Craobhscaoile
Gearaltach i nÉirinn
Iar n-a chur ó Laidin go Gaoidhilg
as
Relatio Geraldinorum
le
hUilliam Ó Murchadha,
Ag Rinn an Chinnphéicigh,
An cúigeamhadh lá déag de Iúil,
Míle seacht gcéad is seacht mbliadhna ar
dá fhichid.
An díonbhrollach nó an reamhrádh
Do chum an léightheóra.
Ag seo chugaibh a léightheóirí, suim
aithghearr an Tráchta, .i. Relatio Geraldinorum,
do scríbh an t-eagailseach ionnraic is an
flaith foghlumtha fír-eólach, is an diadhaire
diadha deaghshomplach Ó Dála .i. bráthair
blasta béal-órdha as Éirinn do ba phroifeasúir
dídheachta agus Biocáire Geanarálta
i Liosbón san Phóirtinéil ar Chraobhscaoile
Gearaltach i nÉirinn, iar n-a chur ó Laidin
go Gaoidheilg, óir ba thruagh liom gan an
tuarasgabháil fhírinneach fhóirleathan tug an
t-úghdar roimhráidhte ar na huaislibh calma
cathbhuadhacha san do bheith i dteangain na
tíre i n-ar chomóradh a ngnáith-éachta; agus
cíodh nár thualaing mé ar an saothar so do
chur insa chruith ná insa chulaith do ba ionchuibhe
don ocáid, geallaim dam féin go
ngéabhaidh gach léightheóir deigh-mhéinneach mo
leithscéal; oir má tá (ó atáim i náirighthe
go bhfuil) nídh ar bith oilbhéimeach im chuidse
dhe, ní easbha foinn ná fír-mhéinne fá
ndeara é acht easbha eóluis, agus muna
bhfuil maith eile ann, tá an méid seo ann,
gur osclas bealach is beárna d'aon éigin
eile dochum a dhéanta ní bhus fearr;
gidheadh an bhuidhean bhiaidh ag breicneóireacht
chum brabaduigheacht is bearrthóireachta air,
níl neart agamsa ortha, acht innsim dóibh
nach fuil ionnta acht amhuil cuil do
thuirlingeóghadh ar mhairc do chum a himdheargtha
agus ní chum a chneasuighthe. Is é meódhan
do ghabhas insa mbeag-shaothar so, na cinn
do thógbháil as an roinn déaghnaigh den
leabhar Fol.133, thosuigheas mar seo,
Propagatio Geraldinorum in Hib., etc.,
i n-a dtosnuigheann sé le Muiris mac
Gearailt, an chéid-fhear tháinig go hÉirinn
díobh, agus i n-a leanann ortha dhiaidh i
ndiaidh gus an bhfear déagnach, oir innseann
annso go haithghearr cia an áit is an
bhliadhain d'aois an Tighearna i n-ar éag
gach n-aon aca; agus do rinneassa amhla
san, agus a dtráchta ar gach n-aon aca fá
seach; do thógbhas as corp na staire roinn
de gach nídh dá bhfuaras támhascamhail nó
iomráidhteach i n-a bheathaidh gur chuireas
i ndiaidh báis an fhir sin i n-a ionad féin é.
Gidheadh d'fhágbhas mórán de neithibh maithe
ann gan trácht ortha, óir ba mhian liom beith
gearr.
Gaibh a dhithchioll, a léightheóir ionmhnin,
ót shearbhóntuidhe síorghrádhach,
Uilliam Ó Murchadha.
Tuig fós, a léightheóir eagnaidhe, gurab
ar fhuireálamh Phiarus Mac Gearailt, Bhaile
Uí Chionnfhaolaigh do rinneadh an beagshaothar
so.
Ag seo Piarus dochum Uilliam:
CzzzzzFil.
A chogair, a chumainn 's a chuisle nách faon
sa duain,
'S do fromhadh go milis gan time le héigsibh
suairc,
Corruighse t'inchinn chliste agus réidh mo
ghuais
I dtobar na mbruingeal ó fuineadh do
dhréacht i n-uaim.
Cíodh follus mo chine gur cuireadh gan
tréad gan tuaith
Ag cosnamh go cumasach dlighthe na naomh
go buan,
'S i gcogadh ba mhinic le buirb ag déanamh
buairt,
Ag coscairt 's ag ciorrbhadh fuirinne an
Bhéarla mhuair.
CzzzzzPrós
Seán Ó Murchadha dochum an scríbhneóir
roimhráidhte ag moladh a oibre, an tan do
léigh is do thaithnidh ris. -
CzzzzzFil.
Is duine do foilceadh i dtobair na naoi
mbéithe
'S do fromhadh i scolaibh go focailcheart,
séimhléigheanta,
d'fhoscain go solusghlan noda gach
tréan-dréachta
Lér chorruidh an obair seo socair i
mbinn-Ghaedheilg.
Molaimse t'obair ghlan shomholta
chaoin-tréitheach
d'fhoscail go solusmhar sonas na
bprímh-ghéag san,
Do chosmaimh go colgach cosantach buidhean
léidmheach
Ar orchra, ar dhonus, ar thubaist, na
fíor-Gaodhail.
CzzzzzPrós
Ceap Craoibhe Gearaltach.
Gearaltaigh iarlaí Deasmumhan i
nÉirinn do ba follus calmacht, do fríth
gurab ó na sean Troianaigh fuaradar ceap
a gcraoibhe, óir iar ndul do Æeneas ag
déanamh congcuis don Iodáil do rug leis
drongbhuidhean de thaoiseachaibh calma, go
raibh díobh so duine támhascamhail deárscnaighthe
seach cách .i. stoc is ceap craoibhe
Gearaltach. Agus an tan do bhí Æeneas go
sítheóilte i seilbh na hIodáile do thug
fearann claidhimh do gach n-aon tháinig
leis ón dTraoi go ráinig chum an
chéad-athar so ár nGearaltach mar roinn an chuid
is saidhbhre den Etruria mar a bhfuil
Florentia anois, go rabhadar diaidh i
ndiaidh i seilbh na saor-bheathadh san go
dtárla go raibh Uilliam, Diúic Normandy,
ag tiomargain sluagh do chum a theidil chum
coróinn na Sacsan do thagairt i n-aghaidh
Harold do ba rí Sacsan an tráith sin, go
dtáinig dochum congnaimh le hUilliam aon
den chine roimhráidhte do ba sóisear, go
ndrongbhuidhean chalma leis, agus iar
ngabháil buadh do Uilliam do thug dó so i
ndíol a chródhachta caisleán is Mainéar
Uindsor sa mbliadhain 1067, gur shealbhuigheadar
a sliocht é go haimsir Ghualtherus
mac Etherus. Do bhádar ag an Gualtherus
sin triar mac; ón mac ba shine .i.
Uilliam, thángadar iarlaí Uindsor: ón dara
mac .i. Roibeard, tháinig iarla Essex anois
1655; an treas mac, iomorra, Gearalt
ainmnighthe Uindsor, do ghaibh mar bhainchéile
inghean Rís, móir-phrionnsa Breatan. Is
léi do bhí aige Muiris Mac Gearailt ó
dtáinig an móirghiúistís sin na hÉireann
.i. Tomás Mac Muiris atá adhlaicthe
anois i dTráighlí, d'fhág san dá éis dias
mhac .i. Seán is Muiris - an chéid-fhear,
céad iarla Chille Dara; an fear déidhnach,
céad iarla Deasmhumhan. Muiris
Mac Gearailt as Uindsor an chéad
Ghearaltach táinig go hÉirinn .i. maraon
le Diarmuid Mac Murchadha san
mbliadhain 1169. Ba mhór ceannus
is céim is comhacht an Mhuiris réamhráidhte
seo i Sacsaibh ria dteacht go hÉirinn dó,
óir do ba Ridire an Lomra Órtha é, .i.
Eques Auratus, .i. Knight of the Golden
Fleece ionnus alos a chéime is a chródhachta
ná raibh triath ná taoiseach san eachtra san
ba lia, ba líonmhaire is ba lánfhairsinge
fuair fearainn fhéarmhara is beatha bhioth-bhuan
dó féin is dá shliocht i nÉirinn ón
dara Hannraoi, rí Sacsan an tráith sin, 'ná
é. Ag seo mar adeir an t-ughdar maxime
vero omnium Mauritium - ingentibus
afficit honoribus et praediis ditat, .i. isé
Muiris is iomdha do fuair d'onóir is de
bheatha dhíobh uile. Ag seo mar adeir arís
san áit chéadna, quae magna ipse virtute
parta, majori defendit, auxit maxima .i.
gach a bhfuair le cródhacht mhóir do chosnaimh
le cródhacht ba mhó, agus do mhéaduigh leis
an gcródhacht ba ró-mhó.
Gearalt Mac Muiris fó-rí Eireann,
noch d'éag i naibíd mhanaigh i
nEóchaill san mbliadhain 1205. Ní bhfaghaim
nídh ar bith támhascamhail i na bheathaidh
so, acht go saoilim gur duine oirdheirc é;
óir ba fó-rí Éireann, amhail adubhramair
thuas, agus do thréig onóir agus toice an
tsaoghail seo, gur chríochnuigh a bheatha go
cráibhtheach. Muiris Mac Gearailt do
rinn Mainistir San Phroinnsias i nEóchaill;
is í céadfa droinge gurab é seo an Muiris
do ghaibh mar mhnaoi inghean Gailfred
Morison, fó-rí Éireann: d'éag sé
san mbliadhain 1257. Ba thréan an teasaidheacht
creidimh is an lonnradh lánghlóire
do bhí i gcroidhthibh cródha cathbhuadhacha na
gcéad-athar so ár nGearaltach i nÉirinn,
amhail is léir i mbeathaidh na díse
roimhráidhte.
Tomás Mac Muiris do marbhadh i
gCallainn Ghlinne Ó Ruachta mar aon agus
'aon mhac Seán do ba Ridire an Gháirtéir.
Is iad do rin Mainistir Thráighlí. Do
marbhadh iad amhail a dubhramair i gCallainn
i ndúithche Mhic Finníghin i mbliadhna 1260.
I n-aimsir an Tomáis seo do ghaibh uamhan
is imeagla Mac Cárrthaigh Mór, cíodh
gurab inghean do Thomás ba bhainchéile dhó,
agus mórán eile d'uaislibh na ríoghachta i
dtaobh ceannuis tréine is saidhbhris Gearaltach,
ionnus go ndeachadar ós íseal, i
gcomhairle, créad an modh ar a dtiocfadh leó
mórdhacht mhórchomhachtach na nGearaltach do
chlaochlódh agus is í comhairle do cinneadh
aca, amus anfhórlannach do thabhairt ar
Thomás, agus dá dtigeadh leó é do mharbhadh
go mbadh críochnughadh do cheannus is do
chóimhthréine Gearaltach a éag; agus tárla
fós fé an dtráith sin go raibh Tomás ag
dul ar eachtra go Sacsaibh, go na mhac
Seán agus beagán buidhne ag dul maraon
leis, chum a fhaicsiona ar bórd luinge, gur
tugadh ionnsaighe ainbhfiosach fhóiréigneach
ortha, ionnus go dtángadar na sluaigh sáiriomdha
go neimhfheasach dóibh rompa is 'na
ndiaidh. An tan do chonnairc Tomás go na
bheagan buidhne ná raibh fáth taithleachuis
ná teasraigthe aige, iompuigheas go teann
tréan-chalma ar na tromsluaghaibh agus tug
comhrac cródha coinscleódhach dhóibh, gur
thuit féin is a mhac fá dheóidh san íorghuil
sin le hiomarca anfhórlann. Beag nachar
chríoch do na Gearaltaigh leis an mbuille
sin, óir ní raibh d'fhíorstoc Gearaltach ar
marthain i nÉirinn an tráith sin acht naoidhean
aoinmhic do Sheán mac Thomáis do bhí ar
altrom i dTráighlí. Agus an tan ráinig
tásc an dtruaighscéal san iad d'imthigh banaltra
an naoidhin maraon le cách ar foluamhain
síos is suas ag síorghol, ionnus gur
fágbhadh an leanbh in' uathadh agus in' aonar
i na chliabhán. Thárla go raibh ápa mór
istigh, agus an tan mhothuigh an leanbh in'
aonarán, goideas as an gcliabhán é, agus
tógbhas leis ar phionúinibh fíorárda an
chaisleáin é, agus nochtas é, go raibh agá
shír-cheartughadh agus agá shleamhain-shlíobadh
de réir a nádúra féin, go raibh tuirseach
dá oileamhain, agus ar gcur a éadaigh air
tugas leis gus an áit i bhfuair é; agus
iar bhfagháil na banaltran i bhfochair an
chliabháin ag nuallghubha, óir níor saoileadh
go dtiubhradh an leanbh slán tar ais, buaileas
bas bhaiscneach uirthi do thaoibh an leinbh
d'fhágbháil in' aonarán; gur de lean an
fhorainm de, .i. Tomás an Ápa, forainmnighthe
ón ápa. Do b'í a bhainchéile Siobhán
inghean Tighearna Barrach; do b'iad a
chlann mac Muiris agus Seán ó bhfuil mac
Thomáis Déiseach. Iar gcaitheamh aon
bhliadhain déag ar fhichid i dtighearnas,
d'éag san mbliadhain 1291, agus do hadhlacadh
i dTráighlí é. Iar dteacht i naois
feardhachta dhon Tomás so, ba mhór a chéim
a cheannus is a chródhacht, ionnus go ndearnaidh
dian-argain is díoghaltas i néiric báis
a athar is a shean-athar, gur fhág dá éis i
seilbh saoir-fhearann a shean is a shinsear a
mhac meanmnach móir-éachtach, .i. Muiris mac
Thomáis céad Iarla Deasmhumhan. Do ba
fó-rí Éireann é, agus do b'í a bhainchéile
inghean Diuic Bucingham; an dara bainchéile
dhó, inghean Ghailfred Morison, nó
Noiréis; agus is leis an mnaoi chéadna do
fuair sé Oileán Ciarraighe; a threas
bainchéile inghean an Iarla Ruadh, nó de réir
druinge eile Eilionóir inghean Mhic Muiris
Chiaraighe. D'éag sé i nÁth Cliath san
mbliadhain 1355. Isé an Muiris seo fuair
gairm agus teideal Deasmhumhan ar dtúis
i nÉirinn ón dtreas Éadbhard, rí Sacsan,
an dara bliadhain dá réimheas. Go grod
dá éis sin, do chuaidh go hAlbain ar fhuireálamh
an ríogh agus do thug creacha agus
cíoscháin leis as. Do rinneadh dá éis sin
ceann feadhna cobhlaigh dhe chum léirscrios
is lán-ruagadh do thabhairt ar iliomad foghlaidhthe
fairrge do bhíodh ag lot is ag lánbhuaireamh
tráchtála na mara an tráth san,
ionnus go ndearnaidh an fhairrge sídheach
sítheóilte chum seóltóireachta, agus do chosnaimh
na Gaedhil i nísle is i numhlacht don
choróinn gur éag. Annso ní thigid na seinleabhair
Gaedhilge le chéile. Cuirid roinn
díobh Gearóid go hinmheódhnach i ndiaidh
Mhuiris. Gidheadh, cuirid an chuid eile,
idir Mhuiris is Ghearóid, Muiris eile a mhac
agus Seán dá Iarla mar leanas. Muiris
Óg, Iarla is fó-rí Éireann, do báthadh san
mbliadhain 1357. Ní bhfaghaim nídh ar bith
iomráidhte i na bheathaidh; óir iar gcaitheamh
dhá bhliadhain i noighreacht is i dteideal a
thréan-athar, do báthadh ag dul go Sacsaibh
é; gur ghaibh a dhearbhráthair a oighreacht, óir
d'éag féin gan sliocht. Seán Mac Muiris
d'éag san mbliadhain 1369. Ba dhuine
arrdhachta, árd-aigeantach an Seán so;
agus níor bh'fhuláir dó féin gur bh'eadh, óir
an dá bhliadhain déag do bhí in' iarla ní
bhfuair sé suaimhneas ná síothcháin ó mhórán
de shean-uaislibh na hÉireann, óir ba chiach
is ba chásmhar leó seilbh saor-fhearann a
sinnsir do bheith i lámhaibh eachtrann. Ionnus
go mba comhbhuartha a bheatha gur éag.
(Ní Chrioch)
Craobhscaoile
Gearaltach i nÉirinn
II.
Gearóid Iarla, mac Sheáin déidheanaigh,
dá ngairmthí fós Gearóid File; do b'í
a bhainchéile Eilíonóir Buitléar, inghean
Iarla Urmhumhan, nó de réir druinge eile
Inghean Mhic Ristird. Do bhádar triar
mac aige, .i. Seán, Séamus, agus Muiris.
d'éag sé san mbliadhain 1399. Ba deagheólach
an druadh agus an draoi an Gearóid
seo. Do chosnaimh agus do chaomhain go
cródha is go comh-chalma oighreacht a shean is
a shinsear, gur éag iar gcaitheamh tríochad
bliadhan in' Iarla, gus an mbliadhain 1399;
gur fhág dá éis a mhac Muiris, noch d'éag
gan sliocht i bhfoircheann na bliadhna
roimhráidhte.
Seán Iarla, mac Ghearóid, do báthadh
isan tSiúir ag Árd Fíonáin san mbliadhain
1400. Sul do ráinig leis seo a chródhacht
féin ná síor-chalmacht a shinsear do
thaisbeánadh, ag dul go Cluain Meala dhó,
do báthadh insan tSiúir é,, amhail adubhramair.
Tomás Iarla, mac Sheáin do hionnarbhadh
don bhFrainnc le bráthair áirithe dá
athair, nó fós le Séamus dearbhráthair a
athair. D'éag sé sa Normandí, anno 1420.
Do chuaidh an Tomás so i neasumhla ar
choróinn na Sacsan; ionnus ar na ghairm
san gcúis sin, go mba éigean dó dá fhear
dhéag barún de Shean-ghallaibh Éireann do
thabhairt i slánaibh air go bhfreagóradh sé an
lá cinnte san gcúis gcéadna. Gidheadh,
níor bh'ionntaoibh leis freagradh, ionnus gur
chailleadar na slána do chuaidh air mórán
de thaoibh a ngeallamhna ar a shon agus gur
hiompuigheadh a bheatha, a chrodh is a cheathra
féin chum fóghnaimh don choróinn; agus ar
gcaitheamh tréimhse i nÉirinn dó ar uathadh
coda is carad do chuaidh don bhFrainnc,
gur éag ar deóraidheacht ann, an fichmhadh
bliadhain iar bhfagháil gairme Iarla dhó.
Séamus Iarla, mac Ghearóid; do b'í a
bhainchéile Máire de Búrc, inghean Tighearna
Mhac Uilliam Chloinne Riocaird, .i. Uilliog
Óg, mac Uillig; do b'iad a chlann mac
Tomás agus Gearóid, Tighearna na nDéiseach;
d'éag sé san mbliadhain 1450. Do
b'é Séamus so treas mhac Ghearóid do ba
Iarla tréimhse roimhe sin, agus dearbhráthair
athar an Tomáis roimhráidhte. Do fuair sé
ón rígh seilbh sítheóilte saoir-fhearann a shean
is a shinsear, ionus iar gcaitheamh tríochad
bliadhan go calma comh-chródha in' Iarla, gur
éag fá dheóidh.
Tomás, mac Shéamuis, Iarla agus
fó-rí Éireann; do b'í a bhainchéile Eibhlín nó
Allsún, inghean Tighearna Báróideach. Do
baineadh a cheann de i gCathair an Droichid,
.i. Droichead Átha, san mbliadhain 1466. Do
b'iad a chlann mhac Séamus, Muiris, Tomás,
Seán, agus Gearóid Mocholpa. Iar ngabháil
oighreachta dhon Tomás so, ba mhórdhálach
a mhóir-éachta. "Ob praeclara gesta Magni
cognomen adeptus est," adeir an tUghdar;
.i. ó na gníomha do comóradh leis do fuair
an fhorainm, .i. Tomás Mór, mac Shéamuis.
Do b'ionmhuin ag an gCeathramhadh Éadbhard
rí Shacsan, é; óir ba chomhthréan a chomhlann
'na choghnach slóigh i naoi gcathaibh i bhfochair
an ríogh romhráidhte san imreasán ba fír-mhinic
an tráth soin idir threabhaibh an dá tigh
York agus Lancaster. Agus iar ngabháil
buadh fá dheóidh d'Éadbhard, - óir do ciorrbhadh
an tráth soin treibh Lancaster go
huile, acht Iarla Richmond amháin - gabhas
Éadbhard an ríoghacht d'éis sin, agus is
fíor-onóireach do friotháladh an tIarla Tomás
aige maille re duaisibh dian-mhóra, go
dtug gairm fós agus fír-theideal fó-rí
Éireann dó.
Le teacht go hÉireann dó, gairmeas an
rí ós íseal chuige é, go ndubhairt:
"A Thomáis," ar sé, "má's aithne dhuit
nídh ar bith oilbhéimeach im réimheas, alos ár
gcaradra is ár gcian-mhuinnteardhais
craobhscaoil anois dam é."
"Nocha n-aithne," ar Tomás, "acht amháin
nach bainchéile do dhiongmhála do ghabhais."
Do b'í seo baintreabhach Sheoin Grae, .i.
an Ridhire Órtha, do marbhadh gearr roimhe
sin ag St. Albans.
"Óir dá bhfaghthá thú scaradh léi agus
inghean prionnsa príomh-chomhachtaigh éigin do
ghlacadh do ba meadhón maith dhuit chun na
ríoghachta do chosnamh is do chaomhnadh é."
Gabhas an rí buidheachas leis, go ndubhairt
leis gan an nídh sin do nochtadh do
neach ar bith eile. Triallas an tIarla a
a bhaile, go raibh ar feadh seacht mbliadhan dá
éis sin ag ceart-riaghlughadh na críche, go
cruthughadh fó-ríogh eile in' ionad; agus do
mhair go séanmhar síor-shona mórán bliadhan
dá éis sin, gus an gcrích chinneamhnaigh do
cuireadh le na bheathaidh; óir do luigh lámh
Dé go trom air de thaoibh na corr-chomhairle
do thug don rígh roimhe sin, ionnus gur
cailleadh ar an módh so é.
Thárla tráth imreasán idir an rígh agus
an ríoghain chéadna, Eilís; ionnus gur labhair
an rí go colgach casaoideach léi, agus
ar mbeith dhise 'n-a mnaoi uaibhrigh
árd-aigeantaigh do fhreagair go heasurramach
é, ionnus gur fearguigheadh go fíor-mhór an
rí go ndubhairt:
"Dá leanainnse comhairle Iarla Deasmhumhan
do bheadh fine agus foircheann let
chorr-mhórdháil chinntréin cian ó shoin."
Isligheas agus umhluigheas an ríoghan,
iar na chlos soin, don rígh, go dtárla mar ba
dleacht síth agus sáir-ionmhuine eatortha dá
éis sin; gur agallaimh an ríoghan é, ar na
fhagháil i módh oireamhnaigh chun fiafraighthe,
créad an chomhairle sin tug an tIarla dhó
dá taoibh féin. Inniseas an rí - gan
smaoineamh aige ar olc ar bith do theacht
don Iarla dhe - an chomhairle go huile is go
hiomshlán di. Smaoineas sise i na meanmain
féin créad an modh ar a bhféadfadh
díoghaltus do dhéanamh ar an Iarla go
neimhfheasach dhon rígh; gur scríbh chun an
Iarla Worcester, do ba fó-rí Éireann an
tráth soin, litir fá shéala mór na Sacsan
- óir do goideadh an séala léi chum na
hocáide sin - dá fhógradh dhó i bpéin umhla,
Iarla Deasmhumhan do ghairm, agus an tan
do gheobhadh fá n-a chomhachtaibh é, a
dhíthcheannadh gan fuireach. Iar bhfagháil na
litire do Worcester - óir do shaoil gurab
ón rígh í - gairmeas an tIarla chuige go
Droichead Átha, agus iar dtaisbeánadh na
litire dhó, do díthcheannadh ar an láthair sin
é. Iar gclos na scéal soin dá chúigear de
mhacaibh meara meanmnacha móir-éachtacha,
gabhaid a nairm is tógbhaid a meirge is a
mbratacha maiseacha maoth-shróill, agus
gairmid chucha do gach leith a gcaraid a
gcomhfhoguis is a gcompáin, agus gabhaid
ag ciorrbhadh ag creachargain is ag comhloscadh
na críche cian-fhairsinge do gach
leith gur shroicheadar geataí Átha Cliath, ag
déanamh díoghaltuis agus dian-airgthe
i néiric bháis a nathar. Do fearguigheadh an
rí féin go fíor-mhór ionnus go madh éigean
don ríoghain teicheadh, agus gur gairmeadh
an fó-rí Worcester go Sacsaibh, mar ar
díthcheannadh é - cé gur thaisbeáin an litir
roimhráidhte do shábháil a anma - i n-éiric an
ghníomha, agus do mhíniughadh mhóir-fheirge na
nGearaltach, is gléire a nglan-tsluagh.
Séamus Iarla, mac Thomáis do marbhadh
é maraon is a mhac i Ráth Caola, anno
1487. Iar mbeith dhó is dá chomhbhráithribh ag
creachadh is ag comh-argain, amhail adubhramair,
scríobhas an rí go sídheach sár-mhuinteardha
chucha agus iarras ortha gan tuilleadh
dochair ná díoghbhála do dhéanamh, agus go
madh truagh dhóibh sar-ghlóire a sean is
síor-onóir a sinsear do thruailliughadh is do
tharcuisniughadh le teideal Rebeliun do
thuilleamh dhóibh féin; agus fós dearbhas
dóibh go madh neimhfheasach é féin ar bhás a
nathar; agus geallas duaise dian-mhóra
dhóibh acht a n-airm do leagadh is tilleadh ar
a n-umhlacht; agus iar léigheamh na litre
dhóibh, do cinneadh an chomhairle sin aca;
ionnus iar dteacht chun suaimhneasa dhóibh
gur bhronn an rí do Shéamus Pailitíneacht
Chiaraighe an tráth soin, agus fós baile is
caisleán Dúna Garbháin, go mórán de
phrímhléidíbh eile dhó féin agus dá shliocht go
bráth. Do ba iarla gach n-aon de chúigear
mac Thomáis acht Gearóid amháin; go
bhfuair sin Mocholpa is Cois Brighde uile
mar bheatha dhó féin; agus isé céadfa gach
n-aon go mairid a shliocht so, cé íseal, gus
indiu. Do ba dhearbhráthair don Tomás so
Gearóid ó dtáinig Tighearna na nDéiseach.
Ba fear glic gasta glain-chéillidhe an
Séamus so, is d'fhairsingigh a bheatha go
fíor-mhór le dochar na nGaedheal. Iar
gcaitheamh cúig mbliadhan go foirtiúnach
fíor-shonaí in' iarla do marbhadh, go feasach
dá ghaol féin, agus fós de réir druinge dá
dhearbhráthair Seán, i na dhún is i na
dheagh-árus féin i Ráth Caola é.
Muiris, mac an Tomáis chéadna, dá
ngairmthí Muiris an Charbaid; do b'í a
bhainchéile, Eibhlín, inghean Tighearna
Róistigh; d'éag sé san mbliadhain 1517. Do
bhí de mhacaibh aige, Séamus Iarla, agus
Tomás. Iar marbhadh Shéamuis, amhail
adubhramair, gabhas a dhearbhráthair Muiris
an iarlacht, óir d'éag féin gan sliocht. Do
fuair alos a chródhachta dá éis sin gairm
Mhuiris an Chogaidh. Is díleas do chosnaimh
na Gaedhil i numhlacht do Choróinn na Sacsan
gur éag; gur fhairsingigh go fíor-mhór
ar a gcostus a bheatha féin. Do chuir fós
Tighearna Muscraighe i mbraighdeanus,
ó na bhraith éadmhar i dtaobh treise is tréine
Gearaltach. Gidheadh, iar gcaitheamh tríochad
bliadhan in' iarla, d'éag.
Dá éis sin gluaiseais a mhac Séamus
mhac Muiris, go sluagh-bhuidhean leis ag argain
Muscraighe, go dtárla dhóibh, idir
Mhalla agus Chorcaigh san áit dá ngairmthear
(an) Mhóin Mhór, Cormac Óg Láidir,
Tighearna Muscraighe, Mac Cárrthaigh Riabhach,
agus mórán eile d'uaislibh Gaedheal;
gur fearadh an cath cró-linnteach soin
eatortha, .i. madhm (na) Móna Móire, mar
ar briseadh do na Gearaltaigh; óir, ag
tabhairt an chatha, lingeas Tomás Maol an
Chunncuis do ba taoiseach ar mharc-shluagh
Gearaltach an lá soin le fórsa forráin is
le confadh catha, tré línibh is tré ranncaibh
a armála féin gur oscail bealach is beárna
dhá namhaid; ionnus iar na ghearradh agus
iar na dhian-tuargain le hiomarca
anfhorlann go mba éigean dó féin is dar
mhair dá mhór-shluagh an machaire do
thréigean.
Dá éis sin do gairmeadh an Séamus mac
Muiris seo go Sacsaibh, ar fhuireálamh
Chairdional Wolseí; óir do hiomchasaoideadh
ag an rígh, an t-ochtmhadh Hannraoi, leis
an gCairdional go raibh caradra is
cian-mhuinnteardhas ag an Séamus so dá chosnamh
is dá choimeád leis an gcúigmhadh
Cormac rí na hEaspáinne an tráth soin;
agus fós go raibh ar a aire ionnsaighe eachtrainn
do tharraing do chomh-bhuaireamh na
críche. Gidheadh, níor bh'ionntaoibh le Séamus
dul go Sacsaibh; óir do ba feasach é go
raibh fuath agus fíor-mhioscais ag an gCairdional
do na Gearaltaigh, agus fós gur
mhór a cheannus is a chomhachta i gcúirt na
Sacsan an tráth soin. An tan chonnairc
an rí nár fhreagair Séamus an toghairm,
scríobhas chun Iarla Chille Dara, do ba fó-rí
Éireann an tráth soin bragha do dhéanamh
de Shéamus agus a chur amhlasan go Sacsaibh.
Iar bhfagháil na scéal soin d'Iarla
Chille Dara ionnsaigheas Deasmhumhain go
sluaghaibh is go sochaidhibh sáir-iomdha leis;
agus iar mbeith tréimhse ag taisteal is ag
tóraidheacht na tíre triallas tar ais gan a
iarracht do chur i bhfeidhm - ní déarfad cia
aca bhí d'uireasbhaidh air toil nó comhachta
chun a chomhbhráthar do chur i gcuan a anma
do chailleamhain. Gidheadh, cuireas an
Cairdional i gcéill don rígh gur fábhar is
fíor-chaomhnadh do rineadh do Shéamus,
ionnus gur gairmeadh Iarla Chille Dara go
Sacsaibh chun freagra thabhairt don rígh is
don Chomhairle san gcúis sin.
Dála Iarla Chille Dara, le triall go
Sacsaibh dhó, fágbhas a mhac oighreachta,
Tomás Mac Gearailt, ag caomhnadh is ag
ceirt-riaghlughadh na críche dá éis; agus iar
ndul i bhfiaghnaise is i bhfíor-láthair an ríogh
is na Comhairle do chosnaimh is do chaomhain
go ceirt-bhriathrach é féin - óir ba dhuine
éagnaidhe árd-aigeantach é - ar cheilg, ar
choraibh is ar choguas chointinneach an Chairdional,
ionnus nár himreadh de dhaoirse ná
de dhaor-bhruid air acht a chur i mbraighdeanus
i dTúr Lunndain.
Dála an Chairdional, téid go neimhfheasach
dhon rígh go hárd-choimeáduidhe an Túir,
agus d'fhógair dó i bpéin umhla an tIarla,
do dhíthcheannadh gan fuireach. Téid an
coimeáduidhe leis an uirgheall soin gus an
Iarla, agus ba cumhach cásmhar leis é, óir
do b'ionmhuin leis an tIarla. Iarras an
tIarla air dul agus a fhiafraighe den rígh
féin an é do chuir an t-órdughadh soin uaidh.
Do tuigeadh don choimeáduidhe a chontabhairt
féin ag cur i naghaidh an Chairdional;
gidheadh téid go déidheannach san oidhche gus
an rígh, agus taisbeánas órdughadh an Chairdional
dó. Do fearguigheadh an rí go fíor-mhór
uime sin, ionnus go ndubhairt leis an
gcoimeáduidhe gan daoirse ar bith d'imirt
ar an Iarla gan órdughadh spesialta a
láimhe féin. Gidheadh do coimeádadh an
tIarla san Túr go cian dá eis sin, gur
chríochnuigh a bheatha ann.
Iar leathadh fuar-scéalta fír-bhréagacha
ar feadh na hÉireann an tráth soin gur
díthcheannadh an tIarla i Sacsaibh, gabhas a mhac
.i. Tomás an tSíoda, ag ciorrbhadh is ag
creach-loscadh a raibh de Ghallaibh i nÉirinn
an tráth soin; ionnus gur hairgeadh Áth
Cliath uile leis go geataíbh an Chaisleáin.
Iar gclos na scéalta soin don rígh cuireas
fó-rí eile go hÉirinn, go sluaghaibh iomdha
leis, ag ceirt-riaghlughadh na críche, agus
ionnsaigheas, líon a sluagh, caisleán cosantach
Muighe Nuadhad, óir d'fhág Tomás
drong-bhuidhean ann do chosnamh an
chaisleáin; gidheadh tug an ceann feadhna do bhí
orra suas do na Gallaibh go fealltamhail
fír-chealgach é, ar mbeith do Thomás i
dtuaisceart Éireann ag déanamh tiomargan
sluagh is sochaidhe chun na nua-ghall
so do léir-scrios, do leadradh is do láin-díbirt.
Iar dteacht tar ais dó, ionnsaigheas
féin is an fó-rí, go líon a sluagh a chéile,
gur fearadh cath créachtach cró-linnteach
eatortha, gan fios time nó tláithe ar
cheachtar den dá thaobh, gur chuir an oidhche
críoch le n-a gcian-iorghail. Ar maidin
ar na bháireach, cuireas an fó-rí teachta chun
Tomáis ag tairgsin síthe is síothchána dhó, is
ag geallamhain dó go dtiubhradh an rí
i ndearmad gach ar imthigh thársa, agus go
bhfuigheadh féin is a charaid ní bhus mó
sochair is sár-onóra uaidh ná bhí aca roimhe
sin. Glacas Tomás na tairgseana soin,
agus iar mbeith socair síothchánta dhóibh, do
rineadh braighde de Thomás is de chúigear
dearbhráthar a mháthar, gur cuireadh amhlasan
i naon luing go Sacsaibh iad, agus gur
díthcheannadh iad gan fuireach. Agus do
hiompuigheadh beatha an Iarla chun fóghnaimh
is fíor-shochair don choróinn, iar n-éag dó
féin san Túr an tráth soin; ionnus gur
cuireadh foircheann is fíor-chrích leis an
gcraoibh chródha chalma chath-bhuadhaigh sin
d'fhíor-stoc Gearaltach, .i. Oighre Chille
cian-ársadh Dara, acht amháin Gearóid
dearbhráthair don Tomás roimhráidhte do
b'óige iná é, agus fuair dá éis sin fearainn
is fíor-theideal Iarla Chille Dara ón
mBainríoghain Máire iar dteacht i gcoróinn
di.
Triall tar ais, a léightheóir, chum tráchta
ar Shéamus mhac Muiris, Iarla Deasmhumhan;
óir iar mbeith aon bhliadhain déag i gceannus
d'éag sé, gur toghadh is gur toghairmeadh
Tomás Maol - .i. dearbhráthair athar Mhuiris,
agus treas mhac an Tomáis mhic Shéamuis
do díthcheannadh ag Droichead Átha roimhe
sin - mar iarla in' ionad.
Craobhscaoile
Gaeraltach i nÉirinn
III.
Tomás, mhac Tomáis; do mharbhadh a
mhac Muiris, agus mac Mhuiris, le Bearnard
nó Brian Dubh i nÁth Cille. Do b'í
a bhainchéile inghean Tighearna Muscraighe.
Dé seo gairmthí Tomás Maol an Chunncais.
Ba chomh-thréan an curadh is an caithmhíleadh
an Tomás so; óir do rug buaidh i naoi
gcathaibh i na raibh; agus do ba ceann
feadhna marcshluaigh é san iorghail thárla
idir an Iarla romhráidhte Chille Dara, do
ba Fó-rí Éireann an tráth soin, agus
Maghnus Mór Ó Briain; agus iar dtespeánadh
a dtréan-chródhachta do gach leith
don dá shluagh, nochar bhfhios cia aca a raibh
buadh an chatha fá dheóidh (aige). Do bhí fós
easaonta fíor-ghnáthach idir é féin agus
Tighearnaí Muscraighe le na linn; ionnus,
iar ngabháil buaidh ortha, gur marbhadh dias
díobh leis, ar a raibh athair a chéile féin. Do
bhí mac aige le hinghin an Tighearna Muscraighe
romhráidhte sic .i. Muiris mhac Tomáis,
noch d'éag roimhe féin, agus d'fhág dá éis
mac, .i. Séamus mhac Muiris, do ba leacaoi
onóra ag an Ochtmhadh Hannraoi, rí Shacsan
an tráth soin. Iar gcaitheamh chúig mbliadhan
in' iarlacht, d'éag, gur fhág an oighreacht ag
mac a mhic .i. Séamus mhac Muiris, do bhí i
Sacsaibh an tráth soin amhail a dubhramair.
Dála Shéamuis, triallas go hÉirinn go
sluaghbhuidhin maille leis gur ghabh cuan i
gCorcaigh, agus, ag triall ar soin chun
Luimnigh, thárla dhó i nduthaigh an Róistigh
drong-bhuidhean deagh-thapa do chuir Muiris
mhac Gearailt i bhfoslongphort ann le
haghaidh a ídighthe, ionnus gur marbhadh leó
ar an láthair sin é, san mbliadhain 1542.
Do b'é an mí-ghníomh so an chéad choiscéim
chun ciorrbhaithe is ceann-airgthe Gearaltach;
óir do luigh lámh Dé ortha chomh tromsan,
go háirithe ar shliocht Sheáin mhac
Tomáis, ionnus gur gearradh den talamh
go huile is go hiomshlán iad, gan sliocht ar
bith ar marthain dá n-éis. Óir do b'é an
Muiris seo ler fealladh ar a bhráthair,
amhail adúbhramair, dara mac Sheáin mhac
Tomáis, .i. dearbhráthair Thomáis Mhaoil,
agus ceathramhadh mac an Tomáis úd do
díthcheannadh ag Droichead Átha. Do ba
Barún ar Chiaraighe Chuirithe tríochad
bliadhain an Muiris sin, agus, iar mbeith
cheithre fichid bliadhain d'aois dó, do chuaidh
ag creach-argain Muscraighe, go dtárla
Diarmaid mhac Taidhg, Tighearna Muscraighe,
.i. a chliamhain féin, dó, gur fearadh
cath eatortha, agus gur gabhadh Muiris san
gcath, gur fhág an Tighearna ar láimh ag
ceathrar marcach é, iar leanamhain na
ruaige dhó féin; gidheadh, do marbhadh
Muiris leis na coimeádaithibh san am
gcéadna; gur fhág dá éis dias mhac agus
triúr inghean: an chéad inghean, bean Mhac
Cárrthaigh Riabhaigh; an dara hingean, bean
an Tigearna Róistigh; agus an treas inghean,
bean Diarmada mhac Taidhg, Tighearna
Muscraighe. Tomás mhac Muiris,
an mac ba shine, d'éag go grod d'éis a
athar, gur fhág dá éis mac, .i. Tomás Óg
do marbhadh i gcéad chogadh na nGearaltach
dá éis sin. Séamus dara mac Mhuiris do
mhair tréimhse dá éis, do marbhadh i ruaig
déadhnaigh Gearaltach é.
Seán, mhac Thomáis, mhac Séamuis,
bráthair nó dearbhráthair an chéad Thomáis;
do b'í a bhainchéile inghean Dhonnchadh Uí
Bhriain na Cairrge. Do bhí de mhacaibh aige
Séamus, Seán Óg, Muiris Dubh, agus
Tomás. Do b'é Seán so ceathramhadh mac
Tomáis do díthcheannadh ag Droichead Átha.
Do ghaibh sé an iarlacht d'éis marbhtha an
oighre chirt, amhail adubhramair; gidheadh,
nochar fhoidhnigh Dia ar marthain abhfad é,
oir níor chaith an dara bliadhain an tan
d'íoc a fhuil féin dortadh fola a bhráthar;
gur fhág dá éis a mhac ba shine Séamus.
An dara mac, Muiris, noch do luadhamair
do mharbh an t-oighre romhráithe. An treas
mhac, Seán Óg; do marbhadh iad a dtriúr
go na macaibh uile, óir do bhí sliocht ar
gach n-aon díobh, san gcogadh déaghnach
soin Ghearóid, acht Muiris mhac Seáin
amháin noch d'éag san Spáinn.
Séamus, mac Mhuiris an Charbhait, mac
Thomáis; d'éag sé maraon is a dhearbhráthair,
agus do hadhlacadh i dTráighlí é, 1574.
Do bhí inghean aige, Siobhán, bean Shéamuis,
Iarla Urmhumhan; d'éag sí san mbliadhain
1577. Agso an Séamus do luadhamair go
grod roimhe seo i dtrácht ar bhraighdeanus
Iarla Chille Dara i Sacsaibh, agus ar
dhithcheannadh a mhic is a chúigear comhbhráthar.
Annso cuirid drong insan uimhir Seán,
mhac Tomáis, mhac Séamuis, do luadhamair
grod roimhe seo; drong eile Séamus mac
an tSéamuis chéadna, mac Thomáis, do bhí
in' iarla. Do bhí ag Séamus, iomorra,
triar ban: an chéad bhean, inghean Tighearna
Róisteach; an dara bean, inghean Uí Chearbhaill
Éile; an treas bean, inghean Mhac
Cárrthaigh Mhóir. Do bhádar ceathrar mac
aige, .i. Tomás Ruadh leis an gcéad mhnaoi;
Gearóid, .i. Gearóid Iarla, is Seán leis an
dara mnaoi; leis an treas mhnaoi, iomorra,
Séamus. Tomás, céad mhac Shéamuis,
do bhádar dias mhac aige, mar atá Séamus
is Seán. Iar n-éag athar Shéamuis mhac
Seáin, triallas féin go Sacsaibh ag
tesbeánadh umhla is úirísle dhon rígh, agus ag
tairgsint na hiarlachta chun foghnaimh don
choróin, ó marbhadh an t-oighre ceart, amhail
adubhramair thuas, agus agá fhoillsiughadh ná
raibh cabhair ná comhairle uaidh féin dochum
an mhí-ghníomha soin, acht gurab é a dhearbhráthair
Muiris ba chionntach go haonaránach
leis. Do bhí an rí an tráth so i gcogadh
leis an bhFrainnc, agus, dá bhrígh sin, ba
mhian leis gach coinscleódh nó comhbhuaireamh
dá mbiadh i nÉirinn do chlaochlódh.
Leis sin, do freastaladh is do friotháladh
go fíor-onóireach Séamus aige, agus do
thug seilbh a bheatha dhó, agus mórán céime
is ceannuis dá chomhbhráithribh, agus fé dheóidh
do rinn Presedún Mumhan, agus coimeáduidhe
stóir is ionmhuis Éireann de;
agus, iar gcaitheamh cheithre mbliadhan déag
séanmhar sona síor-fhortiúnach, d'éag; gur
fhág dá éis triar mac .i. Gearóid, Seán,
agus Séamus. Do bhí, iomorra, mac eile
ba shine 'na ceachtar den triar thuas, .i.
Tomás Ruadh, agus nocha nglacfaidhe
i noighreacht é, óir adeirthí nár pósadh go
dlightheach - nochan fhios damhsa an fáth - a
mháthair leis an iarla; ionnus gur fhás dá
bhrígh sin mórán ceannairce is coinscleódh
idir na comhbhráithribh, dá dtáinig iomarca
uilc is anfhorlainn.
Gearóid Iarla, dara mac Shéamuis
mhac Seáin le Mór Ní Chearbhaill. Do b'í a
bhainchéile Eilíonóir Buitléir, inghean mhac
Piarais Dhún Búinne; do cailleadh i gcogadh
é, an 11mhadh lá de Dhecember, 1583.
Iar n-éag a athar, d'ionnsaigh an Gearóid
seo ar dtúis Mac Cárrthaigh Riabhach, go
dtug creacha iomdha leis uaidh; agus téid
dá éis sin ag creach-argain Muscraighe, go
dtárla Éamonn mhac Tadhg, mac Thighearna
Muscraighe dhó, go sluaghaibh iomdha leis;
gur fearadh cath eatortha, i nar briseadh
do Ghearóid, ionnus gur gabhadh é is gur
cuireadh i mbraighdeanus i gCaisleán Átha
Sceitine é; agus, iar gcaitheamh leath-bhliadhna
dhó ann, do scaoileadh dó fá dheóidh
ar fhuireálamh inghine Mhuiris mhac Tomáis,
do ba siúr d'Éamonn mhac Taidhg.
Iar na scaoile amhlasan dó, thárla go
raibh imreasán idir Thadhg, mac Mhurcadh Uí
Bhriain, Iarla Inse Uí Chuinn, agus Iarlaí
Tuamhan is Chloinne Riocard, ionnus go
raibh Iarla Inse Uí Chuinn i na chaisleán
ar na chosnamh is ár na chomh-shábháil féin, agus
an dá iarla eile go n-a sluaghaibh timcheall
an chaisleáin dá chomh-argain. Iar mbeith ar
an órdughadh soin dó, cuireas teachta chun
Gearóid ag iarraidh cabhartha air. Triallas
Gearóid agus a dhearbhráthair dá ionnsaighe
gan sosa go ndeachadar thar Sionainn ag
Caisleán Uí Chonaill, go trí fichid marcach
agus chúig céad troightheach maille leó;
agus triallaid go réim-dhíreach chun Inse
Uí Chuinn. Iar na chlos do na hiarlaibh
romhráidhte Gearóid do bheith ag teacht chun
catha thabhairt dóibh, nó fuascladh ar Iarla
Inse Uí Chuinn, tréigid an caisleán, agus
gabhaid ag tiomargain i luagh chun amuis do
thabairt ar Ghearóid; agus, ag tilleadh thar
ais dó, go mórán creach, thárladar an dá
iarla leis, go sluaghaibh sár-iomdha maille
leó, agus gairmid chun chatha é. Dála
Ghearóid, labhras go lán-úirmhisneach le na
bheagán buidhne, agus dubhairt leó é féin
do leanamhaint go fearamhail fíor-arrdhachta,
agus gan uamhan ná imeagla do
ghlacadh roimh iliomad sluagh agus sochuidhe
a namhad; agus, leis sin, lingid go leóghanta
lán-tapa i mbrollach an mhór-shluaigh
ionnus gur bhriseadar don chéad ionnsaighe
dhóibh. Is iomdha gníomh calma comh-chródha
do comóradh leis an nGearóid seo ná
tráchtam annso, óir is mian linn bheith
gearr.
Go grod iar n-éag a athar, téid - go
céad d'uaislibh agá chomh-choimhdeacht - go
Sacsaibh ag díol umhla is urrama don
bhainríoghain, Eilis, go dtug sí cairt ceannuis
is comhachta ar a raibh i seilbh a shár-shinsir
dó. Go grod iar dteacht go hÉirinn dó,
d'éirigh imreasán idir é féin agus Tomás
Dubh Buitléar, Iarla Urmhumhan, de thaoibh
ronna teórann, ionnus go mbídís ag
creach-argain a chéile, agus gur fearguigheadh
chomh mór soin ar gach taobh iad gur
chinneadh lá aca chun catha tabhairt dá chéile
ag an áit dá ngairmthear Bóthar Mór idir
chonntaéibh Luimnigh is Thiobrad Árann.
Cruinnighid a rannta de ghach leith: Iarla
Deasmhuman go huaislibh Mumhan maille
leis, cheithre mhíle troightheach agus caogad
ar sheacht gcéad marcach líon a shluagh;
Iarla Urmhumhan don leith eile, agus munar
líonmhaire nochar lugha a shluagh 'ná an
t-áireamh thuas. Iar dteacht don lá chinnte,
ionnsaighid an dá shluagh soin a chéile, agus
gabhaid ag tolladh, ag treascairt, is ag
tréan-tuargain a chéile, gan fios time ná
tláis ar cheachtar den dá thaobh. Cheithre lá
déag ar an órdughadh soin dóibh, go
ndearnadar uaisle dáirithe - agus go
mór-mhór Cuntaois Deasmhumhan, óir do b'í
máthair Iarla Urmhumhan - síothcháin eatortha.
Gidheadh, iar n-éag don chuntaois,
do briseadh an tsíothcháin agus do rug
Seán Mac Gearailt, dearbhráthair an iarla,
buadh catha ar Sheán Buitléar, dearbhráthair
Iarla Urmhumhan, agus do mharbh le na
lámhaibh féin é.
(Ní críoch.)
Craobhscaoile
Gearaltach i nÉirinn.
(Ar leanmhaint)
Triallas Iarla Deasmhumhan dá éis sin
go Déiseachaibh ag tógbháil chreach, gur chuir
Tighearna na nDéiseach teachta chun Iarla
Urmhumhan teacht do chongnamh leis i
n-aghaidh Iarla Deasmhumhan. Táinig Iarla
Urmhumhan iarsin, go sluagh sár-mhór leis,
go dtárladar féin agus Iarla Deasmhumhan
dá chéile ag Áth Meadháin. An tan chonncadar
taoisigh Gearaltach iomarca na sluagh
dhá n-ionnsaighe, óir ní rabhadar féin acht
beagán buidhne, adubhradar leis an iarla
tilleadh tar ais, agus ná rabhadar féin
ion-chomhlainn leis an iliomad sluagh soin
do bhí i na n-aghaidh. Gidheadh, adubhairt
an t-iarla go mba rogha leis tuitim san
iorghail 'ná a dhrom d'iompódh le hIarla
Urmhumhan; agus, leis sin, lingeas i n-aghaidh
a námhad; leanaid a bhuidhean féin é.
Gidheadh, do gearradh is do ghrod-bhuaileadh
ar gach taobh iad, ionnus gur marbhadh -
beagnách go duine - le hiomarca anfhorlann
iad. An tan chonnairc Iarla Deasmhumhan
a bhuidhean féin ag tuitim amhlasan,
lingeas i dtiugh-mharcshluagh Buitléarach,
gur teilgeadh dá chapall san ruathar
soin é le hÉamonn Buitléar an Ridire
Órdha, agus go ndearnadh bragha amhlasan
dé. Do rugadh as soin go Cluain Meala
é, agus, iar slánughadh a mhor-chréacht, do
cuireadh go Sacsaibh é, go raibh ar feadh
seacht mbliadhan i mbraighdeanus i dTúr
Lunndain.
Dála Thomáis Ruaidh, mac Shéamuis,
an dearbhráthair ba shine 'ná Gearóid, do
luadhamair roimhe seo, .i. mac inghine an
Tigearna Róistigh, gabhas seilbh na
hiarlachta; óir do diúltuigheadh roimhe sin é i
n-aimsir Ghearóid, i dtaobh phósadh aindlightheach
a mháthar, amhail adubhramair; agus
do thuig go madh coiscéim chun céime dhó
féin turrainn a dhearbhráthar, agus fós mar
do coimeádadh an dias dearbhráthar eile,
.i. Seán agus Séamus le hIarla Urmhumhan
is le mórán eile de shearbhóntaibh na
ban-ríoghna i nÉirinn ó na gceart do thogaradh.
Gidheadh, gabhas Séamus mhac Muiris ag
cur i n-aghaidh Thomáis Ruaidh go tréan-chalma,
agus ag seasamh is ag síor-chosnamh
chirt Ghearóid. Ba chródha is ba chath-bhuadhach
an curadh is an caithmhíleadh an Séamus so.
Do b'é (an) dara mac Mhuiris, mhac Muiris,
mhac Seáin é. Do b'é an Seán so dearbhráthair
Thomáis Mhaoil an Chunncuis. Do
ba clann don Tomás so díthcheannadh ag
Droichead Átha, Seán agus Tomás Maol.
An chéad Mhuiris do luadhamair thuas is
leis do fealladh ar Shéamus mhac Muiris,
.i. oighre ceart Thomáis Mhaoil agus na
hiarlachta, iar dteacht ó Shacsaibh dó; agus
do marbhadh é féin dá éis sin le Tighearna
Muscraighe, amhail adubhramair.
Is cródha 's is cathbhuadhach do chosnaimh is
chaomhain an Séamus so a cheart do Ghearóid
ar feadh a ghéibhinn i n-aghaidh Thomáis
Ruaidh is ar ghabh leis; ionnus, ar chlos an
chomhbhuairimh do rinneadar na Gearaltaigh
i nÉirinn don bhanríoghain, gur cinneadh aici
scaoile de Ghearóid agus a chur go
hÉirinn. Iar dteacht go hÉirinn dó, gabhas
seilbh sítheóilte na hiarlachta; gidheadh, ba
chumhach cásmhar leis an líonradh is an léirscrios
laetheamhail do bhíodh ar uaislibh is
ar eaglais Éireann an tráth soin, de thaoibh
an chreidimh Chatoilice, agus do luigh chomh
trom soin ar a chroidhe uaibhreach árd-aigeantach
gur ghabh go huile is go hiomshlán
ag cur i n-aghaidh órduighthe na banríoghna i
gcásaibh creidimh, agus go leanadh is go
neartuigheadh an creideamh Catoilice i
nÉirinn d'aimhdheóin dian-dlighthe na haimsire
sin; agus do fearguigheadh chomh
fíor-mhór chucha é nár bhféidir leis fhoidhneamh
áinm Prodastúin do chlos.
San mbliadhain d'aois ár sábhála, míle
chúig céad agus chúig bliadhna déag ar
seascad, iar na chlos don bhanríoghain an
tIarla do bheith ag seasamh ar son an
Chreidimh amhlasan, do smaoin si créad an
modh ar a bhféadfadh a chiorrbhadh nó a
cheanna-mhúchadh: agus isé comhairle do
cinneadh aici teachta do chur chun Hannraoi
Sidney, Sasanach do ba Fó-rí Éireann an
tráth soin, an tIarla go na dhearbhráthair
Seán do ghairm chun cathrach éigin, agus an
tan do-gheóbhadh fá na chumas amhlasan
iad braighde dhéanamh díobh, agus a gcur
gan fuireach i ngéibhinn. Dála Sidney, iar
bhfagháil na scéal soin dó cuireas toghairm
ar uaislibh Éireann chun éan-láithrigh, agus
iar bhfagháil an Iarla is a dhearbhráthar
amhlasan dó, teilgeas i bpríosún iad
agus coimeád maith ortha, gur chuir go
Sacsaibh iad, go rabhadar chúig bhliadhna i
dTúr Lonnduine; agus is minic ar feadh
na haimsire sin ba mhian leis an mbanríoghain
a mbásughadh; gidheadh, do chaomhain
Dia iad, agus do scaoil ar géibheann
iad fá dheoidh - amhail tráchtfam i nár
ndiaidh.
Iar mbeith dhon Iarla is dá dhearbhráthair
Seán i ngéibheann amhlasan do chuireadar
scéala chun Séamuis mhac Muiris, do luadhamair
roimhe seo, a gcuid is a gceart do
chosnamh i nÉirinn; agus do chuireadar fós
forfhógra chun a mbuidhne is a muinntire
féin, umhla do thabhairt do Shéamus, agus a
chomhairle do leanamhaint i ngach céim;
agus do rineadh amhlasan aca ar gach
taobh.
Dála Shéamuis, gabhas an cúram soin go
hurrúnta úirmhisneach air, agus smaoineas
ar chogadh is ar chathughadh chomhchalma do
dhéanamh leis an mbanríoghain; agus iarsin
cuireas teachta gus an Pápa Greagóir, an
treas Phápa déag den ainm sin - óir ba
mhian leis arm spriodálta do bheith aige,
ag túismhiughadh cogaidh ar son creidimh
- dá iarraidh air a bheannacht agus logha
genereálta do chur chun gach n-aoin do
thabharfadh cabhair ná congnamh chun an chogaidh
sin do chosnamh. Do rin an Pápa
amhlasan, agus do chuir scéala chun Séamuis
go mba somholta an gníomh do ghaibh sé
do láimh. Annsoin iar dtiomargan tromshlóigh
do Shéamus, gabhas ag léirscrios is
ag lánloscadh na n-eiriceach go na n-áitreabhaibh,
agus nocha ndearnaidh sosa ná
síor-chomhnuidhe ar feadh na gcúig mbliadhan
do chosnaimh ag cathughadh i na n-aghaidh,
acht ag déanamh dearg-áir is dian-ruathair
ortha; agus is fír-mhinic do chathuigh féin is
Seón Perrot an Ridire Órtha, do ba
Phresiodún Mumhan an tráth soin, le chéile, go
ngabhadh Séamus buadh catha air de ghnáth.
Ar na chlos don bhanríoghain go ngabhadh
Séamus buadh i ngach iorghail, agus go raibh
ag dul i dtréine is i dtreise, cuireas
tairgsiona síthe agus síothchána chuige.
Dubhairt Séamus go ndéanfadh sé síothcháin
léi ar choinghioll go gcuirfeadh sí a bhráithre
saor sábhálta go hÉirinn, agus fós go
dtiubhradh sí toil is aonta an Creideamh
Catoilice do leanmhain gan toirmeasc ar
feadh a fhearann féin is fearann a chomh-bhráithre.
Geallas an bhanríoghan an coinghioll
soin do choimhlíonadh; agus leis sin
scaoileas den Iarla is dá dhearbhráthair
Seán as géibheann, agus cuireas long
cogaidh léi féin leó; gidheadh, tug forfhógra
do chaptaen na luinge céadna, i
bpéin umhla, gan dul i dtír i néan-chuan i
nÉirinn act i gcuan Átha Cliath amháin, mar
a gcomhnuigheadh Fó-rí Éireann an tráth
soin; agus do chuir sí teachta os íseal chun
an Fhó-rí an tan do shroichfeadh an tIarla is
a dhearbhráthair Séan é, moill do chongbháil
ar an Iarla agus Seán do chur go Deasmhumhain
ag iarraidh Séamus mhac Muiris
chun na gcoinghioll remhráidhte do chur i
bhfuirm 's i bhfeidhm; agus an tan do-gheóbhadh
iad a dtriúr i bhfochair a chéile a
gcinn do bhuaint díobh gan fuireach. Iar
dteacht go hÁth Cliath dhóibh, labhras an Fó-rí
leó amhail do hórduigheadh dhó, agus
gluaiseas Seán ar cheann Séamus mhac
Muiris, agus anas an tIarla dá éis i nÁth
Cliath.
Thárla an tráth soin go raibh uasal
dáirithe d'oifigíbh na banríoghna i nÁth Cliath
do ba Protastún go foirimeallach; gidheadh,
ba Chatoilicidhe i na chroidhe é. Leis
sin ba thruagh leis an fheill-bheart fhealltamhail
do bhí le himirt ar na huaislibh sin.
Uime sin, téid gus an Iarla agus nochtas
cogar na ceilge dhó. Cuireas an tIarla
teachta os íseal chun a chomhbhráithre, dá
fhorfhógra dhóibh gan Deasmhumhain d'fhágbháil,
agus gur gearr go mbeadh féin i na
bhfochair. Leis sin gluaiseas an tIarla ar
éalódh oidhche ó Áth Cliath, agus nocha
ndearnaidh sosa ná comhnuidhe go ráinig sé
Deasmhumhain. Iar dteacht chun baile don
Iarla amhlasan, cruinnighid chuige de gach
leith a charaid a chomhfhogus is a chompáin,
agus innseas dóibh amhail do mheas an bhanríoghan
fealladh air féin is ar a chomhbhráithribh.
Annsoin glacaid a n-airm, agus
lingid amach fá na críochaibh ba choimhneasa
dhóibh, amhail leoghain do bhrisfeadh as líontaibh
na bhfiagaithe, agus gabhaid ag treascairt
is ag tréan-thuargaint a námhad i
ngach aon áit i na dtárladar leó. Iar
mbeith ar an órdughadh soin dóibh, cuireas
an bhanríoghan teachta chun an Iarla ag
iarraidh síothchána dá bhliadhan air; go dtug
an tIarla soin dí ar choinghioll ná cuirfidhe
buairt ná buaireamh, de thaoibh bheith 'n-a
Chatoilicidhe, ar aon duine dá raibh ar an
dtaobh istigh de theórannaibh an Iarla, agus
fós ná gairmfidhe é féin ná aon duine
eile dá charaid ná dá chomhfhogus do láthair
an Fhó-ríogh; agus do rineadar an tsíothcháin
ar an gcoinghioll soin.
Iar mbeith dhóibh go sidheach síothchánta
amhlasan, iarras Séamus mhac Muiris ar
an Iarla roinn éigin talmhan do thabhairt
dó féin chun céime a onóra do chothughadh;
gidheadh, do dhiúltuigh an tIarla é ar fhuireálamh
na Cuntaoise - do b'í seo Eilionóir
Builtéar - óir dubhairt sí ná raibh sé oireamhnach
ná onóireach aige ronna dhéanamh
dá bheatha, agus gan a fágbháil go huile is
go hiomshlán fá chomhair a mhic, .i. Séamus
mhac Gearóid, cé ná raibh acht 'n-a leanbh
an tráth soin; agus do rineadh amhlasan
leis an Iarla - ní déarfad cia aca le
humhla dá mhnaoi nó le dearmad i maith-ghníomhaibh
is i móir-éachtaibh an uasail eile
- ar shon roimhe sin, do rin é. Cé gur
dhiúltaigh an tIarla Séamus, amhail adubhramair,
níor dhiúltaigh Séamus an tIarla;
óir do chuaidh don Róimh ar a fhuireálamh,
ag iarraidh beannachta is congnamh an
Phápa; agus le himtheacht san eachtra soin
dó, do rug a dhias mhac féin leis,
.i. Muiris agus Gearóid, mar nach rabhadar
infheadhma chun a bhfágtha tar a éis, d'eagla
go dtuitfidís i lámhaibh a namhaid, agus
fós dá tuiteadh féin san gcogadh soin go
mbeadh tnúith aige go dtiocfaidís lá éigin
ag déanamh díoghaltais i n-éiric a bháis.
Iar ndul ar muir do Shéamus, nocha
ndearnaidh comhnuidhe go ndeachaidh go
cúirt na Frainnce, agá iarraidh ar an
gceathramhadh Hannraoi, Rí na Frainnce an
tráth soin, congnamh do chur leis i n-aghaidh
eiriceach, chun an Chreidimh Chatoilice do
aithbheódhadh i nÉirinn; gidheadh, do dhiúltuigh
an rí é. Téid as soin don Spáinn, agus
agallas an dara Pilib, Rí na Spáinne,
amhail a dubhramair do rin Rí na Frainnce
roimhe sin, go ndubhairt an rí leis go raibh
síth is caradra idir é féin agus cúirt na
Sacsan; gidheadh, go scríbhfeadh leis don
Róimh dá iarraidh ar an bPápa congnamh
leó chun an Chreidimh Chatoilice do chaomhnadh
agus do chosnamh i nÉirinn.
An tan do chonnairc an rí clódh agus
aighthe uaisle arrdhachta na díse macaomhsan
ba chlann do Shéamus do ghaibh greann
is gean dóibh é, ionnus go ndubhairt le
Cairdional Granvel, do bhí i gcúirt na
Spáinne an tráth soin, a dtabhairt suas i
bhfoghluim is i bhfíor-léigheann is i ngach
ealadhain uasail onóraigh eile dá raibh le
fagháil i gcúirt na Spáinne. Do éag an
mac ba shine dhíobh so san Spáinn dá éis
sin, .i. Muiris; agus do báthadh an mac
eile .i. Gearóid ag teacht ón Spáinn san
mbliadhain 1588.
Gabhas Séamus a chead ag an rígh, agus
triallas go réim-dhíreach don Róimh. Iar
ndul i bhfochair is i bhfiadhnuise an Phápa
dhó, tugas leitir ríogh na Spáinne dhó.
Glacas an Pápa go ceanamhail cúirtéiseach
é, agus geallas cabhair is congnamh
dó; agus leis sin tug suim mhór airgid
dó, a bheannacht, agus leitir apstaldha chun
uaisle is eagluise Éireann, agus do chuir
dhá mhíle fear i n-arm 's i n-oireamhain chun
teachta leis. Do b'eaglach le Séamus a
fhaid do bhí sé ag fanamhain, d'eagla comh-bhuairimh
ar bith do bheith ar a chomh-bhráithribh
dá éis. Leis sin gluaiseas, is nocha ndearnaidh
sosa go dtáinig go hÉirinn. Iar
mbeith ag fágbháil na Rómha, do rin ceann
feadhna ar an dá mhíle fearsan tug an
Pápa dhó, de dhuine uasal dáirithe do
chuaidh leis san eachtra soin, dar bh'ainm
Tomás Stuckley, Sacsanach do b'ionmhuin
ag Séamus.
Dála Stuckley agus a dhá mhíle fear,
iar mbeith gach nídh i n-órdughadh is i n-oireamhain
aca, téid ar bórd a luingeas,
agus seólaid go réim-dhíreach gur ghabhadar
cuan sa Phoirtinéil ag Liosbón.
Tárla trá, san am gcéadna, go raibh
Sebastianus, Rí na Poirtinéile, ag triall
le cabhlach mór don Aifric chun catha thabhairt
don Rígh Abdelmelec, agus tug
tairgsiona iomdha agus duaise dian-mhóra
do Stuckley is dá dhá mhíle fear acht dul
leis san eachtrasan; agus fós, geallas
dóibh go gcuirfeadh cabhair is congnamh leó
go hÉirinn iar dteacht tar ais dóibh.
Aontuigheas Stuckley chun na comhairle
sin, agus iar dteacht maraon leis an rígh
don Aifric dóibh do fearadh an cath go
créachtach chró-linnteach ann, mar ar thuit
Sebastianus, agus Stuckley go n-urmhór
a dhá mhíle fear. Do b'iongnadh fíor-mhór
le Séamus mhac Muiris, iar teacht go
hÉirinn dó, créad an mhoill do bhuain do
Stuckley, óir ba neimhfheasach é ar an
gcinneamhain d'éirigh dhó.
(Ní críoch.)
Craobhscaoile
Gearaltach i nÉirinn
(Ar leanamhaint.)
Iar dteacht do Shéamus mhac Muiris go
hÉirinn, amhail adubhramair, triallas Seán
Mhac Gearailt, dearbhráthair an Iarla, dá
fhios; agus cruinnighid a rannta de gach
leith. Triallas fá'n am soin Hannraoi
Daves, Siriam Chonntae Chorcaighe, go
Tráighlí i gConntae Chiarraighe, iar na
chlos dó na Gearaltaigh do bheith ar an
órdughadh soin; agus leanas Seán Mhac
Gearailt é go ndrongbhuidhin leis; ór do
bhí fuath agus fíor-mhioscuis ag Seán chuige
de thaoibh imreasáin do thárla eatortha
tréimhse roimhe sin i dtigh Thighearna Mhúscraighe.
Uime sin, tug amus oidhche air,
gur mhairbh i na seomra é féin agus
Artúr Carter, do ba Presiodún Mumhan
an tráth soin, agus gach a raibh i na bhfochair.
Triallas Seán Mhac Gearailt agus
Séamus mhac Muiris go na sluaghaibh go
Conntae Luimnigh, agus cuirid campa 'n-a
shuidhe ann. Thárla, iar mbeith dóibh annsoin,
gur éignigh aon dá bhfearaibh bean do bhí ag
friothálamh sa champa; agus iar na chlos
soin do Shéamus, do fearguigheadh go fíor-mhór
é, ionnus gur ghairm an cionntach chun
dlighe an airm d'imirt air. Gidheadh, nocha
léigfeadh Seán mhac Gearailt, dearbhráthair
an Iarla, dochar ná díoghbháil do dheánamh
dó. Iar na fhaicsin sin do Shéamus,
roinneas an sluagh le na bhráthair Seán,
agus tréigeas an campa. Triallas as
soin go Conntae Thiobrad Árann le dul
go Connachtaibh; agus gluaiseas leis Seán
de Búrc, dearbhráthair Iarla Chloinne
Riocaird, agus ar ghaibh leó den tsluagh
soin; agus, iar ngabháil tré thighearnus
Thiobóid de Búrc dóibh, ionnsaigheas Tiobóid
iad go sluaghaibh sár-mhóra leis, chun
amuis anfhórlannaigh do thabhairt ortha.
An tan chonnairc Séamus soin, cuireas
aon dá bhuidhin féin ag agallamh Thiobóid,
agus ag iarraidh air leigean dá ruathar,
agus go madh nár dó buaireamh ar bith do
chur ar a bhráthair, óir b'fhogus a ngaol.
Gidheadh, nochar bh'ionntaobh le Tióbóid an
leoghan do leigean uaidh tar éis a fheirge
do mhúscladh. Leis sin, ionnsaighid an dá
shluagh a chéile. An tan chonnairc Séamus
iomarca na slógh agá ionnsaighe, labhras le
n-a bheagán buidhne - óir ní rabhadar acht
céad troightheach agus beagán ós cionn
céad marcach - agus dubhairt leó é féin
do leanamhain; go ndearnadar amhlasan,
agus do rinneadar cathughadh calma
coinnsgleódhach.
Iar mbeith i dteas na hiorghuile dóibh,
do goineadh Séamus go fíor-dhoimhinn i na
bhrollach; gidheadh, do rin sé an chréacht
d'fholach, d'eagla time ná tláis do theacht
dá fhearaibh dá bhrígh sin; agus, iar na
fhagháil créachtnuighthe amhlasan, lingeas
go leóghanta lán-chalma i dtiugh marcshluagh
a námhad, agus do rin bealach is
beárna dhó féin - ag treascairt is ag
tuargain ar gach taobh de - gus an áit i
bhfeacaidh Tiobóid de Búrc; agus, iar
dteacht i bhfogus dó, buaileas go trom
tréan-chalma é, gur scoilt a cheann go
smeigín den mhór-bhuille sin; agus buaileas
ar Liam, dearbhráthair Thiobóid, an
dara buille, gur mhairbh ar an láthair sin é.
Brisid na Búrcaigh iarsin, iar bhfaicsin a
dtriatha treascartha amhlasan. Túirlingeas
Séamus, agus gairmeas a shaiplíneach
chuige, agus, iar ndéanamh a uadhachta is a
fhaoisidín agus iar nglacadh comaoine,
d'éag ar an láthair sin. Iar mbeith marbh
do Shéamus amhlasan, do chuir a bhráthair,
Muiris mhac Seáin, a cheann dá bhuain de;
agus, ó ná raibh oireamhain aige chun
adhlactha onóraigh do thabhairt dó mar badh
dhleacht, do chuireadar go foilgheasach ag
bun sean-chrainn daraighe é; agus, go
grod dá éis sin, do fríth le fiaguidhe ann
é, go rugadar na heiricigh leó go Cill
Uais é, agus go ndearnadar croch dó ann,
go mbídís go laetheamhail ag caitheamh
ruchar leis, ó thárla marbh é - óir is fada
d'fhanfaidís uaidh an fhaid do bhí beó.
Do bhí Seán Mhac Gearailt, dearbhráthair
an Iarla, go laetheamhail ag cathughadh i
n-aghaidh na n-eiriceach tar éis bháis
Shéamuis, go dtug fá dheóidh bualadh
machaire dhóibh, mar ar briseadh dóibh féin is dá
gceann feadhna Herbert.
Dá éis seo, téid Séamus mhac Séamuis,
dearbhráthair eile an Iarla, ag creach-argain
Múscraighe; gidheadh, ag tilleadh
tar ais dó, leanas Cormac mhac Taidhg,
Tighearna Múscraighe, go sluagh-bhuidhean
leis é, agus tug dearg-ár a mhuinntire
agus do rin bragha dhe féin. Do rugadh
amhlasan do láthair Fó-ríogh Éireann; go
ndubhairt an fó-rí leis, le hórdughadh na
banríoghna, an Creideamh Catoilice do
thréigean, agus í féin d'admháil is do ghabháil
mar cheann chreidimh, agus go bhfuigheadh
a anam agus mórán de dhuaisibh dian-mhóra
eile; gidheadh, do dhiúltuigh sé na tairgseana
soin go huile is go hiomshlán, agus
dubhairt ná hadmhóghadh féin ceann ar bith
creidimh acht an Pápa amháin. Uime sin,
d'órduigh an fó-rí a dhíthcheannadh, a ionathar
a losgadh, agus ceithre ceathramha a dhéanamh
de, agus a gcrochadh le slabhraidhibh
iarainn ar gheataíbh Chorcaighe; go ndearnadh
amhlasan leis.
(Ní Chríoch.)
Craobhscaoile
Gearaltach i nÉirinn.
(Ar leanamhaint).
Is fá'n am so chuir an bhanríoghain Iarla
Urmhumhan, iar dtabhairt teidil Presiodún
Mumhan dó, ó Shacsaibh go hÉirinn, go
sluaghaibh sár-iomdha leis, chun cathuighthe le
Gearaltaigh. Iar na chlos do Rígh na Spáinne
an chathughadh is an comh-sheasamh do bhíodh ag
na Gearaltaigh dá dhéanamh i nÉirinn ar son
a gcreidimh, cuireas tuairim ocht gcéad
fear fe n-a gceann feadhna Sebastianus
chun cabhartha agus conganta leó. Iar n-a
chlos ar feadh na hÉireann gur ghabhadar na
Spáinnigh seo cuan sa taobh thiar-theas
d'Éirinn, gluaiseas Seón Graé, ba Fó-rí
Éireann an tráthsan, go sluagh-bhuidhean
leis, go dtárla dhó Iarla Urmhumhan go n-a
shluaghaibh iar dteacht ó Shacsaibh, amhail
adubhramair; gur thrialladar le chéile
d'ionnsaighe na Spáinneach. Iar dteacht i
dtír dóibh, gabhaid foslongphort san áit dá
ngairmthear Gleann an Óir, agus cuirid
iad féin i bhfuirm is i bhfíor-órdughadh cosnaimh
is cosanta ann - óir do bhí suidheachán
fíor-dhaingean na háite sin go sár-oireamhnach
dhóibh - go teacht Gearaltach chucha.
Dála an Fhó-ríogh, Graé, agus Iarla
Urmhumhan, triallaid go réim-dhíreach gus an
áit i gcualadar na Spáinnigh do bheith; agus
iar rochtain do láthair dóibh, gabhaid ag
tuargain is ag tréan-lámhach le na ngunnaíbh
beaga is móra ortha. Gidheadh, do rineadar
na Spáinnigh caomhnadh is cosnamh calma
comh-chródha ortha féin ionnus nach ráinig
dochar ná díoghbháil iad. Tuairim dafhichid
lá ar an órdughadh soin dóibh, gur ghaibh
tuirse fé dheóidh sluagh Shacsan; óir do b'é
an geimhreadh do bhí aca an tráthsan, .i. i
meadhón míosa December. Uime sin cuireas
an Fó-rí teachta chun cinn feadhna slóigh
na Spáinneach teacht dá agallamh.
Thárla, trá, go raibh uasal dáirithe de na
Plaincéadaigh, Éireannach tháinig leis na
Spáinnigh an tráth soin, i n-a bhfochair, go
ndubhairt leó gan creideamhain do thabhairt
do choingheallaibh cealgacha ná do gheallamhnaibh
gnáth-cholgacha na nGall. Gidheadh
nochar bh'fhearrde dhó, óir triallas Sebastianus
agus árd-chaptaén an tsluaigh .i.
Stephanus Sanioséphus go campa na
nGall, go rugadar an Plaincéadach mar
idirlabharthach leó; agus iar ndul i bhfochair
is i bhfiadhnuise an Fhó-ríogh dhóibh do freastaladh
agus do friotháladh go fíor-onóireach
aige iad, agus labhras go miochair milis-bhriathrach
leó, go ndubhairt go bhfuighidís
uaidh na cobhtha is na coinghill badh dhual is
badh dhleacht d'fhearaibh a gcalmachta is a
gcomh-chródhachta. Gidheadh an tan d'fhiafraigheadar
den Phlaincéadach .i. an fear
teangan, créad do bhí ag an bhFó-rígh dá
rádh riu, isé d'innis an Plaincéadach dóibh
gurab é an nídh adubhairt ná tiubhradh
coingheall ar bith dhóibh, agus muna luighidís
fé n-a ghrásaibh go ndéanfadh bás is bith-éag
d'imirt go huile is go hiomshlán ortha.
Dubhradarsan leis a iarraidh ar an bhFó-rígh
scaoile dhóibh agus a n-airm, a n-éadach is
a n-iolmhaoine eile leigean leó. Gidheadh
isé dubhairt an Plaincéadach gurab é a
bhfreagra ná gclacfaidís coingheall ar bith
uaidh go ndéanfaidís seasamh is síor-chosnamh
san áit i rabhadar go teacht Gearaltach
chucha; gidheadh, do bhrathadar fá dheóidh nach
é an comhrádh cóir do chanadh an Plaincéadach
leó de gach leith, ionnus ar bhfagháil fear
teangan eile do chraobhscaoil a gcomhrádh
de gach leith dhóibh, d'órduigheadar an
Plaincéadach do chur i n-iarnaíbh agus bragha a
dhéanamh dhe ar an láthair sin; agus is gearr
grod-fhoclach do bhádar ag déanamh na
gcoingheall, cé go mbíodh an Plaincéadach
ag éigheamh is ag athghoirt as a ghéibheann is
as a chruadh-chuibhreach ortha gan cailleamhain
amhlasan ár chúis an chóir-chreidimh, agus
gur ghearr go dtiocfaidís na Gearaltaigh
le cabhair is le congnamh chucha, agus nach
fada d'fhéadfadh an Fó-rí an machaire do
sheasamh le fliche is le fuaire na haimsire.
Do bhádar dias eile oifigeach ann ler mhian
an chomhairle thug an Plaincéadach uaidh do
leanamhain, agus dubhradar gur chóir a
glacadh, .i. Captaen na cuideachtan tháinig
as Cantabria san Spáinn agus Hercules
Pisanus; gidheadh do rineadh na coinghill,
agus tugadar dearbhtha is dian-mhóide
seasamh chucha de gach leith. Gidheadh, iar
dtabhairt na Spáinneach a n-ionad cosnaimh
suas, do b'éigin dóibh a n-airm do leagadh,
agus iar mbeith amhlasan gan arm dóibh do
lingeadar na Gaill de gach taobh ortha,
ionnus nár fhágadar duine ar marthain díobh
gan marbhadh ar an láthair sin acht Sebastianus
amháin, agus do chuireadar é sin as
Éirinn dá éis sin. Dála an Phlaincéadaigh,
tógbhaid dá éis sin as a ghéibheann é, agus
brisid go brúscar le casúraibh cnámha a
lámh is a chos, gur éag go ró-pheannaideach
ar an órdughadh soin.
Iar dtriall assan don Fhó-rígh, fágbhas
drong-bhuidhean i ngach baile cuain is cathair
san Mumhain, gur órduigh dóibh ionnsaighe
eascáirdeamhail do thabhairt ar na Gearaltaigh
i ngach áit, agus creachadh is comh-argain
do dhéanamh ortha. Dála na nGearaltach
cruinnighid is comh-thionólaid a sluagh
agus a sochuide, agus triallaid go réim-dhíreach
go Gort na Tiobraide san gClaonghlais
i gCo. Luimnigh chun cathuighthe leó, go
dtárla an sluagh Gallda go n-a gceann
feadhna Herbert dóibh ar an láthair sin.
Thárla go raibh fá'n am soin i bhfochair na
nGearaltach an t-eagailseach ionnraic
oirdhearc, .i. Dochtúir Sanders, Sacsanach, go
ndubhairt leó a námhaid d'ionnsaighe, agus
go raghadh féin ar an gcnoc do bhí os cionn
ionaid an chatha, ag guidhe Dé ar a son,
agus go bhfanfadh ar a ghlúinibh ann go fuinidh
a shaoghail muna ngabhaidís buadh catha an
lá soin. Is annsoin d'órduigh Seán Mhac
Gearailt, dearbhráthair an Iarla, .i. ceann
feadhna an tslóigh, don mharcshluagh a
gcapaill is a n-airm throma d'fhágbháil dá
n-éis agus a námhaid d'ionnsaighe dá gcois
gan fuireach. Do rineadh amhlasan aca,
agus leis sin lingid go teann tréan troigh-éascaidh
ar measc a námhad ionnus go
dtugadar dearg-ár is dian-ruathar ortha,
ar mhodh ná deachaidh acht fír-bheagán, go
háirithe dá gcoisidhthibh uatha gan leadradh is
lán-treascairt ar an láthair sin.
Go grod dá éis seo triallas Malby,
Presiodún Connacht, go sluagh-bhuidhean
leis, gus an áit dá ngairmthear Eanach
Beag i gCo. Luimnigh, go dtárla dhó ann
Uilliog agus Seán de Búrc, clann Iarla
Chloinne Riocaird, agus Peadar is Seán
de Léis, go sluagh-bhuidhean leó, fé n-a
gceann feadhna Tomás Mhac Seáin Mhac
Gearailt. Iar rochtain a chéile don dá
shluagh do fearadh cath créachtach crólinnteach
eatortha, i n-ar briseadh do na Gearaltaigh
fé dheóidh. Gidheadh, le briseadh dhóibh,
tháinig Seán go na shluagh faoi an láthair,
agus leis sin iompuighid ar a námhaid, go
rabhadar agá dtreascairt is agá dtréan-leadradh
ar feadh uaire go leith, ionnus, iar
dtuitim urmhór na nGall san iorghuil sin,
gur bhriseadar fá dheóidh. Do thuit Tomás
mhac Seáin Mhac Gearailt, agus Tomás Ó
Briain an ridire san iorghuil sin.
Triallaid na Gearaltaigh ón láthair sin
go hEatharla mar ar chlos dóibh campa
gallda bheith, ag Cill Uais; agus iar
rochtain ar an láthair sin dóibh ionnsaighid
féin is na Gaill a chéile, agus iar mbeith ar
feadh trí n-uaire ag tnáthadh is ag tréan-tolladh
a chéile, do bhriseadar na Gaill fá
dheóidh, iar n-a leadradh agus iar n-a lán-ruagadh
as an machaire go hiomlán. Gá
dtáim ris! Do bhí Seán go n-a shluagh ar
feadh dhá bhliadhan ag cosnamh cogaidh agus
ag cathughadh leó ar an órdughadh soin, go
rug buadh i dtrí chéad iorghuil ortha, óir
thugadh ionnsaighe laetheamhail i n-áit éigin
ortha.
Thárla, trá fé dheóidh, gur chuir Seán
teachta chun Pádraigh Cundún, Tighearna
Cundúnach, agus chun Seanascáil Íbh Mac
Coille, coinne dhéanamh leis os íseal i
bhfochair Dháith de Barra, mac is oighre an
Bharraigh Mhóir, i gCaisleán Ó Liatháin; agus
triallas féin agus Séamus mhac Seáin,
oighre Sróna Caillighe, os íseal, go seachtar
marcach maille riú chun an ionaid coinne.
Cuireas eascara éigin do Sheán scéala
roimhe chun Zouch, Presiodún Mumhan an
tráthsan, Seán bheith ag dul go haonaránach
san eachtradh soin. Leis sin triallas Zouch
ar Corcaigh san oidhche, agus drong-bhuidhean
leis, go raibh le héirighe an lae taoibh le
Caisleán Ó Liatháin, agus gur ghaibh san
bhealach chéadna i n-ar hinnseadh dó Seán
bheith le teacht. Dála Sheáin, iar dteacht
dó féin is dhá bhuidhin i bhfogus do Chaisleán
Ó Liatháin, tuirlingid taoibh le coill do bhí
ann; agus níor chian dóibh annsoin an tan
chonnarcadar Zouch is a dhrong-bhuidhean
dá n-ionnsaighe. Do tuigeadh dóibh ar
dtúis gurab é Dáith de Barra agus na huaisle
eile do bhí ann; gidhead, iar bhfaicsin
a ndearmaid dóibh gabhaid a gcapaill le
dul ar marcaigheacht. Gidheadh nocha bhféadfadh
Seán dul ar a chapall; óir do thréig
neart a chnámh agus lúth a chuirp é, cé go
madh neamh-chlaoidhte a aigne, agus go madh
beódha a mhisneach i ngach guais nó gábhadh
roimhe sin; agus iar dteacht dá fhearaibh chun
a chur ar marcaigheacht, nochan leigfeadh an
t-each dhóibh é, acht ag éirighe ar a chosaibh
tosaigh is deiridh, cé go madh socair suaimhneasach
riamh roimhe sin é, agus go madh mhór
a mhisneach, agus go madh mhórdhálach a
mheanmna ag dul don mhachaire.
"Imthighidh, a cháirde ionmhuine," ar Seán,
"óir do-chímse go dtáinig mo lá."
Leis sin rithid fá'n gcoill do bhí i gcomhfhoghus
dóibh. Gidheadh tilleas Séamus mhac
Seáin, oighre Sróna Caillighe tar 'ais go
ndubhairt:
"Nocha dtréigfead féin mo churadh is mo
chaith-mhíle ghnáith-éachtach, agus mo charaid
ionmhuin," ar sé; "agus fé mar do rineas
a choimhdeacht i n-a bheathaidh déanfad an
céadna i n-a bhás." Iar sin lingid na Gaill
timcheall na díse deagh-laoch soin; gidheadh
ba rogha leósan a mbás 'ná a n-airm do
thabhairt suas. Leis sin tug aon de na
gallaibh sáthadh sleighe ar Sheán i n-a bhrághid,
gur mhairbh ar an láthair sin é, cé gura
mheas Zouch a ghabháil i n-a bheathaidh dá
mb'fhéidir é. Tomás Pléimionn do b'ainm
don fhear so ler marbhadh Seán, agus
adeirthí gurab seisbhíseach dhó roimhe sin é.
Do rineadar bragha de Shéamus, agus
do rineadar Seán do dhíthcheannadh, agus do
chuireadar a cheann go hÁth Cliath, go raibh
go cian le faicsin ar sparra an Chaisleáin
ann. Do rugadar a chorp go Corcaigh,
agus do chuireadar i mbrannraighibh go síoth-árd
ar gheata na cathrach é, go raibh ar feadh
a trí nó a ceathair de bhliadhnaibh ann, gur
theilg stoirm amach fé'n abhainn é.
Dála Shéamuis, iar n-a bhreith 'n-a bhraghaid
go Corcaigh, is gearr gur lean a
bhráthair Seán don tsaoghal eile.
Iar gciorrbhad na gcuraidhe romhráidhte
amhlasan, agus nár fágbhadh cinn feadhna
ar bith ag an Iarla dá chomhfhogus féin, acht
Muiris Mhac Gearailt amháin - do b'é seo
an Muiris do chuaidh don Spáinn dá éis seo
- do rin Geaóid mhac Séamuis, .i. an
tIarla, ceann feadhna an tslóigh dhe. Agus
cuireas féin crios coimhleathan um a chom,
go ndeachaidh don mhachaire maraon leis, go
raibh ar feadh trí mbliadhan ag cathughadh go
calma comh-chródha n-a námhaid; gur chuir
an bhanríoghain teachta chuige fá dheóidh ag
tairsgin síthe agus síothchána dhó agus ag
geallamhain ar imthigh thársa do thabhairt i
ndearmad, agus fós seilbh sítheóilte a
shaor-fhearann do thabhairt dó ar choingheall
go gcuirfeadh Dochtúir Sanders chuichi go
Sacsaibh. Gidheadh, do dhiúltuigh an tIarla
sin, cé go bhfacaidh neart a námhad ag fás
agus a neart féin ag claochlódh; óir ní
fhoidhneóghadh a chreideamh ná a choinsias dó
an t-eagailseach oirdhearc onóireach do chur
i gcóir a anma do chailleamhain. Leis sin
triallas as Conntae Luimnigh go Tiobraid
Árann ag tógbháil creach; go gcualaidh go
raibh campa Gallda san áit dá ngairmthear
Gort na Pise; go dtug Gearóid órdughadh
dá shluagh amus ainbhfiosach anfhórlannach do
thabhairt san oidhce ortha, ionnus an méid
nár mharbhadar is nár ghabhadar díobh, do
phusáladar fá chosaibh a gcapaill iad.
Triallas Gearóid dá éis sin go Caiseal
ag tógbháil creach roimhe i ngach áit 'n-a
ngabhadh. Iar n-a chlos ar feadh na tíre
Iarla Deasmhumhan do bheith ag tógbháil
creach amhlasan leanaid triúr dearbhráthar
Iarla Urmhumhan é, .i. Éadbhard, Peadar
agus Éamonn. Do lean fós iad Mac
Phiarais, .i. Barún Dúna Búine, an Puirséalach
Barún Luachma, agus mórán eile de
thaoiseachaibh Buitléarach go sluaghaibh sár-iomdha
leó; gur ionnsaigheadar féin agus
na Gearaltaigh a chéile ag Cnoc Grafan
gur briseadh do na Gearaltaigh i dtúis na
hiorghaile, acht Seanascál Uíbh Mac Coille
go n-a bhuidhin amháin. An tan chonnarcadar
an líon do bhris díobh an Seanascál ag
seasamh agus ag síor-chathughadh san mhachaire
amhlasan iompuighidh tar ais agus tugadar
aghaidh ar a námhaid, ionnus iar mbeith go
cródha cianfhada ag ciorrbhadh is ag
comh-thuargain a chéile gur bhriseadar na
Buitléaraigh i dtrí rannaibh fé dheóidh; gur
leanadar na Gearaltaigh an ruaig ortha go
portaibh pór-uaithne na Siúire, ionnus an
méid nár mharbh dhíobh gur báthadh a n-urmhór
san ruathar soin. Do chuadar na Gearaltaigh
i gcomhairle an leanfaidís tar an
abhainn iad. Gidheadh, adubhairt an Seanascál
leó gan a leanamhain, óir go rabhadar
féin agus a gcapaill tuirseach, agus fós
go raibh an tuile ró-thréan. Do cinneadh
an chomhairle sin aca, agus do luigheadar
annsoin ar a n-armaibh go maidin, óir do
bhí sé déadhnach san lá an tráthsan. Triallaid
ar soin go Caiseal go dtárla Ribeard
Inglis go sluagh-bhuidhean leis dóibh taoibh le
Caiseal, agus do fearadh coinsgleó eatortha
i n-ar briseadh do Ribeard iar marbhadh
agus iar ngabháil urmhór a shluagh.
Is fá'n am so do chuir an bhanríoghain
forfhógra genereálta ar feadh na hÉireann,
ag tairsgin a bpárdún agus a mbeathadh
do gach n-aon d'iompóghadh chun umhla don
choróinn, acht amháin don Iarla agus dá
bhráithribh; ionus gur thréigeadar na huaisle
go hiomshlán é agus urmhór a shluagh,
ionnus gur fágbhadh ar uathadh buidhne amhlasan
é. Iar mbeith ar an órdughadh soin dó,
triallas go Conntae Chiarraighe; óir do bhí
tnúth aige le cabhair agus le congnamh ón
Spáinn an tráth soin; go raibh tréimhse agá
cheilt is agá chomh-dhíon féin i measc coillte
curruighthe agus cabhán. Agus ó ná raibh
meadhón eile cothuighthe aige dhó féin agus
don mhéid fear d'fhan in' fhochair, do bhídís
ag déanamh creach ar feadh na comhursanachta;
agus iar ndul amach lá d'áirithe
dhóibh do-chum na críche sin, do bhaineadar a
héadach go huile de mhnaoi uasail d'áirithe
agus d'fhágbhadar nochtaithe dá n-éis í.
Iar n-a chlossan do dhias dearbhráthar do bhí ag
an mnaoi uasail, do ba chomh-dhaltaí don
Iarla féin, triallaid go ndrong-bhuidhin leó
dá thóraidheacht, go bhfuaradar é, le héirighe
an lae an t-aonmhadh lá déag de Nobhember
san mbliadhain 1583 sa ghleann coille i n-a
raibh, .i. Gleann na Guinte i n-a uathadh is
in' aonar; óir do theicheadar an dias
mharcach do bhí in' fhochair, .i. Seán mhac Uilig
agus Séamus mhac Dáith do shábháil a n-anma.
Do bhí fós Conchubhar Ó Dála, do ba cheann
feadhna ar an mbeagán buidhne do bhí aige,
sa cheann eile den ghleann, ag coimeád
creiche do thugadar leó an lá roimhe sin;
ionnus, iar n-a fhagháil amhlasan dóibh gur
lingeadar i n-a úir-thimcheall. Leis sin
téid aon dá bhfearaibh, .i. Domhnall Ó
Caolluighe isteach don chuasán i n-a raibh,
agus baineas a lámh dheas agus ceachtar dá
chluasaibh den Iarla uasal, agus tarraingeas
amach amhlasan é. Tógbhaid leó ar an
órdughadh soin é. Gidheadh, ó nach féadfadh
siubhal mar badh mhian leó, óir do laguigh
tréigean na fola é, baineas an Domhnall
romh-ráidhte a cheann céillidhe ceirt-bhriathrach
dhé, agus fágbhaid a chorp cródha cneas-aolta
fá fhaol-chonnaibh allta agus fá
éanaibh an aéir: óir do b'eagal leó an
Conchubhar romh-ráidhte Ó Dála agus a
dhrongbhuidhean ortha do bhí ag tafan 'n-a
ndiaidh an tráthsan; gidheadh ní ráinig leis,
óir do shoicheadar an campa gallda sul
do rug ortha. Cuirid an ceann an oidhche sin,
agus sluagh-bhuidhean leis, go Corcaigh, agus
assan go Sacsaibh, gur cuireadh annsoin i
bhfleascaibh práis é, agus gur crochadh go
síoth-árd le slabhraidhibh a mullach Túir
Lunndaine é.
Iar gcríochnughadh a bheathadh go Ghearóid
uasal mhac Séamuis amhlasan, iar mbeith
chúig bhliadhna fichead in' Iarla Deasmhumhan
do b'éigin dá chomhfhogus teicheadh as Éirinn,
ionnus go ndeachaidh a n-urmhór don Spáinn.
Gidheadh, Tomás mhac Seáin, mac dearbhráthar
an Iarla, do chuaidh sin don Róimh, go
raibh tréimhse ann. Tháinig assan don
Spáinn, agus assan go hAlbain. Gidheadh,
ní cian do bhí annsoin an tan ba chlos don
bhanríoghain a bheith ann, ionnus go mba
éigean dó triall ar éalódh oidhche as, go
ndeachaidh tar ais don Spáinn, iar ngabháil
tré Fhlóndrus, tríd an BhFrainnc agus tríd
an Iodáil dó. Gidheadh, dá éis sin, san
mbliadhain 1594 do chuir Rí na Spáinne go
hÉirinn é, maraon le hÁrd-easpog Thuama
agus uasal eile d'áirithe as Cantabria san
Spáinn dar bh'ainm Meridos; agus do
gheall dóibh sluagh iomdha do chur 'n-a ndiaidh.
Gidheadh, d'éag Tomás mhac Seáin san
eachtra soin.
Tráchtfam anois ar an gcrích d'imthigh ar
an mbuidhin do bhí cionntach i mbás an Iarla,
go háirithe ar Dhomhnall Ó Caolluighe do
bhuain a cheann dé; óir do chuaidh Domhnall
dá éis sin go Sacsaibh, agus gabhas ag
robáil ann, gur crochadh ann é, cé gur iarr
Iarla Urmhumhan a anam dó. Eóghan,
iomorro, mac Dhomhnaill Uí Mhuircheartaigh,
.i. comh-dhalta an Iarla, agus ceann feadhna
na buidhne do bhí dá thóraigheacht - cé gur
shaor an tIarla roimhe sin ón gcroich é,
d'aimhdheóin na ngiúistísí, de thaoibh gaduidheachta
chapall - do mhair chúig bhliadhna déag
d'éis bháis an Iarla. Gidheadh, do crochadh
fá dheóidh le Barún Lic Shnámha, .i. an
Tighearna Ciarraigheach é.
Séamus, mac Thomáis Ruaidh, do gairmeadh
mar iarla le n-a chomhfhogus féin é.
Gidheadh, do scaoil Banríoghain Eilís as
príosún, i n-aghaidh an tSéamuis chéadna so,
Séamus mhac Gearóid, agus do theilg an
chéad tSéamus insa bpríosún chéadna, .i. i
dTúr Lunndaine, go bhfuair bás ann - ní
gan amhras gur nimh do fuair sé. Do b'é
athair an tSéamuis seo Tomás Ruadh, an
dearbhráthair ba shine 'ná an tIarla Gearóid
do luadhamair roimhe seo i dtráchta ar
phósadh aindlightheach a mháthar. Do mhair sé
iar n-éag a thriar dearbhráthar, .i. Gearóid,
Seán, agus Séamus; óir d'fhan sé go
socair sítheóilte ar feadh an chogaidh is an
chomh-ruathair sin Gearaltach i n-a dhún is
'n-a dheagh-árus féin, .i. ag caisleán cosantach
cian-ársa Chonaithe gur éag ann, agus
gur fhág dá éis dias mhac, .i. Séamus agus
Seán.
Dála na díse tréan-uasal soin, ba chiach
agus ba chásmhar leó fearainn agus fír-bheatha
a sean agus a sáir-shinsir féin
d'fhaicsin i lámhaibh eiriceach agus eachtrann;
óir do roinn an bhanríoghain an iarlacht ar
na gallaibh. Uimesin cruinnighid agus
comhthionólaid an líon sluagh agus sochaidhe
is mó do b'fhéidir leó, ionnus go rabhadar
ar feadh trí mbliadhan ag creachadh, ag
ciorrbhadh, agus ag comh-bhuaireamh na ngall
ar feadh na Mumhan; go dtugadar bualadh
machaire dhóibh fá dheóidh, i n-ar briseadh do
na gallaibh agus dá gceann feadhna Norris
do ba phríomh-thaoiseach Mumhan an tráth
soin. Deich míle fear líon sluagh Gearaltach
an lá soin.
Iar bhfaicsin fáis treise agus tréine
Gearaltach dhon bhanríoghain agus gur gabhadh
Séamus mhac Tomáis in' iarla aca, do
smaoin créad an modh ar a bhféadfadh
comhbhuaireamh do dhéanamh eatortha féin.
Leis sin scaoileas do Shéamus mhac Gearóid,
.i. mac an Iarla, do bhí ar feadh seacht
mbliadhan déag roimhe sin i ngéibheann i
dTúr Lunndaine - ó do chuir an chunntaois,
a mháthair féin i ngiall ar son a athar ann
é - agus cuireas go hÉirinn é, iar dtabhairt
gairme agus gnáith-theidil Iarla Deasmhumhan
dó; agus iar dteacht go hÉirinn dó do
ghaibh seilbh na hiarlachta, óir do b'é an
t-oighre ceart é. Leis sin tréigid a shluagh
agus a shíor-chomhfhogus Séamus mhac Tomáis,
agus gabhaid le Séamus mhac Gearóid,
ionnus go mba éigean don chéad tSéamus
go n-a bheagán buidhne imtheacht ar measc
cnoc agus cabhán agá cheilt agus agá chomh-dhíon
féin ar a námhaid. Gidheadh, chailleadar
a bhuidhean féin air fé dheóidh; óir
do rineadar bragha dhe, agus iar mbeith amhlasan
dó, tógbhaid leó é chun Seóirse Carew
an ridire órtha do ba Phresiodún Mumhan
an tráth soin. Gidheadh, iar dteacht i
bhfoigse sé mhíle don áit i n-a raibh an
Presiodún go n-a shluagh-bhuidhean, thárla
drong-bhuidhean d'uaislibh áirithe dhóibh, agus
do scaoileadar Séamus as a chruadh-chuibhreach,
gur shaoradar den chuaird sin é.
Iar n-a scaoile amhlasan dó, nocha raibh fhios
aige cia do b'ionntaoibh dhó. Uime sin do
bhíodh agá fholach agus agá anacal féin go
ndearnaidh an Ridire Fionn bragha dhé fá
dheóidh iar n-a fhagháil i n-uaimh thalmhan; go
rug assoin chun an Phresiodúin é, gur
cuireadh go Sacsaibh; agus iar mbeith seacht
mbliadhna i ngéibheann i dTúr Lunnndaine,
d'éag ann fá dheóidh. Do chuaidh a dhearbhráthair
Seán don Spáinn, agus iar mbeith
tréimhse i bhfochair Ríogh na Spáinne, d'éag
sé, gur fhág dá éis mac, .i. Gearóid mhac
Seáin, ar a dtráchtfam i n-a ionad féin.
Séamus mhac Gearóid, do tugadh mar
ghiall ar son a athar é, amhail adubhramair;
agus iar gcaitheamh seacht mbliadhan déag i
dTúr Lunndaine do scaoil an bhanríoghain
as géibheann é. Do thug teideal Iarla
Deasmhumhan dó, agus do chuir saor go
hÉireann é. Gidheadh, iar dtraochadh nirt
Shéamhuis mhac Tomáis Ruaidh agus síothcháin
déanta, ní raibh an bhanríoghain ní bhus mó i
gcúram an Iarla go ndeachaidh tar ais go
Sacsaibh, agus gur chríochnuigh a bheatha ann,
ní gan amhrus gur nimh do fuair sé mar an
gcéadna, Anno 1602.
Iar bhfagháil gairm iarla do Shéamus mhac
Gearóid, amhail adubhramair, ní cian d'fhan
i nÉirinn an tan do chuaidh go Sacsaibh go
bhfuair nimh le hól ann, iar mbeith aon
bhliadhain amháin in' iarla.
Gearóid mhac Seáin mhac Tomáis Ruaidh,
an fear déadhnach; do fuair tré Rígh na
Spáinne teideal captaoin gárdaí Impire
na Gearmáinne Uachtaraighe; d'éag sé san
mbliadhain 1632. Agso an Gearóid ar ar
thráchtamair grod roimhe seo. Do fuair ó
Rígh na Spáinne - iar n-éag a athar ann,
amhail adubhramair - teideal iarla, go
ndeachaidh ar soin don Almáinn, agus iar
gcaitheamh trí mbliadhan ann gur éag fá
dheóidh.
Agsin sínte ar faon-luighe ag feóchadh
agus ag fíor-chríonadh an crann cnuais-iomdha
soin Gearaltach, do plannduigheadh
agus do príomh-chuireadh ar dtúis i nÉirinn
le Muiris mac Ghearailt mhóir, agus do
leathnuigh, agus do lán-oscail a géaga glasa
glé-thorthacha os cheithre chóige chian-fhairsinge
Éireann, le ré cheithre céad ar chaogaid
bliadhan. Do bhí le linn an chrainn seo bheith
fé bhláth is fé mheas i nÉirinn, caogad
d'fhíor-stoc Gearaltach do ba iarlaí, tighearnaí,
bíocuin, barúin agus ridirí. Do
b'é faid tighearnais nó iarlachta Iarla
Deasmhumhan céad agus fiche míle Ghaedhlach,
agus seacht míle is caogad a trasna. Do
bhíodar fós os cionn céad caisleán chun
cosnaimh is comh-seasaimh fá theideal is fá
thréan-tarmuin Iarla Deasmhumhan. Do bhí
fós dafhichid míle púnt d'árd-chíos bliadhntamhail
ag teacht chun Iarla Deasmhumhan, i
n-éaghmuis a raibh dá fhearannaibh i n-a
lámhaibh féin agus i lámhaibh a chomhfhoguis
agus a chomh-bhráithre amhail tuigthear as an
roinn tugadh ar an iarlacht tar éis díthcheannadh
an Iarla Gearóid.
Agsin túismhiughadh teacht agus tréan-chosnamh,
críochnughadh ciorrbhadh agus craobhscaoile
gníomha geineallach agus gnáith-éachta
Gearaltach i nÉirinn go dtí so,
.i. 1655, ón gcéad fhear tháinig go hÉirinn
díobh, .i. Muiris.
Geineallach Mhuiris, iomorro, mar seo:
Muiris, mac Gearailt mhóir, mac Muiris,
mac Seáin, mac Riobaird, mac Uilliam,
mac Riocaird mhóir, .i. connstábla árd
ríogh Shacsan i gcúirt pharliament Uindsor.