Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sgéalaidhe Fearnmhuighe
Title
Sgéalaidhe Fearnmhuighe
Author(s)
Laoide, Seosamh,
Pen Name
Mac Tíre na Páirce
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
ROIMH - RÁDH Seo é an chéad leabhar sgéalaidheachta do cruinnigheadh i n-éan-dúthaigh de Chúige Uladh. I bhfíor-uachtar na cúige sin atá Fearnmhagh, mar ar hinnseadh na sgéalta so. Tá an dúthaigh nó an bharúntacht so ag teórainn- teacht le Cúige Laighean, .i. le Contae na Midhe, & ba mhionroinn de'n Mhidhe i n-allód í. Dá dhruim sin, is féidir a rádh gurab í sgéalaidheacht na Midhe atá ins an leabhar so comh maith le sgéalaidheacht Chúige Uladh. Rud eile, ní mheasaid mór-chuid de mhuintir Fhearnmhuighe gurab Ultaigh iad, mar is amhlaidh adeirid gur mó an bhaint atá aca le Contae na Midhe. Bhíodh sain amhlaidh nó ná bíodh, is cinnte go bhfuil blas Uladh ar an gcaint, mar sórt Ultachais is eadh an chanamhaint atá beó fós, go mór-mhór i mbéal seandaoine, i n-uachtar Uladh agus i n-íochtar Laighean. Ní'l annso acht fíor-bheagán de na sgéal- taibh do bhí le fághail i bhFearnmhuigh. Dá laighead a bhfuil 'sa leabhar, dá gcuirfidhe chum iad do bhailiughadh anois, ní dócha go bhféadfaidhe iad d'fhághail. An bheirt ó'r
cuireadh síos iad, táid siad araon ar shlighe na fírinne, beannacht Dé le n-a n-anman- naibh, agus is beag d'á samhail ar fághail ins an tír sin i leith eoluis ar Ghaedhilg do labhairt agus sgéalta d'innsin innti. 'Siad anmanna na beirte sin Tomás Ó Corragáin do chomh- nuigh 'sa Chaisleán Thoir i n-aice Cairrge Machaire Rois agus Tomás MagRuadair do bhí 'na chomhnuidhe i gCairgeach Lios na n-Áirne i ngar do Choll-a-bhile, baile eile i bhFearn- mhuigh. 'Sé Mac Uí Chorragáin do innis beagnach gach a bhfuil 'sa' leabhar; ní fríth acht II. agus IV. ó Thomás Mhag Raudair. Má's rud é go bhfuil canamhaint mhór ar na sgéaltaibh seo, is orra féin atá an chuid is mó de'n locht i n-a thaobh sain de. Ní dearnadh rud mór de gach éan-chor beag canamhna d'á bhfuil ionnta, acht ar a aghaidh sin anonn, do rinneadh dícheall ar gan an iomarca aire do thabhairt d'á leithéidíbh, agus gnáth-litriughadh na teangadh d'á leanamhaint mar is minice no féadadh é. Le súil go racha sé i dtairbhe do lucht foghluma Gaedhilge i gCúige Uladh agus i n-íoch- tar Laighean atá an leabhar so d'á chur amach. AODH BEAG O LEÓRTHA Bhí bean ann aon uair amháin, agus ní'l anois, agus is cuma gá hacú bhí nó nach rabh. Bhí mac aicí a rabh Aodh Beag O Leórtha air. Thainic se isteach aon lá amháin chuige n-a mháthair. "Fagh réidh cearc is bunnóg," ars' eisean; "go racha me a dh'iarraidh nighne an ríogh." Dubhairt a mháthair leis, "Ó, a mhic mhoir- nigh, goidé chuir sin in do chionn? Nach muir- bheachar thú, má théid tú a chomhair thighe an ríogh? Chan fhuigheadh aon dhuine nighean an ríogh acht an té bhainfeadh trí gháire aistí." Dubhairt se gan ghéilleadh dó sin go rachadh. D'imthigh Aodh Beag O Leórtha is thug se sean-bheitheach bán leis. Nuair a bhí se i bhfogus do gheata an ríogh, chuaidh se a mhar- caigheacht ar an tsean-bheitheach. Bheir greim urbaill air is chuir se an beitheach ar ais 'un an gheata. D'fhiostruigh fear an gheata dhe goidé bhí a dhíth air. Dubhairt se go rabh se ag dul a dh'iarraidh nighne an ríogh. Bhí sí
thuas i mullach an tighe báirr is rinn sí gáire mór. "Tá trian do do nighin bainte agam, a rí," arsa Aodh Beag. "Tá, le donas is le doghrainn daoi," ars' an rí. D'imthigh Aodh Beag a bhaile. Lá ar(t) n-a bháireach thug se boc gabhair leis. Chuaidh se a mharcaigheacht ar an mboc. Bheir se greim dhá adhairc air. D'fhiostruigh fear an gheata gá rabh sé ag dul. Dubhairt se go rabh se ag dul a dh'iarraidh nighne an ríogh. Bhí nighean an ríogh i mullach an tighe báirr is rinn sí gáire mór eile. "Tá dhá thrian do do nighin bainte agam, a rí." "Tá, le donas is le doghrainn daoi," ars' an rí. D'imthigh Aodh Beag a bhaile. Lá ar(t) n-a bháireach thug se cráin mhuice leis. Nuair a bhí se ag an gheata, chuaidh se a mharcaigheacht ar an chráin is bheir se greim dhá chluais uirthí. "Goidé tá a dhíth ort?" arsa fear an gheata. "Tá me ag dul a dh'iarraidh nighne an ríogh," arsa Aodh Beag.
Bhí sí thuas i mullach an tighe báirr is rinn sí gaire mór eile. "'Nois, a rí, tá do nighean bainte agam." "Tá, le donas agus doghrainn daoi," ars' an rí; "Chan fhaghann tú anois í," adeir an rí, "go mbeara tú cionn an fhathaigh thall atá ins an choill chugam." D'éirigh Aodh Beag ar maidin. Char bh'fhada gur chas fathach mór air. "A rógaire 's a chnéamhaire," ars' an fathach, "goidé rug ag teacht a chomhair m'áite thú? Is mór liom ionn a ngreim thú, 's is beag liom ionn i ndá ghreim thú; ní'l acht sgubóg luaith- readh ar bhárr mo theangadh ionnat." "Glór Dé os cionn do ghlóir, a bhodaigh shalaigh," arsa Aodh Beag. "Gá hacú is fhearr leat, coraidheacht nó cruadh-chomhrac?" ars' an fathach. "Is fhearr liom coraidheacht," arsa Aodh Beag. Bheir siad ar a chéile ins na snadhmannaibh cruaidhe coraidheacht' go ndeanadh siad creagán de'n mbogán, bogán de'n chreagán; dhá dtiocfadh duine ó íochtar an domhain go huachtar an domhain gur ag amharc ar an dís seo thiocfadh. Char bh'fhada go dtug Aodh
Beag fásgadh dhó; chuir se go dtí n-a ghlúine is-talamh e, (an) dara fásgadh go dtí bhásta a bhrístí, (an) treas fásgadh go dtí ubhall a sgórnaighe. "Fód geárr glas uaim os do chionn, a bhodaigh shalaigh." "A Aodh Bhig Uí Leórtha mhoirnigh, ná teana (déan) thusa sin; bheara me a bhfeil amuigh 's astigh agam duid, 's ná teana sin." "Is liom fhéin sin ó do lá-sa amach," arsa Aodh Beag, ag caitheamh a chinn de, naoi n-iomaire, naoi n-eitrinn, gan tuisleadh, gan tuirleadh. Bhí an cionn ag teacht ar an cholainn aríst. Bhuail sé bárr-chos air. "Char bh'fhoráil duid," ars' an cionn, "dhá bhfuighinn-se ar an cholainn aríst, tusa ná fir Éirinne nach sgaithfeadh é." "Bhí fhios agam fhéin sin," arsa Aodh Beag. Chaith se an cionn trasna a ghualainne. Bhí se ag teacht a bhaile go tigh an ríogh. Chas fear ar an mbealach air, ceangailte do chrann. 'Sé an t-ainm a bhí air an Crochaire Tárnochttha. "A Aodh Bhig Uí Leórtha mhoirnigh,"
arsa 'n Crochaire Tárnochttha, "sgaoil as seo me." "Chan fhuil baint agam duid, is geabhfa me láimh leat," arsa Aodh Beag. D'imthigh Aodh Beag go tigh an ríogh. Chaith se an cionn 'uig an rígh. Bhí an rí lán áthais go rabh fathach marbh. Lá ar(t) n-a bháireach d'imthigh Aodh Beag 'un na coilleadh is chonnaic se fathach mór ag teacht. Thainic an fathach chuige. "A rógaire 's a chnéamhaire, mharbh tú mo dhearbhráthair i ndé. Is mór liom ionn i ngreim thú 's is beag liom ionn i ndá ghreim; ní'l acht sgubóg luaithreadh ar bhárr mo theangadh ionnat." "Glór Dé os cionn do ghlóir, a bhodaigh shalaigh; muirbhfidh mé thú fhéin i ndiú." Bheir siad ar a chéile ins na snadhmannaibh cruaidhe coraidheacht' go ndeanadh siad creagán de'n mbogán, bogán de'n chreagán, tobar fíoruisge i lár na cloiche glaise le neart, teann agus dochar ar an mball sin; dhá dtiocfadh duine ó íochtar an domhain go huachtar an domhain, gur ag amharc ar an dís seo thiocfadh. Leis sin thug Aodh Beag fásgadh dó agus chuir se go dtí n-a ghlúine is-
talamh é, (an) dara fásgadh go dtí bhásta a bhrístí, an treas fásgadh go dtí ubhall a sgórnaighe. "Fód gearr glas uaim os do chionn, a bhodaigh shalaigh." "A Aodh Bhig Uí Leórtha mhoirnigh, ná teana thusa sin; bheara me a bhfuil amuigh 's astigh agam duid." "Is liom fhéin sin ó do lá-sa amach," arsa Aodh Beag, ag caitheamh a chinn de, naoi n-iomaire, naoi n-eitrinn, gan tuisleadh, gan tuirleadh. Bhí an cionn ag teacht ar an cholainn aríst. Bhuail se bárr-chos air. "Char bh'fhoráil duid," ars' an cionn, "dhá bhfuighinn-se ar an cholainn aríst, tusa ná fir Éirinne nach sgaithfeadh é." Thug Aodh Beag an cionn leis trasna a ghualainne go rabh se 'san áit i rabh an Crochaire Tárnochttha. "A Aodh Bhig Uí Leórtha, sgaoil as seo me." "Chan fhuil baint agam duid, is geabhfa me láimh leat." D'imthigh leis go tigh an ríogh agus cionn an fhathaigh leis. Bhí an rí lán áthais go rabh an dá fhathach marbh. Thug se isteach 'un tighe é,
agus thug se taogha gach bídh dó is raogha gach dighe is fuair leabaidh dó. Ar maidin d'éirigh Aodh Beag is chuaidh 'un na coilleadh aríst. Chonnaic se fathach mór ag teacht. "A rógaire 's a chnéamhaire," ars' an fathach, "goidé bheir ag teacht fá mo chúirt, fá mo chathair thú i ndéidh mo bheirt' dearbhrá- thar a mharbhadh? Is mór liom ionn i ngreim thú, is beag liom ionn i ndá ghreim thú, 's ní'l acht sgubóg luaithreadh ar bhárr mo theangadh ionnat." "Glór Dé os cionn do ghlóir," arsa Aodh Beag, "b'fhéadar go muirbhfinn thú fhéin i ndiú." Bheir siad ar a chéile ins na snadhmannaibh cruaidhe coraidheacht' go ndeanadh siad creagán de'n mbogán, bogán de'n chreagán, is tobar fíoruisge i lár na cloiche glaise le neart, teann is dochar ar an mball sin; dhá dtiocfadh duine ó íochtar an domhain go huachtar an domhain gur ag amharc ar an dís seo thiocfadh. Thug Aodh fásgadh dó is chuir se go dtí n-a ghlúine is-talamh é, (an) dara fásgadh go dtí bhásta a bhrístí, (an) treas fásgadh go dtí ubhall a sgórnaighe.
"Fód gearr glas uaim os do chionn, a bhodaigh shalaigh." "A Aodh Bhig Uí Leórtha, ná teana thusa sin; bheara me a bhfeil amuigh 's astigh agam duid." "'S liom fhéin sin ó do lá-sa amach," arsa Aódh Beag, ag caitheamh a chinn de naoi n-iomaire, naoi n-eitrinn, gan tuis- leadh, gan tuirleadh. Bhí an cionn ag teacht ar an cholainn aríst. Bhuail sé bárr-chos air. "Char bh'fhoráil duid;" ars' an cionn; "dhá bhfuighinn-se ar an cholainn aríst, tusa ná fir Éirinne nach sgaithfeadh é." "Bhí fhios agam fhéin sin, "arsa Aodh Beag, ag caitheamh an chinn trasna a ghualainne. D'imthigh leis go rabh se ag Crochaire an Tárnochttha. "A Aodh Bhig Uí Leórtha, sgaoil as seo me." Leig Aodh Beag an cionn síos ar an talamh, sgaoil se an Crochaire Tárnochttha. Bheir an Crochaire Tárnochttha ar Aodh Bheag, bhain se a chuid éadaigh de is chuir se a chuid éadaigh fhéin ar Aodh Bheag. Cheangail se Aodh Beag do'n chrann. Thug se cionn an fhathaigh leis go tigh an ríogh. Bhí an rí lán
áthais go rabh na fathaigh marbh. Shaoil se gur'b é Aodh Beag a bhí aige. Bhí oidhche spóirt is ceoil acú eadra sin is maidin. Thug an Crocaire Tárnochttha nighean an ríogh leis. Ar maidin, nuair a d'éirigh an rí, bhí a nighean ar siubhal. Chuala se gur'b é an Crochaire Tárnochttha thug a nighean leis. Chuir se fir amach a chuartughadh Aodha Bhig. Fuair siad ceangailte do'n chrann e. Sgaoil siad e. Thug siad a bhaile go tigh an ríogh e. Bhí an rí dócrach buaidheartha gur tugadh an bhean ar siubhal. "Bheara me áit na bhfathach duid," ars' eisean le hAodh Beag, "acht fanach agam." "Chan fhanaim," arsa Aodh, "go racha me a chuartughadh mo mhná." Fuair se réidh an chearc 's an bhunnóg. D'imthigh se leis gur chas abhainn air. Chuaidh se a nighe a chos. Chonnaic se breac mór 'san abhainn. Dubhairt se leis an bhreac, "Is maith agam thú le haghaidh mo bhunnóige." "A Aodh Bhig Uí Leórtha mhoirnigh, ná teana thusa sin, 's ní'l a(on) chruadh-chás dha mbeidh tú ionn nach gcuideacha me leat." D'imthigh leis gur chas cú bheag ghearr ghlas
ar thaoibh sléibhe air. Chuaidh sé ag ithe greim. D'iarr se ar an chú cuidiughadh leis. Dubhairt an chú, "Chan fhiú duid mo leithid- se i bhfad a bheith ar aon iúl leat." Chaith se a sháith de'n arán chuig an chú. "Ní'l a(on) chruadh-chás," ars' an chú, "dha mbeidh tú choidhche ionn nach gcuideacha me leat." D'imthigh Aodh Beag leis. Char stad se go rabh se aige tigh an Chrochaire Tárnochttha. Chonnaic nighean an ríogh ag teacht e. "Céad míle fáilte dhuid, a Aodh;" adeir sí, "shaoil me nach bhfeicinn a choidhche thú. Ní'l fhios agam goidé ghéanas me leat. Nuair a thiocfas an fathach seo a bhaile muirbhfidh se thú." Bhí lá spóirt acú go rabh an tráth moill ag teacht. Chuir sí Aodh Bheag i bhfolach. Thainic an Crochaire Tárnochttha isteach, sean-bheitheach leis trasna a ghualainne. Tharraing thríd an teinidh is thríd an luaithridh e is thríd na fiacla fada fuara is d'fhág thuas e ar aon ghreim amháin. "Frú, frá, féasóg, mothuighim boladh an Éireannaigh bhréagaigh bhradaigh ag teacht fá mo chúirt is fá mo chathair anocht."
"A rúin 's a ghrádh 's a mhic is fearr 'ná an t-athair, bhí mise i mullach an tighe báirr; bhí éanlaith beaga na hÉirinne ag luighe orm." "Ó, b'fhéadar soin, b'fhéadar soin," ars' eisean. Chuaidh siad a luighe. "'Nois;" arsa nighean an ríogh, "dhá bhfuighfeá thusa bás, goidé ghéanainn-se 'sa tír strainseartha so?" "Ó! hó!" ars' eisean, "chan fhaghaim-sa bás a choidhche; chan ionnam fhéin atá mh'anam." "Ó! is gá bhfeil se?" arsa nighean an ríogh. "Tá se ins an mbáinseoig ghlas tá os coinne an doruis." D'imthigh leis ar maidin. D'éirigh nighean an ríogh is fuair sí rósaí is pamhsiní agus gach aon seort dha rabh deas is chuir sí thart ar an mbáinseoig e. Ag teacht a bhaile do'n Chrochaire Tár- nochttha, bhí fiadh mór trasna a ghualainne leis. Tharraing thríd an teinidh is thríd an luaithridh e is thríd na fiacla fada fuara is d'fhág thuas ar aon ghreim amháin e. "Frú, frá, féasóg, mothuighim boladh an Éireannaigh bhréagaigh bhradaigh ag teacht fá mo chúirt is fá mo chathair anocht."
"A rúin 's a ghrádh, nach mbeidh sin ann, fad is bheas mise ann?" "Tá agus thuilleadh ann," adeir se. "Ó, bhí mise i mullach an tighe báirr, agus bhí éanlaith beaga na hÉirinne ag luighe orm." "B'fhéadar soin, b'fhéadar soin," ars' eisean. Chuaidh se amach. "Goidé an sgéal do'n mbáinseoig a bheith lán rósaí is pamhsiní?" "Nár 'ubhairt tú," arsa nighean an ríogh, "gur sin an áit i rabh d'anam? Budh mhaith liom a bheith moirneach ar an áit i rabh d'anam." "Óch! Ó!" adeir se, "dhá mbéidheadh fhios agad gá bhfuil m'anam, is cosmhail go mbeifeá moirneach air?" "Bhéidhinn, bhéidhinn," adeir sí, "moirneach air." "Tá crann thíos annsin ar bhruach na fairrge is tá tonnóg astigh 'sa chrann agus tá uigh i dtóin na tonnóighe agus astigh 'san uigh atá m'anam, agus chan fhaghaim-sa bás a choidhche go dtí go dtiocfadh Aodh Beag O Leórtha atá i n-Éirinn 's go ngeárrfa sé an crann leis an tuaigh bhriste bhearnach tá faoi'n leabaidh, agus sin rud nach dtig a choidhche."
Ar maidin lá ar(t) na bháireach, nuair a d'imthigh an Crochaire Tárnochttha, d'imthigh Aodh Beag is fuair se an tuagh. Thoisigh a gheárradh an chroinn. Nuair a bhí an crann i bhfogus do bheith geárrtha, léim tonnóg amach as ins an fhairrge. "A chú bheag gheárr ghlas a chas orm 'sa' tsliabh, rith is gabh an tonnóg damh." Rith an chú is ghabh se an tonnóg dó. Thuit an uigh as tóin na tonnóige. "Ó, a bhreic mhoirnigh chas orm, fagh an uigh damh." Rith an breac is fuair se an uigh dó. Bhí an Crochaire Tárnochttha ag teacht, lán samh- láis. Bheir Aodh Beag ar an uigh agus bhuail i gclár an éadain e. Thuit se marbh. D'imthigh Aodh Beag is bhain se an cionn de. Chruinnigh siad a rabh a shaidhbhreas amuigh 's astigh aige. Thainic a bhaile go tigh an ríogh. Bhí an rí lán-lúthghaireach fá Aodh Bheag is fá n-a nighean a theacht a bhaile. Bhí bainis lae is bliadhna acú, an lá deireannach gómh maith leis an chead lá. Sin mo sgéal- sa agus brobh in do bhéal-sa agus ceapaire fada buidhe in mo bhéal-sa.
RIDIRE LABHRADHA LUIRC Bhí rí aon uair amháin i Manainn ar ainm dó Ridire Ruadh mhac Labhradha Luirc. Bhí arm mór láidir ag géillbheáilt dó, agus gach aon bhliadhain ionn i n-am de'n bhliadhain chuirthí fear do na fearaibh agus cha dtiocfaidhe tuarasgbháil ar bith fhághail uabhtha. Bhí bean fogus go maith do Mhanainn. Bhí fleasgach deas óg mic aicí agus cha rabh aon mhac aicí acht é. Thainic a sheal gur chuir an rí fios air, agus chuaidh a mháthair chuig an rígh agus chaith sí í fhéin faoi n-a chuimrighe agus dubhairt sí leis nach rabh aon mhac aicí acht é agus go rabh eagla uirthí go gcaillfeadh sí e. Dubhairt an rí léithe nach gcaillfeadh. Chuaidh an buachaill chuig an rígh agus chuir an rí rún air gan a ársuighe do dhuine ar bith beó goidé chonnaic se. Chuaidh an buachaill a bhaile chuige n-a mháthair ar ais agus chuaidh se ar druim nach n-aitheachadh duine ar bith e agus bhí se ar lígh
báis. Dubhairt gach doctúir leis nach dtioc- fadh leobhtha an dadaidh a dheanamh dó, agus chuaidh a mháthair chuige sean-dhall a bhí insa' tír leis, agus dubhairt sé nach rabh rud ar bith air acht rud amháin, rún mór a bhí ar a intinn, agus acht mur n-innseachadh sé sin, go ngeobhadh se bás. Dubhairt an buachaill leis, dhá ngeobhadh se bás, nach n-innseachadh se an rún do aon dhuine beó. Dubhairt an sean-dhall leis a dhul 'un na coilleadh agus a rún a leigint le crann agus go ndeanadh se cómh maith. Chuaidh an buachaill 'un na coilleadh agus léig se a rún leis an chrann. Seal 'na dhéidh sin bhí an chláirseach a bhí insa' chaisleán (.i. i gCaisleán Mhanann) le cur i n-órdughadh agus dubhairt fear dhéanta na cláirsighe go gcaithfidhe crann úr fhághail dí. Chuaidh siad 'un na coilleadh agus gheárr siad an crann ar léig an buachaill a rún leis. Nuair a cuireadh an chláirseach i n-órdughadh agus nuair a sheinn fear na dtéadaibh an chláir- seach, deireadh sí, "Tá dhá chluais capaill ar Ridire Labhradha Luirc." D'fhéach gach fear ollamh ná téadaibh dha rabh insa' chaisleán ar an chláirsigh agus deireadh sí go "rabh dá chluais
capaill ar Ridire Labhradha Luirc." Thainic an rí é fhéin i láthair agus bhain se de a hata, sgaoil se síos a dhá chluais capaill agus char cheangail se suas ariamh 'na dhéidh sin iad. Char chuir se aon dhuine 'un báis ní mhó. AN DEARBHRÁTHAIR BOCHT AGUS AN DEARBHRÁTHAIR SAIDHBHIR Bhí beirt dearbhráthar aon uair amháin. Bhí fear acú a rabh an iomad saidhbhris aige, agus an fear eile, bhí se bocht, bhí a lán tighe a pháistí aige, bhí droch-dhóigh ortha agus cha rabh an dadaidh acú le n'ithe. An fear bocht, bhuail se isteach tráthnóna lá 'ucú. D'iarr se lóisdin go lá. Thainic an oidhche. Bhí se ag amharc ar na páistí bochta. "Tá an t-ocras ar na páistí bochta," adeir se le fear an tighe. "Chan fhuil neart agam air," arsa fear an tighe, "tá an aimsir gann." "Gá hé tá 'na chomhnaidhe 'sa' tigh
mór sin thall ná gá leis e?" ars' an fear bocht. "Sin mo dhearbhráthair-sa," adeir fear an tighe. "Siubhail leat," adeir an fear bocht, "go mbainimid caora as an stoc." D'imthigh an bheirt leobhtha. Ghabh an fear bocht caora maith reamhar is thug se leis í. Thainic siad a bhaile is bhain siad an croi- ceann dí. Bhruith siad pota maith feola do na páistí. Ar maidin lá ar n-a bháireach, nuair a d'éirigh an sgológ, chonntais se na caoirigh is bhí se cionn geárr. Thainic se anall 'uige n-a dhearbhráthair agus dubhairt se leis gur goideadh caora aréir uadh: "Tá se chomh maith agad a theacht d'á cuartughadh." "Rachaidh mise libh," ars' an fear bocht. D'imthigh leobhtha d'á cuartughadh agus an fear bocht leobhtha. Chuir an fear bocht cos suas gach aon mhuinchilte. Nuair a bhí siad ag dul amach ar an gheata, chrom an fear bocht agus d'fhág se lorg na gcos ins an chlábar. "'Nois," adeir se leis an duine uasal, "nach seo lorg caorach 'sa' gheata?"
Ní'l aon gheata a deacha siad amach air nachar fhág an fear bocht lorg na gcos ins an chlábar. Lean siad do lorg na gcos annsin go rabh an oidhche ann. "Tá se chomh maith againn pilleadh a bhaile," ars' an fear bocht; "chaill muid lorg na gcos." Thainic siad a bhaile. An oidhche chéadna, d'imthigh siad is thug siad caora eile leobhtha. Bhain siad an croiceann dí. Fuair siad réidh pota bréagh dí. Ar maidin lá ar n-a bháireach, thainic an fear aríst chucú. "A dhearbhráthair mhoirnigh," adeir se, "goideadh caora eile aréir uaim." D'imthigh siad d'á cuartughadh agus an fear bocht leobhtha. Ní'l aon gheata a rachadh siad amach air nach bhfuigheadh an fear bocht lorg na gcos ins an chlábar. Nuair a thainic an tráthnóna aríst: "Tá se chomh maith againn pilleadh a bhaile," ars' an fear bocht. Nuair a thainic siad a bhaile 's a shocruigh gach aon rud, thug siad bológ reamhar leobhtha. Bhain siad an croiceann dí. Fuair siad réidh pota bréagh dí. D'ith na páistí a sáith do'n fheoil. Dubhairt an duine uasal
le n-a mháthair nach rabh 'fhios aige goidé ba sgéal do go rabh siad ag spórt 's ag pléisiur 's ag sámhas anois. "Ársachaidh mise duid," ars' an mháthair; "Fagh réidh cófhra mór. Rachaidh mise isteach 'sa' chófhra," adeir sí; "cuir lón seacht- mhaine ionn." Chuir se a mháthair isteach 'sa' chófhra. Thug se leis an cófhra is d'fhág se i dtigh a dhear- bhráthar e. Dubhairt se leis an cófhra choin- neáil, nach rabh farsinneach aige do 'sa' mbaile. Thainic an fear bocht isteach: "Gá bhfuaras an cófhra seo ná goidé t' ann?" "Chan fheil 'fhios agam," adeir fear an tighe; "char amhairc me air." "Óch! Ó!" adeir an fear bocht; "béidh 'fhios agam-sa goidé t'ann." D'fhosgail se clár an chófhra agus fuair se an chailleach istigh ann. "Ó, a chailleach bhradach, bhí dúil agad sgéala bheith a bhaile leat." Fuair se greim feola agus chuir se síos i n-a béal e, is thacht se í. I gcionn na seachtmhaine thug an fear
saidhbhir an cófhra a bhaile. Nuair a d'fhos- gail se an cófhra, fuair se a mháthair marbh astigh 'sa chófhra. Fuair se réidh comhgar agus d'iolc se a mháthair. An oidhche chéadna d'iolcadh í, d'imthigh an fear bocht is thóg se aríst í. Thug se leis ar a dhruim í agus d'fhág se ag an chruaich mhónadh í is dhá bhata fúithe. Chuaidh duine isteach 'uig an sgolóig agus dubhairt se leis go rabh a mháthair ag an chruaich mhónadh. Thainic se anuas go tigh a dhearbhráthara. "Pop! pop!" adeir se le n-a dhearbhrá- thair, "tá mo mháthair ag an chruaich mhónadh." "Ársachaidh mise gad ghéanaidh tú léithe," ars' an fear bocht; "char chaith tú leith a sáithe léithe. Chuir mála maith óir faoi n-a cionn is mála airgid faoi n-a cosa." Chuaidh se a bhaile is chuir se mála óir faoi n-a cionn is mála airgid faoi n-a cosa 'sa' chomhraidh. Chuaidh siad is d'iolc siad í. D'imthigh an fear bocht is d'osgail se an chomhraidh is thug se an mála airgid agus an mála óir leis a bhaile, 's an tsean-bhean, thug se leis ar a dhruim í. D'fhág se 'na seasamh ar an dorus í agus dhá bhata fúithe. Nuair a chuaidh an sgéal isteach 'uig an
sgolóig annsin go rabh a mháthair ag an dorus, rith se anuas an áit i rabh a dhearbhrá- thair 's an fear bocht: "Thainic mo mháthair ar ais arís!" "Ó, má thainic, ársachaidh mise anois goidé ghéanaidh tú léithe. Tabhair an treas chuid do do chuid saidhbhreas do'n bhfear bhocht so, 's cha chuireann do mháthair trioblóid níos mó ort." Rinn an sgológ sin. Thug se an treas chuid d'á chuid saidhbhreas d'á dhearbhráthair do'n bhfear bhocht. Thug. Chuaidh se is d'iolc se a mháthair. Cha dtainic sí ar ais níos mó. Sin é mo sgéal-sa. AN FEAR A CHUIR CLUAIN AR AN mBÁS Bhí fear ionn aon uair amháin agus is cuma gá hacu bhí nó nach rabh. Bhí beirt mhac aige. Nuair a bhí se ag fághail bháis, shocruigh se: d'fhág se a roinn fhéin aige gach fear acu. Thárlaidh fear acu a bheith saidhbhir, agus an fear eile dócrach bocht agus bhí muirighin mhór chloinne aige. Bhí mac óg aige n-a mhnaoi agus
chuaidh se a chuartughadh cáirdeas' Críosta dó. Nuair a chuaidh píosa de'n mbóthar, chas fear in-sa' ród air. D'fhiostruigh se de gá rabh se ag dul. Dubhairt se go rabh se ag dul a chuartughadh cáirdeas' Críosta le haghaidh a churtha faoi n-a mhac. "Tabhair mise leat," ars' an fear. "Gá hé thusa?" "Mise Rí an Domhnaigh." "Cha dtugaim-sa thusa liom." Shiubhail se leis an ród gur chas fear eile air, agus d'fhiostruigh se de gá rabh se ag dul, agus dubhairt se leis go rabh se ag dul a chuartughadh cáirdeas' Críosta le haghaidh a churtha faoi n-a mhac. "Tabhair mise leat." "Gá he thusa?" "Mise Mac Dé." "Cha dtugaim-sa thusa liom," ars' an fear; "tá tusa ag fágáilt móráin de'n tsaoghal aige cuid acu, agus an chuid eile ar ghann-chuid." Shiubhail se leis an ród gur chas fear eile air agus d'fhiostruigh se de gá rabh se ag dul. Dubhairt se go rabh se ag dul a chuartughadh cáirdeas' Críosta d'á chur faoi n-a mhac.
"Tabhair mise leat." "Gá hé thusa?" ars' an fear. "Mise an bás." "Tusa an fear a bhearas me liom. Is tú is cniosda ar bith. Bhearann tú leat iad as an éadan ó'n rígh go dtí an bacach. Cha ghlacann tú duais ó aon dhuine." Chuaidh se leis an pháisde, le n-a mhic, agus ar a philleadh, dubhairt se leis go bhfuigfeadh se dóigh bheathadh air. Dubhairt se leis go mbéidheadh se 'na dhoctuir, agus duine ar bith a bhfeiceadh se eisean aige n-a chionn gan glacaint le n-a léigheas acht a thabhairt suas le bás, agus duine ar bith a bhfeiceadh se aige n-a chosaibh é, é ghlacadh le n-a léigheas, agus go bhfuigheadh se biseach. Bhí se ag léigheas gach duine as an éadan ar ghlac se le n-a léigheas. Cha rabh doctuir ar bith in-san áit ab' fhearr 'na e, go dtainic se chuige rígh a bhí le bás agus cuireadh fios air le n-a léigheas. Nuair a chuaidh se chuige, fuair se an bás aige n-a chionn. D'órduigh se a ceathrar chuig an leabaidh, agus an rí a thionntodh, agus a chionn a chur chuig an áit i rabh a chosa. Léigheas se an rí annsin, agus nuair a bhí se ar a philleadh
a bhaile, chas an bás leis agus dubhairt se leis fághail réidh go dtiocfadh se leis i n-áit an ríogh. Dubhairt se leis téarma eile thabhairt dó go socrachadh se eadra n-a bhean agus a chlann sol mur n-éagfadh se. Thug se téarma eile dó. Nuair a bhí an téarma sin suas, thainic an bás chuige aríst. Dubhairt se leis fághail réidh go dtiocfadh se leis. Dubhairt se leis am a thabhairt dó fá n-a phaidreacha rádh. Dubhairt an bás leis go mbearfadh agus dubhairt se leis an mbás nach ndéarfadh se an phaidir go bráth. Seal 'na dhéidh sin, bhí se ag teacht i n-éis a bheith aige duine uasal d'á léigheas, agus in- sna páirceannaibh glasa chas gasúr beag air agus é buailte brúighte strócthaí lán-treadhach. Thóg an doctuir suas é agus ghlan se agus nigh se an fhuil de agus d'fhiostruigh se de goidé rug annsin e. Dubhairt se leis gur bhuail a gháid agus a mháthair ar shiubhal e, nuair nach dtiocfadh leis a phaidreacha rádh, agus gur bhuail an tarbh mór sin thall e agus gur sheas se uilig air. Chuaidh an doctuir a fhoghlaimt a phaidreacha dó, agus d'éirigh an bás agus dubhairt se go rabh se an t-am dó éirghe agus a theacht leis anois nuair adubhairt se a phaidreacha.
AN BACACH MÓR. Má bhí an uair sin, ní'l anois. Dhá mbéidheadh fhéin, badh chríon liath an seanchaidhe mé 's char bh'fhearr 'na an t-uirsgéalaidhe. Mála buidhe na seacht sean-leabhar a d'iom- prachainn ar chír-fhiaclaibh mo dhroma, le cruime, le críne, le sean-ársaidheacht. Cé go bhfeil me 'g dul ag ársaighe an sgéil seo dhuid-se anocht, cha mhóide go bhfeil 'fhios agam. Má's dona tá 'fhios agam-sa anocht, go rabh sé níos measa agad-sa 'san oidhche i mbáireach, go mbéidh tú ag teacht d'á fhoghlaim chugam-sa 'san oidhche anóirthear. Bhí rí aon uair amháin is bhí mac aige. Chuaidh mac an ríogh amach ar an tráigh lá. Thainic buachaill caol ruadh chuige. "An n-imreocha tú cluiche cárdaidhe, a mhic an ríogh?" ars' an buachaill caol ruadh. "Cha misde liom," arsa mac an ríogh. Chuir mac an ríogh an cluiche air. "Tabhair do bhreith, a mhic an ríogh," ars' an buachaill caol ruadh. "Cuirim fá gheasaibh thú rith na bliadhna,
buinne geal caisleáin a bheith tógthaí innseo ar maidin i mbárach." Ar maidin lá ar n-a bháireach bhí an cais- leán tógthaí. Thainic an buachaill caol ruadh chuige arís. "An n-imreocha tú cluiche cárdaidhe, a mhic an ríogh?" "Cha misde liom," arsa mac an ríogh. Chuir mac an ríogh an cluiche air. "Tabhair do bhreith, a mhic an ríogh." "Cuirim fá gheasaibh 's fá dhíomdha na bliadhna thú, an chaoin-bhean is deise tá ar an domhan a bheith innseo faoi chionn lae 's bliadhna ná ar maidin i mbárach, is amhlaidh is feárr." Ar maidin lá ar n-a bhárach thainic an buachaill ruadh 's an bhean is deise bhí ar an domhan leis. Thug do mhac an ríogh ar ghreim láimhe í. "An n-imreocha tú cluiche cárdaidhe eile, a mhic an ríogh?" ars' eisean. "Cha misde liom," arsa mac an ríogh. Chuir an buachaill caol ruadh an cluiche air. "Tabhair do bhreith," arsa mac an ríogh. "Cuirim fá gheasaibh agus fá dhíomdha na
bliadhna thú, an claidheamh soluis t' aige an mBacach Mór, rígh na Sorcha, agus fios Mhianach an Anóglaigh bheith innseo agad faoi chionn lae is bliadhna ná ar maidin i mbáireach, is amhlaidh is féarr." Chuaidh mac an ríogh isteach 'un a thighe féin is shuid se ar chathaoir agus leig se osnadh mór as. "Sin osnadh mic ríogh fá gheasaibh," ars' an bhean leis. Ar maidin lá ar n-a bháireach d'éirigh mac an ríogh is chuir sé a chulaith chatha air, is é sgríobhtha ar chúl a chlaidhimh gur'b é fhéin árd- ghaisgidheach an domhain. "Maise, fan anois go Lé Fheil' Brighde;" ars' an bhean leis, "béidh an lá ag éirghe fada 's is furus duid an t-asdar a dhéanamh." Nuair a thainic Lá Fheil' Brighde, d'éirigh mac an ríogh. "Maise, fan anois go dtiocfaidh Lá Bealtaine," ars' ise. Nuair a thainic Lá Bealtaine, d'éirigh mac an ríogh ar maidin. "Tá sé comh maith agad anois fanach go dtiocfaidh Lá Lughnasa," ars' an bhean leis. Má budh mhoch thainic Lá Lughnasa, d'éirigh
mac an ríogh is fuair se réidh le n-a asdar go rabh sé aige bruach na fairrge. Chan fhaca se luighe(long) ná báda. Rinn se luighe(long) de' hata, crann seoil de n-a bhata, bratacha de n-a léinidh, is téatracha de n-a gháirtnéil. Théid se amach 'san fhairrge folcarnaigh falcarnaigh, ag éisdeacht le muca rónta, sgairteach na bhfaoileannán, lúbarnach na n-easgann, gur'b é an bradán ab' fhaide síos bhí ag teanamh(déanamh) spóirt agus ceóil ar an mball sin, go rabh neoin is deireadh an lae ag teacht, lucha ag dul i bpollaibh, éanlaith ag dul i gcrann- aibh, an gearrán bán ag dul ar sgáth na copóige is an chopóg ag imtheacht uadh. Thug se léim árd acfainneach i mullach dhruim-thaisde na luighe(luinge). Chonnaic se caisleán a rabh bun cleithe isteach, bun cleite amach, is bun cleite eile ag coing- bheáil a láir agus a dhroma suas. Rinn sé ar an chaisleán agus d'iarr se lóisdin go lá. "Céad fáilte dhuid, a mhic an rígh;" arsa fear an tighe, "Tá tú ag dul 'uig an mBacach Mór i mbáireach, agus cha dtéid tú ar do chois; bhearaidh me eac duid t' ar an stábla bhainfeadh ribe as an ghaoith
Mhárta agus nach mbainfeadh an ghaoth Mhárta ribe as." D'imthigh sé lá ar n-a bháireach go tigh an Bhacaigh Mhóir. Buail sé buille ar an chorraigh chomhraic 's char fhág se ghamhan i mart, ná uan i gcaora, ná searrach i gcapall nár shéid se le fórsa a bhuille. Amach leis an Bhacach Mhór. Nuair a bhéidheadh an Bacach Mór 'sa' ghleann, bhéidheadh mac an ríogh ar an chnoc. Thiomáin mac an ríogh an béitheach go rabh sé ag an tigh, 's an Bacach Mór 'na dhéidh. Léim mac an ríogh de'n mbéitheach isteach ar an fhuinn- eoig. "Comraighe dhuid, a mhic an ríogh," arsa fear an tighe. Tharraing an Bacach Mór an buille, is rinn sé dhá leith de'n mbéitheach. "Bhearaidh me béitheach eile dhuid i mbárach," arsa fear an tighe. Lá ar n-a bháireach d'imthigh mac an ríogh go tigh an Bhacaigh Mhóir. Bhuail sé buille an dóigh a rinn sé an chead lá. Amach leis an Bhacach Mór 'na dhéidh. Nuair a bhéidheadh an Bacach Mór 'sa' ghleann, bhéidheadh mac an ríogh ar an chnoc. Nuair a bhí se ag an
tigh, léim se de'n mbéitheach isteach ar an fhuinneoig. "Comraighe dhuid, a mhic an ríogh," arsa fear an tighe. Tharraing an Bacach Mór an buille agus rinn se dhá leith de'n mbéitheach. "Anois," arsa fear an tighe, "béidh béith- each eile i mbárach agad." Lá ar n-a bháireach d'imthigh mac an ríogh go rabh sé aige tighe an Bhacaigh Mhóir. Bhuail se buille an dóigh chéadna. Amach leis an mBacach Mór 'na dhéidh. Nuair a bhí an Bacach Mór 'sa' ghleann, bhí mac an ríogh ar an chnoc, go dtí go rabh se ag an tigh. Léim sé isteach ar an fhuinneoig. "Comraighe dhuid, a mhic an ríogh," arsa fear an tighe. Tharraing an Bacach Mór an buille agus rinn se dhá leith de'n mbéitheach. "Anois," arsa fear an tighe, "rachaidh tú i mbáireach 's cha bhíonn béitheach leat. Bhí an Bacach Mór gómh buaidheartha, ní'l aon chois- peán (d')ar shiubhail se nach deachaidh se go dtí n-a ghlúinibh is-talamh. Gheobhaidh tú lorg a chos isteach go colbha leaptha. Gheobhaidh tú an claidheamh soluis ar théastar na
leaptha. Tarraing amach an claidheamh as an sgabart, agus leis an tsoillse léimfidh an Bacach Mór 'na sheasamh. Tarraing do chlaidheamh agus abair leis, mur mbeara sé suas, go mbainfidh tú an cionn de. Ar do bhás ná teana e: sin mo dhearbhráthair-sa, oncal do mhná." D'imthigh mac an ríogh ar maidin. Lean se lorg na gcos go colbha leaptha. Fuair se an claidheamh soluis croichte ar téastar na leaptha. Tharraing se amach as an sgabart e. Léim an Bacach Mór 'na sheasamh as an leabaidh. Tharraing mac an ríogh an claidheamh is dubhairt se leis, "Tabhair suas," ná go mbainfeadh se an cionn de. "Ná teana thusa sin;" ars' an Bacach Mór, "Céad fáilte dhuid,a mhic an ríogh. Is mise oncal do mhná. Suidh síos innseo go n-ársacha mo dhuid gómh bocht is fuair mise mo bhean.:" "Bhí mise lá amháin innseo," adeir se, "is chuaidh me amach. Chonnaic me fear fiadhain. Bhí sé ag ithe biolair. Chaith me díom mo chroiceann," ars' an Bacach Mór; "Nuair a d'íosadh an fear fiadhain gas, d'íosainn-se dhá ghas. Bhí me ag teannadh
leis ar gach aon choispeán. Fuair me greim air, thug me a bhaile e, nigh me is ghlan mé é, is chuir me culaith mhaith éadaigh air. Char bh'fhada go mb' fheárr le mo mhnaoi an fear fiadhain 'na mise. Bhuail sí le slaitin doraca draoidheachta me agus rinn sí gearrán bán díom. Ní'l aon ghnaitheach bheidheadh le teanamh (déanamh) fá'n tigh nach gcaithfinn a dheanamh. Anois, bhí ciall an duine ionnam i gcomhnaidhe. Thochaiseachainn mé fhéin ar na geataidhe agus d'fhuigfinn mo chuid fionnaidh ortha. Chuaidh fear annsin isteach chuige mo mhnaoi agus dubhairt sé go rabh me salach agus gach aon rud fá'n tigh salach agam. Thainic mo bhean amach agus bhuail sí le slaitín doraca draoidheachta mé agus rinn sí tarbh mór díom. 'Nois, bhí ciall an duine ionnam i gcomhnaidhe. Cha leigfinn cailín a bhleaghan nach leanfainn 's nach ruaigfinn as an pháirc, agus cha leigfeadh an eagla do na cailíní dul a bhleaghan le heagla romham. Chuaidh fear isteach chuige mo mhnaoi agus dubhairt se go rabh me ag teanamh (déanamh) a láin dolaidhe. Thainic mo bhean amach annsin agus bhuail sí mé le slaitín doraca draoidheachta agus rinn sí mac tíre díom. Bhí ciall an duine ionnam i gcomh-
naidhe. Chuaidh me isteach 'un na coilleadh is leig me trí uaille asam. Ní'l aon mhac tíre 'sa' choill nár chruinnigh thart orm. Mar rabh ciall an duine i gcomhnaidhe ionnam, thug mé liom iad. Thoisigh muid ag marbhadh na gcaorach. Chuala siad annsin go rabh gach aon chaora insa' tír d'á marbhadh. Thainic seilg mhór gadhar 'nar ndéidh. Mar rabh ciall an duine ionnam, chonnaic me an rí ag teacht ag marcaigheacht. Bhí ciall an duine ionnam; chaith me me fhéin ar mo ghlúinibh roimh an rígh. "Bheirim párdun duid, a choileáin uasail," ars' an rí. Thug an rí a bhaile me. Thárla go rabh páisde óg ionn i dtigh an ríogh. Gach aon pháisde dh'a rabh roimhe sin, thiocfadh lámh mhór isteach agus bhearadh se an páisde leis as an chliabhán. B'é sin Mian an Anóglaigh. Ars' an rí, "Fuigfidh me an coileán uasal ag cumhdach an pháisde anocht." D' fhág se me fhéin aige cumhdach an pháisde. Char bh'fhada bhí me ann go dtainic lámh mhór. Fuair me fhéin greim ar an láimh. Bhí me ag fághail aith-ghreim suas i gcomhnaidhe. Gheárr me an lámh thuas ag an ghualainn. Thug me an lámh liom agus leig me aige taobh an chliabháin í. Chuir an rí annsin beirt fhear
ar lorg na fola. Lean siad lorg na fola go deachaidh siad isteach ionn i dtigh bhí 'sa' choill. Fuair siad an fathach mór marbh. Bhí triúr páistí annsin de chuid an ríogh. Thug siad a bhaile an triúr páistí go tigh an ríogh. (An) gasur 'a mhó acu, bheidheadh se ag marcaigheacht orm fhéin gach aon lá. Chonnaic me slaitín doraca draoidheachta i láimh an ghasuir. Chuir me mo shoc siar; fuair me greim coise air. Bhuail se me leis an tslaitin doraca draoidheachta; d'éirigh me suas mar bhí me riamh. Thainic me a bhaile, bheir me ar an bhfear fiadhain, chaith me amach ar an dorus e. Sin an dóigh a fuair mise le mo mhnaoi. Seo dhuid an claidheamh soluis is gabh a bhaile, is go rabh an t-ádh ort fhéin agus ar do mhnaoi." Sin mo sgéal-sa agus broth in do bhéal-sa agus ceapaire fada buidhe in mo bhéal-sa.
FATHACH MÓR AN REIBHLEÁIN Bhí rí aon uair amháin. Bhí nighean aige. Pósadh í. Thainic aon lá amháin 's cha rabh a fear 'sa' mbaile. Thainic Fatach Mór an Reibhleáin 's thug se leis í. Bliadhain o'n lá sin d'éirigh a fear: "Bliadhain 's an lá indiú 'sé d'imthigh mo bhean, 's rachaidh me d'á cuartughadh indiú." D'imthigh leis gur chas páirc mhór chaorach air. Chas an buachaill bó air. "Gá leis na caoirigh seo?" ars' eisean. "Le Fathach Mór an Reibhleáin íochtar uachtar Éireann, breacóg bhréagh, nighean ríogh i n-Éirinn, 'bhfuil reimhre do mhéir i sileadh gach deoir le n-a malaidh ghléigil, ag caoineadh a fir, ag caoineadh a fuir, ag caoineadh a triúir dearbhráthar, gur mheasa léithe giolla beag na dtrí gceathramha no'n ( = 'ná an) ceathrar fear d'fhág sí i n-Éirinn thall." D'imthigh leis gur chas fear air 'na sheasamh ionn i ngeata.
"Leig thart me," ars' eisean. "Cha leigim thart thú," arsa fear an gheata, "go ndíolfaidh tú custom." Chuir se lámh i n-a phóca is shín se an t-airgead dó. Char stad se go rabh se aige tigh Fathaigh Mhóir an Reibhleáin. Chonnaic an bhean ag teacht e. "Mo thruaighe!" adeir sí, "nár fhan tú 'sa' mbaile. Nuair a thiocfas an fear seo a bhaile anocht, muirbhfidh se thú." Bhí lá spóirt acú go dtainic an oidhche. "Tá sé gómh maith agad a dhul i bhfolach anois," adeir sí, "sol a bhfeicfidh an fear seo thú." Chuir sí siar faoi leabaidh e. Char bh'fhada go dtainic Fathach Mór an Reibhleáin, fiadh mór trasna a ghualainne leis. Tharraing se thríd an teinidh e, thríd an luaithridh, 's d'fhág thuas i n-a bhéal e. "Frú, frá, féasóg!" adeir se, "mothuighim boladh an Éireannaigh bhréagaigh bhradaigh ag teacht fá mo chúirt is fá mo chathair anocht." "A rúin 's a ghrádh!" ars' an bhean, "Nach mbéidh sin ann, fad is bheas mise ann?" "Tá agus thuilleadh ionn," arsa 'n Fathach Mór.
"Bhí mise i mullach an tighe báirr, 's bhí éanlaith beaga na hÉirinne ag dul thart. Bhí siad ag luighe orm. Sin an boladh mhothuigheann tú." "Tá agus thuilleadh ann," adeir se. D'éirigh se is chuairtigh se síos is suas go bhfuair se an fear faoi'n leabaidh. Tharraing se aniar e. Thug se amach e. Fuair se slaitin doraca draoidheachta is rinn se cártha cloiche de. Bliadhain o'n lá sin d'éirigh a dearbhráthair: "Dhá bhliadhain 's an lá indiú d'imthigh a leithid seo, is blaidhain 's an lá indiú d'imthigh a fear d'á cuartughadh, 's imeachaidh me féin indiú d'á gcuartughadh." D'imthigh leis. Char stad se go rabh se aige tigh Fathaigh Mhóir an Reibhleáin. Chonnaic an bhean ag teacht e. "Mo thruaighe!" adeir sí, "nár fhan tú 'sa' mbaile. Nuair a thiocfas an fear so a bhaile, muirbhfidh se thú." Bhí lá spóirt is ceoil acú go dtainic an oidhche. "Tá sé gómh maith agad a dhul i bhfolach anois;" adeir sí, "is goirid go dtiocfaidh an fear so a bhaile."
Char bh'fhada go dtainic Fathach Mór an Reibhleáin isteach, sean-bhéitheach bán ar astrach a ghuailneach. Tarraing thríd an teinidh is thríd an luaithribh e, is d'fhág thuas e. "Frú, frá, féasóg!" adeir se, "mothuighim boladh an Éireannaigh bhréagaigh bhradaigh ag teacht fá mo chúirt agus fá mo chathair anocht." "A rúin is a ghrádh!" ars' ise, "Nach mbéidh sin ann, fad is tá mise ann?" "Tá agus thuilleadh ann." "Bhí mise i mullach an tighe báirr, 's bhí éanlaith beaga na hÉirinne ag luighe orm. Sin an boladh mhothuigheann tú." "Tá agus thuilleadh ann." Chuartuigh se síos is suas go bhfuair se an fear. Thug se amach e. Fuair se slaitin doraca draoidheachta is rinn se cártha cloiche de. Bliadhain o'n lá sin d'éirigh an dearbhráthair eile d'á cuid: "Trí bliadhna 's an lá indiú d'imthigh a leithid seo. Dhá bhliadhain 's an lá indiú d'imthigh a fear d'á cuartughadh. Bliadhain 's an lá indiú d'imthigh mo dhearbhráthair, is imeachaidh mé fhéin indiú."
D'imthigh leis, 's char stad se go rabh se aige tigh an Fhathaigh Mhóir. "Ó! mo thruaighe!" adeir sí, "nár fhan tú 'sa' mbaile. Nuair a thiocfas an fear seo a bhaile, muirbhfidh se thú. Tá m'fhear-sa 'na luighe amuigh annsin, 's do dhearbhráthair-sa." Bhí lá spóirt is ceoil acú go dtainic an oidhche. "Tá se gómh maith agad a dhul i bhfolach anois," adeir sí, "is goirid go mbéidh an fear so ag teacht." Chuir sí i bhfolach e. Char bh'fhada go dtainic an Fathach Mór isteach, fiadh mór trasna a ghualainne leis. Tharraing se thríd an teinidh is thríd an luaithridh e, is d'fhág thuas i n-a bhéal e. "Frú, frá, féasóg!" ars' eisean, "mo- thuighim boladh an Éireannaigh bhréagaigh bhradaigh ag teacht fá mo chúirt is fá mo chathair anocht." "A rúin 's a ghrádh!" ars' ise, "Nach mbéidh sin ann, fad is bheas mise ann." "Tá agus thuilleadh ann." "Bhí mise i mullach an tighe báirr. Bhí éanlaith beaga na hÉirinne ag luighe orm. Sin an boladh mhothuigheann tú."
"Tá agus thuilleadh ann." Chuairtigh se síos is suas go bhfuair se an fear. Thug se amach e. Fuair se slaitin doraca draoidheachta is rinn se cártha cloiche de. Bliadhain o'n lá sin d'éirigh an dearbhrá- thair eile dí: "Ceithre bliadhna 's an lá indiú d'imthigh a leithid seo. Trí bliadhna 's an lá indiú d'imthigh a fear d'á cuartughadh. Dhá bhliadh- ain 's an lá indiú d'imthigh mo dhearbhráthair d'á gcuartughadh. Bliadhain 's an lá indiú d'imthigh an dearbhráthair eile damh. Mo dhonas is mo dhothairne orm mar' racha me a chuartughadh mo chuid dearbhráthar indiú." D'imthigh leis. Char stad se go rabh se aige tigh an Fhathaigh Mhóir. Chas an bhean air: "Ó! mo thruaighe nár fhan tú 'sa' mbaile. Nuair a thiocfas an fear seo a bhaile, muirbh- fidh se thú. Tá do bheirt dearbhráthar 'na luighe amuigh annsin agus m'fhear-sa, 's béidh tusa acú anocht." Bhí lá spóirt is ceoil acú go dtainic an oidhche. "Tá se gómh maith agad," ars' ise, "a dhul
i bhfolach anois. Is goirid go mbéidh an fear seo 'sa' mbaile." Chuaidh se i bhfolach. Char bh'fhada go dtainic an Fathach Mór isteach, sean-bhéitheach mór trasna a ghual- ainne leis. Tharraing se thríd an teinidh e, is thríd an luaithridh, is d'fhág thuas e. "Frú, frá, féasóg!" ars' an Fathach, "mothuighim boladh an Éireannaigh bhréagaigh bhradaigh ag teacht fá mo chúirt is fá mo chathair anocht." "A rúin agus a ghrádh, nach mbéidh sin ann, fad is tá mise ann." "Tá agus thuilleadh ann." "Bhí mise i mullach an tighe báirr. Bhí éanlaith beaga na hÉirinne ag luighe orm. Sin an boladh mhothuigheann tú." "Tá agus thuilleadh ann." Chuairtigh se síos is suas go bhfuair se an fear. Thug se amach e. Bhuail se le slaitin doraca draoidheachta e, agus rinn cártha cloiche de. Bliadhain o'n lá sin d'éirigh giolla beag na dtrí gceathramha: "Is fada o d'imthigh mo mháthair;" adeir se, "Is fada o d'imthigh mo thriúr oncal, 's
mo dhonas is mo dhothairne orm, mar' racha me féin d'á gcuartughadh." Fuair re réidh a chearc 's a bhunnóg. D'imthigh leis gur chas buachaill na gcaorach air. "Gá leis na caoirigh seo?" "Le Fathach Mór an Reibhleáin íochtar uachtar Éireann, an bhreacóg bhréagh, nighean ríogh i nÉirinn, 'bhfuil reimhre go mhéir i sileadh gach deoir le n-a malaidh ghléigil, ag caoineadh a fir, ag caoineadh a fuir, ag caoin- eadh a triúir dearbhráthar, 's gur mheasa léithe giolla beag na dtrí gceathramha no'n (= 'ná an) ceathrar fear d'fhág sí i nÉirinn thall." "Leig thart me." "Cha leigim," arsa buachaill na gcaorach, "go ndíolaidh tú custom." Chaith giolla beag na dtrí gceathramha an cionn de is bhog leis. Char stad se go rabh se aige tigh an Fhathaigh Mhóir. Chonnaic an mháthair ag teacht e. "Ó" a mhic mhoirnigh!" adeir sí, "Truagh nár fhan tú 'sa' mbaile. Nuair a thiocfas an fear so a bhaile anocht, muirbhfidh se thú. Tá do gháid is do thriúr oncal 'na luighe amuigh annsin."
Múch sí le póig é, is bháidh sí le deór e; thriomuigh sí le brat síoda agus sróil e, is chuir sí a chodladh ar liobaidh ( = leabaidh) chlumhaigh éin (eóin?) e. Nuair a bhí an oidhche ag teacht, chuaidh sí síos an áit i rabh giolla beag na dtrí gceathramha. "Ó! a mhic mhoirnigh! Ó! a mhic mhoirnigh!" adeir sí, "a mhic mhoirnigh! Is goirid go dtiocfaidh an fear so a bhaile, is tá se gómh maith agad a dhul i bhfolach, sol a muirbhfidh se thú." Char bh'fhada go dtainic an Fathach Mór isteach, sean-bhéitheach mór trasna a ghual- ainne leis. Tharraing thríd an teinidh, thríd an luaithridh, d'fhág thusa i n-a bhéal e. "Frú, frá, féasóg! mothuighim boladh an Éireannaigh bhréagaigh bhradaigh ag teacht fá mo chúirt agus fá mo chathair anocht." "Ó, a rúin 's a ghrádh, nach mbéidh sin ann an fad is bheas mise ann?" "Tá 'gus thuilleadh ann." "Tá agus mise ann," arsa giolla beag na dtrí gceathramha. Thainic giolla beag na dtrí gceathramha aníos.
"Gá hacú is feárr leat," ars' an Fathach Mór, "coraidheacht no cruadh-chomhrac?" "Is feárr liom coraidheacht," arsa giolla beag na dtrí gceathramha, "'sé chleacht me i mbailtibh beaga, i mbailtibh móra, i mbail- tibh m'athara agus mo mháthara féin." Bheir siad ar a chéile insa snaidhmeannaibh cruaidhe coraidheacht', go ndeanfadh siad bogán de'n chreagán, creagán de'n mbogán, tobar fíoruisge i lár na cloiche glaise; dhá dtiocfadh duine ó íochtar an domhain go huachtar an domhain, is dh'amharc ar an dís seo thiocfadh, go rabh tráthnóna is deireadh an lae ag teacht. Thug giolla beag na dtrí gceathramha, thug se fásgadh dó, is chuir se go dtí n-a ghlúinibh is-talamh e, (an) dara fásgadh go dtí ubhall a scórnaighe. "Fód geárr glas os do chionn, a bhodaigh shalaigh," arsa giolla beag na dtrí gceath- ramha. "Ná teana thusa sin;" ars' an Fathach, "Bheara(idh) me léath a bhfeil amuigh 's astigh agam." "'S liom fhéin sin o do lá-sa amach," arsa giolla beag na dtrí gceathramha, ag caitheamh a chinn de naoi n-iomaire naoi n-eitrin.
Bhí an cionn ag teacht ar an cholainn aríst. Bhuail se bárr-chos ar an chionn. "Char bh'fhoráil duid;" ars' an cionn, "dhá bhfuighinn-se ar an cholainn aríst, tusa 'ná fir Éireann nach sgaithfeadh é." Thainic se isteach. Fuair se an slaitin doraca draoidheachta. Bhuail se buille ar a gháid, 's ar a thriúr oncal. D'éirigh siad suas 'na seasamh mar bhí siad ariamh. Chruinnigh siad a rabh 'shaidhbhreas amuigh 's astigh, 's thug siad leobhtha e. Thainic se fhéin 's a mháthair 's a gháid 's a thriúr oncal, thainic siad a bhaile, 's bhí dóigh mhaith orthú go bhfuair siad bás. PARRACH MHAC GHIOLLA RIABHAIGH. Parrach Mhac Ghiolla Riabhaigh as Contae Dhúin na nGall, chuaidh se 'un an fhoghmhair go Condae na Midhe, agus na fir a bhí leis, chuaidh siad a bhaile, nuair a bhí an foghmhar réidh acu. "Cha dtéidhim-sa a bhaile," arsa Parrach Mhac Ghiolla Riabhaigh, "go dtí go mbeidh an cíos liom."
Bhuail sé isteach go tigh sgolóige móire agus d'fhiostruigh sé a' bhfuigheadh sé obair. Dubhairt fear an tighe go bhfuigheadh. D'ársuigh se dó go rabh dúil aige nach rachadh se a bhaile go dtuillfeadh sé an cíos. "Bhearfaidh mise cúig phonta duid," ars' an sgológ, "má fhanann tú 'sa' tigh mór sin thall go maidin." "Fanachad," arsa Paidí. "Gheobhaidh tú teinidh," ars' an sgológ; "gheobhaidh tú solus." Fuaras réidh teinidh 'sa' tigh dó agus solus agus greideal aráin agus h-ubhradh (= dubhradh) aire thabhairt do'n arán bhí ar a' ghreideil. Cha rabh se i bhfad ann go gcuala sé an torann agus iongantais mhóra. Chonnaic se seanduine mór ag teacht anuas ar na staighrí. Shuidh se taobh thall de is chuaidh se a theannach ( = thionntodh) na bunnóige. "Ná teana sin an dara bomhta 'ná cha dtéid sé leat. Dar an leabhar," arsa Parrach Mhac Ghiolla Riabhaigh, "is gránna do cháirr." "Ó, céad fáilte is sláinte dhuid, a Pharrach Mhac Ghiolla Riabhaigh as Contae Dhúin na nGall! Ársachaidh tú do mo mhac ar maidin
go rabh tú ag caint liom, is an feirm talaimh a thabhairt do'n bhean bocht ar bhain mise dí é, is gheanaidh me gar duid," adeir se: "bheirim éadach buird duit, agus seort ar bith a sgairtfidh tú air, tiocfaidh sé ar an éadach buird chugad." Thainic an mhaidin is d'ársuigh Parrach Mhac Ghiolla Riabhaigh do'n sgolóig gach aon rud a chonnaic se. Thug an sgológ buidheachas dó, is thug se cúig phonta dó. D'imthigh leis a bhaile is a chúig phonta agus a éadach buird leis. Bhí se ag siubhal gur chas píobaire ar bhruach an bhóthair air. "Tá mé áthasach," arsa Parrach Mhac Ghiolla Riabhaigh, "gur chas cuideachta orm." Chuir an píobaire na píopacha air agus sgairt se ar chuideachta shaighdiuir. D'imthigh an bheirt agus bhí siad ag siubhal an bóthar. "B'fheárr liom go rabh greim le hithe againn," ars' an píobaire. Spréidh Parrach Mhac Ghiolla Riabhaigh an t-éadach buird is thainic togha gach bídh agus rogha gach dighe chucú. "'S fheárr duid malairt a dheanamh liom," ars' an píobaire. "Is cuma liom," arsa Paidí.
Thug se an t-éadach buird do'n phíobaire agus bhí na píopacha ag Parrach Mhac Ghiolla Riabhaigh. Char bh'fhada shiubhail se gur ghlac se aithreach fá'n éadach buird a thabhairt ar siubhal. Chuir Parrach Mhac Ghiolla Riabhaigh na píop- acha air agus sgairt se ar chuideachta shaighdiuir. D'iarr se orthú a dhul agus an t-éadach buird a thabhairt ar ais 'uige. D'imthigh na saigh- diuirí agus char bh'fhada go dtainic siad ar ais agus an t-éadach buird leobhtha. D'imthigh Parrach Mhac Ghiolla Riabhaigh go rabh se thíos i gCondae Dhúin na nGall agus na píopacha agus an t-éadach buird leis. Nuair a chuaidh se a bhaile, spréidh se an t-éadach buird dó féin agus do n-a mhnaoi agus do'n mhuirighin. Thainic togha gach bídh is rogha gach dighe 'ucú. Bhí siad lán áthais mar d'éirigh dóbhtha go dearn Paidí foghmhar maith. Char bh'fhada go gcualaidh an tighearna go dtainic se a bhaile. Chuir se fear d'á chuid báillidheannaibh 'na choinne, go rabh gnaithe aige leis. Chuaidh Paidí ar aghaidh go tigh an tighearna. "An é nach bhfuil tú 'g dul a dhíol an chíosa," ars' an tighearna, "i ndiaidh a bheith ag an fhoghmhar?"
"Chan fhuil se agam," arsa Paidí, "go seadh." "Chan fhuil se i bhfad go gcuiridh me amach thú," arsa an tighearna, "óir nach fheil tú 'g dul a dhíol an chíosa." Char bh'fhada go dtainic se fhéin 's a chuid báillidheannaibh. Nuair a chonnaic Parrach Mhac Ghiolla Riabhaigh ag teacht iad, chuir se na píopacha air agus sgairt se ar chuideachta shaighdiuir is dubhairt leobhtha na fir seo dhíbirt as aice an tighe. Lean na saighdiuirí a bhaile an tighearna 'un a thighe fhéin. Lá ar n-a bhárach chuir an tighearna fios ar Pharrach Mhac Ghiolla Riabhaigh. Dubhairt an tighearna leis go maithfeadh sé a rabh 'chíos air agus nach n-iarraidh sé ní 'mhó a chíos air acht a chuid saighiuir choingbheáil socair. Bhí dóigh mhaith ar Pharrach Mhac Ghiolla Riabhaigh go bhfuair sé bás agus nár iarr sé ní 'mhó 'chíos air.
TOIRDHEALBHACH Bhí sgológ ionn aon uair amháin agus bhí mac aige a rabh Toirdhealbhach air. Cha deanfadh se an dadaidh ar a chomhairle. Thainic se a bhaile aon oidhche amháin go mall, is thoisigh a gháid a throid leis: "A ráca bhradaigh, gá rabh tú ó oidhche?" "Théam cungnamh cosdais is chan fhaiceann tú choidhche arís me." Chuir se a lámh i n-a phóca is shín se cúig phonta dó. D'imthigh leis agus bhí se ag siubhal go rabh se láimh le reilic. Bhí troid mhór istigh 'sa' reilic fá chorp 'iolcad (= adhlacadh). Chuaidh Toirdhealbhach isteach 'un na reilice. "Gá fáth a bhfeil sibh 'troid?" arsa Toir- dhealbhach. "Tá airgead i n-aghaidh a' chuirp nach leig- feadh se a iolcadh go bhfuigheadh se a chuid airgid." "Gá 'mhéad atá i n-aghaidh a' chuirp?" "Tá sé sgilling déag," ars' an fear.
Chuir Toirdhealbhach lámh i n-a phóca is shín se sé sgilling déag dó. Hiolcadh an corp. D'imthigh Toirdhealbhach leis an bóthar. Char bh'fhada gur ghabh buachaill caol ruadh e. "Goidé mar tá tú, a Thoirdhealbhaigh?" ars' an buachaill caol ruadh; "Gá bhfuil tú 'g dull gómh mall so?" "Chuir mo gháid ar siubhal me, agus chan fhuil me 'g dul ar ais níos mó 'uige." "Fosdaigh mise go cionn lae is bliadhna," ars' an buachaill caol ruadh. "Ó, chan fhuil dóigh agam mé fhéin a choing- bheáil, cha amháin thusa," adeir se. "Gan ghéilleadh dó sin," ars' an buachaill caol ruadh, "rachaidh me leat." D'imthigh leobhtha gur chas fear orthú a rabh a chos ceangailte d'á thóin. "Goidé an seort thusa?" ars' an buachaill caol ruadh. "Mise Fear na Leathchoise tá gómh lúthmhar go bhfuil mo chos ceangailte, (ó) nach gcionn- eachadh seort ar bith siubhal liom," adeir se. "Tá se gómh maith agad fosdach le Toir- dhealbhach innseo." Dubhairt Toirdhealbhach nach rabh gnaitheach aige leis, go rabh a sháith ionn fhéin.
"Gan ghéilleadh dó sin," ars' an buachaill caol ruadh, "tabhair leat e." D'imthigh leobhtha gur chas fear orthú a rabh botán cochain i n-a ghaosán. "Goidé an seort thusa?" ars' an buachaill caol ruadh. "Mise fear shéidfeadh gach aon rud 'mbéidheadh romhamh, (acht) gur'b é go bhfuil botán cochain in mo ghaosán." "Tá se gómh maith agad a theacht le Toirdhealbhach." Dubhairt Toirdhealbhach nach rabh dóigh air é fhéin a choingbheáil suas, cha amháin an fear soin. "Gan ghéilleadh dó sin," ars' an buachaill caol ruadh, "bhéaramuid linn e." D'imthigh leobhtha gur chas fear orthú a rabh bogha eara aige. "Goidé an seort thusa?" ars' an buachaill caol ruadh. "Mise fear nár thiob an dadaidh riamh orm a dtug me iarraidh air." "Tá se gómh maith agad fosdach le Toir- dhealbhach innseo." "Chan fhuil dóigh againn inn fhéin a choing- bheáil suas, cha amháin eisean a bheith linn," arsa Toirdhealbhach.
"Gan ghéilleadh dó sin," ars' an buachaill caol ruadh, "bhéaramuid linn é." D'imthigh leobhtha gur chas fear orthú a rabh eochair mhór i n-a láimh. "Goidé sin in do láimh?" ars' an buachaill caol ruadh. "Seo Eochair Gáid Mhóir an Fhathaigh. Char cuireadh aon ghlas ariamh nach sgaoilfeadh an eochair seo." "Tá se gómh maith agad fosdach le Toir- dhealbhach innseo," ars' an buachaill caol ruadh. "Ó, tá nar sáith ionnainn fhéin," arsa Toirdhealbhach, "cha amháin a' fear soin." "Gan ghéilleadh dó sin," ars' an buachaill caol ruadh, "bhearamuid linn e. D'imthigh leobhtha gur chas fear orthú 'na sheasamh le cloidhe, 's a chluas cocthaidh. "Goidé an seort thusa?" ars' an buachaill caol ruadh. "Mise Cluas le hÉisdeacht tá 'g éisdeacht leis a' bhféar a' fás in-sa' Domhan Thoir." "Tá se gomh maith agad fosdach le Toir- dhealbhach innseo," ars' an buachaill caol ruadh. "Tá nar sáith ionnainn fhéin," arsa Toir- dhealbhach, "cha amháin a' fear soin."
"Gan ghéilleadh dó sin," ars' an buachaill ruadh, "bhearamuid linn e." D'imthigh leobhtha gur chas fear orthú, 's é i n-a shuidhe ar chairgeach, ag bogadh aníos is síos le n-a thóin. "Goidé an seort thusa?" ars' an buachaill caol ruadh. "Mise Tóin Iarainn," adeir se, "is shoc- rachainn gach aon rud le mo thóin." "Tá se gomh maith agad fosdach le Toir- dhealbhach innseo," ars' an buachaill caol ruadh. "Tá nar sáith ionnainn fhéin," arsa Toir- dhealbhach, "cha amháin a' fear soin." "Gan ghéilleadh dó sin," ars' an buachaill ruadh, "bhearamuid linn e." D'imthigh leobhtha go rabh siad aige tigh an ríogh. "'Nois," ars' an buachaill caol ruadh le Toirdhealbhach, "tá se gómh maith agad a dhul a dh'iárraidh nighne an ríogh." "An mise dhul a dh'iárraidh nighne an ríogh? Chuala me nach deachaidh aon fhear ariamh d'á hiárraidh nach mbéidheadh a chionn ar a' spíce." "Gan ghéilleadh dó sin," ars' an buachaill ruadh, "rachamuid a dh'iárraidh nighne an ríogh," adeir se.
Char stad siad go rabh siad aige tigh an ríogh. Fiostruigheadh goidé bhí a dhíth orthú. Dubhairt an buachaill caol ruadh gur seo fear a bhí ag teacht a dh'iárraidh nighne an ríogh. Tugadh isteach iad. Fuair siad togha gach bídh agus rogha gach dighe go dtainic an oidhche. Thainic nighean an ríogh is thug sí fáinne óir léithe. "Seo dhuid fáinne óir," adeir sí, "'s mur mbéidh se agad ar maidin, béidh do chionn ar a' spíce." Nuair a chuaidh siad a chodladh, thainic nighean an ríogh is thug sí an fáinne óir léithe as póca Thoirdhealbhaigh. Ars' ise, "Is truagh gan mé taobh 'muigh de gheat- aidhe, truagh gan mé taobh 'muigh de dhorsa', truagh gan mé i n-áit i bhfuil mo ró-ghrádh féin anois." D'éirigh an buachaill caol ruadh is thug se Eochair Gáid Mhóir an Fhathaigh a sgaoileadh gach uile ghlas. Ars' an buachaill caol ruadh, "Truagh gan mé taobh 'muigh de dhorsa', truagh gan mé taobh 'muigh de gheataidhe, 's truagh gan mé s'san áit i bhfuil a ró-ghrádh siud anois."
Lean an buachaill ruadh í go rabh sí aige tigh an fhir. "Fuasgail, fuasgail," ars' an cailin, "tá fear i dtaoibh 'muigh anocht, is é dom' iárraidh- sa. Seo dhuid a' fáinne, is cuir a' glas air, is béidh a chionn ar a' spíce ar maidin." Chuaidh siad a chodladh. D'imthigh an buachaill ruadh is bhain sé an glas de'n chófhra is thug se an fáinne leis. Nuair a dhúisgigh nighean an ríogh i lár na hoidhche: "Truagh gan mé taobh 'muigh de dhorsa', truagh gan mé taobh 'muigh de gheataidhe, truagh gan mé aige cúirt m'athara 'is mo mháthara féin anois." D'éirigh an buachaill ruadh: "Truagh gan mé taobh 'muigh de gheataidhe, truagh gan mé taobh 'muigh de dhorsa', truagh gan mé 'san áit i bhfuil mo mhaighistir féin anois." D'imthigh leobhta go rabh siad 'sa' mbaile. Chuaidh nighean an ríogh a luighe. D'imthigh an buachaill ruadh is d'fhág se an fáinne i bpóca Thoirdhealbhaigh. Ag éirghe ar maidin dóbhtha, thainic nighean an ríogh: "Théam a' fáinne a thug me aréir dhuid." Chuir Toirdhealbhach lámh i n-a phóca is shín
se an fáinne dí. Leag sí osnadh mór aistí. Bhí lá spóirt is ceoil acú go dtainic an oidhche. Thainic sí aríst: "Seo dhuid a' fáinne. Mur mbéidh se agad ar maidin, béidh do chionn ar a' spíce." Chuaidh siad a luighe. D'éirigh nighean an ríogh is thug sí an fáinne léithe as a phóca: "Truagh gan mé taobh 'muigh de gheataidhe, truagh gan mé taobh 'muigh de dhorsa', truagh gan mé 'san áit i bhfuil mo ró-ghrádh féin anois." D'éirigh an buachaill ruadh: "Truagh gan mé taobh 'muigh de gheataidhe, truagh gan mé taobh 'muigh de dhorsa', truagh gan mé 'san áit i bhfuil a ró-ghrádh suid anois." Amach leobhtha agus char stad siad go rabh siad aige tigh an fhir. "Fuasgail, fuasgail," arsa nighean an ríogh. D'fhosgail se an dorus dí. "'Nois," arsa nighean an ríogh, "caithfidh tú a thaisgidh go maith, is glais a chur air." Thoisigh an bheirt a chur glais air. Chuaidh siad a luighe. I lár na hoidhche d'éirigh nighean an ríogh: "Truagh gan mé thaobh 'muigh de gheataidhe,
truagh gan mé taobh 'muigh de dhorsa', truagh gan mé aige cúirt m'athara agus mo mháthara féin anois." D'éirigh an buachaill ruadh. Thug se Eochair Gáid Mhóir an Fhathaigh leis. Sgaoil se na glais is thug se an fáinne leis. "Truagh gan mé taobh 'muigh de gheataidhe, truagh gan mé taobh 'muigh de dhorsa', truagh gan mé 'san áit i bhfeil mo mháighistir féin anois." D'imthigh leobhtha go rabh siad 'sa' mbaile. Chuaidh nighean an ríogh a luighe. D'imthigh an buachaill ruadh is d'fhág se an fáinne i bpóca Thoirdhealbhaigh. Ag éirigh ar maidin do nighin an ríogh, "Théam a' fáinne sin thug me 'réir dhuid." Chuir Toirdhealbhach lámh i n-a phóca is shín se an fáinne dí. Leig sí dhá osnadh mór aistí. Bhí lá spóirt is ceoil acú go dtainic an oidhche aríst. Thainic nighean an ríogh. "Seo dhuid a' fáinne. Mur mbéidh se agad ar maidin, béidh do chionn ar a' spíce." Chuaidh siad a luighe. D'éirigh nighean an ríogh agus thug an fáinne léithe: "Truagh gan mé taobh 'muigh de gheataidhe, truagh gan mé taobh 'muigh de dhorsa', truagh
gan mé 'san áit i bhfuil mo ró-ghrádh féin anois." D'éirigh an buachaill ruadh: "Truagh gan mé taobh 'muigh de gheataidhe, truagh gan mé taobh 'muigh de dhorsa', truagh gan mé 'san áit i bhfuil a ró-ghrádh siud anois." D'imthigh leobhtha go rabh siad aige tigh an fhir. "Fosgail, fosgail," arsa nighean an ríogh. D'fhosgail se an dorus dí. Ar sise, "Cuir síos pota na ndeich gcárta fo n-a lán storabúit." Rinn siad a suipeár. "Anois," adeir nighean an ríogh, "char chuir tú leath ghlais aréir air. Mur dtais- geacha tú go maith anocht, chan fhaic tú mise choidhche aríst." Chuaidh se a chur glais air. Nuair a bhí na glais air, chuaidh siad a luighe. I lár na hoidhche d'éirigh nighean an ríogh: "Truagh gan mé taobh 'muigh de gheataidhe, truagh gan mé taobh 'muigh de dhorsa', truagh gan mé aige cúirt m'athara agus mo mháthara féin anois." D'éirigh an buachaill ruadh. Thug se Eochair
Gáid Mhóir an Fhathaigh leis. Sgaoil se na glais is thug se an fáinne leis. "Truagh gan mé taobh 'muigh de gheataidhe, truagh gan mé taobh 'muigh de dhorsa', truagh gan mé 'san áit i bhfuil mo mhaighistir féin anois." D'imthigh leobhtha go rabh siad in-sa' mbaile. Chuaidh nighean an ríogh a luighe. D'imthigh an buachaill ruadh. D'fhág se an fáinne i bpóca Thoirdhealbhaigh. Ag éirigh ar maidin do nighin an ríogh, thainic sí is d'fhiostruigh sí an rabh an fáinne sin aige. Chuir se lámh i n-a phóca, is shín se an fáinne dí. Leig sí trí osnadh mhór aistí. "Tá do nighean bainte aige, a rí," ars' an buachaill caol ruadh. "Tá le donas is le doghrainn daoi," ars' an rí. "Cha ghlacaim-sa anois e," arsa nighean an ríogh, go bhféachaidh se rása liom fá dhá bhuideál uisge as Tobar na hÍocshláinte tá in-san Domhan Thoir. Mur mbéidh sé innseo gómh gasda liom-sa, béidh a chionn ar a' spíce." "'Nois," ars' an buachaill ruadh, "Gá le haghaidh a bhfeil a' theannchair ag an ghobha ach'
a lámha shábháil? Gá le haghaidh a bhfuil buachaill seirbhise aige Toirdhealbhach ach' é dhul amach i n-' áit?" Sgairt an buachaill ruadh ar Fhear na Leathchoise. "'Nois," ars' an buachaill ruadh, "rachaidh tusa i n-áit do mhaighistir." D'imthigh an fear agus nighean an ríogh. Char stad siad go rabh siad aige Tobar na hIocshláinte bhí 'sa' Domhan Thoir. Líon siad a' dhá bhuideál uisge. D'imthigh leobhtha. Bhí Fear an Leathchoise ag teacht i dtoiseach. "'Nois," arsa nighean an ríogh, "béimid am go leor 'sa' mbaile. Suidhmid síos innseo is teanamuid ar sgíste." Shuidh an bheirt síos. "Leag do chionn ar mo ghlúin," adeir sí leis an mbuachaill. Fuair sí cloigeann capaill is chuir sí faoi n-a chionn e. Thuit se 'na chodladh. D'éirigh nighean an ríogh is dhóirt sí an bui- deál uisge a bhí leis. D'imthigh léithe ag teanamh ar an mbaile is d'fhág sí an fear 'na chodladh. "'Nois," ars' an buachaill caol ruadh le Cluas le hÉisdeacht, "gabh amach is féach
goidé mar tá gach aon rud ag dul ar aghaidh." "'Tchím," arsa Cluas le hÉisdeacht, "go bhfuil an oilbheart d'á imirt ar a' mbuachaill. Chuir sí cloigeann capaill faoi n-a chionn is dhóirt sí an buideál uisge." "Gá bhfuil (an) fear a rabh an bogha eara aige?" ars' an buachaill ruadh. Thainic an fear a rabh an bogha eara aige. "'Nois," ars' an buachaill ruadh, "lámhach an cloigeann capaill tá faoi n-a chionn." D'imthigh an fear a rabh an bogha eara aige. Lámhach sé cloigeann an chapaill bhí faoi n-a chionn. Léim Fear na Leathchoise suas 'na sheasamh. Nuair a chonnaic se a bhuideál dóirtthidh, bhain se amach aríst 'un an tobair. Bhí nighean an ríogh ag teacht i dtoiseach. "Gá bhfuil," ars' an buachaill caol ruadh, "gá bhfuil (an) fear a rabh an botán i n-a ghaosán?" Thainic an fear a rabh an botán i n-a ghaosán. Tharraing se an botán as a ghaosán. Shéid se nighean an ríogh ar ais. Nuair a thiocfadh sí iomaire ar aghaidh, chuirfeadh se naoi n-iomaire ar ais í go dtí go bhfaca
siad an fear eile ag teacht. Choinnigh se ar ais í go dtainic an fear eile i dtoiseach. "Anois," ars' an buachaill caol ruadh, "tá an fear eile i dtoiseach. Tá do nighean bainte aige Toirdhealbhach, a rí." "Tá, le donas is le doghrainn daoi," ars' an rí. Fuaras reidh an bhanais. Fuair nighean an ríogh réidh caithir ( = cathaoir) do'n mbait- leár, a rabh spíceacha móra inntí. "'Nois," ars' an buachaill caol ruadh le Tóin Iarainn, "rachaidh tusa isteach is suidhfidh tú ar a' chaithir a' chead uair." Rith Tóin Iarainn isteach. Shuidh se ar an chaithir. Thainic nighean an ríogh. "Goidé bheir 'do shuidhe ar a' chaithir thú? Nach sin caithir do mhaighistir?" adeir rí. D'éirigh Tóin Iarainn. Thuit se síos aríst ar an chaithir gur bhrúigh se na spíceacha uilig. D'éirigh se annsin agus thainic an maighistir isteach. Shuidh se ar an chaithir is thainic nighean an ríogh isteach. D'iarr sí air éirghe go mbeidheadh torn damhsadh acú. D'éirigh se 'na sheasamh. Nuair a d'éirigh se thuit an cailin 'un laige. Nuair a fuair sí biseach, pósadh iad. Bhí banais lae is bliadhna orthú,
's an lá deireannach gómh maith leis an chead lá. Thainic an buachaill caol ruadh chuige Toirdhealbhach agus dubhairt se leis go rabh se an t-am dó imtheacht. Bhí Toirdhealbhach ag tabhairt airgid dó ar son a thrioblóide. Dubhairt an buachaill caol ruadh nach nglac- fadh se an dadaidh uadh, nach rabh dadaidh a dhíth air ar son aimsire, gur'b eisean an fear ar dhíol Toirdhealbhach an t-airgead ar a shon go dtí gur hiolcadh an corp. Sin mo sgéal-sa, 's is fada an sgéal e. FIONN MAC CUMHAILL AGUS A MHÁTHAIR Bhí Fionn mac Cumhaill 's a mháthair ag dul thart aon uair amháin. Bhí Fionn ar a druim léithe. Chonnaic se an iomáin ar léanaidh. "Leig le casaidh me, a mháthair," ars' eisean, "go racha me 'un na hiomána." "Ó, a mhic mhoirnigh!" adeir sí, "mhuirbh- feadh na fir mhóra sin thú."
"Gan ghéilleadh dó sin, a mháthair," adeir se, "rachaidh me 'na measg." Leig sí anuas Fionn, is chuaidh 'un na hiomána, is cha rabh aon fhear a chas air nach rabh se ar son a leagain. Nuair a stad an iomáin thainic Fionn chuige n-a mháthair. Chuir sí Fionn ar a druim arís, 's amach léithe is char stad sí go rabh sí aige Móta Dhealgain. Chaill sí pionna a brollaigh is d'fhág sí marc ionn go bhfuigheadh a pionna aríst. Rinn sí móta ionn. Sin Móta Dhealgain (.i. Dealg Fhinn) ó'n lá sin go dtí an lá so. Chaith Fionn a mháthair ar a dhruim annsin is d'imthigh leobhtha. Char stad siad go rabh siad i mullaigh Shléibhe gCuilinn. Cha rabh aige acht dhá chois a mháthara annsin is chaith se amach i Loch na Caillighe Biorra iad. Chuaidh se isteach 'un tighe is d'iarr se lóisdin. Dubhairt bean an tighe go bhfuigh- eadh, ach é dhá bhreac a ghabháil. D'imthigh se is ghabh se dhá bhreac i Loch na Caillighe Biorra. "'Nois," adeir bean an tighe, nuair a chuir sí ar an teinidh na bric, "'Nois," adeir
sí le Fionn, "ná leig ball dubh 'ná dorcha air 'ná spuaic 'ná spliúcán a dhóighte." Thainic spliúcán aníos ar chionn acú, is leag Fionn a órdóg air, is dhóigh se an órdóg. Chuir se an órdóg i n-a bhéal. Ó'n lá sin go dtí lá a bháis bhain se fios as a órdóig nuair a chuireadh se i n-a bhéal í agus nuair a chognachadh se í ó fhéith go smuais. TIGH NA GANN-CHODA. Buachaill a bhí ann aon uair amháin agus is cuma gá hacú bhí nó nach rabh. Bhí sé ag suirghe le cailín a rachadh se go tigh a gáid ar a chéilidh go minic. Bhí rás an mhuilinn ar a bhealach, 's gach aon tráthnóna dha mbéidheadh se ag dul ann léimeadh se rás an mhuilinn. Ar maidin nuair a bheidheadh sé 'g dul a bhaile, rachadh se thart go dtí an droi- chead. Chas an muilteoir air tráthnóna amháin. "Maiseadh," ars' an muilteoir, "an n-ársacha tú goidé an t-ádhbhar, nuair a bhíonn tú ag dul 'un a' tighe sin, a léimeann
tá rás an mhuilinn, 's nuair a bheidh tú ag dul a bhaile ar maidin, a racha tú thart go dtí an droichead." "Ársacha me sin dhuid," ars' an buachaill; "Nuair a théidhim-se 'un a' tighe sin, leagfar nar sáith árain agus ime fúinn. Chan itheann fear a' tighe dhá ghreim go n-éireacha se. Caithfidh mise éirghe annsin, 's cha bhím ábalta dhul a bhaile leis an oscras." "An chead uair eile bheidh tú 'g dul," ars' an muilteoir, "tabhair mise leat." "Bhéarad," ars' an buachaill. An chead uair eile bhí se ag dul thug se an muilteoir leis agus chuaidh siad isteach 'sa' tigh. Leagadh arán agus im acú. Nuair a bhí siad 'na suidhe, d'éirigh fear an tighe sul ar ith siad dhá ghreim. "'Nois," ars' an muilteoir leis an mbua- chaill, "ná corruigh." Char chorruigh an muilteoir leis an buachaill gur ith siad a rabh ar an mbórd. Bhí sin go maith go dtainic an oidhche. Cuireadh an buachaill 'na chodladh ionn i rúm. "Fanacha mise innseo insa' chóirneál ar shop cochain," ars' an muilteoir. Chuaidh fear an tighe agus bean an tighe a luighe.
"'Nois," adeir fear an tighe, "caillfhear leis an ocras mé, ó d'ith an bheirt seo a rabh ar an mbórd." D'fhéad tú do sháith 'ithe," ars' an bhean, "nuair a bhí se agat." "Éirigh," ars' an fear, "agus teana tuirtin. Tarraing anall a' teinidh, agus leag ar chloich a' teinnteáin e." D'eirigh an bhean is rinn sí an tuirtin. Thainic sí aníos agus tharraing sí anall an teinidh, is leag sí ar an teinnteán e. Chuir sí an teinidh 'sa' mhullach air. Thóg an muilteoir a cheann agus tharraing se píopa air. "Tá me áthasach gur éirigh tú," ars' an muilteoir; "Goidé an seort tighearna atá agaibh insa' tír seo?" adeir se leis an mnaoi. "Ó, tighearna maith," adeir sí. "Tá tighearna againne," adeir se, "agus chuaidh se a dheanamh teórainnteach díreach agus thug se stróc aniar mar seo agus aniar mar siud" - thug se an bata thríd an tuirtin gur mhill se thríd an luaithridh an tuirtin - ; "b'éigin damh an áit 'fhágáil ar fad." D'éirigh bean an tighe agus chuaidh sí síos a luighe.
"Bhfuil sin leat?" adeir an fear. "Chan fhuil," adeir sí; "D'éirigh an fear udaidh 'g ársaighe ar a chuid teorainnteach gur mhill se an tuirtin thríd an luaithridh." "Ó, cha bhím beó ar maidin leis an ocras," ars' an fear. "Goidé gheana mé? Gabh 'mach," adeir se, "agus bligh noigin bainne do'n mairt." D'éirigh an bhean is chuaidh sí amach. Nuair a bhí sí ag teacht ar ais, chas an muilteoir 'sa' dorus uirthí. "Bhuil sin leat?" adeir an muilteoir. "Tá," ar sise. Bheir se ar an noigin, 's char fhág deór nár ól se. Chuaidh sí síos chuige fear an tighe. "Bhfuil sin leat?" adeir se. "Chan fhuil," adeir sí; "chas an fear ud orm ag an dorus is d'ól sé e." "Goidé gheana me anois?" adeir an fear; "Gabh 'mach 'un a' ghárrdha is tarraing gas ghabáisde." "Cha dtéidhim anocht," adeir an bhean; "éirigh thú fhéin is téidh amach." D'éirigh an fear is chuaidh amach 'un a' ghárrdha a bhaint gais ghabáisde.
D'éirigh an muilteoir is lean sé e. Bhí bata maith leis an muilteoir. "Ara, a shean-rógaire," ars' an muilteoir, "Goidé bheir ag goid gabáisde an fhir mha- cánta thú?" "Nach mé fhéin atá ann?" adeir fear an tighe. "Is tú fhéin atá ann?" adeir an mhuil- teoir, "ach goidé 'fhios agam-sa gá thú fhéin?" Tharraing se buille a bhata air, agus leag se leis an mbuille e agus bhuail a sháith air. D'imthigh a muilteoir ag sgairteach ar an mbuachaill. D'imthigh an bheirt a bhaile 's cha dtainic ar ais ní 'mhó. GOBHA AN TSOIC Bhí se lá amháin 'na sheasamh 'sa' chéardcha. Chuaidh se 'un doruis is chonnaic se gasur ag teacht ag marcaigheacht an shean-bhéitheach. Thiomáin se (.i. an marcach) aníos 'un doruis chuige. D'fhiostruigh se de'n Ghobha
an gcuirfeadh se cruidhtheacha ar an mbéitheach so dó. Dubhairt an Gobha go ndeanfadh is fáilte, "acht nach dearn me an dadaidh riamh acht iarannacha maide seistrighe." "A' mbearthá iasacht na ceárdcha damh is gheana me fhéin e?" "Bhearad is fáilte," ars' an Gobha. Thug an gasur an béitheach isteach 'un na céardcha is bhain se ne ceithre cosa de. Chuir se na ceithre cosa 'sa' teallach. Shéid se na builg is thug se na ceithre cosa amach is úr-chruidhtheacha orthú. Chuir se na ceithre cosa ar an mbéitheach is léim an béitheach suas 'na sheasamh. Léim an gasur ar a dhruim is bhain se amach. "Má's é sin dóigh chruidhtheach a chur ar bhéitheach," arsa Gobha an troic, "tá sean- bhéitheach agam-sa bhíonns ag iomchar guail. Tá se comh maith agam úr-chruidhtheacha chur air." Thug se a shean-bhéitheach isteach 'un na céardcha. Fuair se tuagh is bhain se na ceithre cosa de'n mbéitheach. Chuir se isteach 'sa' teallach iad. Shéid se na builg. Dhóigh se na ceithre cosa is bhí an béitheach marbh.
Ionn i gcúpla lá 'na dhéidh sin chonnaic se an gasur ag teacht 's é ag marcaigheacht, bean ar a chúlaibh is bean ar a bhéalaibh. Thainic se (.i. an gasur) aníos do dorus na céardcha. D'fhiostruigh se de'n Ghobha an ndeanfadh se cailin úr óg de'n dá shean- bhean so. "Ó, cha dearn mise dadaidh ariamh acht iarannacha maide seistrighe," ars' an Gobha. "A' mbearthá iasacht na ceardcha damh fhéin?" ars' an gasur. "Bhearad is fáilte," ars' an Gobha. Thug an gasur isteach an dá shean-bhean, leag se 'sa' teallach iad is shéid se na builg leobhtha. Char bh'fhada gur léim cailin úr óg amach as an teinidh is léim sí suas ar a chúlaibh ar an mbéitheach is amach leobhtha. "Ma's é sin an dóigh," arsa Gobha an tsoic, "tá mo mháthair is máthair mo mhná agam-sa. Bíonn siad ag troid 's ag argáil gach aon lá, is gheana me cailin óg de'n mbeirt." Thug sé a mháthair fhéin is máthair a mhná isteach. Bheir se orthú is chuir se 'sa' teallach iad. Shéid se na builg leobhtha is dhóigh se an bheirt.
Cha rabh a fhios aige goidé gheanadh se. Bhí eagla air go gcrochfaidhe e. Dubhairt se go n-imtheachadh se brághaid a éadain. D'imthigh leis go rabh se ag dul trasna cnoc is chuala se fead. Shaoil se go rabh an tóir 'na dhéidh. "Mise tá ann," ars' an gasur: "Gá bhfuil tú ag dul?" D'ársaigh Gobha an tsoic dó goidé sinn se, gur bhain se na cosa de'n mbéitheach go bhfuair se bás, is gur dhóigh se an dá shean-bhean. "Tá se comh maith agat mise thabhairt leat," adeir an gasur; "tá gobha i mBaile Átha Cliath a bhfuil céad pont aige go gcuirfeadh se céad pont a gheall le gobha ar bith. Nuair adéara se leat a' dadaidh dheanamh, abair go ndéanfaidh do ghasur e." D'imthigh leobhtha go rabh siad i mBaile Átha Cliath aige tigh an Ghobha. D'fhiostruigh an Gobha goidé bhí a dhíth orthú. Dubhairt Gobha an tsoic go rabh se ag teacht d'á fhéacháint. Chuaidh Gobha Bhaile Átha Cliath isteach is shéid se na builg. Chaith se cíth mór cruithneachta as an teallach. "Teana thusa rud anois," adeir se le Gobha an tsoic.
"Gheanaidh mo ghasur é," ars' an Gobha. Chuaidh an gasur is shéid se na builg. Chaith se sgafta mór columna amach as an teallach is d'ith siad suas an chruithneachta is d'imthigh leobhtha. Chuaidh Gobha Bhaile Átha Cliath 'un na mbolg aríst. Shéid se na builg. Chaith se breac mór amach as an teallach. Léim an breach ionn i n-abhainn bhí os cionne na céardcha. Chuaidh gasur Ghobha an tsoic 'un na mbolg annsin. Shéid se na builg, is chaith se madadh uisge amach as an teallach. Léim se isteach in-san abhainn is ghabh se an breac. Bhí an geall bainte aige Gobha an tsoic. Bhí se lán áthais fá'n chéad pont a bheith bainte aige. "'Nois," ars' an gasur, "tá rí i Sasanaibh. Tá se dócrach tinn. Tá sac óir agus béitheach le n-a iomchar do dhoctuir ar bith léigheasfas e. Nuair a racha tusa go caisleán an ríogh, fiostracha siad goidé tá a dhíth ort. Déarfa tú gur doctuir atá ionnat, is abair "Má tá mo chulaith íochtrach, go bhfuil mo sgéal árd."" D'imthigh leobhtha go rabh siad aige cais- leán an ríogh. D'fhiostruigh fear an gheata
goidé bhí a dhíth air, agus dubhairt se gur doc- tuir a bhí ionn, go rabh ag teacht a dh'amharc ar an rígh, "is má tá mo chulaith íochtrach, tá mo sgéal árd," ar seisean. Leigeadh isteach e. Nuair a d'amhairc se ar an rígh, d'órduigh se gach aon dhuine amach as an phárlus, is d'órduigh se pota uisge chur síos. Nuair a bhí an pota bréagh teith, thainic an gasur is bhain se an cionn de'n rígh, is chuir se síos in-sa' phota e. Fuair se sponóg is bhí se ag áthrach an chinn 'sa' phota. Char bh'fhada gur thóg se an cionn, is chuir se ar an cholainn e. D'éirigh an rí suas comh maith is bhí se riamh. Fuaras réidh sac óir agus béitheach le n-a iomchar do Ghobha an tsoic. D'imthigh se fhéin 's an gasur. "'Nois," ars' an gasur, "tá se comh maith agat luach bróg a thabhairt damh." "Cha dtugaim," ars' an Gobha, "a bhas- taird," adeir se, ag tabhairt iarraidhe boise air. Nuair a d'amhairc se thart, cha rabh sac nó béitheach nó ór aige. Bhí se comh folamh agus bhí se riamh. Chualaidh Gobha an tsoic annsin go rabh rí na hAlbaine tinn 's go rabh an rud ciadna geallta do'n té léigheasfadh e, sac óir is
béitheach d'iomchrachadh e. D'imthigh leis go rabh se aige caisleán an ríogh. D'fhiostruigh fear an gheata goidé bhí a dhíth air. Dubhairt se gur doctuir a bh'ionn, go rabh se ag teacht dh'amharc ar an rígh, agus "má tá mo chulaith íochtrach, tá mo sgéal árd," adeir se. Chuaidh se isteach an áit i rabh an rí. D'fhógair se gach aon dhuine amach as an phárlus. D'iarr se orthú pota uisge chur síos. Nuair a bhí an pota bréagh teith, bhain se an cionn de'n rígh is chuir se síos in-sa' phota e. Nuair a thóg se an cionn, leag se ar an cholainn e. Thuit an cionn taobh 's an cholann taobh eile. Bhí se buaidheartha ann- sin fá'n rígh, ar eagla go gcrochfaidhe e. Chuala se torann ag an dorus annsin. "Ó, fan go se!" adeir se, "chan fhuil mo ghnaithe réidh go se." "An é nach leigfe tú do ghasur bocht cosnochtthaí isteach?" ars' an gasur ag an dorus. D'fhosgail se an dorus do'n ghasur, is bhí se lán áthais nuair a chonnaic se e. Bheir an gasur ar an chionn, chóirigh se ar an cholainn e, agus d'éirigh an rí suas 'na sheasamh comh maith 's a bhí se riamh. Fuaras réidh
annsin an sac óir is béitheach d'iomchair e. D'imthigh leobhtha, e fhéin 's an gasur. "'Nois," ars' an gasur, "tá se comh maith agat luach na mbróg a thabhairt damh." "Bhéara me an t-iomlán duit," arsa Gobha an tsoic; "Is tú fhéin a thuill e!" "Chan iarraim aon leithphighinn ort," ars' an gasur, "acht gur mhaith liom do shúile 'fhosgailt. Tabhair an t-iomlán a bhaile leat anois, is gheobha tú do dhá shean-bhean beó agus do shean-bhéitheach, nuair a racha tú a bhaile. Shaoil tú gur mharbh tú iad." D'imthigh Gobha an tsoic a bhaile, is bhí dóigh mhaith air go dtí lá a bháis. MANNABHÁR MÓR MAC RÍOGH LOCHLANN Nuair a bhí Fionn mac Cumhaill 'na chomhnaidhe i bhfogus do chnoc an Fhionnchairn, fuair sé sgéala ar Mhannabhár Mór, mac Ríogh Lochlann, go rabh sé ag teacht go hÉirinn, go bhféachadh sé na Fianna go bhfeiceadh sé an rabh sé comh maith leó. Cha rabh Osgar nó Goll nó na fir ab' fhearr
acú 'sa' mbaile. Cheasnuigh Fionn mac Cumhaill nuair a chonnaic sé an gaisgidheach ag teacht, bhí sé comh mór sin, agus cha rabh 'fhios aige goidé dheanfadh se. Smaoinigh bean Fhinn ar dhóigh a shábháilfeadh é. Dubhairt sise leis luighe 'sa' chliabhán agus go ndéarfadh sí gur páisde bhí ionn, agus Oisin a chur ag buachailleacht an eallaigh. Rinn sí sin ar dhóigh go rachadh Mannabhár Mór ar ais go críochaibh Lochlann le heagla roimhe fearaibh móra na Féinne. Thainic an fear mór isteach chuige bean Fhinn. "Tá an ghaoth ar an dorus," adeir se. "M'fhíor go bhfuil," arsa bean Fhinn; "dhá mbéidheadh na laoich 'sa' mbaile," ars' ise, "cha bhéidheadh an ghaoth ar an dorus." "Goidé dhéanfadh siad?" arsa Mannabhár Mór. "Bheireadh fear acú ar an tigh," ars' í, "is thionntachadh siad a chúla leis an ghaoith." (Shaoil sise go gcuirfeadh sin iongantas air, agus nach mbéidheadh sé ar son a dhéanta.) "Gheanaidh mise sin," arsa Mannabhár Mór. Bheir sé ar an tigh is thionntuigh a chúla
leis an ghaoith. Tighthe ádhmaid a bhí ionn an uair sin agus char bh'fhada dhó d'á dheanamh. Thainic se isteach agus thug sé fó ndear an duine bhí ins an chliabhán. "Goidé tá ins an chliabhán innseo?" arsa Mannabhár Mór. "Tá páisde," arsa bean an tighe. Shaoil sé innsin gur páisde de chuid Fhinn a bhí ionn. "A' bhfuil fiacla aige?" adeir sé. Dubhairt sí go rabh sé ag fághail na bhfiacla. Chuir sé a mhéar i mbéal an pháisde is bhain an páisde cionn a mhéir de. "Má tá na fir mhóra comh crosda leis na páisdíbh," adeir sé, "chan fhuil gnaithe ag aon fhear ag teacht chuca." Bhfuil aon ghreim feola agat?" adeir sé le bean an tighe. "Chan fhuil," adeir sí, "acht téidh amach is tabhair bológ isteach as an stoc." D'imthigh Mannabhár Mór amach 'un na páirce agus chuaidh sé a thiomáin na bolóige. Thainic Oisin is chuir se tiobadh ar an mbolóig. Bheir Mannabhár Mór greim adhairce ar an mbolóig is bheir Oisin
greim ar an adhairc eile. Tharraing siad an bhológ eatorra go dearn siad dhá leith dí. Thainic Mannabhár Mór a bhaile is leith na bolóige leis. "Fagh réidh sin," adeir sé leis an mnaoi; "bhí bhuachaill bó amuigh, is char leig sé liom acht leith na bolóige." Fuaras réidh an fheoil. Fuair sí greidiol, is chuir sí folach taois ar gach aon taoibh dí 'cos ísiol, is chuir sí leis an teinidh é gur thriomuigh sí é. Bhí cuma bunnóige aráin air innsin. D'ith Mannabhár Mór a sháith de'n fheoil, agus d'ith sé an greidiol. "Chan iongantas do fhearaibh na hÉireann a bheith láidir," adeir se, "ag ithe an aráin chruaidh." Thainic tart mór air innsin, is chuaidh sé síos go Bealach Mannabháir is chuir sé a bhéal roimh an fhalc. Chaith bean Fhinn nimh (no sleagh) 'san abhainn ar an uisge is chuaidh sé isteach i n-a bhéal go bhfuair sé bás. H-iolcadh é i mullach Fhionnchairn.
BRÉAGÓIR ÉIREANN Bhí bean aon uair amháin, agus ní'l anois agus is cuma gá hacú bhí nó nach rabh, is bhí mac aicí. Thainic sé isteach aon lá amháin. "Mo dhonas is mo dhothairne orm, a mháthair," adeir se, "mur racha me a d'iarraidh nighne an ríogh." Chan fhuigheadh aon dhuine nighean an ríogh acht an té bhainfeadh trí "thug tú h'éitheach" as. D'éirigh an buachaill agus fuair se réidh a chearc 's a bhunnóg, is chuaidh se go tigh an ríogh. D'fhiostruigh fear an gheata gá rabh se ag dul ná goidé bhí a dhíth air. Dubhairt se gur mhaith leis a bheith ag caint leis an rígh, go rabh se ag dul a dh'iárraidh a ninine (inghine). Chuaidh fear an gheata isteach agus d'ársaigh se do'n rígh go rabh fear amuigh a rabh gnaithe aige leis. Sgairt an rí isteach air. D'ársaigh an buachaill a ghnaithe, go rabh se ag dul a dh'iárraidh a ninine (inghine). Thug an rí amach e an áit i rabh páirc chruithneacha. "Nach maith a' chruithneacht í sin?" adeir an rí.
"Is maith 's is ró-mhaith," arsa Bréagóir Éireann; "Goidé is brígh é seachas a' chruithneachta atá in-sa' mbaile aige mo gháid-se?" Char dhubhairt an rí an dadaidh. Thug se amach e an áit i rabh páirc mhór phise. "Nach maith a' phis í sin?" adeir a' rí. "Is maith 's is ró-mhaith," arsa Bréagóir Éireann, "acht goidé is brígh e seachas a' phis atá aige mo gháid-se?" Char dhubhairt an rí an dadaidh. Thug se amach e an áit i rabh gárrdhaidh mór gobáisde. "Nach sin a' ghobáisde mhaith?" ars' an rí. "'Seadh, 's maith 's is ró-mhaith. Goidé is brígh e seachas a' gobáisde tá in-sa' mbaile aige mo gháid-se?" "Goidé an maitheas at' ar ghobáisde do gháid-se?" adeir an rí. "Tá," arsa Bréagóir Éireann; "Bhí málthraigh ag dul thart a rabh deich marcaigh is dá fhichid ionn. Thainic cíth mór fearthainne orthú. Chuaidh me fhéin," arsa Bréagóir Éireann, "is fuair me duilleog ghobáisde is chuir me folach ar na deich marcaigh is dá fhichid."
Char dhubhairt an rí an dadaidh. Thug se amach e an áit i rabh páirc phónair. "Nach maith a' pónar sin?" ars' an rí. "Is maith 's is ró-mhaith," arsa Bréagóir Éireann, "ach goidé is brígh e seachas pónar mo gháid-se?" "Goidé an maitheas at' ar phónar do ghaid-se?" ars' an rí. "Tá," arsa Bréagóir Éireann; "bhí mise is mo gháid aon lá amhain ag cur pónair. Thuit gráinne de'n phónar ar a' chasán is d'fhás se suas go rabh se suas as m' amharc. Nuair a bhí an pónar apaidh," arsa Bréagóir Éireann, "smaoinigh me fhéin go rabh a lán pónair air agus gur mhór a' truaighe a leigean amogha. Fuair me réidh málaidhe is shiubhail me suas ó bhrainse go brainse. Nuair a bhíodh an mála líonta, chaithinn le casaidh e. Bhí me 'g dul suas ó bhrainse go brainse go rabh me thuas aige na béacáin, go deacha me isteach ionn i dtigh. Bhí me geárr as mhálaidhe" (.i. go rabh se gann ionntú); "chonnaic me deárnait ar thaobh a' bhalla. Bheir me greim ar a' deárnaid is thug me feann ar phocán air is rinn me naoi mála de'n chroiceannn. Nuair a chaith
me a ndeireadh le casaidh, cha rabh fhios agam goidé mar gheobhainn anuas. Bhris na brainsí faoi mo chosa is thuit me síos 'un na gcairgeach. Chuaidh me síos eadar dhá chloich is cha dtiocfadh liom a fhágáil. Cha rabh fhios agam goidé gheanainn. Bhí sgian in mo phóca. Bheir me ar a' sgian agus bhain me an cionn díom fhéin is chuir me a bhaile le sgéala e. Chas an madadh ruadh ar mo chionn is bheir se ar mo chionn," adeir se: "Thug me spriseadh as a' chairgeach is lean me an madadh ruadh gur bhain me mo chionn de. Chuir me mo chionn orm aríst," adeir se, "is bheir me ar a' madadh ruadh. Thug me trí chic dó, is ní'l aon chic dha dtug me dó nár chuir me rí maith amach as, 's a rí 'a mheasa acu, b'fheárr e 'ná thusa, a rí!" "Thug tú h'éitheach! Thug tú h'éitheach! Thug tú h'éitheach!" ars' an rí. "Tá do nighean bainte agam," arsa Bréagóir Éireann. "Tá le donas is doghrainn daoi," ars' an rí. Pósadh Bréagóir Éireann. Bhí banais lae is bliadhna orthú, 's an lá deireannach gomh maith leis an chead lá.
ATHBHAISTEADH CHAOILTE Nuair a chuaidh Fionn mac Cumhaill agus mór-ochtar de fhearaibh toighte na Féinne go críocha Lochlann dh'fhoglaim goile gais- gidh, char bh'fhada gur chas dóbhtha ar an bhfódán bhán fear mór árd, 's é ag féach- aint soir, léinidh dhubh-shacannáin is croiceann fiadh ar a uachtar. Bheannuigh Fionn mhac Cumhaill dó. "Gárb áird duid?" arsa Fionn, "ná gá hainm duid?" "Méadhbh Ní Lorcáin bhí ar mo mháthair. Bhí mise aici agus mo leithid fhéin eile." "Truagh nach dtannic ceó nimhe is acaise ar an talamh," arsa Fionn, "a mhuirbhfeadh í, sol a rabh do leithid-se 'bhodach aici." "Mise gobha mor ríogh Lochlainn, ag teanamh airm do rígh Lochlann." "Gá bhfuil do cheardcha?" arsa Fionn mhac Cumhaill, "nó an féigion dúinne a feiscint?" "'Tchifir, má's éigion," ars' eision, "má tá, má fhéadaim-sa, cha n-fhaicir." D'imthigh an gobha mór, is bhearadh se cnoc
dhe léim is gleann dhe choispeán (bhí se gomh lúthmhar sin), is dhul anonn ar Cheise Chorainn dó, léim Caoilte thiar 'sna sála air. "Gá hé an gaisgidheach sheas insa' tsáil orm?" "Mise," arsa Caoilte, "beir as duid." D'imthigh an gobha mór go rabh se aige dorus na ceardcha. "Fuasgail, fuasgail ( = fosgail)," ars' an gobha mór. Nuair a chuaidh se isteach, "Druid, druid," ars' eisean. "Ná druid," arsa Caoilte, "go mbéidh cuideachta leat." Caitheadh an dorus isteach. Thainic Caoilte 's an Fhéinn isteach. Bhí naoi naonbhair de ghoibhnibh gruamdha ar an taobh thuaidh de'n cheardcha ag obair. "Toisighgidh," ars' an gobha mór, "go mbearamuid luach a n-astair do fhearaibh Éirinne, go ndeanamuid arm fíochrach troda dóbhtha, sleagh dhíreach, sleagh ró-dhíreach, sleagh a mbéidh naoi n-órlaigh de bhuinne gheal chruaidhe inntí." Thoisigh builg ar lúth (.i. go gasda) d'á séideadh is uird ag éirghe i n-áirde. Bheir Caoilte ar an órd, is bhí se ag
teanamh leideog do'n iarann do'n ghaisgidh- each. "Gá hainm duid?" ars' an gobha mór, "nuair atá tú ag teach comh cruaidh orainn (leis an buillidhe)." Labhair Conán ag an dorus: "Delgus bhí riamh air, is baistiomus Caoilte feasda air." Labhair Conán: "Mur gcoinneachaidh siad an t-iarann ar dóigh duid, téidh de'n órd 'sa' chloigeann orthú." Fuair feara na hÉirinne a gcuid airm, s thainic siad a bhaile, 's cha deacha siad go críocha Lochlainn ní 'mhó. AN t-IARLA RUADH MHAGMHATHGHAMHNA An t-Iarla Ruadh MhagMhathghamhna, chuir se fios ar a lán daoine uaisle. Chuir se fios ag Ghearlánach Bhaile na Ruaidhe. Rinn an t-Iarla Ruadh an poll aige dorus a' phárluis le haghaidh an Ghearlánaigh leigint síos ann. Bhí an cailin ag gabháil cheoil ar fud an tighe: "Grádh mo chroidhe an sgadán," adeir sí, "nár gabhadh ariamh ar a chuid."
D'imthigh an Gearlánach a bháile, agus sgríobh an t-Iarla Ruadh 'uige Rígh Sasanaigh fá'n Ghearlánach agus tugadh go Sasanaigh e. Bhí se ionn i bpríosun. Cha rabh se i bhfad ann go gcuala se Turcach ag gabháil thríd an tsráid gach aon maidin, ag cur dubhshláin ar fhear ar bith. Chuala an Gearlánach an fear ag caint. D'fhiostruigh se de'n fhear a bhí ag tabhairt aire do'n phríosun goidé bhí se 'rádh. D'ársuigh an fear dó goidé bhí se 'rádh, go rabh se ag gabháil suas agus anuas an tsráid an bhfuigheadh se aon dhuine a d'fhéachfadh e. Dubhairt an Gearlánach, dhá mbéadh se ar bhiadh na hÉirinne aon mhí amháin, go bhféachfadh se aon Turcach ar an domhan. Thainic an Rí chuige. "Goidé an biadh 'a mhaith leat a fhagháil?" ars' an Rí. "Arán coirce a bhruithfidhe le teinidh mhónadh is bainne gamhnaigh bhlighfidhe 'san oidhche 'ól ar maidin." "Geobha tú sin," ars' an Rí. Fuair an Rí dó e. Cha rabh se acht coicthighis go dtí gur dhubhairt se go bhféachfadh se an Turcach.
Dubhairt an Rí dhul 'un a' steóir is cloidheamh a thoghadh. Chuaidh an Gearlánach 'un an steóir agus bheir se ar an chloidheamh. Bheir se air agus chroith se e agus bhris se e. Ní'l aon chloidheamh ar bheir se air nár bhris se e. "Dhá mbéadh mo shean-chloidheamh atá insa' mbaile agam, dheanfainn leis." Chuir an Rí fear i gcoinne an chloidhimh. Chuaidh an Rí anonn agus thug se an cloidheamh anonn 'uig an Ghearlánach. Thoisigh an troid is chaith se an cionn de'n Turcach. Dubhairt an Rí leis, dhá ngearrfadh se sac olna le aon bhuille amháin, go mbearfadh se a phárdun dó. D'imthigh an t-Iarla Ruadh is chuir se barra iarainn istigh 'sa' tsac. Chuaidh an Gearlánach isteach agus bhí an sac olna i mullach ar bhinnse. D'amhairc an Gearlánach ar an Rígh agus ar gach aon dhuine dh'a rabh istigh. Tharraing se an buille is thiomáin se thríd an tsac e gur ghreimigh se insa' mbloc e. "'Nois," adeir an Rí, "tá do phárdun agat. Ársuigh damh god chuige ar amhair' tú orm sol a dtug tú an buille?" "Dhá dtiobfadh an buille orm-sa," ars' an
Gearlánach, "chaithfinn an cionn díot-sa agus d'á rabh istigh." "Ó, má tá," ars' an Rí, "an fear a chuir mo chionn-sa i gcontabhairt, bainfear an cionn de ar an mbimide!" Baineadh an cionn de'n Iarla Ruadh ar an mbimide. TIONNTODH PHÁDHRAIC Bhíodh Pádraig ag taithighe go tigh Phádhraic ('un Críostaidhe a dheanamh de). Chuaidh bean Phaidí 'un doruis lá amháin. "A Phaidí," ars' í, "tá Pádraig ag teacht arís." "Má tá," adeir Pádhraic, "racha me dho luighe, agus abair leis go deacha me'mo chodladh." Thainic Pádraig isteach. "Ga bhfuil Paidí?" adeir se. "Tá se 'na chodladh," adeir an bhean. "Má tá se 'na chodladh," arsa Pádraig, "go n-éirghidh se slán; 'S mur bhfuil se 'ná chodladh, go gcodlaidh se a sháith!"
D'imthigh Pádraig leis is cha dtainic ar ais go bliadhain ó'n lá sin. Thainic Pádraig isteach aríst. "Ga bhfuil Paidí?" adeir se. "Char chóruigh siad an liobaidh ó bhí tú innseo roimhe," ars' an bhean. "Gabh síos," adeir se, "is abair leis éirghe." Chuaidh an bhean síos is d'iarr sí air éirghe. D'éirigh Pádhraic suas gomh maith is bhí se riamh (agus ghlac se an baisteadh annsin].
AGUISÍN ATHBHAISTEADH CHAOILTE Lá dá rabh Fianna Finn Ag coimeád cuain agus talaimh, Go bhfaca muid chugainn ins a' ród An fear mór agus é ag leath-chois. Aon chos amháin a bhí as a thóin Agus é ag tomhas na móna chugainn; Aon súil amháin i gclár a éadain Agus é ag féachaint ar mhac Cumhaill. Go mbeannuighe an Rí agus na geáidh Do do dheáidh-se, a Fhinn mhic Cumhaill. Go mbeannuighear duid-se mar 'gciadna, A shúil fhiata nach n-aithighim. Lon Mhac a' Líomhtha m'ainm baisdthe; Bheirim buaidh freasdail as gach ceardcha; Is mé lúth ghoibhne an domhain Ag Rígh Lochlainn ins a' mBeirbhe.
Cábha mhór Ní Mhorcáin - Budh mhaith an mháthair chloinne í - Rug sí mé i n-éinfheacht, Mé fhéin agus mo leitheid eile. Cuirim sibh fa gheasaibh, Mur rabh síbh agam i mbuidhin ochtair Ag naoi ndorsa mo cheardcha. Cá bhfuil do cheardcha, a ghobha, A ghiolla mhóir na gcochall croicinn? Gluais liom d'á fhéachaint, Agus má fhéadaim, cha ngeabhair. D'imthigh sé uainn in-a reatha Fríd ghleanntaibh fada fásaigh, Agus ní fheiciomuist do Éirinn, Acht mur Binn Éadain a mhásaidhe. Ní thiocfadh linn a shamhailt a dhá chluais, Acht mur rabh dhá theá'pall ar chabláisge. Leigimid uili-g i n-ar reatha; Go crích na Lochlann budh linn buaidh, Agus ag árdughadh dúinn ag Ceis Corainn, Druid romham, arsa Delgus, Dar an láimh sin ort, a ádhbhar goibhne, Ní rachaidh tú i gceardcha ad' aonar.
Annsin a fuair muid builg d'á séideadh Agus fuair muid cré i gceardcha, Fuair muid buidhean thógtha De fhearaibh móra nachar mhaith deilbh; Bhí ocht lámha ag bualadh Agus budh luaithe le Delgus. Annsin a d'fhiafruigh ná goibhne fríd ghruam- dhacht, Gach duine d'á chéile, Cé an caol-fhear cruaidh láidir A bhuaileas an barra cruach? Annsin a labhair Conán mac Baoisgne, Fear sgaoilte gach ceisdeach, Cé feárr ainm a mbeidh feasda air 'Ná Caoilte gasda a bheith ar Dhelgus.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services