Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Craobhscaoile Gearaltach in Éirinn
Title
Craobhscaoile Gearaltach in Éirinn
Author(s)
Ó Murchadha, Uilliam,
Composition Date
1747
Publisher
(B.Á.C.: Connradh na Gaedhilge, 1907)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
{N IG17 340-343,354-359,376-379,387-391,414-415,418-424} {L 340} {B 1747 18L} {G L} {U 0287} {C Prós} {M 8} Craobhscaoile Gearaltach i nÉirinn Iar n-a chur ó Laidin go Gaoidhilg as Relatio Geraldinorum le hUilliam Ó Murchadha, Ag Rinn an Chinnphéicigh, An cúigeamhadh lá déag de Iúil, Míle seacht gcéad is seacht mbliadhna ar dá fhichid. An díonbhrollach nó an reamhrádh Do chum an léightheóra. Ag seo chugaibh a léightheóirí, suim aithghearr an Tráchta, .i. Relatio Geraldinorum, do scríbh an t-eagailseach ionnraic is an flaith foghlumtha fír-eólach, is an diadhaire diadha deaghshomplach Ó Dála .i. bráthair blasta béal-órdha as Éirinn do ba phroifeasúir dídheachta agus Biocáire Geanarálta i Liosbón san Phóirtinéil ar Chraobhscaoile Gearaltach i nÉirinn, iar n-a chur ó Laidin go Gaoidheilg, óir ba thruagh liom gan an tuarasgabháil fhírinneach fhóirleathan tug an t-úghdar roimhráidhte ar na huaislibh calma cathbhuadhacha san do bheith i dteangain na tíre i n-ar chomóradh a ngnáith-éachta; agus cíodh nár thualaing mé ar an saothar so do chur insa chruith ná insa chulaith do ba ionchuibhe don ocáid, geallaim dam féin go ngéabhaidh gach léightheóir deigh-mhéinneach mo leithscéal; oir má tá (ó atáim i náirighthe go bhfuil) nídh ar bith oilbhéimeach im chuidse dhe, ní easbha foinn ná fír-mhéinne fá ndeara é acht easbha eóluis, agus muna bhfuil maith eile ann, tá an méid seo ann, gur osclas bealach is beárna d'aon éigin eile dochum a dhéanta ní bhus fearr; gidheadh an bhuidhean bhiaidh ag breicneóireacht chum brabaduigheacht is bearrthóireachta air, níl neart agamsa ortha, acht innsim dóibh nach fuil ionnta acht amhuil cuil do thuirlingeóghadh ar mhairc do chum a himdheargtha agus ní chum a chneasuighthe. Is é meódhan do ghabhas insa mbeag-shaothar so, na cinn do thógbháil as an roinn déaghnaigh den leabhar Fol.133, thosuigheas mar seo, Propagatio Geraldinorum in Hib., etc., i n-a dtosnuigheann sé le Muiris mac Gearailt, an chéid-fhear tháinig go hÉirinn díobh, agus i n-a leanann ortha dhiaidh i ndiaidh gus an bhfear déagnach, oir innseann annso go haithghearr cia an áit is an bhliadhain d'aois an Tighearna i n-ar éag gach n-aon aca; agus do rinneassa amhla san, agus a dtráchta ar gach n-aon aca fá seach; do thógbhas as corp na staire roinn de gach nídh dá bhfuaras támhascamhail nó iomráidhteach i n-a bheathaidh gur chuireas i ndiaidh báis an fhir sin i n-a ionad féin é. Gidheadh d'fhágbhas mórán de neithibh maithe ann gan trácht ortha, óir ba mhian liom beith gearr. Gaibh a dhithchioll, a léightheóir ionmhnin, ót shearbhóntuidhe síorghrádhach, Uilliam Ó Murchadha. Tuig fós, a léightheóir eagnaidhe, gurab ar fhuireálamh Phiarus Mac Gearailt, Bhaile Uí Chionnfhaolaigh do rinneadh an beagshaothar so. Ag seo Piarus dochum Uilliam: {C Fil.} A chogair, a chumainn 's a chuisle nách faon sa duain, 'S do fromhadh go milis gan time le héigsibh suairc, Corruighse t'inchinn chliste agus réidh mo ghuais I dtobar na mbruingeal ó fuineadh do dhréacht i n-uaim.
Cíodh follus mo chine gur cuireadh gan tréad gan tuaith Ag cosnamh go cumasach dlighthe na naomh go buan, 'S i gcogadh ba mhinic le buirb ag déanamh buairt, Ag coscairt 's ag ciorrbhadh fuirinne an Bhéarla mhuair. {C Prós} Seán Ó Murchadha dochum an scríbhneóir roimhráidhte ag moladh a oibre, an tan do léigh is do thaithnidh ris. - {C Fil.} Is duine do foilceadh i dtobair na naoi mbéithe 'S do fromhadh i scolaibh go focailcheart, séimhléigheanta, d'fhoscain go solusghlan noda gach tréan-dréachta Lér chorruidh an obair seo socair i mbinn-Ghaedheilg. Molaimse t'obair ghlan shomholta chaoin-tréitheach d'fhoscail go solusmhar sonas na bprímh-ghéag san, Do chosmaimh go colgach cosantach buidhean léidmheach Ar orchra, ar dhonus, ar thubaist, na fíor-Gaodhail. {C Prós} Ceap Craoibhe Gearaltach. Gearaltaigh iarlaí Deasmumhan i nÉirinn do ba follus calmacht, do fríth gurab ó na sean Troianaigh fuaradar ceap a gcraoibhe, óir iar ndul do Æeneas ag déanamh congcuis don Iodáil do rug leis drongbhuidhean de thaoiseachaibh calma, go raibh díobh so duine támhascamhail deárscnaighthe seach cách .i. stoc is ceap craoibhe Gearaltach. Agus an tan do bhí Æeneas go sítheóilte i seilbh na hIodáile do thug fearann claidhimh do gach n-aon tháinig leis ón dTraoi go ráinig chum an chéad-athar so ár nGearaltach mar roinn an chuid is saidhbhre den Etruria mar a bhfuil Florentia anois, go rabhadar diaidh i ndiaidh i seilbh na saor-bheathadh san go dtárla go raibh Uilliam, Diúic Normandy, ag tiomargain sluagh do chum a theidil chum coróinn na Sacsan do thagairt i n-aghaidh Harold do ba rí Sacsan an tráith sin, go dtáinig dochum congnaimh le hUilliam aon den chine roimhráidhte do ba sóisear, go ndrongbhuidhean chalma leis, agus iar ngabháil buadh do Uilliam do thug dó so i ndíol a chródhachta caisleán is Mainéar Uindsor sa mbliadhain 1067, gur shealbhuigheadar a sliocht é go haimsir Ghualtherus mac Etherus. Do bhádar ag an Gualtherus sin triar mac; ón mac ba shine .i. Uilliam, thángadar iarlaí Uindsor: ón dara mac .i. Roibeard, tháinig iarla Essex anois 1655; an treas mac, iomorra, Gearalt ainmnighthe Uindsor, do ghaibh mar bhainchéile inghean Rís, móir-phrionnsa Breatan. Is léi do bhí aige Muiris Mac Gearailt ó dtáinig an móirghiúistís sin na hÉireann .i. Tomás Mac Muiris atá adhlaicthe anois i dTráighlí, d'fhág san dá éis dias mhac .i. Seán is Muiris - an chéid-fhear, céad iarla Chille Dara; an fear déidhnach, céad iarla Deasmhumhan. Muiris Mac Gearailt as Uindsor an chéad Ghearaltach táinig go hÉirinn .i. maraon le Diarmuid Mac Murchadha san mbliadhain 1169. Ba mhór ceannus is céim is comhacht an Mhuiris réamhráidhte seo i Sacsaibh ria dteacht go hÉirinn dó, óir do ba Ridire an Lomra Órtha é, .i. Eques Auratus, .i. Knight of the Golden Fleece ionnus alos a chéime is a chródhachta ná raibh triath ná taoiseach san eachtra san
ba lia, ba líonmhaire is ba lánfhairsinge fuair fearainn fhéarmhara is beatha bhioth-bhuan dó féin is dá shliocht i nÉirinn ón dara Hannraoi, rí Sacsan an tráith sin, 'ná é. Ag seo mar adeir an t-ughdar maxime vero omnium Mauritium - ingentibus afficit honoribus et praediis ditat, .i. isé Muiris is iomdha do fuair d'onóir is de bheatha dhíobh uile. Ag seo mar adeir arís san áit chéadna, quae magna ipse virtute parta, majori defendit, auxit maxima .i. gach a bhfuair le cródhacht mhóir do chosnaimh le cródhacht ba mhó, agus do mhéaduigh leis an gcródhacht ba ró-mhó. Gearalt Mac Muiris fó-rí Eireann, noch d'éag i naibíd mhanaigh i nEóchaill san mbliadhain 1205. Ní bhfaghaim nídh ar bith támhascamhail i na bheathaidh so, acht go saoilim gur duine oirdheirc é; óir ba fó-rí Éireann, amhail adubhramair thuas, agus do thréig onóir agus toice an tsaoghail seo, gur chríochnuigh a bheatha go cráibhtheach. Muiris Mac Gearailt do rinn Mainistir San Phroinnsias i nEóchaill; is í céadfa droinge gurab é seo an Muiris do ghaibh mar mhnaoi inghean Gailfred Morison, fó-rí Éireann: d'éag sé san mbliadhain 1257. Ba thréan an teasaidheacht creidimh is an lonnradh lánghlóire do bhí i gcroidhthibh cródha cathbhuadhacha na gcéad-athar so ár nGearaltach i nÉirinn, amhail is léir i mbeathaidh na díse roimhráidhte. Tomás Mac Muiris do marbhadh i gCallainn Ghlinne Ó Ruachta mar aon agus 'aon mhac Seán do ba Ridire an Gháirtéir. Is iad do rin Mainistir Thráighlí. Do marbhadh iad amhail a dubhramair i gCallainn i ndúithche Mhic Finníghin i mbliadhna 1260. I n-aimsir an Tomáis seo do ghaibh uamhan is imeagla Mac Cárrthaigh Mór, cíodh gurab inghean do Thomás ba bhainchéile dhó, agus mórán eile d'uaislibh na ríoghachta i dtaobh ceannuis tréine is saidhbhris Gearaltach, ionnus go ndeachadar ós íseal, i gcomhairle, créad an modh ar a dtiocfadh leó mórdhacht mhórchomhachtach na nGearaltach do chlaochlódh agus is í comhairle do cinneadh aca, amus anfhórlannach do thabhairt ar Thomás, agus dá dtigeadh leó é do mharbhadh go mbadh críochnughadh do cheannus is do chóimhthréine Gearaltach a éag; agus tárla fós fé an dtráith sin go raibh Tomás ag dul ar eachtra go Sacsaibh, go na mhac Seán agus beagán buidhne ag dul maraon leis, chum a fhaicsiona ar bórd luinge, gur tugadh ionnsaighe ainbhfiosach fhóiréigneach ortha, ionnus go dtángadar na sluaigh sáiriomdha go neimhfheasach dóibh rompa is 'na ndiaidh. An tan do chonnairc Tomás go na bheagan buidhne ná raibh fáth taithleachuis ná teasraigthe aige, iompuigheas go teann tréan-chalma ar na tromsluaghaibh agus tug comhrac cródha coinscleódhach dhóibh, gur thuit féin is a mhac fá dheóidh san íorghuil sin le hiomarca anfhórlann. Beag nachar chríoch do na Gearaltaigh leis an mbuille sin, óir ní raibh d'fhíorstoc Gearaltach ar marthain i nÉirinn an tráith sin acht naoidhean aoinmhic do Sheán mac Thomáis do bhí ar altrom i dTráighlí. Agus an tan ráinig tásc an dtruaighscéal san iad d'imthigh banaltra an naoidhin maraon le cách ar foluamhain síos is suas ag síorghol, ionnus gur fágbhadh an leanbh in' uathadh agus in' aonar i na chliabhán. Thárla go raibh ápa mór istigh, agus an tan mhothuigh an leanbh in' aonarán, goideas as an gcliabhán é, agus tógbhas leis ar phionúinibh fíorárda an chaisleáin é, agus nochtas é, go raibh agá shír-cheartughadh agus agá shleamhain-shlíobadh de réir a nádúra féin, go raibh tuirseach
dá oileamhain, agus ar gcur a éadaigh air tugas leis gus an áit i bhfuair é; agus iar bhfagháil na banaltran i bhfochair an chliabháin ag nuallghubha, óir níor saoileadh go dtiubhradh an leanbh slán tar ais, buaileas bas bhaiscneach uirthi do thaoibh an leinbh d'fhágbháil in' aonarán; gur de lean an fhorainm de, .i. Tomás an Ápa, forainmnighthe ón ápa. Do b'í a bhainchéile Siobhán inghean Tighearna Barrach; do b'iad a chlann mac Muiris agus Seán ó bhfuil mac Thomáis Déiseach. Iar gcaitheamh aon bhliadhain déag ar fhichid i dtighearnas, d'éag san mbliadhain 1291, agus do hadhlacadh i dTráighlí é. Iar dteacht i naois feardhachta dhon Tomás so, ba mhór a chéim a cheannus is a chródhacht, ionnus go ndearnaidh dian-argain is díoghaltas i néiric báis a athar is a shean-athar, gur fhág dá éis i seilbh saoir-fhearann a shean is a shinsear a mhac meanmnach móir-éachtach, .i. Muiris mac Thomáis céad Iarla Deasmhumhan. Do ba fó-rí Éireann é, agus do b'í a bhainchéile inghean Diuic Bucingham; an dara bainchéile dhó, inghean Ghailfred Morison, nó Noiréis; agus is leis an mnaoi chéadna do fuair sé Oileán Ciarraighe; a threas bainchéile inghean an Iarla Ruadh, nó de réir druinge eile Eilionóir inghean Mhic Muiris Chiaraighe. D'éag sé i nÁth Cliath san mbliadhain 1355. Isé an Muiris seo fuair gairm agus teideal Deasmhumhan ar dtúis i nÉirinn ón dtreas Éadbhard, rí Sacsan, an dara bliadhain dá réimheas. Go grod dá éis sin, do chuaidh go hAlbain ar fhuireálamh an ríogh agus do thug creacha agus cíoscháin leis as. Do rinneadh dá éis sin ceann feadhna cobhlaigh dhe chum léirscrios is lán-ruagadh do thabhairt ar iliomad foghlaidhthe fairrge do bhíodh ag lot is ag lánbhuaireamh tráchtála na mara an tráth san, ionnus go ndearnaidh an fhairrge sídheach sítheóilte chum seóltóireachta, agus do chosnaimh na Gaedhil i nísle is i numhlacht don choróinn gur éag. Annso ní thigid na seinleabhair Gaedhilge le chéile. Cuirid roinn díobh Gearóid go hinmheódhnach i ndiaidh Mhuiris. Gidheadh, cuirid an chuid eile, idir Mhuiris is Ghearóid, Muiris eile a mhac agus Seán dá Iarla mar leanas. Muiris Óg, Iarla is fó-rí Éireann, do báthadh san mbliadhain 1357. Ní bhfaghaim nídh ar bith iomráidhte i na bheathaidh; óir iar gcaitheamh dhá bhliadhain i noighreacht is i dteideal a thréan-athar, do báthadh ag dul go Sacsaibh é; gur ghaibh a dhearbhráthair a oighreacht, óir d'éag féin gan sliocht. Seán Mac Muiris d'éag san mbliadhain 1369. Ba dhuine arrdhachta, árd-aigeantach an Seán so; agus níor bh'fhuláir dó féin gur bh'eadh, óir an dá bhliadhain déag do bhí in' iarla ní bhfuair sé suaimhneas ná síothcháin ó mhórán de shean-uaislibh na hÉireann, óir ba chiach is ba chásmhar leó seilbh saor-fhearann a sinnsir do bheith i lámhaibh eachtrann. Ionnus go mba comhbhuartha a bheatha gur éag. (Ní Chrioch)
Craobhscaoile Gearaltach i nÉirinn II. Gearóid Iarla, mac Sheáin déidheanaigh, dá ngairmthí fós Gearóid File; do b'í a bhainchéile Eilíonóir Buitléar, inghean Iarla Urmhumhan, nó de réir druinge eile Inghean Mhic Ristird. Do bhádar triar mac aige, .i. Seán, Séamus, agus Muiris. d'éag sé san mbliadhain 1399. Ba deagheólach an druadh agus an draoi an Gearóid seo. Do chosnaimh agus do chaomhain go cródha is go comh-chalma oighreacht a shean is a shinsear, gur éag iar gcaitheamh tríochad bliadhan in' Iarla, gus an mbliadhain 1399; gur fhág dá éis a mhac Muiris, noch d'éag gan sliocht i bhfoircheann na bliadhna roimhráidhte. Seán Iarla, mac Ghearóid, do báthadh isan tSiúir ag Árd Fíonáin san mbliadhain 1400. Sul do ráinig leis seo a chródhacht féin ná síor-chalmacht a shinsear do
thaisbeánadh, ag dul go Cluain Meala dhó, do báthadh insan tSiúir é,, amhail adubhramair. Tomás Iarla, mac Sheáin do hionnarbhadh don bhFrainnc le bráthair áirithe dá athair, nó fós le Séamus dearbhráthair a athair. D'éag sé sa Normandí, anno 1420. Do chuaidh an Tomás so i neasumhla ar choróinn na Sacsan; ionnus ar na ghairm san gcúis sin, go mba éigean dó dá fhear dhéag barún de Shean-ghallaibh Éireann do thabhairt i slánaibh air go bhfreagóradh sé an lá cinnte san gcúis gcéadna. Gidheadh, níor bh'ionntaoibh leis freagradh, ionnus gur chailleadar na slána do chuaidh air mórán de thaoibh a ngeallamhna ar a shon agus gur hiompuigheadh a bheatha, a chrodh is a cheathra féin chum fóghnaimh don choróinn; agus ar gcaitheamh tréimhse i nÉirinn dó ar uathadh coda is carad do chuaidh don bhFrainnc, gur éag ar deóraidheacht ann, an fichmhadh bliadhain iar bhfagháil gairme Iarla dhó. Séamus Iarla, mac Ghearóid; do b'í a bhainchéile Máire de Búrc, inghean Tighearna Mhac Uilliam Chloinne Riocaird, .i. Uilliog Óg, mac Uillig; do b'iad a chlann mac Tomás agus Gearóid, Tighearna na nDéiseach; d'éag sé san mbliadhain 1450. Do b'é Séamus so treas mhac Ghearóid do ba Iarla tréimhse roimhe sin, agus dearbhráthair athar an Tomáis roimhráidhte. Do fuair sé ón rígh seilbh sítheóilte saoir-fhearann a shean is a shinsear, ionus iar gcaitheamh tríochad bliadhan go calma comh-chródha in' Iarla, gur éag fá dheóidh. Tomás, mac Shéamuis, Iarla agus fó-rí Éireann; do b'í a bhainchéile Eibhlín nó Allsún, inghean Tighearna Báróideach. Do baineadh a cheann de i gCathair an Droichid, .i. Droichead Átha, san mbliadhain 1466. Do b'iad a chlann mhac Séamus, Muiris, Tomás, Seán, agus Gearóid Mocholpa. Iar ngabháil oighreachta dhon Tomás so, ba mhórdhálach a mhóir-éachta. "Ob praeclara gesta Magni cognomen adeptus est," adeir an tUghdar; .i. ó na gníomha do comóradh leis do fuair an fhorainm, .i. Tomás Mór, mac Shéamuis. Do b'ionmhuin ag an gCeathramhadh Éadbhard rí Shacsan, é; óir ba chomhthréan a chomhlann 'na choghnach slóigh i naoi gcathaibh i bhfochair an ríogh romhráidhte san imreasán ba fír-mhinic an tráth soin idir threabhaibh an dá tigh York agus Lancaster. Agus iar ngabháil buadh fá dheóidh d'Éadbhard, - óir do ciorrbhadh an tráth soin treibh Lancaster go huile, acht Iarla Richmond amháin - gabhas Éadbhard an ríoghacht d'éis sin, agus is fíor-onóireach do friotháladh an tIarla Tomás aige maille re duaisibh dian-mhóra, go dtug gairm fós agus fír-theideal fó-rí Éireann dó. Le teacht go hÉireann dó, gairmeas an rí ós íseal chuige é, go ndubhairt: "A Thomáis," ar sé, "má's aithne dhuit nídh ar bith oilbhéimeach im réimheas, alos ár gcaradra is ár gcian-mhuinnteardhais craobhscaoil anois dam é." "Nocha n-aithne," ar Tomás, "acht amháin nach bainchéile do dhiongmhála do ghabhais." Do b'í seo baintreabhach Sheoin Grae, .i. an Ridhire Órtha, do marbhadh gearr roimhe sin ag St. Albans. "Óir dá bhfaghthá thú scaradh léi agus inghean prionnsa príomh-chomhachtaigh éigin do ghlacadh do ba meadhón maith dhuit chun na ríoghachta do chosnamh is do chaomhnadh é." Gabhas an rí buidheachas leis, go ndubhairt leis gan an nídh sin do nochtadh do neach ar bith eile. Triallas an tIarla a
a bhaile, go raibh ar feadh seacht mbliadhan dá éis sin ag ceart-riaghlughadh na críche, go cruthughadh fó-ríogh eile in' ionad; agus do mhair go séanmhar síor-shona mórán bliadhan dá éis sin, gus an gcrích chinneamhnaigh do cuireadh le na bheathaidh; óir do luigh lámh Dé go trom air de thaoibh na corr-chomhairle do thug don rígh roimhe sin, ionnus gur cailleadh ar an módh so é. Thárla tráth imreasán idir an rígh agus an ríoghain chéadna, Eilís; ionnus gur labhair an rí go colgach casaoideach léi, agus ar mbeith dhise 'n-a mnaoi uaibhrigh árd-aigeantaigh do fhreagair go heasurramach é, ionnus gur fearguigheadh go fíor-mhór an rí go ndubhairt: "Dá leanainnse comhairle Iarla Deasmhumhan do bheadh fine agus foircheann let chorr-mhórdháil chinntréin cian ó shoin." Isligheas agus umhluigheas an ríoghan, iar na chlos soin, don rígh, go dtárla mar ba dleacht síth agus sáir-ionmhuine eatortha dá éis sin; gur agallaimh an ríoghan é, ar na fhagháil i módh oireamhnaigh chun fiafraighthe, créad an chomhairle sin tug an tIarla dhó dá taoibh féin. Inniseas an rí - gan smaoineamh aige ar olc ar bith do theacht don Iarla dhe - an chomhairle go huile is go hiomshlán di. Smaoineas sise i na meanmain féin créad an modh ar a bhféadfadh díoghaltus do dhéanamh ar an Iarla go neimhfheasach dhon rígh; gur scríbh chun an Iarla Worcester, do ba fó-rí Éireann an tráth soin, litir fá shéala mór na Sacsan - óir do goideadh an séala léi chum na hocáide sin - dá fhógradh dhó i bpéin umhla, Iarla Deasmhumhan do ghairm, agus an tan do gheobhadh fá n-a chomhachtaibh é, a dhíthcheannadh gan fuireach. Iar bhfagháil na litire do Worcester - óir do shaoil gurab ón rígh í - gairmeas an tIarla chuige go Droichead Átha, agus iar dtaisbeánadh na litire dhó, do díthcheannadh ar an láthair sin é. Iar gclos na scéal soin dá chúigear de mhacaibh meara meanmnacha móir-éachtacha, gabhaid a nairm is tógbhaid a meirge is a mbratacha maiseacha maoth-shróill, agus gairmid chucha do gach leith a gcaraid a gcomhfhoguis is a gcompáin, agus gabhaid ag ciorrbhadh ag creachargain is ag comhloscadh na críche cian-fhairsinge do gach leith gur shroicheadar geataí Átha Cliath, ag déanamh díoghaltuis agus dian-airgthe i néiric bháis a nathar. Do fearguigheadh an rí féin go fíor-mhór ionnus go madh éigean don ríoghain teicheadh, agus gur gairmeadh an fó-rí Worcester go Sacsaibh, mar ar díthcheannadh é - cé gur thaisbeáin an litir roimhráidhte do shábháil a anma - i n-éiric an ghníomha, agus do mhíniughadh mhóir-fheirge na nGearaltach, is gléire a nglan-tsluagh. Séamus Iarla, mac Thomáis do marbhadh é maraon is a mhac i Ráth Caola, anno 1487. Iar mbeith dhó is dá chomhbhráithribh ag creachadh is ag comh-argain, amhail adubhramair, scríobhas an rí go sídheach sár-mhuinteardha chucha agus iarras ortha gan tuilleadh dochair ná díoghbhála do dhéanamh, agus go madh truagh dhóibh sar-ghlóire a sean is síor-onóir a sinsear do thruailliughadh is do tharcuisniughadh le teideal Rebeliun do thuilleamh dhóibh féin; agus fós dearbhas dóibh go madh neimhfheasach é féin ar bhás a nathar; agus geallas duaise dian-mhóra dhóibh acht a n-airm do leagadh is tilleadh ar a n-umhlacht; agus iar léigheamh na litre dhóibh, do cinneadh an chomhairle sin aca; ionnus iar dteacht chun suaimhneasa dhóibh gur bhronn an rí do Shéamus Pailitíneacht Chiaraighe an tráth soin, agus fós baile is caisleán Dúna Garbháin, go mórán de
phrímhléidíbh eile dhó féin agus dá shliocht go bráth. Do ba iarla gach n-aon de chúigear mac Thomáis acht Gearóid amháin; go bhfuair sin Mocholpa is Cois Brighde uile mar bheatha dhó féin; agus isé céadfa gach n-aon go mairid a shliocht so, cé íseal, gus indiu. Do ba dhearbhráthair don Tomás so Gearóid ó dtáinig Tighearna na nDéiseach. Ba fear glic gasta glain-chéillidhe an Séamus so, is d'fhairsingigh a bheatha go fíor-mhór le dochar na nGaedheal. Iar gcaitheamh cúig mbliadhan go foirtiúnach fíor-shonaí in' iarla do marbhadh, go feasach dá ghaol féin, agus fós de réir druinge dá dhearbhráthair Seán, i na dhún is i na dheagh-árus féin i Ráth Caola é. Muiris, mac an Tomáis chéadna, dá ngairmthí Muiris an Charbaid; do b'í a bhainchéile, Eibhlín, inghean Tighearna Róistigh; d'éag sé san mbliadhain 1517. Do bhí de mhacaibh aige, Séamus Iarla, agus Tomás. Iar marbhadh Shéamuis, amhail adubhramair, gabhas a dhearbhráthair Muiris an iarlacht, óir d'éag féin gan sliocht. Do fuair alos a chródhachta dá éis sin gairm Mhuiris an Chogaidh. Is díleas do chosnaimh na Gaedhil i numhlacht do Choróinn na Sacsan gur éag; gur fhairsingigh go fíor-mhór ar a gcostus a bheatha féin. Do chuir fós Tighearna Muscraighe i mbraighdeanus, ó na bhraith éadmhar i dtaobh treise is tréine Gearaltach. Gidheadh, iar gcaitheamh tríochad bliadhan in' iarla, d'éag. Dá éis sin gluaiseais a mhac Séamus mhac Muiris, go sluagh-bhuidhean leis ag argain Muscraighe, go dtárla dhóibh, idir Mhalla agus Chorcaigh san áit dá ngairmthear (an) Mhóin Mhór, Cormac Óg Láidir, Tighearna Muscraighe, Mac Cárrthaigh Riabhach, agus mórán eile d'uaislibh Gaedheal; gur fearadh an cath cró-linnteach soin eatortha, .i. madhm (na) Móna Móire, mar ar briseadh do na Gearaltaigh; óir, ag tabhairt an chatha, lingeas Tomás Maol an Chunncuis do ba taoiseach ar mharc-shluagh Gearaltach an lá soin le fórsa forráin is le confadh catha, tré línibh is tré ranncaibh a armála féin gur oscail bealach is beárna dhá namhaid; ionnus iar na ghearradh agus iar na dhian-tuargain le hiomarca anfhorlann go mba éigean dó féin is dar mhair dá mhór-shluagh an machaire do thréigean. Dá éis sin do gairmeadh an Séamus mac Muiris seo go Sacsaibh, ar fhuireálamh Chairdional Wolseí; óir do hiomchasaoideadh ag an rígh, an t-ochtmhadh Hannraoi, leis an gCairdional go raibh caradra is cian-mhuinnteardhas ag an Séamus so dá chosnamh is dá choimeád leis an gcúigmhadh Cormac rí na hEaspáinne an tráth soin; agus fós go raibh ar a aire ionnsaighe eachtrainn do tharraing do chomh-bhuaireamh na críche. Gidheadh, níor bh'ionntaoibh le Séamus dul go Sacsaibh; óir do ba feasach é go raibh fuath agus fíor-mhioscais ag an gCairdional do na Gearaltaigh, agus fós gur mhór a cheannus is a chomhachta i gcúirt na Sacsan an tráth soin. An tan chonnairc an rí nár fhreagair Séamus an toghairm, scríobhas chun Iarla Chille Dara, do ba fó-rí Éireann an tráth soin bragha do dhéanamh de Shéamus agus a chur amhlasan go Sacsaibh. Iar bhfagháil na scéal soin d'Iarla Chille Dara ionnsaigheas Deasmhumhain go sluaghaibh is go sochaidhibh sáir-iomdha leis; agus iar mbeith tréimhse ag taisteal is ag tóraidheacht na tíre triallas tar ais gan a iarracht do chur i bhfeidhm - ní déarfad cia
aca bhí d'uireasbhaidh air toil nó comhachta chun a chomhbhráthar do chur i gcuan a anma do chailleamhain. Gidheadh, cuireas an Cairdional i gcéill don rígh gur fábhar is fíor-chaomhnadh do rineadh do Shéamus, ionnus gur gairmeadh Iarla Chille Dara go Sacsaibh chun freagra thabhairt don rígh is don Chomhairle san gcúis sin. Dála Iarla Chille Dara, le triall go Sacsaibh dhó, fágbhas a mhac oighreachta, Tomás Mac Gearailt, ag caomhnadh is ag ceirt-riaghlughadh na críche dá éis; agus iar ndul i bhfiaghnaise is i bhfíor-láthair an ríogh is na Comhairle do chosnaimh is do chaomhain go ceirt-bhriathrach é féin - óir ba dhuine éagnaidhe árd-aigeantach é - ar cheilg, ar choraibh is ar choguas chointinneach an Chairdional, ionnus nár himreadh de dhaoirse ná de dhaor-bhruid air acht a chur i mbraighdeanus i dTúr Lunndain. Dála an Chairdional, téid go neimhfheasach dhon rígh go hárd-choimeáduidhe an Túir, agus d'fhógair dó i bpéin umhla an tIarla, do dhíthcheannadh gan fuireach. Téid an coimeáduidhe leis an uirgheall soin gus an Iarla, agus ba cumhach cásmhar leis é, óir do b'ionmhuin leis an tIarla. Iarras an tIarla air dul agus a fhiafraighe den rígh féin an é do chuir an t-órdughadh soin uaidh. Do tuigeadh don choimeáduidhe a chontabhairt féin ag cur i naghaidh an Chairdional; gidheadh téid go déidheannach san oidhche gus an rígh, agus taisbeánas órdughadh an Chairdional dó. Do fearguigheadh an rí go fíor-mhór uime sin, ionnus go ndubhairt leis an gcoimeáduidhe gan daoirse ar bith d'imirt ar an Iarla gan órdughadh spesialta a láimhe féin. Gidheadh do coimeádadh an tIarla san Túr go cian dá eis sin, gur chríochnuigh a bheatha ann. Iar leathadh fuar-scéalta fír-bhréagacha ar feadh na hÉireann an tráth soin gur díthcheannadh an tIarla i Sacsaibh, gabhas a mhac .i. Tomás an tSíoda, ag ciorrbhadh is ag creach-loscadh a raibh de Ghallaibh i nÉirinn an tráth soin; ionnus gur hairgeadh Áth Cliath uile leis go geataíbh an Chaisleáin. Iar gclos na scéalta soin don rígh cuireas fó-rí eile go hÉirinn, go sluaghaibh iomdha leis, ag ceirt-riaghlughadh na críche, agus ionnsaigheas, líon a sluagh, caisleán cosantach Muighe Nuadhad, óir d'fhág Tomás drong-bhuidhean ann do chosnamh an chaisleáin; gidheadh tug an ceann feadhna do bhí orra suas do na Gallaibh go fealltamhail fír-chealgach é, ar mbeith do Thomás i dtuaisceart Éireann ag déanamh tiomargan sluagh is sochaidhe chun na nua-ghall so do léir-scrios, do leadradh is do láin-díbirt. Iar dteacht tar ais dó, ionnsaigheas féin is an fó-rí, go líon a sluagh a chéile, gur fearadh cath créachtach cró-linnteach eatortha, gan fios time nó tláithe ar cheachtar den dá thaobh, gur chuir an oidhche críoch le n-a gcian-iorghail. Ar maidin ar na bháireach, cuireas an fó-rí teachta chun Tomáis ag tairgsin síthe is síothchána dhó, is ag geallamhain dó go dtiubhradh an rí i ndearmad gach ar imthigh thársa, agus go bhfuigheadh féin is a charaid ní bhus mó sochair is sár-onóra uaidh ná bhí aca roimhe sin. Glacas Tomás na tairgseana soin, agus iar mbeith socair síothchánta dhóibh, do rineadh braighde de Thomás is de chúigear dearbhráthar a mháthar, gur cuireadh amhlasan i naon luing go Sacsaibh iad, agus gur díthcheannadh iad gan fuireach. Agus do hiompuigheadh beatha an Iarla chun fóghnaimh is fíor-shochair don choróinn, iar n-éag dó féin san Túr an tráth soin; ionnus gur cuireadh foircheann is fíor-chrích leis an
gcraoibh chródha chalma chath-bhuadhaigh sin d'fhíor-stoc Gearaltach, .i. Oighre Chille cian-ársadh Dara, acht amháin Gearóid dearbhráthair don Tomás roimhráidhte do b'óige iná é, agus fuair dá éis sin fearainn is fíor-theideal Iarla Chille Dara ón mBainríoghain Máire iar dteacht i gcoróinn di. Triall tar ais, a léightheóir, chum tráchta ar Shéamus mhac Muiris, Iarla Deasmhumhan; óir iar mbeith aon bhliadhain déag i gceannus d'éag sé, gur toghadh is gur toghairmeadh Tomás Maol - .i. dearbhráthair athar Mhuiris, agus treas mhac an Tomáis mhic Shéamuis do díthcheannadh ag Droichead Átha roimhe sin - mar iarla in' ionad.
Craobhscaoile Gaeraltach i nÉirinn III. Tomás, mhac Tomáis; do mharbhadh a mhac Muiris, agus mac Mhuiris, le Bearnard nó Brian Dubh i nÁth Cille. Do b'í a bhainchéile inghean Tighearna Muscraighe. Dé seo gairmthí Tomás Maol an Chunncais. Ba chomh-thréan an curadh is an caithmhíleadh an Tomás so; óir do rug buaidh i naoi gcathaibh i na raibh; agus do ba ceann feadhna marcshluaigh é san iorghail thárla idir an Iarla romhráidhte Chille Dara, do ba Fó-rí Éireann an tráth soin, agus Maghnus Mór Ó Briain; agus iar dtespeánadh a dtréan-chródhachta do gach leith don dá shluagh, nochar bhfhios cia aca a raibh buadh an chatha fá dheóidh (aige). Do bhí fós easaonta fíor-ghnáthach idir é féin agus Tighearnaí Muscraighe le na linn; ionnus, iar ngabháil buaidh ortha, gur marbhadh dias díobh leis, ar a raibh athair a chéile féin. Do bhí mac aige le hinghin an Tighearna Muscraighe romhráidhte sic .i. Muiris mhac Tomáis, noch d'éag roimhe féin, agus d'fhág dá éis mac, .i. Séamus mhac Muiris, do ba leacaoi onóra ag an Ochtmhadh Hannraoi, rí Shacsan an tráth soin. Iar gcaitheamh chúig mbliadhan in' iarlacht, d'éag, gur fhág an oighreacht ag mac a mhic .i. Séamus mhac Muiris, do bhí i Sacsaibh an tráth soin amhail a dubhramair. Dála Shéamuis, triallas go hÉirinn go sluaghbhuidhin maille leis gur ghabh cuan i gCorcaigh, agus, ag triall ar soin chun Luimnigh, thárla dhó i nduthaigh an Róistigh drong-bhuidhean deagh-thapa do chuir Muiris mhac Gearailt i bhfoslongphort ann le haghaidh a ídighthe, ionnus gur marbhadh leó ar an láthair sin é, san mbliadhain 1542.
Do b'é an mí-ghníomh so an chéad choiscéim chun ciorrbhaithe is ceann-airgthe Gearaltach; óir do luigh lámh Dé ortha chomh tromsan, go háirithe ar shliocht Sheáin mhac Tomáis, ionnus gur gearradh den talamh go huile is go hiomshlán iad, gan sliocht ar bith ar marthain dá n-éis. Óir do b'é an Muiris seo ler fealladh ar a bhráthair, amhail adúbhramair, dara mac Sheáin mhac Tomáis, .i. dearbhráthair Thomáis Mhaoil, agus ceathramhadh mac an Tomáis úd do díthcheannadh ag Droichead Átha. Do ba Barún ar Chiaraighe Chuirithe tríochad bliadhain an Muiris sin, agus, iar mbeith cheithre fichid bliadhain d'aois dó, do chuaidh ag creach-argain Muscraighe, go dtárla Diarmaid mhac Taidhg, Tighearna Muscraighe, .i. a chliamhain féin, dó, gur fearadh cath eatortha, agus gur gabhadh Muiris san gcath, gur fhág an Tighearna ar láimh ag ceathrar marcach é, iar leanamhain na ruaige dhó féin; gidheadh, do marbhadh Muiris leis na coimeádaithibh san am gcéadna; gur fhág dá éis dias mhac agus triúr inghean: an chéad inghean, bean Mhac Cárrthaigh Riabhaigh; an dara hingean, bean an Tigearna Róistigh; agus an treas inghean, bean Diarmada mhac Taidhg, Tighearna Muscraighe. Tomás mhac Muiris, an mac ba shine, d'éag go grod d'éis a athar, gur fhág dá éis mac, .i. Tomás Óg do marbhadh i gcéad chogadh na nGearaltach dá éis sin. Séamus dara mac Mhuiris do mhair tréimhse dá éis, do marbhadh i ruaig déadhnaigh Gearaltach é. Seán, mhac Thomáis, mhac Séamuis, bráthair nó dearbhráthair an chéad Thomáis; do b'í a bhainchéile inghean Dhonnchadh Uí Bhriain na Cairrge. Do bhí de mhacaibh aige Séamus, Seán Óg, Muiris Dubh, agus Tomás. Do b'é Seán so ceathramhadh mac Tomáis do díthcheannadh ag Droichead Átha. Do ghaibh sé an iarlacht d'éis marbhtha an oighre chirt, amhail adubhramair; gidheadh, nochar fhoidhnigh Dia ar marthain abhfad é, oir níor chaith an dara bliadhain an tan d'íoc a fhuil féin dortadh fola a bhráthar; gur fhág dá éis a mhac ba shine Séamus. An dara mac, Muiris, noch do luadhamair do mharbh an t-oighre romhráithe. An treas mhac, Seán Óg; do marbhadh iad a dtriúr go na macaibh uile, óir do bhí sliocht ar gach n-aon díobh, san gcogadh déaghnach soin Ghearóid, acht Muiris mhac Seáin amháin noch d'éag san Spáinn. Séamus, mac Mhuiris an Charbhait, mac Thomáis; d'éag sé maraon is a dhearbhráthair, agus do hadhlacadh i dTráighlí é, 1574. Do bhí inghean aige, Siobhán, bean Shéamuis, Iarla Urmhumhan; d'éag sí san mbliadhain 1577. Agso an Séamus do luadhamair go grod roimhe seo i dtrácht ar bhraighdeanus Iarla Chille Dara i Sacsaibh, agus ar dhithcheannadh a mhic is a chúigear comhbhráthar. Annso cuirid drong insan uimhir Seán, mhac Tomáis, mhac Séamuis, do luadhamair grod roimhe seo; drong eile Séamus mac an tSéamuis chéadna, mac Thomáis, do bhí in' iarla. Do bhí ag Séamus, iomorra, triar ban: an chéad bhean, inghean Tighearna Róisteach; an dara bean, inghean Uí Chearbhaill Éile; an treas bean, inghean Mhac Cárrthaigh Mhóir. Do bhádar ceathrar mac aige, .i. Tomás Ruadh leis an gcéad mhnaoi; Gearóid, .i. Gearóid Iarla, is Seán leis an dara mnaoi; leis an treas mhnaoi, iomorra, Séamus. Tomás, céad mhac Shéamuis, do bhádar dias mhac aige, mar atá Séamus is Seán. Iar n-éag athar Shéamuis mhac Seáin, triallas féin go Sacsaibh ag tesbeánadh umhla is úirísle dhon rígh, agus ag tairgsint na hiarlachta chun foghnaimh don
choróin, ó marbhadh an t-oighre ceart, amhail adubhramair thuas, agus agá fhoillsiughadh ná raibh cabhair ná comhairle uaidh féin dochum an mhí-ghníomha soin, acht gurab é a dhearbhráthair Muiris ba chionntach go haonaránach leis. Do bhí an rí an tráth so i gcogadh leis an bhFrainnc, agus, dá bhrígh sin, ba mhian leis gach coinscleódh nó comhbhuaireamh dá mbiadh i nÉirinn do chlaochlódh. Leis sin, do freastaladh is do friotháladh go fíor-onóireach Séamus aige, agus do thug seilbh a bheatha dhó, agus mórán céime is ceannuis dá chomhbhráithribh, agus fé dheóidh do rinn Presedún Mumhan, agus coimeáduidhe stóir is ionmhuis Éireann de; agus, iar gcaitheamh cheithre mbliadhan déag séanmhar sona síor-fhortiúnach, d'éag; gur fhág dá éis triar mac .i. Gearóid, Seán, agus Séamus. Do bhí, iomorra, mac eile ba shine 'na ceachtar den triar thuas, .i. Tomás Ruadh, agus nocha nglacfaidhe i noighreacht é, óir adeirthí nár pósadh go dlightheach - nochan fhios damhsa an fáth - a mháthair leis an iarla; ionnus gur fhás dá bhrígh sin mórán ceannairce is coinscleódh idir na comhbhráithribh, dá dtáinig iomarca uilc is anfhorlainn. Gearóid Iarla, dara mac Shéamuis mhac Seáin le Mór Ní Chearbhaill. Do b'í a bhainchéile Eilíonóir Buitléir, inghean mhac Piarais Dhún Búinne; do cailleadh i gcogadh é, an 11mhadh lá de Dhecember, 1583. Iar n-éag a athar, d'ionnsaigh an Gearóid seo ar dtúis Mac Cárrthaigh Riabhach, go dtug creacha iomdha leis uaidh; agus téid dá éis sin ag creach-argain Muscraighe, go dtárla Éamonn mhac Tadhg, mac Thighearna Muscraighe dhó, go sluaghaibh iomdha leis; gur fearadh cath eatortha, i nar briseadh do Ghearóid, ionnus gur gabhadh é is gur cuireadh i mbraighdeanus i gCaisleán Átha Sceitine é; agus, iar gcaitheamh leath-bhliadhna dhó ann, do scaoileadh dó fá dheóidh ar fhuireálamh inghine Mhuiris mhac Tomáis, do ba siúr d'Éamonn mhac Taidhg. Iar na scaoile amhlasan dó, thárla go raibh imreasán idir Thadhg, mac Mhurcadh Uí Bhriain, Iarla Inse Uí Chuinn, agus Iarlaí Tuamhan is Chloinne Riocard, ionnus go raibh Iarla Inse Uí Chuinn i na chaisleán ar na chosnamh is ár na chomh-shábháil féin, agus an dá iarla eile go n-a sluaghaibh timcheall an chaisleáin dá chomh-argain. Iar mbeith ar an órdughadh soin dó, cuireas teachta chun Gearóid ag iarraidh cabhartha air. Triallas Gearóid agus a dhearbhráthair dá ionnsaighe gan sosa go ndeachadar thar Sionainn ag Caisleán Uí Chonaill, go trí fichid marcach agus chúig céad troightheach maille leó; agus triallaid go réim-dhíreach chun Inse Uí Chuinn. Iar na chlos do na hiarlaibh romhráidhte Gearóid do bheith ag teacht chun catha thabhairt dóibh, nó fuascladh ar Iarla Inse Uí Chuinn, tréigid an caisleán, agus gabhaid ag tiomargain i luagh chun amuis do thabairt ar Ghearóid; agus, ag tilleadh thar ais dó, go mórán creach, thárladar an dá iarla leis, go sluaghaibh sár-iomdha maille leó, agus gairmid chun chatha é. Dála Ghearóid, labhras go lán-úirmhisneach le na bheagán buidhne, agus dubhairt leó é féin do leanamhaint go fearamhail fíor-arrdhachta, agus gan uamhan ná imeagla do ghlacadh roimh iliomad sluagh agus sochuidhe a namhad; agus, leis sin, lingid go leóghanta lán-tapa i mbrollach an mhór-shluaigh ionnus gur bhriseadar don chéad ionnsaighe dhóibh. Is iomdha gníomh calma comh-chródha do comóradh leis an nGearóid seo ná
tráchtam annso, óir is mian linn bheith gearr. Go grod iar n-éag a athar, téid - go céad d'uaislibh agá chomh-choimhdeacht - go Sacsaibh ag díol umhla is urrama don bhainríoghain, Eilis, go dtug sí cairt ceannuis is comhachta ar a raibh i seilbh a shár-shinsir dó. Go grod iar dteacht go hÉirinn dó, d'éirigh imreasán idir é féin agus Tomás Dubh Buitléar, Iarla Urmhumhan, de thaoibh ronna teórann, ionnus go mbídís ag creach-argain a chéile, agus gur fearguigheadh chomh mór soin ar gach taobh iad gur chinneadh lá aca chun catha tabhairt dá chéile ag an áit dá ngairmthear Bóthar Mór idir chonntaéibh Luimnigh is Thiobrad Árann. Cruinnighid a rannta de ghach leith: Iarla Deasmhuman go huaislibh Mumhan maille leis, cheithre mhíle troightheach agus caogad ar sheacht gcéad marcach líon a shluagh; Iarla Urmhumhan don leith eile, agus munar líonmhaire nochar lugha a shluagh 'ná an t-áireamh thuas. Iar dteacht don lá chinnte, ionnsaighid an dá shluagh soin a chéile, agus gabhaid ag tolladh, ag treascairt, is ag tréan-tuargain a chéile, gan fios time ná tláis ar cheachtar den dá thaobh. Cheithre lá déag ar an órdughadh soin dóibh, go ndearnadar uaisle dáirithe - agus go mór-mhór Cuntaois Deasmhumhan, óir do b'í máthair Iarla Urmhumhan - síothcháin eatortha. Gidheadh, iar n-éag don chuntaois, do briseadh an tsíothcháin agus do rug Seán Mac Gearailt, dearbhráthair an iarla, buadh catha ar Sheán Buitléar, dearbhráthair Iarla Urmhumhan, agus do mharbh le na lámhaibh féin é. (Ní críoch.)
Craobhscaoile Gearaltach i nÉirinn. (Ar leanmhaint) Triallas Iarla Deasmhumhan dá éis sin go Déiseachaibh ag tógbháil chreach, gur chuir Tighearna na nDéiseach teachta chun Iarla Urmhumhan teacht do chongnamh leis i n-aghaidh Iarla Deasmhumhan. Táinig Iarla Urmhumhan iarsin, go sluagh sár-mhór leis, go dtárladar féin agus Iarla Deasmhumhan dá chéile ag Áth Meadháin. An tan chonncadar taoisigh Gearaltach iomarca na sluagh dhá n-ionnsaighe, óir ní rabhadar féin acht beagán buidhne, adubhradar leis an iarla tilleadh tar ais, agus ná rabhadar féin ion-chomhlainn leis an iliomad sluagh soin do bhí i na n-aghaidh. Gidheadh, adubhairt an t-iarla go mba rogha leis tuitim san iorghail 'ná a dhrom d'iompódh le hIarla Urmhumhan; agus, leis sin, lingeas i n-aghaidh a námhad; leanaid a bhuidhean féin é. Gidheadh, do gearradh is do ghrod-bhuaileadh ar gach taobh iad, ionnus gur marbhadh - beagnách go duine - le hiomarca anfhorlann iad. An tan chonnairc Iarla Deasmhumhan a bhuidhean féin ag tuitim amhlasan, lingeas i dtiugh-mharcshluagh Buitléarach, gur teilgeadh dá chapall san ruathar soin é le hÉamonn Buitléar an Ridire Órdha, agus go ndearnadh bragha amhlasan dé. Do rugadh as soin go Cluain Meala é, agus, iar slánughadh a mhor-chréacht, do cuireadh go Sacsaibh é, go raibh ar feadh seacht mbliadhan i mbraighdeanus i dTúr Lunndain. Dála Thomáis Ruaidh, mac Shéamuis, an dearbhráthair ba shine 'ná Gearóid, do luadhamair roimhe seo, .i. mac inghine an Tigearna Róistigh, gabhas seilbh na
hiarlachta; óir do diúltuigheadh roimhe sin é i n-aimsir Ghearóid, i dtaobh phósadh aindlightheach a mháthar, amhail adubhramair; agus do thuig go madh coiscéim chun céime dhó féin turrainn a dhearbhráthar, agus fós mar do coimeádadh an dias dearbhráthar eile, .i. Seán agus Séamus le hIarla Urmhumhan is le mórán eile de shearbhóntaibh na ban-ríoghna i nÉirinn ó na gceart do thogaradh. Gidheadh, gabhas Séamus mhac Muiris ag cur i n-aghaidh Thomáis Ruaidh go tréan-chalma, agus ag seasamh is ag síor-chosnamh chirt Ghearóid. Ba chródha is ba chath-bhuadhach an curadh is an caithmhíleadh an Séamus so. Do b'é (an) dara mac Mhuiris, mhac Muiris, mhac Seáin é. Do b'é an Seán so dearbhráthair Thomáis Mhaoil an Chunncuis. Do ba clann don Tomás so díthcheannadh ag Droichead Átha, Seán agus Tomás Maol. An chéad Mhuiris do luadhamair thuas is leis do fealladh ar Shéamus mhac Muiris, .i. oighre ceart Thomáis Mhaoil agus na hiarlachta, iar dteacht ó Shacsaibh dó; agus do marbhadh é féin dá éis sin le Tighearna Muscraighe, amhail adubhramair. Is cródha 's is cathbhuadhach do chosnaimh is chaomhain an Séamus so a cheart do Ghearóid ar feadh a ghéibhinn i n-aghaidh Thomáis Ruaidh is ar ghabh leis; ionnus, ar chlos an chomhbhuairimh do rinneadar na Gearaltaigh i nÉirinn don bhanríoghain, gur cinneadh aici scaoile de Ghearóid agus a chur go hÉirinn. Iar dteacht go hÉirinn dó, gabhas seilbh sítheóilte na hiarlachta; gidheadh, ba chumhach cásmhar leis an líonradh is an léirscrios laetheamhail do bhíodh ar uaislibh is ar eaglais Éireann an tráth soin, de thaoibh an chreidimh Chatoilice, agus do luigh chomh trom soin ar a chroidhe uaibhreach árd-aigeantach gur ghabh go huile is go hiomshlán ag cur i n-aghaidh órduighthe na banríoghna i gcásaibh creidimh, agus go leanadh is go neartuigheadh an creideamh Catoilice i nÉirinn d'aimhdheóin dian-dlighthe na haimsire sin; agus do fearguigheadh chomh fíor-mhór chucha é nár bhféidir leis fhoidhneamh áinm Prodastúin do chlos. San mbliadhain d'aois ár sábhála, míle chúig céad agus chúig bliadhna déag ar seascad, iar na chlos don bhanríoghain an tIarla do bheith ag seasamh ar son an Chreidimh amhlasan, do smaoin si créad an modh ar a bhféadfadh a chiorrbhadh nó a cheanna-mhúchadh: agus isé comhairle do cinneadh aici teachta do chur chun Hannraoi Sidney, Sasanach do ba Fó-rí Éireann an tráth soin, an tIarla go na dhearbhráthair Seán do ghairm chun cathrach éigin, agus an tan do-gheóbhadh fá na chumas amhlasan iad braighde dhéanamh díobh, agus a gcur gan fuireach i ngéibhinn. Dála Sidney, iar bhfagháil na scéal soin dó cuireas toghairm ar uaislibh Éireann chun éan-láithrigh, agus iar bhfagháil an Iarla is a dhearbhráthar amhlasan dó, teilgeas i bpríosún iad agus coimeád maith ortha, gur chuir go Sacsaibh iad, go rabhadar chúig bhliadhna i dTúr Lonnduine; agus is minic ar feadh na haimsire sin ba mhian leis an mbanríoghain a mbásughadh; gidheadh, do chaomhain Dia iad, agus do scaoil ar géibheann iad fá dheoidh - amhail tráchtfam i nár ndiaidh. Iar mbeith dhon Iarla is dá dhearbhráthair Seán i ngéibheann amhlasan do chuireadar scéala chun Séamuis mhac Muiris, do luadhamair roimhe seo, a gcuid is a gceart do chosnamh i nÉirinn; agus do chuireadar fós forfhógra chun a mbuidhne is a muinntire féin, umhla do thabhairt do Shéamus, agus a
chomhairle do leanamhaint i ngach céim; agus do rineadh amhlasan aca ar gach taobh. Dála Shéamuis, gabhas an cúram soin go hurrúnta úirmhisneach air, agus smaoineas ar chogadh is ar chathughadh chomhchalma do dhéanamh leis an mbanríoghain; agus iarsin cuireas teachta gus an Pápa Greagóir, an treas Phápa déag den ainm sin - óir ba mhian leis arm spriodálta do bheith aige, ag túismhiughadh cogaidh ar son creidimh - dá iarraidh air a bheannacht agus logha genereálta do chur chun gach n-aoin do thabharfadh cabhair ná congnamh chun an chogaidh sin do chosnamh. Do rin an Pápa amhlasan, agus do chuir scéala chun Séamuis go mba somholta an gníomh do ghaibh sé do láimh. Annsoin iar dtiomargan tromshlóigh do Shéamus, gabhas ag léirscrios is ag lánloscadh na n-eiriceach go na n-áitreabhaibh, agus nocha ndearnaidh sosa ná síor-chomhnuidhe ar feadh na gcúig mbliadhan do chosnaimh ag cathughadh i na n-aghaidh, acht ag déanamh dearg-áir is dian-ruathair ortha; agus is fír-mhinic do chathuigh féin is Seón Perrot an Ridire Órtha, do ba Phresiodún Mumhan an tráth soin, le chéile, go ngabhadh Séamus buadh catha air de ghnáth. Ar na chlos don bhanríoghain go ngabhadh Séamus buadh i ngach iorghail, agus go raibh ag dul i dtréine is i dtreise, cuireas tairgsiona síthe agus síothchána chuige. Dubhairt Séamus go ndéanfadh sé síothcháin léi ar choinghioll go gcuirfeadh sí a bhráithre saor sábhálta go hÉirinn, agus fós go dtiubhradh sí toil is aonta an Creideamh Catoilice do leanmhain gan toirmeasc ar feadh a fhearann féin is fearann a chomh-bhráithre. Geallas an bhanríoghan an coinghioll soin do choimhlíonadh; agus leis sin scaoileas den Iarla is dá dhearbhráthair Seán as géibheann, agus cuireas long cogaidh léi féin leó; gidheadh, tug forfhógra do chaptaen na luinge céadna, i bpéin umhla, gan dul i dtír i néan-chuan i nÉirinn act i gcuan Átha Cliath amháin, mar a gcomhnuigheadh Fó-rí Éireann an tráth soin; agus do chuir sí teachta os íseal chun an Fhó-rí an tan do shroichfeadh an tIarla is a dhearbhráthair Séan é, moill do chongbháil ar an Iarla agus Seán do chur go Deasmhumhain ag iarraidh Séamus mhac Muiris chun na gcoinghioll remhráidhte do chur i bhfuirm 's i bhfeidhm; agus an tan do-gheóbhadh iad a dtriúr i bhfochair a chéile a gcinn do bhuaint díobh gan fuireach. Iar dteacht go hÁth Cliath dhóibh, labhras an Fó-rí leó amhail do hórduigheadh dhó, agus gluaiseas Seán ar cheann Séamus mhac Muiris, agus anas an tIarla dá éis i nÁth Cliath. Thárla an tráth soin go raibh uasal dáirithe d'oifigíbh na banríoghna i nÁth Cliath do ba Protastún go foirimeallach; gidheadh, ba Chatoilicidhe i na chroidhe é. Leis sin ba thruagh leis an fheill-bheart fhealltamhail do bhí le himirt ar na huaislibh sin. Uime sin, téid gus an Iarla agus nochtas cogar na ceilge dhó. Cuireas an tIarla teachta os íseal chun a chomhbhráithre, dá fhorfhógra dhóibh gan Deasmhumhain d'fhágbháil, agus gur gearr go mbeadh féin i na bhfochair. Leis sin gluaiseas an tIarla ar éalódh oidhche ó Áth Cliath, agus nocha ndearnaidh sosa ná comhnuidhe go ráinig sé Deasmhumhain. Iar dteacht chun baile don Iarla amhlasan, cruinnighid chuige de gach leith a charaid a chomhfhogus is a chompáin, agus innseas dóibh amhail do mheas an bhanríoghan fealladh air féin is ar a chomhbhráithribh. Annsoin glacaid a n-airm, agus lingid amach fá na críochaibh ba choimhneasa
dhóibh, amhail leoghain do bhrisfeadh as líontaibh na bhfiagaithe, agus gabhaid ag treascairt is ag tréan-thuargaint a námhad i ngach aon áit i na dtárladar leó. Iar mbeith ar an órdughadh soin dóibh, cuireas an bhanríoghan teachta chun an Iarla ag iarraidh síothchána dá bhliadhan air; go dtug an tIarla soin dí ar choinghioll ná cuirfidhe buairt ná buaireamh, de thaoibh bheith 'n-a Chatoilicidhe, ar aon duine dá raibh ar an dtaobh istigh de theórannaibh an Iarla, agus fós ná gairmfidhe é féin ná aon duine eile dá charaid ná dá chomhfhogus do láthair an Fhó-ríogh; agus do rineadar an tsíothcháin ar an gcoinghioll soin. Iar mbeith dhóibh go sidheach síothchánta amhlasan, iarras Séamus mhac Muiris ar an Iarla roinn éigin talmhan do thabhairt dó féin chun céime a onóra do chothughadh; gidheadh, do dhiúltuigh an tIarla é ar fhuireálamh na Cuntaoise - do b'í seo Eilionóir Builtéar - óir dubhairt sí ná raibh sé oireamhnach ná onóireach aige ronna dhéanamh dá bheatha, agus gan a fágbháil go huile is go hiomshlán fá chomhair a mhic, .i. Séamus mhac Gearóid, cé ná raibh acht 'n-a leanbh an tráth soin; agus do rineadh amhlasan leis an Iarla - ní déarfad cia aca le humhla dá mhnaoi nó le dearmad i maith-ghníomhaibh is i móir-éachtaibh an uasail eile - ar shon roimhe sin, do rin é. Cé gur dhiúltaigh an tIarla Séamus, amhail adubhramair, níor dhiúltaigh Séamus an tIarla; óir do chuaidh don Róimh ar a fhuireálamh, ag iarraidh beannachta is congnamh an Phápa; agus le himtheacht san eachtra soin dó, do rug a dhias mhac féin leis, .i. Muiris agus Gearóid, mar nach rabhadar infheadhma chun a bhfágtha tar a éis, d'eagla go dtuitfidís i lámhaibh a namhaid, agus fós dá tuiteadh féin san gcogadh soin go mbeadh tnúith aige go dtiocfaidís lá éigin ag déanamh díoghaltais i n-éiric a bháis. Iar ndul ar muir do Shéamus, nocha ndearnaidh comhnuidhe go ndeachaidh go cúirt na Frainnce, agá iarraidh ar an gceathramhadh Hannraoi, Rí na Frainnce an tráth soin, congnamh do chur leis i n-aghaidh eiriceach, chun an Chreidimh Chatoilice do aithbheódhadh i nÉirinn; gidheadh, do dhiúltuigh an rí é. Téid as soin don Spáinn, agus agallas an dara Pilib, Rí na Spáinne, amhail a dubhramair do rin Rí na Frainnce roimhe sin, go ndubhairt an rí leis go raibh síth is caradra idir é féin agus cúirt na Sacsan; gidheadh, go scríbhfeadh leis don Róimh dá iarraidh ar an bPápa congnamh leó chun an Chreidimh Chatoilice do chaomhnadh agus do chosnamh i nÉirinn. An tan do chonnairc an rí clódh agus aighthe uaisle arrdhachta na díse macaomhsan ba chlann do Shéamus do ghaibh greann is gean dóibh é, ionnus go ndubhairt le Cairdional Granvel, do bhí i gcúirt na Spáinne an tráth soin, a dtabhairt suas i bhfoghluim is i bhfíor-léigheann is i ngach ealadhain uasail onóraigh eile dá raibh le fagháil i gcúirt na Spáinne. Do éag an mac ba shine dhíobh so san Spáinn dá éis sin, .i. Muiris; agus do báthadh an mac eile .i. Gearóid ag teacht ón Spáinn san mbliadhain 1588. Gabhas Séamus a chead ag an rígh, agus triallas go réim-dhíreach don Róimh. Iar ndul i bhfochair is i bhfiadhnuise an Phápa dhó, tugas leitir ríogh na Spáinne dhó. Glacas an Pápa go ceanamhail cúirtéiseach é, agus geallas cabhair is congnamh dó; agus leis sin tug suim mhór airgid dó, a bheannacht, agus leitir apstaldha chun uaisle is eagluise Éireann, agus do chuir dhá mhíle fear i n-arm 's i n-oireamhain chun
teachta leis. Do b'eaglach le Séamus a fhaid do bhí sé ag fanamhain, d'eagla comh-bhuairimh ar bith do bheith ar a chomh-bhráithribh dá éis. Leis sin gluaiseas, is nocha ndearnaidh sosa go dtáinig go hÉirinn. Iar mbeith ag fágbháil na Rómha, do rin ceann feadhna ar an dá mhíle fearsan tug an Pápa dhó, de dhuine uasal dáirithe do chuaidh leis san eachtra soin, dar bh'ainm Tomás Stuckley, Sacsanach do b'ionmhuin ag Séamus. Dála Stuckley agus a dhá mhíle fear, iar mbeith gach nídh i n-órdughadh is i n-oireamhain aca, téid ar bórd a luingeas, agus seólaid go réim-dhíreach gur ghabhadar cuan sa Phoirtinéil ag Liosbón. Tárla trá, san am gcéadna, go raibh Sebastianus, Rí na Poirtinéile, ag triall le cabhlach mór don Aifric chun catha thabhairt don Rígh Abdelmelec, agus tug tairgsiona iomdha agus duaise dian-mhóra do Stuckley is dá dhá mhíle fear acht dul leis san eachtrasan; agus fós, geallas dóibh go gcuirfeadh cabhair is congnamh leó go hÉirinn iar dteacht tar ais dóibh. Aontuigheas Stuckley chun na comhairle sin, agus iar dteacht maraon leis an rígh don Aifric dóibh do fearadh an cath go créachtach chró-linnteach ann, mar ar thuit Sebastianus, agus Stuckley go n-urmhór a dhá mhíle fear. Do b'iongnadh fíor-mhór le Séamus mhac Muiris, iar teacht go hÉirinn dó, créad an mhoill do bhuain do Stuckley, óir ba neimhfheasach é ar an gcinneamhain d'éirigh dhó. (Ní críoch.)
Craobhscaoile Gearaltach i nÉirinn (Ar leanamhaint.) Iar dteacht do Shéamus mhac Muiris go hÉirinn, amhail adubhramair, triallas Seán Mhac Gearailt, dearbhráthair an Iarla, dá fhios; agus cruinnighid a rannta de gach leith. Triallas fá'n am soin Hannraoi Daves, Siriam Chonntae Chorcaighe, go Tráighlí i gConntae Chiarraighe, iar na chlos dó na Gearaltaigh do bheith ar an órdughadh soin; agus leanas Seán Mhac Gearailt é go ndrongbhuidhin leis; ór do bhí fuath agus fíor-mhioscuis ag Seán chuige de thaoibh imreasáin do thárla eatortha tréimhse roimhe sin i dtigh Thighearna Mhúscraighe. Uime sin, tug amus oidhche air, gur mhairbh i na seomra é féin agus Artúr Carter, do ba Presiodún Mumhan an tráth soin, agus gach a raibh i na bhfochair. Triallas Seán Mhac Gearailt agus Séamus mhac Muiris go na sluaghaibh go Conntae Luimnigh, agus cuirid campa 'n-a shuidhe ann. Thárla, iar mbeith dóibh annsoin, gur éignigh aon dá bhfearaibh bean do bhí ag friothálamh sa champa; agus iar na chlos soin do Shéamus, do fearguigheadh go fíor-mhór é, ionnus gur ghairm an cionntach chun dlighe an airm d'imirt air. Gidheadh, nocha léigfeadh Seán mhac Gearailt, dearbhráthair an Iarla, dochar ná díoghbháil do dheánamh dó. Iar na fhaicsin sin do Shéamus, roinneas an sluagh le na bhráthair Seán, agus tréigeas an campa. Triallas as soin go Conntae Thiobrad Árann le dul go Connachtaibh; agus gluaiseas leis Seán de Búrc, dearbhráthair Iarla Chloinne Riocaird, agus ar ghaibh leó den tsluagh soin; agus, iar ngabháil tré thighearnus Thiobóid de Búrc dóibh, ionnsaigheas Tiobóid iad go sluaghaibh sár-mhóra leis, chun amuis anfhórlannaigh do thabhairt ortha. An tan chonnairc Séamus soin, cuireas aon dá bhuidhin féin ag agallamh Thiobóid, agus ag iarraidh air leigean dá ruathar, agus go madh nár dó buaireamh ar bith do chur ar a bhráthair, óir b'fhogus a ngaol. Gidheadh, nochar bh'ionntaobh le Tióbóid an leoghan do leigean uaidh tar éis a fheirge do mhúscladh. Leis sin, ionnsaighid an dá shluagh a chéile. An tan chonnairc Séamus iomarca na slógh agá ionnsaighe, labhras le n-a bheagán buidhne - óir ní rabhadar acht céad troightheach agus beagán ós cionn céad marcach - agus dubhairt leó é féin do leanamhain; go ndearnadar amhlasan, agus do rinneadar cathughadh calma coinnsgleódhach. Iar mbeith i dteas na hiorghuile dóibh, do goineadh Séamus go fíor-dhoimhinn i na bhrollach; gidheadh, do rin sé an chréacht d'fholach, d'eagla time ná tláis do theacht dá fhearaibh dá bhrígh sin; agus, iar na fhagháil créachtnuighthe amhlasan, lingeas go leóghanta lán-chalma i dtiugh marcshluagh a námhad, agus do rin bealach is beárna dhó féin - ag treascairt is ag tuargain ar gach taobh de - gus an áit i bhfeacaidh Tiobóid de Búrc; agus, iar dteacht i bhfogus dó, buaileas go trom tréan-chalma é, gur scoilt a cheann go smeigín den mhór-bhuille sin; agus buaileas ar Liam, dearbhráthair Thiobóid, an dara buille, gur mhairbh ar an láthair sin é.
Brisid na Búrcaigh iarsin, iar bhfaicsin a dtriatha treascartha amhlasan. Túirlingeas Séamus, agus gairmeas a shaiplíneach chuige, agus, iar ndéanamh a uadhachta is a fhaoisidín agus iar nglacadh comaoine, d'éag ar an láthair sin. Iar mbeith marbh do Shéamus amhlasan, do chuir a bhráthair, Muiris mhac Seáin, a cheann dá bhuain de; agus, ó ná raibh oireamhain aige chun adhlactha onóraigh do thabhairt dó mar badh dhleacht, do chuireadar go foilgheasach ag bun sean-chrainn daraighe é; agus, go grod dá éis sin, do fríth le fiaguidhe ann é, go rugadar na heiricigh leó go Cill Uais é, agus go ndearnadar croch dó ann, go mbídís go laetheamhail ag caitheamh ruchar leis, ó thárla marbh é - óir is fada d'fhanfaidís uaidh an fhaid do bhí beó. Do bhí Seán Mhac Gearailt, dearbhráthair an Iarla, go laetheamhail ag cathughadh i n-aghaidh na n-eiriceach tar éis bháis Shéamuis, go dtug fá dheóidh bualadh machaire dhóibh, mar ar briseadh dóibh féin is dá gceann feadhna Herbert. Dá éis seo, téid Séamus mhac Séamuis, dearbhráthair eile an Iarla, ag creach-argain Múscraighe; gidheadh, ag tilleadh tar ais dó, leanas Cormac mhac Taidhg, Tighearna Múscraighe, go sluagh-bhuidhean leis é, agus tug dearg-ár a mhuinntire agus do rin bragha dhe féin. Do rugadh amhlasan do láthair Fó-ríogh Éireann; go ndubhairt an fó-rí leis, le hórdughadh na banríoghna, an Creideamh Catoilice do thréigean, agus í féin d'admháil is do ghabháil mar cheann chreidimh, agus go bhfuigheadh a anam agus mórán de dhuaisibh dian-mhóra eile; gidheadh, do dhiúltuigh sé na tairgseana soin go huile is go hiomshlán, agus dubhairt ná hadmhóghadh féin ceann ar bith creidimh acht an Pápa amháin. Uime sin, d'órduigh an fó-rí a dhíthcheannadh, a ionathar a losgadh, agus ceithre ceathramha a dhéanamh de, agus a gcrochadh le slabhraidhibh iarainn ar gheataíbh Chorcaighe; go ndearnadh amhlasan leis. (Ní Chríoch.)
Craobhscaoile Gearaltach i nÉirinn. (Ar leanamhaint). Is fá'n am so chuir an bhanríoghain Iarla Urmhumhan, iar dtabhairt teidil Presiodún Mumhan dó, ó Shacsaibh go hÉirinn, go sluaghaibh sár-iomdha leis, chun cathuighthe le Gearaltaigh. Iar na chlos do Rígh na Spáinne an chathughadh is an comh-sheasamh do bhíodh ag na Gearaltaigh dá dhéanamh i nÉirinn ar son a gcreidimh, cuireas tuairim ocht gcéad fear fe n-a gceann feadhna Sebastianus chun cabhartha agus conganta leó. Iar n-a chlos ar feadh na hÉireann gur ghabhadar na Spáinnigh seo cuan sa taobh thiar-theas d'Éirinn, gluaiseas Seón Graé, ba Fó-rí Éireann an tráthsan, go sluagh-bhuidhean leis, go dtárla dhó Iarla Urmhumhan go n-a shluaghaibh iar dteacht ó Shacsaibh, amhail adubhramair; gur thrialladar le chéile d'ionnsaighe na Spáinneach. Iar dteacht i dtír dóibh, gabhaid foslongphort san áit dá ngairmthear Gleann an Óir, agus cuirid iad féin i bhfuirm is i bhfíor-órdughadh cosnaimh is cosanta ann - óir do bhí suidheachán fíor-dhaingean na háite sin go sár-oireamhnach dhóibh - go teacht Gearaltach chucha. Dála an Fhó-ríogh, Graé, agus Iarla Urmhumhan, triallaid go réim-dhíreach gus an áit i gcualadar na Spáinnigh do bheith; agus iar rochtain do láthair dóibh, gabhaid ag tuargain is ag tréan-lámhach le na ngunnaíbh beaga is móra ortha. Gidheadh, do rineadar na Spáinnigh caomhnadh is cosnamh calma comh-chródha ortha féin ionnus nach ráinig dochar ná díoghbháil iad. Tuairim dafhichid lá ar an órdughadh soin dóibh, gur ghaibh tuirse fé dheóidh sluagh Shacsan; óir do b'é an geimhreadh do bhí aca an tráthsan, .i. i meadhón míosa December. Uime sin cuireas an Fó-rí teachta chun cinn feadhna slóigh na Spáinneach teacht dá agallamh. Thárla, trá, go raibh uasal dáirithe de na Plaincéadaigh, Éireannach tháinig leis na Spáinnigh an tráth soin, i n-a bhfochair, go ndubhairt leó gan creideamhain do thabhairt do choingheallaibh cealgacha ná do gheallamhnaibh gnáth-cholgacha na nGall. Gidheadh nochar bh'fhearrde dhó, óir triallas Sebastianus agus árd-chaptaén an tsluaigh .i. Stephanus Sanioséphus go campa na nGall, go rugadar an Plaincéadach mar idirlabharthach leó; agus iar ndul i bhfochair is i bhfiadhnuise an Fhó-ríogh dhóibh do freastaladh agus do friotháladh go fíor-onóireach aige iad, agus labhras go miochair milis-bhriathrach leó, go ndubhairt go bhfuighidís uaidh na cobhtha is na coinghill badh dhual is badh dhleacht d'fhearaibh a gcalmachta is a gcomh-chródhachta. Gidheadh an tan d'fhiafraigheadar den Phlaincéadach .i. an fear teangan, créad do bhí ag an bhFó-rígh dá rádh riu, isé d'innis an Plaincéadach dóibh gurab é an nídh adubhairt ná tiubhradh coingheall ar bith dhóibh, agus muna luighidís fé n-a ghrásaibh go ndéanfadh bás is bith-éag d'imirt go huile is go hiomshlán ortha. Dubhradarsan leis a iarraidh ar an bhFó-rígh scaoile dhóibh agus a n-airm, a n-éadach is a n-iolmhaoine eile leigean leó. Gidheadh isé dubhairt an Plaincéadach gurab é a bhfreagra ná gclacfaidís coingheall ar bith uaidh go ndéanfaidís seasamh is síor-chosnamh san áit i rabhadar go teacht Gearaltach chucha; gidheadh, do bhrathadar fá dheóidh nach é an comhrádh cóir do chanadh an Plaincéadach leó de gach leith, ionnus ar bhfagháil fear teangan eile do chraobhscaoil a gcomhrádh de gach leith dhóibh, d'órduigheadar an Plaincéadach do chur i n-iarnaíbh agus bragha a
dhéanamh dhe ar an láthair sin; agus is gearr grod-fhoclach do bhádar ag déanamh na gcoingheall, cé go mbíodh an Plaincéadach ag éigheamh is ag athghoirt as a ghéibheann is as a chruadh-chuibhreach ortha gan cailleamhain amhlasan ár chúis an chóir-chreidimh, agus gur ghearr go dtiocfaidís na Gearaltaigh le cabhair is le congnamh chucha, agus nach fada d'fhéadfadh an Fó-rí an machaire do sheasamh le fliche is le fuaire na haimsire. Do bhádar dias eile oifigeach ann ler mhian an chomhairle thug an Plaincéadach uaidh do leanamhain, agus dubhradar gur chóir a glacadh, .i. Captaen na cuideachtan tháinig as Cantabria san Spáinn agus Hercules Pisanus; gidheadh do rineadh na coinghill, agus tugadar dearbhtha is dian-mhóide seasamh chucha de gach leith. Gidheadh, iar dtabhairt na Spáinneach a n-ionad cosnaimh suas, do b'éigin dóibh a n-airm do leagadh, agus iar mbeith amhlasan gan arm dóibh do lingeadar na Gaill de gach taobh ortha, ionnus nár fhágadar duine ar marthain díobh gan marbhadh ar an láthair sin acht Sebastianus amháin, agus do chuireadar é sin as Éirinn dá éis sin. Dála an Phlaincéadaigh, tógbhaid dá éis sin as a ghéibheann é, agus brisid go brúscar le casúraibh cnámha a lámh is a chos, gur éag go ró-pheannaideach ar an órdughadh soin. Iar dtriall assan don Fhó-rígh, fágbhas drong-bhuidhean i ngach baile cuain is cathair san Mumhain, gur órduigh dóibh ionnsaighe eascáirdeamhail do thabhairt ar na Gearaltaigh i ngach áit, agus creachadh is comh-argain do dhéanamh ortha. Dála na nGearaltach cruinnighid is comh-thionólaid a sluagh agus a sochuide, agus triallaid go réim-dhíreach go Gort na Tiobraide san gClaonghlais i gCo. Luimnigh chun cathuighthe leó, go dtárla an sluagh Gallda go n-a gceann feadhna Herbert dóibh ar an láthair sin. Thárla go raibh fá'n am soin i bhfochair na nGearaltach an t-eagailseach ionnraic oirdhearc, .i. Dochtúir Sanders, Sacsanach, go ndubhairt leó a námhaid d'ionnsaighe, agus go raghadh féin ar an gcnoc do bhí os cionn ionaid an chatha, ag guidhe Dé ar a son, agus go bhfanfadh ar a ghlúinibh ann go fuinidh a shaoghail muna ngabhaidís buadh catha an lá soin. Is annsoin d'órduigh Seán Mhac Gearailt, dearbhráthair an Iarla, .i. ceann feadhna an tslóigh, don mharcshluagh a gcapaill is a n-airm throma d'fhágbháil dá n-éis agus a námhaid d'ionnsaighe dá gcois gan fuireach. Do rineadh amhlasan aca, agus leis sin lingid go teann tréan troigh-éascaidh ar measc a námhad ionnus go dtugadar dearg-ár is dian-ruathar ortha, ar mhodh ná deachaidh acht fír-bheagán, go háirithe dá gcoisidhthibh uatha gan leadradh is lán-treascairt ar an láthair sin. Go grod dá éis seo triallas Malby, Presiodún Connacht, go sluagh-bhuidhean leis, gus an áit dá ngairmthear Eanach Beag i gCo. Luimnigh, go dtárla dhó ann Uilliog agus Seán de Búrc, clann Iarla Chloinne Riocaird, agus Peadar is Seán de Léis, go sluagh-bhuidhean leó, fé n-a gceann feadhna Tomás Mhac Seáin Mhac Gearailt. Iar rochtain a chéile don dá shluagh do fearadh cath créachtach crólinnteach eatortha, i n-ar briseadh do na Gearaltaigh fé dheóidh. Gidheadh, le briseadh dhóibh, tháinig Seán go na shluagh faoi an láthair, agus leis sin iompuighid ar a námhaid, go rabhadar agá dtreascairt is agá dtréan-leadradh ar feadh uaire go leith, ionnus, iar dtuitim urmhór na nGall san iorghuil sin, gur bhriseadar fá dheóidh. Do thuit Tomás mhac Seáin Mhac Gearailt, agus Tomás Ó Briain an ridire san iorghuil sin.
Triallaid na Gearaltaigh ón láthair sin go hEatharla mar ar chlos dóibh campa gallda bheith, ag Cill Uais; agus iar rochtain ar an láthair sin dóibh ionnsaighid féin is na Gaill a chéile, agus iar mbeith ar feadh trí n-uaire ag tnáthadh is ag tréan-tolladh a chéile, do bhriseadar na Gaill fá dheóidh, iar n-a leadradh agus iar n-a lán-ruagadh as an machaire go hiomlán. Gá dtáim ris! Do bhí Seán go n-a shluagh ar feadh dhá bhliadhan ag cosnamh cogaidh agus ag cathughadh leó ar an órdughadh soin, go rug buadh i dtrí chéad iorghuil ortha, óir thugadh ionnsaighe laetheamhail i n-áit éigin ortha. Thárla, trá fé dheóidh, gur chuir Seán teachta chun Pádraigh Cundún, Tighearna Cundúnach, agus chun Seanascáil Íbh Mac Coille, coinne dhéanamh leis os íseal i bhfochair Dháith de Barra, mac is oighre an Bharraigh Mhóir, i gCaisleán Ó Liatháin; agus triallas féin agus Séamus mhac Seáin, oighre Sróna Caillighe, os íseal, go seachtar marcach maille riú chun an ionaid coinne. Cuireas eascara éigin do Sheán scéala roimhe chun Zouch, Presiodún Mumhan an tráthsan, Seán bheith ag dul go haonaránach san eachtradh soin. Leis sin triallas Zouch ar Corcaigh san oidhche, agus drong-bhuidhean leis, go raibh le héirighe an lae taoibh le Caisleán Ó Liatháin, agus gur ghaibh san bhealach chéadna i n-ar hinnseadh dó Seán bheith le teacht. Dála Sheáin, iar dteacht dó féin is dhá bhuidhin i bhfogus do Chaisleán Ó Liatháin, tuirlingid taoibh le coill do bhí ann; agus níor chian dóibh annsoin an tan chonnarcadar Zouch is a dhrong-bhuidhean dá n-ionnsaighe. Do tuigeadh dóibh ar dtúis gurab é Dáith de Barra agus na huaisle eile do bhí ann; gidhead, iar bhfaicsin a ndearmaid dóibh gabhaid a gcapaill le dul ar marcaigheacht. Gidheadh nocha bhféadfadh Seán dul ar a chapall; óir do thréig neart a chnámh agus lúth a chuirp é, cé go madh neamh-chlaoidhte a aigne, agus go madh beódha a mhisneach i ngach guais nó gábhadh roimhe sin; agus iar dteacht dá fhearaibh chun a chur ar marcaigheacht, nochan leigfeadh an t-each dhóibh é, acht ag éirighe ar a chosaibh tosaigh is deiridh, cé go madh socair suaimhneasach riamh roimhe sin é, agus go madh mhór a mhisneach, agus go madh mhórdhálach a mheanmna ag dul don mhachaire. "Imthighidh, a cháirde ionmhuine," ar Seán, "óir do-chímse go dtáinig mo lá." Leis sin rithid fá'n gcoill do bhí i gcomhfhoghus dóibh. Gidheadh tilleas Séamus mhac Seáin, oighre Sróna Caillighe tar 'ais go ndubhairt: "Nocha dtréigfead féin mo churadh is mo chaith-mhíle ghnáith-éachtach, agus mo charaid ionmhuin," ar sé; "agus fé mar do rineas a choimhdeacht i n-a bheathaidh déanfad an céadna i n-a bhás." Iar sin lingid na Gaill timcheall na díse deagh-laoch soin; gidheadh ba rogha leósan a mbás 'ná a n-airm do thabhairt suas. Leis sin tug aon de na gallaibh sáthadh sleighe ar Sheán i n-a bhrághid, gur mhairbh ar an láthair sin é, cé gura mheas Zouch a ghabháil i n-a bheathaidh dá mb'fhéidir é. Tomás Pléimionn do b'ainm don fhear so ler marbhadh Seán, agus adeirthí gurab seisbhíseach dhó roimhe sin é. Do rineadar bragha de Shéamus, agus do rineadar Seán do dhíthcheannadh, agus do chuireadar a cheann go hÁth Cliath, go raibh go cian le faicsin ar sparra an Chaisleáin ann. Do rugadar a chorp go Corcaigh, agus do chuireadar i mbrannraighibh go síoth-árd ar gheata na cathrach é, go raibh ar feadh a trí nó a ceathair de bhliadhnaibh ann, gur theilg stoirm amach fé'n abhainn é.
Dála Shéamuis, iar n-a bhreith 'n-a bhraghaid go Corcaigh, is gearr gur lean a bhráthair Seán don tsaoghal eile. Iar gciorrbhad na gcuraidhe romhráidhte amhlasan, agus nár fágbhadh cinn feadhna ar bith ag an Iarla dá chomhfhogus féin, acht Muiris Mhac Gearailt amháin - do b'é seo an Muiris do chuaidh don Spáinn dá éis seo - do rin Geaóid mhac Séamuis, .i. an tIarla, ceann feadhna an tslóigh dhe. Agus cuireas féin crios coimhleathan um a chom, go ndeachaidh don mhachaire maraon leis, go raibh ar feadh trí mbliadhan ag cathughadh go calma comh-chródha n-a námhaid; gur chuir an bhanríoghain teachta chuige fá dheóidh ag tairsgin síthe agus síothchána dhó agus ag geallamhain ar imthigh thársa do thabhairt i ndearmad, agus fós seilbh sítheóilte a shaor-fhearann do thabhairt dó ar choingheall go gcuirfeadh Dochtúir Sanders chuichi go Sacsaibh. Gidheadh, do dhiúltuigh an tIarla sin, cé go bhfacaidh neart a námhad ag fás agus a neart féin ag claochlódh; óir ní fhoidhneóghadh a chreideamh ná a choinsias dó an t-eagailseach oirdhearc onóireach do chur i gcóir a anma do chailleamhain. Leis sin triallas as Conntae Luimnigh go Tiobraid Árann ag tógbháil creach; go gcualaidh go raibh campa Gallda san áit dá ngairmthear Gort na Pise; go dtug Gearóid órdughadh dá shluagh amus ainbhfiosach anfhórlannach do thabhairt san oidhce ortha, ionnus an méid nár mharbhadar is nár ghabhadar díobh, do phusáladar fá chosaibh a gcapaill iad. Triallas Gearóid dá éis sin go Caiseal ag tógbháil creach roimhe i ngach áit 'n-a ngabhadh. Iar n-a chlos ar feadh na tíre Iarla Deasmhumhan do bheith ag tógbháil creach amhlasan leanaid triúr dearbhráthar Iarla Urmhumhan é, .i. Éadbhard, Peadar agus Éamonn. Do lean fós iad Mac Phiarais, .i. Barún Dúna Búine, an Puirséalach Barún Luachma, agus mórán eile de thaoiseachaibh Buitléarach go sluaghaibh sár-iomdha leó; gur ionnsaigheadar féin agus na Gearaltaigh a chéile ag Cnoc Grafan gur briseadh do na Gearaltaigh i dtúis na hiorghaile, acht Seanascál Uíbh Mac Coille go n-a bhuidhin amháin. An tan chonnarcadar an líon do bhris díobh an Seanascál ag seasamh agus ag síor-chathughadh san mhachaire amhlasan iompuighidh tar ais agus tugadar aghaidh ar a námhaid, ionnus iar mbeith go cródha cianfhada ag ciorrbhadh is ag comh-thuargain a chéile gur bhriseadar na Buitléaraigh i dtrí rannaibh fé dheóidh; gur leanadar na Gearaltaigh an ruaig ortha go portaibh pór-uaithne na Siúire, ionnus an méid nár mharbh dhíobh gur báthadh a n-urmhór san ruathar soin. Do chuadar na Gearaltaigh i gcomhairle an leanfaidís tar an abhainn iad. Gidheadh, adubhairt an Seanascál leó gan a leanamhain, óir go rabhadar féin agus a gcapaill tuirseach, agus fós go raibh an tuile ró-thréan. Do cinneadh an chomhairle sin aca, agus do luigheadar annsoin ar a n-armaibh go maidin, óir do bhí sé déadhnach san lá an tráthsan. Triallaid ar soin go Caiseal go dtárla Ribeard Inglis go sluagh-bhuidhean leis dóibh taoibh le Caiseal, agus do fearadh coinsgleó eatortha i n-ar briseadh do Ribeard iar marbhadh agus iar ngabháil urmhór a shluagh. Is fá'n am so do chuir an bhanríoghain forfhógra genereálta ar feadh na hÉireann, ag tairsgin a bpárdún agus a mbeathadh do gach n-aon d'iompóghadh chun umhla don choróinn, acht amháin don Iarla agus dá bhráithribh; ionus gur thréigeadar na huaisle go hiomshlán é agus urmhór a shluagh, ionnus gur fágbhadh ar uathadh buidhne amhlasan é. Iar mbeith ar an órdughadh soin dó,
triallas go Conntae Chiarraighe; óir do bhí tnúth aige le cabhair agus le congnamh ón Spáinn an tráth soin; go raibh tréimhse agá cheilt is agá chomh-dhíon féin i measc coillte curruighthe agus cabhán. Agus ó ná raibh meadhón eile cothuighthe aige dhó féin agus don mhéid fear d'fhan in' fhochair, do bhídís ag déanamh creach ar feadh na comhursanachta; agus iar ndul amach lá d'áirithe dhóibh do-chum na críche sin, do bhaineadar a héadach go huile de mhnaoi uasail d'áirithe agus d'fhágbhadar nochtaithe dá n-éis í. Iar n-a chlossan do dhias dearbhráthar do bhí ag an mnaoi uasail, do ba chomh-dhaltaí don Iarla féin, triallaid go ndrong-bhuidhin leó dá thóraidheacht, go bhfuaradar é, le héirighe an lae an t-aonmhadh lá déag de Nobhember san mbliadhain 1583 sa ghleann coille i n-a raibh, .i. Gleann na Guinte i n-a uathadh is in' aonar; óir do theicheadar an dias mharcach do bhí in' fhochair, .i. Seán mhac Uilig agus Séamus mhac Dáith do shábháil a n-anma. Do bhí fós Conchubhar Ó Dála, do ba cheann feadhna ar an mbeagán buidhne do bhí aige, sa cheann eile den ghleann, ag coimeád creiche do thugadar leó an lá roimhe sin; ionnus, iar n-a fhagháil amhlasan dóibh gur lingeadar i n-a úir-thimcheall. Leis sin téid aon dá bhfearaibh, .i. Domhnall Ó Caolluighe isteach don chuasán i n-a raibh, agus baineas a lámh dheas agus ceachtar dá chluasaibh den Iarla uasal, agus tarraingeas amach amhlasan é. Tógbhaid leó ar an órdughadh soin é. Gidheadh, ó nach féadfadh siubhal mar badh mhian leó, óir do laguigh tréigean na fola é, baineas an Domhnall romh-ráidhte a cheann céillidhe ceirt-bhriathrach dhé, agus fágbhaid a chorp cródha cneas-aolta fá fhaol-chonnaibh allta agus fá éanaibh an aéir: óir do b'eagal leó an Conchubhar romh-ráidhte Ó Dála agus a dhrongbhuidhean ortha do bhí ag tafan 'n-a ndiaidh an tráthsan; gidheadh ní ráinig leis, óir do shoicheadar an campa gallda sul do rug ortha. Cuirid an ceann an oidhche sin, agus sluagh-bhuidhean leis, go Corcaigh, agus assan go Sacsaibh, gur cuireadh annsoin i bhfleascaibh práis é, agus gur crochadh go síoth-árd le slabhraidhibh a mullach Túir Lunndaine é. Iar gcríochnughadh a bheathadh go Ghearóid uasal mhac Séamuis amhlasan, iar mbeith chúig bhliadhna fichead in' Iarla Deasmhumhan do b'éigin dá chomhfhogus teicheadh as Éirinn, ionnus go ndeachaidh a n-urmhór don Spáinn. Gidheadh, Tomás mhac Seáin, mac dearbhráthar an Iarla, do chuaidh sin don Róimh, go raibh tréimhse ann. Tháinig assan don Spáinn, agus assan go hAlbain. Gidheadh, ní cian do bhí annsoin an tan ba chlos don bhanríoghain a bheith ann, ionnus go mba éigean dó triall ar éalódh oidhche as, go ndeachaidh tar ais don Spáinn, iar ngabháil tré Fhlóndrus, tríd an BhFrainnc agus tríd an Iodáil dó. Gidheadh, dá éis sin, san mbliadhain 1594 do chuir Rí na Spáinne go hÉirinn é, maraon le hÁrd-easpog Thuama agus uasal eile d'áirithe as Cantabria san Spáinn dar bh'ainm Meridos; agus do gheall dóibh sluagh iomdha do chur 'n-a ndiaidh. Gidheadh, d'éag Tomás mhac Seáin san eachtra soin. Tráchtfam anois ar an gcrích d'imthigh ar an mbuidhin do bhí cionntach i mbás an Iarla, go háirithe ar Dhomhnall Ó Caolluighe do bhuain a cheann dé; óir do chuaidh Domhnall dá éis sin go Sacsaibh, agus gabhas ag robáil ann, gur crochadh ann é, cé gur iarr Iarla Urmhumhan a anam dó. Eóghan, iomorro, mac Dhomhnaill Uí Mhuircheartaigh, .i. comh-dhalta an Iarla, agus ceann feadhna na buidhne do bhí dá thóraigheacht - cé gur
shaor an tIarla roimhe sin ón gcroich é, d'aimhdheóin na ngiúistísí, de thaoibh gaduidheachta chapall - do mhair chúig bhliadhna déag d'éis bháis an Iarla. Gidheadh, do crochadh fá dheóidh le Barún Lic Shnámha, .i. an Tighearna Ciarraigheach é. Séamus, mac Thomáis Ruaidh, do gairmeadh mar iarla le n-a chomhfhogus féin é. Gidheadh, do scaoil Banríoghain Eilís as príosún, i n-aghaidh an tSéamuis chéadna so, Séamus mhac Gearóid, agus do theilg an chéad tSéamus insa bpríosún chéadna, .i. i dTúr Lunndaine, go bhfuair bás ann - ní gan amhras gur nimh do fuair sé. Do b'é athair an tSéamuis seo Tomás Ruadh, an dearbhráthair ba shine 'ná an tIarla Gearóid do luadhamair roimhe seo i dtráchta ar phósadh aindlightheach a mháthar. Do mhair sé iar n-éag a thriar dearbhráthar, .i. Gearóid, Seán, agus Séamus; óir d'fhan sé go socair sítheóilte ar feadh an chogaidh is an chomh-ruathair sin Gearaltach i n-a dhún is 'n-a dheagh-árus féin, .i. ag caisleán cosantach cian-ársa Chonaithe gur éag ann, agus gur fhág dá éis dias mhac, .i. Séamus agus Seán. Dála na díse tréan-uasal soin, ba chiach agus ba chásmhar leó fearainn agus fír-bheatha a sean agus a sáir-shinsir féin d'fhaicsin i lámhaibh eiriceach agus eachtrann; óir do roinn an bhanríoghain an iarlacht ar na gallaibh. Uimesin cruinnighid agus comhthionólaid an líon sluagh agus sochaidhe is mó do b'fhéidir leó, ionnus go rabhadar ar feadh trí mbliadhan ag creachadh, ag ciorrbhadh, agus ag comh-bhuaireamh na ngall ar feadh na Mumhan; go dtugadar bualadh machaire dhóibh fá dheóidh, i n-ar briseadh do na gallaibh agus dá gceann feadhna Norris do ba phríomh-thaoiseach Mumhan an tráth soin. Deich míle fear líon sluagh Gearaltach an lá soin. Iar bhfaicsin fáis treise agus tréine Gearaltach dhon bhanríoghain agus gur gabhadh Séamus mhac Tomáis in' iarla aca, do smaoin créad an modh ar a bhféadfadh comhbhuaireamh do dhéanamh eatortha féin. Leis sin scaoileas do Shéamus mhac Gearóid, .i. mac an Iarla, do bhí ar feadh seacht mbliadhan déag roimhe sin i ngéibheann i dTúr Lunndaine - ó do chuir an chunntaois, a mháthair féin i ngiall ar son a athar ann é - agus cuireas go hÉirinn é, iar dtabhairt gairme agus gnáith-theidil Iarla Deasmhumhan dó; agus iar dteacht go hÉirinn dó do ghaibh seilbh na hiarlachta, óir do b'é an t-oighre ceart é. Leis sin tréigid a shluagh agus a shíor-chomhfhogus Séamus mhac Tomáis, agus gabhaid le Séamus mhac Gearóid, ionnus go mba éigean don chéad tSéamus go n-a bheagán buidhne imtheacht ar measc cnoc agus cabhán agá cheilt agus agá chomh-dhíon féin ar a námhaid. Gidheadh, chailleadar a bhuidhean féin air fé dheóidh; óir do rineadar bragha dhe, agus iar mbeith amhlasan dó, tógbhaid leó é chun Seóirse Carew an ridire órtha do ba Phresiodún Mumhan an tráth soin. Gidheadh, iar dteacht i bhfoigse sé mhíle don áit i n-a raibh an Presiodún go n-a shluagh-bhuidhean, thárla drong-bhuidhean d'uaislibh áirithe dhóibh, agus do scaoileadar Séamus as a chruadh-chuibhreach, gur shaoradar den chuaird sin é. Iar n-a scaoile amhlasan dó, nocha raibh fhios aige cia do b'ionntaoibh dhó. Uime sin do bhíodh agá fholach agus agá anacal féin go ndearnaidh an Ridire Fionn bragha dhé fá dheóidh iar n-a fhagháil i n-uaimh thalmhan; go rug assoin chun an Phresiodúin é, gur cuireadh go Sacsaibh; agus iar mbeith seacht mbliadhna i ngéibheann i dTúr Lunnndaine,
d'éag ann fá dheóidh. Do chuaidh a dhearbhráthair Seán don Spáinn, agus iar mbeith tréimhse i bhfochair Ríogh na Spáinne, d'éag sé, gur fhág dá éis mac, .i. Gearóid mhac Seáin, ar a dtráchtfam i n-a ionad féin. Séamus mhac Gearóid, do tugadh mar ghiall ar son a athar é, amhail adubhramair; agus iar gcaitheamh seacht mbliadhan déag i dTúr Lunndaine do scaoil an bhanríoghain as géibheann é. Do thug teideal Iarla Deasmhumhan dó, agus do chuir saor go hÉireann é. Gidheadh, iar dtraochadh nirt Shéamhuis mhac Tomáis Ruaidh agus síothcháin déanta, ní raibh an bhanríoghain ní bhus mó i gcúram an Iarla go ndeachaidh tar ais go Sacsaibh, agus gur chríochnuigh a bheatha ann, ní gan amhrus gur nimh do fuair sé mar an gcéadna, Anno 1602. Iar bhfagháil gairm iarla do Shéamus mhac Gearóid, amhail adubhramair, ní cian d'fhan i nÉirinn an tan do chuaidh go Sacsaibh go bhfuair nimh le hól ann, iar mbeith aon bhliadhain amháin in' iarla. Gearóid mhac Seáin mhac Tomáis Ruaidh, an fear déadhnach; do fuair tré Rígh na Spáinne teideal captaoin gárdaí Impire na Gearmáinne Uachtaraighe; d'éag sé san mbliadhain 1632. Agso an Gearóid ar ar thráchtamair grod roimhe seo. Do fuair ó Rígh na Spáinne - iar n-éag a athar ann, amhail adubhramair - teideal iarla, go ndeachaidh ar soin don Almáinn, agus iar gcaitheamh trí mbliadhan ann gur éag fá dheóidh. Agsin sínte ar faon-luighe ag feóchadh agus ag fíor-chríonadh an crann cnuais-iomdha soin Gearaltach, do plannduigheadh agus do príomh-chuireadh ar dtúis i nÉirinn le Muiris mac Ghearailt mhóir, agus do leathnuigh, agus do lán-oscail a géaga glasa glé-thorthacha os cheithre chóige chian-fhairsinge Éireann, le ré cheithre céad ar chaogaid bliadhan. Do bhí le linn an chrainn seo bheith fé bhláth is fé mheas i nÉirinn, caogad d'fhíor-stoc Gearaltach do ba iarlaí, tighearnaí, bíocuin, barúin agus ridirí. Do b'é faid tighearnais nó iarlachta Iarla Deasmhumhan céad agus fiche míle Ghaedhlach, agus seacht míle is caogad a trasna. Do bhíodar fós os cionn céad caisleán chun cosnaimh is comh-seasaimh fá theideal is fá thréan-tarmuin Iarla Deasmhumhan. Do bhí fós dafhichid míle púnt d'árd-chíos bliadhntamhail ag teacht chun Iarla Deasmhumhan, i n-éaghmuis a raibh dá fhearannaibh i n-a lámhaibh féin agus i lámhaibh a chomhfhoguis agus a chomh-bhráithre amhail tuigthear as an roinn tugadh ar an iarlacht tar éis díthcheannadh an Iarla Gearóid. Agsin túismhiughadh teacht agus tréan-chosnamh, críochnughadh ciorrbhadh agus craobhscaoile gníomha geineallach agus gnáith-éachta Gearaltach i nÉirinn go dtí so, .i. 1655, ón gcéad fhear tháinig go hÉirinn díobh, .i. Muiris. Geineallach Mhuiris, iomorro, mar seo: Muiris, mac Gearailt mhóir, mac Muiris, mac Seáin, mac Riobaird, mac Uilliam, mac Riocaird mhóir, .i. connstábla árd ríogh Shacsan i gcúirt pharliament Uindsor.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services