Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Some Irish Bardic Poems - A Poet Boasts of his Skill

Title
Some Irish Bardic Poems - A Poet Boasts of his Skill
Author(s)
Ó'n Cháinte, Fear Feasa,
Compiler/Editor
Mac Kenna, Lambert
Composition Date
1601
Publisher
(B.Á.C.: Íosánaigh na hÉireann, 1951)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



SOME IRISH BARDIC POEMS
EDITED BY LAMBERT MAC KENNA, S.J.



XCVII



A POET BOASTS OF HIS SKILL
FEAR FEASA Ó'N CHÁINTE .cc.



Mór an feidhm deilbh an dána
baoth don dreim nach diongmhála
car re céadfaidh mo cheirde,
téachtmhuir ghlan na Gaoidheilge.



An t-oigéan dorcha domhuin,
an sruth aidhbhseach éagsomail,
ní <fios> acht baos righe ris,
ní slighe d'aos an ainbhis.



Drong anbháil don aos dána
gabhaid d'iarraidh anára
ilchearda uara re a n-ais,
rithlearga uama an iomhais.



Le neart ainbhis dá n-aslach
labhruid - lór do dhíomussruth,
gé thig sár a n-iomrádh as -
glár nach ionráidh dá n-eolas.



<An t-aos dána> ceann a gceann
tearc gá bhfuil fios a gcoingeall,
slighe ána ónab uaisle mé,
grádha uaisle na héigse.



A haisde diamhra docra,
a hilchearda ionganta,
tiad gan deaghcuma ón droing bhuig,
roinn eaturra ní fhéaduid.



An tan thagraid rer oile
ní cás don aos eagnoidhe
dul ó dhiomdhaidh na ttuagh ttais
tre lionnmhuir uar an iomhais.


L. 94


Do bhreith na suadh iar sodhain
na hoide na hollomhain,
fagháil anma ní dleacht dáibh
gan seacht ngarma do ghabháil.



Fochlag, Mac Fuirmidh feasach,
Dos, Clí na gceard neimhcheasach,
fiu an <daghbhoth>, a chara, a ccradh,
Cana, Anshruth is Ollamh.



Gé táid foghráidh 'n-a bhfochair
bhíos anbhfann a n-ealothain,
a ngrádha foirfe as siad sin
doirche iad acht ar oidibh.



Ar ngabháil na ngrádh suthain
ní thabhraim troigh mhearuchaidh
'n-a rianaibh doilghe budh deacht,
ní diamhair oirne a n-imtheacht.



Dá n-abradh daoi <dod> dhaoidhibh
tre mheisge dtruim dtathaoirigh
ní riomsa nach do réir ghráidh
<dom> chéill dob ionnsa an admháil.



Teagmháil riom tar éis m'ionnlaigh
do badh ceann i gcaithiorghail,
nó cosg muire i dtrágh do theacht
nó snámh tuile dá treiseacht.



Nó déanamh brogha as a bharr
nó bas do <bhearnadh bearann>
nó cor eich tre fháinne slán
nó breith ar sgáile a sgáthán.



A gceardcha na cceasd ndorcha
do sgiamhas sgath m'ealathna;
a hucht a ttroide as teann sinn
na hoide dob fhearr d'Éirinn.



Do iarras go foirfe ar gceird
na trí tighe a-tá a nGaoidheilg;
mairg dan dualas déagsoin ruinn
ní ar éansgoil fhuaras m'fhoghluim.


L. 95


Ní léir <leo> lés 'n-a fighe,
aos aitheanta ar cceirdeine;
gach oige dar innigh mé
a hinnibh oide is éigse.



Deacroide teagmháil rem throid
ó do ghabhas grádh Focloig;
i mbéilshlighe na mbalg bhfis
ní thard éinfhile m'éislis.



Córuide gan righe riom
don lucht anas 'n-a himioll;
ní fhuil troigh nar thomhais mé
do mhoir fhorais na héigse.



Do <shnámhas> iad tar a n-ais
srotha ionnalta an iomhais,
do ghlé mé m'oige eisdibh,
oide mé 's as maighisdir.



Gomadh aithreach leo a labhra
lucht ainbhis na healadhna
mo sproigeacht riu dá ronnar
as fiu an oideacht fhuaromar.
Mar


L. 352



XCIX. - A POET ANSWERS HIS CRITIC
FEAR FEASA Ó'N CHÁINTE .cc.



Créad dá sealbhuinn damh an dán,
a fhir do thairg mo thochrádh?
cuma dhuitse cia dan ceart
go ria do thuigse a ttreiseacht.



Dá roinntí dán an domhain
ar oidibh ar adhbhoruibh
nocho tháir do thuigse bhog;
ní náir duitse do dhearmod.



A tá mo lámh is mo laoidh
mar fhiadhnaise orm d'aontaoibh;
más é a ttagruim do<-ard> th'olc
admhuim go hard a n-éabhart



A dubhart - dleacht a rádha -
baoth don dreim nach diongmhála
car re céadfaidh mo cheirde,
téachtmhuir glan na Gaoidheilge.



Gach aonchúis fhoghnas don dán
a tá liom - lór dom neamhthár,
neamhthais an mhaith re maoidheamh -
do sgaith sheanchais shaorGhaoidheal.



<Gidh mór sin> an seanchas féin
<beag> nar airléaghas ainnséin;
beag mo cheas trá ar a thighibh,
do bhá treas dá thaithighidh.



Ní dhéanabh cainnt seocha sain,
go bhfuilim inghill ionntaibh,
na leabhair do léaghadh liom,
ní shéanabh d'fhearaibh Éireann.


L. 353


Do thógbhas ó tharla rum
seanrann do ríneadh romham:
"neach fein go mór dá mholadh
céim as lór dá lochtoghadh".



Níor shealbhas acht do shaoidhibh
dán an iomhois fhorraoinigh;
beag an mhaoidhimh, a Dhé, dhamh
mé do shaoidhibh dam shealbhadh.



Am shaoith do mheasas mhé féin
a measg oideadh n-iuil doiléir;
gar mheisde mé dá mheas sin
óir nar cheas é ar na hoidibh.



An tan nach teilgfinn acht daoi
's nach méadóchuinn acht mórshaoi,
ó nach saith as dleisde dul,
gar mheisde an mhaith do mholadh?



Aithnim <ór> admhuigh tusa
nach d'aos iuil an <iomhusa>,
ná don droing dhiongmhála sibh
led dhoirr n-iolghránna n-aidhbhsigh.



Do bhí dhuit ris na daoidhibh
dul 'n-a gcath do chéaddaoinibh,
biodh nar cheard éirghe as a n-ucht,
ní fearg dhéinmhe do dhásacht.



Do chuiris iad a n-umhlacht
ná taitnionn re tuathumhlacht
deilbh shaoroige rú na ribh;
is tú as aonoide uaisdibh.



Tugais tathaoir nar thugtha
le daoitheamhlacht dúbulta
<don> fhuirm sin mo rann roibheacht
's gan ann sin acht sruthoireacht.



Do chumuis do chomhrádh bhog,
mar do bheath a fhios agod,
ní nar ionráidh rem oige
ar tí iomráidh t'fhochroige.


L. 354


d'éis do labhra a los goimhe
ní dubhairt tú, a thrudoire,
acht ní as eagal ar rádh ribh
ad dhán 'n-a theagar tuaithbhil.



Dá ttuillinn mar nar thuillios
guin m'aighthe tre fhábhuillfhios
dom chailg do badh doiligh dul;
mairg rom oiligh gan adhbhar.



I n-a bheathaidh dá mbeadh soin
t'athair beag Brian an bhaothroidh
sár ar laoidhibh ní léamhadh;
dán aoinfhir ní oirléaghadh.



Buain fam inghreim olc fuarais,
ort do chlé is do challuabhais;
teacht le nimh ttnúidh dom thinnmhe
fa úir libh ní leigfimne.



Do chréim ní cuirthe a n-umhuil,
ní nach annamh fhuarubhuir;
ró sáir ar aba th'oile
fada táir, a thrudoire.



Led ghoin ní gabhtha beadhgadh,
ní fhuil fheidhm ar th'imdheargadh,
ní ar <talamh> ní toibhéim lat,
doimhéin a <n-aghar> ionnat.



Níor dhóigh leat, a lámh dhona,
nar anbháil an ealodha
mar do labhrais do sheinm sháir
ar dheilbh n-abhrais 's ar úcáil.



Ní hionann 's do mheilt mhuilinn
na tiomsuighthe thiomsuighim
a n-ionbhaidh m'ionnsuighthe ort;
ni tiomsuighthe gan tábhocht.



An phearsa <duir> ailm oile
cread é a substainnt síorroidhe;
tar cheann t'aitheisg gan fhoirm n-uill
as roicheisd oirbh a n-abruim.


L. 355


Ní haithne dhuit mar is dleacht
ifín amhrcholl d'éifeacht,
náid na feadha is cóir 'n-a gcionn
eabha ná óir ná uillionn.



An dá nion aithbheach oile
nó an ceann-fo-chrois cialloidhe
ní feas doid, a dhaoi lochtach;
do throid ar aoi as iomarcach.



Ní thug tú a toigh na sgoile
créad fa ngoirthear guthoighe,
ná <réim> as doirche dluighe
choidhche ná <a> céill connsuine.



Gá méad iairmbéarla uile
labhruid an t-aos eagnuidhe?
bíodh nach teisd choimse <an cadádh>
is ceisd oirbhse, a amadán.



Créad é iairmbéarla re rádh?
ní feas duit dia dod rothár,
acht iarraidh ar nach antair
ar chiallaibh a ccongantaibh.



An gramatach glacthar libh
ní fhidir tú - as taom tuisil -
ná an tí as sia do lean dod cheird
cia do <gheabh> annsa nGaoidheilg.



Ní haithmhéalach ionnta sibh
le neart ainbhfis at innibh,
ní reiche, trá tar do thapadh,
na neithe a tá a ttréasfhacal.



Níor thógbhais eisdibh aiceacht
Agallaimh ná Úraiceapt
acht, mearfuil tar chéill dod char,
<dod> réir theannchuir na ttuathadh.



Bíodh gurab éadtrom iad so,
a taoi ainbhfiosach ionnta,
ní reiche choidhche 'n-a ccionn,
na neithe doirche a deiriom.


L. 356


Gach ní 's a ainbhfios fhuil ort
a tá - ní tairm gan tábhocht -
na rolla a bhfoghthuir ar fad
um fhochruibh sonna sealad.



Mar badh tusa an tobar fis
nach mór an t-adhbhar aithis
do thoirm mar gach ndaoidh san dán
's gan d'fhoirm at <aoibh> acht anál.



Le hadhbhar nó gan ghachain
níor bharr aonshaoi m'ealathain;
truagh saoithe óm thagra 'n-a ttocht,
's madra gaoithe dá ngreasocht.



Amhasdrach dá eagla féin
do ní an madra le míchéill;
nó go dtarraing air an t-olc
dá thail ní fhaghbhaim annsocht.



Búireadh an buineán léana
a n-ionadhaibh uaithmléala,
gi bé aitreabh i n-a n-an
ní faicthear é acht go hannamh.



Mac alla na n-alt ndorcha
labhraidh sé go siabhartha,
gé do ní ábhacht re headh;
ní bhí tábhacht 'n-a thairmsean.



Tusa do bheith beo nó marbh
ní fios . . .
gur thairnngis léim m'fheirge ort
led ghéim ngeirge dam ghreasocht.



Iosdadh cúthuil do chleachtais,
fada uait na hoireachtais;
ar nglacadh t'aighnis 'n-a oil
bacadh th' ainbhfis ní fhéadoir.



Truagh ná fuil d'fhiachaibh oruibh
let ainbhios gan ealodhain
saighidh go hárainn fhóid Bhreagh
a dtárainn na ccóig ccóigeadh.


L. 357


Saoth lem meanma dar mó móid
nach saoi a tá ad chuid don chuspóid;
olc linn ar malairt dá mhéid
sinn do labhairt led leithéid.



Fuair tú tuisleadh fad ghrádhaibh
ar gcaill ar do chéaddálaibh;
bíodh gur chná hoige m'anaimse
do bhá am oide agaibhse.



A tá gléas an gha bolga
dá dtiocfadh haoi d'ionnarba,
gléas mhairbheas roghoimh do rann
'n-a fhailgheas oraibh agam.



An lá ba lia na sgola
nó ba aibche an ealodha
ar bhfagháil ghill gér liach libh
do bhiath sinn ar na saoithibh.



Ní dhéanaim acht dioghluim ghlan
nó go ndioghluighim m'fhoghmhar;
cúis fhorbhtha leagar am leith
mo theagar bhfromhtha fírbhreith.



M'ionnlach dá thaobh ní thuillim;
bídh an dioghluim dhioghluighim
am dhiaidh gan léas gan lochta
ná déas fhiaidh ná fhoghalta.



Do chuala - ní cúis fhortuil -
d'iomad ainmne ar iollochtaibh;
adhbhar magaidh soin fa seach
's nach foil agaibh acht éitheach.



Gnás ná caoiche níor chumas
im dhán ní fhuil ionannas;
ní ghuil searbhrádh ná gnúis gharg;
neamhnár dom chúis an comharg



<Nochan uil> gnúis as ghairbhe,
ná inneach as éadaingne,
ná a snas ar a sníomh <nach fuil>;
is glas an sníomh an sníomhsoin.


L. 358


Nír léaghais i ló a bhfighe
ceathramha 'n-a claoinfhighe
- a-dréacht mo ghaos tar do ghoimh -
ná maos i ndréacht dom dhréachtoibh.



A táid na molta i modh chóir,
ní fhuil ailm i n-áit éagcóir,
ní fhuil onn acht 'n-a ionadh,
<i> sonn ní fhuil oibrioghadh.



Do <shnáth> meallach nó gan mheall,
do <shnáth> géar neamhúr neimhghearr,
cainnt bhorrfaidh gan eagna n-uill,
freagra orthaibh ní obruim.



Mas í an imirt as éigse,
mas í an chaint a choimhéidse,
beag mo shainnt i slimbeirt sonn,
an chaint 's an imbeirt agom.



A fuirm éidigh bhur ndealbha
tuigfid saoithe saoitheamhla
nach sgoláir ná oide ibh
ronáir t'oige idir éigsibh.



Ní léir dhuit do dhíoth aithne
ná fuil 'n-a dhréacht dearsgnaighthe
do dhán fann as amh ughdar
gan ann acht car comhurdadh.



<Éabhadh> gan cheart gan chuma;
<cuma is> eidir eatorra
mairg, a Dhé, dán dod dhán
ní dán é agus ní habhrán.



Focail tréithe gan taca,
focail bhoga bunata,
ní gléas cosnaimh leath ar leath
fan ngréas n-omhsoin acht inneach.



Focal barbardha as bheag sult,
mionfhocal nach mór tábhacht,
foirm bhaoth as ronár do reic,
ad rabhán maoth is meineic.


L. 359


Tuigse 'n-a tuigse ghloine
níor bharrsad ar mbriathroine;
ní fearr tuigse do throd rinn
bog do chuidse don chointinn.



Mar mheasuim giodh mór do chaint,
ní fhuil siansa ná substainnt
a ní ar bioth dar labhradh libh
acht rioth amhghlan at fhuighlibh.



Mór an sruith oidis fhoirbhthe
mór bhfealmhac bhféith bhfaobhoirthe
as fhearr iná thú ar mo thréad
as gheall rem chlú do choimhéad.



Éagcóir nar anuis ad thosd,
acht nach gabhann trú teagosg,
gan bhuain a ttreas oideadh n-áith
nar mheas croideamh do chomhráith.



Giodh dóigh leat fein go bhfuile
at fhoghluinntidh eagnuidhe,
mar gach leanbhán lór do ghuth
mór dod leamhdhán is lochtach.



Tathaoir m'éigse gan fhalaidh
más go héigceart fhuaramair
- ná raibh rath go héag oruibh -
bréag gan dath a dubhrobhuir.



A bhaird gan an mbairdneacht féin,
a abhlóir bhig, a bheigéir,
mar shruth ngarg gidh teann a taoi
do gheall lem bard do béarthaoi.
Créad



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services