Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Some Irish Bardic Poems - Appeal to Owen Roe O'Neill
Title
Some Irish Bardic Poems - Appeal to Owen Roe O'Neill
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Mac Kenna, Lambert
Composition Date
1642
Publisher
(B.Á.C.: Íosánaigh na hÉireann, 1949)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SOME IRISH BARDIC POEMS EDITED BY LAMBERT MAC KENNA, S.J. XCI APPEAL TO OWEN ROE O'NEILL AS DEFENDER OF THE CATHOLIC FAITH Dursan do chás, a chríoch Bhreagh; ní hiongnadh, gé mór, himneadh; adhbhal truime do thuirsi, uille (a) hadhbhar aguibhsi. Baintreabhach bhocht is tréith treoir sibh nó dílleachta deireoil; a thaidhbhsi nach mór cairde, lór le haimsir heasgcairde. Céile caomh agaibh ní mhair, tighearna triath nó bráthair, sluagh measga (a) mair dá bhur ccloinn teasda bhar ccuainne cumoinn. Oilén na naomh romhainn treall hainm bunaidh, a iath Éireann, (achadh míndealbhach) na ccros seal, a-nos cá sealbh nó sloinneadh. An chlann ba dílios duibhsi, mór a n-easbhaidh oruibhsi na coiléin nar chlaon ód chuing, a oiléin na naomh romhuinn. Iomdha (fear) ag eadráin huilc díbh fein go ndearnsat iodhbuirt, líonmhar dhaoibh dá dhearbhadh soin laoidhe (léachtáin) is leabhoir. An fhoirionn ba fhíorchlann duibh ó theasda uaibh - lór d'urbhaidh - gnáth do-bheir do bhasdaird ort caitheamh (capoill ar iasocht). Caitheamh gan chosnamh re seal oruibh a-tá; a ghuirt Ghaoidheal; lor méad do leatroim a-nois, leaschlann an tréad ro charois.
Cuma leosoin dá bhrígh soin urchra nó áinios oruibh; searc meabhlach na meirdreach dhuibh, seal a meanman dá n-antoil. Samhail seirce con do chnáimh searc cáigh a-niugh dot éadáil go deol sméara do sgoth slim; leo ní hanshochair hinghreim. Cuid dá bpógann - cruaidh an cás - sibh ós aird mar do-ní Iudás ar bhrib mbig, is aithne dham go mbraithid sibh ós íseal. Aguibh a reachtuibh cloinne tarla madraidh asgaille nach lamh gleic thall ar th'aghaidh dot reic sonn re Danaraibh. Drong nach lean lorg na córa leo ní cás coill th'onóra; ní truagh leo damhna do dhér, a Bhanba na mbruagh mínréidh. Mur do dháil a-nois led chloinn do-chuala mé sgéal fábhoill, a fhlaithios saor chliar is chlog, a aithris (duibh) ní dearmad. Tarla san Róimh roimhe so dar leam lánamhuin phósta gá raibe (a) mbaramhail féin deichneamhar mac go móirsgéimh. Ag dul d'ég don inghin fhinn, tiomnais dá sagart sailmbinn don mhéidsin ger chaomh a nglac nach rug dá céile acht aonmhac. Beanuis Dia go prab iar sin a labhra don mhnaoi mhéirghil, gur eug suil do nocht a rún, mo-nuar geug na bhfolt bhfionnúr.
An sagart thrá, mar ba chóir, nochtais do chách a ccedóir udhacht na sduaighe gan ghó; dubhach an cuaine dá iarghnó. Nírbh fheas (don athair badh cóir) a mhac féin don chloinn choloigh, 's niorbh aithne go fóill dóibh féin cá haithrre dhóibh nó ceinéil. A ndeoigh bháis a chéile cuirp 's a chloinne uaidh do mhalairt éguidh thoir fear mo chroidhe do ghoimh éda is eolchoire. Um oighreacht a n-athar sonn troidis go cruaidh an chonchlann, don ghlaic trá gach méar dá mheas gurb é féin an mac díleas. Dá bhríghsin eaturra féin an chlann imriosnach aigmhéil togbhuid do phléidáil a ccirt breitheamh don tseanadh oirrdhirc. Togbhais an breitheamh iar sin corp a n-athar a talmhuin, cuiris - cá cruaidhe cóir - roimh an ccuaine mar chosbóir. Dailis uaidh n-a dheaghaidh sin balglan glaice do shaigdhibh dá gach fhior don chloinn do leith an breitheamh nar chan claoinbhreith. "Gidh bé as mhó chuirfios fa chion dá ghlaic san corp" ar eision "is é dha-ríribh dom rádh is mac díleas don mharbhán". Crú croidhe don mharbhán bhocht sgoruidh (gach saighead) ghéarnocht, acht aonmhac nar fhaomh a ghoin do chaoi braona dá fhéchoin.
An mac beag ba bádhach dreach mionnuighis fon Dia dhúileach ar oidhreacht an bheatha brais nach cailgfeadh choidhche an mharbhthais. "Fíor sin" ar an breitheamh binn "súd t'athair, a mheic chúilfhinn; tuilidhe ro chailg an corp"; badh mairg don chuire a mhallucht. Dar leat féin beanaidh an sdair libh a-nois; a chríoch Cobhthaigh; as é Pádraig an t-athair ód 's as tú an mháthair a-nallód. An chlann úd do chlann a-nos dream nach (carann an) ceannas; an Pápa nó an eaglais sonn an breitheamh cráibhtheach comhthrom. An corp fa cosbóir dhon chloinn creideamh meic amhra Alproinn; togbhthar a-niugh go nua sin ar mbeith (san) uaigh re haimsir. Eoghan mhac Airt nach airg cill don chloinn aonmhac an Táilginn ar bhladh ar uamhan nó ar ghlóir ní lamh tuarguin an chusbóir. Na ladrainn is leaschlann duit, féach féin, a chreideamh Pádraig, a dhoimhne chailgid do chneas um oidhreacht Bhanbha ag coimhmeas. Gus a-nois níor thuigios suim an rainn do-rinneadh romhuinn: "Éire agus Eoghan Ó Néill glac agus ordóg iaidsein". Ní fhuil acht aoinmhér don ghlaic dílios duit, a chríoch Cormaic, acht a-mháin Eoghan Ó Néill an chrág uile dot aimhréir.
Ní fhaghaid Danair é ar mhír ní shén a thír ar bhirín, ní thréig a dhaoine ar a chuid, é le baoithe ní bhréguid. Ní reac honóir, a Bheann Bhreagh, ar bhrib níor chailg a chreideamh, a mhóid ní thug thall ná 'bhos glór ní chan tar a chumos. Ní mar sin don chloinn chuilsi ghonus corp na heaguilsi; madh clann do Phádraig an fhian meallta an Pápa 's a naoimhchliar. Do shénsat Pádraig ar mhír, ní feas dáibh an leo Cailbhín, ní caraid dóibh cliara Gall, fala leo ag fianuibh Éireann. Mas eadh mar an ccloinn eile bíd gan athair d'áiridhe; a mhairg a mbliadhna don droing ag cailg riaghla meic Alproinn. Éifeacht an sgeoil, gá ttám dhe, dhíbh ní feas fear bhar bpáirte; Dia ar th'fhurtocht, a bhuime Chuinn, dursan truime do leatruim. Dursan.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services