Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Feabhra - Márta, 1924
Title
Feabhra - Márta, 1924
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Ó Máille, Tomás
Composition Date
1924
Publisher
Coláiste na hIolsgoile, Gaillimh
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN STOC TOMÁS Ó MÁILLE DHÁ CHUR I N-EAGAR. SRAITH NUA. LEABH. I. UIMH, 6. FEABHRA — MÁRTA, 1924. DHÁ PIGHNN A LUACH. AN SAOGHAL. NA CUANTA. Tá Éire suidhte sa bhfairrge & a haghaidh siar agus a cúl don domhan thoir. Siar atá a n-aghaidh ag go leor dá cuid daoine, an méid acu nach bhfuil saothrú acu sa mbaile. Tháinig roinn chabhrach chuici as an domhan thiar ach níor tháinig meadh ar mheadh an oiread is rinne sí ar shon an taobh sin. Tá mórán dá cuid fola imthighthe siar & tiocfa cuidh mhaith maitheasa as an taobh thiar shul dá mbí a cion féin ag Éire. Ach ní ón taobh thoir ná on taobh thiar atá súil aici le cabhair a fhághail ach as a talamh & a cuanta féin & as gníomh a muintire. Do réir an méid maitheasa atá innti féin seadh a fhéadfas sí tairbhe a bhaint as tíortha i gcéin. A' súil le brabach dhóibh féin a bhíos lucht ceannaigheachta & tráchtála 'chuile thíre & ní ag iarraidh maith a dhéanamh do dhream ar bith eile a bhíos siad mur mbí ceapadh acu go mbeidh balachtáil ar bith acu dhá mbárr. BÉAL AN BHEALAIGH. Tá deis ag Éire nach bhfuil ag mórán ríoghachtaí eile, sé sin, ina cuid cuanta. Tá sí i mbéal an bhealaigh idir an domhan thiar & an domhan thoir. Má bhíonn aon chur un cinn ná éifeacht innti féin beidh soithigh an dá dhomhan sin a' tarraing uirthi. Bhíodar mar sin cheana nuair a bhí rath uirthi. Is ar an taobh thiar d'Éirinn is fearr atá na cuanta. Tá cuanta ar an taobh thiar nach bhfuil cuanta i n-aon céard den domhan i ndon cinnte orthu. Dhubhairt an “Pall Mall Gazette” páipéar nach raibh an- fhabhrach d'Éirinn & é a' trácht ar an gceist sa mbliadhain 1901: “Níl ar dhruim an domhain aon dá chuan is fairsinge ná is lugha contubhairt do shoithigh ná Gaillimh & Halifax. Sé feabhas a cuain a thug tosach do Ghaillimh sa sean-tsaoghal féin, nuair nach raibh is na trí oileán ach dhá bhaile cuain ba mhó ná Gaillimh, siad sin Lonndain agus Bristol Shasana. CUAN NA GAILLIMHE. Ach an t-ór atá sa talamh níl aon mhaith leis mur mbaintear as é; ar an gcuma chéadna níl morán maitheasa sa gcuan is fearr sa domhan ó nádúr mur ndéantar caladhphort ann. Sa gcaladhphort a déan- faidhe ar an saoghal seo níor mhór suas le 6 nó & bhfeadha de dhoimhne a bheith ann le go bhféadfadh na soithigh mhóra a thigheacht i dtír ann. Bíonn an iomarca deifreach ar na soithigh sin le go bhféadfaidis a bheith a' fuireach taoille. Dá ndéantaí caladhphort i gCuan na Gaillimhe, sé sin, ag na Forbacha, ní bheadh aon mhoill ar shoitheach mhór a thigheacht isteach ann. Ní bheadh sgeird ná tanaidhe ná maidhm róimpí ach béal na fairrge móire isteach go dtí an chéibh & bealach fosgailte ó Cheann Bóirne go dtí an talamh ó thuaidh agus amach idir Oileáin Árainne. Chuirfeadh dhá mhilliún punt bail mhór ar an gcaladhphort sin le go bhféadfaidhe na soithigh is mó dá bhfuil déanta seoladh i dtír ann agus feistiú róid a chur orthu san acarsaid. Déarfadh duine gur doiligh an méid sin airgid a chomhaireamh, ach ní mór airgead a leagan amach le tuilleamh a ghnóthachan. TUILLEAMH EOLUIS. Thug an t-Ollamh Rishworth léigheacht ar an gceist seo .i. caladhphort na bhForbach, i gColáiste na Gaillimhe, tuairm 's mí ó shoin. Mhínigh sé an méid buntáiste a bheadh le longphort a dhéanamh san áit úd agus chomh riachtanach is bhí sé a leitheid a dhéanamh má ba le Éire a hionad féin a ghabháil i gceannaigheacht & i dtráchtáil an domhain. Chuir sé i n-iúl go háithrithe na poinntí seo: (1) Go mbu mhór an aithgiorra ar an aistear fairrge idir an Eoróip & an Domhan Thiar, & an luas dá réir, Longphort a bheith annsin; (2) Nach gcuirfeadh an Longphort sin cúl ar aon longphort eile dá bhfuil i nÉirinn fá láthair; (3) Gurb é dúil an luicht taistil & na maraidhthe i gcomhnuidhe an t-iomlucht is giorra a ghabháil; (4) Gur maith le lucht na soitheach mór tarraing ar an gcaladhphort is goire & is comhgaraighe a bheas do bhéal na sean-fhairrge a mbeidh céibh & duga le fághail ann ar gach uile thráigh & taoille gan a bheith orthu a bheith a' fanacht calaidh; (5) Nach dtig le soithigh mhóra a dhul isteach go príomh-longphuirt Shasana, go Liverpool, Lonndain ná Southampton ach ar thráigheanna áirthe, & go mbíonn moill mhór orthu mar gheall ar an gceo & basgadh na soitheach eile a bhíos a dul isteach is amach; (6) Go bhfuil an-doimhne ag na Forbacha le go bhféadfaidhe caladhphort a dhéanamh ann gan mórán costais; (7) Gur mó de thrian an méid iomlochtaí a dhéanfadh soitheach a bheadh a' rith idir Gaillimh & Meiriceá ná a dhéanfadh an soitheach céadna dá mbudh idir Liverpool & Meiriceá a bheadh sí a' rith. BUAIDH EILE. Tá buaidh eile ag an Longphort réamhráidhte gurb é is fearr a d'oirfeadh do Bhaile Átha Cliath & a mhéadóchadh ar a thrácht. Bhí an t-Uachtarán Liam Mac Cosgair & a chuallacht a' breathnú ar an láthar sa samhradh seo caitheadh, & tá sé i gceist go raibh meas mór ar an áit aige. B'fhéidir go n-abróchadh daoine mar dubhradh go minic fá n-a leitheid go bhfuil leagan amach mór ag muintir na Gaillimhe & go bhfuil a súil thar a gcuid acu. Ach sinne a chonaic le n-ar linn féin Éire ag éirghe as an lathaigh go dtí an airde a bhfuil sí, a chonaic an bhail a bhí ar an nGaedhilge & ar na Gaedhil iad féin fiche bliadhain ó shoin ar ghualainn mar tá orthu anois ar aon níor mhaith linn droch-mhisneach a chur ar réamh- théisglim den tsórt seo ná a rádh go mbu rud é nach mbeadh tairbhe ná iarmairt air MUINTIR MHEIRICEÁ & GAILLIMH. Ar aon bhealach, ní sinne amháin atá a' cuimhniú ar chuan na Gaillimhe mar cheann cúrsa Loingise idir an Domhan Thiar & an Domhan Thoir ach tá muintir Mheiriceá i n-aireachas chruaidh air freisin. Bhí an fear atá i gceannas Buird Loingise & Tráchtála Státaí Mheiriceá, an fear is airde atá ag riaghaltas Mheiriceá i mbun na hoibre seo a' cur síos le achar goirid ar chaladhphort na bhForbach. Sé an t-ainm & an sloinneadh atá air Éamonn Mac An Aodhaire, & seo í an chaint adubhairt sé i n-agallaimh a bhí aige le Éireannach arb ainm dó A. P. O Corcráin: “Do réir luighe na tíre níl i nÉirinn aon chaladhphort is fearr ná is teachtmhaire na Gaillimh. Dá mbeadh Long- phort annsin le hagh' tráchtála le Meiriceá tig liom a ghealladh go gcuirfeadh muinntir na Státaí a gcuid soitheach iomluchta go dtí é. Bheadh sé rí-oireamhnach go háithrithe le hagh' soitheach a bheadh a' rith leitreacha. Dá mbeadh caladhphort déanta annsiod chuirfeadh lucht bóithrí iarainn na hÉireann & Shasana traentacha a' rith ón gcuan go Baile Átha Cliath & Dún Laoghaire & a ghabhfadh as sin isteach ar bháid déanta le hagh' na hócáide go dtugtaí go Sasana iad. Ní bheadh aon mhoill annsin orthu ach iad a' rith isteach arís ar bhóthar iarainn eile go dtugtaí go Lonndain iad & b'fhéidir go dtí Críocha Leatha. An té a léigheas trácht & seanchas ar bhailte móra cuain a bhí i n-éifeacht seal, gheobhfa sé ughdar ionntu gurb ag an gcuan is fearr & is oireamhnaighe ina ré féin a bhíos an buaidh i gcomhnuidhe. CUMADH FOCAL. An rud a gcaitheann duine a rian air ar feadh i bhfad bíonn an-eolus aige air sa deireadh. Dhá mbudh iad luibheanna an mhachaire nó éanacha an aeir a gcuirfeadh sé spéis ionntu ach an-luigheadh a bheith aige leo & géar-bhreathnú & grinneadh a dhéanamh orthu bheadh eolus aige orthu i ndeireadh na dála nach ndearna sé amháin cuimhniú go raibh a leitheid ann nuair a thosaigh sé a' cur suime i dtosach ionntu. Agus bheadh focla ar eolus nó cumtha aige le míniú a thabhairt & cur síos a dhéanamh ar gach cuid acu. Sa sean-tsaoghal, do réir chuile sgéil & ughdair, seanchais & cosamhlacht, chuir Éireannaigh suim mhór san achrann, & chaitheadar an- dúthracht leis. Bhídís a' troid is a' bruighin is a' déanamh gleo, bhídís go mion is go minic ag imreas & a' sgliúchas & a siúite le chéile. Tá a chruthú le fághail sa méid duanta, laoidhthe & amhrán atá cumtha sa nGaedhilge a' cur síos ar chath & ar chomhrac ar chomhlainn & ar chonghail go raibh sin amlaidh. Ní raibh aon mholadh ar féar ar bith ach an gaisgidheach a bhéarfadh buaidh le neart a thréan-lámh nó i los arm san iorghail, nó an rí a chuirfeadh maidhm catha & ruaig ar a námhaid san ughra. Agus ina theannta sin, níor mhór don taoiseach a bheith ina dhos dídean dhá mhuintir i n-aim- sir éigin agus ina thaca re gliaidh i mbearna an bhaoghail ag gleic dhá n- ionnsaigheadh a námhaid go fealltamhail é. Is iomdha dream daoine, b'fhéidir, a bhí comh dúlda un troda leis na Gaedhil nó ionann 's é, ach ní fhágann sin nach raibh eolus acu- san uirthi mar tá lé léigheadh as an gcaint atá ráidhte. Bhí buaidh focal acu ar aon nós. TRÍ GHIRR-FHIADH. Bhí páipéir Shasana a' trácht ar ghirr-fhiadh a dúisigheadh le goirid & nach raibh fhios cé stadfadh sé. Sé'n girr-fhiadh a bhí i gceist acu caingean na tórainne a bheas idir an ceann thoir thuaidh de Chúige Uladh & an chuid eile den tír má bhíonn sin tórainn ar bith
eatorru sa deireadh & ní dócha go mbeidh. B'fhéidir go mb'fíor dhóibh. Is minic a tharraing ughdar is lugha ná é achrann. Tá girr-fhiadh eile ina dhúiseacht níos goire do bhaile don tSasanach féin, sé sin, an mhalairt riaghaltais a rinneadh i Sasana le goirid & b'fhéidir gur fuide arís a rachadh seisean shul dá ndéantaí a ceapadh. Is mór an gar linn, míle buidheachas le Dia, go dtig linn breathnú ar an leigean a bheas ann gan a bheith ro-imnidheach don choin ná don ghirr- fhiadh. Atá an tríomhadh girr-fhiadh ina dhúiseacht is na hIndíacha Thoir & tá sé a' déanamh an-imnidhe don tSasanach. Ní cosa- mhail gur rith searraigh a bheas aige-san ach oiread — má ceaptar chor ar bith é. GNÍOMH NA FAIRRGE Tá sé suim bhliadhanta anois ó rinne an fhairrge obair iongantach sa taobh thoir de Leitir Mealláin i n-Iarthar Chonamara Oidhche raibh oibriú diabhalta sa bhfairrge cuireadh cloch mhór mhíllteach aníos as an bhfairrge sa taobh thiar de Leitir Mealláin. Sí an fhairrge féin a chur aníos ann í, ce go bhfuil daoine ann nach bhfuil baoghal ar bith go ngéillfeadh siad gurab í an fhairrge a chuir aníos ar aon chaoi í. Nuair a cuireadh ann i dtosach í chuir sí iongantas ar chuile dhuine. Bhíodh daoine a' rádh gurab iad na daoine maithe a chuir ann í. Cuid eile a' rádh gur tasbánadh chuir Dia ar an saoghal í gur raibh athrú mór agus neithe iongantacha le thigheacht ar an saoghal. Cébe sgéal é, is iomdha an lá atá indiú ann. ar an saoghal ó tháinig an chloch mhór sin i dtír annsin go dtí an lá atá indiú ann. Tháinig daoine i bhfad 's i ngearr a' breathnú ar an gcloch mhór sin nuair a chuaidh a cáil amach. Cuidh dhá dtáinig séard a bhíodar a rádh nach as an bhfairrge tháinig an chloch beag ná mór, nár chosamhail le clocha na fairrge chor ar bith í. Go mba chosamhail le cloch í dteangóchadh teine léithi agus go mbéidir gur píosa de na pláinéid í a thuitfeadh anuas ar an talamh nuair buailfí torneach fúthu. Ach más daoine iad sin a bhí a ceapadh nach bhféadfadh brígh ná neart na fairrge an chloch mhór sin a chur i dtír ansin, nach raibh sé chomh íongantach thréis í thigheacht ann dtosach nuair a chorruigh an fhairrge faoi dhó aríst í. Agus an corrú deireannach a rinne an fhairrge ar an gcloch mhór, rinne sí trí nó ceathair de phíosaí dhi. An té dfheicfeadh na fairrgí fiadháine a' taobh thiar de Leitir Mealláin, ní dhéanfad sé aon iongantas go ndéanfadh sí rud ar bith. Fairrgí fiadháine agus ní ionghantas é, mar tá an teisgine osglaighthe aniar is gan fasgadh ná dídean le fághail aige ó áit ar bith beó. Tonntracha móra áithbhéalta a' rith aniar agus dhá mbualadh féin go díocasach le dioghaltas fá 'n gcósta daingean carraige tá taobh thiar den oileán. An té d'fheicfeadh na fairrgí fiadháine agus na tonntracha áithbhéalta sin ní dhéanfadh sé an iongantas de ghníomh na fairrge. PEADAR Ó DIREÁIN. TOMÁS MAC SEINÍN SRÁID DOIMINIC, NA GAILLIMHE. Togha na feola de gach cineál. MÁIRE NÍ RAGHALLAIGH, Díoltóir leabhar & páipéar &c. 87, Sráid Uach. na Driseóige, ÁTH CLIATH Ó COIRBÍN & A MHAC LÓN-CHEANNAIDHTHE DÉANTÓIRÍ UISGÍ MIANAIGH Gaillimh & Béal atha an Riogh. CAITLÍN NÍ CHURRAIDHIN Níor tháinig i Muigh Cuilinn le cuimhne cinn an duine ba sine sa bparáiste aon bhliadhain a sharóchadh an bhliadhain míle naoi gcéad agus trí déag (1913). D'fhás an féar go breagh, thriomuigh an mhóin gan mórán trioblóide fhághail uaithi, agus, maidir leis na barranna, bhíodar thar barr. Níor díoladh sa gceanntar i rith na bliadhna sin aon bheithidheach ar “árduighidh orm é,” agus bhí slighe mhaith Ghaillimheach ag na sean-mhná. Bhí a shliocht sin uile ar mhuintir an pharáiste: bíodar ag imtheacht as a gcranna cumhachta le rachmus an tsaoghail seo. Roimhe seo, ní leigfeadh an náire do na h-ógánaigh aon áirneán a dhéanamh ach amháin ins an ngeimhreadh, ach anois is cuma cé'n séasúr den bhliadhain a bhí ann ní bheidís sásta gan sgathamh den oidhche a chaitheamh ar theallach na comhursan. Oidhche áithrid sa bhfoghmhar dá raibh bua- chaillí Leamhcholla ag dul ar a gcuairt casadh fear óg orthu ag ceann bóthar Liathleitir. Níor bhfurusda dhóibh gan sonndas ar leith a thabhairt don taistealaidhe, arae bhí a cheann agus a ghuaille aige ar gach fear sa bparáiste sin agus é leathan láidir dá réir. Ag dul amach thairis dóibh, bhí deis mhaith acu a cheann-aghaidh áluinn a bhreithniú, mar bhí gealach na gcoinnlíní a' soillsiú go breagh os a gcionn. Bheannuigheadar dhó agus fuaireadar freagra múinte, mánla. Cé nach raibh aithne ná eolas ag ceachtar acu air, luigh a gcroidhe leis ar an toirt. Nuair a shroicheadar an teach cuarta sin é an áit a raibh an cur agus an cúiteamh. Cé hé an taistealaidhe? Cé'n chaoi raibh sé gléasta? Céard a thug an bealach úd é? Raibh sé pósta nó nach raibh? “Mara bhfuil sé pósta, muise,” adeir sean tSeán Learaidhe, “is dhó féin is measa é, má tá faoi fanacht san n-áit seo. Beidh sé meáraighthe ag cailíní na barúntacht', má tá sé chomh dathamhail is deir sibh. B'fhéidir go gcuirfeadh Brighid Mhór an chluain air, mar shíl sí a chur ar a lán.” “Nach bog é an t-asal,” adeir Pádhraic Dheaid,” bíonn lucht taistil níos áir- deallaighe ná sin.” Leis sin buaileadh buille ar an doras, agus, nuair a hoscladh é, cé bhuailfeadh chucu isteach ach an tairtealaidhe. “Do bheatha agus do shláinte,” adeir Pádhraic, fear an tighe. “Suidh síos, agus déan do ghoradh.” “Ní tráth dá fhaillighe é,” ars an strain- séara, “tá orm lóisdín fhághail fós anocht, agus ba mhaith liom cur fúm i n-áit eicín sna bólaigh seo. An bhféadfá mé chur ar an eolas?” “Muise, a dhearbhráithrín,” adeir Pádhraic, “níl aon áit lóisdín sa mbaile seo a dfheilfeadh do do leitheide mara bhfuil Teach- Posta Chúl-Druid ann.” “Cá bhfuil sé sin?” adeir an taistea- laidhe. “Tuairim dhá mhíle as seo,” adeir Pádhraic. Rachaidh Micilín Cháit annseo i n-éindigh leat go dtaisbeána sé dhuit é. Ac an misde dhom fiafruighe cé'n t-ainm atá ort nó cé'r b'as thú? “Ní misde, ná chor ar bith — Séamus Ó Ruairc as Roscomáin.” “Ó ainm breagh Gaedhealach, a leabhar- se,” adeir Pádhraic Dheaid, agus bhí fonn air go leor ceisteann eile a chur air ach nach leighfeadh an náire dhó é: gheobhadh sé faill arís, b'fhéidir. “Éirigh, a spriosáin,” ar seisean le Micilín Cháit, “agus déan an duine uasal seo a thíodhlacan go Teach Posta Chúl- Druid.” “Mo chomhairle dhuit sul imtheóchas tú tú féin a sheachaint ar chailíní báire na h-áite seo” arsa sean-tSeán Learaidhe. Rinne Séamus Ó Ruairc meangadh gáire, agus bhog leis féin agus le Micilín Cháit amach. CARTHANNAS AN DUINE. D'áit tuaithe mar é, ní raibh aon chailleadh ar theach posta Chúl-Druid. Bhí sé te teolaidhe, cé nach fada uaidh a bhí acraí den bhogach bháidhte. Triúr a bhí sa teach — Brighid Ní Crosáin, a hathair, agus a máthair. Nuair a bhí a bhéilí caithte ag Séamus Ó Ruairc sa seomra proinne bhuail Brighid isteach a' rádh leis go raibh cailín áithrid sa Ros, trí mhíle ó'n áit sin, agus go mba mhait léithi labhairt leis thríd an nguthán. “Cuala sí gur as a barúntacht dúthchais féin tú, agus gur tháinig tú don áit seo indiu.” Thosuigh croidhe Shéamus a' preabadh, cé nár mhaith leis sin a leigean air féin. “Cé'n t-ainm atá uirthi?” ar seisean. “Caitlín Ní Churraidhin.” “Tá a leitheidí i gceanntar an Chaisleáin Riabhaigh. Agus cé d'innis di go raibh mise annseo? “Mise” arsa Brighid Ní Chrosáin. “Tá sí istigh i dteach posta an Ros anois a' fanacht go gcloise sí do ghuth. Amach leis gur labhair thríd an nguthán. D'fhreagair an guth ón taobh eile: “Halo! An tú Séamus Ó Ruairc?” “Is mé. Tusa Caitlín Ní Churraidhin. Cé'r b'as thú le do thoil?” “As an gCaisleán Riabhach.” “Bhí mé dá cheapadh sin ó do chanamhaint. Cé tá leat annsin?” “Níl duine ar bith ach bean an phosta agus mo dheirbhshiúr.” “Chuala mé gur ait uait amhrán a ghabhail; b'fhéidir go ngabhfá cúpla ceathramha, mar dhéanfadh cailín maith.” “Ná bhí a' magadh anois. Níl aon amhrán Gaedhilge agam ach Eibhlín a Rúain agus cinn shuaracha mar sin.” “Déanfa ceachtar ac ar fheabhas.” Thosuigh Caitlín agus ghabh sí trí ceath- ramhna d' “Eibhlín a Rúain,” agus marar mhól Séamus í bíodh aige. “Cé'n uair a bhéas tú a' tigheacht anuas a' breathnú i ndiaidh an chuiléir atá annseo?” arsa Caitlín. “Amáireach,” adeir Séamus, “le congnamh Dé; “b'fhéidir go bhfeicfinn thú.” “B'fhéidir,” ar sise. “Caithfe mé imtheacht anois, tá mo dheirbhsúir ag éirghe mí-fhoighdeach go dtéighe sí abhaile.” “Truagh sin! Beannacht leat! Tá súil agam nach mbeidh tú as an mbealach amáireach faoi n-a bheith slán dúinn.” “Beannacht leat?” Agus annsin chuala Séamus gáire ón taobh eile den ghuthán agus an uirléis dá leagan síos. “Gáire geal an pháisde é an gáire sin,” ar seisean i n-a inntinn féin. “Gáire duine nár airigh cruadhtan an tsaoghail go fóill ariamh. Gáire cailín shoineannta fháilid gan anachain gan urchóid.” A Shéamus, a stór, tá an chluain a' teannadh leat cheana féin, agus b'fhéidir go dtuigfeá gan mórán moille rud nár thuig tú fós ariamh — grád mná óige. Tháinig musgán mearaidhe ar a smaointe chomh luath is leag sé an guthán uaidh. “Nach tráthamail go bhfuil cailín as mo áit féin annseo. Ní bheidh mé chomh huaigneach is cheapas,” agus tháinig amhran Raifterí isteach in a cheann:
“Fágaim le h-udhachta go n-éirigheann mo chroidhe-se Mar éirigheas an ghaoth, nó mar sgapas an ceó Nuair a smaoinighim ar Chearra is ar Ghaillinn taobh thíos de, Ar Sgeathach a' mhíle nó ar phláinéad Mhuig- Eó. Cill-Aodáin an baile a bhfásann gach ní ann, Tá sméara is súgh-craobh ann is meas ar gach sórt 'S dá mbéinn-sé mo sheasamh i gceart-lár mo dhaoine D'imtheóchadh an aois díom agus bhéinn arís óg.”
Ach ní ar Chondae Mhuigh-Eó a bhí sé a' smaoineadh anois ach ar a chondae dhúthchais féin. Amach leis faoi dheireadh as both an phosta gur shuidh sé sios chois na teineadh sa gcisteanaigh. Ní fonn áirnéain a bhí air, is beag beag an baoghal ach a' súil go dtarraingeóchaidhe anuas Caitlín Ní
Churraidhin, agus ní dheachaidh an tsúil sin ina aghaidh. “Ar labhair tú léi?” adeir bean-an-tighe ar an gcéad fhocal? “Labhras.” “Cailín gnaoidheamhail agus cailín lághach.” “D' eile cé'n chaoi mbeadh sí agus a theacht as Roscomáin.” “Deirtear liom go bhfuil buachaillí sa Ros splanncuighthe i na diaidh.” Tháinig tocht i sgórnach Shéamuis nuair a chuala sé sin. Tá buachaillí an Ros ceart go leor, b'fhéidir, ina mbealach féin. Ach is sonnda an mhaise don té is fearr acu a bheith a ceapadh ná a' síleachtáil go dtabharfadh Caitlín Ní Churraidhin glanadh a bróg dó. Níor dhubhairt sé é seo ós árd, ach bhí na smaointe a' rith thrí n-a inntin. “Seafóid,” ar seisean leis féin ag iarraidh an t-éad a ruagadh as a aigne, ach, mar sin féin, bhí an t-iomrádh a' déanamh imnidhe dhó. B'fhada leis an lá, ar na mháireach uaidh le amharc fhághail ar an óig-mhnaoi úd as a bharúntacht dhúthchais. (Ní críoch). TÍR-DÁ-LOCH Más mian leat ROTHAR maith a cheannach, nó más mian leat deis a chur ar an gceann atá agat, téirigh go dtí S. MAC AN BHÁIRD, AN CHEARNÓG, I nGAILLIMH. Tá cultaí & cótaí móra nach bhfuil sárú i na gcoinn ag ANTOINE Ó RIAIN, SRÁID NA SIOPAÍ, I NGAILLIMH. FÉACH! Bí cinnte & téirigh isteach go bhfeice tú a bhfuil de ÉADACH le h-aghaidh an Gheimhridh Le díol go han-tsaor ag TOMÁS MAC SUIBHNE, I nGAILLIMH. COLÁISTE IGNÁIDE NAOMHTHA. (Cumann Íosa.) I NGAILLIMH. Coláiste Idir-mheadhonach é seo a bhfuil teagasg dá thabhairt ann ar na craobhracha foghluma a chuireas duine i gcruth a dhul go hIolsgoil nó a dul i n-éadan gnótha trácht- cheannaigheachta. Aire ar leith dá tabhairt do ghasúir óga. Páirc bháire ar chúlaibh an tighe. Le gach uile ughdar a fhághail, sgríobh ag AN AIRCHINNEACH. PROINSIAS MAC CONMARA & A CHOMHLUCHT. Díoltóirí & Reacadóirí Tae, Fíonta & Beatha. i nGAILLIMH. Ní thig le aoinne a rádh nach bhfuil earradh dúthchasach go leor annseo. DÉANAMH AN DOMHAIN (Ar leanamhaint). I dteannta an chruthuighthe a thug an cian- dracán do theoir Laplace, thug an sol- sgarachán tuilleadh dhi. Is é r'd atá san ngléas seo píosa triantánach gloine ar a dtugtar “priosma” agus, ar dhul do gha de sholas gheal thríd, briseann sé an solas geal ins na dathanna éagsamhla atá ann, mar atá — dath na sal-chuaiche, indigeo, gorm, glas, buidhe, aráiste, agus dearg, go díreach mar chítear sa tuar-ceatha iad. “Solsgartha” bheirtear ar an stríoc sin de sholas daithte. Tá trí cineáil solsgartha ann. Bíonn an chéad chineál gan briseadh ó cheann go ceann agus “solsgartha leantach” a bheirtear air. Solas ó rudaí daingne, ó lachta agus ó ghaile comhdlútha atá ar lasadh a bheireas an solsgartha sin. Bíonn an stríoc gan briseadh agus téigheann na seacht ndathanna isteach i n-a chéile gan spás eatortha. Ach más gail an-tanaidh atá ar lasadh, níl san solsgartha ach líne geal nó líne geala annseo nó annsiúd treasna an stríoca soluis agus tá líne nó línte ar leith ag baint le gach dúil cheimicigh. D'á bhrígh sin, níl orainn ach léar-sgáil a dhéanamh de na línte agus an áit a bhfuil siad suidhte, agus beidh a fhios againn cé acu dúil nó dúile a atá sin ngail thanaidh atá ar lasadh agus ag tabhairt solais uaithi. “Solsgartha geal- línteach is ainm don chineál sin. Ins an tríomhadh cineál .i. an “solsgartha dorcha-línteach,” bíonn an stríoc de sholus daithte briste ag línte dorcha ag dul treasna air. Solus ó dhamhna lasrach agus an solus sin thar éis a dhul thrí dhamhna eile a shughas cuid de is siocair leis na línte dorcha. Bíonn líne nó línte dorcha ar leith ag baint le gach dúil san damhna a shugh an solus agus bíonn an líne nó na línte sin ins an áit cheanann chéadna san stríoc i n-a mbíonn na línte geala nuair bhíos an dúil féin ag tabhairt soluis uaithi. Mar shompla dhe, is solsgartha dorcha- línteach a bheireas an ghrian dúinn. Meall mór dearg-the gaile atá i n-a lár agus tá an ghail sin sáthach comhdhlúth le solsartha leantach a thabhairt ach tá clúdach de ghail níos tanaidhe taobh amuigh dhi agus sughann sin cuid den tsolus i riocht is gur solsgartha dorcha-líinteach a bhíos ann. Agus tig linn a dhéanamh amach ó n-a línte sin cé na dúile atá ins an ngail ar imeall na gréine. Taisbeánann an solsgarachán dúinn gur ab ionann damhna do chuid de na réalta agus don ghréin. Is rí-dheacair solus na néabul a sgrúdú leis an solsgarachán mar gheall ar a laige is atá sé. Ach d'éirigh le Huggins é a dhéanamh san mbliadhain 1864 agus d'aithnigh sé air gur solsgartha geal-línteach a bhí ann. Ba iontuigthe as sin gur gail thanaidh lasrach a bhí sa néabul agus tháinig sin le teoir Laplace. Thaisbeán Huggins dúinn gur shamhluigh dhó nach bhfuil ins na néabuil ach trí dúile .i. údroigein, an ghail ghann úd héilium, agus dúil nach bhfuil ar eolas againn i n-aon-áit eile .i. néabúlium. Iar staidéar níos cruinne a dhéanamh ar na néabuil roinneadh i n-a dhá n-aicme iad Bheireann an chéad aicme dhíobh solsgartha leantach ach é go lag agus bíonn línte geala na dtrí ndúl réam-ráidhte le feiceál go soiléir air. Is iontuigthe as sin gur gail lasrach atá ionntu. Is fios dúinn tuilleadh is céad néabul ar an aicme sin, agus tá orthu sin na néabuil fháinneacha, na cinn phlainéadacha agus na cinn a bhfuil cuma mhí-riaghalta orthu, m.sh — an néabul mór atá i n-Óríon. Solsgartha dorcha-línteach a bhíos ag an aicme eile agus, dá bhrigh sin, tá siad air nós na gréine. Ní féidir don tsolsgara- chán eidir-dhealú a dhéanamh idir iad agus na cnuasachta réalt a shamhluigheas a bheith an-ghar dá chéile. Tá furmhór na néabul ar an aicme sin, idir an néabul mór n-Andromeda agus na néabul spíorálacha eile. Meastar go bhfuil siad an-te i n-a lár ach an t-imeall níos fuaire go díreach mar thá an ghrian & na réalta coitcheannta. Ach is dócha gur clúdach de ghail an-te ar fad atá timcheall ar na néabuil ag a bfuil solsgartha geal-línteach Iar bhfuaradh dhóibh sin, b'fhéidir gur solsgartha dorcha-línteach a bheadh acu. Ach níl locht réalt-eolais ar aon intinn fós gur gail ar fad atá ins na néabuil. Tá daoine ann a mheasas gur cnuasachta réalt iad agus clúdach de ghail lasraigh i n-a dtimcheall agus iad chomh fada ón domhan gur treise an solas ón ngail ná ó na réalta atá istigh innti. Dubhairt an Tighearna Celbhin go bhfuil an t-aer níos dlúite fá mhilliún ná an ghail néabul agus is do-chreidthe go bhféadfadh gail an-tanaidh den tsórt sin a bheith lasrach go ceann i bhfad gan aon teas d'fhágháil ón taobh amuigh. Sílfidhe gur gearr a bheadh sí ag fuaradh. Ó am go ham chítear réalt nua sa spéir. Dhá réilt mharbha a bhuaileas i n-aghaidh a chéile, is dócha, go ndéantar gail díobh agus í lasrach. Ach ní mhaireann solus na réalt sin ach tamall gear. Fuarann an ghail agus imthigheann an solas ar ceal go mbí an réalt nua do-fheiceála arís. Is í téoir a cheap Locyer n-a thaobh sin nach gail atá ins na néabuil ach an-chuimse cloch ar nós na ndreigeann a chítear ag rith treasna na spéire oidhche gan néall. Bíonn na clocha sin fuar ar dtús ach bíonn siad i gcomhnaidhe ag bualadh i n- aghaidh a chéile chomh fórsach sin is go ndéantar gail lasrach dhíobh. Fuarann an ghail agus comh-dhlúthuighthear arís í ach is gearr go dtárluigheann bualadh eile agus do ndéantar gail lasrach dhi arís. Bíonn na milliúin milliún de na clocha sin ag bualadh i n-aghaidh a chéile gach móiméad i riocht is go mbíonn an néabul lasrach i gcomhnaidhe. An “teoir dhreigeach” a bheirtear ar an teoir sin agus ní ghlacann furmhór na réalt- eolaidhthe léithi. (Solsgarachán, spectroscope. Solsgartha leantach, continuous spectrum. Solsgartha geal-línteach, bright-line spectrum. Dreige, a meteor. An teoir dhreigeach, the meteoric theory.) (Leanfar dhó seo). SEAGHÁN P Mac ÉNRÍ. S. YOUNG, DÉANTÓIR UISGÍ MIANAIGH CEANNAIDHE BIOTÁILTE & FÍONA SRÁID MHUIRE NA GAILLIMHE. CLOCHAR ÓIRD NAOMH URSULA, I SLIGHEACH. Oideachas i gcóir na hIolsgoile i gcóir sgrúdú an idir-mheadhonaigh, na mbannc. Cumann na gCeoltóir, I.S.M., Tráchtála, Sgoláireachta Oideachais Náisiúnta, &c. Tá sgoil tigheachais fá leith againn. EADACH AR FHEABHAS. MÁ'S MIAN LEAT EARRAIDHE FAONTA FHAGHÁIL AR A LUACH TÉIRIGH GO TEACH: MHÁIRTÍN UÍ BHRAONÁIN, SRÁID NA SIOPAÍ, I nGAILLIMH. Ó HEIREAMHÓIN. Carrannaí & gluaisteáin & gléas sochraide. SRÁID EYRE NA GAILLIMHE.
AN T-ATHRÚ TIGH UÍ CHLÉIRIGH Tá Ó Cléirigh & Comh a' thabhairt cuiridh dhuit a theacht go dtí n-a siopa go bhfeice tú an lasgaine mhór atá siad a thabhairt uathu in gach earradh, lasgaine a bhéas le fágail uathu ar feadh tuairim's ráithe fós. Ní féidir athrú a chur ar gach roinn den earradhlainn ar fad i gcuideacht, ach níl lá dá ngabhfa thart nach bhfeice lasgaine éigin i ní éigin dá tabhairt & éagsamhlacht earradh dá cur ar fághail. Ar an gcuma seo, sul dá dtí ibhfad beidh an Earradhlann ar fad a' tigheacht de réir a chéile ar an gCoimhrian Nua .i. SAOIRSE EARRADH & MÉADÚ A n-ÉAGSAMH- LACHTA. TRÍ RUDA PEARSANTA A'BAINT LEIS NA GNOTHA SEO. Níl baint ná páirt ag Tigh Uí Chléirigh le aon chomhlucht Sasanach, & is airgead Éireannach — chuile phighinn de — atá dá choinneál suas. Mar sin a bhí sé go dtí seo: mar sin a bhéas. Seo giota as díleagra a thug na Ceannachóirí Tigh Uí Chléirigh don Chinnire nua, Seán F. MagUidhir (a bhí go dtí le goirid tigh Síl Broin i Sraith Mhuirbhthean), a'fáiltiú roimhe: “Cuir sé áthas mór orainn cloisteáil, an tseachtmhain seo caitheadh, gur toghadh thú ar lucht Cinnireachta Tige Uí Cléirigh & a Chomh. mar Chinnire Tioncuir, & go bhfuil na gnotha go hiomlán fá do chomhairle & do choimhghliocas. Thaithin sé linn freisin go mbeidh an coimhrian nua seo i bhfeidhm, sé sin, Beagán Brabaighe agus Díol & Ceannach ar Airgead-síos, mar tá tú thar éis innsean dúinn, & go bhfuil ordú tugtha agad do do Cheannachóirí go gcaithfear margaidh an domhain a chuartú leis an Earradh is Nuacha & is Fearr a sholáthar. Beidh aghaidh muintire na hÉireann ar fad orainn mar gheall ar chomh saor & tá ordaighthe agad dúinn a dhíol, & déanfamaid den Earradhlainn álainn seo deisimreacht d'fheara fáil ar an rud is Ceannaigheacht Rathamhail ann. Sul dá dtáinig tú féin, bhí eolus againn ar do gheanamhlacht & do chineáltas don mhuintir atá ag obair fút, agus déanfa líon gnotha an tighe seo le dúthracht & Ionnas a gcinn finne do chongnamh dhuit leis an árd-chuspóir a chuir tú os ar gcomhair a aimsiú.” Seo giota teachtmhar as leitir a cuireadh i n-éindigh le bronntanas a thug cuid de Conghantóirí óga Tigh Síl Broin do Sheán F. MagUidhir nuair a bhí sé a' fágáil an tighe sin: “Gach rud ar thóig tú lámh os a chionn d'éirigh leis thar bárr, & sé Teach Uí Chléirigh an chraobh mhullaigh a bhéas orthu ar fad. Ní bhéidh sa méid sin ach luachsaothair ar a ndearna tú de mhaith & de chineáltas. Is aoibhinn don líon gnotha atá anois fán maighistir is fearr & is cineálta dár cuireadh eolus riamh air. Ba mhó ba cosmhail le Athair thú ná Máighistir, & támaid a' cathú 'do dhiaidh mar bheadh clann i ndiaidh a n-athar. Glac, le do thoil, an corn airgid seo mar sheod cuimhne.” Ó CLÉIRIGH AGUS A CHOMH., TEORANTA, SRÁID UÍ CHONAILL, BAILE ÁTHA CLIATH. Stortha an Mhalóidigh, i nGaillimh. BRÓGA GAEDHEALACHA. GACH RUD AR FHEABHAS. SÍOLTA AR FHEABHAS, Agus gach a dteastuigeann ón bhfeilméara Le fagháil ó MHAC OSGAIR, I mBARR AN CHALTHA, I nGAILLIMH. TÁ AN GAOTH ANIAR. a sgríobh Tomás Ó Máille. le fághail ó CHOMHLUCHT OIDEACHAIS NA hÉIREANN. Ceithre sgilleacha (glan) a luach. Duine ar bith a dteastuigheann “An Stoc” uaidh, nó ar mhaith leis fuagradh a chur ann, sgríobhad sé ag an mbainisteoir .i. TOMÁS DIOLÚN, Coláiste na hIolsgoile, i nGaillimh. Thríd an bposta 3/- sa mbliadhain Thríd an bposta 1/6 sa leithbhliadhain. Maidir le gach ádhbhar sgríobhtha a theidheas sa bpáipéar cuirtear sgéala ag TOMÁS Ó MÁILLE, Coláiste na hIolsgoile, i nGaillimh. AN STOC FEABHRA — MÁRTA, 1924. AN DÁ CHAINGIN Is minic sinn ag iarraidh ar dhaoine dréactha a sgríobh is a chur chugainn. Sé an leith-sgéal is buaine a tugtar dhúinn nach bhfuil aon damhna nó ádhbhar ag na leith- sgéalaidhthe a bhféadfaidis trácht a dhéanamh air. B'fhéidir go bhfuil roinnt den fhírinne acu ach 'na dhéidh sin níl sí acu ar fad. Mar tá dhá chineál caingne go háithrithe a dhéanfadh ughdar cainte dóibh, siad sin, bán-chaingean & dearg-chaingean. Sí an bhán-chaingean an chaingean nó an cheist nach gcorrócadh aon fhuil ar nós mar tá seanchas na tíre, dinn- sheanchas sean-amhrán, fiannaigheacht, sean- sgéalta, sgéalta greannmhara, sean-fhocla, tomhaiseanna, lúibíní, ceapóga, cleasa do ghasúir, trácht ar shean-dhéantus nó ar nua- dhéantus, saotharlanna, luibh-eolus & a lán ruda eile. Sí an dearg-chaingean, ar an taobh eile, an chaingean a chorróchadh an fhuil ar nós ceisteanna poilitidheachta. Tá daoine ann a n-oireann gach caingean acu sin dóibh. Ach gan a dhul i gconntubhairt leis an sgéal féadfa duine ceann éigin de na bán-chaingne a thoghadh, giota a sgríobh air & a sheoladh chugainn. Ná bíodh aon náire ar aon nú-íseach fá n-a dhréacht, arae ní racha sa Stoc ach píosa nach mbeidh ughdar náire i d' aonduine ann. CLUICHÍ MHAR BHÍDÍS DHÁ N-IMIRT AG PÁISDÍ SGOILE SA nGAEDHEALTACHT. I. GOID NA nGÉABH. Cuirtí cúram na ngéabh (.i. na páisdí) ar dhuine dhe na cailíní ba fásta de na sgoláirí. Déantaí bean tighe dhe chailín eile acu; agus ceaptaí cailín eile le bheith ma “Sionnach.” Dh'imthigheadh bean a' tighe ón mbaile ann- sin (má b'fhíor) agus nuair a d'fhághadh an Sionnach imthighthe í thugadh sé leis ceann de na géabha. Thagadh bean a' tighe ar ais agus thosai- gheadh sí a' comhaireadh na ngéabh:— “Aon, dó, trí, ceathair, &rl. “Bhí seacht gcinn déag (nó pé uimhir páisdí bhiodh ann) de ghéabha annseo ar maidin agus níl anois ann ach sé cinn déag. Cá bhfuil an ceann eile?” “Thug an Sionnach leis í.” Thugadh bein a' tighe buille beag de shlatóig dhi agus deireadh léi “Tabhair aire mhaith don chuid eile acu agus ná leig leis an sionnach iad.” Ach nuair a d'fhágadh sé an baile arís thagadh an sionnach & sgiobadh sé leis gé eile. Thagadh bean a' tighe agus chomhairead sí arís iad. “Aon, dó, trí, ceathair, &rl. Tá ceann eile de m'ál breagh géabh imthighthe. Céard d'éirigh dhó?” “Thug an sionnach leis í,” agus mar sin nó go mbíodh na géabha uilig goidthe ag an sionnach. Annsin théigheadh bean a' tighe agus bean na ngéabh ar lorg an áil nó go bhfáighdís iad cé'r bith áit a mbídís i bhfolach ag an sionnach. Théighdís ar fad annsin ar thóir an tsionnaigh. Bhaineadh seisean as ins na fásgaí, iadsan ina dhiaidh, agus “Siliú! Siliú! Sionnach! Beiridh ar an Sionnach!” acu. Nuair a bheirdís air thugaidís bosóg ón duine dhó a' rádh “Ná goid na géabha arís, a Shionnaigh.” II. MUILTÍNÍ. CLUICHE BHÍODH AG NA BUACHAILLÍ. Déantaí ridirí caorach de bheirt de na buachaillí ba láidre de na malraigh agus bhíodh an tréad (.i. na malraigh eile) fá chúram dhuine acu. Bhíodh an ridire eile ar “fheilm” insa gcomharsnacht. Shocruigheadh ridire a h-aon na páisdí ina nduine is 'na nduine ar chúl a chéile taobh thiar dhe fhéin — Barróg ag an mbuachaill tosuigh air (an ridire) fá na bhásta: barróg ag an dárna buachaill ar an mbuachaill tosuigh: barróg ag an tríomhadh buachaill ar an dárna buachaill agus mar sin de. Annsin thagadh ridire a dó agus deireadh: “Comhair do chuid uan, a ridire.” Ridire a h-aon: “Tuige sin a mháighistir?” Ridire a dó: “Molt breágh atá ar iarraidh uaim.” Chomhaireadh ridire a h-aon na h-uain agus bhíodh ceann le cois ann (má b'fhíor). Shíneadh an buachaill tosuigh amach a chos agus d'fhiafhruigheadh sé “An é sin do mholt?” “Ní h-é” d'fhreagradh ridire a dó. An darna buachaill (ag síneadh amach a choise) “an ésin do mholt?” “Ní h-é,” deireadh an ridire. Chuireadh gach duine de na malraigh an cheist chéadna agus d'fhághaidís an freagra céadna ón ridire go dtigeadh sé chuig an mbuachaill deiridh. Annsin deireadh sé: “Sé. Sin é mo mholt.” Annsin 'seadh thosaigheadh an comhrac eatorru: Ridire a h-aon ag iarraidh an mhuilt a choinneál a' rádh “Ní bfuighe tú é,” agus ridire a dó ag iarraidh é bhaint amach agus “gheobha mé é” dhá rádh aige. Dá mbeadh ridire a dó i ndon na muilt uilig a bhaint amach ar an gcaoi sin thoso- chaidís an cluiche ath-uair ach gur ar ridire a dó bheadh cúram na gcaorach.
III. CUINNEÓGA. CLUICHE IMRIGHTEAR TAOBH ISTIGH DHE DHORAS. Suidheann na páisdí thart timcheall i rang le n-a gcuid dorn os cionn a chéile ar a nglúiní acu (seo iad na cuinneóga). Seasann an té bhíos a' stiúradh an chluice amach ar a n-aghaidh. Féachann sé isteach i gcuinneóig — a' tosuighe leis an gcéad duine — agus fiafruigheann sé: “Cá bhfuil an bainne bhí sa gcuinneóig seo?” Caithfe an té sin leith-sgéal a thabhairt fán mbainne agus déarfa sé:— “Tá sé ins a gcuinneóig eile.” Cuireann an ceannphort an cheist seo thart ar gach duine acu, agus fághann sé an freagra céadna, “tá sé insa gcuinneoig eile” uathu ar fad go dtige sé chuig an duine deiridh sa rang. Níl aon chuinneóg eile ann agus mar sin ní mór dhó leith-sgéal eile bheith réidh aige agus déarfa sé rud eicín mar seo:— “D'ól an cat é.” Téidheann sé thart arís go dtí an chéad duine agus fiafruigheann sé:— “Cá ndeachaidh an cath?” Freagra:— “Chuaidh sé fá'n sop.” “Cá bhfuil an sop?” (de dhuine eile). “Dhógh an teine é.” Ceannphort (de dhuine eile): Cá bhfuil an teine?” Freagra — “Mhúch an abhainn (nó abha) í” “Cá bhfuil an abhainn?” “D'ól an gearrán dubh agus an gearrán bán í.” Cá bhfuil an gearrán dubh agus an gearrán bán?” “Chuadar chun na ceardchan” “Cén uair a thiocfas siad?” “Tiocfa siad amáireach.” Leantar de na ceisteanna seo; agus páisde ar bith nach mbíonn an freagra oireamhnach réidh aige sul 'á mbí A-o-n, d-ó, t-r-í, ráidht ag an gceannphort fághann sé cluasóg nó sgealpóg uaidh. IV. A' DÍOL CHOIRCE. Suidheann an ceannphort ar chathaóir, agus an lucht imeartha thart timcheall air. Ainmnigheann sé 'ch uile dhuine acu mar seo:— “Pighinn” ar dhuine acu. “Dhá Phighinn” ar dhuine. “Trí Pighinne” ar dhuine eile. “Tuistiún” nó ceithre- pighinne) ar dhuine eile, agus mar sin go mbí ainm orthu ar fad. Annsin fiafruigheann sé dé dhuine acu (dhá phighinn cur i gcás) “Cé mhéad atá ar an gcloich den choirce indiu?” agus freagrann sé go bhfuil “Sé Pighinne.” “Glaodhann an ceannphort amach “Sé Pighinne! Sé Pighinne! Sé Pighinne!” agus caithfe an té bhfuil an t-ainm sin air “sé pighinne” a radh i n-aghaidh gach uair dá n-abra an ceannphort é. Muna bhfreagraidh sé sul glaoidhtear a ainm trí huaire caithfe sé geall a íoc. Iompuigheann an ceannphort chuige annsin (ní bhionn sé a' féachaint air chor ar bith nuair a bhíos sé a' glaodhach a ainme) agus tugann sé buille de shlait dó agus deireann sé “Nuair adéarfas” mise “Sé pighinne” abair thusa “sé pighinne.” Fiafruigheann sé annsin de. “Cé mhéad atá ar an gcoirce indiu?” agus déarfa seisean go bhfuil — abramaid — tuistiún. Glaodhann an ceannphort amach “Tuistiún! Tuistiún! Tuistiún!” mar rinne sé le sé pighinne agus muna bhfreagra “Tuistiún” sul a' nglaoidhtear a ainm trí huaire caithfe sé geall íoc. Nuair a bhíos geall ioctha amach ag a bhfuil ann cuirtear púicín ar dhuine acu. Annsin beireann an ceannphort ar gheall ina láimh agus abrann sé (ma's le fear é) “Céard a dhéanfas tú le fear an ghill seo nó bean an ghill seo?” agus má's le bean an geall “Céard adhéanfas tú le bean an ghill seo nó fear an ghill seo?” Orduigheann an té a mbíonn an púicín air dóibh uilig rud áithrid eicín a dhéanamh le na ngeall a fhuasgailt; agus muna ndéana siad mar orduigheas sé ní fhághann siad ar ais a ngeall. MÁIRE NÍ THUATHAIL. TÚR CHEANN GÓLAIM. Taobh thiar de Leitir Mealláin tá oileán beag a bhfuil an fhairrge thimcheall air, in áit fhiadháin iargúlta a bhfuil an teisgine gharb thimcheall air. Tá túr ar an oileán agus ní cuimhneach leis na daoine is sine sa tír cé'n uair ar dearnadh é. Ach tá cur síos acu air agus deir siad gurb é Riagh- altas Shasana rinne é. Sé fáth ar dearnadh é, deir siad; fadó bhíodh daoine i gCona- mara a bhíodh a' gabhail i soithigh seóil go tíortha coimhthigheacha a' tabhairt tae's siúcra 's tobac agus 'chaon tsórt eile leobhtha. Smugláil a tugtar ar an obair sin. Rinneadh an túr ar an oileán beag seo le haigh bheith a' faireadh ar na soithigh seóil sin mar ba aniar a theagadh an chuid ba mhó acu. Nuair a rinneadh an túr deir siad gur aol oistirí agus bainne reamhar dhá shuathadh a cuireadh mar mhurtéal air. Is minic a beirtí ar lucht na smuglála, agus cuirtí éiric orthu. Sé phunt an éiric a cuirtí orthu, an éiric chéadna a cuirtí ar lucht déanta poitín. Bhíodh soithigh seóil a dtugadh siad cutters orthu ceaptha amach freisin ag an Riaghaltas le bheith a' leanmhain lucht na smuglála. Tá carraig i gcuan Ros Muc a dtugann siad Carraig a Chutter uirthi. I n-ait a leanadh cutter ceann de bháid na smuglála uair agus bristí thuas ar an gcarraig í, agus d'fhan an t-ainm ariamh ó shoin ar an gcarraig sin Bhíodh siopaí beaga i gConamara agus bhídís a' díol an tobac agus 'chaon tsórt eile thugadh lucht na smuglála chucu. AN “LUCÁNIA.” Más maith leat ROTHAR MAITH a rinnead nÉireann sgríobh chuig DOMHNALL UA BUACHALLA i Muigh nuadhat. ÉADACH GAEDHEALACH ar fheabhas le fagháil ó PHROINSIAS MHAC DHONNCHADHA & A CHOMH, I nGaillimh. A cuir dlúthas i gcomhnaidhe le déantás na hÉireann a chur 'un cinn. TUGAIDH BHÚR GCUID ÁRACHAIS DO'N CHUMAINN GAEDHEALACH IS FEARR AN CUMANN IBHÉRNACH INSIÚRÁLA TEÓ. I n-AGHAIDH TÓITEÁIN AGUS COITCHINNE. Príomh-Oifig — 48 & 49 SRÁID AN DÁMA, ÁTH CLIATH. NÁ POLASAITHE IS IOMLÁINE LE FAGHÁIL. Ó CUIMÍN & Ó GREANAIGH, 15 SRÁID NA SIOPAÍ, I nGAILLIMH. An Teach is fearr le haghaidh gach sórt An teach is fearr le haghaidh gach sórt trosgáin & déantúis iarrainn. Dathanna, síolta, páipéar balla, &c. PÁRLIAMENT NA MBAN ÓRÁID MHUIRINN LÁN-LÁIDIR. Annsin tháinig Muirinn Lán-láidir, ban- tighearna an Chaisléain-Ghairbh agus adubhairt gurb é céad ní, air ar chóir trácht, riaghlacha do dhéanamh chuireas i dtuigsin dhúinn cia h-íad na mná glacfar insa bPárliament agus cía h-íad nách glacfar ann agus isé céad acht Párliament do rinneadar agus d'orduigheadar gan aon ógh ná maighdean do ghlacadh ná do bheith ann. De bhrígh go labharthar ar mhórán de gnothaibh nárbh iomchuibhe go gcluinfidís maighdeana iad. D'órduigheadar agus do rinneadar acht eile 'nar chrosadar ar mhnáibh do bhíodh pósda cheithre h-uaire agus ar na mnáibh do rachadh thar deich mblíadna agus trí fichid d'aois teacht do lathair an Phárliament. Do rinneadar acht eile Párliament, gan aon bhean do labhairt go borb ná go mí-mhacánta ar a fear insa' bPárlaiment. Do bhí bean insa bPárliament agus dob ainm di Móra Ní Ualacháin agus ar chlos na riaghla déanach sin do rinneadh dhí créad nach mbeadh cead aguinne labhairt ar ár bhfearaibh annso 'nár bPárliament a an ádhbhar nach mbeadh na fir in aon áit nac labhraid orainne. An uair bhíos Flaithbheartach an fear so agam- sa (ar sise) ar féasda, nó i n-aon chomhluadar eile … cuireann sé mórán bréaga orm. Gidh eadh adubhairt Muirinn léi gan níos mó do labhairt agus go ndearna sí féin rann dóibh:
Gníomhartha cóir trí dhóchus daingean i gCríost Choinnigheadh próis is póit ó'n anam do shíor Bhur ndligheadh mar shompla foirfeadh d'fhearaibh sa tír 'San bríste fós le h-eolas bainfeam-na dhíobh.
ÓRÁID SHEILGÉAN INGHIN CHOMHTHROM CHIRT. Annsin do labhair Seilgéan Ní Chomhthrom- chirt baintighearna Dhúna an Réidhtig agus adubhairt nár chóir dóibh eagla ná faitchíos do bheith orrtha i dtaobh na mbriathra do labhair Pól mar an abair sé nach cóir do mhnaoi ar bith labhairt i gcoimhthiónol puiblighe. Óir is ar an Eagluis labhrann sé .i. an áit 'na mbíonn fir agus a mná in aonfheacht i bhfochair a chéile: Ní coimhthionól den tsórt sin é seo aguinne acht comhchruinniughadh ban go haonracánach agus dá réir sin is cóir agus is ceart dúinn labhairt ar na gnothaibh do i bhaineas linn féin 'ár bPárliament agus ní dligheadh ná ceart ná coinsías toirmeasg ná crosdáil do chuir orainn i dtaobh gnáthamh agus úsáid do dhéanamh de na geágaibh agus de na ballaibh budh toil le Diá do thabhairt dúinn agus is de na ballaibh an teanga i gcás muna dtugaid cead labhartha dhúinn nach ndéanfaidís ár dteangtha sochar ná seirbhís dúinn. Táim dearbhtha nach caoine líomhtha, géire, léire teangtha na bhfear ná ár dteangtha féin agus go bhfuil gotha agus glór aguinne comh maith leo, acht amháin gur gairbhe glór na bhfear agus mar sin gur cosamhail iad le h-asalaibh ná sinn. Thar gach ní is cóir dhúinn tráct ar ár ngnothaibh leis an oiread tromacúise agus mórtaise ionnus nach mbéidh cúis ag na fearaibh coimhthionól ná geara comhairle ná aon ainm eile úiríseal mí-mhacánta do ghairm ná do thabhairt orra ná ar ár bPárliament fá mar is gnáthach leo bheit ag daorlabhairt agus ag fonamhaid fá n-ár ngnothaibh. Gidh-eadh, dá mbeadh sé ceaduightheach aguinne labhairt ar choimhthionól na bhfear nó a bhfeir fá mar mbíd gan amhras do cífídhe mórán díobh níos measa ná coimhthionól na mban. Do chimid prionn- sáí le cian de chliadhnaibh i gcogadh le chéile. Bíd fós na diadhairí, na sagairt agus an pobul ag imreas go minic & fhós bíonn gleo idir cathair agus cathair eile, idir chomharsain agus “chomharsain eile”
ar chor nach mbíonn suaimhneas ná síothcháin eatorra i gcás dá mba chugainne do shtiúróchaidhe cumas agus riaghla na ngnotha go léir is dearbh go mbeidís níos socra agus níos síothchánta ná mar atáid agus do shúil le Día go gcuirfeadh Párliament seo riaghlacha diongmhálta síos. Críochnuighim leis na bríathraibh seo:
Comhthrom is ceart is blas le séan go leor Ar phobul na mban ar feadh an tsaoghail mhóir Is cosamhail go gcasann maitheas Dé 'sa ghlóir Orann go seargair, is glacam é go cóir.
ÓRÁID SHAIDHBH NÍ CHOSGARTHA. An tan do chruinnugheadar an dara lá agus isí céad bhean do labhair Saidhbh inghean Chosgartha ban tighearna Ghleanna Magh- Adhair agus adubhairt gur léigeadar na fir an léigheann i bhfaillighe chomh mór sin: ionus nach bhfuil tosadh ná beann acu air ins a ríoghacht so na hÉireann. De bhrigh gur taithneamhaighe le clannaibh daoine uaisle aon tsórt compráid ná caitheamh aimsire ná aire do thabhairt do leabhraibh agus is dearbhtha gurb é cúis agus ádhbhar don náisiún so do bheith bocht agus cómhnuightheach i gcogadh de bhrígh nach cuirid na daoine uaisle a gclann le foghluim mar ba chuibhe agus ba chóir dóibh a dheánamh. Ar an ádhbhar gur mór an neart do ríoghacht ar bith daoine uaisle saidhbhre cumasaca do bheith foghlumtha go maith agus ó táid ár gclann inghean fá nár smacht féin anois féacham ceard is cóir dúinn do dhéanamh leo. Annsin do rinneadar riaghail Phárliament a gclann inghean go léir do chur ar sgoil nó go mbeidís dhá bhliadhain déag d'aois, agus annsin cibé acu ba géire ínntleacht a léigean ar a h-aghaidh ins na seacht n-Ealadhna Libeálta .i. ins an Ghra- mear, insa Rhetoric insa bhFeallsamh, insan Aritmetic, insa Artroluigheacht, agus insa bhfilidheacht agus a ndéanamh so díobh tiocfam (ar Sadhbh) le h-aimsir chom bheith níos foghlumta ná na fír. Do rinneadar acht eile Parliament 'nar orduigheadar a gclann inghean do chur le Díadhacht le dligheadh agus le leigheas d'fhoghluim an uair “do bheidís oireamhnach chiuge. Atáim deimhneach (ar an bantighearna sin) go dtiocfam chum úghdaráis puiblighe do bheith aguinn le h-aimsir de bhrigh na riaghlacha so rinnneamar an uair chídhfe na fir an cineál banda ag buaidh orra i bhfoghluim & in-eolas. B'fhéidir go nglacfadh náire íad, agus tnút le dul ara n-aghaidh insa bhfoghluim nó muna nglacadh bheadh an t-úghdarás publighe go léir ar ár gcumas féin. Agus fós is cóir dhúinn casaoid do dhéanamh leis na fearaibh noch do chuireas ó gac aon úghdarás publighe sinn agus go ndeánaid féin 'chuile ní fá mar is toil leo féin do dhéanamh. Annsin d'órduigheadar ríaghail Phárliament ughdarás agus máighistreacht do bheith ag na fearaibh i ngnothaibh puiblighe agus cúram do dhéanamh do neithibh bhaineas le cogadh go ceann deich mbliadhain nó go dtagadh a gclann inghean chum bheith tuig- seanach agus foghlumtha go maith agus timcheall na haimsire sin dubhradar go bhfeicfidís cia an taobh air ar chóir armas na mban do chur ar an dtaobh ndeas nó ar an dtaobh gclé agus fós go bhfeicfidís cia acu air arbh fearr do naoi an bríste na fir nó na mná. D'orduigheadar mar an gcéadna úghdarás puiblighe do bheith acu féin timcheall an uile ní ar a dtaobh istigh de bhallaibh — leith amuigh d'arm. Agus mar sin tar éis críche do chur ar a raibh de ghnothaibh agus de ríaghlacha Párliament acu an lá sin, agus tar éis fógairt dóibh bheith ag an gcúirt ar a deich a chlog ar na mháireach thúg Cadhbh an chomhairle seo dóibh:
Bíodh caoineas in bhúr gcroidhthe agus carthannacht naomh Bíodh díoghruis 'na bhur n-inntin is bean- nuightheacht béas Bhur ngníomhartha go dtige libh gan bhasga gan bhéim Is bhur n-ínntleacht ná mílltear le reachmas an tsaoghail.
(Ar n-a tharraing as Sgribhinn Liam Uí Dhuinnín Chnuic na bPréachán a críochnuigeadh sa mbliadhain 1821 & tá anois i leabar- lainn Choláiste na hIolsgoile, Gaillimh). ÁINE NÍC THOMÁIS. TEACH NA h-OLLA SRÁID NA SIOPAÍ, I NGAILLIMH. Cuidigh le déantus na hÉireann & sábháil airgead. Cultaí ó 70/- go dtí 130/- AN SEAN-TEACH. A cuireadh ar bun i 1864. Tae, Caife, fíonta, Uisge Beatha, ar fheabhas Ó LÉANACHÁIN, AN CHEARNÓG, I NGAILLIMH. DIARMUID Ó DONNABHAÍN SEODÓIR & CLOADÓIR, SRÁD LIAIM, NA GAILLIMHE. MAC CARSA & A CLANN MAC DATHADÓIRÍ & DEASADÓIRÍ, GAILLIMH. T. Ó Flannagáin & Chlann Mhac. Gach uile shórt gaibhnigheachta agus innealtóireachta. DÍOLTÓIRÍ ROTHAR. Cuirtear deis ar rothair & ar ghunnaí. SRÁID NA gCEANNUIDHE, i nGAILLIMH. COLÁISDE NA HIOLSGOILE, I nGAILLIMH. Craobh de Iol-sgoil na hÉireann. Árd-oideachas le fághail innti ar na hiol- dántai, idir theangacha, ealadhain, trácht & ceannaigheacht, ealadhain an leighis, seil- bhéaracht, & Innealltóireacht. Téarmaí gearra ar leith fa chomhair oidí sgoile. Le gach uile ughdar a fhághail sgríobhtar ag An MEABHRÁNAIDHE. BRÓGA NA LAOI. NA BRÓGA IS FEARR LE CEANNACH Ag SEÁN Ó LAIDHE, I mBARR AN CHALTHA, I nGAILLIMH. An Teach a bhfuil cliú air le haghaidh Tae, Fíona, Biotáilte & Intreabh Tighe. M. BREATHNACH, SRÁID ÁRD, NA GAILLIMHE. Beidh ÉIRE láidir má bhíonn Clainne Gaedheal láidir. Ithidís an fheoil is fearr agus tá sí sin le fagháil ó Ó FALLAMHAIN, Sráid Gheata na Mainistreach, I nGAILLIMH. BAILE LIOS-AN-ÁTHA (Ar Leanamhaint). Tháinig fear as Baile na h-Aibhne go baile Lios-an-Átha un Phaitsín Bhacaigh agus Thomáis- réir-a-chéile, n-áit a raibh bríste córda agus casóg bhréidín le déanamh aige, agus bhí báiníní agus baill do na páistí le déanamh aige freisin. Bhí an dhá bhaile a bhfoigseacht cupla míle dá chéile ach má bhí féin ní dheacaidh Pádhraig Nápla (ba é sin fear Bhaile na-h-Aibhne) trí Bhaile Lios-an-átha aríamh, & dhá dtéigheadh féin níor bhfurasda dhó tígh na d-táilliúr a dhéanamh amach, mar bhí céad go leith teach sa mbaile ar fad agus iad déanta ar chuile chaoi, súas agus anúas, soir agus síar, agus eatorra sin aríst. Bí bóitrín thríd an mbaile ar nós sriúbhlláin sléibhe thar éis ceatha mhóir. Casadh buachaill óg ar Phádhraig ag ceann an bhaile, agus d'fhiafruigh Pádhraig dó chá raibh tígh na d-táilliúr, Paitsín agus Tomás. Tá sé sa gceann thíos-thíar den bhaile tuairim míle ó'n áit a bhfuil tú do sheasamh. “Raibh tú ann aríamh,” arsan búachaill, “Ní rabhas.” “Muna rabhais muise beidh obair agad.” “Nach bhféadtá-sa mé chur ar an éolas.” “Féadfa mé ainmneacha na mbóithríní a innsean duit ach tá an oiread acu ann 's nach bhféadfa tú cuimhniú orthu ar fad. Imthigh leat anois nó go sroiche tú bóithrín na gcon ar thaobh do láimhe deise, agus casfa tú isteach sráid Eibhlín ní Éiligh ar thaobh do láimhe clé agus isteach trí shráid Sheáin Nóirín agus naoi nó deich do shráideanna eile agus tiocfa tú amach ar bhóithrín na bpúcaí, annsin ní mór dhuit a dhul céad slat ar bhóithrín na bpúcaí, agus casadh isteach ar bhóithrín na lachan, agus tá linn shúlaighe ar an mbóithrín sin, agus is fearr dhuit briseadh isteach thrí gharrdha Bhríghdín Bhid, agus a theacht amach ar bhóithrín na ndriseachaí an taobh eile. Casfa tú thaobh do láimhe clé ar bhóithrín na ndriseachaí, agus téigh deich slata ann, agus tá teach Líam Mhóir i mbéal an bhóithrín agus caithfe tú a dhul isteach an doras is goire dhuit agus amach 'sa doras eile, mar, tá linn ag gach binn don teach. Nuair a bheas tú amuigh an taobh eile annsin ní mór dhuit tuairim chúig slata dhéag eile a dhéanamh, agus casfa tú isteach bóithrín na g-cailleach. Imthigh leat ar an mbóithrín sin nó go gcastar cloch mhór leat a bhfuil tobar 'na bhárr agus casfa tú taobh na cloiche móire isteach ar bhóithrín na gcat agus téigh síos an bóithrín sin chomh fada le Sgeach na Spalluigheacht ar thaobh do láimhe clé, agus cas isteach Bóithrín na Lathaighe ach is dóigh liom gor gearr go mbí tú tuirseach a' tarraing na gcos as an lathaigh ar an mbóithrín seo, agus is fearr dhuit briseadh isteach trí chreigín Mhicilín Pheig ar taobh do láime deise agus, a theacht amach ar an taobh eile ar bhóithrín Cháit ní Fhearchair. Ta an bóithrín sin céadh slat ar fad, agus ní bheidh call ort ach a dhul leath-bealaigh ann, agus casadh taobh do láimhe deise aríst súas bóithrín Shíle Bhig, atá dul suas chuig an gcaisleán, agus nuair a rachas tú chomh fada leis an gcaisleán, cas síar taobh do láimhe clé, ar bhóithrín — “Ó stad, stad,” arsa Pádhraig, “níl as oiread rin bóithríní sa domhan mór. “Bíodh foighid agad níl ort ach bóithrín eile le siubhal,” arsan buachaill. “Níor shiubhlas coiscéim de aon bhóithrín acu fós agus, ní bheidh mé ar ais nó go mbí sé 'na mheadhon oidhche,” arsa Pádhraig. D'imthigh le Pádhraig, agus, chas isteach bóithrín na gcon ceart go maith, agus, chuaidh chomh fada le tígh Eibhlín Ní Éiligh, chuaidh sé isteach tígh Eibhlín agus d'fhíafruigh an bealach go tígh na d-táilliúr “Manam” arsa Eibhlín, “go bhfuil an oiread táilliúr sa mbaile, agus gur deacair dhom thú a fhreagairt. An é Líam Beag Ó Néill atá uait. Má's é ní cáll dhuit a dhul i bfad. Tá sé sa teach sin thíos a bhfuil an fhuinneóig ann, agus tá beirt tháilliúr san teach sin thúas, Páidín crapach agus Seán Ó Gráinne,
no téigh síos tígh Mháire Chléirín, a bhfuil a mac na táilliúr.” “Ó ní ceachtar acu sin atá uaim. Paitsín Bachach agus Tomás-réir-a-chéile atá uaim.” “Má's íad déan amach íad” ar sise, mar bhí sean-stainc istigh aici do Tomás, de bhárr baill-séire eicín a rinne sé uirthi. D'imthigh leis agus chuaidh sé isteach tígh Phaidi Bodhair Mac Donnchadha, agus bhí beirt fhígheadóirí ag obair annsin, agus chuir síadsan píosa eile é. Chuaidh sé isteach i naoí no i ndeich dtigthe eile, agus, ní raibh teach acu nach raibh sórt fear ceirde ann, gréasaidhthe nó figeadóirí nóa táilliúirí, ach sa deireadh núair a bhí sé tugtha, sáruighthe casadh buachaill beag air, agus, chuaidh sé le Pádhraig, agus, thug thrí na bóithríní uile é nó go dtáinigeadar go baile beag na d-táillúir féin, i gceann thíos thíar de baile Lios-an-átha an áit a raibh tígh Phaitsín agus Tomáis. Chuaidh Pádhraig isteach agus thar éis bail ó Dhía a chur orthu shuidh sé síos, mar bhí sé tromh, tuirseach thar éis a thurais. Dh'fhíafruigh sé dhíobh an bhféadfadís a dhul leis le roinnt éadaighe a dhéanamh. Bhí aithne mhaith acu air agus dúbhradar go bféadfadh. Thosuigh sé air annsin ag innsean dhóibh an obair a bhí air ag iarraidh iad a dhéanamh amach, agus go raibh faitchíos air nach ndéanfadh sé a bealach amach go réidh as an mbaile. “Ó racha mise leath go dtí ceann an bhaile,” arsa Tomás agus chuaidh. “Is fearr dhúinn a dhul trasna na bpáirceannaí, is fusa dúinn as mbealach a dhéanamh ann ná 'sna bóithríní, gídh gur fuide an bealach trasna, ach, má's fuide féin, is fearr an bealach réidh fada, ná an bealach achrannach gearr.” Isteach leobhtha staighre mhór i ngarrdha gabhaiste Thomáis Nóra, agus, mar bhí an oidhche ag tuitim, shíl Tomás gor gaduidhthe íad a bhí ag teacht ag goid a chuid meacain, agus, siúd amach é i ndhiaidh na beirte. Rith Tomás-réir-a-chéile. Bhí sé breágh lúthmhar, ach bhí na crampaí ag gabhail do Phádhraig Nápla, agus ní raibh mórán fonn reatha air, ach mar sin féin, nuair is cruaidh don chailligh caithfe sí rith, agus rith Pádhraig chomh maith i n-Éirinn agus b'fhéidir leis ach is gearr gur cuireadh i ndiaidh a mhullaigh é síos i gclais a bhí i gcúinne an gharrdha. Bhí Tomás Nóra ar a dhruim ar an bpoinnte boise, agus greim cúl chinn aige ar Phádhraig agus é dhá sháthadh síos faoí 'n uisge, agus é a' rádh, “Tá greim agam ort anois, a bheitheamhnaigh a ghaduidhe chróntaigh, ach ní ghoidfe tú meacan uaimse nó duine ar bith eile, mar as so ní racha tú. Bhí sé beagnach múchta nuair a tháinig Tomás-réir-a-chéile ar ais, agus tharraing Tomás Nóra de dhruim Phádhraig Nápla. Nuair a chonaic Tomás Nóra, Tomás-réir- achéile, thosuigh sé ag innsean dó an chaoi ar rug sé ar an ngaduidhe a bhíodh ag goid a chuid meacan. “Téigh isteach abhaile agus bíodh sórt céille agad. Nach shin fear gnaoidheamhail as Baile na hAibhne a tháinig an thóir Phaitsín agus mé féin le haghaidh éadaighe a dhéanamh.” D'imthigh síad leo aríst ach is ar éigin a bhí Pádhraig i ndon siubhail, bhí a chuid éadaighe chomh fliuch salach sin, agus ní raibh fiche slat dhá n-deachadar nach raibh claidhe nó fál, bhí na goirtíní chomh beag sin. Shíl Pádhraig nach mbeadh sé ag an g-ceann eile den bhaile go bráth. “D'aile,” adeir sé, “dhá dhonacht dhá raibh an bealach thart an bóthar is seacht measa an aithgiorra.” Sa deireadh bhíodar ar an mbóthar árd. Chuaidh fear Bhaile na h-Aibhne ar a bhóthar fhéin, agus chuaidh Tomás abhaile. Is gearr a chuaidh Pádhraig Nápla nuair a casadh Filipín Ó Murcadh air a bhíodh ag obair tígh Wilson. Bhíodar tamall ag cainnt i dtaobh na h-aimsire agus rudaí eile. Thosuigh Fhilipín ag innsean do Phádhraig go raibh sé a' marbhú muice agus dhá glanadh ar feadh an laé agus go raibh sí crochta sa sgiobhól, agus adeir sé nár mhaith an bheart dhúinn í a ghoid anocht, mar is beag an truaigh é Wilson gidh go mbéidir dhó na daoine oibre a fhágáil gan feóil, ach ar ndóigh is beag an fheoil a gheobhfas síad cé is muite den chóisteóir. “An gcuimhnígheann tú ar an muic a mharbhuigh sé anuraidh, núair a chuir sé píosa ag gach teach le na chrochadh ar an seimléar, sa g-caoí is go mbeadh sé na bhagún cheart shábáilte, agus mheadhaigh chuile phíosa dul ag na tigthe agus ag teacht ar ais aríst, le faitchíos go mbeadh sgeabhóg ar bith bainnte dhe.” Bhí Feilipín le Pádhraig nó gur chuir sé an oiread dalla mullóige air agus go n- deacaidh se i n-éindigh leis. Chuadar tígh Wilson i lár an mheadhoin oidhche agus ghoideadar an mhuc, gan aon cheó a thárlaint dóibh, agus thugadar an mhuc, le obair mhór chomh fada le tígh Phádhraig, agus ghearradar, agus shailleadar é, agus chuireadar i dhá thobán an fheoil, agus dhruideadar na tobáin isteach fá'n mbord, agus sgaradar brat os a gcionn, gídh go raibh bean Phádhraig an cur 'na n-aghaidh i gcomhnuidhe. Chuaidh Filipín abhaile, agus chuaidh Pádhraig a chodladh, ach má chuaidh is beag a chodail sé, mar bhí obair na h-oidhche, ag luighe go trom ar a choinsias. Tháinig Tomás-réir-a-chéile, agus Paitsín Bacach ar maidin, tígh Phádhraig Nápla, agus thosuighadar orthu ag táilliúireacht. Thuas ar bhord a bhí an bheirt agus íad ar a n-gogaidí, agus a g-cosa cnaipthe isteach fúthu. Is faoí 'n mbord céadna a bí an fheoil, agus bhíodh Tomás ag fághail a baladh Bhí Pádhraig Nápla agus a bhean imthighthe amach agus d'fhéach Tomás isteach faoi'n mbord, agus nuair a chonaic sé na tobáin agus an brat os a g-cionn bhí 's aige, go raibh muc 'sa salann. “Ara glac t-ionbha a mhic ó, tá muc marbh sa teach seo, ná bíodh deifir ar bith ort ag imtheacht as áit mar é,” adubairt Tomás 'na chogar. “A n-deir tú sin liom,” arsa Paitsín. “M'anam go mbeidh a shliocht orainn, go mbainfeamuid fad as an obair.” D'fhéac Tomás amach sa bfuinneoig, agus chonaic sé Pádhraig ag rith isteach agus fallradh ann, agus an bhean 'na dhíaidh ag rith ar a dicheall. “Óra céard a dhéanfamaid tá na pílers ag teacht,” arsa Pádraig, “agus geobhfa síad an fheoil, agus beidh 's acu gurb í muc Wilson atá ann.” Níor labhair Tomás-réir-a-chéile focal, ach thug léim anuas den bhord, tharraing amach an dá thobán i lár an urláir, bhain anuas an dorus agus chuir os a gcionn é, agus annsin thug leis an bríste a bhí sé a dhéanamh, agus shuidh thúas ar an doras agus thosuigh a' fuagháil ar a mhíle dícheall. Bhí Pádhraig ar feadh an ama seo ag aithris dóibh faoi ghoid na muice, agus an bhean ag fúachaiseachaigh agus ag faire amach, ach bhí ní pílers istigh tígh Mhicil Uí Eidhin, ag tóruigheacht na muice. Is gearr go d-táinigeadar isteach tígh Phádhraig Nápla, agus núair chonaiceadar Tomás-réir-a-chéile ag táilliúireacht ar an doras, thosuighdar ag gáire. D'fhiafruighdar de Thomás ce an chaoí a raibh sé mar bhí sean- aithne acu air. Sé a bhíodh ag déanamh éadaighe dhóibh, agus is iomadh spóirt agus greann a bhainidís as. “M'anam le lomh-chlár na fírinne a i-- díbh gur mé tá go maith, gan bréig -- áibhéil ar bith, go bhfuilim ar dhruim na muice anois ar chuma ar bith,” arsa Tomás ag cuir slis air féin. “Is maith linn sin, a Thomáis,” ar síadsan. “Is maith sin.” Chúartuighdar an teach ar thóir muice Wilson ach amháin an méid a bhí faoi Thomás, ach dhá mbeadh fhios acu an mhuc a raib Tomás ar a druim, ach ní raibh 's. MÁIRTÍN Ó DUBHAGÁIN. FÁINNÍ Má theastuigheann fáinní uait sgríobh chugam-sa & cuirfead chugat leabhrán a bhfuighe tú gac eolas i n-a dtaobh ann. Taisbeánfa sé duit an chaoi le airgead & aimsir a shábháil & trioblóid a sheachaint S. FALLER, I nGAILLIMH. DROCH FHOGHMHAR I N-URAIDH. Níl aon mhaith sa mbliadhain seo le hais na bliadhna i n-uraidh le haigh fataí. Tá boicht Chonamara an bhuailte suas i mbliadhna d'easbaidh fataí. Bhí a bfurmhór lobhtha sa talamh agus níorbh ionghantas é mar gheáll ar an tsíor-bháisteach i geaitheamh an tsamhraidh agus i geaitheamh an Fhóghmhair. Ní hé sin amháin a chuir daoine bochta as fataí, a bárr ar an mí-ádh, thuit an galar ar na fataí i mbliadhna níos truime ná thuiteann sé bliadhanta eile. Ní raibh na daoine bochta i n-acmhuinn aon spray a chur ar na fataí mar ní raibh a luach ag an gcuid is mó acu. Dhá mbeadh féin ní bhíonn aon mhuinghin mhór ag cuid acu as an spray. Bíonn siad a' ceapadh nach bhfuil aon mhaith ann. Ach i mbliadhna tá's é sin. An té a chuir spray ar chuid dhá chuid fataí i mbliadhna agus a d'fhág píosa gan é a chur ortha, cheal a bheith i ndon é chur ar an iomlán, d'fhan an chuid a ndeachaidh an spray orthu glas agus bhí fataí maithe iontú. Agus an chuid nach ndeachaidh an spray orthu thuit an galar orthu agus leágh na barrannaí ar siubhal, agus ní raibh fataí ar bith iontú. Bíonn bliadhanta ann thar a chéile a dtuiteann an galar ar na fataí agus bliadhanta eile nach dtuiteann. Aimsir chiúin, dhorca i mbíonn an spéir lán le smúid agus le ceó seadh thuiteas an galar ar na fataí. Aimsir chiúin dhorcha den tsórt a bhí ann i mbliadhna nuair a thuit an galar ar na fataí. Tá cuid de mhuinntr Chonamara chomh buailte suas as fataí i mbliadhna agus gur ar éigin a bhainfidís béilí fathaí ar feadh laé. PEADAR Ó DIREÁIN. Teach Ósta Mhic Chartha An teach a raibh dídean ann do Fhianna Fáil i n-aimsir an ghábhaidh, ní féidir a shárú fá shócamhail. LEITIR CEANNAINN, Diarmuid Ó Donnabáin, Gach saghas toradh, sgoth, milseán, &c. SRÁID GEATA LIAM, I nGAILLIMH. Níl aon tsiopa ins na cúigí a bhfuil níos mó earraidhe Gaedhealach le fagháil ann ná ag A. MOON, TEORANTA, A dhíolas cultaí fear, hataí ban & gach aon tsort éadaigh fheileas d'fhear, bean, nó páisde. FIORGÍONTA EGLIONTON, I NGAILLIMH. AN STOC. ORDÚ. Don ATHAIR Ó CEALLAIGH, Sráid Dominic, NA GAILLIMHE. A Chara, Cuir chugham … cóipeanna den STOC gach mí go ceann. Ainm … SEOLADH …
Ar Mhaith Leat £5,000,000 a Chimead in Eirinn? Bheirid Gaedhil na hÉireann an carn mór san airgidh gach bliain do Sheán Buidhe i ngeall ar airgead Urradhais, ar Loscadh, ar Thionóisc agus ar Shaoghal Daoine, agus cailliúnt cheart d'Éirinn iseadh £80 a' gach £100 de sin. AN GAEDHEAL-CHOMHLUCHT TAIGHDE UM URRADHAS NAISIUNTA, TEORANTA (The Irish National Assurance Coy., Limited) ARD OIFIG — 30 FAITHCHE AN CHOLAISTE, ATH CLIATH CUIDIGH LE DÉANTÚS NA hÉIREANN. TOMÁS PÁMAR & A CHOMH. MUILTEOIRÍ PLÚIR, I nGAILLIMH. B. V. Ó HÉIMHIGH, LÓN-CHEANNAIDHE, GAILLIMH. Gach rud ar fheabhas. S. T. Ó COISDEALBHA, AN CHEARNÓG, GAILLIMH. An fheoil is fearr le fághail aige. P. O CAOMHÁNAIGH, Ph. C. M.P.S.I. SRÁID ÁRD, NA GAILLIMHE. Ó NÉILL & A CHOMH, GAILLIMH. Díoltóirí bróg & leathair. Cuirtear deis ar bhrógaí an móiméad a thagas siad isteach. TEACH ÓSTA UÍ MHATHGHAMHNA SRÁID FOSTER, I nGAILLIMH. Aoidheacht gan locht. TOMÁS BREATHNACH, LÓN-CHEANNAIDHE. AN CHEARNÓG, I NGAILLIMH. Teas-intreabh, Taoidhean-oibreacha, agus Foirgneamh Tighthe. ROIBÉARD MAC DOMHNAILL, Sráid Doimnic, GAILLIMH. Muiniú céin-sgéil: “Plumbus,” Gaillimh Bu cheart do gach Gaedhilgeoir i mBaile Átha Cliath gan aon arán do cheannach ach ARÁN Uí CHINNÉIDE AN T-ARÁN IS FEARR DÁ nDÉANTAR. 124 go dtí 131 SRÁID PHÁRNELL Agus BÁCÚS NAOIMH PHÁDRAIG, BAILE ÁTHA CLIATH. Guthán – 3141 CUMANN URRADAIS. MHUINTIR NA hÉIREANN Tá an teacht-ísteach anois os cionn £25,000 Tá téarmaí thar barr aca d'urradhas saoghail agus d'urradhas-sealadach. Tá Fir-ionaid uatha. ÁRD OIFIG: 16 CEARNÓG PÁRNAIL, ÁTH CLIATH. AN HALLA LEIGHIS. Sráid Geata Liaim & Sráid Doimnic, na Gaillimhe. Gach leigheas ar fheabhas & ar ghloine. SEAN Ó FAOLÁIN, L.P.S.I., Poiticire TOMÁS Ó CATHÁIN, Lón-Cheannaidhe, SRÁID NA SIOPAÍ, I NGAILLIMH. Biadh, Tae & Fíon ar fheabhas. AR FÁGHAIL ANOIS AN DARA CUR AMACH (AITH- SGRÍDBHTHA). FOCLÓIR GAEDHILGE LE FUAIM GACH FOCAIL A Chur I gCéill Don Leightheoir SÉAMUS Ó DUIRINNE AGUS PÁDRAIC Ó DÁLAIGH A CHUIR LE CHÉILE 220 leathanaigh. Luach 2/6 glan tríd an bposta 2/9. Tá tuairim is 10,000 focal ann, na focail atá i n-úsáid de ghnáth. Beidh an leabhar seo i n-a cúl toraic don mhac léighinn, don teastalaidhe & don duine ghníos thráchtáil in áit ar bith a bhfuil Gaedhilge ar labairt ann. Séard adeir “The Irish News,” go ndearna Séamus Ó Duirinne & Pádraic Ó Dálaigh rud le chúis na Gaedhilge a chur ar agaidh nach ndearnadh ó sgríobh an tAthair Eoghan Ó Gramhna a chuid leabhar. COMLUCHT OIDEACHAIS NA hÉIREANN TEORANTA. 89 Sráid Talbóid, Ath Cliath agus lucht díolta leabhar fré chéile. SÉAMUS Ó BÉACHÁIN Ceannuidhe Guail & Iomchuróir. SRÁID MHEADONACH, NA GAILLIMHE. Tá an tae is fearr i gConnachta & go leor neithe eile atá riachtanach le fagháil I dtigh MHONICA NÍC DHONNCHADHA SRÁID ÁRD NA GAILLIMHE. Tá TEACH a bhfuil compóirt ann ag SÉAMUS Ó LAIDHE, SRÁID DOMINIC ÍOCHTAR NA GAILLIMHE. “Togha gacha bidh & sean gacha dighe” aige. Ceannuigh éadach ar bith theastuigheas uait ag tigh … THOMÁIS UÍ CHATHAIL, I NGAILLIMH, Áit a bhfuighe tú luach do chuid airgid. Printed for the Publishers At the “Connacht Tribune” Printing Works, Market Street, Galway.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services