Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Some Irish Bardic Poems - A Poet Boasts of his Skill
Title
Some Irish Bardic Poems - A Poet Boasts of his Skill
Author(s)
Ó'n Cháinte, Fear Feasa,
Compiler/Editor
Mac Kenna, Lambert
Composition Date
1601
Publisher
(B.Á.C.: Íosánaigh na hÉireann, 1951)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
{N Stud40 93-96,352-363} {L 93} {B 1601-24fl 17T} {G L} {U 0035} {C Fil.} {M 8} SOME IRISH BARDIC POEMS EDITED BY LAMBERT MAC KENNA, S.J. XCVII A POET BOASTS OF HIS SKILL FEAR FEASA Ó'N CHÁINTE .cc. Mór an feidhm deilbh an dána baoth don dreim nach diongmhála car re céadfaidh mo cheirde, téachtmhuir ghlan na Gaoidheilge. An t-oigéan dorcha domhuin, an sruth aidhbhseach éagsomail, ní
acht baos righe ris, ní slighe d'aos an ainbhis. Drong anbháil don aos dána gabhaid d'iarraidh anára ilchearda uara re a n-ais, rithlearga uama an iomhais. Le neart ainbhis dá n-aslach labhruid - lór do dhíomussruth, gé thig sár a n-iomrádh as - glár nach ionráidh dá n-eolas.
ceann a gceann tearc gá bhfuil fios a gcoingeall, slighe ána ónab uaisle mé, grádha uaisle na héigse. A haisde diamhra docra, a hilchearda ionganta, tiad gan deaghcuma ón droing bhuig, roinn eaturra ní fhéaduid. An tan thagraid rer oile ní cás don aos eagnoidhe dul ó dhiomdhaidh na ttuagh ttais tre lionnmhuir uar an iomhais.
Do bhreith na suadh iar sodhain na hoide na hollomhain, fagháil anma ní dleacht dáibh gan seacht ngarma do ghabháil. Fochlag, Mac Fuirmidh feasach, Dos, Clí na gceard neimhcheasach, fiu an
, a chara, a ccradh, Cana, Anshruth is Ollamh. Gé táid foghráidh 'n-a bhfochair bhíos anbhfann a n-ealothain, a ngrádha foirfe as siad sin doirche iad acht ar oidibh. Ar ngabháil na ngrádh suthain ní thabhraim troigh mhearuchaidh 'n-a rianaibh doilghe budh deacht, ní diamhair oirne a n-imtheacht. Dá n-abradh daoi
dhaoidhibh tre mheisge dtruim dtathaoirigh ní riomsa nach do réir ghráidh
chéill dob ionnsa an admháil. Teagmháil riom tar éis m'ionnlaigh do badh ceann i gcaithiorghail, nó cosg muire i dtrágh do theacht nó snámh tuile dá treiseacht. Nó déanamh brogha as a bharr nó bas do
nó cor eich tre fháinne slán nó breith ar sgáile a sgáthán. A gceardcha na cceasd ndorcha do sgiamhas sgath m'ealathna; a hucht a ttroide as teann sinn na hoide dob fhearr d'Éirinn. Do iarras go foirfe ar gceird na trí tighe a-tá a nGaoidheilg; mairg dan dualas déagsoin ruinn ní ar éansgoil fhuaras m'fhoghluim.
Ní léir
lés 'n-a fighe, aos aitheanta ar cceirdeine; gach oige dar innigh mé a hinnibh oide is éigse. Deacroide teagmháil rem throid ó do ghabhas grádh Focloig; i mbéilshlighe na mbalg bhfis ní thard éinfhile m'éislis. Córuide gan righe riom don lucht anas 'n-a himioll; ní fhuil troigh nar thomhais mé do mhoir fhorais na héigse. Do
iad tar a n-ais srotha ionnalta an iomhais, do ghlé mé m'oige eisdibh, oide mé 's as maighisdir. Gomadh aithreach leo a labhra lucht ainbhis na healadhna mo sproigeacht riu dá ronnar as fiu an oideacht fhuaromar. Mar
XCIX. - A POET ANSWERS HIS CRITIC FEAR FEASA Ó'N CHÁINTE .cc. Créad dá sealbhuinn damh an dán, a fhir do thairg mo thochrádh? cuma dhuitse cia dan ceart go ria do thuigse a ttreiseacht. Dá roinntí dán an domhain ar oidibh ar adhbhoruibh nocho tháir do thuigse bhog; ní náir duitse do dhearmod. A tá mo lámh is mo laoidh mar fhiadhnaise orm d'aontaoibh; más é a ttagruim do<-ard> th'olc admhuim go hard a n-éabhart A dubhart - dleacht a rádha - baoth don dreim nach diongmhála car re céadfaidh mo cheirde, téachtmhuir glan na Gaoidheilge. Gach aonchúis fhoghnas don dán a tá liom - lór dom neamhthár, neamhthais an mhaith re maoidheamh - do sgaith sheanchais shaorGhaoidheal.
an seanchas féin
nar airléaghas ainnséin; beag mo cheas trá ar a thighibh, do bhá treas dá thaithighidh. Ní dhéanabh cainnt seocha sain, go bhfuilim inghill ionntaibh, na leabhair do léaghadh liom, ní shéanabh d'fhearaibh Éireann.
Do thógbhas ó tharla rum seanrann do ríneadh romham: "neach fein go mór dá mholadh céim as lór dá lochtoghadh". Níor shealbhas acht do shaoidhibh dán an iomhois fhorraoinigh; beag an mhaoidhimh, a Dhé, dhamh mé do shaoidhibh dam shealbhadh. Am shaoith do mheasas mhé féin a measg oideadh n-iuil doiléir; gar mheisde mé dá mheas sin óir nar cheas é ar na hoidibh. An tan nach teilgfinn acht daoi 's nach méadóchuinn acht mórshaoi, ó nach saith as dleisde dul, gar mheisde an mhaith do mholadh? Aithnim <ór> admhuigh tusa nach d'aos iuil an
, ná don droing dhiongmhála sibh led dhoirr n-iolghránna n-aidhbhsigh. Do bhí dhuit ris na daoidhibh dul 'n-a gcath do chéaddaoinibh, biodh nar cheard éirghe as a n-ucht, ní fearg dhéinmhe do dhásacht. Do chuiris iad a n-umhlacht ná taitnionn re tuathumhlacht deilbh shaoroige rú na ribh; is tú as aonoide uaisdibh. Tugais tathaoir nar thugtha le daoitheamhlacht dúbulta
fhuirm sin mo rann roibheacht 's gan ann sin acht sruthoireacht. Do chumuis do chomhrádh bhog, mar do bheath a fhios agod, ní nar ionráidh rem oige ar tí iomráidh t'fhochroige.
d'éis do labhra a los goimhe ní dubhairt tú, a thrudoire, acht ní as eagal ar rádh ribh ad dhán 'n-a theagar tuaithbhil. Dá ttuillinn mar nar thuillios guin m'aighthe tre fhábhuillfhios dom chailg do badh doiligh dul; mairg rom oiligh gan adhbhar. I n-a bheathaidh dá mbeadh soin t'athair beag Brian an bhaothroidh sár ar laoidhibh ní léamhadh; dán aoinfhir ní oirléaghadh. Buain fam inghreim olc fuarais, ort do chlé is do challuabhais; teacht le nimh ttnúidh dom thinnmhe fa úir libh ní leigfimne. Do chréim ní cuirthe a n-umhuil, ní nach annamh fhuarubhuir; ró sáir ar aba th'oile fada táir, a thrudoire. Led ghoin ní gabhtha beadhgadh, ní fhuil fheidhm ar th'imdheargadh, ní ar
ní toibhéim lat, doimhéin a
ionnat. Níor dhóigh leat, a lámh dhona, nar anbháil an ealodha mar do labhrais do sheinm sháir ar dheilbh n-abhrais 's ar úcáil. Ní hionann 's do mheilt mhuilinn na tiomsuighthe thiomsuighim a n-ionbhaidh m'ionnsuighthe ort; ni tiomsuighthe gan tábhocht. An phearsa
ailm oile cread é a substainnt síorroidhe; tar cheann t'aitheisg gan fhoirm n-uill as roicheisd oirbh a n-abruim.
Ní haithne dhuit mar is dleacht ifín amhrcholl d'éifeacht, náid na feadha is cóir 'n-a gcionn eabha ná óir ná uillionn. An dá nion aithbheach oile nó an ceann-fo-chrois cialloidhe ní feas doid, a dhaoi lochtach; do throid ar aoi as iomarcach. Ní thug tú a toigh na sgoile créad fa ngoirthear guthoighe, ná
as doirche dluighe choidhche ná
céill connsuine. Gá méad iairmbéarla uile labhruid an t-aos eagnuidhe? bíodh nach teisd choimse
is ceisd oirbhse, a amadán. Créad é iairmbéarla re rádh? ní feas duit dia dod rothár, acht iarraidh ar nach antair ar chiallaibh a ccongantaibh. An gramatach glacthar libh ní fhidir tú - as taom tuisil - ná an tí as sia do lean dod cheird cia do
annsa nGaoidheilg. Ní haithmhéalach ionnta sibh le neart ainbhfis at innibh, ní reiche, trá tar do thapadh, na neithe a tá a ttréasfhacal. Níor thógbhais eisdibh aiceacht Agallaimh ná Úraiceapt acht, mearfuil tar chéill dod char,
réir theannchuir na ttuathadh. Bíodh gurab éadtrom iad so, a taoi ainbhfiosach ionnta, ní reiche choidhche 'n-a ccionn, na neithe doirche a deiriom.
Gach ní 's a ainbhfios fhuil ort a tá - ní tairm gan tábhocht - na rolla a bhfoghthuir ar fad um fhochruibh sonna sealad. Mar badh tusa an tobar fis nach mór an t-adhbhar aithis do thoirm mar gach ndaoidh san dán 's gan d'fhoirm at
acht anál. Le hadhbhar nó gan ghachain níor bharr aonshaoi m'ealathain; truagh saoithe óm thagra 'n-a ttocht, 's madra gaoithe dá ngreasocht. Amhasdrach dá eagla féin do ní an madra le míchéill; nó go dtarraing air an t-olc dá thail ní fhaghbhaim annsocht. Búireadh an buineán léana a n-ionadhaibh uaithmléala, gi bé aitreabh i n-a n-an ní faicthear é acht go hannamh. Mac alla na n-alt ndorcha labhraidh sé go siabhartha, gé do ní ábhacht re headh; ní bhí tábhacht 'n-a thairmsean. Tusa do bheith beo nó marbh ní fios . . . gur thairnngis léim m'fheirge ort led ghéim ngeirge dam ghreasocht. Iosdadh cúthuil do chleachtais, fada uait na hoireachtais; ar nglacadh t'aighnis 'n-a oil bacadh th' ainbhfis ní fhéadoir. Truagh ná fuil d'fhiachaibh oruibh let ainbhios gan ealodhain saighidh go hárainn fhóid Bhreagh a dtárainn na ccóig ccóigeadh.
Saoth lem meanma dar mó móid nach saoi a tá ad chuid don chuspóid; olc linn ar malairt dá mhéid sinn do labhairt led leithéid. Fuair tú tuisleadh fad ghrádhaibh ar gcaill ar do chéaddálaibh; bíodh gur chná hoige m'anaimse do bhá am oide agaibhse. A tá gléas an gha bolga dá dtiocfadh haoi d'ionnarba, gléas mhairbheas roghoimh do rann 'n-a fhailgheas oraibh agam. An lá ba lia na sgola nó ba aibche an ealodha ar bhfagháil ghill gér liach libh do bhiath sinn ar na saoithibh. Ní dhéanaim acht dioghluim ghlan nó go ndioghluighim m'fhoghmhar; cúis fhorbhtha leagar am leith mo theagar bhfromhtha fírbhreith. M'ionnlach dá thaobh ní thuillim; bídh an dioghluim dhioghluighim am dhiaidh gan léas gan lochta ná déas fhiaidh ná fhoghalta. Do chuala - ní cúis fhortuil - d'iomad ainmne ar iollochtaibh; adhbhar magaidh soin fa seach 's nach foil agaibh acht éitheach. Gnás ná caoiche níor chumas im dhán ní fhuil ionannas; ní ghuil searbhrádh ná gnúis gharg; neamhnár dom chúis an comharg
gnúis as ghairbhe, ná inneach as éadaingne, ná a snas ar a sníomh
; is glas an sníomh an sníomhsoin.
Nír léaghais i ló a bhfighe ceathramha 'n-a claoinfhighe - a-dréacht mo ghaos tar do ghoimh - ná maos i ndréacht dom dhréachtoibh. A táid na molta i modh chóir, ní fhuil ailm i n-áit éagcóir, ní fhuil onn acht 'n-a ionadh,
sonn ní fhuil oibrioghadh. Do
meallach nó gan mheall, do
géar neamhúr neimhghearr, cainnt bhorrfaidh gan eagna n-uill, freagra orthaibh ní obruim. Mas í an imirt as éigse, mas í an chaint a choimhéidse, beag mo shainnt i slimbeirt sonn, an chaint 's an imbeirt agom. A fuirm éidigh bhur ndealbha tuigfid saoithe saoitheamhla nach sgoláir ná oide ibh ronáir t'oige idir éigsibh. Ní léir dhuit do dhíoth aithne ná fuil 'n-a dhréacht dearsgnaighthe do dhán fann as amh ughdar gan ann acht car comhurdadh. <Éabhadh> gan cheart gan chuma;
eidir eatorra mairg, a Dhé, dán dod dhán ní dán é agus ní habhrán. Focail tréithe gan taca, focail bhoga bunata, ní gléas cosnaimh leath ar leath fan ngréas n-omhsoin acht inneach. Focal barbardha as bheag sult, mionfhocal nach mór tábhacht, foirm bhaoth as ronár do reic, ad rabhán maoth is meineic.
Tuigse 'n-a tuigse ghloine níor bharrsad ar mbriathroine; ní fearr tuigse do throd rinn bog do chuidse don chointinn. Mar mheasuim giodh mór do chaint, ní fhuil siansa ná substainnt a ní ar bioth dar labhradh libh acht rioth amhghlan at fhuighlibh. Mór an sruith oidis fhoirbhthe mór bhfealmhac bhféith bhfaobhoirthe as fhearr iná thú ar mo thréad as gheall rem chlú do choimhéad. Éagcóir nar anuis ad thosd, acht nach gabhann trú teagosg, gan bhuain a ttreas oideadh n-áith nar mheas croideamh do chomhráith. Giodh dóigh leat fein go bhfuile at fhoghluinntidh eagnuidhe, mar gach leanbhán lór do ghuth mór dod leamhdhán is lochtach. Tathaoir m'éigse gan fhalaidh más go héigceart fhuaramair - ná raibh rath go héag oruibh - bréag gan dath a dubhrobhuir. A bhaird gan an mbairdneacht féin, a abhlóir bhig, a bheigéir, mar shruth ngarg gidh teann a taoi do gheall lem bard do béarthaoi. Créad
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services