Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Some Irish Bardic Poems - Appeal to Owen Roe O'Neill

Title
Some Irish Bardic Poems - Appeal to Owen Roe O'Neill
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Mac Kenna, Lambert
Composition Date
1642
Publisher
(B.Á.C.: Íosánaigh na hÉireann, 1949)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



SOME IRISH BARDIC POEMS
EDITED BY LAMBERT MAC KENNA, S.J.



XCI
APPEAL TO OWEN ROE O'NEILL AS DEFENDER OF THE
CATHOLIC FAITH



Dursan do chás, a chríoch Bhreagh;
ní hiongnadh, gé mór, himneadh;
adhbhal truime do thuirsi,
uille (a) hadhbhar aguibhsi.



Baintreabhach bhocht is tréith treoir
sibh nó dílleachta deireoil;
a thaidhbhsi nach mór cairde,
lór le haimsir heasgcairde.



Céile caomh agaibh ní mhair,
tighearna triath nó bráthair,
sluagh measga (a) mair dá bhur ccloinn
teasda bhar ccuainne cumoinn.



Oilén na naomh romhainn treall
hainm bunaidh, a iath Éireann,
(achadh míndealbhach) na ccros seal,
a-nos cá sealbh nó sloinneadh.



An chlann ba dílios duibhsi,
mór a n-easbhaidh oruibhsi
na coiléin nar chlaon ód chuing,
a oiléin na naomh romhuinn.



Iomdha (fear) ag eadráin huilc
díbh fein go ndearnsat iodhbuirt,
líonmhar dhaoibh dá dhearbhadh soin
laoidhe (léachtáin) is leabhoir.



An fhoirionn ba fhíorchlann duibh
ó theasda uaibh - lór d'urbhaidh -
gnáth do-bheir do bhasdaird ort
caitheamh (capoill ar iasocht).



Caitheamh gan chosnamh re seal
oruibh a-tá; a ghuirt Ghaoidheal;
lor méad do leatroim a-nois,
leaschlann an tréad ro charois.


L. 339


Cuma leosoin dá bhrígh soin
urchra nó áinios oruibh;
searc meabhlach na meirdreach dhuibh,
seal a meanman dá n-antoil.



Samhail seirce con do chnáimh
searc cáigh a-niugh dot éadáil
go deol sméara do sgoth slim;
leo ní hanshochair hinghreim.



Cuid dá bpógann - cruaidh an cás -
sibh ós aird mar do-ní Iudás
ar bhrib mbig, is aithne dham
go mbraithid sibh ós íseal.



Aguibh a reachtuibh cloinne
tarla madraidh asgaille
nach lamh gleic thall ar th'aghaidh
dot reic sonn re Danaraibh.



Drong nach lean lorg na córa
leo ní cás coill th'onóra;
ní truagh leo damhna do dhér,
a Bhanba na mbruagh mínréidh.



Mur do dháil a-nois led chloinn
do-chuala mé sgéal fábhoill,
a fhlaithios saor chliar is chlog,
a aithris (duibh) ní dearmad.



Tarla san Róimh roimhe so
dar leam lánamhuin phósta
gá raibe (a) mbaramhail féin
deichneamhar mac go móirsgéimh.



Ag dul d'ég don inghin fhinn,
tiomnais dá sagart sailmbinn
don mhéidsin ger chaomh a nglac
nach rug dá céile acht aonmhac.



Beanuis Dia go prab iar sin
a labhra don mhnaoi mhéirghil,
gur eug suil do nocht a rún,
mo-nuar geug na bhfolt bhfionnúr.


L. 340


An sagart thrá, mar ba chóir,
nochtais do chách a ccedóir
udhacht na sduaighe gan ghó;
dubhach an cuaine dá iarghnó.



Nírbh fheas (don athair badh cóir)
a mhac féin don chloinn choloigh,
's niorbh aithne go fóill dóibh féin
cá haithrre dhóibh nó ceinéil.



A ndeoigh bháis a chéile cuirp
's a chloinne uaidh do mhalairt
éguidh thoir fear mo chroidhe
do ghoimh éda is eolchoire.



Um oighreacht a n-athar sonn
troidis go cruaidh an chonchlann,
don ghlaic trá gach méar dá mheas
gurb é féin an mac díleas.



Dá bhríghsin eaturra féin
an chlann imriosnach aigmhéil
togbhuid do phléidáil a ccirt
breitheamh don tseanadh oirrdhirc.



Togbhais an breitheamh iar sin
corp a n-athar a talmhuin,
cuiris - cá cruaidhe cóir -
roimh an ccuaine mar chosbóir.



Dailis uaidh n-a dheaghaidh sin
balglan glaice do shaigdhibh
dá gach fhior don chloinn do leith
an breitheamh nar chan claoinbhreith.



"Gidh bé as mhó chuirfios fa chion
dá ghlaic san corp" ar eision
"is é dha-ríribh dom rádh
is mac díleas don mharbhán".



Crú croidhe don mharbhán bhocht
sgoruidh (gach saighead) ghéarnocht,
acht aonmhac nar fhaomh a ghoin
do chaoi braona dá fhéchoin.


L. 341


An mac beag ba bádhach dreach
mionnuighis fon Dia dhúileach
ar oidhreacht an bheatha brais
nach cailgfeadh choidhche an mharbhthais.



"Fíor sin" ar an breitheamh binn
"súd t'athair, a mheic chúilfhinn;
tuilidhe ro chailg an corp";
badh mairg don chuire a mhallucht.



Dar leat féin beanaidh an sdair
libh a-nois; a chríoch Cobhthaigh;
as é Pádraig an t-athair ód
's as tú an mháthair a-nallód.



An chlann úd do chlann a-nos
dream nach (carann an) ceannas;
an Pápa nó an eaglais sonn
an breitheamh cráibhtheach comhthrom.



An corp fa cosbóir dhon chloinn
creideamh meic amhra Alproinn;
togbhthar a-niugh go nua sin
ar mbeith (san) uaigh re haimsir.



Eoghan mhac Airt nach airg cill
don chloinn aonmhac an Táilginn
ar bhladh ar uamhan nó ar ghlóir
ní lamh tuarguin an chusbóir.



Na ladrainn is leaschlann duit,
féach féin, a chreideamh Pádraig,
a dhoimhne chailgid do chneas
um oidhreacht Bhanbha ag coimhmeas.



Gus a-nois níor thuigios suim
an rainn do-rinneadh romhuinn:
"Éire agus Eoghan Ó Néill
glac agus ordóg iaidsein".



Ní fhuil acht aoinmhér don ghlaic
dílios duit, a chríoch Cormaic,
acht a-mháin Eoghan Ó Néill
an chrág uile dot aimhréir.


L. 342


Ní fhaghaid Danair é ar mhír
ní shén a thír ar bhirín,
ní thréig a dhaoine ar a chuid,
é le baoithe ní bhréguid.



Ní reac honóir, a Bheann Bhreagh,
ar bhrib níor chailg a chreideamh,
a mhóid ní thug thall ná 'bhos
glór ní chan tar a chumos.



Ní mar sin don chloinn chuilsi
ghonus corp na heaguilsi;
madh clann do Phádraig an fhian
meallta an Pápa 's a naoimhchliar.



Do shénsat Pádraig ar mhír,
ní feas dáibh an leo Cailbhín,
ní caraid dóibh cliara Gall,
fala leo ag fianuibh Éireann.



Mas eadh mar an ccloinn eile
bíd gan athair d'áiridhe;
a mhairg a mbliadhna don droing
ag cailg riaghla meic Alproinn.



Éifeacht an sgeoil, gá ttám dhe,
dhíbh ní feas fear bhar bpáirte;
Dia ar th'fhurtocht, a bhuime Chuinn,
dursan truime do leatruim.



Dursan.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services