tú: tá, tabhair leat siar 'un na coilleadh é, an áit a bhfuil tarbh mire. Dean thusa búirfhe, is tiocfaidh an tarbh go muirbhfidh sé Conall. Chuaidh an bheirt 'un na coilleadh, agus, a bhráthair! rinn' Conall an chéad bhúirfhe, rith sé suas go dtí an áit a rabh an tarbh, is ghearr an ceann de le n-a chlaidheamh - ná is cuma cá rachadh Conall bhíodh an croiceann is an claidheamh leis. (Annsin) d'iarr sé ar an fhathach an tarbh a chaitheamh ar a dhruim agus a thabhairt 'un a' bhaile go n-íosfadh siad a sáith de. (Bhí an ceann leis fhéin). "Tá eagla orm go mbéidh an bhuaidh ag Conall," arsa'n tsean- chailleach. Ach dubhairt sí leo go gcaithfeadh siad ghabháil 'un na coilleadh fa choinne adhmaid a ghean- fadh teinidh a rósfadh an tarbh. Le sgéal fada a dheanamh goirid, chuiadh, is tharraing Conall dhá chrann mhóra. Chuir an fathach ceist cad
chuighe an dtearn sé sin. Dubhairt leis gur fa choinne an choillidh uilig a thabhairt soir a bhí sé. "Ó, a rí na gcarad!" arsa'n fathach, "ná dean sin ar chor ar bith; tá oiread liom- sa is gheanfas cúis." Dubhairt Conall go rabh maith go leor. D'imthigh siad leo agus rós an tarbh. Bhí go maith is cha rabh go holc gur thoisigh an comhrac fa ché acu a b'fhearr ag ithe an tairbh. Ach, a bhráthair! goidé rinn' Conall le croiceann an tsean-ghearráin bháin ach é a chur thart fa n-a chorp a ghan fhios don fhathach. Thoisigh an bheirt ar an itheachán, is bhí Conall ag ithe trí ghreim le haon ghreim an fhathaigh. Bhí Conall ag leigean air fhéin go rabh sé fhéin a shlugadh go huile, ach ina áit sin, bhí sé 'gha chur sa chroiceann. Stad an bheirt den ithe. Luigh Conall siar is tharraing amach sgian bheag a bhí ina phóca, ghearr sé an croiceann suas, agus thainic an fheoil amach os coinne an fhathaigh. "Mo dhona is mo dhothairne," arsa'n fathach, "gur ith mé fhéin barraidheacht." Rinn' sé an cleas céadna a chonnaic sé Conall a dheanamh: stoth sé a bholg leis an sgin. Luigh sé siar annsin agus fuair bás. Bhí an tsean-chailleach go brónach ar fad, is dubhairt Conall go leigh- easfadh seisean an fathach má bhí aon ghiota muic-fheola aici. Chuartuigh sí go bhfuair sí dhá sgealbhóig muic- fheola. Arsa Conall léithe: "Cuir iseach san oighean iad"; agus chuir.
"Cuir siar go maith iad," arsa Conall; is nuair fuair seisean an tsean- chailleach isteach i gceart, dhinn sé siar i bhfad ní b'fhuide í is dhruid sé an doras uirthi gur bruitheadh í. Chan fhacas níos mó an tsean- chailleach. Ba é sin deireadh leis an iomlán acu. D'amharc Conall in gach coirneál, is bhí airgead is gach a'n seort in gach áit ar amharc sé. Char bhain sé le dadaidh ach pilleadh ar ais go dtí an caisleán. Bhí lúthgháir ar a bhean agus ar an Rígh roimhe gan amhras. Chuaidh siad an clochán tamall ina dhiaidh sin is níor báitheadh iad, is thainic mise an bóthar is tá mé slán go fóill, buidheachas do Dhia.
Ó DOMHNAILL AGUS MAC AN BHÁIRD I bhfad ó shoin, nuair a bhí Ó Domh- naill i n-árd-réim i gCaisleán Dhún na nGall, ba ghnáth leis bheith amuigh ar fud na condae go minic, corr lá ag seilg fa na sléibhtibh, agus laethe eile ag maircidheacht thart agus ag breathnú uadh. Lá amháin dá rabh Ó Domhnaill amuigh fa ghleanntaibh Thír Chonaill thainic air ceo iongantach trom, agus ní rabh sé ábalta ar a bhealach a dheanamh ar ais 'un an Chaisleáin. Thiomáin sé leis fríd shléibhtibh agus choilltibh go dtí go dtainic sé a fhad le teach beag cheann-tuigheadh a bhí ar thaoibh an bhealaigh mhóir. Tharraing Ó Domhnall suas ar an teach le fios a fhagháil ce'n bealach a b'fhearr a bheirfeadh trasna é ar abhainn a bhí ann. D'umhluigh sé ar dhruim an bheathadhaigh ag doras an toighe bhig seo, agus d'fhiafruigh an rabh aonduine istoigh. Dubhairt gasúr a bhí 'na shuidhe ag an teinidh go rabh - fear go leith agus ceann gearráin. D'fhiafruigh Ó Domhnaill de annsin an rabh glinn san abhainn. Dubhairt an gasúr leis go rabh. D'imthigh Ó Domhnaill annsin agus chuaidh trasna na habhanna an aith- ghiorra 'un a' bhaile - trasna san áit ar iarr an gasúr air ghabháil; ach fhobair gur báitheadh é fhéin agus a a bheathadhach. Lá ar n-a bhárach, i ndiaidh Ó Domh- naill ghabháil 'un a' bhaile, chuir sé
sgéala fa dhéin an ghasúra, go rabh gnaithe áirid aige leis, ach go gcaith- feadh sé theacht ina láthair gan a dhath éadaigh bheith air, agus gan bheith tárn- ochtuighthe, gan bheith ag maircidheacht ná ag siubhal le míniú a thabhairt ar an rud adubhairt sé an lá roimhe sin. Nuair a chuala athair agus máthair an ghasúra go gcaithfeadh sé míniú a thabhairt ar an rud adubhairt sé an lá roimhe sin, thainic eagla mhór ortha go mbainfidhe an ceann den ghasúr, oir rinn' siad amach nach mbéadh sé ábalta ar sin a dheanamh. Ach d'iarr an gasúr ar a athair agus ar a mháthair gan sin brón ar bith a chur ortha, ná go bhféachfadh seisean le míniú an roda a thabhairt d'Ó Domhnaill. Le sin chaith an gasúr de a chuid éadaigh, chas sean-eangach thar n-a chorp, agus d'imthigh leis ag tarraingt ar Chaisleán Uí Dhomhaill i nDún na nGall. Ach sul a dtainic sé comhgarach den Chaisleán, goidé casadh air ach collach muice. Fuair sé greim rubaill ar an chollach, chaith leath-chos tharais, agus an chos eile ag tarraingt ina dhiaidh, agus thainic ar an dóigh sin go doras an Chaisleáin. Thainic Ó Domhnaill i láthair annsin agus chuir forán roimhe. "'Tchím," adeir Ó Domhnaill leis an ghasúr, "go dtainic tú 'mo láthair sa dóigh ar orduigh mé duid. Anois, innis damh cad chuige ar ubhairt tú liom indé go bhfuighinn trasna na habhanna tirim, ná fhobair gur báitheadh mé fhéin agus mo bheathadhach capaill ag gabháil anonn dúinn." Labhair an gasúr annsin agus
dubhairt leis go rabh cuid lachan a mháthara ag gabháil anonn agus anall annsin 'ach a'n lá agus nach dteachaidh sé ariamh thar a mbolg ortha lá ar bith. Ba léar d'Ó Domhnaill as freagra seo an ghasúra nach rabh sárú le deanamh air i bpointe ar bith. Dubhairt Ó Domhnaill leis an ghasúr go rabh deirbhshiúr aige agus go dtabhairfeadh sé dó í le pósadh. Dubhairt an gasúr go rabh sin maith go leor, ach go gcaithfeadh seisean í a fheiceáil ar dtús, ná ní phósfadh sé muc i mála. Sgairteadh annsin ar dheirbhshiúir Uí Dhomhnaill i láthair; ach nuair a chonnaic an gasúr í, ní phósfadh sé í ar ór na cruinne - bhí sí comh míofur sin. 'Sé an rud adubhairt sé le hÓ Domhnaill gur mhór an náire do n-a threibh ríoghamhail a leithéid de mhnaoi a bheith fa n-a chaisleán, ní hé amháin a chur ar ghasúr óg cosamhail leis-sean. Chuir sin fearg mhór ar Ó Domhnaill, agus ní thearn sé ach leitir a sgríobhadh sa bhomaite agus a síneadh chuig an ghasúr. D'orduigh sé dó gan an leitir a thabhairt do dhuine ar bith ar eagla go mbéadh a fhios goidé bhí innti. D'iarr sé air siubhal leis go mbéadh sé ag Caisleán na Finne - ná bhí dearthair d'Ó Domhnaill ina chomh- nuidhe i gCaisleán na Finne. Sul ar shroich an gasúr Caisleán na Finne, goidé rinn' sé ach ghabháil isteach i dteach sgoile bhí ar thaoibh an róid, agus d'fiafruigh an maighis-
tir de cá rabh sé ag gabháil. Dubhairt an gasúr leis go rabh sé ar a bhealach go Caisleán na Finne le leitir a chuir Ó Domhnaill leis chuig a dhearth- air. D'iarr an maighistir an leitir air go bhfeiceadh sé goidé bhí innti. Dubhairt an gasúr leis nach dtiocfadh leis sin a dheanamh, ná go mbéadh a fhios gur fosgladh í, agus nach rabh ordú ar bith aige sin a dheanamh. Dubhairt an maighistir leis gan eagla ar bith bheith air fa sin, ná nach bhfaca seisean lorg pinn ariamh nach dtiocfadh leis aithris a dheanamh air, agus nach mbéadh a fhios gur fosgladh í. Thug an gasúr an leitir dó annsin; agus léigh an maighistir í gan fios a thabhairt don ghasúr goidé bhí innti. Nuair a bhí an leitir léighte aige, dubhairt sé agus é ag crathadh a chinn: "Mo thrí thruaighe thú, is tú atá ag iomchar na croiche!" Shiubhail an gasúr leis annsin go dtainic sé go Caisleán na Finne. Ar teacht i láthair dó 'un an Chais- leáin bhí fear dá thogáil báithte as abhainn a bhí ann. Chruinnigh mórán daoine go dtaoibh na habhanna nuair a chuala siad gur báitheadh an fear. Cibé nach rabh ann, bhí dearthair Uí Dhomhnaill ann, agus d'fhiafruigh sé céacu páiste nó duine críonna bhí báithte. D'fhreagair an gasúr é go sílfeadh sé nach críonnacht ar bith a bheirfeadh ar dhuine é fhéin a bháthadh. Sa bhomaite chéadna sin smaointigh dearthair Uí Domhnaill gur Mac an Bháird a bhí aige ann, agus d'fhiafruigh sé de cá fhad síos a bhí
sé. Dubhairt an gasúr go rabh sé síos a fhad is bhí sé salach. "An tusa Mac an Bháird?" arsa dearthair Uí Dohmhnaill. "Is mé go dearbhtha," arsa Mac an Bháird. "Bhí ag teacht liom-sa 'un an Chaisleáin, má's tú," arsa dearthair Uí Dhomhnaill. Ar teacht isteach dóbhtha 'un an Chaisleáin thug deathair Uí Dhomhnaill ordú do n-a chuid searbhfhoghantuidhthe a shuipeár a dheanamh réidh go maith do Mhac an Bháird. Rinn' na seirbh- ísigh mar hiarradh ortha, agus rinneadh réidh suipeár maith dó fhéin agus do bheirt eile bhuachaillí aimsire, agus cuireadh 'un an aon tábla amháin iad. Nuair a b'fhada le dearthair Uí Domhnaill a bhí siad ag ithe, chuaidh sé go dtí doras an tseomra agus chonnaic sé go rabh uibh i láimh gach duine ach Mac an Bháird. "Nach bhfuil uibh ar bith ag Mac an Bháird?" arsa seisean. "Dá mbéadh do lámh in mo bholg, bhéadh a fhios agat sin," arsa Mac an Bháird. "Bhí mé le do chrochadh ar uair a dó dhéag a chlog anocht," arsa dearthair Uí Dhomhnaill, "ach ó tharla go bhfuil tú comh beag de mhúineadh is atá tú, fuigfidh mé anois thú go dtí a dó dhéag i mbárach go bhfeicfidh an saoghal mór uilig thú do do chrochadh." "Tá mise an- shásta mo chrochadh am ar bith," arsa Mac an Bháird. Chuaidh Mac an Bháird a luighe annsin agus chodluigh sé go sámh go héirge gréine lá ar n-a bhárach. D'éirigh sé ar maidin lá ar n-a bhárach agus rinn' a bhricfeasta go
maith. Bhíthear le n-a chrochadh ar uair a dó dhéag an lá sin. Thainic sé i láthair ag an am a rabhthar le n-a chrochadh. Ní rabh cuma air go rabh eagla ar bith dá laighead air. Char labhair sé a'n fhocal ariamh go dteachaidh an rópa caol cnáibe ar a mhuineál; ach sul ar tharraing an crochadóir an snaidhm, labhair Mac an Bháird agus d'iarr sé athchuinghe ar Ó Domhnaill, ach ní athchuinghe bheo. Dubhairt dearthair Uí Dhomhnaill go bhfuigheadh sé athchu- inghe ar bith dá n-iarrfadh sé ach athchuinghe bheo. Annsin d'iarr Mac an Bháird ar dhearthair Uí Dhomhnaill theacht agus a cheann a chur sa tsnai- dhm ina chuideachta-san. Ní dheanfadh an fear uasal sin; agus mar gheall ar gan a fhocal a bhriseadh, leig sé cead a chinn le Mac an Bháird. D'imthigh Mac an Bháird agus bhain an baile amach. Go gearr ina dhiaidh sin bhí a Domhnaill ag fagháil cinn ar Chaisleán Dhún na nGall, agus bhí aige ag obair air fir chéirde as Sasain anall gur chuir siad críoch leis an obair. Bhí crann ag fás le taoibh an Chais- leáin agus bhí a bharr ag cromadh amach os cionn na haibhléise. Chuaidh fear de mhuintir na Sasana agus chaith sé tor sa chrann, agus dubhairt gur sin dubhshlán na hÉireann aon- duine a fhagháil a tharraingeochadh an tor. Ghoill seo go mór ar Ó Domh- naill go mbéadh dubhshlán na hÉireann ag na Sasanaigh, agus ní rabh a fhios aige cá bhfuigheadh sé duine bhéadh ábalta ar a tharraingt. Sa deireadh
smaointigh sé dá mbéadh duine ar bith i nÉirinn a bhéadh ábalta ar an ghníomh a dheanamh gurab é Mac an Bháird an fear sin. Chuirfeadh sé fa n-a choinne ach ní rabh a fhios aige i nÉirinn cá rabh sé. Thug sé ordú annsin do na seir- bhísigh gan duine bocht ar bith dá dtiocfadh a leigean ón Chaisleán go bhfeicfeadh seisean cá rabh Mac an Bháird ag baint faoi. Rinn' siad sin dó. De réir mar bhíodh na bochta ag imtheacht ón Chaisleán bhíodh Ó Domhnaill ag cur tuairisge Mhic an Bháird nó go dtí go dtainic fear bocht thart lá amháin a d'innis do Ó Domhnaill go rabh a fhios aige- sean cá rabh Mac an Bháird, ach nach rabh maith ar bith dó chur fa n-a choinne de bhrigh nach dtiocfadh sé dhá chóir. Thug Ó Domhnaill gach uile ghealltanas nach mbainfeadh sé leis ach go gcuir- feadh an fháilte a b'fhearr roimhe. Fuair Mac an Bháird an sgéala gur chuir Ó Domhnaill cuireadh air theacht 'un an Chaisleáin; ach sul a dteachaidh sé chuig Ó Domhnaill, leig sé féasóg shé seachtmhainí fás air fhéin, agus chuaidh annsin i n-inibh duine bhoicht chuig Ó Domhnaill. Ach má chuaidh fhéin, níor leig sé a aithne go dtí é go bhfuair gach uile ghealltanas ó Ó Domhnaill nach ndeanfadh sé dochar ar bith dó. Annsin dubhairt sé le hÓ Domhnaill gurab eisean Mac an Bháird. Thainic lúthgháir mhór ar Ó Domhnaill nuair a chuala sé gurbh'é bhí ann, agus d'innis dó a ghnaithe leis. Fuair sé Mac an Bháird bearrtha
agus nighte annsin, agus chuir air culaidh den éadach a b'fhearr a bhí le fagháil. D'orduigh sé dó an seomra b'fhearr dá rabh sa Chaisleán, an áit a bhfuigheadh sé togha gach bídh agus rogha gach dighe go cionn sé seachtmhainí mar i ndúil is go mbéadh sé ábalta ar an tor a tharraingt. Ach i gcionn thrí lá ghoid Mac an Bháird amach as an Chaisleán agus chuaidh suas ar an chrann, tharraing an tor agus sháith cúig troighthe níos airde é i mbarr an chrainn, agus dubhairt gur sin dubhshlán na Sasana go bráth. Ach bhí gnaithe eile ag Ó Domhnaill le Mac an Bháird. San am sin bhíodh fear ag gabháil thart a dtugtaoi an Ghné Cháinte air. Bhí a fhios ag Ó Domhnaill go rabh an Ghné Cháinte seo ag teacht gan mhoill 'un an Chaisleáin, mar bhí sé ag siubhal ar mhór-uaislibh na tíre san am. Is cosamhail gur duine aistidheach bearrtha a bhí ann, agus bhí eagla ar gach duine roimh n-a theangaidh. Is cosamhail go rabh eagla ar Ó Domh- naill roimhe fosta. Ach an lá seo dá rabh Ó Domhnaill ag súil leis an Ghné Cháinte, thug sé ordú do Mhac an Bháird é fhéin a ghléasadh i gculaidh an bhuachaill bó, agus chuir sealbhán dá chuid eallaigh leis ionnus go sílfeadh an Ghné Cháinte gur buachaill na bó é. D'fhan Mac an Bháird ag sraith na habhanna go dtainic an Ghné Cháinte - é fhéin agus a bhean agus coileán beag madaidh - ionns' air agus iad istoigh i gcarr bheag.
Sheasuigh siad ar an taoibh eile den abhainn agus bhreathnuigh an Caisleán uatha anall. Labhair Mac an Bháird leobhtha agus d'fhiafruigh cé hiad fhéin nó goidé an rud iad. Thug an Ghné Cháinte freagra mar seo ar Mhac an Bháird: "Rois Súile mise a shiubhlas an tír seo maidin is neoin; An mhéid iarraim gheibhim agus bheirim liom thart mar lón; Deir daoine go bhfuil mé comh bearrtha leis an chloich mhóir, Gur bean sidhe mo chéile, is nach bhfuil in mo choileán ach dobhar." Labhair Mac an Bháird annsin agus isé dubhairt sé: "A Rois Súile, a Rois Súile, is tú an fear beadaidhe; Is tú an fear is bearrtha dá bhfacas le fada; Is tú an díofrach beag sgallta, tú fhéin, do bhean, is do mhadadh Ag triall na gcríoch seo síos le do mhála folamh." Lean siad leo annsin ag gearradh chuig n-a chéile ar feadh tamaill; ach sa deireadh thug an Ghné Cháinte suas, ná ní rabh sé ábalta ar an choinnil a sheasamh do Mhac an Bháird. "Ó tharla buachaill na bó comh bearrtha seo," arsa'n Ghné Cháinte ina intinn fhéin, "caithfidh sé go dtug an diabhal leis an maighistir!" Ní thearn an Ghné Cháinte ach pilleadh ar a chois agus imtheacht an bealach a dtainic sé. Chuaidh Mac an Bháird ionns' ar Ó Domhnaill agus d'innis dó gur
chuir sé an tóir ar an Ghné Cháinte. Chuir sin lúthgháir mhór ar Ó Domhnaill. Shuidh sé síos agus sgríobh sé leitir do Mhac an Bháird, agus thug ordú dó gan an leitir a thabhairt do dhuine ar bith go rachadh sé a fhad leis an Leic Bhig i n-Ailt an Chorráin, agus í a thabhairt don agent annsin. Shiubhail Mac an Bháird leis, coiscéim anois agus coiscéim aríst, gan deifre ar bith, ag smaointiú i dtólamh nach rabh rud ar bith sa leitir. Ar theacht anuas dó ag Baile na Cloch-bhaile cé casadh air ach agent na Leice Bige agus é ar chosa i n-áirde ag tarra- ingt ar Ó Domhnaill i nDún na nGall. Shín Mac an Bháird an leitir chuige. Léigh sé í. "Mo thrí thruaighe," arsa seisean le Mac an Bháird, "nár casadh orm níos luaithe thú. Dá siubhailfeá níos gaiste agus bheith ar an Leic Bhig sul ar fhág mise sin, bhéadh a bhfuil ó Ghaoth Beara 'un na Leice Bige agat. Anois níl le fagháil agat ach ceithre ceathramhna de Leitir (.i. Leitir Mhic an Bháird). Sin an rud a bhaist Leitir Mhic an Bháird ar an áit go dtí an lá indiu. Níor cluineadh níos mó iomráidh ar Mhac an Bháird ina dhiaidh sin go dteachaidh sé faoi chré; agus ó tharla nár cluineadh, caithfidh mise deireadh a chur le mo sgéal.
OISÍN Fuair siad uilig bás. Bhí sé fhéin agus a chú bán amuigh aon lá amháin agus chonnaic sé an mhaighdean ag tarraingt air ba bhreaghtha chonnaic sé riamh. Bhuail siad 'un comhráidh le chéile; agus ba é an mín is réidh- teach a bhí ann gur thóg sí léithe go Tír na hÓige é. Ní rabh sé fhéin agus na cailíní ag teacht le chéile ann. Deireadh sé leobhtha go bhfaca sé caor chaorthainn i nÉirinn ba mhó 'ná an measgán ime bhíodh acu, agus go bhfeiceadh sé duilleog eidhin i nÉirinn ba mhó 'ná an ovel (oven) aráin bhíodh acu. Annsin badh mhaith leis theacht go hÉirinn ar ais. Chuir siad sean- ghearrán bán leis - ná, dá leagadh sé a chos ar thalamh na hÉireann, bhéadh sé 'na sheanduine chríon chaithte aosta. Nuair a thainig sé go hÉirinn, chonnaic sé beirt ag iarraidh bheith ag cur cloiche móire as casán an traein (creidim nach rabh traen ar bith ann san am). Stap sé an beathadhach; is b'éigean do leath-chos a leagan ar an talamh gur chuir sé a mhéar leis an chloich mhóir gur chaith sé as an bhealach í. Annsin bhí sé 'na shean- duine chríon chasta gan lúth gan láthair. D'iarr sé a thabhairt go dtí áit éighinteacht a rabh cloch mhór a rabh a gcuid airteagal ann. Thionntuigh sé an chloch mhór. Thug sé leis ceann de na hairteagail -
fídeog a bhí san airteagal - gur shéid sé í is gur chruinnigh sé éanacha an aeir. Dhreasuigh sé an cú bán 'sna héanacha b'fhearr a bhí ann go dtí go rabh tráth bídh aige fhéin is ag a chú bán. I n-am Naomh Pádraig a bhí seo, is thug Naomh Pádraig 'un creidimh é. Nuair a bhí Naomh Pádraig 'gha thabhairt 'un creidimh, dubhairt Oisín: "Dá bhfeicfinn-se Goll is Dia ag spáirn I mullach an chnuic áird ud thall; Dá bhfeicfinn-se Goll ar Lár, Deirfinn gur fear láidir Dia." Annsin thug Naomh Pádraig amharc dó ar Ifreann is ar na Flaithis. Bhí an iall a bhí i súiste Ghoill ag briseadh i gcionn 'ach a'n bhomaite, is d'iarr Naomh Pádraig ar Oisín trí athchuighe a iarraidh is go bhfuigheadh sé iad. D'iarr Oisin (1) iall a chur i súiste Ghoill nach mbrisfeadh go bráth; (2) sgraith ghlas a chur faoi chosaibh Osgair a shábhálóchadh a bhonna ar a mbruith; (3) a chú bán a bheith leis 'un na bhFlaith- eas. Annsin d'iarr Naomh Pádraig air theacht go mbaisteadh sé é; is thainig. Sháith sé an coinnleoir síos sa talamh, is cá háit ar sháith sé é ach fríd dhruim a choise. Nuair a chonnaic Naomh Pádraig an tuile fhola síos an t-urlár, d'éiligh sé leis cad chuige nár innis sé dó é. "A chléirigh bheannuighthe," ar seisean, "shíl mé gur den bhaisteadh é." "Is truagh an té chífeas is nach gcreideann, agus is méanar don té chreideas is nach bhfeiceann," arsa Naomh Pádraig.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services