SEÁN AGUS NIGHEAN AN RÍOGH
Bhí fear ann uair amháin agus bhí
trí ba aige; agus dubhairt sé le
n-a mhac, Seán, lá, "Tabhair leat
ceann de na ba sin 'un aonaigh i
mbárach agus díol í. Tá an cíos
ag teacht orainn fa chionn seacht-
mhaine."
Thug Seán an bhó leis 'un aonaigh.
Ar a bhealach casadh air sean-fhear
beag críon liath. "Is fearr duid
an bhó sin a thabhairt damh-sa," arsa'n
sean-fhear, "agus bheirfidh mé bata
duid atá agam annseo. Is cuma
cá mhéad duine a chasfar ar an bhata,
tá sé ábalta (ar) iad a bhuaileadh
uilig. Béidh sé fíor-úsáideach agat
go fóill."
Thug sé dó an bhó ar an bhata agus
phill 'un a' bhaile chuig n-a athair.
"Ar dhíol tú an bhó?" arsa'n
t-athair leis. "Maise, char dhíol,"
adeir sé. "Casadh sean-fhear beag
críon liath orm agus rinn' mé malairt
leis - an bhó ar an bhata (seo)" "Ó,"
arsa'n t-athair, "cuirfidh mé ar
shiubhal ó mo theach ar fad thú."
D'iarr Seán ar an bhata ghabháil i
gcionn gnaithe agus iad uilig a
bhuaileadh isteach i gcoirneál amháin.
Rinn' an bata sin.
"Tá bó eile annsin," arsa'n
t-athair; "tabhair leat 'un aonaigh í
agus díol í; agus bí siúráilte an
cíos a bheith 'un a' bhaile leat, ná
cuirfidh an tighearna amach sinn mura
ndíolamuid an cíos."
B'fhíor é; lá ar n-a bhárach thug
Seán an dara bó leis 'un aonaigh.
Cha dteachaidh sé i bhfad nuair a
casadh an fear beag críon air. "Is
fearr duid an bhó sin a thabhairt damh-
sa," ar seisean. "Tá bocsa agam
annseo agus bheirfidh mé dhuid an
bocsa ar an bhó. Tá luchóg agus
cearnamán san bhocsa agam. Béidh
siad fíor-úráideach agat go fóill."
Thug sé dó an bhó ar an bhocsa agus
phill 'un a' bhaile chuig n-a athair.
"Ar dhíol tú an bhó?" adeir an
t-athair leis. "Maise, char dhíol,"
arsa Seán. "Casadh an sean-fhear
beag orm indiu aríst agus thug mé
an bhó dó ar an bhocsa seo." "Cha
bhíonn tú fa mo theach níos fuide,"
arsa'n t-athair: "tá mé sgriosta
agat."
D'iarr Seán ar an bhata ghabháil i
gcionn gnaithe; agus bhuail an bata
iad uilig isteach i gcoirneál amháin.
"Níl agam ach bó amháin anois,"
arsa'n t-athair; "tabhar leat 'un
aonaigh í agus díol í; is ná tabhair
í don tsean-fhear bheag liath. Bí
siúráilte agus tabhair 'un aonaigh í,
agus bíodh a luach 'un a' bhaile leat -
cha ngeobhmuid spás níos fuide sa
chíos. Cuirfear amach sinn mura
ndíolamuid an cíos gan mhoill."
B'fhíor é; thug Seán leis an
tríomhadh bó le ghabháil 'un aonaigh.
Cha dteachaidh sé i bhfad gur casadh
an sean-fhear beag liath dó. "Is
fearr duid an bhó sin a thabhairt damh-
sa," ar seisean. "Tá bocsa eile
agam annseo agus bheirfidh mé dhuid
é. Béidh sé 'na bhocsa fhíor-úsáideach
agat go fóill. Tá fideal ann a
dtig léithe gach a'n chineál port a
bhuaileadh; agus tá tábla bídh agus
dighe ann. Níl a'n am 'á bhfasglóchar
an bocsa nach dtiocfaidh an tábla
amach; agus is cuma cá mhéad duine
shuidhfeas síos ag an tábla, gheobhaidh
siad uilig a sáith le hithe agus le
hól."
Thug sé dó an bhó ar an bhocsa agus
phill 'un 'a bhaile chuig n-a athair.
"Ar dhíol tú an bhó indiu?" arsa'n
t-athair. "Maise, char dhíol mé an
bhó indiu," arsa Seán. "Casadh an
sean-fhear críon liath orm agus thug
mé an bhó dó ar an bhocsa (seo)."
"Maise," adeir an t-athair, "cuirfear
amach uilig sinn anois." "B'fhéidir
nach gcuirfidhe," arsa Seán. "Seo
bocsa thug an sean-fhear damh-sa ar
an bhó agus tá tábla ann; agus is
cuma cá huair a fhosglóchar an
bocsa, thig an tábla amach, agus is
cuma cá mhéad duine shuidhfeas
aige, béidh a sáith bídh agus dighe le
fagháil acu uilig."
D'fhosgail an mac an bocsa, thionn-
tuigh an tábla amach, shuidh an teaghlach
thart fa'n tábla, agus d'ith agus
d'ól a sáith.
Bhí rí 'na chomhnuidhe san áit chéadna
seo agus cha rabh aige ach aon nighean
amháin, agus chuir an rí fuagradh amach
go bhfuigheadh fear ar bith í a bhéadh
ábalta (ar) trí gháire a bhaint aisti.
Dubhairt Seán le n-a athair go rachadh
seisean. "Níl mórán maith duid-
se ghabháil a dh'amharc ar nighin ríogh,"
arsa'n t-athair; "tógadh ró-bhocht
thú le nighin ríogh a fhagháil le pósadh."
"Is cuma liom," arsa Seán, "rachaidh
mé a dh'amharc uirthi ar sgor ar bith."
Chuaidh sé agus thug leis a bhata
agus a bhocsa. Shiubhail leis go
dteachaidh sé a fhad le caisleán an
ríogh.
Casadh an rí air nuair a bhí sé ag
gabháil ar aghaidh 'un toighe. D'fhiaf-
ruigh sé de goidé a bhí a dhíth air.
"Do nighean má bhím ábalta (ar) trí
gháire a bhaint aisti."
Chuaidh sé isteach. Bhí nighean an
ríogh thuas an staighre. D'iarr an
rí uirthi theacht anuas. Thainic sí
a fhad le cionn an staighre agus
d'amharc sí síos.
D'fhosgail Seán an bocsa a rabh
an fhideal agus an tábla ann.
Annsin d'fhosgail sé an bocsa a
rabh an luchóg agus an cearnamán
ann. Thoisigh an luchóg agus an
cearnamán a dhamhsa ar an tábla.
Rinn' nighean an ríogh gáire. "Tá
gáire amháin agam as do nighin," arsa
Seán. "Tá," arsa'n rí.
Thoisigh an fhideal a phortaidheacht
aríst, agus thoisigh an luchóg agus
an cearnamán a dhamhsa.
Rinn' nighean an ríogh gáire eile.
"Sin dhá gháire (agam as do nighin),"
arsa Seán. "'Seadh," arsa'n rí.
Thoisigh an fhideal a phortaidheacht
aríst, agus thoisigh an luchóg agus an
cearnamán a dhamhsa.
Rinn' nighean an ríogh an tríomh-
adh gáire. "Tá an tríomhadh gáire
agam as do nighin," arsa Seán. "Tá,"
arsa'n rí, "agus gheobhaidh tú mo
nighean le pósadh."
Chruinnigh siad banais mhór agus
pósadh iad.
An tríomhadh lá i ndiaidh a bpósta
d'fhiafruigh nighean an ríogh de n-a
fear an bhfaca sé an áit a rabh
leomhain a hathara. Dubhairt seisean
nach bhfaca. "Is fearr duid theacht
liom-sa," ar sise, "go dteisbeán-
óchaidh mé iad duid."
Chuaidh sé léithe agus d'fhosgail
sí an geabhta. D'amharc seisean
isteach ar na leomhain. "Seasuigh
isteach giota eile," ar sise, "chan
fheiceann tú baoghal ortha go fóill."
Sheasuigh sé isteach giota eile.
Chuir sí a dhá láimh leis, chaith isteach
imeasg na leomhan é, agus dhruid
an geabhta.
D'iarr Seán ar an bhata ghabháil i
gcionn gnaithe gur ghread sé na
leomhain isteach i gcoirneál amháin.
D'fhosgail sé an bocsa ina rabh an
fhideal agus an tábla agus d'ith
agus d'ól a sháith. Bhí sé beo istoigh
imeasg na leomhan trí lá. Smaointigh
sise go rachadh sí a dh'amharc air;
agus chuaidh.
Nuair a d'fhosgail sí an geabhta,
bhí Seán 'na shuidhe istoigh ag gabháil
cheoil. Smaointigh sí go rabh fuil
uasal ann nuair nár mharbh na leomhain
é. D'fhosgail sí an geabhta dó agus
thainic sé amach. Fuair sé bheith 'na
rígh.
Tamall gearr ina dhiaidh sin thug
sé leis a athair agus a mháthair agus
an chuid eile den teaghlach, agus
chaith siad beatha dheas phléisiúrdha
'na dhiaidh sin.
MAC AN GHABHA
Bhí an gabha pósta agus fuair a
bean bás bliadhain i ndiaidh mac óg
a bheith aici.
Nuair a bhí an mac ábalta (ar)
siubhal 'un na sgoile, chuir a athair
'un na sgoile é agus choinnigh ar an
sgoil é go rabh sé dhá bhliadhain déag
d'aois.
Thainic sé isteach lá amháin i
ndiaidh am sgoile. Nuair a rinn'
sé a dhinneár, chuaidh sé amach 'un
na ceardcha, an áit a rabh a athair
ag obair. Shuidh sé síos ar chladach
na teineadh. Bhí sioc agus sneachta
an domhain ann, agus thainic éan
beag isteach ar an urlár. Thoisigh an
t-éan a ghabháil cheoil - is bhí oiread
foghluma ag mac an ghabha is go
dtuigfeadh sé goidé bhéadh na héanacha
a rádh.
"Goidé tá an t-éan beag sin a
rádh?" arsa'n t-athair le n-a mhac.
"Chan fhoghnann sé damh-sa sin a
innse duid," arsa'n mac. "Mura
n-innse tú damh goidé tá an t-éan
beag sin a rádh," arsa'n t-athair,
"cuirfidh mé ar shiubhal i mbéal do
chinn thú." "Maise," arsa'n mac leis
an athair, "má's mar sin atá, innseo-
chaidh mé duid; deir an t-éan beag
sin go dtiocfaidh mise i n-oiread
saidhbhris go fóill is go rachaidh mé
a nighe m'aghaidhe is mo lámh thuas
a chois na teineadh, is go rachaidh tusa
síos 'un tseomra fa choinne éadach
lámh damh le m'aghaidh is mo lámha a
thriomú, is (go b-) pillfidh tú aníos
as an tseomra ar do ghlúinibh
tárnochta is (go) sínfidh tú an t-éadach
chugam-sa le m'aghaidh is mo lámha a
thriomú." "Má's mar sin atá," arsa'n
t-athair leis an mhac, "tá tú fada go
leor agam-sa," ag fagháil greime ar
an mhac is a thabhairt leis 'un na
fairrge gur chaith amach é.
Bhí an chuid a b'fhearr den tsnámh
ag an mhac, agus shnámh sé amach chuig
oileán beag a bhí san fhairrge.
Bhí sé amuigh ar an oileán annsin,
is thainic long as Sasain isteach.
Bhí caiphtín na luinge ag siubhal
thart ar bord agus gloine aige ag
amharc fa dtaobh de. 'Tchí sé an
gasúr beag seo ar an oileán gan
aonduine aige ach é fhéin. D'orduigh
sé do na seoltóiribh bád a leagan
agus ghabháil chuig an oileán ar a
rabh an gasúr agus é a thabhairt ar
bord chuige-san.
Leag na seoltóirí an bád agus
chuaidh chuig an oileán a rabh an gasúr
air. Thóg siad an gasúr leobhtha sa
bhád agus d'fhág siad é ar bord ag
an chaiphtín.
Ar maidin lá ar n-a bhárach sheol an
caiphtín leis go dteachaidh sé go
Sasain. Nuair a chuaidh sé a fhad
le talamh Shasana, ar seisean leis
an ghasúr: "Is fearr duid-se
ghabháil i dtír anois."
Shiubhail an gasúr leis. Chonnaic
sé ceathrar fear ag siubhal roimhe
ar an bhealach mhór, agus cá rabh an
ceathrar fear ag gabháil ach 'un na
ceardcha. Shiubhail sé leobhtha go
dteachaidh siad a fhad leis an cheardcha.
Chuaidh sé isteach is shuidh síos a chois
na teineadh, an áit a rabh an gabha ag
obair.
Nuair a bhí an gabha réidh le n-a
chuid oibre tráthnóna, d'fhiafruigh
sé den ghasúr goidé a bhí a dhíoghbháil
air-san. "Maise, níl a dhath a
dhíoghbháil orm-sa," arsa'n gasúr,
"ach lóistín uait-se go maidin," ag
toiseacht is 'gha innse dó gur mac
bocht gabha a bhí ann as Éirinn, is
goidé rinn' a athair leis. "Má's
mar sin atá," adeir an gabha,
"coinneochaidh mise thú. Béidh tú a
dhíoghbháil orm le timthireacht bheag a
dheanamh damh. Níl aonduine agam
ach mé fhéin is mo bhean."
Bhí sé ag an ghabha annsin go cionn
thrí mbliadhan.
Thainic bliadhain mhór leath-truim i
nÉirinn - droch-bharr agus gann-
tanas bídh. D'fhág na préacháin uile-
go-léir Éire agus d'imthigh siad go
Sasain ach coileach is cearc. Thug
an chearc amach éilbhín, is fuair an
t-éilbhín uile-go-léir bás ach ceann
amháin. D'fhág an chearc an t-éan
sin is d'imthigh sí go Sasain, an áit
a rabh an fhairsingeacht. D'fhan an
coileach gur thóg sé an t-éan.
Thainic bliadhain mhaith i nÉirinn
an darna bliadhain, le fairsingeacht
bídh, is thainic na préacháin uilig ar
ais go hÉirinn.
Thoisigh an coileach is an chearc
a throid fa'n éan, fa chéacu acu
b'fhearr ceart air. D'fhág siad sa
deireadh ag rígh na Sasana le socrú
é - céacu an coileach nó an chearc
b'fhearr ceart ar an éan. Cha
dtiocfadh le rígh na Sasana ghabháil
amach lá ar bith 'na diaidh sin nach
rabh na préacháin uilig cruinnighthe
fa dtaobh de.
"Níl a fhios agam," arsa'n rí,
"goidé an réasún an bhfuil na
préacháin uilig cruinn fa dtaobh
díom-sa, nuair a théighim amach, ach
oiread le fear ar bith eile sa
ríoghacht."
Cha rabh ag an rígh ach aon nighean
amháin, is chuir sé ar na peáipeáir
go dtabhairfeadh sé a nighean agus a
chuid oighridheachta, óna lá fhéin
amach, do bhuachaill ar bith a dtiocfadh
leis a innse dó goidé ba chiall do
na préacháin bheith cruinn fa dtaobh
dó-san ach oiread le fear ar bith
eile sa ríoghacht.
Bhí an gabha a rabh an gasúr aige
ag fagháil na bpeáipeár, agus ar
seisean leis an ghasúr: "An dtiocfadh
leat-sa an réasún a innse?"
"Thiocfadh liom," arsa'n gasúr.
"Má thig," arsa'n gabha, "rachaidh
mise agus tusa go caisleán an ríogh
i mbárach." "Níl maith damh-sa
ghabháil," arsa'n gasúr, "oir tógadh
ró-bhocht mé." "Cha dean sin a dhath
de dhuithbhir," arsa'n gabha. "Gheobhaidh
mise culaidh éadaigh duid comh maith
is bhéas ag an chruinniú i mbárach,
is beathadhach."
Shiubhail siad leobhtha go dteachaidh
siad a fhad le caisleán an ríogh.
Bhí oiread daoine annsin cruinn is
gach aonduine ag innse a sgéil fhéin;
ach cha rabh na préacháin ag fágháil an
ríogh le n-a linn. Fa dheireadh labhair
an gabha amach is dubhairt go rabh
gasúr aige-san annseo a dtiocfadh
leis a innse goidé ba chiall dóbhtha
bheith cruinn fa dtaobh de.
D'iarr an rí ar an ghasúr theacht
ag aghaidh chuige-san; is nuair a chuaidh
sé i láthair an ríogh, arsa'n rí leis;
"An dtig leat a innse goidé an
réasún an bhfuil na préacháin cruinn
fa dtaobh díom-sa ach oiread le fear
ar bith eile sa ríoghacht?" "Thig
liom" arsa'n gasúr. "Bhí bliadhain
mhór leath-truim i nÉirinn is droch-
bharr is an biadh gann, is d'fhág na
préacháin uilig Éire is thainic siad
go Sasain, an áit a rabh an biadh
fairsing." "Thainic," arsa'n rí.
"D'fhan coileach agus cearc i nÉirinn,"
arsa'n gasúr, "is thug an chearc amach
éilbhín; is nuair a thainic an t-éilbhín
amach, fuair na héanacha uilig bás
ach aon cheann amháin. D'fhág an
chearc an t-éan is thainic go Sasain,
an áit a rabh an fhairsingeacht, is
d'fhan an coileach gur thóg sé an
t-éan. Bhí bliadhain mhaith i nÉirinn
annsin an darna bliadhain, is chuaidh
na préacháin uilig 'un a' bhaile go
hÉirinn, is thoisigh an coileach agus
an chearc a throid fa'n éan, fa chéacu
ach b'fhearr ceart air, is d'fhág
siad agat-sa an chúis le socrú."
"An dtug an chearc amach an t-
éilbhin?" arsa'n rí. "Thug," arsa'n
gasúr; "ach d'fhág sí é annsin is
d'imthigh sí go Sasain, is murab é
an coileach, gheobhadh an t-éan bás,
agus is é is fearr ceart air anois."
Le sin d'éirigh na préacháin uilig is
d'fhág siad an rí is cha rabh aon cheann
le feiceáil fa dtaobh de níos mó.
"Anois," arsa'n rí, "tá mise ag
tabhairt mo nighne don ghasúr le
pósadh is mo chuid saidhbhris ó mo
lá fhéin amach."
Pósadh an gasúr agus nighean an
ríogh.
Chuir an rí an gasúr chuig sgoil
mhúinte go cionn bliadhna; is bhí
nighean ríogh eile ag an sgoil mhúinte
seo is thuit sí i ngrádh leis is cha
deanfadh rud ar bith cúis dí ach go
bpósfadh sí é. Dubhairt an gasúr
nach bpósfadh sé í, oir go rabh sé
pósta ar nighin ríogh mar bhí sé.
Bhí fáinne ar nighin an ríogh a bhí
ar an sgoil is bhris sí ina dhá chuid é.
"Anois," ar sise, "bheirfidh mé a
leath duid-se is coinneochaidh mé
fhéin an leath eile, is má thig a dhath
ar cearr ort a choidhche, thig leat
theacht a fhad le caisleán m'athara
agus leath an fháinne a theisbeáint
damh-sa." Dubhairt sí focal cainte
leis annsin is d'iarr sí air an focal
sin a rádh nuair a thiocfadh sé a fhad
léithe ar eagla nach n-aithneochadh sí é.
Chuaidh sé 'un a' bhaile annsin chuig
a bhean fhéin, is bhí sé aici trí bliadhna
nuair a fuair sí amach gur mac gabha
bhoicht as Éirinn é. Ghlac sí fuath
mór dó, is thug sí deoch dó aon
oidhche amháin is bhris a chroiceann
uile-go-léir amach is cha deanfadh
a dhath cúis do n-a mhnaoi ach go
ndíbreochadh sí ar shiubhal ón teach
ar fad é.
D'imthigh sé leis ó áit go háit. Cha
rabh aonduine sásta (ar) a choinneáil
i rith bliadhna.
Smaointigh sé go dtarraingeochadh
sé ar nighin an ríogh a rabh sé ar an
sgoil mhúinte ina cuideachta. Nuair
thainic sé a fhad le geabhta chaisleán
an ríogh, cha leigfeadh an fear a bhí
ag coimheád an gheabhta isteach é.
Chuir mac an ghabha ceist air annsin
fa nighin an ríogh, is dubhairt fear
an gheabhta go rabh sí pósta le dhá
bhliadhain agus go rabh mac amháin
aici bliadhain d'aois. Dubhairt mac
an ghabha gur mhaith leis í a fheiceáil.
Chuaidh teachtaire chuig nighin an
ríogh is thainic sí 'un an gheabhta,
is shín seisean leath an fháinne chuici
a thug sí dó nuair a bhí siad ar an
sgoil mhúinte le chéile. Dubhairt sí
nárbh' é a bhí ann ar chor ar bith.
Dubhairt seisean annsin an focal
cainte adubhairt sí leis nuair a bhí
siad ag sgaradh ó chéile, is chreid sí é.
Thug sí isteach é agus d'fhág in i
seomra leis fhéin é. Cha rabh a'n
doctúir maith sa tír nach dtug sí a
dh'amharc air, is cha dtiocfadh le
haonduine acu a dhath a mhaith a
dheanamh dó.
Bhí féasta mór sa chaisleán aon
oidhche amháin, (as) siocair gur lá
beirthe an mhic a bhí ann, is bhí na
huaisle uile-go-léir cruinn acu.
Chuaidh máthair an pháiste (.i. nighean
an ríogh) isteach 'un tseomra, an áit
a rabh mac an ghabha 'na luighe ag
éagcaoin. "An bhfuil fhios agat,"
ar sise leis, "rud ar bith ar an
domhan a gheanfadh a dhath a mhaith
duid? Má tá a fhios, gheobhaidh mise
duid é." "Chan fhuil a fhios agam a
dhath," ar seisean, "ach aon rud amháin,
is má gheibhim sin, fuigfidh sé slán
folláin mé - sin fuil de mhic-sa le
cumailt orm."
Chuaidh sí isteach 'un tseomra, an
áit a rabh a mac fhéin 'na luighe, is
tharraing a chuid fola is chumail sí
ar mhac an ghabha é is d'éirigh sé suas
comh slán folláin is bhí sé ariamh.
Nuair a bhí mac an ghabha leigheasta,
chaith sé dhá mhí eile sa chaisleán. Lá
amháin, i gcionn an ama sin, chuaidh
nighean an ríogh 'un cainte leis,
agus ar sise: "Is fearr dhuid
ghabháil 'un a' bhaile anois chuig do
bhean go Sasain is rachaidh mise agus
m'fhear leat."
D'imthigh siad leobhtha; is nuair a
chonnaic bean mhic an ghabha ag teacht
iad, chuaidh sí amach is chuir fáilte
mhór rompa, mar bhí lúthgháir an
domhain uirthi go rabh a fear slán
folláin ar ais.
Tamall ins dhiaidh sin, dubhairt
sí leis: "Is fearr dhuid ghabháil
'un a' bhaile go hÉirinn is rachaidh
mise leat le d'athair a thabhairt linn
annseo, mar tá sé beo bocht i nÉirinn
agus tá ar sáith againne le tabhairt
dó."
Thainic siad go nÉirinn fa choinne
an athara. An tráthnóna sin bhí an
gabha dubh 'na sheasamh amuigh ag an
doras is chonnaic sé cóiste ag
teacht agus dhá bheathadhach bhána ann.
Thiomáin siad leobhtha go dtainic
siad 'un na sráide chuig an ghabha
dubh, is d'iarr an mac lóistín air
go maidin. Thug sé loistín dóbhtha.
Ar maidin lá ar n-a bhárach d'éirigh
an gabha dubh go luath; is nuair a
d'éirigh an mac, d'fhág an t-athair
an sgála uisge aige ar chladach na
teineadh le n-a aghaidh agus a lámha a
nighe. Annsin chuaidh sé síos 'un
tseomra fa choinne éadach lámh go
dtriomóchadh an mac a aghaidh is a
lámha leis. Nuair a bhí sé thíos,
chuaidh sé ar a dhá ghlúin thárnochta
is shiubhail aníos mar sin gur shín sé
an t-éadach lámh chuig a mhac.
"Anois," arsa'n mac leis, "an bhfuil
cuimhne agat goidé bhí an t-éan
beag a rádh an lá bhí sé ag gabháil
cheoil ar urlár na ceardcha?" "Is
cuimhneach liom," arsa'n t-athair.
"An tusa mo mhac?" "Is mé,"
arsa'n mac.
Thug sé leis an t-athair annsin
go Sasain, go caisleán an ríogh, is
bhí a sáith uilig acu.
MAC AGUS NIGHEAN AN RÍOGH.
Bhí sin ann i bhfad ó shoin, agus is
i bhfad ó shoin é. Bhí rí ann agus
chruinnigh sé cibé saidhbhreas a bhí san
ríoghacht chuige fhéin. Bhí fear aige,
darb' ainm an Sean-Dall, le
comhairle a thabhairt air. Bhí triúr
mac agus triúr nigheanach aige. Bhí
sé baramhlach go rabh siad sean go
leor le pósadh.
Sgairt sé isteach ar an tSean-
Dall le comhairle a thabairt dó .i.
goidé b'fhearr dó a dheanamh le n-a
thriúr mac agus le n-a thriúr nigheanach.
Dubhairt an Sean-Dall leis: "Níl
aonduine san ríoghacht saidhbhir go
leor le do chlann nighean nó do
chlann mhac a phósadh, agus chan fheicim
bealach is fearr 'ná iad fhéin a phósadh
ar a chéile, agus coinneochaidh sin
an saidhbhreas agat fhéin."
Sagairt an rí ar an mhac agus ar
an nighin a ba sine - agus pósadh iad.
Annsin sgairt sé ar an dara mac
agus ar an dara nighin, agus pósadh
iad-san.
Sgairt sé annsin ar an mhac a
b'óige agus ar an nighin a b'óige;
ach cha dtabhairfeadh an mac óg isteach
don rígh, agus díbreadh é fhéin agus
a dheirbhshiúr.
D'fhág siad caisleán a n-athara
agus shiubhail seo go dtainic an
oidhche ortha, gus shuidh siad síos ar
chloich ag taoibh coilleadh.
Thoisigh sé a chur fhearthanna, agus
d'éirigh sé an-dorcha. Thoisigh an
deirbhshiúr a ghul nuair nár ghlac siad
comhairle.
D'amharc an dearthair fa dtaobh
de agus chonnaic sé solus.
"'Tchím solus," ar seisean, "agus
is fearr dúinn éirghe agus tarraingt
air."
B'fhíor é; d'éirigh siad agus
shiubhail leobhtha go dtainic go teach
an tsoluis. Bhuail siad ag an
doras, agus cá háit a rabh siad ach
ag caisleán ríogh.
D'éirigh an rí agus leig sé isteach
iad agus thug a suipeár dóbhtha - an
biadh agus an deoch a b'fhearr a bhí
sa chaisleán.
Deir an sean-rí leis an rígh óg:
"Is cosamhail gur tógadh go maith thú
in do shaoghal." "Maise, tógadh go
han-mhaith mé," adeir sé; agus d'innis
sé dó gur mac ríogh é, agus gur
chuir a athair ar shiubal é nuair nach
bpósfadh sé a dheirbhshiúr. "Tá go
maith," arsa'n sean-rí: "níl agam-sa
ach mé fhéin agus mo bhean: bheirfidh
mé mo shaidhbhreas agus mo ríoghacht
duid ón lá seo amach, agus bheirfidh
mo bhean a cuid saidhbhris do do
dheirbhshiúir."
Lá ar n-a bhárach, nuair a fuair
an rí óg a bhricfeasta, dubhairt an
sean-rí leis: "Is fearr duid ghabháil
amach liom-sa go dteisbeánóchaidh
mé dhuid an pháirc a bhfuil mo chuid
caorach ramhar ann, agus tabhair
leat an madadh beag bán atá annsin
agus dreasaigh 'sna caoirigh é."
Thug sé leis an madadh beag bán
agus dhreasaigh 'sna caoirigh é. Cha
dteachaidh siad i bhfad gur thuit an
molt a ba reimhe agus gur plúchadh
ina chuid gearach é.
Sgairt an sean-rí leis an molt a
thabhairt 'un a' bhaile, oir go rabh a
chuid teanontuidhthe le theacht lá ar
n-a bhárach le n-a chuid mónadh a
tharraingt agus go mbéadh an molt
a dhíth air i gcomhair a ndinneára.
Nuair a chrom an rí óg leis an
mholt a thógáil, bhí fear agus trí
madaidh 'na seasamh ag a thaoibh.
"Is fearr duid an molt sin a
thabhairt damh-sa," arsa'n fear, "agus
bheirfidh mé madadh duid a iomcharas
ualach ar bith a chuirfeas tú air."
"B'fhéidir nach mbéadh mo mhaighistir
sásta liom, oir níl mé ach húr
san áit seo," ar seisean le fear na
madadh. "Is cuma céacu bhéas sé
sásta nó nach mbéidh," arsa fear na
madadh, "béidh an madadh seo fíor-
úsáideach agus go fóill."
Thug sé dó an molt ar an mhadadh.
Chuir sé an madadh beag bán 'sna
caoirigh aríst agus cha dteachaidh siad
i bhfad gur thuit an dara molt agus
gur plúchadh ina chuid gearach é.
Deir fear an madadh: "Is fearr
duid an molt sin a thabhairt damh-sa
agus bheirfidh mé dhuid madadh atá
comh lúthmhar sin go rithfidh sé síos
rud ar bith a thiocfas ina chasán.
Béidh an madadh seo fíor-úsáideach
agat go fóill."
Thug sé dó an dara molt ar an
dara madadh.
Chuir sé an madadh beag bán 'sna
caoirigh aríst agus cha dteachaidh
siad i bhfad gur thuit an tríomhadh
molt agus gur plúchadh ina chuid
gearach é.
"Is fearr duid an molt sin a
thabhairt damh-sa," arsa fear na
madadh. "Béidh an madadh seo fíor-
úsáideach agat go fóill. Tá fios
ag an mhadadh sin agus níl rud ar
bith dá mbéithear a dheanamh nach
mbéidh a fhios aige fa dtaobh de."
Thug sé dó an tríomhadh molt ar
an tríomadh madadh.
Chuir sé an madadh beag bán 'sna
caoirigh aríst agus cha dteachaidh siad
i bhfad gur thuit an ceathramhadh molt
agus gur plúchadh ina chuid gearach é.
Chrom an rí óg agus thóg sé an
molt, d'fhág ar dhruim an mhadaidh
láidir é, agus thug 'un a' bhaile é
fa choinne dhinneár lucht tharrangta
na mónadh lá ar n-a bhárach.
Nuair a d'éirigh an rí óg an dara
lá agus fuair a bhricfeasta, deir sé
leis an tsean-rígh: "Rachaidh mé
amach fríd an choillidh seo go bhfeice
mé goidé a bhfuil sé cosamhail leis."
"Má ghlacann tú mo chomhairle-sa,"
arsa'n sean-rí, "cha dtéigheann tú
amach fríd an choillidh. Bhí seachtar
mac agam-sa agus, de réir mar bhí
siad ag teacht ar aghaidh, chuaidh siad
amach 'un na coilleadh agus cailleadh
iad ó dhuine go duine agus chan
fhuaire mé a dtuairisg ariamh." "Is
cuma liom" arsa'n rí óg; "rachaidh
mise 'un na coilleadh." "Má théigh-
eann tú amach," arsa'n sean-rí,
"tabhair leat mo ghunna-sa agus
púdar agus grán go leor."
Chuaidh sé amach 'un na coilleadh
agus thug a ghunna agus na trí madaidh
leis. De réir mar bhí sé ag siubhal
sa choillidh bhí gach uile sheort éanacha
a b'fhearr 'ná a chéile dá gcastáil
dó. Sgaoil sé leis gur chaith sé
ultach mór don mhadadh láidir.
Nuair a bhí sé baramhlach go rabh
go leor aige, chruinnigh sé iad, agus
d'iomchar an madadh láidir 'un a'
bhaile chuig an tsean-rígh iad.
Bhí lúthgháir mhór ar an tsean-righ
nuair a chonnaic sé go dtainic an
rí óg 'un a' bhaile slán.
Ar maidin lá ar n-a bhárach d'éirigh
an fear óg, fuair sé gunna agus a
chuid madadh, agus chuaidh 'un na
coilleadh aríst. Maith is mar bhí
na héanacha an chéad lá, bhí siad dhá
uair comh maith an dara lá. Sgaoil
sé leis gur mheas sé go rabh a sháith
aige; agus annsin d'iarr sé ar an
mhadadh láidir iad a chur ar a dhruim
agus a dtabhairt 'un a' bhaile.
Mór is mar bhí lúthgháir ar an
tsean-rígh an chéad lá, bhí a dhá oiread
lúthgháire air an dara lá nuair a
chonnaic sé iad ag teacht.
An tríomhadh lá thug an rí óg leis
a ghunna agus a mhadadh aríst agus
chuaidh 'un na coilleadh. Maith is
mar bhí na héanacha andá chéad lá,
bhí siad trí huaire comh maith an
tríomhadh lá. Nuair a bhí chóir a sháith
aige, mhothuigh sé na crainn ag crathadh,
agus siud amach fathach mór na
coilleadh agus thug sé iarraidh ar é a
stracadh agus a mharbhadh.
Léim na trí madaidh ar an fhathach.
Bhí siad ag alpadh na feola amach
de n-a chorp.
Dubhairt an fathach leis, dá dtabh-
airfeadh sé ar a chuid madadh stad
de agus gan é a mharbhadh, go rabh
caisleán aige sa choillidh agus nach
rabh coirneál istoigh ann nach rabh
lán óir agus airgid agus go bhfuigheadh
sé uilig é.
Thug an rí órdú don mhadadh láidir
breith ar an fathach mhór agus é a
chaitheamh ar a dhruim.
B'fhíor é; chaith an madadh an
fathach ar a dhruim agus shiubhail
leobhtha ag dteachaidh siad go caisleán
an fhathaigh. Cha rabh coirneál istoigh
ann nach rabh lán óir agus airgid.
"Sin ciste mór annsin," arsa'n
fathach mór, "agus caith mise isteach
ann agus cead agam luighe ann go
bhfuighe mé bás."
B'fhíor é; chaith mé an fathach isteach
sa chiste mhór agus chuir an glas air
go maidin.
Lá ar n-a bhárach, nuair a fuair
an rí óg a bhricfeasta, smaointigh
sé go bpillfeadh sé aríst chuig an
tsean-rígh agus go dtabhairfeadh sé
leis a dheirbhshiúr go caisleán an
fhathaigh go bhfeicfeadh sí an saidhbhreas
a fuair seisean.
Chuaidh sé agus thug leis a dheirbh-
shiúr go caisleán an fhathaigh mhóir.
An mhaidin ina dhiaidh sin, nuair a
fuair an rí óg a bhricfeasta, chuaidh
sé amach 'un na coilleadh aríst agus
thug leis a ghunna agus na madaidh.
Nuair a bhí baramhail ag an deirbh-
shiúir go rabh sé sa choillidh, chuaidh
sí fhéin agus an fathach mór a chaint.
Arsa'n fathach: "Dá bhfuighmis do
dhearthair a chur 'un báis, bhéadh an
saidhbhreas uilig againn fhéin ar aon."
"Goidé an bealach báis a thig linn a
chur air?" arsa'n deirbhshiúr. "Tá
claidheamh soluis annsin," arsa'n
fathach. "Chuir suas os cionn an
dorais é, agus nuair a thiocfas do
dhearthair isteach, tuitfidh an claidheamh
air."
Thug sí léithe an claidheamh agus
chuir suas os cionn an dorais é.
An madadh a rabh fios aige, shuidh
sé síos agus cha rachadh sé ní b'fhuide.
Annsin thoisigh na trí madaidh a
chogarnaigh le chéile agus phill siad.
D'iarr an fathach ar an chailín amharc
amach, oir go rabh eagla ag teacht air.
D'amharc sí amach agus chonnaic sí
na trí madaidh ag teacht ina rith.
Isteach léithe agus d'innis don
fhathach go rabh na trí madaidh ag
teacht. "Tóg an clár den chiste,"
ar seisean, "go gcaithe mise mé
fhéin isteach."
Thainic an madadh lúthmhar ar
toiseach, ghearr léim an dorais, agus
isteach leis. Thuit an claidheamh agus
bhain barr an rubaill de. Thóg an
cailín an claidheamh agus d'fhág thart
é.
Thainic an rí óg ina rith comh teann
is thiocfadh leis. Bhí eagla air gur
mharbh an fathach mmór a dheirbhshiúr.
Nuair a thainic sé isteach, d'fhiaf-
ruigh sé an rabh rud ar bith ar cearr.
Dubhairt sise nach rabh.
Ar maidin lá ar n-a bhárach dubhairt
sé le n-a dheirbhshiúir go rachadh sé
amach 'un na coilleadh an lá sin;
agus chuaidh.
Nuair a fuair sise ar shiubhal é,
thóg sí an clár den chiste agus leig
an fathach mór amach. D'fhiafruigh
sé dí an rabh a fhios aici bealach ar
bith leis an dearthair a chur 'un báis.
Dubhairt sise nach rabh a fhios aici;
ach nuair a gheobhadh sí a dearthair
'na chodladh, go mbainfeadh sí an
clár den chiste agus go leigfeadh
sí eisean amach.
Fuair an rí óg a shuipeár an oidhche
sin; agus nuair a bhí sé ag gabháil
a luighe, léim na trí madaidh suas ar
chlár an chiste agus luigh siad ar
clár anuas.
Chuaidh sise ag brath ar iad a chur
anuas, ach í chorróchadh siad dí.
D'iarr sí ar a dearthair iad a chur
anuas, agus dubhairt seisean nach
gcuirfeadh.
Chuaidh sí fhéin ina gcionn aríst,
agus bheir ceann de na madaidh
greim láimhe uirthi, agus luigh (sé) ar
chlár an chiste go maidin.
Chuaidh an rí óg amach lá ar n-a
bharách. Thug leis a ghunna agus na
madaidh.
Nuair a fuair sise ar shiubhal é,
thóg sí an clár agus leig amach an
fathach mór.
"Tá eagla orm," ar seisean, nuair
a fuair sé amach, "nach mbíomuid
ábalta (ar) do dhearthair a chur 'un
báis. Téigh thusa amach; agus nuair
atchífeas tú é, bhí ag sgreadaigh agus
ag caoineadh agus 'gha rádh go bhfuil
an bás ort. Fiafróchaidh sé duid
an bhfuil a fhios agat rud ar bith a
gheanfadh maith duit. Abair nach
bhfuil a dhath ar dhruim an domhain a
gheanfas maith duit ach rud amháin,
agus gurab é sin teanga an tairbh
órdha atá sa Domhan Thoir."
B'fhíor é; bhí sí amuigh roimhe ag
sgreadaigh is ag sgréachaigh go rabh
an bás uirthi, ná gur ghearr an madadh
í sa láimh. D'fhiafruigh an dearthair
dí an rabh a fhios aici rud ar bith a
leigheasfadh í. Dubhairt sí nach rabh
rud ar bith a leigheasfadh í ach teanga
an tairbh órdha a bhí sa Domhan Thoir.
"Bíodh ciall agat," arsa'n dearthair;
"má's féidir sin a fhagháil, gheobhaidh
mise duid é i mbárach."
Bhí an rí óg ar a chois le héirghe
gréine maidin lá ar n-a bhárach. Thug
leis a ghunna, na madaidh, agus long
a bhí ag an fhathach mhór.
(Chuaidh sé ar an luing agus) sheol
sé leis go rabh sé fa ghiota de chais-
leán Rí an Domhain Thoir. Cha rabh
ag an Rígh ach nighean amháin, agus
bhí sise thuas an staighre. Rith sí
anuas chuig a hathair. "Tá an long
ag teacht," ar sise, "is deire chonnaic
mé ariamh, agus chan fheicim uirthi
ach fear amháin agus trí madaidh."
Rith sí 'un an chladaigh agus thug
cuireadh don rígh óg go toigh a hathara.
Chuaidh sé agus d'fhan acu an
oidhche sin. Thuit sí i ngrádh leis.
Dubhairt Rí an Domhain Thoir leis
go rabh cosamhlacht air gur tógadh go
maith é.
D'innis an rí óg gach rud dar
tharla dó, agus an ócáid ar a rabh sé.
"Is fearr duid pilleadh 'un a'
bhaile," arsa Rí an Domhain Thoir leis.
"Cha dteachaidh aon fhear ariamh isteach
chuig an tarbh órdha nár mharbh sé."
"Is cuma liom," arsa'n rí óg; "nuair
a thainic mé an fad seo, féachfaidh
mé leis."
Ar maidin lá ar n-a bhárach chuaidh
sé 'un na páirce ina rabh an tarbh.
Cha deanfadh a dhath maith do nighin
an Ríogh ach go bhfuigfeadh sé na
madaidh aici go dtiocfadh sé aríst.
Dhruid sí iad i dteach a rabh trí dhoras
air.
Shiubhail an rí óg leis 'un na páirce.
Nuair a thainic sé a fhad leis an
gheabhta, d'fhiafruigh sé d'fhear an
gheabhta an bhfuigheadh sé isteach.
Dubhairt seisean go bhfuigheadh, ach
nach dtainic fear beo amach as an
pháirc sin ariamh. D'fhosgail sé
(annsin) an geabhta, agus shiubhail
an rí óg leis ag tarraingt ar an
tarbh.
(Ba annsin) ghearr an madadh
láidir léim agus chuir na naoi ndoras
amach roimhe. Rith sé fhéin agus an
dá mhadadh eile go rabh istoigh sa
pháirc.
Bhí an tarbh fa thrí léim don rígh
óg nuair a thainic na madaidh ar
aghaidh. Léim siad ar an tarbh agus
leag siad é. Thoisigh sé a bhúirfhigh,
chuir amach a theanga, agus ghearr an
rí óg an teanga as le n-a sgin agus
phill ar chaisleán Rí an Domhain Thoir.
Nuair a chonnaic nighean an Ríogh
an fear óg ag teacht agus go dtearn
sé an rud nár éirigh le fear ar bith
a dheanamh ariamh, mór is mar bhí sí
i ngrádh leis roimhe sin, bhí sí trí
oiread i ngrádh leis anois; cha dean-
fadh a dhath cúis dí ach go bpósfadh
sé í. Dubhairt sé nach bpósfadh sé
í go rachadh sé fa choinne a dheirbh-
sheathara go mbéadh sí ag an bhanais.
Leig an deirbhshiúr amach an fathach
mór as an chiste nuair a bhí an fear
óg ar shiubhal, agus bhí sí amuigh ag
coimheád ag súil go bhfeicfeadh sí
ag teacht é. Chonnaic; agus isteach
léithe agus d'innis don fhathach mhór
(go rabh sé ag teacht).
"Tá mise fada go leor as an
chiste," ar seisean; agus isteach
leis, agus chuir sise an glas air.
Thainic an rí óg agus d'innis do
n-a dheirbhshiúir goidé mar bhí.
(Annsin) thug sé teanga an tairbh
órdha dí le cumailt ar a láimh; agus
chumail.
Lá ar n-a bhárach thoisigh sé is thug
leis an t-ór agus an t-airgead.
Nuair a bhí sé 'gha iomchar, chuaidh sise
a chaint leis an fhathach mhór. Dubhairt
seisean léithe claidheamh an tsoluis
a thabhairt léithe, agus cead a iarraidh
leabaidh an lánamhain a dheanamh an
oidhche a phósfaidhe iad; an claidheamh
a chur suas as cionn na leabtha agus
go dtuitfeadh sé ar an rígh óg agus
go muirbhfeadh sé é.
Pósadh iad lá ar n-a bhárach; agus
d'iarr sise cead an leabaidh a
dheanamh. Dubhairt Rí an Domhain
Thoir nach rabh bean ar bith a badh
chórtha a deanamh 'ná í. Rinn' sí
an leabaidh agus chuir an claidheamh
suas os a cionn.
Nuair a shín seisean é fhéin sa
leabaidh, thainic an claidheamh anuas
air agus thuit sé thart marbh. (Agus)
nuair a mhusgail a bhean ar maidin,
fuair sí é 'na luighe marbh ag n-a
taoibh.
Thoisigh an deirbhshiúr a chaoineadh
agus a strócadh na gruaige as a
cionn. Chuaidh sí chuig an Rígh agus
d'fhiafruigh goidé badh chóir a dheanamh
le n-a nighin a mharbh a fear fhéin.
Dubhairt seisean rud ar bith ar mhian
léithe a dheanamh léithe go mbéadh
seisean sásta. "Chan fheicim a dhath
is fearr a dheanamh (léithe)," ar sise,
"ach teinidh a chur síos agus í a dhóghadh."
"Maith go leor," arsa'n Rí; "ach
cha ndóightear í go cionn lá-agus-
bliadhain."
Ní rabh lá ar feadh na bliadhna nach
dtiocfadh bean an fhir mhairbh chuig n-a
uaigh. An lá bhí sí le dóghadh chuaidh
sí an fosta; agus cha rabh sí i bhfad
ann go dtainic na trí madaidh chuici.
Thoisigh siad ar an uaigh agus char
stad gur stróc siad aníos an chomh-
nair. Tharraing (siad) amach as an
chomhair (annsin) é. Ligh (siad) é,
agus d'éirigh sé suas na fhear comh
húr óg is a bhí ariamh; agus thionntuigh
na trí madaidh 'na dtrí fhir bhreaghtha.
Cha rabh i bhfad go bhfaca an Rí
iad ag teacht 'na rith chuige.
Bhí an teinidh réidh le nighin Rí an
an Domhain Thoir a dhóghadh. Thainic
deirbhshiúr an ríogh óig i láthair.
D'iarr an rí óg breith uirthi agus í
a chaitheamh isteach sa teinidh, oir
gurab í ba chionn-tsiocair don
trioblóid uilig. Rinneadh amhlaidh.
Chomhnuigh an rí óg agus a bhean go
suailceach 'na dhiaidh sin. Bhí saoghal
fada agus beatha phléisiúrdha acu;
agus chan fhuair mise leith-phighinn de
n-a dtairbhe.
CONALL MAG FHIONNGHAILE
Bhí Conall 'na chomhnuidhe thuas
annseo ar an Bhealtaine, agus shíl
go leor daoine gur amadán a bhí
ann. Ní rabh dadamh aige ach sean-
ghearrán bán.
Chuaidh sé 'un aonaigh lá leis an
tsean-ghearrán mar i ndúil is go
ndeanfadh sé slighe bheatha de n-a
luach. Bhuail sé leis an ól is rinn'
sé dearmad den tsean-ghearrán
bhán, agus lá ar n-a bhárach goidé
fuair sé ach an gearrán marbh i gcois
claidhe agus a chuid cruidhtheacha dá
dtriomú ag an ghréin.
Ach, a bhráthair ó! bhí sé go holc,
agus cha dtearn sé ach a sgian a
tharraingt amach as a phóca, na cruidh-
theacha a bhaint de, agus an croiceann
fosta. Chuir sé an sean-ghearrán,
agus é san am chéadna ag rádh ina
intinn: "Mo thruaighe thú, a shean-
ghearráin bhoicht! Is olc mar d'éirigh
duid."
D'imthigh sé annsin 'un a' bhaile;
agus ag teacht thart ag taoibh na
carn-aoileadh dó, thug sé fa dear
mórán cuileog ann, mar bhí an lá
te, agus fuair sé greim ar ghiota
a chlár is mharbh sé na céadta acu.
Nuair a chonnaic sé an gníomh a
rinn' sé, siud isteach chuig gabha na
Bealtaine é go bhfuair claidheamh
deanta de chruidhtheacha an tsean-
ghearráin bháin, agus d'agair sé an
gabha claidheamh a dheanamh a mhuir-
bhfeadh céad le gach buille.
Bhí go maith is cha rabh go holc,
siud síos go Gort an Choirce é aon
lá amháin. Bhí tórradh annsin; agus
i ndiaidh an tórraidh, thúsaigh siad
a chaitheamh cloch urchair. D'iarr siad
ar Chonall féacháil leis an chloich.
Chuir seisean ceist orthu an rabh
daoine ar bith thiar sa reilic. Dubh-
airt siad-san go rabh, ach gur chuma,
nach gcuirfeadh sé an chloch a fhad
leo. "Maith go leor," arsa Conall.
Chaith sé an chloch urchair: bhí sean-
bhean ag caoineadh ar uaigh ann is
mharbh sé í leis an chloich.
Rith seisean, agus rith muintear
an tórraidh 'na dhiaidh. Siud soir
fríd Ghort an Choirce iad go léir,
is ag camadh an bhóthair, cé casadh
díobhtha ach doctúir agus a bhean ag
tiomáint i gcarbad. Sgannruigh an
beathadhach, thuit bean an doctúra,
is marbhadh í.
Ach, a bhráthair! d'fhág an doctúir
an carbad fosta agus ina dhiaidh
leis. As go bráth leis an iomlán
acu soir fríd choillidh an mhinistéire
go dteachaidh siad a fhad le céidh an
Dubh-Choradh i n-aice Bhaile an Easa.
Agus go díreach bhí an long ceithre
slata ón chéidh, i ndiaidh seoladh.
Leis an rúide bhí le Conall chuaidh
sé ar bord d'aon léim amháin, thainic
anuas sa sgeadamán ar mhairneálach
bhí 'na luighe ar bord. Stiúc an
fear bocht ar an bhomaite.
Phill siad an long ar ais leis an
mhairneálach a chur sa reilic. Cuireadh
cúirt ar bun annsin gur féachadh
Conall. Cruthuigheadh gur mharbh sé
sean-bhean fosta. D'orduigh an
breitheamh Conall a chur ar uaigh na
sean-mhná, agus cibé fear a b'fhearr
ag caitheamh na cloiche é seasamh ag
an bhonn chéadna (ag) ar sheas Conall,
dá muirbhfidhe fhéin é (.i. Conall),
nach mbéadh dochar deanta.
Ach cha rabh gar ann: cha rabh fear
ar bith de mhuintir an tórraidh, ná
an doctúir fhéin, ábalta (ar) an
chloch a chur a fhad le Conall.
Bhí go maith is cha rabh go holc,
sheol an long ar ais is Conall leo
ar bord, a chlaidheamh ina láimh is
croiceann an tsean-ghearráin ar a
dhruim. Thainic seachrán ortha is rith
an biadh is caitheadh faideoga ar na
fir go léir, is thuit sé ar Chonall
bhocht a chur 'un báis go n-itheadh an
chuid eile é.
Ach, a bhráthair! cheangail Conall
an croiceann fa n-a mhuineál, is
léim sé ó dhruim na luinge isteach
san fhairrge. Bhí sgoith an tsnámha
aige, is shnámh sé leis go dtainic
sí i dtír thall i n-íochtar na Gréige.
Ba ghnáth le nighin an Ríogh bheith ag
spaisteoracht thart fa'n chósta gach
maidin, is an mhaidin seo thug sí fa
dear Conall 'na luighe is an croi-
ceann fa dtaobh de is an claidheamh
sáithte ann. D'innis sí do n-a
hathair é. Thainic cuidiú gur thóg
leo Conall go dtí an Rí. D'amharc
siad ar an chlaidheamh is chonnaic
siad na focla seo sgríobhtha air: -
"Céad le gach buille."
Bhí go maith is cha rabh go holc,
fa'n am chéadna seo bhí caisleán úr
dá dheanamh ag Rígh na Gréige, is
an mhéid a thógadh siad sa lá bhéadh
sé caithte anuas ar maidin. Fuair
Conall aire mhaith, is thainic sé chuige
fhéin. Tugadh biadh agus deoch dó;
ach le sgéal fada a dheanamh goirid,
d'innis an Rí dó fa dtaobh den
chaisleán, is dubhairt Conall leis go
ndeanfadh seisean a dhícheall.
Chuaidh Conall amach an oidhche seo
agus chaith sé an méid cloch mór a
fuair mé ar bharr an bhalla. Agus
cha rabh sé i bhfad annsin ag fanacht
go dtainic dhá fhathach. Thoisigh siad
a leagan an chaisleáin; acht, a bhráthair!
chaith mo Chonall cloch anuas agus
bhuail fear acu i mullach an chinn.
"Ná dean sin níos mó," arsa fathach
acu leis. Chaith Conall cloch eile
anuas is bhuail sí an dara fathach i
mullach an chinn; is le sgéal fada
a dheanamh goirid, thuit siad fhéin
amach le chéile: throid siad gur
mharbh fear acu an fear eile go
dtainic Conall anuas gur steall
sé an ceann den dara fathach.
Ach i dtaca le háthas de, bhí sin ar
an Rígh nuair d'innis Conall dó
goidé mar tharla. Thug an Rí moladh
mór do Chonall is dubhairt go
ndeanfadh sí cúis an-mhaith ar fad.
An dara hoidhche thainic dhá fhathach
eile i dtráthaibh an ama chéadna, is
d'éirigh díobhtha mar d'éirigh don
chéad bheirt.
"Faraor géar!" arsa'n tsean-
chailleach, máthair na bhfathach, "tá
mo cheathrar mac marbh anois agus
tá eagla mhór orm go muirbhfidh sé
mo thriúr mac eile fosta mura
dtabhairfidh siad aire mhaith (dóbhtha
fhéin).
Ach le sgéal fada a dheanamh
goirid, rinn' Conall réidh an oidhche
seo is chuaidh 'un an chaisleáin. Cha
rabh i bhfad go dtainic an bheirt a
b'fhearr de na fathaigh is thoisigh an
troid. Fuair Conall an bhuaidh
ortha (mar fuair ar na fathaigh eile).
Nuair a chuala an seachtmhadh fathach
goidé mar bhí, ní rabh maith leis
comhrac a thabhairt do Chonall, ná bhí
seisean beagán níos laige 'ná an
seisear eile.
Bhí go maith is cha rabh go holc,
pósadh Conall agus nighean an Ríogh,
agus tugadh an áit go huile dó.
Bhí banais ann a mhair lá agus
bliadhain, is bhí an lá deireannach,
má bhí a dhath ann, ní b'fhearr 'ná an
chéad lá.
Chomhnuigh siad san chaisleán úr
comh luath is bhí sé deanta. Bhí am
aoibhinn aerach acu fhéin is ag an Rígh
fada go leor; ach má bhí, badh mhaith
leis an tsean-chailligh Conall a chur
'un báis dá mbíodh a fhios aici goidé
an dóigh.
Fuair Conall cuireadh aon lá
amháin ón tsean-chailligh is óna mac,
an fathach óg. Thainic mo Chonall.
Leig siad-san ortha fhéin go rabh
fáilte roimhe. D'iarr an tsean-
chailleach ar an fhathach ghabháil amach
is é fhéin agus Conall an t-iarann
a chaitheamh go bhfuigheadh siad amach
goidé an láidreacht a bhí ann. Chaith
an fathach an t-iarann giota beag,
ná bhí sé comh trom is nach dtógfadh
dhá claigeann déag d'fhir chothroma
é. Rinn' Conall fead ghlaice, is
chuir an fathach ceist air cad chuige
an dtearn sé sin. "Tá," arsa
Conall, "tá mé ag gabháil a chaitheamh
anonn go hÉirinn chuig gabha an bhaile
s'againne (.i. gabha na Bealtaine).
Gheanfaidh sé inneoin de, agus rinn'
mé an fhead fa choinne é an casán
a fhágháil aige. "Ó, a athair na
gcarad!" arsa'n fathach, "ná caith,
ná béidh sé a dhíoghbháil orm fhéin."
"Tá eagla orm go bhfuighe sé do
bhuaidh," arsa'n tsean-chailleach (nuair
thainic siad isteach); "ach an bhfuil a
fhios agat goidé gheanfas tú: tá,
tabhair leat siar 'un na coilleadh é,
an áit a bhfuil tarbh mire. Dean
thusa búirfhe, is tiocfaidh an tarbh go
muirbhfidh sé Conall.
Chuaidh an bheirt 'un na coilleadh,
agus, a bhráthair! rinn' Conall an
chéad bhúirfhe, rith sé suas go dtí an
áit a rabh an tarbh, is ghearr an ceann
de le n-a chlaidheamh - ná is cuma cá
rachadh Conall bhíodh an croiceann is
an claidheamh leis. (Annsin) d'iarr
sé ar an fhathach an tarbh a chaitheamh
ar a dhruim agus a thabhairt 'un a'
bhaile go n-íosfadh siad a sáith de.
(Bhí an ceann leis fhéin).
"Tá eagla orm go mbéidh an
bhuaidh ag Conall," arsa'n tsean-
chailleach. Ach dubhairt sí leo go
gcaithfeadh siad ghabháil 'un na
coilleadh fa choinne adhmaid a ghean-
fadh teinidh a rósfadh an tarbh.
Le sgéal fada a dheanamh goirid,
chuiadh, is tharraing Conall dhá chrann
mhóra. Chuir an fathach ceist cad
chuighe an dtearn sé sin. Dubhairt
leis gur fa choinne an choillidh uilig
a thabhairt soir a bhí sé. "Ó, a rí na
gcarad!" arsa'n fathach, "ná dean
sin ar chor ar bith; tá oiread liom-
sa is gheanfas cúis." Dubhairt Conall
go rabh maith go leor.
D'imthigh siad leo agus rós an
tarbh.
Bhí go maith is cha rabh go holc gur
thoisigh an comhrac fa ché acu a b'fhearr
ag ithe an tairbh. Ach, a bhráthair!
goidé rinn' Conall le croiceann
an tsean-ghearráin bháin ach é a chur
thart fa n-a chorp a ghan fhios don
fhathach. Thoisigh an bheirt ar an
itheachán, is bhí Conall ag ithe trí
ghreim le haon ghreim an fhathaigh.
Bhí Conall ag leigean air fhéin go
rabh sé fhéin a shlugadh go huile, ach
ina áit sin, bhí sé 'gha chur sa
chroiceann.
Stad an bheirt den ithe. Luigh
Conall siar is tharraing amach sgian
bheag a bhí ina phóca, ghearr sé an
croiceann suas, agus thainic an
fheoil amach os coinne an fhathaigh.
"Mo dhona is mo dhothairne," arsa'n
fathach, "gur ith mé fhéin barraidheacht."
Rinn' sé an cleas céadna a chonnaic
sé Conall a dheanamh: stoth sé a
bholg leis an sgin. Luigh sé siar
annsin agus fuair bás.
Bhí an tsean-chailleach go brónach
ar fad, is dubhairt Conall go leigh-
easfadh seisean an fathach má bhí aon
ghiota muic-fheola aici. Chuartuigh sí
go bhfuair sí dhá sgealbhóig muic-
fheola. Arsa Conall léithe: "Cuir
iseach san oighean iad"; agus chuir.
"Cuir siar go maith iad," arsa Conall;
is nuair fuair seisean an tsean-
chailleach isteach i gceart, dhinn sé
siar i bhfad ní b'fhuide í is dhruid
sé an doras uirthi gur bruitheadh í.
Chan fhacas níos mó an tsean-
chailleach. Ba é sin deireadh leis
an iomlán acu.
D'amharc Conall in gach coirneál,
is bhí airgead is gach a'n seort in
gach áit ar amharc sé. Char bhain sé
le dadaidh ach pilleadh ar ais go dtí
an caisleán. Bhí lúthgháir ar a bhean
agus ar an Rígh roimhe gan amhras.
Chuaidh siad an clochán tamall ina
dhiaidh sin is níor báitheadh iad, is
thainic mise an bóthar is tá mé slán
go fóill, buidheachas do Dhia.
Ó DOMHNAILL AGUS MAC AN BHÁIRD
I bhfad ó shoin, nuair a bhí Ó Domh-
naill i n-árd-réim i gCaisleán Dhún
na nGall, ba ghnáth leis bheith amuigh
ar fud na condae go minic, corr
lá ag seilg fa na sléibhtibh, agus
laethe eile ag maircidheacht thart agus
ag breathnú uadh.
Lá amháin dá rabh Ó Domhnaill
amuigh fa ghleanntaibh Thír Chonaill
thainic air ceo iongantach trom, agus
ní rabh sé ábalta ar a bhealach a
dheanamh ar ais 'un an Chaisleáin.
Thiomáin sé leis fríd shléibhtibh agus
choilltibh go dtí go dtainic sé a fhad
le teach beag cheann-tuigheadh a bhí
ar thaoibh an bhealaigh mhóir. Tharraing
Ó Domhnall suas ar an teach le fios
a fhagháil ce'n bealach a b'fhearr a
bheirfeadh trasna é ar abhainn a bhí
ann. D'umhluigh sé ar dhruim an
bheathadhaigh ag doras an toighe bhig
seo, agus d'fhiafruigh an rabh aonduine
istoigh. Dubhairt gasúr a bhí 'na
shuidhe ag an teinidh go rabh - fear go
leith agus ceann gearráin.
D'fhiafruigh Ó Domhnaill de annsin
an rabh glinn san abhainn. Dubhairt
an gasúr leis go rabh.
D'imthigh Ó Domhnaill annsin agus
chuaidh trasna na habhanna an aith-
ghiorra 'un a' bhaile - trasna san áit
ar iarr an gasúr air ghabháil; ach
fhobair gur báitheadh é fhéin agus a
a bheathadhach.
Lá ar n-a bhárach, i ndiaidh Ó Domh-
naill ghabháil 'un a' bhaile, chuir sé
sgéala fa dhéin an ghasúra, go rabh
gnaithe áirid aige leis, ach go gcaith-
feadh sé theacht ina láthair gan a dhath
éadaigh bheith air, agus gan bheith tárn-
ochtuighthe, gan bheith ag maircidheacht
ná ag siubhal le míniú a thabhairt ar
an rud adubhairt sé an lá roimhe sin.
Nuair a chuala athair agus máthair
an ghasúra go gcaithfeadh sé míniú
a thabhairt ar an rud adubhairt sé an
lá roimhe sin, thainic eagla mhór ortha
go mbainfidhe an ceann den ghasúr,
oir rinn' siad amach nach mbéadh sé
ábalta ar sin a dheanamh. Ach d'iarr
an gasúr ar a athair agus ar a
mháthair gan sin brón ar bith a chur
ortha, ná go bhféachfadh seisean le
míniú an roda a thabhairt d'Ó
Domhnaill. Le sin chaith an gasúr
de a chuid éadaigh, chas sean-eangach
thar n-a chorp, agus d'imthigh leis ag
tarraingt ar Chaisleán Uí Dhomhaill
i nDún na nGall. Ach sul a dtainic
sé comhgarach den Chaisleán, goidé
casadh air ach collach muice. Fuair
sé greim rubaill ar an chollach, chaith
leath-chos tharais, agus an chos eile
ag tarraingt ina dhiaidh, agus thainic
ar an dóigh sin go doras an Chaisleáin.
Thainic Ó Domhnaill i láthair annsin
agus chuir forán roimhe.
"'Tchím," adeir Ó Domhnaill leis
an ghasúr, "go dtainic tú 'mo láthair
sa dóigh ar orduigh mé duid. Anois,
innis damh cad chuige ar ubhairt tú
liom indé go bhfuighinn trasna na
habhanna tirim, ná fhobair gur báitheadh
mé fhéin agus mo bheathadhach capaill
ag gabháil anonn dúinn."
Labhair an gasúr annsin agus
dubhairt leis go rabh cuid lachan a
mháthara ag gabháil anonn agus anall
annsin 'ach a'n lá agus nach dteachaidh
sé ariamh thar a mbolg ortha lá ar
bith. Ba léar d'Ó Domhnaill as
freagra seo an ghasúra nach rabh
sárú le deanamh air i bpointe ar
bith.
Dubhairt Ó Domhnaill leis an
ghasúr go rabh deirbhshiúr aige agus
go dtabhairfeadh sé dó í le pósadh.
Dubhairt an gasúr go rabh sin maith
go leor, ach go gcaithfeadh seisean í
a fheiceáil ar dtús, ná ní phósfadh sé
muc i mála.
Sgairteadh annsin ar dheirbhshiúir
Uí Dhomhnaill i láthair; ach nuair a
chonnaic an gasúr í, ní phósfadh sé í
ar ór na cruinne - bhí sí comh míofur
sin. 'Sé an rud adubhairt sé le
hÓ Domhnaill gur mhór an náire do
n-a threibh ríoghamhail a leithéid de
mhnaoi a bheith fa n-a chaisleán, ní hé
amháin a chur ar ghasúr óg cosamhail
leis-sean.
Chuir sin fearg mhór ar Ó Domhnaill,
agus ní thearn sé ach leitir a sgríobhadh
sa bhomaite agus a síneadh chuig an
ghasúr.
D'orduigh sé dó gan an leitir a
thabhairt do dhuine ar bith ar eagla
go mbéadh a fhios goidé bhí innti.
D'iarr sé air siubhal leis go mbéadh
sé ag Caisleán na Finne - ná bhí
dearthair d'Ó Domhnaill ina chomh-
nuidhe i gCaisleán na Finne.
Sul ar shroich an gasúr Caisleán
na Finne, goidé rinn' sé ach ghabháil
isteach i dteach sgoile bhí ar thaoibh
an róid, agus d'fiafruigh an maighis-
tir de cá rabh sé ag gabháil. Dubhairt
an gasúr leis go rabh sé ar a bhealach
go Caisleán na Finne le leitir a
chuir Ó Domhnaill leis chuig a dhearth-
air. D'iarr an maighistir an leitir
air go bhfeiceadh sé goidé bhí innti.
Dubhairt an gasúr leis nach dtiocfadh
leis sin a dheanamh, ná go mbéadh a
fhios gur fosgladh í, agus nach rabh
ordú ar bith aige sin a dheanamh.
Dubhairt an maighistir leis gan
eagla ar bith bheith air fa sin, ná nach
bhfaca seisean lorg pinn ariamh nach
dtiocfadh leis aithris a dheanamh air,
agus nach mbéadh a fhios gur fosgladh
í.
Thug an gasúr an leitir dó annsin;
agus léigh an maighistir í gan fios
a thabhairt don ghasúr goidé bhí innti.
Nuair a bhí an leitir léighte aige,
dubhairt sé agus é ag crathadh a
chinn: "Mo thrí thruaighe thú, is tú
atá ag iomchar na croiche!"
Shiubhail an gasúr leis annsin go
dtainic sé go Caisleán na Finne.
Ar teacht i láthair dó 'un an Chais-
leáin bhí fear dá thogáil báithte as
abhainn a bhí ann. Chruinnigh mórán
daoine go dtaoibh na habhanna nuair
a chuala siad gur báitheadh an fear.
Cibé nach rabh ann, bhí dearthair Uí
Dhomhnaill ann, agus d'fhiafruigh sé
céacu páiste nó duine críonna
bhí báithte. D'fhreagair an gasúr é
go sílfeadh sé nach críonnacht ar bith
a bheirfeadh ar dhuine é fhéin a bháthadh.
Sa bhomaite chéadna sin smaointigh
dearthair Uí Domhnaill gur Mac
an Bháird a bhí aige ann, agus
d'fhiafruigh sé de cá fhad síos a bhí
sé. Dubhairt an gasúr go rabh sé
síos a fhad is bhí sé salach. "An
tusa Mac an Bháird?" arsa dearthair
Uí Dohmhnaill. "Is mé go dearbhtha,"
arsa Mac an Bháird. "Bhí ag teacht
liom-sa 'un an Chaisleáin, má's tú,"
arsa dearthair Uí Dhomhnaill.
Ar teacht isteach dóbhtha 'un an
Chaisleáin thug deathair Uí Dhomhnaill
ordú do n-a chuid searbhfhoghantuidhthe
a shuipeár a dheanamh réidh go maith
do Mhac an Bháird. Rinn' na seirbh-
ísigh mar hiarradh ortha, agus rinneadh
réidh suipeár maith dó fhéin agus do
bheirt eile bhuachaillí aimsire, agus
cuireadh 'un an aon tábla amháin
iad.
Nuair a b'fhada le dearthair Uí
Domhnaill a bhí siad ag ithe, chuaidh
sé go dtí doras an tseomra agus
chonnaic sé go rabh uibh i láimh gach
duine ach Mac an Bháird. "Nach
bhfuil uibh ar bith ag Mac an Bháird?"
arsa seisean. "Dá mbéadh do lámh
in mo bholg, bhéadh a fhios agat sin,"
arsa Mac an Bháird. "Bhí mé le
do chrochadh ar uair a dó dhéag a chlog
anocht," arsa dearthair Uí Dhomhnaill,
"ach ó tharla go bhfuil tú comh beag
de mhúineadh is atá tú, fuigfidh mé
anois thú go dtí a dó dhéag i mbárach
go bhfeicfidh an saoghal mór uilig
thú do do chrochadh." "Tá mise an-
shásta mo chrochadh am ar bith," arsa
Mac an Bháird.
Chuaidh Mac an Bháird a luighe
annsin agus chodluigh sé go sámh go
héirge gréine lá ar n-a bhárach.
D'éirigh sé ar maidin lá ar n-a
bhárach agus rinn' a bhricfeasta go
maith. Bhíthear le n-a chrochadh ar
uair a dó dhéag an lá sin.
Thainic sé i láthair ag an am a
rabhthar le n-a chrochadh. Ní rabh
cuma air go rabh eagla ar bith dá
laighead air. Char labhair sé a'n
fhocal ariamh go dteachaidh an rópa
caol cnáibe ar a mhuineál; ach sul
ar tharraing an crochadóir an snaidhm,
labhair Mac an Bháird agus d'iarr
sé athchuinghe ar Ó Domhnaill, ach ní
athchuinghe bheo. Dubhairt dearthair
Uí Dhomhnaill go bhfuigheadh sé athchu-
inghe ar bith dá n-iarrfadh sé ach
athchuinghe bheo. Annsin d'iarr Mac
an Bháird ar dhearthair Uí Dhomhnaill
theacht agus a cheann a chur sa tsnai-
dhm ina chuideachta-san. Ní dheanfadh
an fear uasal sin; agus mar gheall
ar gan a fhocal a bhriseadh, leig sé
cead a chinn le Mac an Bháird.
D'imthigh Mac an Bháird agus bhain
an baile amach.
Go gearr ina dhiaidh sin bhí a
Domhnaill ag fagháil cinn ar Chaisleán
Dhún na nGall, agus bhí aige ag
obair air fir chéirde as Sasain anall
gur chuir siad críoch leis an obair.
Bhí crann ag fás le taoibh an Chais-
leáin agus bhí a bharr ag cromadh
amach os cionn na haibhléise. Chuaidh
fear de mhuintir na Sasana agus
chaith sé tor sa chrann, agus dubhairt
gur sin dubhshlán na hÉireann aon-
duine a fhagháil a tharraingeochadh an
tor. Ghoill seo go mór ar Ó Domh-
naill go mbéadh dubhshlán na hÉireann
ag na Sasanaigh, agus ní rabh a fhios
aige cá bhfuigheadh sé duine bhéadh
ábalta ar a tharraingt. Sa deireadh
smaointigh sé dá mbéadh duine ar
bith i nÉirinn a bhéadh ábalta ar an
ghníomh a dheanamh gurab é Mac an
Bháird an fear sin. Chuirfeadh sé
fa n-a choinne ach ní rabh a fhios aige
i nÉirinn cá rabh sé.
Thug sé ordú annsin do na seir-
bhísigh gan duine bocht ar bith dá
dtiocfadh a leigean ón Chaisleán go
bhfeicfeadh seisean cá rabh Mac an
Bháird ag baint faoi. Rinn' siad
sin dó. De réir mar bhíodh na bochta
ag imtheacht ón Chaisleán bhíodh Ó
Domhnaill ag cur tuairisge Mhic an
Bháird nó go dtí go dtainic fear
bocht thart lá amháin a d'innis do
Ó Domhnaill go rabh a fhios aige-
sean cá rabh Mac an Bháird, ach nach
rabh maith ar bith dó chur fa n-a choinne
de bhrigh nach dtiocfadh sé dhá chóir.
Thug Ó Domhnaill gach uile ghealltanas
nach mbainfeadh sé leis ach go gcuir-
feadh an fháilte a b'fhearr roimhe.
Fuair Mac an Bháird an sgéala
gur chuir Ó Domhnaill cuireadh air
theacht 'un an Chaisleáin; ach sul a
dteachaidh sé chuig Ó Domhnaill, leig
sé féasóg shé seachtmhainí fás air
fhéin, agus chuaidh annsin i n-inibh
duine bhoicht chuig Ó Domhnaill. Ach
má chuaidh fhéin, níor leig sé a aithne go
dtí é go bhfuair gach uile ghealltanas
ó Ó Domhnaill nach ndeanfadh sé
dochar ar bith dó. Annsin dubhairt
sé le hÓ Domhnaill gurab eisean
Mac an Bháird. Thainic lúthgháir mhór
ar Ó Domhnaill nuair a chuala sé
gurbh'é bhí ann, agus d'innis dó a
ghnaithe leis.
Fuair sé Mac an Bháird bearrtha
agus nighte annsin, agus chuir air
culaidh den éadach a b'fhearr a bhí
le fagháil. D'orduigh sé dó an
seomra b'fhearr dá rabh sa Chaisleán,
an áit a bhfuigheadh sé togha gach bídh
agus rogha gach dighe go cionn sé
seachtmhainí mar i ndúil is go mbéadh
sé ábalta ar an tor a tharraingt.
Ach i gcionn thrí lá ghoid Mac an
Bháird amach as an Chaisleán agus
chuaidh suas ar an chrann, tharraing
an tor agus sháith cúig troighthe níos
airde é i mbarr an chrainn, agus
dubhairt gur sin dubhshlán na Sasana
go bráth.
Ach bhí gnaithe eile ag Ó Domhnaill
le Mac an Bháird. San am sin bhíodh
fear ag gabháil thart a dtugtaoi
an Ghné Cháinte air. Bhí a fhios ag
Ó Domhnaill go rabh an Ghné Cháinte
seo ag teacht gan mhoill 'un an
Chaisleáin, mar bhí sé ag siubhal ar
mhór-uaislibh na tíre san am. Is
cosamhail gur duine aistidheach
bearrtha a bhí ann, agus bhí eagla ar
gach duine roimh n-a theangaidh. Is
cosamhail go rabh eagla ar Ó Domh-
naill roimhe fosta. Ach an lá seo
dá rabh Ó Domhnaill ag súil leis an
Ghné Cháinte, thug sé ordú do Mhac
an Bháird é fhéin a ghléasadh i gculaidh
an bhuachaill bó, agus chuir sealbhán
dá chuid eallaigh leis ionnus go
sílfeadh an Ghné Cháinte gur buachaill
na bó é.
D'fhan Mac an Bháird ag sraith
na habhanna go dtainic an Ghné
Cháinte - é fhéin agus a bhean agus
coileán beag madaidh - ionns' air
agus iad istoigh i gcarr bheag.
Sheasuigh siad ar an taoibh eile den
abhainn agus bhreathnuigh an Caisleán
uatha anall. Labhair Mac an Bháird
leobhtha agus d'fhiafruigh cé hiad
fhéin nó goidé an rud iad. Thug an
Ghné Cháinte freagra mar seo ar
Mhac an Bháird:
"Rois Súile mise a shiubhlas an tír seo
maidin is neoin;
An mhéid iarraim gheibhim agus bheirim
liom thart mar lón;
Deir daoine go bhfuil mé comh bearrtha
leis an chloich mhóir,
Gur bean sidhe mo chéile, is nach bhfuil
in mo choileán ach dobhar."
Labhair Mac an Bháird annsin agus
isé dubhairt sé:
"A Rois Súile, a Rois Súile, is tú an
fear beadaidhe;
Is tú an fear is bearrtha dá bhfacas le
fada;
Is tú an díofrach beag sgallta, tú fhéin,
do bhean, is do mhadadh
Ag triall na gcríoch seo síos le do
mhála folamh."
Lean siad leo annsin ag gearradh
chuig n-a chéile ar feadh tamaill;
ach sa deireadh thug an Ghné Cháinte
suas, ná ní rabh sé ábalta ar an
choinnil a sheasamh do Mhac an
Bháird. "Ó tharla buachaill na bó
comh bearrtha seo," arsa'n Ghné Cháinte
ina intinn fhéin, "caithfidh sé go
dtug an diabhal leis an maighistir!"
Ní thearn an Ghné Cháinte ach pilleadh
ar a chois agus imtheacht an bealach
a dtainic sé.
Chuaidh Mac an Bháird ionns' ar
Ó Domhnaill agus d'innis dó gur
chuir sé an tóir ar an Ghné Cháinte.
Chuir sin lúthgháir mhór ar Ó Domhnaill.
Shuidh sé síos agus sgríobh sé leitir
do Mhac an Bháird, agus thug ordú
dó gan an leitir a thabhairt do dhuine
ar bith go rachadh sé a fhad leis an
Leic Bhig i n-Ailt an Chorráin, agus í
a thabhairt don agent annsin. Shiubhail
Mac an Bháird leis, coiscéim anois
agus coiscéim aríst, gan deifre ar
bith, ag smaointiú i dtólamh nach
rabh rud ar bith sa leitir. Ar theacht
anuas dó ag Baile na Cloch-bhaile
cé casadh air ach agent na Leice Bige
agus é ar chosa i n-áirde ag tarra-
ingt ar Ó Domhnaill i nDún na
nGall. Shín Mac an Bháird an
leitir chuige. Léigh sé í. "Mo thrí
thruaighe," arsa seisean le Mac an
Bháird, "nár casadh orm níos luaithe
thú. Dá siubhailfeá níos gaiste agus
bheith ar an Leic Bhig sul ar fhág mise
sin, bhéadh a bhfuil ó Ghaoth Beara 'un
na Leice Bige agat. Anois níl le
fagháil agat ach ceithre ceathramhna
de Leitir (.i. Leitir Mhic an Bháird).
Sin an rud a bhaist Leitir Mhic an
Bháird ar an áit go dtí an lá
indiu.
Níor cluineadh níos mó iomráidh
ar Mhac an Bháird ina dhiaidh sin go
dteachaidh sé faoi chré; agus ó tharla
nár cluineadh, caithfidh mise deireadh
a chur le mo sgéal.
OISÍN
Fuair siad uilig bás. Bhí sé fhéin
agus a chú bán amuigh aon lá amháin
agus chonnaic sé an mhaighdean ag
tarraingt air ba bhreaghtha chonnaic
sé riamh. Bhuail siad 'un comhráidh
le chéile; agus ba é an mín is réidh-
teach a bhí ann gur thóg sí léithe go
Tír na hÓige é.
Ní rabh sé fhéin agus na cailíní ag
teacht le chéile ann. Deireadh sé
leobhtha go bhfaca sé caor chaorthainn
i nÉirinn ba mhó 'ná an measgán ime
bhíodh acu, agus go bhfeiceadh sé
duilleog eidhin i nÉirinn ba mhó 'ná
an ovel (oven) aráin bhíodh acu.
Annsin badh mhaith leis theacht go
hÉirinn ar ais. Chuir siad sean-
ghearrán bán leis - ná, dá leagadh
sé a chos ar thalamh na hÉireann,
bhéadh sé 'na sheanduine chríon chaithte
aosta.
Nuair a thainig sé go hÉirinn,
chonnaic sé beirt ag iarraidh bheith ag
cur cloiche móire as casán an traein
(creidim nach rabh traen ar bith ann
san am). Stap sé an beathadhach;
is b'éigean do leath-chos a leagan
ar an talamh gur chuir sé a mhéar
leis an chloich mhóir gur chaith sé as an
bhealach í. Annsin bhí sé 'na shean-
duine chríon chasta gan lúth gan
láthair.
D'iarr sé a thabhairt go dtí áit
éighinteacht a rabh cloch mhór a rabh a
gcuid airteagal ann.
Thionntuigh sé an chloch mhór. Thug
sé leis ceann de na hairteagail -
fídeog a bhí san airteagal - gur
shéid sé í is gur chruinnigh sé éanacha
an aeir. Dhreasuigh sé an cú bán
'sna héanacha b'fhearr a bhí ann go
dtí go rabh tráth bídh aige fhéin is
ag a chú bán.
I n-am Naomh Pádraig a bhí seo,
is thug Naomh Pádraig 'un creidimh
é. Nuair a bhí Naomh Pádraig 'gha
thabhairt 'un creidimh, dubhairt Oisín:
"Dá bhfeicfinn-se Goll is Dia ag spáirn
I mullach an chnuic áird ud thall;
Dá bhfeicfinn-se Goll ar Lár,
Deirfinn gur fear láidir Dia."
Annsin thug Naomh Pádraig amharc
dó ar Ifreann is ar na Flaithis.
Bhí an iall a bhí i súiste Ghoill ag
briseadh i gcionn 'ach a'n bhomaite,
is d'iarr Naomh Pádraig ar Oisín
trí athchuighe a iarraidh is go bhfuigheadh
sé iad.
D'iarr Oisin (1) iall a chur i súiste
Ghoill nach mbrisfeadh go bráth; (2)
sgraith ghlas a chur faoi chosaibh Osgair
a shábhálóchadh a bhonna ar a mbruith;
(3) a chú bán a bheith leis 'un na bhFlaith-
eas.
Annsin d'iarr Naomh Pádraig air
theacht go mbaisteadh sé é; is thainig.
Sháith sé an coinnleoir síos sa talamh,
is cá háit ar sháith sé é ach fríd dhruim
a choise. Nuair a chonnaic Naomh
Pádraig an tuile fhola síos an
t-urlár, d'éiligh sé leis cad chuige
nár innis sé dó é. "A chléirigh
bheannuighthe," ar seisean, "shíl mé
gur den bhaisteadh é." "Is truagh
an té chífeas is nach gcreideann, agus
is méanar don té chreideas is nach
bhfeiceann," arsa Naomh Pádraig.