Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Feabhra - Márta, 1924

Title
Feabhra - Márta, 1924
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Ó Máille, Tomás
Composition Date
1924
Publisher
Coláiste na hIolsgoile, Gaillimh

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN STOC



TOMÁS Ó MÁILLE DHÁ CHUR I N-EAGAR.



SRAITH NUA. LEABH. I. UIMH, 6. FEABHRA — MÁRTA, 1924. DHÁ PIGHNN A LUACH.



AN SAOGHAL.



NA CUANTA.



Tá Éire suidhte sa bhfairrge & a haghaidh
siar agus a cúl don domhan thoir. Siar atá
a n-aghaidh ag go leor dá cuid daoine, an
méid acu nach bhfuil saothrú acu sa mbaile.
Tháinig roinn chabhrach chuici as an domhan
thiar ach níor tháinig meadh ar mheadh an oiread
is rinne sí ar shon an taobh sin. Tá mórán
dá cuid fola imthighthe siar & tiocfa cuidh
mhaith maitheasa as an taobh thiar shul dá mbí
a cion féin ag Éire.



Ach ní ón taobh thoir ná on taobh thiar atá
súil aici le cabhair a fhághail ach as a talamh
& a cuanta féin & as gníomh a muintire. Do
réir an méid maitheasa atá innti féin seadh
a fhéadfas sí tairbhe a bhaint as tíortha i
gcéin. A' súil le brabach dhóibh féin a bhíos
lucht ceannaigheachta & tráchtála 'chuile thíre
& ní ag iarraidh maith a dhéanamh do dhream
ar bith eile a bhíos siad mur mbí ceapadh
acu go mbeidh balachtáil ar bith acu dhá
mbárr.



BÉAL AN BHEALAIGH.



Tá deis ag Éire nach bhfuil ag mórán
ríoghachtaí eile, sé sin, ina cuid cuanta. Tá
sí i mbéal an bhealaigh idir an domhan thiar
& an domhan thoir. Má bhíonn aon chur un
cinn ná éifeacht innti féin beidh soithigh an
dá dhomhan sin a' tarraing uirthi. Bhíodar
mar sin cheana nuair a bhí rath uirthi.



Is ar an taobh thiar d'Éirinn is fearr atá
na cuanta. Tá cuanta ar an taobh thiar nach
bhfuil cuanta i n-aon céard den domhan i
ndon cinnte orthu. Dhubhairt an “Pall
Mall Gazette” páipéar nach raibh an-
fhabhrach d'Éirinn & é a' trácht ar an gceist
sa mbliadhain 1901: “Níl ar dhruim an
domhain aon dá chuan is fairsinge ná is lugha
contubhairt do shoithigh ná Gaillimh & Halifax.
Sé feabhas a cuain a thug tosach do Ghaillimh
sa sean-tsaoghal féin, nuair nach raibh is na
trí oileán ach dhá bhaile cuain ba mhó ná
Gaillimh, siad sin Lonndain agus Bristol
Shasana.



CUAN NA GAILLIMHE.



Ach an t-ór atá sa talamh níl aon mhaith
leis mur mbaintear as é; ar an gcuma
chéadna níl morán maitheasa sa gcuan is
fearr sa domhan ó nádúr mur ndéantar
caladhphort ann. Sa gcaladhphort a déan-
faidhe ar an saoghal seo níor mhór suas le 6
nó & bhfeadha de dhoimhne a bheith ann le go
bhféadfadh na soithigh mhóra a thigheacht i dtír
ann. Bíonn an iomarca deifreach ar
na soithigh sin le go bhféadfaidis a
bheith a' fuireach taoille. Dá ndéantaí
caladhphort i gCuan na Gaillimhe, sé sin,
ag na Forbacha, ní bheadh aon mhoill ar
shoitheach mhór a thigheacht isteach ann. Ní bheadh
sgeird ná tanaidhe ná maidhm róimpí ach
béal na fairrge móire isteach go dtí an
chéibh & bealach fosgailte ó Cheann Bóirne go
dtí an talamh ó thuaidh agus amach idir
Oileáin Árainne. Chuirfeadh dhá mhilliún
punt bail mhór ar an gcaladhphort sin le go
bhféadfaidhe na soithigh is mó dá bhfuil déanta
seoladh i dtír ann agus feistiú róid a chur
orthu san acarsaid. Déarfadh duine gur
doiligh an méid sin airgid a chomhaireamh, ach
ní mór airgead a leagan amach le tuilleamh
a ghnóthachan.



TUILLEAMH EOLUIS.



Thug an t-Ollamh Rishworth léigheacht ar
an gceist seo .i. caladhphort na bhForbach, i
gColáiste na Gaillimhe, tuairm 's mí ó shoin.
Mhínigh sé an méid buntáiste a bheadh le
longphort a dhéanamh san áit úd agus chomh
riachtanach is bhí sé a leitheid a dhéanamh má
ba le Éire a hionad féin a ghabháil i
gceannaigheacht & i dtráchtáil an domhain.
Chuir sé i n-iúl go háithrithe na poinntí seo:
(1) Go mbu mhór an aithgiorra ar an aistear
fairrge idir an Eoróip & an Domhan Thiar, &
an luas dá réir, Longphort a bheith annsin;
(2) Nach gcuirfeadh an Longphort sin cúl ar
aon longphort eile dá bhfuil i nÉirinn fá
láthair; (3) Gurb é dúil an luicht taistil &
na maraidhthe i gcomhnuidhe an t-iomlucht is
giorra a ghabháil; (4) Gur maith le lucht na
soitheach mór tarraing ar an gcaladhphort
is goire & is comhgaraighe a bheas do bhéal
na sean-fhairrge a mbeidh céibh & duga le
fághail ann ar gach uile thráigh & taoille gan
a bheith orthu a bheith a' fanacht calaidh; (5)
Nach dtig le soithigh mhóra a dhul isteach go
príomh-longphuirt Shasana, go Liverpool,
Lonndain ná Southampton ach ar thráigheanna
áirthe, & go mbíonn moill mhór orthu mar
gheall ar an gceo & basgadh na soitheach eile
a bhíos a dul isteach is amach; (6) Go bhfuil
an-doimhne ag na Forbacha le go bhféadfaidhe
caladhphort a dhéanamh ann gan mórán
costais; (7) Gur mó de thrian an méid
iomlochtaí a dhéanfadh soitheach a bheadh a' rith
idir Gaillimh & Meiriceá ná a dhéanfadh an
soitheach céadna dá mbudh idir Liverpool &
Meiriceá a bheadh sí a' rith.



BUAIDH EILE.



Tá buaidh eile ag an Longphort réamhráidhte
gurb é is fearr a d'oirfeadh do Bhaile Átha
Cliath & a mhéadóchadh ar a thrácht. Bhí an
t-Uachtarán Liam Mac Cosgair & a chuallacht
a' breathnú ar an láthar sa samhradh seo
caitheadh, & tá sé i gceist go raibh meas mór
ar an áit aige.



B'fhéidir go n-abróchadh daoine mar
dubhradh go minic fá n-a leitheid go bhfuil
leagan amach mór ag muintir na Gaillimhe
& go bhfuil a súil thar a gcuid acu. Ach sinne
a chonaic le n-ar linn féin Éire ag éirghe
as an lathaigh go dtí an airde a bhfuil sí,
a chonaic an bhail a bhí ar an nGaedhilge &
ar na Gaedhil iad féin fiche bliadhain ó shoin
ar ghualainn mar tá orthu anois ar aon níor
mhaith linn droch-mhisneach a chur ar réamh-
théisglim den tsórt seo ná a rádh go mbu
rud é nach mbeadh tairbhe ná iarmairt air



MUINTIR MHEIRICEÁ & GAILLIMH.



Ar aon bhealach, ní sinne amháin atá a'
cuimhniú ar chuan na Gaillimhe mar cheann
cúrsa Loingise idir an Domhan Thiar & an
Domhan Thoir ach tá muintir Mheiriceá i
n-aireachas chruaidh air freisin. Bhí an fear
atá i gceannas Buird Loingise & Tráchtála
Státaí Mheiriceá, an fear is airde atá ag
riaghaltas Mheiriceá i mbun na hoibre seo
a' cur síos le achar goirid ar chaladhphort
na bhForbach. Sé an t-ainm & an sloinneadh
atá air Éamonn Mac An Aodhaire, & seo
í an chaint adubhairt sé i n-agallaimh a bhí
aige le Éireannach arb ainm dó A. P. O
Corcráin: “Do réir luighe na tíre níl i
nÉirinn aon chaladhphort is fearr ná is
teachtmhaire na Gaillimh. Dá mbeadh Long-
phort annsin le hagh' tráchtála le Meiriceá
tig liom a ghealladh go gcuirfeadh muinntir
na Státaí a gcuid soitheach iomluchta go dtí
é. Bheadh sé rí-oireamhnach go háithrithe le
hagh' soitheach a bheadh a' rith leitreacha.



Dá mbeadh caladhphort déanta annsiod
chuirfeadh lucht bóithrí iarainn na hÉireann &
Shasana traentacha a' rith ón gcuan go Baile
Átha Cliath & Dún Laoghaire & a ghabhfadh as
sin isteach ar bháid déanta le hagh' na
hócáide go dtugtaí go Sasana iad. Ní
bheadh aon mhoill annsin orthu ach iad a' rith
isteach arís ar bhóthar iarainn eile go dtugtaí
go Lonndain iad & b'fhéidir go dtí Críocha
Leatha.



An té a léigheas trácht & seanchas ar bhailte
móra cuain a bhí i n-éifeacht seal, gheobhfa
sé ughdar ionntu gurb ag an gcuan is fearr
& is oireamhnaighe ina ré féin a bhíos an
buaidh i gcomhnuidhe.



CUMADH FOCAL.



An rud a gcaitheann duine a rian air ar
feadh i bhfad bíonn an-eolus aige air sa
deireadh. Dhá mbudh iad luibheanna an
mhachaire nó éanacha an aeir a gcuirfeadh
sé spéis ionntu ach an-luigheadh a bheith aige
leo & géar-bhreathnú & grinneadh a dhéanamh
orthu bheadh eolus aige orthu i ndeireadh na
dála nach ndearna sé amháin cuimhniú go
raibh a leitheid ann nuair a thosaigh sé a' cur
suime i dtosach ionntu. Agus bheadh focla
ar eolus nó cumtha aige le míniú a thabhairt
& cur síos a dhéanamh ar gach cuid acu. Sa
sean-tsaoghal, do réir chuile sgéil & ughdair,
seanchais & cosamhlacht, chuir Éireannaigh
suim mhór san achrann, & chaitheadar an-
dúthracht leis. Bhídís a' troid is a' bruighin
is a' déanamh gleo, bhídís go mion is go
minic ag imreas & a' sgliúchas & a siúite
le chéile. Tá a chruthú le fághail sa méid
duanta, laoidhthe & amhrán atá cumtha sa
nGaedhilge a' cur síos ar chath & ar chomhrac
ar chomhlainn & ar chonghail go raibh sin amlaidh.
Ní raibh aon mholadh ar féar ar bith ach an
gaisgidheach a bhéarfadh buaidh le neart a
thréan-lámh nó i los arm san iorghail, nó an
rí a chuirfeadh maidhm catha & ruaig ar a
námhaid san ughra. Agus ina theannta
sin, níor mhór don taoiseach a bheith
ina dhos dídean dhá mhuintir i n-aim-
sir éigin agus ina thaca re gliaidh
i mbearna an bhaoghail ag gleic dhá n-
ionnsaigheadh a námhaid go fealltamhail é.



Is iomdha dream daoine, b'fhéidir, a bhí comh
dúlda un troda leis na Gaedhil nó ionann
's é, ach ní fhágann sin nach raibh eolus acu-
san uirthi mar tá lé léigheadh as an gcaint
atá ráidhte. Bhí buaidh focal acu ar aon
nós.



TRÍ GHIRR-FHIADH.



Bhí páipéir Shasana a' trácht ar ghirr-fhiadh
a dúisigheadh le goirid & nach raibh fhios cé
stadfadh sé. Sé'n girr-fhiadh a bhí i gceist
acu caingean na tórainne a bheas idir an
ceann thoir thuaidh de Chúige Uladh & an chuid
eile den tír má bhíonn sin tórainn ar bith


L. 2


eatorru sa deireadh & ní dócha go mbeidh.
B'fhéidir go mb'fíor dhóibh. Is minic a
tharraing ughdar is lugha ná é achrann. Tá
girr-fhiadh eile ina dhúiseacht níos goire do
bhaile don tSasanach féin, sé sin, an mhalairt
riaghaltais a rinneadh i Sasana le goirid &
b'fhéidir gur fuide arís a rachadh seisean
shul dá ndéantaí a ceapadh. Is mór an gar
linn, míle buidheachas le Dia, go dtig linn
breathnú ar an leigean a bheas ann gan a
bheith ro-imnidheach don choin ná don ghirr-
fhiadh. Atá an tríomhadh girr-fhiadh ina
dhúiseacht is na hIndíacha Thoir & tá sé a'
déanamh an-imnidhe don tSasanach. Ní cosa-
mhail gur rith searraigh a bheas aige-san ach
oiread — má ceaptar chor ar bith é.



GNÍOMH NA FAIRRGE



Tá sé suim bhliadhanta anois ó rinne an
fhairrge obair iongantach sa taobh thoir de
Leitir Mealláin i n-Iarthar Chonamara
Oidhche raibh oibriú diabhalta sa bhfairrge
cuireadh cloch mhór mhíllteach aníos as an
bhfairrge sa taobh thiar de Leitir Mealláin.
Sí an fhairrge féin a chur aníos ann í, ce
go bhfuil daoine ann nach bhfuil baoghal ar bith
go ngéillfeadh siad gurab í an fhairrge a
chuir aníos ar aon chaoi í.



Nuair a cuireadh ann i dtosach í chuir sí
iongantas ar chuile dhuine. Bhíodh daoine
a' rádh gurab iad na daoine maithe a chuir
ann í. Cuid eile a' rádh gur tasbánadh chuir
Dia ar an saoghal í gur raibh athrú mór agus
neithe iongantacha le thigheacht ar an saoghal.
Cébe sgéal é, is iomdha an lá atá indiú ann.
ar an saoghal ó tháinig an chloch mhór sin i
dtír annsin go dtí an lá atá indiú ann.
Tháinig daoine i bhfad 's i ngearr a' breathnú
ar an gcloch mhór sin nuair a chuaidh a cáil
amach.



Cuidh dhá dtáinig séard a bhíodar a rádh
nach as an bhfairrge tháinig an chloch beag
ná mór, nár chosamhail le clocha na fairrge
chor ar bith í. Go mba chosamhail le cloch
í dteangóchadh teine léithi agus go mbéidir
gur píosa de na pláinéid í a thuitfeadh
anuas ar an talamh nuair buailfí torneach
fúthu. Ach más daoine iad sin a bhí a ceapadh
nach bhféadfadh brígh ná neart na fairrge an
chloch mhór sin a chur i dtír ansin, nach raibh
sé chomh íongantach thréis í thigheacht ann
dtosach nuair a chorruigh an fhairrge faoi dhó
aríst í. Agus an corrú deireannach a rinne
an fhairrge ar an gcloch mhór, rinne sí trí
nó ceathair de phíosaí dhi.



An té dfheicfeadh na fairrgí fiadháine a'
taobh thiar de Leitir Mealláin, ní dhéanfad
sé aon iongantas go ndéanfadh sí rud ar
bith. Fairrgí fiadháine agus ní ionghantas é,
mar tá an teisgine osglaighthe aniar is gan
fasgadh ná dídean le fághail aige ó áit ar
bith beó. Tonntracha móra áithbhéalta a' rith
aniar agus dhá mbualadh féin go díocasach le
dioghaltas fá 'n gcósta daingean carraige
tá taobh thiar den oileán. An té d'fheicfeadh
na fairrgí fiadháine agus na tonntracha
áithbhéalta sin ní dhéanfadh sé an iongantas
de ghníomh na fairrge.



PEADAR Ó DIREÁIN.



TOMÁS MAC SEINÍN



SRÁID DOIMINIC,
NA GAILLIMHE.



Togha na feola de gach cineál.



MÁIRE NÍ RAGHALLAIGH,



Díoltóir leabhar & páipéar &c.



87, Sráid Uach. na Driseóige,
ÁTH CLIATH



Ó COIRBÍN & A MHAC



LÓN-CHEANNAIDHTHE
DÉANTÓIRÍ UISGÍ MIANAIGH



Gaillimh & Béal atha an Riogh.



CAITLÍN NÍ CHURRAIDHIN



Níor tháinig i Muigh Cuilinn le cuimhne cinn
an duine ba sine sa bparáiste aon bhliadhain
a sharóchadh an bhliadhain míle naoi gcéad
agus trí déag (1913). D'fhás an féar go
breagh, thriomuigh an mhóin gan mórán
trioblóide fhághail uaithi, agus, maidir leis
na barranna, bhíodar thar barr. Níor
díoladh sa gceanntar i rith na bliadhna sin
aon bheithidheach ar “árduighidh orm é,” agus
bhí slighe mhaith Ghaillimheach ag na sean-mhná.
Bhí a shliocht sin uile ar mhuintir an
pharáiste: bíodar ag imtheacht as a gcranna
cumhachta le rachmus an tsaoghail seo.
Roimhe seo, ní leigfeadh an náire do na
h-ógánaigh aon áirneán a dhéanamh ach amháin
ins an ngeimhreadh, ach anois is cuma cé'n
séasúr den bhliadhain a bhí ann ní bheidís
sásta gan sgathamh den oidhche a chaitheamh ar
theallach na comhursan.



Oidhche áithrid sa bhfoghmhar dá raibh bua-
chaillí Leamhcholla ag dul ar a gcuairt casadh
fear óg orthu ag ceann bóthar Liathleitir.
Níor bhfurusda dhóibh gan sonndas ar leith a
thabhairt don taistealaidhe, arae bhí a cheann
agus a ghuaille aige ar gach fear sa
bparáiste sin agus é leathan láidir dá
réir. Ag dul amach thairis dóibh, bhí deis
mhaith acu a cheann-aghaidh áluinn a bhreithniú,
mar bhí gealach na gcoinnlíní a' soillsiú go
breagh os a gcionn. Bheannuigheadar dhó
agus fuaireadar freagra múinte, mánla.
Cé nach raibh aithne ná eolas ag ceachtar acu
air, luigh a gcroidhe leis ar an toirt. Nuair
a shroicheadar an teach cuarta sin é an áit a
raibh an cur agus an cúiteamh. Cé hé an
taistealaidhe? Cé'n chaoi raibh sé gléasta?
Céard a thug an bealach úd é? Raibh sé
pósta nó nach raibh?



“Mara bhfuil sé pósta, muise,” adeir
sean tSeán Learaidhe, “is dhó féin is measa
é, má tá faoi fanacht san n-áit seo. Beidh
sé meáraighthe ag cailíní na barúntacht', má
tá sé chomh dathamhail is deir sibh. B'fhéidir
go gcuirfeadh Brighid Mhór an chluain air,
mar shíl sí a chur ar a lán.”



“Nach bog é an t-asal,” adeir Pádhraic
Dheaid,” bíonn lucht taistil níos áir-
deallaighe ná sin.”



Leis sin buaileadh buille ar an doras,
agus, nuair a hoscladh é, cé bhuailfeadh chucu
isteach ach an tairtealaidhe.



“Do bheatha agus do shláinte,” adeir
Pádhraic, fear an tighe. “Suidh síos, agus
déan do ghoradh.”



“Ní tráth dá fhaillighe é,” ars an strain-
séara, “tá orm lóisdín fhághail fós anocht,
agus ba mhaith liom cur fúm i n-áit eicín sna
bólaigh seo. An bhféadfá mé chur ar an
eolas?”



“Muise, a dhearbhráithrín,” adeir Pádhraic,
“níl aon áit lóisdín sa mbaile seo a
dfheilfeadh do do leitheide mara bhfuil Teach-
Posta Chúl-Druid ann.”



“Cá bhfuil sé sin?” adeir an taistea-
laidhe.



“Tuairim dhá mhíle as seo,” adeir
Pádhraic. Rachaidh Micilín Cháit annseo i
n-éindigh leat go dtaisbeána sé dhuit é. Ac
an misde dhom fiafruighe cé'n t-ainm atá
ort nó cé'r b'as thú?



“Ní misde, ná chor ar bith — Séamus Ó
Ruairc as Roscomáin.”



“Ó ainm breagh Gaedhealach, a leabhar-
se,” adeir Pádhraic Dheaid, agus bhí fonn air
go leor ceisteann eile a chur air ach nach
leighfeadh an náire dhó é: gheobhadh sé faill
arís, b'fhéidir.



“Éirigh, a spriosáin,” ar seisean le
Micilín Cháit, “agus déan an duine uasal
seo a thíodhlacan go Teach Posta Chúl-
Druid.”



“Mo chomhairle dhuit sul imtheóchas tú tú
féin a sheachaint ar chailíní báire na h-áite
seo” arsa sean-tSeán Learaidhe. Rinne
Séamus Ó Ruairc meangadh gáire, agus bhog
leis féin agus le Micilín Cháit amach.



CARTHANNAS AN DUINE.



D'áit tuaithe mar é, ní raibh aon chailleadh
ar theach posta Chúl-Druid. Bhí sé te
teolaidhe, cé nach fada uaidh a bhí acraí den
bhogach bháidhte. Triúr a bhí sa teach — Brighid
Ní Crosáin, a hathair, agus a máthair. Nuair
a bhí a bhéilí caithte ag Séamus Ó Ruairc
sa seomra proinne bhuail Brighid isteach a'
rádh leis go raibh cailín áithrid sa Ros, trí
mhíle ó'n áit sin, agus go mba mhait léithi
labhairt leis thríd an nguthán.



“Cuala sí gur as a barúntacht dúthchais
féin tú, agus gur tháinig tú don áit seo
indiu.”



Thosuigh croidhe Shéamus a' preabadh, cé
nár mhaith leis sin a leigean air féin.



“Cé'n t-ainm atá uirthi?” ar seisean.
“Caitlín Ní Churraidhin.”



“Tá a leitheidí i gceanntar an Chaisleáin
Riabhaigh. Agus cé d'innis di go raibh mise
annseo?



“Mise” arsa Brighid Ní Chrosáin. “Tá
sí istigh i dteach posta an Ros anois a'
fanacht go gcloise sí do ghuth.



Amach leis gur labhair thríd an nguthán.
D'fhreagair an guth ón taobh eile: “Halo!
An tú Séamus Ó Ruairc?”



“Is mé. Tusa Caitlín Ní Churraidhin.
Cé'r b'as thú le do thoil?”



“As an gCaisleán Riabhach.”



“Bhí mé dá cheapadh sin ó do chanamhaint.
Cé tá leat annsin?”



“Níl duine ar bith ach bean an phosta
agus mo dheirbhshiúr.”



“Chuala mé gur ait uait amhrán a ghabhail;
b'fhéidir go ngabhfá cúpla ceathramha, mar
dhéanfadh cailín maith.”



“Ná bhí a' magadh anois. Níl aon amhrán
Gaedhilge agam ach Eibhlín a Rúain agus cinn
shuaracha mar sin.”



“Déanfa ceachtar ac ar fheabhas.”



Thosuigh Caitlín agus ghabh sí trí ceath-
ramhna d' “Eibhlín a Rúain,” agus marar
mhól Séamus í bíodh aige.



“Cé'n uair a bhéas tú a' tigheacht anuas
a' breathnú i ndiaidh an chuiléir atá annseo?”
arsa Caitlín.



“Amáireach,” adeir Séamus, “le
congnamh Dé; “b'fhéidir go bhfeicfinn thú.”



“B'fhéidir,” ar sise. “Caithfe mé
imtheacht anois, tá mo dheirbhsúir ag éirghe
mí-fhoighdeach go dtéighe sí abhaile.”



“Truagh sin! Beannacht leat! Tá súil
agam nach mbeidh tú as an mbealach
amáireach faoi n-a bheith slán dúinn.”



“Beannacht leat?” Agus annsin chuala
Séamus gáire ón taobh eile den ghuthán
agus an uirléis dá leagan síos.



“Gáire geal an pháisde é an gáire sin,”
ar seisean i n-a inntinn féin. “Gáire
duine nár airigh cruadhtan an tsaoghail go
fóill ariamh. Gáire cailín shoineannta fháilid
gan anachain gan urchóid.”



A Shéamus, a stór, tá an chluain a'
teannadh leat cheana féin, agus b'fhéidir go
dtuigfeá gan mórán moille rud nár thuig
tú fós ariamh — grád mná óige. Tháinig
musgán mearaidhe ar a smaointe chomh luath
is leag sé an guthán uaidh.



“Nach tráthamail go bhfuil cailín as mo
áit féin annseo. Ní bheidh mé chomh huaigneach
is cheapas,” agus tháinig amhran Raifterí
isteach in a cheann:




“Fágaim le h-udhachta go n-éirigheann mo
chroidhe-se
Mar éirigheas an ghaoth, nó mar sgapas
an ceó
Nuair a smaoinighim ar Chearra is ar
Ghaillinn taobh thíos de,
Ar Sgeathach a' mhíle nó ar phláinéad Mhuig-
Eó.
Cill-Aodáin an baile a bhfásann gach ní
ann,
Tá sméara is súgh-craobh ann is meas ar
gach sórt
'S dá mbéinn-sé mo sheasamh i gceart-lár
mo dhaoine
D'imtheóchadh an aois díom agus bhéinn
arís óg.”




Ach ní ar Chondae Mhuigh-Eó a bhí sé a'
smaoineadh anois ach ar a chondae dhúthchais
féin. Amach leis faoi dheireadh as both an
phosta gur shuidh sé sios chois na teineadh sa
gcisteanaigh. Ní fonn áirnéain a bhí air, is
beag beag an baoghal ach a' súil go
dtarraingeóchaidhe anuas Caitlín Ní


L. 3


Churraidhin, agus ní dheachaidh an tsúil sin ina
aghaidh.



“Ar labhair tú léi?” adeir bean-an-tighe
ar an gcéad fhocal?



“Labhras.”



“Cailín gnaoidheamhail agus cailín
lághach.”



“D' eile cé'n chaoi mbeadh sí agus a
theacht as Roscomáin.”



“Deirtear liom go bhfuil buachaillí sa
Ros splanncuighthe i na diaidh.”



Tháinig tocht i sgórnach Shéamuis nuair a
chuala sé sin.



Tá buachaillí an Ros ceart go leor,
b'fhéidir, ina mbealach féin. Ach is sonnda
an mhaise don té is fearr acu a bheith a
ceapadh ná a' síleachtáil go dtabharfadh
Caitlín Ní Churraidhin glanadh a bróg dó.
Níor dhubhairt sé é seo ós árd, ach bhí na
smaointe a' rith thrí n-a inntin. “Seafóid,”
ar seisean leis féin ag iarraidh an t-éad a
ruagadh as a aigne, ach, mar sin féin, bhí
an t-iomrádh a' déanamh imnidhe dhó. B'fhada
leis an lá, ar na mháireach uaidh le amharc
fhághail ar an óig-mhnaoi úd as a bharúntacht
dhúthchais.



(Ní críoch).



TÍR-DÁ-LOCH



Más mian leat ROTHAR
maith a cheannach, nó más
mian leat deis a chur
ar an gceann atá agat,
téirigh go dtí



S. MAC AN BHÁIRD,
AN CHEARNÓG,
I nGAILLIMH.



Tá cultaí & cótaí móra nach
bhfuil sárú i na gcoinn ag



ANTOINE Ó RIAIN,
SRÁID NA SIOPAÍ,
I NGAILLIMH.



FÉACH!



Bí cinnte & téirigh isteach go
bhfeice tú a bhfuil de



ÉADACH le h-aghaidh an Gheimhridh



Le díol go han-tsaor ag



TOMÁS MAC SUIBHNE,
I nGAILLIMH.



COLÁISTE IGNÁIDE NAOMHTHA.



(Cumann Íosa.) I NGAILLIMH.



Coláiste Idir-mheadhonach é seo a bhfuil
teagasg dá thabhairt ann ar na craobhracha
foghluma a chuireas duine i gcruth a dhul go
hIolsgoil nó a dul i n-éadan gnótha trácht-
cheannaigheachta. Aire ar leith dá tabhairt
do ghasúir óga. Páirc bháire ar chúlaibh an
tighe. Le gach uile ughdar a fhághail, sgríobh ag



AN AIRCHINNEACH.



PROINSIAS MAC CONMARA
& A CHOMHLUCHT.



Díoltóirí & Reacadóirí



Tae, Fíonta & Beatha.



i nGAILLIMH.



Ní thig le aoinne a rádh nach bhfuil earradh
dúthchasach go leor annseo.



DÉANAMH AN DOMHAIN



(Ar leanamhaint).



I dteannta an chruthuighthe a thug an cian-
dracán do theoir Laplace, thug an sol-
sgarachán tuilleadh dhi. Is é r'd atá san
ngléas seo píosa triantánach gloine ar a
dtugtar “priosma” agus, ar dhul do gha
de sholas gheal thríd, briseann sé an solas
geal ins na dathanna éagsamhla atá ann,
mar atá — dath na sal-chuaiche, indigeo,
gorm, glas, buidhe, aráiste, agus dearg,
go díreach mar chítear sa tuar-ceatha iad.
“Solsgartha” bheirtear ar an stríoc sin
de sholas daithte.



Tá trí cineáil solsgartha ann. Bíonn an
chéad chineál gan briseadh ó cheann go ceann
agus “solsgartha leantach” a bheirtear
air. Solas ó rudaí daingne, ó lachta agus
ó ghaile comhdlútha atá ar lasadh a bheireas an
solsgartha sin. Bíonn an stríoc gan
briseadh agus téigheann na seacht ndathanna
isteach i n-a chéile gan spás eatortha.



Ach más gail an-tanaidh atá ar lasadh, níl
san solsgartha ach líne geal nó líne geala
annseo nó annsiúd treasna an stríoca
soluis agus tá líne nó línte ar leith ag
baint le gach dúil cheimicigh. D'á bhrígh sin,
níl orainn ach léar-sgáil a dhéanamh de na
línte agus an áit a bhfuil siad suidhte, agus
beidh a fhios againn cé acu dúil nó dúile a
atá sin ngail thanaidh atá ar lasadh agus ag
tabhairt solais uaithi. “Solsgartha geal-
línteach is ainm don chineál sin.



Ins an tríomhadh cineál .i. an “solsgartha
dorcha-línteach,” bíonn an stríoc de sholus
daithte briste ag línte dorcha ag dul
treasna air. Solus ó dhamhna lasrach agus
an solus sin thar éis a dhul thrí dhamhna eile
a shughas cuid de is siocair leis na línte
dorcha. Bíonn líne nó línte dorcha ar leith
ag baint le gach dúil san damhna a shugh an
solus agus bíonn an líne nó na línte sin
ins an áit cheanann chéadna san stríoc i n-a
mbíonn na línte geala nuair bhíos an dúil
féin ag tabhairt soluis uaithi.



Mar shompla dhe, is solsgartha dorcha-
línteach a bheireas an ghrian dúinn.
Meall mór dearg-the gaile atá i n-a lár
agus tá an ghail sin sáthach comhdhlúth le
solsartha leantach a thabhairt ach tá clúdach
de ghail níos tanaidhe taobh amuigh dhi agus
sughann sin cuid den tsolus i riocht is gur
solsgartha dorcha-líinteach a bhíos ann. Agus
tig linn a dhéanamh amach ó n-a línte sin cé
na dúile atá ins an ngail ar imeall na
gréine. Taisbeánann an solsgarachán dúinn
gur ab ionann damhna do chuid de na réalta
agus don ghréin.



Is rí-dheacair solus na néabul a sgrúdú
leis an solsgarachán mar gheall ar a laige
is atá sé. Ach d'éirigh le Huggins é a
dhéanamh san mbliadhain 1864 agus d'aithnigh
sé air gur solsgartha geal-línteach a bhí ann.
Ba iontuigthe as sin gur gail thanaidh
lasrach a bhí sa néabul agus tháinig sin le
teoir Laplace. Thaisbeán Huggins dúinn
gur shamhluigh dhó nach bhfuil ins na néabuil ach
trí dúile .i. údroigein, an ghail ghann úd
héilium, agus dúil nach bhfuil ar eolas againn
i n-aon-áit eile .i. néabúlium.



Iar staidéar níos cruinne a dhéanamh ar
na néabuil roinneadh i n-a dhá n-aicme iad
Bheireann an chéad aicme dhíobh solsgartha
leantach ach é go lag agus bíonn línte geala
na dtrí ndúl réam-ráidhte le feiceál go
soiléir air. Is iontuigthe as sin gur gail
lasrach atá ionntu. Is fios dúinn tuilleadh
is céad néabul ar an aicme sin, agus tá
orthu sin na néabuil fháinneacha, na cinn
phlainéadacha agus na cinn a bhfuil cuma
mhí-riaghalta orthu, m.sh — an néabul mór atá
i n-Óríon.



Solsgartha dorcha-línteach a bhíos ag an
aicme eile agus, dá bhrigh sin, tá siad air
nós na gréine. Ní féidir don tsolsgara-
chán eidir-dhealú a dhéanamh idir iad agus
na cnuasachta réalt a shamhluigheas a bheith
an-ghar dá chéile. Tá furmhór na néabul
ar an aicme sin, idir an néabul mór
n-Andromeda agus na néabul spíorálacha
eile. Meastar go bhfuil siad an-te i n-a
lár ach an t-imeall níos fuaire go díreach
mar thá an ghrian & na réalta coitcheannta.
Ach is dócha gur clúdach de ghail an-te ar
fad atá timcheall ar na néabuil ag a bfuil
solsgartha geal-línteach Iar bhfuaradh dhóibh
sin, b'fhéidir gur solsgartha dorcha-línteach
a bheadh acu. Ach níl locht réalt-eolais ar
aon intinn fós gur gail ar fad atá ins na
néabuil. Tá daoine ann a mheasas gur
cnuasachta réalt iad agus clúdach de ghail
lasraigh i n-a dtimcheall agus iad chomh fada
ón domhan gur treise an solas ón ngail ná
ó na réalta atá istigh innti.



Dubhairt an Tighearna Celbhin go bhfuil an
t-aer níos dlúite fá mhilliún ná an ghail
néabul agus is do-chreidthe go bhféadfadh
gail an-tanaidh den tsórt sin a bheith lasrach
go ceann i bhfad gan aon teas d'fhágháil ón
taobh amuigh. Sílfidhe gur gearr a bheadh sí
ag fuaradh. Ó am go ham chítear réalt
nua sa spéir. Dhá réilt mharbha a bhuaileas
i n-aghaidh a chéile, is dócha, go ndéantar
gail díobh agus í lasrach. Ach ní mhaireann
solus na réalt sin ach tamall gear. Fuarann
an ghail agus imthigheann an solas ar ceal
go mbí an réalt nua do-fheiceála arís.



Is í téoir a cheap Locyer n-a thaobh sin nach
gail atá ins na néabuil ach an-chuimse cloch ar
nós na ndreigeann a chítear ag rith treasna
na spéire oidhche gan néall. Bíonn
na clocha sin fuar ar dtús
ach bíonn siad i gcomhnaidhe ag bualadh i n-
aghaidh a chéile chomh fórsach sin is go ndéantar
gail lasrach dhíobh. Fuarann an ghail agus
comh-dhlúthuighthear arís í ach is gearr go
dtárluigheann bualadh eile agus do ndéantar
gail lasrach dhi arís. Bíonn na milliúin
milliún de na clocha sin ag bualadh i n-aghaidh
a chéile gach móiméad i riocht is go mbíonn
an néabul lasrach i gcomhnaidhe.



An “teoir dhreigeach” a bheirtear ar an
teoir sin agus ní ghlacann furmhór na réalt-
eolaidhthe léithi.



(Solsgarachán, spectroscope. Solsgartha
leantach, continuous spectrum. Solsgartha
geal-línteach, bright-line spectrum.
Dreige, a meteor. An teoir dhreigeach,
the meteoric theory.)



(Leanfar dhó seo).



SEAGHÁN P Mac ÉNRÍ.



S. YOUNG,



DÉANTÓIR UISGÍ MIANAIGH



CEANNAIDHE BIOTÁILTE & FÍONA



SRÁID MHUIRE NA GAILLIMHE.



CLOCHAR ÓIRD NAOMH URSULA, I
SLIGHEACH.



Oideachas i gcóir na hIolsgoile i gcóir
sgrúdú an idir-mheadhonaigh, na mbannc.
Cumann na gCeoltóir, I.S.M., Tráchtála,
Sgoláireachta Oideachais Náisiúnta, &c. Tá
sgoil tigheachais fá leith againn.



EADACH AR FHEABHAS.



MÁ'S MIAN LEAT EARRAIDHE
FAONTA FHAGHÁIL AR A LUACH
TÉIRIGH GO TEACH:



MHÁIRTÍN UÍ BHRAONÁIN,
SRÁID NA SIOPAÍ,
I nGAILLIMH.



Ó HEIREAMHÓIN.



Carrannaí & gluaisteáin & gléas sochraide.



SRÁID EYRE NA GAILLIMHE.


L. 4


AN T-ATHRÚ TIGH UÍ
CHLÉIRIGH



Tá Ó Cléirigh & Comh a' thabhairt cuiridh
dhuit a theacht go dtí n-a siopa go
bhfeice tú an lasgaine mhór atá siad a
thabhairt uathu in gach earradh, lasgaine
a bhéas le fágail uathu ar feadh
tuairim's ráithe fós. Ní féidir athrú a
chur ar gach roinn den earradhlainn ar
fad i gcuideacht, ach níl lá dá ngabhfa
thart nach bhfeice lasgaine éigin i ní
éigin dá tabhairt & éagsamhlacht earradh
dá cur ar fághail. Ar an gcuma seo,
sul dá dtí ibhfad beidh an Earradhlann
ar fad a' tigheacht de réir a chéile ar
an gCoimhrian Nua .i. SAOIRSE
EARRADH & MÉADÚ A n-ÉAGSAMH-
LACHTA.



TRÍ RUDA PEARSANTA A'BAINT
LEIS NA GNOTHA SEO.



Níl baint ná páirt ag Tigh Uí Chléirigh
le aon chomhlucht Sasanach, & is airgead
Éireannach — chuile phighinn de — atá dá
choinneál suas. Mar sin a bhí sé go
dtí seo: mar sin a bhéas.



Seo giota as díleagra a thug na
Ceannachóirí Tigh Uí Chléirigh don
Chinnire nua, Seán F. MagUidhir (a bhí
go dtí le goirid tigh Síl Broin i Sraith
Mhuirbhthean), a'fáiltiú roimhe: “Cuir
sé áthas mór orainn cloisteáil, an
tseachtmhain seo caitheadh, gur toghadh thú
ar lucht Cinnireachta Tige Uí Cléirigh
& a Chomh. mar Chinnire Tioncuir, & go
bhfuil na gnotha go hiomlán fá do
chomhairle & do choimhghliocas. Thaithin
sé linn freisin go mbeidh an coimhrian
nua seo i bhfeidhm, sé sin, Beagán
Brabaighe agus Díol & Ceannach ar
Airgead-síos, mar tá tú thar éis
innsean dúinn, & go bhfuil ordú tugtha
agad do do Cheannachóirí go gcaithfear
margaidh an domhain a chuartú leis an
Earradh is Nuacha & is Fearr a sholáthar.
Beidh aghaidh muintire na hÉireann ar
fad orainn mar gheall ar chomh saor &
tá ordaighthe agad dúinn a dhíol, &
déanfamaid den Earradhlainn álainn
seo deisimreacht d'fheara fáil ar an rud
is Ceannaigheacht Rathamhail ann. Sul
dá dtáinig tú féin, bhí eolus againn
ar do gheanamhlacht & do chineáltas don
mhuintir atá ag obair fút, agus déanfa
líon gnotha an tighe seo le dúthracht &
Ionnas a gcinn finne do chongnamh
dhuit leis an árd-chuspóir a chuir tú os
ar gcomhair a aimsiú.”



Seo giota teachtmhar as leitir a
cuireadh i n-éindigh le bronntanas a
thug cuid de Conghantóirí óga Tigh Síl
Broin do Sheán F. MagUidhir nuair a
bhí sé a' fágáil an tighe sin:



“Gach rud ar thóig tú lámh os a chionn
d'éirigh leis thar bárr, & sé Teach Uí
Chléirigh an chraobh mhullaigh a bhéas orthu
ar fad. Ní bhéidh sa méid sin ach
luachsaothair ar a ndearna tú de mhaith
& de chineáltas. Is aoibhinn don líon
gnotha atá anois fán maighistir is fearr
& is cineálta dár cuireadh eolus riamh
air. Ba mhó ba cosmhail le Athair thú
ná Máighistir, & támaid a' cathú 'do
dhiaidh mar bheadh clann i ndiaidh a
n-athar. Glac, le do thoil, an corn
airgid seo mar sheod cuimhne.”



Ó CLÉIRIGH AGUS A CHOMH.,
TEORANTA,
SRÁID UÍ CHONAILL,
BAILE ÁTHA CLIATH.



Stortha an Mhalóidigh, i nGaillimh.



BRÓGA GAEDHEALACHA.



GACH RUD AR FHEABHAS.



SÍOLTA AR FHEABHAS,



Agus gach a dteastuigeann ón bhfeilméara



Le fagháil ó



MHAC OSGAIR,
I mBARR AN CHALTHA, I nGAILLIMH.





AN GAOTH ANIAR.



a sgríobh



Tomás Ó Máille.



le fághail ó



CHOMHLUCHT OIDEACHAIS NA
hÉIREANN.



Ceithre sgilleacha (glan) a luach.



Duine ar bith a dteastuigheann “An
Stoc” uaidh, nó ar mhaith leis fuagradh a chur
ann, sgríobhad sé ag an mbainisteoir .i.



TOMÁS DIOLÚN,
Coláiste na hIolsgoile,
i nGaillimh.



Thríd an bposta 3/- sa mbliadhain
Thríd an bposta 1/6 sa leithbhliadhain.



Maidir le gach ádhbhar sgríobhtha a theidheas
sa bpáipéar cuirtear sgéala ag



TOMÁS Ó MÁILLE,
Coláiste na hIolsgoile,
i nGaillimh.



AN STOC



FEABHRA — MÁRTA, 1924.



AN DÁ CHAINGIN



Is minic sinn ag iarraidh ar dhaoine
dréactha a sgríobh is a chur chugainn. Sé an
leith-sgéal is buaine a tugtar dhúinn nach
bhfuil aon damhna nó ádhbhar ag na leith-
sgéalaidhthe a bhféadfaidis trácht a dhéanamh
air. B'fhéidir go bhfuil roinnt den fhírinne
acu ach 'na dhéidh sin níl sí acu ar fad. Mar
tá dhá chineál caingne go háithrithe a dhéanfadh
ughdar cainte dóibh, siad sin, bán-chaingean
& dearg-chaingean. Sí an bhán-chaingean an
chaingean nó an cheist nach gcorrócadh aon
fhuil ar nós mar tá seanchas na tíre, dinn-
sheanchas sean-amhrán, fiannaigheacht, sean-
sgéalta, sgéalta greannmhara, sean-fhocla,
tomhaiseanna, lúibíní, ceapóga, cleasa do
ghasúir, trácht ar shean-dhéantus nó ar nua-
dhéantus, saotharlanna, luibh-eolus & a lán
ruda eile. Sí an dearg-chaingean, ar an
taobh eile, an chaingean a chorróchadh an fhuil
ar nós ceisteanna poilitidheachta. Tá
daoine ann a n-oireann gach caingean acu
sin dóibh. Ach gan a dhul i gconntubhairt
leis an sgéal féadfa duine ceann éigin de
na bán-chaingne a thoghadh, giota a sgríobh
air & a sheoladh chugainn. Ná bíodh aon náire
ar aon nú-íseach fá n-a dhréacht, arae ní racha
sa Stoc ach píosa nach mbeidh ughdar náire i
d' aonduine ann.



CLUICHÍ



MHAR BHÍDÍS DHÁ N-IMIRT AG PÁISDÍ
SGOILE SA nGAEDHEALTACHT.



I. GOID NA nGÉABH.



Cuirtí cúram na ngéabh (.i. na páisdí)
ar dhuine dhe na cailíní ba fásta de na
sgoláirí. Déantaí bean tighe dhe chailín
eile acu; agus ceaptaí cailín eile le bheith
ma “Sionnach.”



Dh'imthigheadh bean a' tighe ón mbaile ann-
sin (má b'fhíor) agus nuair a d'fhághadh an
Sionnach imthighthe í thugadh sé leis ceann
de na géabha.



Thagadh bean a' tighe ar ais agus thosai-
gheadh sí a' comhaireadh na ngéabh:— “Aon,
dó, trí, ceathair, &rl. “Bhí seacht gcinn déag
(nó pé uimhir páisdí bhiodh ann) de ghéabha
annseo ar maidin agus níl anois ann ach
sé cinn déag. Cá bhfuil an ceann eile?”



“Thug an Sionnach leis í.”



Thugadh bein a' tighe buille beag de
shlatóig dhi agus deireadh léi “Tabhair aire
mhaith don chuid eile acu agus ná leig leis
an sionnach iad.” Ach nuair a d'fhágadh sé
an baile arís thagadh an sionnach & sgiobadh
sé leis gé eile.



Thagadh bean a' tighe agus chomhairead sí
arís iad. “Aon, dó, trí, ceathair, &rl.
Tá ceann eile de m'ál breagh géabh
imthighthe. Céard d'éirigh dhó?”



“Thug an sionnach leis í,” agus mar sin
nó go mbíodh na géabha uilig goidthe ag an
sionnach.



Annsin théigheadh bean a' tighe agus bean
na ngéabh ar lorg an áil nó go bhfáighdís
iad cé'r bith áit a mbídís i bhfolach ag an
sionnach.



Théighdís ar fad annsin ar thóir an
tsionnaigh. Bhaineadh seisean as ins na
fásgaí, iadsan ina dhiaidh, agus “Siliú!
Siliú! Sionnach! Beiridh ar an Sionnach!”
acu.



Nuair a bheirdís air thugaidís bosóg ón
duine dhó a' rádh “Ná goid na géabha arís,
a Shionnaigh.”



II. MUILTÍNÍ.



CLUICHE BHÍODH AG NA BUACHAILLÍ.



Déantaí ridirí caorach de bheirt de na
buachaillí ba láidre de na malraigh agus
bhíodh an tréad (.i. na malraigh eile) fá
chúram dhuine acu. Bhíodh an ridire eile ar
“fheilm” insa gcomharsnacht.



Shocruigheadh ridire a h-aon na páisdí ina
nduine is 'na nduine ar chúl a chéile taobh
thiar dhe fhéin — Barróg ag an mbuachaill
tosuigh air (an ridire) fá na bhásta: barróg
ag an dárna buachaill ar an mbuachaill
tosuigh: barróg ag an tríomhadh buachaill ar
an dárna buachaill agus mar sin de.



Annsin thagadh ridire a dó agus deireadh:
“Comhair do chuid uan, a ridire.”
Ridire a h-aon: “Tuige sin a mháighistir?”
Ridire a dó: “Molt breágh atá ar iarraidh
uaim.”



Chomhaireadh ridire a h-aon na h-uain agus
bhíodh ceann le cois ann (má b'fhíor).
Shíneadh an buachaill tosuigh amach a chos
agus d'fhiafhruigheadh sé “An é sin do
mholt?”



“Ní h-é” d'fhreagradh ridire a dó. An
darna buachaill (ag síneadh amach a choise)
“an ésin do mholt?”



“Ní h-é,” deireadh an ridire.



Chuireadh gach duine de na malraigh an
cheist chéadna agus d'fhághaidís an freagra
céadna ón ridire go dtigeadh sé chuig an
mbuachaill deiridh. Annsin deireadh sé:
“Sé. Sin é mo mholt.”



Annsin 'seadh thosaigheadh an comhrac
eatorru: Ridire a h-aon ag iarraidh an
mhuilt a choinneál a' rádh “Ní bfuighe tú é,”
agus ridire a dó ag iarraidh é bhaint amach
agus “gheobha mé é” dhá rádh aige.



Dá mbeadh ridire a dó i ndon na muilt
uilig a bhaint amach ar an gcaoi sin thoso-
chaidís an cluiche ath-uair ach gur ar ridire
a dó bheadh cúram na gcaorach.


L. 5


III. CUINNEÓGA.



CLUICHE IMRIGHTEAR TAOBH ISTIGH DHE
DHORAS.



Suidheann na páisdí thart timcheall i rang
le n-a gcuid dorn os cionn a chéile ar a
nglúiní acu (seo iad na cuinneóga).
Seasann an té bhíos a' stiúradh an chluice
amach ar a n-aghaidh. Féachann sé isteach i
gcuinneóig — a' tosuighe leis an gcéad duine
— agus fiafruigheann sé:



“Cá bhfuil an bainne bhí sa gcuinneóig
seo?”



Caithfe an té sin leith-sgéal a thabhairt fán
mbainne agus déarfa sé:—



“Tá sé ins a gcuinneóig eile.”



Cuireann an ceannphort an cheist seo thart
ar gach duine acu, agus fághann sé an
freagra céadna, “tá sé insa gcuinneoig
eile” uathu ar fad go dtige sé chuig an
duine deiridh sa rang. Níl aon chuinneóg
eile ann agus mar sin ní mór dhó leith-sgéal
eile bheith réidh aige agus déarfa sé rud
eicín mar seo:—



“D'ól an cat é.”



Téidheann sé thart arís go dtí an chéad
duine agus fiafruigheann sé:—



“Cá ndeachaidh an cath?”



Freagra:— “Chuaidh sé fá'n sop.”



“Cá bhfuil an sop?” (de dhuine eile).



“Dhógh an teine é.”



Ceannphort (de dhuine eile): Cá bhfuil an
teine?”



Freagra — “Mhúch an abhainn (nó abha) í”



“Cá bhfuil an abhainn?”



“D'ól an gearrán dubh agus an gearrán
bán í.”



Cá bhfuil an gearrán dubh agus an
gearrán bán?”



“Chuadar chun na ceardchan”



“Cén uair a thiocfas siad?”



“Tiocfa siad amáireach.”



Leantar de na ceisteanna seo; agus
páisde ar bith nach mbíonn an freagra
oireamhnach réidh aige sul 'á mbí A-o-n, d-ó,
t-r-í, ráidht ag an gceannphort fághann
sé cluasóg nó sgealpóg uaidh.



IV. A' DÍOL CHOIRCE.



Suidheann an ceannphort ar chathaóir, agus
an lucht imeartha thart timcheall air.
Ainmnigheann sé 'ch uile dhuine acu mar
seo:— “Pighinn” ar dhuine acu. “Dhá
Phighinn” ar dhuine. “Trí Pighinne” ar
dhuine eile. “Tuistiún” nó ceithre-
pighinne) ar dhuine eile, agus mar sin go
mbí ainm orthu ar fad.



Annsin fiafruigheann sé dé dhuine acu (dhá
phighinn cur i gcás) “Cé mhéad atá ar an
gcloich den choirce indiu?” agus freagrann
sé go bhfuil “Sé Pighinne.”



“Glaodhann an ceannphort amach “Sé
Pighinne! Sé Pighinne! Sé Pighinne!” agus
caithfe an té bhfuil an t-ainm sin air “sé
pighinne” a radh i n-aghaidh gach uair dá
n-abra an ceannphort é. Muna bhfreagraidh
sé sul glaoidhtear a ainm trí huaire caithfe
sé geall a íoc. Iompuigheann an ceannphort
chuige annsin (ní bhionn sé a' féachaint air
chor ar bith nuair a bhíos sé a' glaodhach a
ainme) agus tugann sé buille de shlait dó
agus deireann sé “Nuair adéarfas” mise
“Sé pighinne” abair thusa “sé pighinne.”
Fiafruigheann sé annsin de. “Cé mhéad
atá ar an gcoirce indiu?” agus déarfa
seisean go bhfuil — abramaid — tuistiún.
Glaodhann an ceannphort amach “Tuistiún!
Tuistiún! Tuistiún!” mar rinne sé le sé
pighinne agus muna bhfreagra “Tuistiún”
sul a' nglaoidhtear a ainm trí huaire caithfe
sé geall íoc.



Nuair a bhíos geall ioctha amach ag a bhfuil
ann cuirtear púicín ar dhuine acu. Annsin
beireann an ceannphort ar gheall ina láimh
agus abrann sé (ma's le fear é) “Céard
a dhéanfas tú le fear an ghill seo nó bean
an ghill seo?” agus má's le bean an geall
“Céard adhéanfas tú le bean an ghill seo
nó fear an ghill seo?”



Orduigheann an té a mbíonn an púicín air
dóibh uilig rud áithrid eicín a dhéanamh le na
ngeall a fhuasgailt; agus muna ndéana
siad mar orduigheas sé ní fhághann siad ar
ais a ngeall.



MÁIRE NÍ THUATHAIL.



TÚR CHEANN GÓLAIM.



Taobh thiar de Leitir Mealláin tá oileán
beag a bhfuil an fhairrge thimcheall air, in
áit fhiadháin iargúlta a bhfuil an teisgine
gharb thimcheall air. Tá túr ar an oileán
agus ní cuimhneach leis na daoine is sine
sa tír cé'n uair ar dearnadh é. Ach tá cur
síos acu air agus deir siad gurb é Riagh-
altas Shasana rinne é. Sé fáth ar dearnadh
é, deir siad; fadó bhíodh daoine i gCona-
mara a bhíodh a' gabhail i soithigh seóil go
tíortha coimhthigheacha a' tabhairt tae's siúcra
's tobac agus 'chaon tsórt eile leobhtha.
Smugláil a tugtar ar an obair sin. Rinneadh
an túr ar an oileán beag seo le haigh bheith
a' faireadh ar na soithigh seóil sin mar ba
aniar a theagadh an chuid ba mhó acu. Nuair
a rinneadh an túr deir siad gur aol oistirí
agus bainne reamhar dhá shuathadh a cuireadh
mar mhurtéal air. Is minic a beirtí ar lucht
na smuglála, agus cuirtí éiric orthu. Sé
phunt an éiric a cuirtí orthu, an éiric chéadna
a cuirtí ar lucht déanta poitín. Bhíodh
soithigh seóil a dtugadh siad cutters orthu
ceaptha amach freisin ag an Riaghaltas le
bheith a' leanmhain lucht na smuglála. Tá
carraig i gcuan Ros Muc a dtugann siad
Carraig a Chutter uirthi. I n-ait a leanadh
cutter ceann de bháid na smuglála uair
agus bristí thuas ar an gcarraig í, agus
d'fhan an t-ainm ariamh ó shoin ar an gcarraig
sin Bhíodh siopaí beaga i gConamara agus
bhídís a' díol an tobac agus 'chaon tsórt eile
thugadh lucht na smuglála chucu.



AN “LUCÁNIA.”



Más maith leat ROTHAR MAITH a rinnead
nÉireann sgríobh chuig



DOMHNALL UA BUACHALLA
i Muigh nuadhat.



ÉADACH GAEDHEALACH ar fheabhas le
fagháil ó



PHROINSIAS MHAC DHONNCHADHA & A CHOMH,
I nGaillimh.



A cuir dlúthas i gcomhnaidhe le déantás
na hÉireann a chur 'un cinn.



TUGAIDH BHÚR GCUID ÁRACHAIS DO'N
CHUMAINN GAEDHEALACH IS FEARR



AN CUMANN IBHÉRNACH INSIÚRÁLA
TEÓ.



I n-AGHAIDH TÓITEÁIN AGUS COITCHINNE.



Príomh-Oifig — 48 & 49 SRÁID AN DÁMA,
ÁTH CLIATH.



NÁ POLASAITHE IS IOMLÁINE LE
FAGHÁIL.



Ó CUIMÍN & Ó GREANAIGH,
15 SRÁID NA SIOPAÍ,
I nGAILLIMH.



An Teach is fearr le haghaidh gach
sórt



An teach is fearr le haghaidh gach sórt
trosgáin & déantúis iarrainn.



Dathanna, síolta, páipéar balla, &c.



PÁRLIAMENT NA MBAN



ÓRÁID



MHUIRINN LÁN-LÁIDIR.



Annsin tháinig Muirinn Lán-láidir, ban-
tighearna an Chaisléain-Ghairbh agus adubhairt
gurb é céad ní, air ar chóir trácht, riaghlacha
do dhéanamh chuireas i dtuigsin dhúinn cia
h-íad na mná glacfar insa bPárliament
agus cía h-íad nách glacfar ann agus isé
céad acht Párliament do rinneadar agus
d'orduigheadar gan aon ógh ná maighdean
do ghlacadh ná do bheith ann. De bhrígh go
labharthar ar mhórán de gnothaibh nárbh
iomchuibhe go gcluinfidís maighdeana iad.
D'órduigheadar agus do rinneadar acht eile
'nar chrosadar ar mhnáibh do bhíodh pósda
cheithre h-uaire agus ar na mnáibh do rachadh
thar deich mblíadna agus trí fichid d'aois
teacht do lathair an Phárliament. Do
rinneadar acht eile Párliament, gan aon
bhean do labhairt go borb ná go mí-mhacánta
ar a fear insa' bPárlaiment. Do bhí bean
insa bPárliament agus dob ainm di Móra
Ní Ualacháin agus ar chlos na riaghla déanach
sin do rinneadh dhí créad nach mbeadh cead
aguinne labhairt ar ár bhfearaibh annso 'nár
bPárliament a an ádhbhar nach mbeadh na
fir in aon áit nac labhraid orainne. An
uair bhíos Flaithbheartach an fear so agam-
sa (ar sise) ar féasda, nó i n-aon
chomhluadar eile … cuireann sé mórán
bréaga orm. Gidh eadh adubhairt Muirinn
léi gan níos mó do labhairt agus go ndearna
sí féin rann dóibh:




Gníomhartha cóir trí dhóchus daingean i
gCríost
Choinnigheadh próis is póit ó'n anam do shíor
Bhur ndligheadh mar shompla foirfeadh
d'fhearaibh sa tír
'San bríste fós le h-eolas bainfeam-na
dhíobh.




ÓRÁID



SHEILGÉAN INGHIN CHOMHTHROM CHIRT.



Annsin do labhair Seilgéan Ní Chomhthrom-
chirt baintighearna Dhúna an Réidhtig agus
adubhairt nár chóir dóibh eagla ná faitchíos
do bheith orrtha i dtaobh na mbriathra do labhair
Pól mar an abair sé nach cóir do mhnaoi ar
bith labhairt i gcoimhthiónol puiblighe. Óir
is ar an Eagluis labhrann sé .i. an áit 'na
mbíonn fir agus a mná in aonfheacht i bhfochair
a chéile: Ní coimhthionól den tsórt sin é seo
aguinne acht comhchruinniughadh ban go
haonracánach agus dá réir sin is cóir agus
is ceart dúinn labhairt ar na gnothaibh do i
bhaineas linn féin 'ár bPárliament agus
ní dligheadh ná ceart ná coinsías toirmeasg
ná crosdáil do chuir orainn i dtaobh gnáthamh
agus úsáid do dhéanamh de na geágaibh agus
de na ballaibh budh toil le Diá do thabhairt
dúinn agus is de na ballaibh an teanga i
gcás muna dtugaid cead labhartha dhúinn
nach ndéanfaidís ár dteangtha sochar ná
seirbhís dúinn. Táim dearbhtha nach caoine
líomhtha, géire, léire teangtha na bhfear ná
ár dteangtha féin agus go bhfuil gotha agus
glór aguinne comh maith leo, acht amháin gur
gairbhe glór na bhfear agus mar sin gur
cosamhail iad le h-asalaibh ná sinn. Thar
gach ní is cóir dhúinn tráct ar ár ngnothaibh
leis an oiread tromacúise agus mórtaise
ionnus nach mbéidh cúis ag na fearaibh
coimhthionól ná geara comhairle ná aon ainm
eile úiríseal mí-mhacánta do ghairm ná do
thabhairt orra ná ar ár bPárliament fá mar
is gnáthach leo bheit ag daorlabhairt agus ag
fonamhaid fá n-ár ngnothaibh. Gidh-eadh, dá
mbeadh sé ceaduightheach aguinne labhairt ar
choimhthionól na bhfear nó a bhfeir fá mar mbíd
gan amhras do cífídhe mórán díobh níos measa
ná coimhthionól na mban. Do chimid prionn-
sáí le cian de chliadhnaibh i gcogadh le
chéile. Bíd fós na diadhairí, na sagairt
agus an pobul ag imreas go minic & fhós
bíonn gleo idir cathair agus cathair eile,
idir chomharsain agus “chomharsain eile”


L. 6


ar chor nach mbíonn suaimhneas ná síothcháin
eatorra i gcás dá mba chugainne do
shtiúróchaidhe cumas agus riaghla na ngnotha
go léir is dearbh go mbeidís níos socra
agus níos síothchánta ná mar atáid agus do
shúil le Día go gcuirfeadh Párliament seo
riaghlacha diongmhálta síos. Críochnuighim
leis na bríathraibh seo:




Comhthrom is ceart is blas le séan go leor
Ar phobul na mban ar feadh an tsaoghail
mhóir
Is cosamhail go gcasann maitheas Dé 'sa
ghlóir
Orann go seargair, is glacam é go cóir.




ÓRÁID



SHAIDHBH NÍ CHOSGARTHA.



An tan do chruinnugheadar an dara lá
agus isí céad bhean do labhair Saidhbh inghean
Chosgartha ban tighearna Ghleanna Magh-
Adhair agus adubhairt gur léigeadar na fir
an léigheann i bhfaillighe chomh mór sin: ionus
nach bhfuil tosadh ná beann acu air ins a
ríoghacht so na hÉireann. De bhrigh gur
taithneamhaighe le clannaibh daoine uaisle
aon tsórt compráid ná caitheamh aimsire ná
aire do thabhairt do leabhraibh agus is dearbhtha
gurb é cúis agus ádhbhar don náisiún so do
bheith bocht agus cómhnuightheach i gcogadh de
bhrígh nach cuirid na daoine uaisle a gclann
le foghluim mar ba chuibhe agus ba chóir dóibh
a dheánamh. Ar an ádhbhar gur mór an neart
do ríoghacht ar bith daoine uaisle saidhbhre
cumasaca do bheith foghlumtha go maith agus
ó táid ár gclann inghean fá nár smacht
féin anois féacham ceard is cóir dúinn do
dhéanamh leo. Annsin do rinneadar riaghail
Phárliament a gclann inghean go léir do
chur ar sgoil nó go mbeidís dhá bhliadhain
déag d'aois, agus annsin cibé acu ba géire
ínntleacht a léigean ar a h-aghaidh ins na
seacht n-Ealadhna Libeálta .i. ins an Ghra-
mear, insa Rhetoric insa bhFeallsamh, insan
Aritmetic, insa Artroluigheacht, agus insa
bhfilidheacht agus a ndéanamh so díobh tiocfam
(ar Sadhbh) le h-aimsir chom bheith níos
foghlumta ná na fír. Do rinneadar acht
eile Parliament 'nar orduigheadar a
gclann inghean do chur le Díadhacht le
dligheadh agus le leigheas d'fhoghluim an
uair “do bheidís oireamhnach chiuge. Atáim
deimhneach (ar an bantighearna sin) go
dtiocfam chum úghdaráis puiblighe do bheith
aguinn le h-aimsir de bhrigh na riaghlacha
so rinnneamar an uair chídhfe na fir an
cineál banda ag buaidh orra i bhfoghluim &
in-eolas. B'fhéidir go nglacfadh náire íad,
agus tnút le dul ara n-aghaidh insa bhfoghluim
nó muna nglacadh bheadh an t-úghdarás
publighe go léir ar ár gcumas féin. Agus
fós is cóir dhúinn casaoid do dhéanamh leis
na fearaibh noch do chuireas ó gac aon
úghdarás publighe sinn agus go ndeánaid
féin 'chuile ní fá mar is toil leo féin do
dhéanamh. Annsin d'órduigheadar ríaghail
Phárliament ughdarás agus máighistreacht do
bheith ag na fearaibh i ngnothaibh puiblighe agus
cúram do dhéanamh do neithibh bhaineas le
cogadh go ceann deich mbliadhain nó go
dtagadh a gclann inghean chum bheith tuig-
seanach agus foghlumtha go maith agus
timcheall na haimsire sin dubhradar go
bhfeicfidís cia an taobh air ar chóir armas
na mban do chur ar an dtaobh ndeas nó ar
an dtaobh gclé agus fós go bhfeicfidís cia
acu air arbh fearr do naoi an bríste na fir
nó na mná. D'orduigheadar mar an
gcéadna úghdarás puiblighe do bheith acu
féin timcheall an uile ní ar a dtaobh istigh
de bhallaibh — leith amuigh d'arm. Agus mar
sin tar éis críche do chur ar a raibh de
ghnothaibh agus de ríaghlacha Párliament acu
an lá sin, agus tar éis fógairt dóibh bheith
ag an gcúirt ar a deich a chlog ar na
mháireach thúg Cadhbh an chomhairle seo dóibh:




Bíodh caoineas in bhúr gcroidhthe agus
carthannacht naomh
Bíodh díoghruis 'na bhur n-inntin is bean-
nuightheacht béas
Bhur ngníomhartha go dtige libh gan bhasga
gan bhéim
Is bhur n-ínntleacht ná mílltear le reachmas
an tsaoghail.




(Ar n-a tharraing as Sgribhinn Liam Uí
Dhuinnín Chnuic na bPréachán a críochnuigeadh
sa mbliadhain 1821 & tá anois i leabar-
lainn Choláiste na hIolsgoile, Gaillimh).



ÁINE NÍC THOMÁIS.



TEACH NA h-OLLA



SRÁID NA SIOPAÍ,
I NGAILLIMH.



Cuidigh le déantus na
hÉireann & sábháil airgead.



Cultaí ó 70/-
go dtí 130/-



AN SEAN-TEACH.



A cuireadh ar bun i 1864.



Tae, Caife, fíonta, Uisge Beatha,
ar fheabhas



Ó LÉANACHÁIN,
AN CHEARNÓG, I NGAILLIMH.



DIARMUID Ó DONNABHAÍN



SEODÓIR & CLOADÓIR,



SRÁD LIAIM, NA GAILLIMHE.



MAC CARSA & A CLANN MAC



DATHADÓIRÍ & DEASADÓIRÍ,
GAILLIMH.



T. Ó Flannagáin & Chlann Mhac.



Gach uile shórt gaibhnigheachta
agus innealtóireachta.



DÍOLTÓIRÍ ROTHAR. Cuirtear deis
ar rothair & ar ghunnaí.



SRÁID NA gCEANNUIDHE, i nGAILLIMH.



COLÁISDE NA HIOLSGOILE,
I nGAILLIMH.



Craobh de Iol-sgoil na hÉireann.



Árd-oideachas le fághail innti ar na hiol-
dántai, idir theangacha, ealadhain, trácht
& ceannaigheacht, ealadhain an leighis, seil-
bhéaracht, & Innealltóireacht.



Téarmaí gearra ar leith
fa chomhair oidí sgoile.



Le gach uile ughdar a fhághail sgríobhtar ag
An MEABHRÁNAIDHE.



BRÓGA NA LAOI.



NA BRÓGA IS FEARR LE CEANNACH
Ag
SEÁN Ó LAIDHE,
I mBARR AN CHALTHA, I nGAILLIMH.



An Teach a bhfuil cliú air le haghaidh
Tae, Fíona, Biotáilte & Intreabh Tighe.



M. BREATHNACH,
SRÁID ÁRD, NA GAILLIMHE.



Beidh ÉIRE láidir má bhíonn Clainne Gaedheal
láidir. Ithidís an fheoil is fearr agus
tá sí sin le fagháil ó



Ó FALLAMHAIN,
Sráid Gheata na Mainistreach, I nGAILLIMH.



BAILE LIOS-AN-ÁTHA
(Ar Leanamhaint).



Tháinig fear as Baile na h-Aibhne go baile
Lios-an-Átha un Phaitsín Bhacaigh agus Thomáis-
réir-a-chéile, n-áit a raibh bríste córda agus
casóg bhréidín le déanamh aige, agus bhí
báiníní agus baill do na páistí le déanamh
aige freisin. Bhí an dhá bhaile a bhfoigseacht
cupla míle dá chéile ach má bhí féin ní
dheacaidh Pádhraig Nápla (ba é sin fear
Bhaile na-h-Aibhne) trí Bhaile Lios-an-átha
aríamh, & dhá dtéigheadh féin níor bhfurasda
dhó tígh na d-táilliúr a dhéanamh amach, mar
bhí céad go leith teach sa mbaile ar fad agus
iad déanta ar chuile chaoi, súas agus anúas,
soir agus síar, agus eatorra sin aríst. Bí
bóitrín thríd an mbaile ar nós sriúbhlláin
sléibhe thar éis ceatha mhóir.



Casadh buachaill óg ar Phádhraig ag ceann
an bhaile, agus d'fhiafruigh Pádhraig dó chá
raibh tígh na d-táilliúr, Paitsín agus Tomás.
Tá sé sa gceann thíos-thíar den bhaile
tuairim míle ó'n áit a bhfuil tú do
sheasamh.



“Raibh tú ann aríamh,” arsan búachaill,
“Ní rabhas.”



“Muna rabhais muise beidh obair agad.”



“Nach bhféadtá-sa mé chur ar an éolas.”



“Féadfa mé ainmneacha na mbóithríní a
innsean duit ach tá an oiread acu ann 's nach
bhféadfa tú cuimhniú orthu ar fad. Imthigh
leat anois nó go sroiche tú bóithrín na gcon
ar thaobh do láimhe deise, agus casfa tú
isteach sráid Eibhlín ní Éiligh ar thaobh do
láimhe clé agus isteach trí shráid Sheáin
Nóirín agus naoi nó deich do shráideanna
eile agus tiocfa tú amach ar bhóithrín na
bpúcaí, annsin ní mór dhuit a dhul céad slat
ar bhóithrín na bpúcaí, agus casadh isteach ar
bhóithrín na lachan, agus tá linn shúlaighe ar
an mbóithrín sin, agus is fearr dhuit briseadh
isteach thrí gharrdha Bhríghdín Bhid, agus a
theacht amach ar bhóithrín na ndriseachaí an
taobh eile. Casfa tú thaobh do láimhe clé ar
bhóithrín na ndriseachaí, agus téigh deich slata
ann, agus tá teach Líam Mhóir i mbéal an
bhóithrín agus caithfe tú a dhul isteach an
doras is goire dhuit agus amach 'sa doras
eile, mar, tá linn ag gach binn don teach.
Nuair a bheas tú amuigh an taobh eile annsin
ní mór dhuit tuairim chúig slata dhéag eile a
dhéanamh, agus casfa tú isteach bóithrín na
g-cailleach. Imthigh leat ar an mbóithrín sin
nó go gcastar cloch mhór leat a bhfuil tobar
'na bhárr agus casfa tú taobh na cloiche
móire isteach ar bhóithrín na gcat agus téigh
síos an bóithrín sin chomh fada le Sgeach na
Spalluigheacht ar thaobh do láimhe clé, agus
cas isteach Bóithrín na Lathaighe ach is dóigh
liom gor gearr go mbí tú tuirseach a'
tarraing na gcos as an lathaigh ar an
mbóithrín seo, agus is fearr dhuit briseadh
isteach trí chreigín Mhicilín Pheig ar taobh do
láime deise agus, a theacht amach ar an taobh
eile ar bhóithrín Cháit ní Fhearchair. Ta an
bóithrín sin céadh slat ar fad, agus ní
bheidh call ort ach a dhul leath-bealaigh ann,
agus casadh taobh do láimhe deise aríst
súas bóithrín Shíle Bhig, atá dul suas chuig
an gcaisleán, agus nuair a rachas tú
chomh fada leis an gcaisleán, cas síar taobh
do láimhe clé, ar bhóithrín —



“Ó stad, stad,” arsa Pádhraig, “níl
as oiread rin bóithríní sa domhan mór.



“Bíodh foighid agad níl ort ach bóithrín
eile le siubhal,” arsan buachaill.



“Níor shiubhlas coiscéim de aon bhóithrín
acu fós agus, ní bheidh mé ar ais nó go
mbí sé 'na mheadhon oidhche,” arsa Pádhraig.



D'imthigh le Pádhraig, agus, chas isteach
bóithrín na gcon ceart go maith, agus, chuaidh
chomh fada le tígh Eibhlín Ní Éiligh, chuaidh sé
isteach tígh Eibhlín agus d'fhíafruigh an bealach
go tígh na d-táilliúr “Manam” arsa
Eibhlín, “go bhfuil an oiread táilliúr sa
mbaile, agus gur deacair dhom thú a
fhreagairt. An é Líam Beag Ó Néill atá
uait. Má's é ní cáll dhuit a dhul i bfad.
Tá sé sa teach sin thíos a bhfuil an fhuinneóig
ann, agus tá beirt tháilliúr san teach sin
thúas, Páidín crapach agus Seán Ó Gráinne,


L. 7


no téigh síos tígh Mháire Chléirín, a bhfuil a
mac na táilliúr.”



“Ó ní ceachtar acu sin atá uaim. Paitsín
Bachach agus Tomás-réir-a-chéile atá uaim.”



“Má's íad déan amach íad” ar sise, mar
bhí sean-stainc istigh aici do Tomás, de
bhárr baill-séire eicín a rinne sé uirthi.



D'imthigh leis agus chuaidh sé isteach tígh
Phaidi Bodhair Mac Donnchadha, agus bhí
beirt fhígheadóirí ag obair annsin, agus chuir
síadsan píosa eile é. Chuaidh sé isteach i
naoí no i ndeich dtigthe eile, agus, ní raibh
teach acu nach raibh sórt fear ceirde ann,
gréasaidhthe nó figeadóirí nóa táilliúirí, ach
sa deireadh núair a bhí sé tugtha, sáruighthe
casadh buachaill beag air, agus, chuaidh sé
le Pádhraig, agus, thug thrí na bóithríní uile é
nó go dtáinigeadar go baile beag na
d-táillúir féin, i gceann thíos thíar de baile
Lios-an-átha an áit a raibh tígh Phaitsín agus
Tomáis.



Chuaidh Pádhraig isteach agus thar éis bail
ó Dhía a chur orthu shuidh sé síos, mar bhí sé
tromh, tuirseach thar éis a thurais.



Dh'fhíafruigh sé dhíobh an bhféadfadís a dhul
leis le roinnt éadaighe a dhéanamh.



Bhí aithne mhaith acu air agus dúbhradar go
bféadfadh. Thosuigh sé air annsin ag innsean
dhóibh an obair a bhí air ag iarraidh iad a
dhéanamh amach, agus go raibh faitchíos air nach
ndéanfadh sé a bealach amach go réidh as an
mbaile.



“Ó racha mise leath go dtí ceann an
bhaile,” arsa Tomás agus chuaidh.



“Is fearr dhúinn a dhul trasna na
bpáirceannaí, is fusa dúinn as mbealach a
dhéanamh ann ná 'sna bóithríní, gídh gur fuide
an bealach trasna, ach, má's fuide féin, is
fearr an bealach réidh fada, ná an bealach
achrannach gearr.”



Isteach leobhtha staighre mhór i ngarrdha
gabhaiste Thomáis Nóra, agus, mar bhí an
oidhche ag tuitim, shíl Tomás gor gaduidhthe
íad a bhí ag teacht ag goid a chuid meacain,
agus, siúd amach é i ndhiaidh na beirte. Rith
Tomás-réir-a-chéile. Bhí sé breágh lúthmhar,
ach bhí na crampaí ag gabhail do Phádhraig
Nápla, agus ní raibh mórán fonn reatha air,
ach mar sin féin, nuair is cruaidh don chailligh
caithfe sí rith, agus rith Pádhraig chomh maith
i n-Éirinn agus b'fhéidir leis ach is gearr
gur cuireadh i ndiaidh a mhullaigh é síos i
gclais a bhí i gcúinne an gharrdha. Bhí
Tomás Nóra ar a dhruim ar an bpoinnte
boise, agus greim cúl chinn aige ar Phádhraig
agus é dhá sháthadh síos faoí 'n uisge, agus
é a' rádh, “Tá greim agam ort anois, a
bheitheamhnaigh a ghaduidhe chróntaigh, ach ní
ghoidfe tú meacan uaimse nó duine ar
bith eile, mar as so ní racha tú.



Bhí sé beagnach múchta nuair a tháinig
Tomás-réir-a-chéile ar ais, agus tharraing
Tomás Nóra de dhruim Phádhraig Nápla.
Nuair a chonaic Tomás Nóra, Tomás-réir-
achéile, thosuigh sé ag innsean dó an chaoi
ar rug sé ar an ngaduidhe a bhíodh ag goid a
chuid meacan.



“Téigh isteach abhaile agus bíodh sórt
céille agad. Nach shin fear gnaoidheamhail
as Baile na hAibhne a tháinig an thóir Phaitsín
agus mé féin le haghaidh éadaighe a
dhéanamh.”



D'imthigh síad leo aríst ach is ar éigin a
bhí Pádhraig i ndon siubhail, bhí a chuid éadaighe
chomh fliuch salach sin, agus ní raibh fiche slat
dhá n-deachadar nach raibh claidhe nó fál, bhí
na goirtíní chomh beag sin. Shíl Pádhraig
nach mbeadh sé ag an g-ceann eile den bhaile
go bráth.



“D'aile,” adeir sé, “dhá dhonacht dhá
raibh an bealach thart an bóthar is seacht
measa an aithgiorra.” Sa deireadh bhíodar
ar an mbóthar árd. Chuaidh fear Bhaile na
h-Aibhne ar a bhóthar fhéin, agus chuaidh Tomás
abhaile.



Is gearr a chuaidh Pádhraig Nápla nuair a
casadh Filipín Ó Murcadh air a bhíodh ag
obair tígh Wilson. Bhíodar tamall ag cainnt
i dtaobh na h-aimsire agus rudaí eile.
Thosuigh Fhilipín ag innsean do Phádhraig go
raibh sé a' marbhú muice agus dhá glanadh ar
feadh an laé agus go raibh sí crochta sa
sgiobhól, agus adeir sé nár mhaith an bheart
dhúinn í a ghoid anocht, mar is beag an truaigh
é Wilson gidh go mbéidir dhó na daoine oibre
a fhágáil gan feóil, ach ar ndóigh is beag
an fheoil a gheobhfas síad cé is muite den
chóisteóir.



“An gcuimhnígheann tú ar an muic a
mharbhuigh sé anuraidh, núair a chuir sé píosa
ag gach teach le na chrochadh ar an seimléar,
sa g-caoí is go mbeadh sé na bhagún cheart
shábáilte, agus mheadhaigh chuile phíosa
dul ag na tigthe agus ag teacht ar ais
aríst, le faitchíos go mbeadh sgeabhóg ar
bith bainnte dhe.”



Bhí Feilipín le Pádhraig nó gur chuir sé an
oiread dalla mullóige air agus go n-
deacaidh se i n-éindigh leis.



Chuadar tígh Wilson i lár an mheadhoin
oidhche agus ghoideadar an mhuc, gan aon
cheó a thárlaint dóibh, agus thugadar an mhuc,
le obair mhór chomh fada le tígh Phádhraig,
agus ghearradar, agus shailleadar é, agus
chuireadar i dhá thobán an fheoil, agus
dhruideadar na tobáin isteach fá'n mbord,
agus sgaradar brat os a gcionn, gídh go
raibh bean Phádhraig an cur 'na n-aghaidh i
gcomhnuidhe.



Chuaidh Filipín abhaile, agus chuaidh
Pádhraig a chodladh, ach má chuaidh is beag
a chodail sé, mar bhí obair na h-oidhche, ag
luighe go trom ar a choinsias.



Tháinig Tomás-réir-a-chéile, agus Paitsín
Bacach ar maidin, tígh Phádhraig Nápla, agus
thosuighadar orthu ag táilliúireacht. Thuas
ar bhord a bhí an bheirt agus íad ar a
n-gogaidí, agus a g-cosa cnaipthe isteach
fúthu. Is faoí 'n mbord céadna a bí an
fheoil, agus bhíodh Tomás ag fághail a baladh
Bhí Pádhraig Nápla agus a bhean imthighthe
amach agus d'fhéach Tomás isteach faoi'n
mbord, agus nuair a chonaic sé na tobáin
agus an brat os a g-cionn bhí 's aige, go
raibh muc 'sa salann.



“Ara glac t-ionbha a mhic ó, tá muc marbh
sa teach seo, ná bíodh deifir ar bith ort ag
imtheacht as áit mar é,” adubairt Tomás 'na
chogar.



“A n-deir tú sin liom,” arsa Paitsín.
“M'anam go mbeidh a shliocht orainn, go
mbainfeamuid fad as an obair.”



D'fhéac Tomás amach sa bfuinneoig, agus
chonaic sé Pádhraig ag rith isteach agus
fallradh ann, agus an bhean 'na dhíaidh ag
rith ar a dicheall.



“Óra céard a dhéanfamaid tá na
pílers ag teacht,” arsa Pádraig, “agus
geobhfa síad an fheoil, agus beidh 's acu
gurb í muc Wilson atá ann.”



Níor labhair Tomás-réir-a-chéile focal, ach
thug léim anuas den bhord, tharraing amach
an dá thobán i lár an urláir, bhain anuas an
dorus agus chuir os a gcionn é, agus annsin
thug leis an bríste a bhí sé a dhéanamh, agus
shuidh thúas ar an doras agus thosuigh a'
fuagháil ar a mhíle dícheall. Bhí Pádhraig ar
feadh an ama seo ag aithris dóibh faoi ghoid
na muice, agus an bhean ag fúachaiseachaigh
agus ag faire amach, ach bhí ní pílers istigh
tígh Mhicil Uí Eidhin, ag tóruigheacht na
muice.



Is gearr go d-táinigeadar isteach tígh
Phádhraig Nápla, agus núair chonaiceadar
Tomás-réir-a-chéile ag táilliúireacht ar an
doras, thosuighdar ag gáire. D'fhiafruighdar
de Thomás ce an chaoí a raibh sé mar bhí sean-
aithne acu air. Sé a bhíodh ag déanamh
éadaighe dhóibh, agus is iomadh spóirt agus
greann a bhainidís as.



“M'anam le lomh-chlár na fírinne a
i-- díbh gur mé tá go maith, gan bréig
-- áibhéil ar bith, go bhfuilim ar dhruim na
muice anois ar chuma ar bith,” arsa Tomás
ag cuir slis air féin.



“Is maith linn sin, a Thomáis,” ar síadsan.
“Is maith sin.”



Chúartuighdar an teach ar thóir muice
Wilson ach amháin an méid a bhí faoi Thomás,
ach dhá mbeadh fhios acu an mhuc a raib
Tomás ar a druim, ach ní raibh 's.



MÁIRTÍN Ó DUBHAGÁIN.



FÁINNÍ



Má theastuigheann fáinní uait sgríobh
chugam-sa & cuirfead chugat leabhrán a
bhfuighe tú gac eolas i n-a dtaobh ann.
Taisbeánfa sé duit an chaoi le airgead
& aimsir a shábháil & trioblóid a sheachaint



S. FALLER, I nGAILLIMH.



DROCH FHOGHMHAR I N-URAIDH.



Níl aon mhaith sa mbliadhain seo le hais na
bliadhna i n-uraidh le haigh fataí. Tá boicht
Chonamara an bhuailte suas i mbliadhna
d'easbaidh fataí. Bhí a bfurmhór lobhtha sa
talamh agus níorbh ionghantas é mar gheáll
ar an tsíor-bháisteach i geaitheamh an tsamhraidh
agus i geaitheamh an Fhóghmhair. Ní hé sin
amháin a chuir daoine bochta as fataí, a
bárr ar an mí-ádh, thuit an galar ar na fataí
i mbliadhna níos truime ná thuiteann sé
bliadhanta eile. Ní raibh na daoine bochta
i n-acmhuinn aon spray a chur ar na fataí mar
ní raibh a luach ag an gcuid is mó acu. Dhá
mbeadh féin ní bhíonn aon mhuinghin mhór ag
cuid acu as an spray. Bíonn siad a'
ceapadh nach bhfuil aon mhaith ann. Ach i
mbliadhna tá's é sin. An té a chuir spray
ar chuid dhá chuid fataí i mbliadhna agus a
d'fhág píosa gan é a chur ortha, cheal a bheith
i ndon é chur ar an iomlán, d'fhan an chuid
a ndeachaidh an spray orthu glas agus bhí
fataí maithe iontú. Agus an chuid nach
ndeachaidh an spray orthu thuit an galar orthu
agus leágh na barrannaí ar siubhal, agus ní
raibh fataí ar bith iontú.



Bíonn bliadhanta ann thar a chéile a
dtuiteann an galar ar na fataí agus
bliadhanta eile nach dtuiteann. Aimsir
chiúin, dhorca i mbíonn an spéir lán le smúid
agus le ceó seadh thuiteas an galar ar na
fataí. Aimsir chiúin dhorcha den tsórt a bhí
ann i mbliadhna nuair a thuit an galar ar
na fataí. Tá cuid de mhuinntr Chonamara
chomh buailte suas as fataí i mbliadhna agus
gur ar éigin a bhainfidís béilí fathaí ar feadh
laé.



PEADAR Ó DIREÁIN.



Teach Ósta Mhic Chartha



An teach a raibh dídean ann do Fhianna Fáil
i n-aimsir an ghábhaidh, ní féidir a shárú fá
shócamhail.



LEITIR CEANNAINN,



Diarmuid Ó Donnabáin,



Gach saghas toradh, sgoth, milseán, &c.



SRÁID GEATA LIAM,
I nGAILLIMH.



Níl aon tsiopa ins na cúigí a bhfuil níos mó
earraidhe Gaedhealach le fagháil ann ná ag



A. MOON, TEORANTA,



A dhíolas cultaí fear, hataí ban & gach aon
tsort éadaigh fheileas d'fhear, bean, nó
páisde.



FIORGÍONTA EGLIONTON, I NGAILLIMH.



AN STOC.



ORDÚ.



Don



ATHAIR Ó CEALLAIGH,
Sráid Dominic,
NA GAILLIMHE.



A Chara,



Cuir chugham … cóipeanna
den STOC gach mí go ceann.



Ainm …



SEOLADH …


L. 8


Ar Mhaith Leat £5,000,000 a
Chimead in Eirinn?



Bheirid Gaedhil na hÉireann an carn mór
san airgidh gach bliain do Sheán Buidhe i
ngeall ar airgead Urradhais, ar Loscadh, ar
Thionóisc agus ar Shaoghal Daoine, agus
cailliúnt cheart d'Éirinn iseadh £80 a' gach
£100 de sin.



AN GAEDHEAL-CHOMHLUCHT TAIGHDE UM



URRADHAS NAISIUNTA, TEORANTA
(The Irish National Assurance Coy., Limited)



ARD OIFIG — 30 FAITHCHE AN
CHOLAISTE, ATH CLIATH



CUIDIGH LE DÉANTÚS NA
hÉIREANN.



TOMÁS PÁMAR & A CHOMH.



MUILTEOIRÍ PLÚIR,
I nGAILLIMH.



B. V. Ó HÉIMHIGH,
LÓN-CHEANNAIDHE,
GAILLIMH.



Gach rud ar fheabhas.



S. T. Ó COISDEALBHA,
AN CHEARNÓG,
GAILLIMH.



An fheoil is fearr le fághail aige.



P. O CAOMHÁNAIGH, Ph. C.
M.P.S.I.
SRÁID ÁRD,
NA GAILLIMHE.



Ó NÉILL & A CHOMH,
GAILLIMH.



Díoltóirí bróg & leathair.



Cuirtear deis ar bhrógaí an móiméad a
thagas siad isteach.



TEACH ÓSTA UÍ MHATHGHAMHNA
SRÁID FOSTER,
I nGAILLIMH.



Aoidheacht gan locht.



TOMÁS BREATHNACH,
LÓN-CHEANNAIDHE.



AN CHEARNÓG, I NGAILLIMH.



Teas-intreabh, Taoidhean-oibreacha, agus
Foirgneamh Tighthe.



ROIBÉARD MAC DOMHNAILL,
Sráid Doimnic, GAILLIMH.



Muiniú céin-sgéil:
“Plumbus,” Gaillimh



Bu cheart do gach Gaedhilgeoir i mBaile
Átha Cliath gan aon arán do cheannach
ach



ARÁN

CHINNÉIDE



AN T-ARÁN IS FEARR DÁ nDÉANTAR.



124 go dtí 131 SRÁID PHÁRNELL



Agus



BÁCÚS NAOIMH PHÁDRAIG,
BAILE ÁTHA CLIATH.



Guthán – 3141



CUMANN URRADAIS.



MHUINTIR NA hÉIREANN



Tá an teacht-ísteach anois os cionn £25,000



Tá téarmaí thar barr aca d'urradhas saoghail
agus d'urradhas-sealadach.



Tá Fir-ionaid uatha.



ÁRD OIFIG:



16 CEARNÓG PÁRNAIL,
ÁTH CLIATH.



AN HALLA LEIGHIS.



Sráid Geata Liaim & Sráid Doimnic,
na Gaillimhe.



Gach leigheas ar fheabhas & ar ghloine.



SEAN Ó FAOLÁIN, L.P.S.I., Poiticire



TOMÁS Ó CATHÁIN,



Lón-Cheannaidhe,



SRÁID NA SIOPAÍ,
I NGAILLIMH.



Biadh, Tae & Fíon ar fheabhas.



AR FÁGHAIL ANOIS



AN DARA CUR AMACH (AITH-
SGRÍDBHTHA).



FOCLÓIR GAEDHILGE LE
FUAIM GACH FOCAIL



A Chur I gCéill Don Leightheoir



SÉAMUS Ó DUIRINNE AGUS
PÁDRAIC Ó DÁLAIGH
A CHUIR LE CHÉILE



220 leathanaigh. Luach 2/6 glan tríd an
bposta 2/9.



Tá tuairim is 10,000 focal ann, na focail
atá i n-úsáid de ghnáth. Beidh an leabhar seo
i n-a cúl toraic don mhac léighinn, don
teastalaidhe & don duine ghníos thráchtáil in
áit ar bith a bhfuil Gaedhilge ar labairt ann.
Séard adeir “The Irish News,” go ndearna
Séamus Ó Duirinne & Pádraic Ó Dálaigh
rud le chúis na Gaedhilge a chur ar agaidh
nach ndearnadh ó sgríobh an tAthair Eoghan
Ó Gramhna a chuid leabhar.



COMLUCHT OIDEACHAIS NA
hÉIREANN TEORANTA.



89 Sráid Talbóid, Ath Cliath agus lucht
díolta leabhar fré chéile.



SÉAMUS Ó BÉACHÁIN



Ceannuidhe Guail & Iomchuróir.



SRÁID MHEADONACH, NA GAILLIMHE.



Tá an tae is fearr i gConnachta & go leor
neithe eile atá riachtanach le fagháil I dtigh



MHONICA NÍC DHONNCHADHA
SRÁID ÁRD NA GAILLIMHE.



Tá TEACH a bhfuil compóirt ann ag



SÉAMUS Ó LAIDHE,



SRÁID DOMINIC ÍOCHTAR NA GAILLIMHE.



“Togha gacha bidh & sean gacha dighe” aige.



Ceannuigh éadach ar bith theastuigheas uait
ag tigh …



THOMÁIS UÍ CHATHAIL,
I NGAILLIMH,



Áit a bhfuighe tú luach do chuid airgid.



Printed for the Publishers
At the “Connacht Tribune” Printing Works,
Market Street, Galway.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services