Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Lúgnas, 1923
Title
Lúgnas, 1923
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Ó Máille, Tomás
Composition Date
1923
Publisher
Coláiste na hIolsgoile, Gaillimh
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN STOC TOMÁS Ó MÁILLE DHÁ CHUR I N-EAGAR. SRATH NUA. LEABH 1. UIMH. 111. LÚGNAS, 1923 DHÁ PHIGHINN A LUACH. MALAIRT CHUMARAIGHEACHTA. Bhí cineál creidimh fad ó i nÉirinn go mbíodh seacht saoghal ag cuid de na daoine, mar bhí ag an gCailligh Bhéaraigh. Chreid an sean-dream freisin go bhféadfadh duine a dhul thrí mhalairt richt nó cumaraigheachta & go bhféadfadh sé maiseachtáil i bhfuirm ainbhidh, i gcumaraigheacht beithighigh ar an talamh, i gcumaraigheacht éin sa spéir & i gcumar- aigheacht bhric sa loch, & go mbeadh an t-anam céadna ann ar feadh an ama sin. Bhí sé i gceist freisin, san am sin, gur dearnadh seacht ngabhaltais ar Éirinn, sé sin, gur gabhad seacht n-uairí í ó aimsir Pharthalóin mhic Seara go dtí teacht Chlainne Míleadh. TUAN MAC CAIRILL. Agus ó thárla go ndeachaidh Parthalón & a mhuintir uilig do éag cé is moite d'aonduine amháin sul dá dtáinig aon treibh nua go hÉirinn, & go bhfuair na treibheanna a tháinig ina dhiaidh, ceann i gceann, bás, bheadh seanchas Pharthalóin & na céad-mhuintire a ghabh Éire imthighthe ar neamh-ní gan aon eolus a bheith air marach an t-aon fhear amháin sin. Séard ab ainm dó Tuan Mac Cairill, nó Tuan Mac Stairn mar haimnigheadh ar dtús é. Mhair sé sin i nÉirinn, do réir mar tá ráidhte sa sgéal, ó aimsir Pharthalóin go dtí aimsir Phádhraig Naomhtha & ina dhiaidh arís go dtí Finnian Mhaighe Bhile, go ndeachaidh Finnian 'un cainte leis gur innis Tuan dó seanchas gach treibhe & gach bunaidh a bhí i nÉirinn le n-a linn féin, gur chuir Finnian i ndubh is a mbán ar pháipéar é. AN TORC. Dubhairt Tuan thar éis báis Pharthalóin & a mhuintire gur mhair sé féin gur éirigh sé an-tsean gur lagaigh an aoir a an an aimsir é gur thuit sé sa deireadh ina chodladh gur dhúisigh sé i gcumaraigheacht fiaidh. Bhí sé óg, aigeanta seal arís gur mhair sé na céadtha & na céadtha bliadhain ag imtheacht trí choillte Éireann go dtáinig aois & laige ath-uair air, go ndeachaid sé isteach i mbrocaigh gur thuit sé ina chodladh gur dhúisigh sé i gcumaraigheacht tuirc. Bhí sé óg, lúthmhar, láidir tamall arís gur mhair sé na ceadtha bliadhain go dtáinig lagar air gur thuit sé ina chodladh arís gur dhúisigh sé an tríomhadh huair i bhfuirm seabhaic. Chaith sé bliadhanta fada, cianta cairbreacha, ina sheabhac & an fhad céadna ina bhradán gur rugad ar an saoghal arís é ina Thuan Mac Cairill. TUAIN NA HAIMSIRE SEO. Cheapfadh duine go bhfuil an saoghal sin imthighthe a mbeadh na daoine ag athrú cumaraigheachta ach ní hé sin an chaoi bhfuil sé ach a' tosaighe. Is iomdha Tuan Mac Cairill atá i nÉirinn indiu, dá mbeadh fhios i gceart é. Ní hé amháin go bhfuil siad ann ach tá siad a' tigheacht i n-amharc & i n-éisteacht le achar gearr anuas. Bhí fear acu i ngar do láthair dhúinn annseo. Bhí sé a' gabhail leis an bParty .i. leis na feisirí, gur thosaigheadar-san a' cliseadh. Annsin liostáil sé san arm gallda. Nuair a tháinig Sinn Féin i dtreise bhí sé tamall ina Shinn- Féinidh láidir. Nuair a tháinig an Connradh idir Éire & Sásana bhí sé go láidir sgathamh ar a thaobh gur ionnsaigh na Neamh-riaghaltaigh amach. Annsin d'iompigh sé ina Neamh- riaghaltach go dtugadar-san uathu. Na dhiaidh sin, chuaidh sé fá chaomhamhaint an luicht oibre. Mar nár fhéad sé aon bhrabach a dhéanamh orthu sin chaith sé de leithrigh iad agus tá sé anois ina Fheilméara! Agus isé an chaoi bhfuil sé a' cuidiú le aicme na bhfeilméaraí, tá sé ag iarraidh feilm thalmhan a bhaint de dhuine de na feilméaraí atá i n-aice leis gan aon chúitiú a dhéanamh dó ann, & í a thabhairt do dhream nach bhfuil aon urlámh acu uirthi. Ní raibh ag Tuan Mac Cairill ach chúig shaoghal; bhí sé shaoghal aige siúd agus beidh seacht saoghal aige nuair a thiocfas sé amach arís i gcruth dalta den tsean-Pharty. SEANCHAS BRÉAGACH. Ní i gCondae na Gaillimhe amháin atá Tuan Mac Cairill. Tá Tuan eile i gCo. Chiarraidhe, & measaim ceann eile a' gobadh aníos i bPort Láirge. Agus ní maidir le bheith a' dul i malairt chumaraigheachta dhóibh atá siad a dul i gcosamhlacht le Tuan Mac Cairill. Tugann siad leo, ina theannta sin sa gcraiceann nua seanchas bréagach ar an saoghal a chonaiceadar i nÉirinn roimhe seo. Déanann siad dearmad ar thréartha an tseabhaic agus an tuirc a bhí acu sa tsean- chraiceann. A ndéanfa muintir na tíre dearmad ar na tréartha sin dóibh? Sin é an áit a bhfuil an cheist. Ní raibh na sean- bhroic seo a' déanamh aon rud nuair a bhí an chorraighil & an stoirm i nÉirinn ach amháin a' féachaint ar an saoghal amach as na driseacha & a' faireadh go bhfeicidís cé hacu taobh a ghnóthóchadh. Níor sheasadar i gcath ná i gcliath nuair a bhí acu seasamh, agus ní sheasfadh arís dá gcuireadh muintir na hÉireann aon mhuinighin ionntu. Dá gcuirtí cúram na tíre ar a leitheidí sin rithfidís le sgaol agus le sganradh leis an gcéad ghleo a chluinfidís. MISNEACH. Is éifeachtach an t-athrú a chuir an Connradh a rinneadh le Sasana ar an tír. Is iongantach mar tá a mhisneach a' teacht dá gach duine dá bhárr. Seán Diolún bocht féin ní ghlacfadh sé leis an gConnradh. Ní ghlacfadh sé leis dá dtairgtí dhó é ach níor tairgeadh. Sé an Connradh é féin a thug an oiread sin misnigh dhó. Daoine is lugha a rinne ar shon na hÉireann ná Seán Diolún féin tá an ghláimhthéisg chéadna acu. Ní shílfeadh duine go mbeadh oiread gláimhthéisge is a hÉireannaigh chor ar bith. Bíonn beagán daoine i gcomhnuidhe i nÉirinn a mbíonn culaith ghaisge den tsórt sin acu. Aonduine a chaill a chuid ar shon na tíre ná a chuir é féin i gcontubhairt ar a son ní féidir aon locht a fhághail air. Ach ní hiad sin atá a' tigheacht anois i gceist ach dream nach ndearna maith ná maoin d' aonduine mara ndearna siad dóibh féin é. Sé an chuid is fearr den sgéal gur gheall Dia go bhfuil siad tomhaiste ag bunáite na ndaoine eile agus níl mórán measa orthu. I leabaidh a chéile, éalócha siadh ar ais arís is na driseacha & racha siad as amharc ionntu. AN SÍOL. Is iomdha uair adubhramar gur as saothrú na Gaedhilge a shíolruigh bunáite an méid a rinneadh ar son raoirse na hÉireann le fiche bliadhain. An chneastacht a bhí i gcroidhe na ndaoine a bhí a' saothrú na Gaedhilge, an creideamh a bhí acu go raibh an ceart acu & an mhuinghin a bhí acu go n-éireochadh leo sin iad a chuidigh le Éire a fhuasgailt. B'fhéidir go raibh baint ag na hairm leis an sgéal ach mhilleadar go leor arís. Mar adubhairt an sean-fhocal: “Cé'n mhaith bó mhaith dá ndóirteadh sí a cuid bainne?” Níl aon mhaith a' caoineadh i ndiaidh an bhainne atá dóirte, is níl aon mhaith in-an-iomarca caointe i ndiaidh rud ar bith atá imthighthe ach bail a chur ar an méid atá fágtha. Míle buidheachas le Dia atá cuid mhaith fágtha ach bail a chur air. Agus maidir leis an méid dochair atá déanta, caithfe muintir na hÉireann luigheadh orthu féin le n-a chur i gceart arís. Ná ceapadh aon duine gur as urchóid, anachain ná clampar a fhásfas aon mhaith don tír ach fásfa sí as an maith a rinneadh i nÉirinn le deich mbliadhain, le fiche bliadhain agus dá na abruighinn é le céad bliadhain. D'fhás maith as saoradh na gCaitiligeach a thug Domhnall Ó Conaill 'un cinn. D'fhás maith as dlighthe na talmhan mar thugadar greim do na Gaedhil ar a dtír féin, arae tá sé ráidhte an fear atá ag obair ar an gcréafóig gur leir an tír. D'fhás maith as dligheadh na gComhairlí Condae mar thug sé comhairle do na Gaedhil sa tír. Agus an Connradh a cuireadh ar bun i n-uraidh, fásfa maith as mar ghlan sé an t-arm Gallda as talamh na hÉireann, shaoir sé ó leathtromh í & thug sé deis dá gach deágh-Éireannach a chion féin a dhéanamh ar son Innse aoibhnne Ealga. Más mian leat ROTHAR maith a cheannach, nó más mian leat deis a chur ar an gceann atá agad téirigh go dtí MAC AN BHÁIRD, AN CHEARNÓG, I nGAILLIMH. Ó HEIREAMHÓIN. Carrannaí & gluaisteáin & gléas sochraide. SRÁID EYRE NA GAILLIMHE.
AN BHEIRT DHEARDHRÁTHAR Bhí bheirt dearbhráthar ann uair agus bhí duine acu bocht agus bhí an ceann eile saidhbhir. An dearbhráthair a bhí bocht bhí muirín mhór air mar bhí naonbhar nó deichneabhar páistí aige agus is minic nach mbíodh greim le cur ina bhéal aige féin ná acu féin. Thréis go raibh an dearbhráthair saidhbhir chomh saidhbhir is d'fhéadfadh leis a bheith níor thug sé fiú agus déirce ariamh dó ná congnamh ná cuidiú. Níorbh fhurusda do'n dearbhráthair bocht éirghe ann. Bhí beithigh & caoirigh go fairsing ag an dearbhráthair saidhbhir ach ba bheag an mhaith don dearbhráthair bhocht iad. Casadh sgológ thart uair — nó fear bocht. Ní bheadh fhios an fear bocht é nó céard é, ach is i dteach an fhir bhoicht a tháinig sé. Más beag, mór a' bhí ag an bhfear bocht chaith sé go maith leis an sgolóig ach nuair a fuair an sgológ amach gur dearbhráthair don fhear bhocht é an fear tréan, deiseamhail a bhí ar an mbaile bhí iongantas mór air nuair a chuala sé nach raibh sé a' tabhairt aon bhlas dó. “Is iomaidh do leitheid a thiubradh cuid de na caoirigh tá aige uaidh” arsa an sgológ “nó cuid de na huain. Ní agróchadh Dia ort é,” adeir sé. “Sin rud nach ndeárna mé ariamh agus nach ndéanfa mé choidhche,” arsa an dear- bhráthair bocht. “Ní fhágfainn ceann aige nach mbeinn a ghoid uaidh” arsa an sgológ, “nach mór an feall duit thú féin agus do pháistí a leigean chun báis leir an ocras.” “Más maith leat é,” arsa an sgológ “goidfe mé cúpla ceann de na caorigh, a mharbhóchas sinn dúinn féin.” “Má thogruigheann tú féin é” arsa an dearbhráthair bocht “níl mise do do choinneál.” Bailigheann an sgológ leis de shiubhal oidhche go ndeacha sé go dtí an áit a raibh caoirigh an duine shaidhbhir gur ghoid sé péire nó trí cinn acu. Thug sé go dtí an fear bocht iad agus mharbhuigh sé féin agus é féin iad. Cuireadh cuid acu a' bruith. Nuair a bhíodar bruithte d'itheadar féin 's na gasúir a ndóthain is é a' teastáil uathu. D'fhan an sgológ i dtigh an dearbráthar bhoicht annsin go ceann tamaill. Ach má d'fhan ní dheacha iadhadh ná éisteacht air ach a' goid chaorach & uan chomh maith le chéile ón bhfear saidhbhir. Bhí sé 'dul chomh fada is gur haithnigheadh sa deireadh go raibh na caoirigh dá ngoid. Ach níor chuimhnigh an dearbhráthair saidhbhir gurb é an dearbráthair bocht a bheadh dá ngoid, mar ní raibh aon aimhreas aige go raibh sé 'na chneamhaire. Ach bhí an sgológ glic agus bhíodh sé 'dul timcheall ar an bhfear saidhbhir i gcomhnuidhe a súil le bearradh bhaint dhe dhá mbfhéidir é. Casadh isteach i dteach an dearbhráthair shaidhbhir é, lá, agus thráthamhail go leor bhí sé a' tomhas a chuid óir le leath-ghalún. Nuair a leag sé thairis an leath-ghalún thug an sgológ fá deara gur fhan trí nó ceathair de phíosaí den ór bhuidhe thíos a rthóm an leath-ghalún mar d'éireochadh leis an leath-ghalún a bheith fliuch. Thug an sgológ leis na píosaí óir & thug sé ag an bhfear bocht iad. D'innis sé dhó cé an chuma a bhfuair sé iad. “Má éirigheann liom aríst” adeir sé “bainfe mé bearradh eile dhe.” An chéad lá eile, bhí an sgológ a' faire aríst ar an bhfear saidhbhir gur thosaigh sé a tomhas a chuid óir. Agus nuair a leag sé thairis an leath-ghalún bhí trí nó ceathair de phíosaí eile óir fannta thíos ann. Thug sé ag an dearbhráthair bocht an méid sin fréisin. Rinne an dá chuid maith mhór don fhear bhocht i riocht agus go dtáinig athrú mór air. Thug an dearbhráthair saidhbhir féin fá deara cé an t-athrú mór a bhí a' teacht ar a dhearbhráthair le gairid agus ní raibh sé gan tosaighe ag aimhreas go mbfhéidir gurb é bhí a' goid a chuid caorach. Cé an sórt slighe thairis sin a bhí dhá fhághail aige nó cá bhfuair sé é? Bhí an fear saidhbhir pósta ach ní raibh aon mhuirín air ach an bhean a bhí pósta aige agus a máthair agus bhí sí sin 'na cailligh gan mórán lúid ná láthair. “Bhfuil fhios agad céard a dhéanfas tú,” arsa an chailleach, “cuir síos sa gcófra mór mise agus fág i dtigh do dhearbhráthair é agus abair leis go bhfuil daoine móra le teacht ar cuairt go dtí thú & go mbfhearr dó é choinneál go ceann cúpla lá agus ní bheidh fhios a mbeidh mise ann nó as, agus chidhfe tú féin go mbeidh fhios agam-sa roimh mhaidin cé an sórt slíghe tá sé a fhagháil nó an goid nó fuadach tá sé.” “Dar fiadh,” adeir sé, “bfheidir go mbu mhaith í do chomhairle le déanamh ach truíálfa mé é ar chuma ar bith.” Ní raibh ann níos mó. Cuireadh an chailleach síos san gcófra agus faitchíos a mbeadh tart ná ocras ar an gcailligh cuireadh chuile shórt dá fheabhas léi san gcófra, arán agus feoil a bheadh sí a ithe, agus faitchíos a mbeadh fuacht urri cuireadh trí nó ceathair de cheanna pluideanna fúithi agus tairti sa gcófra. Thug an dearbhráthair saidhbhir leis annsin é go dtug sé é go dtí an dearbhráthair bocht. D'fhiafruigh sé den dearbhráthair bhocht a gcoinneochadh sé é go ceann cúpla lá an áit a raibh go leór daoine mór le teacht ar cuairt go dtí é. Bhí an dearbhráthair bocht chomh simplídh chomh neamh-urchóideach agus nár chuir sé suas dó, ach an cófra a shocrú isteach i gcúinne an tighe. D'imigh an dearbhráthair saidhbhir abhaile áthasach a' súil go n-éireochadh leis. Nuair a tháinig an oidhche tháinig an sgológ & nuair a tháinig sé isteach choinic sé an cófra: “Aru cé as a dtáinig an cófra sin,” adeir sé leis an bhfear bocht. D'innis an dearbhráthair bocht dó gurb é a dhear- bhráthair a thug ann é an áit a bhfuil daoine móra a' teacht chuige. “Don diabhal a mbéidh annseo dhe,” arsa an sgológ, “gan fios céard tá ann.” “Aru níl tada ann,” adeir an fear bocht, “céard a bheadh ann?” Ach ní dhearna an sgológ ach a dhul go dtí an cófra an glas a bhriseadh de agus an clár a chrochadh aníos de agus céard a bheadh le feiceál aige ach an chailleach i n-éadan a cuid feola agus a cuid aráin. Dheamhan blas a rinne an sgológ ach breith ar chnáimh maith láidir agus é sháthadh siar ina béal agus í thachtadh leis, agus an clár a dhúnadh anuas ar an gcófra aríst. Lá'r na mhárach tháinig an dearbhráthair saidhbhir ag iarraidh an chófra mar ní raibh faoi é fhágáil ann ach go gceapadh sé go mbeadh chuile thuairisg ag an gcailligh. Thug sé abhaile an cófra agus an ndóigh níorbh iongantaighe leis an saoghal mór ná nuair a bhain sé an clár den chófra ná go raibh sí caillte thíos ann nó tachta mar bhí an cnáimh thiar ina béal. Sin é an áit an raibh an obair, an inghean a' caoineadh na máthar: “Ní haon nduine d'iarr do ghnotha ort” adeir sí “agus is aisteach am aistir a ndeacha tú ann.” “Agus,” adeir sí, “nár bhfrusda do dhóthain feola chur leat an áit na gcnámha bradach sin le do thachtadh.” Ach tórradh an chailleach agus níorbh í an tórramh dhona ná suarach ná failligheach í. Caitheadh go maith léi ar chuile bhealach. Nuair a cuireadh í d'imigh an sgológ san oidhche gur thóig sé aríst í, gur shocruigh sé amach ar aghaidh fuinneóige an dearbhráthar shaidhbhir í. Ar maidin lá'r na mhárach, nuair a d'éirigh sé féin agus a bhean céard d'fheicfeadh sé ach í. Thuit sé as a sheasamh le faitíos; nuair a tháinig sé chuige féin d'fhiafruigh sé dá bhean a bhfaca sí í. Bhí an sgológ a' dul thart. “Aru,” deir an sgológ, “tuige nach gcuireann sibh ceist uirrí?” “Ó nílmuid i ndon aon cheist a chuir uirrí,” arsa an fear saidhbhir. “Cuirfe mise ceist uirrí” arsa an sgológ, “má fhághaim luach mo shaothair dom.” “Ó tiubhra mé rud ar bith dhuit,” arsa an fear saidhbhir, “ach ceist a chur uirrí, a' féachaint a n-imeocha sí uaim, nó más rud ar bith tá uaithi go dtiubhra mé dí é ach imeacht uaim.” Chuaidh an sgológ go dtí an chailleach agus leig sé air féin go raibh sí ag innseacht chuile shórt dó. Tháinig sé go dtí an dearbhráthair aríst. “Deir sí nár cuireadh leath a dóthain léi nuair a fuair sí bás,” adeir an sgológ, “agus deir sí gur mór dá cuid atá agaibh.” “Is fíor di sin,” adeir an inghean. “Tá sí ag iarraidh oraibh,” adeir an sgológ an oiread seo óir & airgead a chur léi. Agus tá sí ag iarraidh ort leath a bhfuil agad a thabhairt do do dhearbhráthair a dheán- feas leas dó féin agus dá chuid páistí.” “Ó,” arsa an dearbráthair, “tiubhra mé a bhfuil agam dó agus abair é sin léi ach í imeacht uaim.” “Agus tá sí ag iarraidh ort luach mo shaothair go maith a thabhairt dom féin.” “Gach a bhfuil sí a iarraidh orm déanfa mé é” arsa an dearbráthair saidhbhir, “ach gan í bheith a' tigheacht chugam.” “Daile déanfa sin,” arsa an sgológ, “rud ar bith tá tú 'dul a chur léi anois, cuir léi é. Agus cuirfe mise í san áit chéadna a dtáinig sí as.” Thug sé trí nó ceathair de chéadtha punt airgid don sgológ le cur san gcófra léi agus a pháighe dó féin go maith. D'imigh leis an sgológ go gcuireadh sé an chailleach. Agus bhí an méid sin airgid aige dhó féin agus a pháighe féin agus chuir sé an chailleach aríst mar bhí sí cheana. Roinn an dear- bráthair saidhbhir leath a raibh aige leis an dearbhráthair bocht. Agus sin mar chruthuigh an sgológ don fhear bhocht. Agus d'fhéad an fear bocht caitheamh go maith leis féin uaidh sin amach, agus ba mhaith an aghaidh air é. Críoch. PEADAR Ó DEARÁIN. SGÉILÍN Bhí fear ann fadó agus phós sé agus bhí aon mhac amháin aige. Bhí an mac a' dul ar sgoil agus dubhairt a mháthair leis dul un an tsiopa i gcoinne cúpla snáthad nuair a bheadh sé a' teacht ón sgoil. Chuaidh an mac un an tsiopa agus cheannuigh sé na snáthaid. Nuair a bhí sé a' teacht abhaile chonaic sé carr féir a bhí a' gabháil an bhóthair roimhe agus sháith sé na snáthaid ins an bhféar. Nuair a tháinig sé abhaile nír fhéad sé iad fhághail agus bhí sé a' caoineadh annsin. Bhuail a mháthair annsin é agus dubhairt sí leis go mba cheart dó iad a chur isteach 'na chóta. An lá ar n-a bhárach dubairt sí leis dul 'un an tsiopa i gcoinne punt ime agus dubhairt sé leis féin béidh mé i ndon dí indiu agus ní bhuailfe sí mé. Nuair a bhí sé a' teacht abhaile agus an punt ime aige chuir sé taobh istigh d'á chóta é acht nuair a tháinig sé abhaile bhí an t-im leághta. Chaith an mháthair uair an chluig dhá bhualadh an lá sin, agus dubhairt sí leis go mba cheart dó billeóg gobáiste fhághail agus an t-im a chur isteach innti. An chéad lá eile, chuir sí ag iarradh buidéil bhainne é agus nuair nach raibh aon bhuidéal aige fuair sé billeóg gobáiste agus cuir sé an bainne innti. Nuair a tháinig sé go dtí n-a mháthair bhí an bainne go léir dóirte agus chaith sí an lá ar fad dá bhualadh. As sin amach níor chuir sí ar theachtaireacht ar bith é agus bhíodh sé a' bualadh báire chuile thráthnóna agus bhí saogal breágh aige. SORCA NÍ DHUBHLAOIGH, Meadhraidhe. COLÁISDE NA HIOLSGOILE, I nGAILLIMH. Craobh de Iol-sgoil na hÉireann. Árd-oideachas le fághail innti ar na hiol- dántai, idir theangacha, ealadhain, trácht & ceannaigheacht, ealadhain an leighis, seil- bhéaracht, & Innealltóireacht. Téarmaí gearra ar leith fa chomhair oidí sgoile. Le gach uile ughdar a fhághail sgríobhtar ag An MEABHRÁNAIDHE.
GÁBHANNA UATÉIR MHÓIR BANAIS AGUS TURAS CHUIG AN nGEALAIGH. Ó bhéal Uátéir é féin a chuala mé an sgéal seo. Oidhche áirneáin a bhí ann agus sgata againne — aos óg ar mbunáite, cruinnighthe istigh aige. Ní raibh teannachas le Uátéar 'na sheanchaidhe agus sheasfá sa sneachta ag éisteacht leis ag innsean sgéil. “Doilí,” arsa Uátéar, a baint an dúidín as a bhéal agus dhá shocrú féin ní ba compórtamhla i n-aghaidh an bhaic, “oidhche bhainse Sheáin Eibhlín a thuit seo amach. Ach oiread le sgéal, oidhche Lá Fheile Pádhraig a bhí ann. Beannacht Dé le hanam na beirte, ba spóirteamhail an oidhche an oidhche a phósadar. Bhí na bailte cruinn ann agus mur raibh ithe is ól, is siamsa is ragarnaighil ann, ní lá fós é. Mar bhí dúil agam féin sa mbraon ariamh ní raibh cáll é a thúnadh orm, agus bhí a aithshliocht sin orm, bhí mé ag ól go raibh mé 'mo bhéiceadán nó geall leis. Doilí, a dhaoine, nuair a bhí sé a' teannadh amach san oidhche, d'fhág mé féin teach na bainse — le teann óil is dócha agus le dóghadh inntinne, arae ní cuimhneach liom an teach a fhágáil ná cé dtug mé m' aghaidh, agus ar ndó níorbh iongnadh sin, óir mar dubhairt mé cheana, ní aithneochainn cat thar chóiste. Pé ar bith é, bhí mé a' srianadh liom go dtáinig mé chomh fada leis an abhainn annsin thuas san ait a bhfuil an clochán, agus ná raib rath ar an mí-ádh nár chuir in mo cheann dul anonn treasna go dtí an taobh eile. Bhí bog-uisge maith san abhainn an oidhche chéadhna, agus nuair a bhí mé ionann is leath bealaigh anonn, nár imthigh na cosa uaim agus caithtear glan baileach mé isteach sa dílinn. Sin é an áit a raibh an cadhlú idir mé féin agus an tuile, mise a sluparnaoil agus a plubarnaoil agus ag oibriú na lámh agus na gcos ar mo shean- neart báis, ag iarraidh an bruach a bhaint amach d'ainneoin fuadaigh an uisce. Ach ní raibh aon mhaith ann agus tharéis achair ghearr b'éigin dam géilleadh agus cead a thabhairt don tuile a rogha bail a chur orm. Doilí sguabadh le fánaidh mé agus bhí mé a' snámh agus a' snámh agus faoi dheireadh thiar tháll cuireadh i dtír mé ar oileán uaigneach. Bhuail mé róm annsin, gan fhios agam ó Éabhar na bhFionn cé raib mé, ach fá cheann sgathaimh d'airigh mé go raibh mé istigh i lár portaigh mhóir. Bhí an oidhche chomh geal is go mbainfeá frighdí amach agus d'féach mé fum agus tharm, agus ní raibh le feiceál fad m'amhairc ar thaobh ar bith ach portach dólámh. 'Doilí nuair a chonaic mé an tsáinn a bhí orm níor fhan croidhe ná misneach agam, agus bhí mé cinnte go mbudh é fód mo bháis é. Córach go leor chas do chloich bheith taobh liom agus shuidh mé síos uirrí agus gach aon olagón asam. Ach céard déarfa, nach dtáinig smúid ar an ngealaigh, d'aon ar ath, agus leis sin, d'fhéach mé suas agus chonaic mé rud toirteamhail dubh a' díriú orm idir an domhain agus í, agus shul dhá mbeadh am agad “ámén” a rádh, bhí sé an taobh eile dhíom. Doilí, caidé do bharamhail a bhí ann, ach an t-iolar ba bhreaghtha a chonaic tú ariamh. Thosuigh sé a' cur na súl thríom féin, agus ar seisean de ghlor shíbhéalta, “Maise, a Uátéir Uí Mhuimhneacháin caidé'n bláth atá ort?” “Tá mé thar cionn,” arsa mé féin, “slán an té fhiafruigheas,” agus níorbh iongntaighe liom an sneachta dearg ná urlabhra bheith ag iolar. “Agus caidé'rd a thug annso thú,” ar seisean. “Ó maise dheamhan blas ar bith,” arsa mise, “ach faraoir nach bhfuil mé sa mbaile arís.” “Budh mhaith leat an t-oileán a fhágáil is dócha,” ar seisean. “Budh maith,” arsa mise, agus gan ionntodh an fhocail a chur air, d'innis mé dhó an chaoi a raibh mé ag an mbainis, gur ól mé braon beag thar an gceart, gur thuit mé san abhainn gur raibh mé a' snámh go dtáinig mé ar an oileán, is go raibh cinnte orm é a fhágáil. Rinne an t-iolar staidéar beag, agus annsin, ar seisean, “A Uátéir, is mór an náire dhuit dul ar an ól, go mór-mhór an lá beannuighthe atá ann; ach mar sin féin duine gnaoidheamhail a bhí ionnad ariamh, agus ní fearacht a láin eile acu é, ní dhearna tú díth ná dóchar domhsa ná daoinne de mo chineadh ariamh. Sa gcás sin de, ní chlisfe mise ort lá do chruadhtain, agus seo leat anois suas ar mo dhruim agus mise an buachaillín a thiubhras slán as a' daimhséar thú.” “Ara, an a' magadh fúm atá tú?” arsa mise. “Is minic a chuala mé cur síos ar mharcuigheacht ar phúca, ach níor airigh mé trácht ariamh ar mharcuigheacht an iolair.” “O, dar an leabhar,” ar seisean, agus leag sé a chrúb ar a ucht, tá mé lán dhárirí, agus creid mise ann gur fearr dhuit comhairle charad a ghlacad ná bás a fháil annseo i lár an eanaigh gan fear do chaointe ná do shínte.” Ar ndó b'fhíor dhó, ní raibh de roghain agam agus arsa mise liom féin “níor chaill fear an mhisnigh ariamh é.” “Tá go maith,” adubhairt mé leis an mbuachaillín, “ní leigfe mé do thairsgint ar cháirde agus tá mé buidheach dhíot fá do chaoilteanas.” 'Doilí, a dhaoine sgar mé air, agus chuir mé mo dhá láimh tart fá n-a mhuinéil le fait- chíos do dtuitfinn, & d'éirigh an buachaillín den talamh ar nós gealbhain. Nár bheag a chuimnigh mise ar an bhfaltanas a bhí i gcroidhe an rifínigh. Suas leis chomh díreach le urchar gunna agus mise i ngreim an fhir bháidhte ar sgórnach air ní thiubhrá samhail dá bhfaca tú ariamh dhom sa gcuma a bhí orm ach duine a bheadh ag iarraidh strapadh ar phosta telegráf. Doilí, bhí sé a' dul suas agus suas na sgórtha agus na céadtha agus na mílte míle san aer, is ní leigfeadh an faitchíos dam féin aon fhocal a labhairt leis ar eagla go mbogfaidhe mo ghreim is go gcaitfidhe chun talmhan mé. Ach fá cheann sgathaimh, bhí mé ag éirghe cleachtach ar an ngléas marcuigheachta a bhí agam, agus, arsa mise chomh soineannta agus d'iarrfá: “Maise dhá n-islightheá anois, a dhuine uasail, budh chóir go mbeadhmuis as an eanach agus is gearr a bheinn a' déanamh mo bhealaigh abhaile, agus fad saoil agus sláinte ag t-onóir.” “Ara, a Uátéir” ar seisean, meas tú an amadán mé. Breathnuigh fút agas nach bhfeiceann tú beirt fhear agus gunna acu. Nár dheas an bhail orm mo chaitheamh le oibliogáid a deanamh ar shean-phótaire bróghach de do shórt-sa, atá mé tharéis a thabhairt as an eanach. Bhí fhios agam féin gur bréagh a bhí sé a innsean, arae bhí sé an fhad ón talamh is nach bhféadfadh sé duth, dath na bán dhe a fheiceál. “Maise basgadh ort,” arsa mise ach m'anam nár dhubhairt mé amach é, arae cé'n mhaith dham beith a' caint. Doilí lean air ag eiteall is ag eiteall, agus mise a' síor- impidhe air ísliú ach ní raibh aon mhaith ann. “Maise i n-ainm Dé is Mhuire, bhfuil dochar fiafruighe ca bhfuil tú do mo thabhairt chor ar bith?” arsa mise. “Éist do bhéal,” ar seisean go gearblach, “mur shabalta an mhaise dhuit é cur isteach ar ghnotha daoine eile.” “Maise m'anaim go gceapaim gur chuid de mo ghnotha-sa é,” arsa mise. “Tar leis sin anois,” ar seisean go borb, agus níor dhubhairt mé féin níos mó. (Tuilleadh le teacht). LIAM Ó COINÍN. PROINSIAS MAC CONMARA & A CHOMHLUCHT. Díoltóirí & Reacadóirí Tae, Fíonta & Beatha i nGAILLIMH. Ní thig le aoinne a rádh nach bhfuil earraidh dúthchasach go leor annseo. AN T-AOS ÓG AN FEAR AGUS A BHEIRT MHAC. Bhí fear ann fadó agus bhí capall bán agus asal dubh aige. Bhí beirt mhac aige freisin agus bhíodh siad a' marcuigheacht ar an asal agus ar an gcapall. Ní fhaca an t-athair iad tráthnóna amháin agus bhí siad a' rás… Chuaidh Micilín a' marcaigheacht ar an gcapall agus chuaidh Seán a' marcuigheacht ar an asal. Thug Micilín buille don chapall agus léim sí thar an mballa. Leagadh Micilín agus do ghortuigh sé a rúitín. Bhí sé cneasda annsin acht ní fhaca sé Séamus a' teacht agus leagadh Séamus agus an t-asal ar a bharr anuas. Nuair a tháinig siad isteach bhí an t-athair istigh rómpa. Nuair a chonaic sé Micilín leig sé sgread. “Céard a thárla dhuit a Mhicilín,” ar seisean. “Rith an capall agus an t-asal ar mo mhullach” arsa Micilín. “Ha, ha, anois bhéarfa mé léasadh dhuit a bhuachaill” ar seisean. Rith sé isteach ag iarradh maide ach bhí Micilín imthighthe nuair a tháinig sé amach. Níor tháinig sé isteach an oidhche sin chor ar bith. Lá eile bhí siad ar an tráigh agus bhí an capall agus an t-asal acu ag iarradh cúpla cairt gainimh. Bhí an t-athair in éindigh leó. Sé Micilín an diabal mar thug… sé buille mór don asal. Níor thaithnigh an buille leis an asal, mar thug sé léim agus rith sé uaidh. Rith sé isteach i n-aghaidh na cartach eile agus bhris sé í. Bhí fearg mhór ar an athair agus rith sé i ndiaidh Mhicilín ach rith seisean amach ins an lathaigh agus d'fhan sé annsin ar charraig. Bhí an taoille a' tigheacht isteach ach níor airigh Micilín é. Bhí an codladh a' teacht air, tá's agad leis an gcaoineadh. Dubhairt an t-athair le Séamus dul amach agus glaodhach ar Mhicilín. Chuaidh sé amach ach ní raibh sé a bhfad go dhtáinig sé ar ais arís. “Tá sé báidhte” ar seisean. Rith an t-athair amach ins an taoille agus thug sé isteach Micilín. Bhí sé nach mór marb. Nuair a fuair sé sa mbaile é agus é níos fearr thug sé léasadh breagh dhó. EIBHLÍS NÍ FHINN (13 bliadhna d'aois) Meadhraidhe Tá cultaí & cótaí móra nach bhfuil sárú i na gcionn ag ANTOINE Ó RIAIN, SRÁID NA SIOPAÍ, I NGAILLIMH. FÉACH! Bí cinnte & téirigh isteach go bhfeice tú a bhfuil de ÉADACH le h-aghaidh an Gheimhridh Le díol go han-tsaor ag TOMÁS MAC SUIBHNE, I NGAILLIMH. COLÁISTE IGNÁIDE NAOMHTHA. (Cumann Íosa.) I NGAILLIMH. Coláiste Idir-mheadhonach é seo a bhfuil teagasg dá thabhairt ann ar na craobhracha foghluma a chuireas duine i gcruth a dhul go hIolsgoil nó a dul i n-éadan gnótha trácht- cheannaigheachta. Aire ar leith dá tabhairt do ghasúir óga. Páirc bháire ar chúlaibh an tighe. Le gach uile ughdar a fhághail, sgríobh ag AN AIRCHINNEACH
AN T-ATHRÚ TIGH UÍ CHLÉIRIGH Tá Ó Cléirigh & Comh a' thabhairt cuiridh dhuit a theacht go dtí n-a siopa go bhfeice tú an lasgaine mhór atá siad a thabhairt uathu in gach earradh, lasgaine a bhéas le fághail uathu ar feadh tuairim's ráithe fós. Ní féidir athrú a chur ar gach roinn den earradhlainn ar fad i gcuideacht, ach níl lá dá ngabhfa thart nach bhfeice lasgaine éigin i ní éigin dá tabhairt & éagsamhlacht earradh dá cur ar fághail. Ar an gcuma seo, sul dá dtí ibhfad beidh an Earradhlann ar fad a' tigheacht de réir a chéile ar an gCoimhrian Nua .i SAOIRSE EARRADH & MÉADÚ A n-ÉAGSAMH- LACHTA. Trí ruda pearsanta a' baint leis na gnotha seo. Níl baint ná páirt ag Tigh Uí Cléirigh le aon chómhlucht Sasanach, & is airgead Éireannach — chuile phighinn de — atá dá choinneál suas. Mar sin a bhí sé go dtí seo: mar sin a bhéas. Seo giota as díleagra a thug na Ceannachóirí Tigh Uí Cléirigh don Chinnire nua, Seán F. MagUidhir (a bhí go dtí le goirid tigh Síl Broin i Sraith Mhuirbhthean), a'fáiltiú roimhe: “Cuir sé áthas mór orainn cloisteáil, an tseachtmhain seo caitheadh, gur toghadh thú ar lucht Cinnireachta tige Uí Cléirigh & a Chomh. mar Chinnire Tioncuir, & go bhfuil na gnotha go hiomlán fá do chomhairle & do choimhghliocas. Thaithin sé linn freisin go mbeidh an coimhrian nua seo i bhfeidhm, sé sin, Beagán Brabaighe agus Díol & Ceannach ar Airgead-síos, mar tá tú thar éis innsean dúinn, & go bhfuil ordú tugtha agad do do Cheannachóirí go gcaithfear margaidh an domhain a chuartú leis an Earradh is Nuacha & is Fearr a sholáthar. Beidh aghaidh muintire na hÉireann ar fad orainn mar gheall ar chomh saor & tá ordaighthe agad dúinn a dhíol, & déanfamaid den Earradhlainn álainn is Ceannaigheacht Rathamhail ann. Sul dá dtáinig tú féin, bhí eolus againn ar do gheanamhlacht & do chineáltas don mhuintir atá ag obair fút, agus déanfa líon gnotha an tighe seo le dúthracht & Ionnas a gcinn finne do chongnamh dhuit leis an árd-chuspóir a chuir tú os ar gcomhair a aimsiú.” Seo giota teachtmhar as leitir a cuireadh i n-éindigh le bronntanas a thug cuid de Conghantóirí óga Tigh Síl Broin do Sheán F. MagUidhir nuair a bhí sé a' fágáil an tighe sin: “Gach rud ar thóig tú lámh os a chionn d'éirigh leis thar bárr, & sé Teach Uí Chléirigh an chraobh mhullaigh a bhéas orthu ar fad. Ní bhéidh sa méid sin ach luachsaothair ar a ndearna tú de mhaith & de chineáltas. Is aoibhinn don líon gnotha atá anois fán maighistir is fearr & is cineálta dár cuireadh eolus riamh air. Ba mhó ba cosmhail le Athair thú ná Máighistir, & támaid a' cathú 'do dhiaidh mar bheadh clann i ndiaidh a n-athar. Glac, le do thoil, an corn airgid seo mar sheod cuimhne.” Ó CLÉIRIGH AGUS A CHOMH., TEORANTA, SRÁID UÍ CHONAILL, BAILE ÁTHA CLIATH. TORTHA AN MHALÓIDIGH, I nGAILLIMH. BRÓGA GAEDHEALACHA. GACH RUD AR FHEABHAS. SÍOLTA AR FHEABHAS, Agus gach a dteastuigheann ón bhfeilméara Le fagháil ó MHAC OSGAIR, I mBARR AN CHALTHA, I nGAILLIMH. TÁ AN GHAOTH ANIAR. a sgríobh TOMÁS Ó MÁILLE. le fághail ó CHOMHLUCHT OIDEACHAIS NA hÉIREANN. Ceithre sgilleacha (glan) a luach. Duine ar bith a dteastuigheann “An Stoc” uaidh, nó ar mhaith leis fuagradh a chur ann, sgríobhad sé ag an mbainisteoir .i. An T-ATHAIR Ó CEALLAIGH, Sráid Doimnic, a 23, I nGaillimh. Thríd an bposta 4/- sa mbliadhain. Thríd an bposta 2/- sa leithbhliadhain. Maidir le gach ádhbhar sgríobhtha a theidheas sa bpáipéar cuirtear sgéala ag TOMÁS Ó MÁILLE, Coláiste na hIolsgoile, i nGaillimh. AN STOC LÚGNAS, 1923 CONGNAMH Is sean-fhocal é gur “orduigh cinnire congnamh.” Sin, mar dhóigh dhe, má tá duine a' stiúradh aon rud dá bhfuil ar bun gur fearr a fhéadfas sé a ghnotha a cur un cinn le congnamh maith a bheith aige. Dá mbeadh páirc mhór féir le spealadh ag duine is a luaithe a déanfaidhe é le deichneabhar a chur ina éadan ná le beirt ná triúr, & is lugha an tsíleáil a bheadh ar gach duine. Sin é a fhearacht againne leis an Stoc. Adeir daoine linn “cuiridh páipéar Gaedhilge ar bun, cuiridh an Stoc ar bun arís,” agus b'fhéidir nuair a bheadh An Stoc ar bun go mbeadh a gcongnamh ar iarraidh. Nílmuid a rádh nach bhfuilmuid a' fághail chonganta leis an Stoc agus congnamh mór, agus marach feabhas an chonganta sin ní fhéadfamuis aon chúis a dhéanamh. Ach le fear-is-barr conganta a fhághail, le congnamh chuile dhuine ar mhaith leis an Stoc a dhul ar aghaidh a fhághail bh'fhéidir dhá oiread a dhéanamh nó trí oiread gan aonduine a bheith tuirseach ná féachta dhá bhárr. Tá dhá chaoi ann arbh fhéidir cuidiú leis an Stoc, (I) le píosaí maithe Gaedhilge a chur chugainn le cur isteach ann, & (2) le díol a chur ar an bpáipéar. Aonduine ar mhaith leis cuidiú linn ar an dá bhealach sin tá ar seoladh aige agus chuile ughdar thairis sin aige sa gcolumhan seo os ar gcionn. Aonduine ar mhian leis giota a chur chugainn don chéad Stoc eile cuireadh sé chugainn é roimh an 14adh lá de mhí Mheadhoin an Fhoghmhair & sgríobhadh sé “An Stoc” sa gcúinne ar chumhdach na leitreach taobh amuigh. GEALLTA BHAD SAN IARTHAR AN RÉIDHTEACH Lá breágh grianmhar i dtús foghmhair bhí ánn & go deimhin duit, ní raibh sé i ndon ag Críostaidhe ar bith aon bhuille oibre a dheanamh, bhí na cleabhair nimhneacha a' cur amach a dteanga le tart, beithidhigh & fáinne déanta dhá n-iarball acu, a rith lé cuthach & glionndar fíbín a' déanamh ar an bhfairrge lé fuaradh & fionnfhuaras a fhághail, na clocha eimhir dhá sgoilteadh lé teas, ros-samh trom thart le bun na spéire thiar, toirneach bhódhar a gluasgarnach & a búrthaighil, anois & aríst, go leór mílte i gcéin, an ghrian órdha a' lonnradh & a spalpadh anuas as an spéir gorm-bhuidhe, ar taltaí bhí 'feódhadh, ar thráigh- anna móra gainimh bhí drithleach, deállrach & ar an bhfairrge bhí chomh chiúin, chomh réidh, chomh cothrom lé sgathán mór gloine, & sgáile na spéire, na gréine & na n-éanlaith lé feiceál thíos ínnti. Daoine annseo & annrúd thart lé imeall na mara & a gcuid éadaighe bainte dhíobh sáithte isteach i sgailp dhorca clochair, mar ní raibh sé iontaobhtha aon fholach éadaighe a leagan ar chloich, ná ar leich, marar mhaith leat é bheith ruadh-dhóighte; iad-san, go meidhreach shultmhar, gl onndrach, rásta go leór leis an ealadhain a bhí orthu, cuid acu a' slubaighil & a' slabaighil ar easbaidh aon osgair snámha, cuid eile a lámhacán i n-aice béil an taoille, cuid eile dhá thabhairt leób go breág ar na buillí. Bhí píosa tuilte aige faoi seo, & na báid a' teacht isteach ó charraigreacha fiadháine an tsean-chladaigh le n-a gcuid lucht cabhairlighe báidhte go súilí, báid eile sgaipeadh annseo & annsiúd amach ar an aigian, cuid acu i bhfad i bhfairrge, i riocht 's nach raibh ann ach gur léar don tsúil iad, ar nós cuileóge amuigh ag bun na spéire. Na fuireanna i gcuid acu ag iomramh ar a seacht míle dithcheall ag iarradh druidim leis an móir-thír chomhfhad's bheadh sruth taoille tuile leo, báid eile ar meadh ar bhainc throisg ag iasgach ón talamh an fhuireann a gomháil tarraingt a gcuid doruighthe de phreab cúpla feádh ón stupóig & dhá leigean síos aríst, ag iarraidh an chlúain a chur ar an trosg bocht & a mhealladh leis an mbaoite breágh lonnrach, de sgadán gainimh úr; “coinnigh órt?” anois & aríst, comartha ón stupóig a chraithfeadh an ghualainn ag an bhfear thuas. Mo léan! nár fhailligh gan uimhir a sé de dhubhán dubh-ghorm a chur sa gcab uachtar ag breac an chlaib mhóir a bhfuil leigheas & íocshlainte do lucht criotáin & cársáin i n-ola a chuid aebha. Ó bhí an lá ceanann céadhna chomh brothallach & bhí, bhuail mé féin amach a' snámh ó chlochar an bháid, mar ba mhór an tógáil chroidhe & fionnfhuaras do dhuine folcadh breágh den sean-tsáile guirt a fhághail faoi chomhair an chuid eile den lá. Nuair a bí mo chuid éadaighe orm agam thar éis turas a thabhairt ar charraig na bportán & tromas & tuirse an lae caithte dhíom agam, bhuail mé suas ag tráigh na Dumhaighe Bige, mar ó cuala mé “sgríob sgríob” a teacht anuas as leis an gciúineadas, bhí fhios agam céard a bhí ar bun ánn. Níor thóg sé dhá mheandar orm theacht i bhfhiosgeacht “mbeannuighe Dia” don áit a raibh an bád dhá sgríobadh & thuas ar dá bhlocan i riocht 's go rachadh cat maith mór amach idir an tráigh & an cíle gan teangmháil dhó, blocán eile faoi n-a bolg, lé na coinneál ón tráigh, í sínte siar ó chluais go hiarball mar bheadh sí lá gaoithe móire. Ar dhruinn na bóchna faoí chúrsa beag san seól mór & barróg doimhin sa gib lé gargaint na tuinne, & mó dhuine ag iomchur seóil go dímhaiseach. “Bail ó Dhia oraibh,” adeirm-se, leis an mbeirt bhí ar snámh lé allus sínte ar slait a ndroma istigh fá na pluic, a' sgríobadh caonnaigh, báirnigh bheaga, & rud ar bith eile. Bhí crupach ar an gcraiceann mín péinne dhearg “go mbu shé dhuit a mhic ó,” deir an bheirt i n-éindigh, nach cumasach te an lá é. “Ná bí cainnt a dhuine” adeirimse ní sheasfhad néagar (i. fear dubh) é, is cuma
é ach beidhmuid losgtha rósttha trathnóna, & cé'n bhrígh ach an bhail bhéas orainn ag gail & deannach na sean-teara sin, ní fhanfhadh sgioltar craicinn ar ar n-éadan ná ar ar lámha, nach mbeidh dóighte. “Tá an diabhal i n-ar mbarr-iallacha, má théidheann gail na teara ar ar n-éadan” areirim-se, “tá píonús na bpíonús i ndán doibh.” “Tá sibh a' cuimhniú ar an lá máireach, bail 's beannú oraibh,” adeirim-sé go n-éirighe sin libh, tá ciall in bhur leitheidí, ní hé fhearacht cleiteachán eile é. Leabhar-se is furus aithne cá mbíonn an míanach ceart. Deir siad & is fíor é ‘go mhbriseann an dúthchas trí shúilí an chait.’” “Díth céille dít céille, uilig é,” adeir Seán, “ach a dhearbhráthair m'anama thú, níl neart ag an díth céille fhéin air, bhí sé ánn ó thús aimsire & beid go deireadh.” “Cé an sórt cainte sin ort,” adeirim-se ní dít céille ar bith tá oraibh, chomhfhad 's bhéas an tsláinte ag na daoine, ní ceart dóibh bheith a' gearán.” “Tá tú caint anois,” adeir, Cóilín Mhichíl, a leagan uaidh an sgríobháin & a' caitheamh an alluis dhá éadan, lé n-a mhuinchille & a' tarrainght a bhríste suas air fhéin & a' fáis- geadh a ruadhóg basta na thímceall go daingean docht. “Cén bharramhail tá agad dhúinn?” “Barramhail mhaith,” adeirm-se, “Mh'anam go bhfuil faithchíos orm má sheasann an ciúneadas seo go bhfuil geáll an lae maireach chomhfada uainn & tá banais ar n- athar mhóir,” adeir an guth, amach ón maide teile bíodh misneach agad a Sheáin, corruigh suas, & na tuiteadh an driull ar an dreáll mar sin agad. Níor cháill fear an mhisnigh araimh é, adeirim-se, & rud eile dhe, ní cheapann go mbeadh an lá chomh han-chiúin sin amáireac. Peata laé é seo sílim. Tá an spéir sin amuigh leagtha isteach lé gaoith aniar ndeas, & le glasadh an lae indiu bhí an clamhsán ag Clochar an Mhádra-uisge mar a ndeárna taoille mhór lán rabharta é, & bhí bun de léasán mór san bhfairrge thiar os cíonn Carraige a' Mhíle, & féach a' raibh de na míoltóga beaga nimhneacha thuas bhí i ndon thú a chur glan-easgartha as do chéill, an fiabhras teinnte oraibh mar a bhfuil muid ithte acu,” adeir, Cóilín, “tá mé ceapadh go bhfuil claochlodh is an aimsir mar nuair a bhí mé dhá cur seo amach as an gcéibh ar maidin. Bhí staic de rón liath istigh ar an árd-tráigh & ní fhaca mé aon cheánn cheana chomh fada isteach lé mo chuimhne cínn, & is fadó an lá nach bhfaca mé na Breandáin chomh follasac, & chonaic mé iad le éirghe ghréine indiu. Tá athrú eicín ar an teas céadthac seo, bruith bháistighe is dócha.” “M'anam” adeirim- sé “ní dhá bhaint sin as do béal é.” (Ar Leanamhaint). SÉAMUS MAC AN IOMAIRE. BRÓGA NA LAOI. NA BRÓGA IS FEARR LE CEANNACH Ag SEÁN Ó LAIDHE, I mBARR AN CHALTHA, I nGAILLIMH. An Teach a bhfuil cliú air le haghaidh Tae, Fíona, Biotáilte & Intreabh Tighe. M. BREATHNECH SRÁID ÁRD, NA GAILLIMHE. ÉADACH GAEDHEALACH ar fheabhas le fagháil ó PHROINSIAS MHAC DHONNCHADHA & A CHOMH, I nGaillimh. A chuir dlúthas i gcomhnaidhe le déantás na hÉireann a chur 'un cinn. AN “LUCÁNIA.” Más maith leat ROTHAR MAITH a rinnead nÉirinn sgríobh chuig DOMHNALL UA BUACHALLA iMuigh nuadhat. COR EN TSIONNAIGH AS NA DREANCEIDÍ. Bhuail taom thinnis sionnach tráth, thar éis lá sealga (seilge) agus le méad a dhócamhla le linn smál na hoidhche bhí sé i ndeire na déithe agus d'fhalaigh sé é féin i bprochóig faoi thomh fraoigh. Bhí sé sínte ó chluais go ruball gan chor nó cleas ann ar feadh naoi lá. Tar éis an naomhadh lae sgaith sé an faoitheamh agus thosaigh beagán nirt a' teacht ina cholainn. Bhí tart agus lafairt air ach ní raibh fear a chaointe ná a shínte i ngar dó. Thimcheall an tráth atá i gceist agam tháinig oidhche mhór fearthainne agus d'árduigh mo chréatúr a cheann i n-áirde, d'fhosgail sé a bhéal agus léir mar bhí an fhearthann a' tuitim ar an bhfraoch bhí sí a' seilt anuas agus níorbh fhallsóir an sionnach a' slugadh na fearthainne léir mar thuiteadh sí ar bharr a theangadh. 'Deirim-se leat-sa go mba mhór an sult a fuair an cleasaidhe as slumairt na fear- thainne. B'in é a shlighe bheatha, a mhic ó, 'fhad is bhí a colann gan bhrigh 'ndeoin go raibh neart cearca fraoigh ina thimcheall agus ní raibh neart aige drannadh leofa. Thraoich a cholann de easbaidh bidh agus bhochtuigh a chuid fola le bruith an tinnis agus galra carach. Bhí sé i ndeire na déithe. Bhí a leabaidh faoi seo tais agus teas a cholla a' téidheadh na leabtha i riocht, a chomhluadair na cruinne, is gur chothuigh an leabaidh na céadtha dreancaidí. Thosuigh an créatúr ag éirghe mí- shuaimhneach i riocht 's nach raibh codladh oidhche ná suaimhneas lae aige agus léir mar bhí brigh a' tigheacht ann bhí na crúba a' dólámh a' tochas gach ball dá cholainn 'ar fhéad sé na crúba a chur i bhfeirm. Nuair bhí sé sáruighthe amach is amach ag na dreancaidí, ar seisean, “leis an diabhal an t-ocrus agus leis an deamhan agus an diabhal an tochas. Níl náire ar bith san ocras, agus mar sin féin baineann an tochas barr dhe.” Léir mar bhí an ghrian a' lonnradh ó bharr an tsléibhe thug sé faoi deara go raibh sé brat ballach le tréadáin agus, ar seisean leis féin, “cá bhfuil mo mheabhair nó mo stuaim mara bhfuil mé i ndon doibeart a bhualadh ar mo chomharsannaí gangaideacha atá a' tabhairt iarracht seilbh mo thighe fhághail, i gceann criathar poll a dhéanamh de mo chraiceann. D'éirigh sé ina sheasamh agus shiubhail sé go mín réidh socair as an bprochóig agus shuidh sé ar a chorra geamh le teas na gréine. Thar éis an ghrian é dá théidheadh go maith b'fhacthas dó go dtáinig brigh agus lúth beag ann agus thug sé aghaidh ar loch beag a bhí i ngar dó, agus a shluagh sladtha a' gabhail fabhairne dó. “Dheamhan ar chríonna an cat ná an coiméad,” ar seisean, “agus beidh an báire liom-sa nó caillfe mé casadh.” Síos leis go dtí bruac an locha agus thionntuigh sé a chúl léithe. Isteach leis go roighin réidh i ndiaidh a chúil is chuir sé barr a rubaill ins an uisge is léir mar bhí sé a' cur a cholla faoi'n uisge bhí colg a' tigheacht ar an bhfionnadh agus léir mar bí an t-uisge a' tigheacht fá'n bhfionnadh bhí na dreancaidí a' teicheadh agus iad go síorruidhe a' léimnigh ar an bhfionnadh tirm, agus iad a' déanamh ar a mhuinéal. Thimcheall is an tráth seo bhí sé go dtí bun a dhá chluas fá'n uisge, agus annsin, a mhic mo chroidhe, thosuigh an clampar, mar ní raibh aon dreancaid ina cholainn nach raibh ar chlár a bhaithis agus gach aon cheann acu ag iarraidh seilbh na háite sin a choinneál mar ba tuar bháis dóibh é. Bhí buille a bhfus agus buille thall acu ar a chéile agus muinéal lag i n-íochtar agus lámh láidir i n-uachtar. A leitheid d'fhead- ruasgadh ní raibh ó thiar an domhain go dtí thuar an domain agus bhí ar bhaithis an tsionnaigh ghlic. Choinnigh seisean a cheann i n-áirde agus (bhí) a shrón chomh mór le sean-chloigtheach le méad an láirm drean- caidí bhí fastuighthe ar a barr agus greim an fhir bhaidhte acu ar a chéile. Nuair a bhí 'fhios aige annsin go raibh iomlán a námhad bailighthe ina chéile agus a cholann saor gan ceann acu air, síos leis mar sgail teinntrighe fá'n uisge agus sguabadh an cloigtheach dreancaidí le fánaidh an tsrotha. Aníos leis agus isteach leis ar an talamh. Dhearc sé ina ndiaidh, agus ar seisean, ós árd, “tá sibh imhtighthe, agus imtheacht an tsrotha le fánaidh oraibh, sin imtheacht gan filleadh.” Agus sin agaibh anois cor an tsionnaigh ar na dreancaidí bochta. (Sé Micheál Mag Ruaidhrí, an sár- sgéalaidhe, a thug dom an sgéal so atá ceithre bliadna ó shoin ann.) SEÁN MAC GIOLLARNÁTH. GLUAIS. — Prochóg, den. Sgaith sé an faoitheamh, he passed the crisis. Slumairt, nourishment. Thraoich, reduced. Galra carach, scabs; car, scab. Brat ballach, bare spots in his coat. Treadáin flocks of vermin. Corsa geábh, gogaide, hunkers. Fabhairne, fleecing. Cloigtheach, tower, belfry. Níl aon tsiopa ins na cúigí a bhfuil níos mó earraidhe Gaedhealach le fagháil ann ná ag A. MOON, TEORANTA, a dhíolas cultaí fear, hataí ban & gach aon tsort éadaigh fheileas d'fhear, bean, nó páisde. FIORGÍONTA EGLINTON, I NGAILLIMH. FÁINNÍ Má theastuigheann fáinní uait sgríobh chugham-sa & cuirfead chugat leabhrán a bhfuighe tú gach eolas i n-a dtaobh ann. Taisbeánfa sé duit an chaoi le aigread & aimsir a shábháil & trioblóid a sheachaint. S. FALLER, I nGAILLIMH Beidh ÉIRE láidir má bhíonn Clainne Gaedheal láidir. Ithidís an fheoil is fearr agus tá sí sin le fagháil ó Ó FALLAMHAIN, Sráid Gheata na Mainistreach, I nGAILLIMH. TEACH ÓSTA MHIC CHARTHA An teach a raibh dídean ann do Fhianna Fáil i n-aimsir an ghábhaidh, ní féidir a sháru fá shócamhail. LEITIR CEANNAINN, DIARMUID Ó DONNABHÁIN, Gach saghas toradh, sgoth, milseán, &c. SRÁID GEATA LIAM, I nGAILLIMH. AN STOC ORDÚ Don ATHAIR Ó CEALLAIGH, Sráid Dominic, NA GAILLIMHE. A Chara, Cuir chugam — cóipeanna den STOC gach mí go ceann Ainm Seoladh
(Ar Leanamhuint. D'fhágaibh sé a chlaidheamh ar an talamh le n' ais. Dubhairt sé leo gan é a mharbhu fa láthair nó go dtasbánadh sé píosa dóibh nach raibh eolas ac air. Dubhairt an t-oifigeach go raibh sin ceart. Sheas sé ina gceart- lár. Thug sé léim ar an oifigeach. Tharraing sé an claidheamh as a láimh. Níor stop sé gur mharbhuigh sé na trí chéad fear. “Tárthuigh, a ghaisgidh,” arsa Dubhnúch Mac a' Feasa,” na marbhuigh mé. “Tá tú ceannuighthe go maith agam ar feadh na hoidhche.” D'fhan sé i n-éinfheacht leis go dtí maidin. Chuaidh sé amach ar maidin lá 'r n-a mháireach, bhuail sé an chuaille comraic. Tháinic fear freagartha an chuaille chuige. D'fhiafruigh sé dhe céard a bhí sé a iarraidh. Dubhairt sé go raibh sé ag iarraidh an fear ab fhearr a bhí ar an ríoghacht go mbeadh an lá aige féin nó aige-san. Tháinig chuige amach an Deilbh Órmasach Mhac Iarla Charraig na Sgéith. Séard a bhí ann mac tabhartais. Sin é an fáth nach raibh an bhanríoghain óg sásta ar é a phósadh. Bhí caisleán aici di féin le bheith na comhnuidhe ann. Bhí buaidh trí lá narbh fhéidir le aon fhear sa domhan seasamh roime. D'ionnsuigheadar a chéile le n-a dhá gclaidheamh mhóra thábhachtacha leathna chúlreamhra bhéaltanaidh. Bhíodar a bualadh agus a trom-ladairt a chéile nó go dtáinic buidhe ar an gréin. D'éirigh an Deilbh Órmasach ina phriachán os a chionn a' magad faoi. Bhí Conall loithte agus a chuid fola a' tigheacht & é lag gan ghreim gan deoch gan blogam. D'imthigh Dúbhnúch Mac a Feasa. Chuaidh sé chomh fada leis an mba-n ríoghain óg bhí a phósadh chomh luath agus throidfeadh sé an Deilbh Órmasach. Dubhairt sí go raibh lá de na trí lá curtha isteach aige. “Tabair chugam é,” adubairt sí. Thug. Bhí sé i gcruth siubhail ar éigin. Choimil sí íoc-shláinte dhó ar a chuid cneadhacha. Bhí sé chomh maith & bhí sé ariamh. D'ith sé a sháith. Bhí blas na meala ar gach aon ghreim agus gan greim ar bith tor. Cóirigheadh leabaidh dó. Chuaidh sé a chodladh & chuaidh sise a chodladh taobh thuas dó. Tharraing sé a chlaidheamh idir é féin agus í féin. D'fhan sé mar sin go maidin. Chuaidh sé amach 'léis an bhricfasta agus bhuail sé an cuaille comhraic chomh laidir agus bhí sé ariamh. Tháinic sin chuige amach an Deilbh Órmasac. D'ionnsuigheadar a chéile nó go dtáinic buidhe ar an ngréim tráthnóna. Bhí sé loitthe in gach uile bhall dá cholainn nuair a rinne an Deilb Órmasach iolar dhe féin os a chionn a' magadh faoi. Bhí sé chomh lag & nach raibh sé i gcruth seasamh ar a chosa. D'imthigh Dubhnúch comh fada leis an mbanríoghain óg arís. “Ní fiú é a thigheachtain,” adubairt sí, “níl dúil agam é ghlacadh isteach.” “Ná déan sin” a bhanríoghan óg, ar sé. “Tá dhá lá caithte aige; níl air ach lá eile go mbí sibh pósta.” “Doile” adubhairt sí, “tabhair 'un an tighe é.” “Níl sé i gcruth suibhail gan congnamh.” Chuir sí congnamh comh fada leis a thug 'un an tighe é. Choimil sí íocshlainte dá chuid cneadhacha. Bhí sé chomh maith agus bhí sé ariamh. D'ith sé a shuipéar agus chuaidh sé a chodladh. Chuaidh sise a chodladh, taobh thuas dó. Tharraing sé a chlaideamh idir é féin agus í féin agus d'fhan mar sin go dtí maidin lár na bháireach. Bhuail sé an cuaille comhraic. D'ionnsuigh- eadar chéile go teann teith. Bhí an Deilbh Órmasach ag iarraidh é a mharbhú' an lá seo. Chinn sé air go dtáinic buidhe ar an ngréin. Rinne sé crann caorthainn de féin idir a dhá láimh. Bhí sé chomh lag & dhá síneadh sé ar a bhéal go bplúchfadh a chuid fola é & dá sínead sé ar chul a chinn go dtiocfadh na priain & go bpiocfaidís na súilí cá Bhí an Dubhnuch Mac a Feasa le n' ais a' breathnú' air. “Mise Conall budhe Mac Néill,” adubairt sé, “is iomadh ceard le a bhfuil mo thriall. Sgríobh thusa go beacth beach in mo lunig & in mo bhad mar shúil is go dtiocfadh duine éigin ar mo threibh a bhainfeadh sásamh den Deilbh Órmasach, Mac Iarla Charraig na Sgéith.” “Ní féidir,” adubairt Dúbhnúch Mac a Feasa,”gur tú Conall Mac Néill na bhFiann. Bhí mise i n-éinfheacht le t' athair & níor fágadh beo ach mé as an méid a tháinic as Éire.” Thosaigh sé da chaoineadh. Leag sé a chóta ar a cheann. Rith sé leis chomh fada leis a mbanríoghain óg. “Do chara & do choimirce a bhainríoghan óg,” adubhairt sé. “Tabhair an rí uasal chomh fada leat anocht. Tá na trí lá seasta aige. Níl aon mhaith sa Deilbh Órmasach níos mó 'ch oiread le fear ar bith eile.” Léis obstáice mhór chuir sí cairt & móir- sheisear fear comh fada leis. D'iomchruigh- eadar isteach é nó gur chuir sí íocshlainte ar a chneadhacha. D'éirigh sé comh maith is bhí sé ariamh. D'ith sé neart bíd agus chuaidh sé a chodladh. Chuaidh sise a chodladh taobh thuas dó. Tharraing sé a chlaidheamh idir é féin agus í féin. D'fhan sé mar sin go mai- din. D'éirigh sé ar mhaidin lá'r na mhaireach. Nigh sé a' aghaidh agus a éadan. Bhuail sé an cuaille comhraic comh laidir agus bhuail sé ariamh é. Tháinic sin chuige amach an Deilbh-Órmasach leisgeamhuil go leor a' a' dul 'un troda. “Nois, a Chonaill, adubairt” Dubhnúch Mac a Feasa, “níl aon chumhacht aige ach oiread leat féin agus feiceamuis ceard atá sé i gcruth a dhéanta indiu.” Rith sé air. Chroch sé ar a gualainn é. Leag sé faoi é. Thug sé ceangal na gcúig caol go daor agus go docht air go dtiubradh laidhricín a choise seanas do pholl a chluaise ach ní seanas a bhéarfadh ach barr donair agus duadhais. “Tárthuigh a rí-ghaisgidh is fearr da bfaca mé riamh, ná bain mo cheann ná mo chóimeád leatha dhíom agus chomh fada is bhéas gaoth & grian agus neart dé ar an talamh bheidh mo chongnamh & mo chuidiú leat is gach uile bhealach.” “Ní bhainfe mé do cheann ná do choimeád beatha dhaot” adubhairt Conall “ac innis dom a bhfaca tú aon bhean ag imtheacht thríd an tír seo i n-éinfheacht le fear ar bith eile.” Ní fhacas agus níl éin eolas agam ar an sgéal,” adubhairt sé. Sgaoil sé ón a cheangal é agus chraith- eadar lámh le chéile. Thug sé leis é comh fada le teach na banríoghna óige. Cuir sé fios ar an sagart agus fuair sé pósta í le Dubhnúc Mac a Fheasa an fear a thug an camán dó thar éis teacht i dtír dó. Chuir sé gairm sgoile amach ar an ríoghachta a' caitheamh fleidh & féasta ar an mbanais. An oidhche a rabhadar a caitheamh na bainse thug sé ordú don doirseóir gan aon duine a leigean isteach gan fios a thabhairt dó féin. Níorbh fhada gur buaileadh an doras. Chuaidh an doirseóir a' tabhairt sgéal do Chonall go raibh fear ag iarraidh thiachtain isteach. Dubhairt sé leis an doras a fhosgailt agus a leigean isteach. Ní raibh sé sáthach luath ag an doras nuair a tharraing an fear amuigh a chos & bhuail sé de chic an doras agus bhris sé é. Buaileadh an doirseóir le spliontar den chomhla agus marbhuigheadh é. Chuaidh an sgéal thridh an teach go raibh an doireóir marbh. Tháinic Conall 'un láithreach. D'fhiafruigh sé dhe cé'n chiall dó an doirseóir a mharbhú. “Má's fear mait tú bainfe tú a shasamh amach. Tá dhá ubhall agam” adubhairt sé, “ubhall éir agus ubhall airgid. Tóig do roghain acú.” Thoig sé an t-ubhall airgid. Sheas sé ag an teinidh agus sheas an fear eile in íochtar a tighe. Chaitheadar an dá ubhall le chéile. Bhuail sé Conall i gclár an uicht. Leag sé sa teinidh é. Leig seisean ubhall Chonaill amach idir a dhá chois. Sé an t-ainm a bhí air Ridire Gaisge Mhac Rí na h-Íosbairne. Rug Conall air. Bhi sé ina charraigheacht chruaidh eidir an bheirt. Leag sé Ridire an ghaisge agus cheangail sé é. Cheangail sé é le beilt a chlaidhimh. Thug sé leis é fá shileadh na rí-choinnle san áit a raibh sé a' dul ón gcroiceann go dtí an fheoil agus ón fheoil go dtí an cnáimh & ón gcnáimh go dtí an smior. “A' raibh tú i ngéibheann an bith ariamh níos mó ná mar atá tú anois,” arsa Conall. “Bhíos,” adubhairt sé, “cé'n géibheann é?” “Deirim-sé gur fear gan truaighe thú istigh i dteach bainse.” Sgaoil sé ó n-a cheangal é. D'fhiafruigh sé dhe cad-é 'n géibheann é. “Deirim gur bodach thú arís” adubhairt sé. “Gan fios agad cad-é an t-am a bhfuair mé greim bidh le n' ithe.” Fuair sé a dhóthain bidh & dighe le n' ithe & le 'n ól annsin. Annsin a thosuigh sé ag innsean a sgéil do Chonall. “Bhí mé lá ins na Íosbaine,” adubhairt sé, “is mé an démhadh mac déag a bhí ag Rí na Íosbairne. Shíl mé nach raibh gaisgidheach ar bith ins an domhan nach raibh mé i gcruth a fhéachaint. Lá dár eirigh mé amach chonaic mé agam a' tigheachtain an fear mór ba mó & ab airde dá bhfaca mé ariamh agus an bhean ba bhreaghachta dá bhfaca mé in mo shaoghal ariamh dá hiomchur ar chrannóg a sgéithe. Shiubhail mé roimhe & d'fhiafruigh mé dhe an í sin a bhean. Dubhairt sé liom nárbh a. D'fhiafruigh mé de arbh inghín do í. Dubhairt sé nárbh eadh. D'fhiafruigh mé dhe an dtuibhradh sé dhom le pósadh í. Chrom sé anuas gan an bhean a bhaint dá ghualainn. Cheangail sé le beilt mo chlaidhimh fhéin mé le n-a leath- láimh. Rug sé orm agus chaith sé amach i lár na fairrge móire mé. Bhí aon mór ins an áit a dtugaidís an gníomh-iongnach uirthi. Nuair a chonach sí mé ag éirghe ar an bhfairrge thar éis a dhul go tóin an phuill chuir sí a crúba móra in mo thimcheall go dtug sí mé ina nead. Bhí trí éanacha móra aici ins an nead. D'imtigh sí annsin ar siubhal a' soláthar bidh. Nuair a thainic sí tráthnóna sinne sí céithre chuid den bhiadh idir mé & na trí héin. Luigh sé os ar gcionn san oidhche agus bhí mé breágh té fá n-a cuid clumhaighe. Chuaidh sí amach an dara lá. Nuair a fuair mé imthighthe í mharbhuigh mé ceann dá cuid éanacha. Rinne sí tré chuid den bhiadh & rinne sin sásamh mór dhom. An dara lá mharbhuigh mé an tríomhadh héan. Nuair a tháinic sí tráthnóna chonaic sí na héanacha marbh uiligh. An méid bídh a bhí aice d'ith sí fré chéile í féin é & níor thug sí blas dom- sa lé n' ithe. Luigh sí ar bhiacán cloiche go maidin. Moch go leor ar maidin chraith sí í féin. Tháinic sí agus chuir sí a crúcaí timcheall orm. D'árduigh sí léithe mé amach os cionn na fairrge móire & sgaoil sí uaiti mé anuas ar dhoimhneacht na fairrge. Nuair a d'éirigh mé, chuir sí crucha timcheall orm arís, & dárduigh sí léithe mé arís chomh fada & d'féad sí a dhuil ins an aer suas. Rinne sí sin liom trí huairí i ndiaidh a chéile. Bhí sí tuirseach agus thug sí léithe mé ar charraig nach raibh i bhfhadh ó'n talamh & chuaidh mé féin is í féin suas ar an gcarraig & d'ísligh sí gar go leor dhom. Bhí an lá te tirm. Thosaigh na beilteanna a bhí in mo thimcheall do mo cheangal. Tosuigheadar a' fás te go bhfuair mé mé féin le sgaoileadh. Bhí a ceann fá n-a sgiathán ag an éan mór. Shiubhail mé comh fada léithe chomh reidh agus d'fhéad mé. Bhain mé an ceann di le mo chlaidheamh. Bhí an charraig i ngar do'n talamh agus shnámh mé go dtí an tír. Nuair a tháinic mé i dtír fuair mé lorg troigh choise ar an tráigh. Shín mé mé féin ar lorg na coise. Ba mhó lorg na coise & b'fhuide ná mé féin ar fad & ar leithead. “Níl neart air” arsa mise. “Is mairg atá i n-áit a bhfuil fear chomh mór sin. Shibhail mé liom go bhfaca mé mainistir mhór. Shiubhail mé isteach ins an mainistir. Bhí aghann a' bruith ar an teinidh & feoil a' bruith ann. Thóig mé roinn den fheoil agus ocras mór orm. Thosaigh mé dhá hithe comh toibeann agus d'fhéad mé. Níor bhfada gur airigh mé íochtar na coilleadh dá chur i n-uachtar, crainn críon a briseadh isteach na triúr fathach. Bhí fear acu nach raibh air ach aon lámh amháin as clár a uicht, aon tsúil amháin i gclár éadain & aon chos amháin. Nuair a tháinigeadar isteach thóigeadar an fheoil ar an mbord. Thomáineadar sgata mór gabhar isteach rómpu i rúma mór
fairring a bhí thíos ón gcisteanach. Nuair a d'airigheadar fear strainséara ins an rúma thosuigheadar a' meigiollach. Níorbh fhada gur dhubhairt Maghnus Mór le Breaclainn a dhul síos & trian bainne a bhaint de na gabhair. “Bhí mise aréir,” arsa Breachlainn, “& mo chlaidheamh in mo láimh agam insa rúma. (Tháinic fear isteach). Bhuail mé insa muinéal é & bhain mé an ceann de” (.i. bhuail sé Cormac). “Ná raibh do shláinte leat, ní raibh t' ariamh na chraibh trisle 'do dhiaidh. Gabh síos a Mhaghnuis,” ar sé, “& bain bainne de na gabhair. Nuair a chuir sé síos a cheann bhí mé ro-shanntach aige. Bhuail mé insa gceann é & mharbhuigh mé é (i. Cormac) & bhris mé mo chlaidheamh ar an bhfordorus. Chuir Mághnus síos a lámh mhór nuair a chuala sé torann mo chlaidimh dhá bhriseadh. Fuair sé greim cúil orm agus thug sé leis aníos mé. Leag sé faoi anuas mé & thosuigh sé gur chaoin sé a sháith. D'fhéach sé a' raibh mé reamhar le n'ithe agus fuair sé mé an-tanaidh rurach. Thug sé leis mé agus chuir sé mo mhéar i bpoll tsrathra & chuir sé ging isteach léithe. Ghearr sé strip den chraiceann díom ó mhullach mo chinn go bun mo choise. D'fhága sé annsin mé a' silt & thuit sé féin ina chodladh. Nuair a fuair mise ina chodladh é chuir mé mo lámh i bpóca mo bháscóta & bhí sgian innti agus d'fhosgail mé an sgian le mo bhéal & ghearr mé an mhéar a bhí i bpoll na srathra. Thuit mé ar an urlár. Bhí Maghnus mór trasna ar an doras agus é in a chodladh, ní raibh aon bhealach agam le dhul amach. Chuir mé an pócar ins an teinidh. Nuair a dhearg mé é dhírigh mé ar a shúil é agus sháith mé é chomh fada agus d'fhéad mé thrí n-a cheann. D'éirigh sé de léim. Bhuail sé an pócar i n-éadan an bhalla agus chuir sé go hinchinn ann féin é. Rith mise don rúma agus thosaigh mé a' feannadh ceann de na gabhair. Thosuigh sé a' blaodhach ar na gabhair; ach badh é an gabhar deiridh ar bhlaoidh sé ainm air Sean-Tama-Seantar an gabhar céadna a raibh mé socruighthe ina chraiceann. Rug sé orm agus chaith sé amach mé. Mar bhí sé ina dhall níor fhéad sé mé a fheiceál. “Ná a ruifíní atá mé imthighthe uait anois ní fhéadfa tú breith orm níos mo.” “Fan liom,” adeir sé, in áit mo chuid dear- bhraithreacha anois á thárla go bhfuil siad marbh & mé féin in mo dhall. Is leat an méid óir agus airgid in mo ríoghachta & a bhfuil ann.” “A ruifíní,” adubhairt mé, “ní thrus- tócha mé thú.” An lá nach bhfuil tú do mo trustú seo fáinne dhuit agus cuir ar do mhéir é. Ce ar bith áit a bhfuil tú ag iarraidh a dhul bhéarfa an fáinne ann de léim thú ar an bpoinnte.” Leag sé an fáinne taobh amuigh. Chuaidh mé agus rug mé ar an bhfáinne agus chuir mé ar mo mhéir é. Chomh luath agus chuaidh an fáinne ar mo mhéir an domhan mór ní bhainfeadh anuas é (dfháisg sé chomh cruaidh sin). “Ca bhfuil tú, a fháinne,” adubairt Maghnus mór an fathach. “Tá mé ar mhéir, a bhrathair,” adubhairt an fáinne. D'éirigh an fathach de léim san áit a gcuala sé an chaint ag an bhfáinne agus shíl sé greim a fhághail ar an Ridire Gaisge. Chuaidh sé amach idir a dhá chois agus sgaoil sé thairis amach é. Rith sé chomh maith & dfhéad sé a' déanamh ar aill mhór árd. D'fhiafruigh an fathach aríst den fháinne cé raibh sé. D'fhreagair an fáinne & dubhairt sé tá mé ar mhéir a bhráthair. Léim sé arís & shíl sé greim a fhághail air ach níor éirigh leis. Bí sé a' déanamh ar an aill i gcomhnuidhe. Rug sé ar an sgian aríst agus ghearr sé an mhéar a raibh an fáinne uirthí & nuair a bhí sé tarrainnt ar an aill mhóir chaith sé an mhéar & an fáinne le fánaidh na haille. D'fhiafruigh an fhathach aríst ar an bhfáinne cé raibh sé. Dubhairt sé go raibh sé ar mhéir a bhráthar. D'éirigh sé de léim & chuaidh sé amach os cionn na haille gur marbhuigheadh é le fanadh na haille. “Sin géibheann níos mé ná mar bhí mé agad-sa. Seo iad an dá mhéar,” adubhairt sé, “a ghearr mé .i. an mhéar a bhí i bpoll na srathrach & an mhear a bhí sa bhfáinne. Féachadh fear ar bith ar mo dhruim & feicfe sé an stiall chraicinn a bhí bainte dhíomh.” Shocruigh Conall dlígheadh ins an ríoghacht agus rinne sé máighistir de Dhúbhnúch Mac a Feasa a bhí pósta ag inghín Rí na Gréige. Nuair a fuair sé sin déanta, chuaidh sé ar bhord luinge ag iarraidh a mhná. Chuaidh sé i dtír i ríoghachtaí fiadháine & b'éigean dó sgéal a fhághail faoi n-a bhean le neart a láimhe & ghníomh. (Thug sé an Ridire Gaisge leis & Deilbh Órmasach & Dúbnúch Mac a Feasa. Ní bhfuigheadh sé aon sgéala gan troid. Nuair a bhí an lá & bhliadhain thuas bhí sé i dtír i gCrígh na Sórcha san áit a raibh an Macaomh Mór & a Bhean. Bhuail sé an cuaille comhraic annsin. Dubhairt an Bhean nach raibh aon fhear ins an domhan a bhí i gcruth an cuaille comhraic a bhualadh chomh láidir & bhuail sé é ach a fear pósta Conall Gulban. Níor fhágaibh sé laogh i mboin, uan i gcaoirigh, mionnán i ngabhar, sean-chaisleán gan leagan nó caisleán úr gan a chur ar crathadh le fuaim a lainne & a sgéithe & le neart a dhá lámh fhéin. Chonaic sé chuige fear freagartha an chuaille. D'fhiafruigh sé dhe céard a bhí sé a iarraid. Chonaic Lasair Fhín-dearga uaithi é ar an bhfuinneoig uachtarach sa gcaisleán. Anois, a Chonaill, tá an lá & an bhliadhain caithte indiu. Feiceamuir cé mar gheobhfaidhe thú ar an Macaomh Mór Mac Rí na Sorcha. Tháinic an Macaomh Mór chuige amach. Bheannuigheadar dá chéile go fuisdeanach, faisdeanach, fáilidh. D'fhreagair Conall an beannú dhó dá réir. “Cé is fearr leat,” adubhairt sé, “a' carraigheacht ar leacracha dearga nó a' gabhail de sgeana glasa i mbuilg-easnacha a chéile.” “Is cuma liom cé hacu é,” adubhairt Conall. “Anois,” adubhairt Dúbhnuch, Mac a Feasa, “bain sásamh do mhná ar an Macaomh Mór.” D'árduigh sé leir ar gualainn é & leag sé faoi é. “Tásthuigh, a ghaisgidh is fearr dá bhfaca mé ariamh, ná bain mo cheann díom. Bhéar fa mé seacht ndaibhchí óir go h-Éirinn i n-éadan na bliadhna chugad.” “Cé bhféachfa mé miotal mo chlaidhimh,” adubhairt Conall, “féach ins an mbloc daraighe annsin thuas é.” “Níl bloc ar bith is gránda ná do bhloc féin le n' féachaint.” Tharraing sé an lámh & bhain sé an ceann de. Chuaidh sé isteach ins an gcaisleán & bhí a bhean ina choinne agus í a' silt na deora ó n-a súilí le fáilte roimhe. 'Léis suim achair a chaitheamh ins an gcaisleán bhí sé a' tigheacht abhaile é féin & a bhean. Casadh dó an Bodach Gearr Glas. Ní racha tú níos fuide go mbí fhios cé hagainn an fear is fearr.” Throideadar ar feadh seacht n-oidhche & seacht lá. Tháinic Lasair Fhíon-Dearga agus d'fheagair sí ros comhraic & a sgíth a leigean. “'Baile,” adubhairt an Bodach Gearr Glas, “níl aon fhear fá cheithre ranna an domhain a sheasfadh liomsa an t-achair sin ach mo chol ceathar, Conall Gulban.” “Daile,” adubhairt Conall, “níl aon fhear a sheasfadh liomsa ach mo cholceatar Cod Mhac Rí na h-Íoruaidhe. “Is mise Cod Mac Rí na h-Ioruaidhe,” adubhairt sé. “Mise Conall Gulban,” adubhairt an fear eile, Mac Néill na bhFiann.” Phógadar a chéile, le teann luthgháire. Mharbhuigh Cod gach ar casadh air ariamh mar gheall ar a mhnaoi — Bhí sé dá tóruigheacht ach níor mharbhuigh Conall duine ar bith ach an Macaomh Mór. D'fhágaibh sé na gaisgidh eile sa mbaile annsin. Tháinic sé féin & Lasair Fhíon-Dearga go h-Éirinn. Chaitheadar féasta sé seachtmhainí. Chuaidh siadsan an átha, agus mise an clochán & bhaluigh sin mo sgéal sa. (Críoch). T. O FLANNAGÁIN & Chlann Mhac, Gach uile shórt gaibhnigheachta agus innealltóireachta DÍOLTÓIRÍ ROTHAR. Cuirtear deis ar rothair & ar ghunnaí. SRÁID NA gCEANNUIDHE, i nGAILLIMH. TOMÁS MAC SEINÍN SRÁID DOIMINIC, NA GAILLIMHE. Togha na feola de ghach cineál. Tae, Fíonta, Biotáilte, Chuile Shórt ar Fheabhas. MICHEÁL BREATHNACH, An Chearnóg, I nGAILLIMH. AN SEAN-TEACH. a cuireadh ar bun i 1864. Tae, Caife, fíonta, Uisge Beatha ar fheabhas Ó LÉANACHÁIN, AN CHEARNÓG, I nGAILLIMH TEACH NA h-OLLA SRÁID NA SIOPAÍ, I NGAILLIMH. Cuidigh le déantús na: hÉireann & sábháil airgead. Cultaí ó 70/- go dtí 130/- MÁIRE NÍ RAGHALLAIGH, Díoltóir leabhar & paipéar &c. 87, Sráid Uach. na Driseóige, ÁTH CLIATH. MAC CARSA & A CLANN MAC DATHADÓIRÍ & DEASADÓIRÍ, GAILLIMH. Ó CUIMÍN & Ó GREANAIGH, 15 SRÁID NA SIOPAÍ, I nGaillimh. An Teach is fearr le haghaidh gach sórt An teach is fearr le haghaidh gach sórt trosgáin & déantúis iarrainn. Dathanna, síolta, páipeár balla, &c. Ó COIRBÍN & A MHAC LÓN-CHEANNAIDHTHE DÉANTÓIRÍ UISGÍ MIANAIGH Gaillimh & Béal atha an Riogh. S. YOUNG, DÉANTÓIR UISGÍ MIANAIGH CEANNAIDHE BIOTÁILTE & FÍONA SRÁID MHUIRE NA GAILLIMHE. DIARMUID Ó DONNABHAÍN SEODÓIR & CLOADÓIR, SRÁD LIAIM, NA GAILLIMHE. CLOCHAR ÓIRD NAOMH URSULA, I SLIGHEACH. Oideachas i gcóir na hIolsgoile, i gcóir sgrúdú an idir-mheadhonaigh, na mbannc. Cumann na gCeoltóir, I.S.M. Tráchtála, Sgoláireachta Oideachais Náisiúnta, &c. Tá sgoil tigheachais fá leith againn.
Ar Mhaith Leat £5,000,000 a Chimead in Eirinn? Bheirid Gaedhil na hÉireann an carn mór san airgidh gach bliain do Sheán Buidhe i ngeall ar airgead Urradhais, ar Loscadh, ar Thionóisc agus ar Shaoghal Daoine, agus cailliúint cheart d'Éirinn iseadh £80 a' gach £100 de sin. AN GAEDHEAL-CHOMHLUCHT TAIGHDE UM URRADHAS NAISIUNTA, TEORANTA (The Irish National Assurance Coy., Limited) ARD OIFIG — 30 FAITHCHE AN CHOLAISTE, ATH CLIATH CUIDIGH LE DÉANTÚS NA hÉIREANN. TOMÁS PÁMAR & A CHOMH. MUILTEOIRÍ PLÚIR, I nGAILLIMH. B. V. Ó hÉIMHIGH, LÓN-CHEANNAIDHE, GAILLIMH. Gach rud ar fheabhas. S. T. Ó COISDEALBHA, AN CHEARNÓG, GAILLIMH. An fheoil is fearr le fághail aige. P. O CAOMHÁNAIGH, Ph. C. M.P.S.I. SRÁID ÁRD, NA GAILLIMHE. Ó NÉILL & A CHOMH, GAILLIMH. Díoltóirí bróg & leathair. Cuirtear deis ar bhrógaí an móiméad a thagas siad isteach. TEACH ÓSTA UÍ MHATHGHAMHNA SRÁID FOSTER, I nGAILLIMH. Aoidheacht gan locht. TOMÁS BREATHNACH, LÓN-CHEANNAIDHE. AN CHEARNÓG, I NGAILLIMH Teas-intreabh, Taoidhean-oibreacha, agus Foirgneamh Tighthe. ROIBÉARD MAC DOMHNAILL, Sráid Doimnic, GAILLIMH. Muiniú céin-sgéil: “Plumbus,” Gaillimh. Bu cheart dá gach Gaedhilgeoir i mBaile Átha Cliath gan aon arán do cheannach ach ARÁN Uí CHÍNNEÍDE AN T-ARÁN IS FEARR DÁ nDÉANTAR 124 go dtí 131 SRÁID PHÁRNELL Agus BÁCÚS NAOIMH PHÁDRAIG, BAILE ÁTHA CLIATH. Guthán – 3141 CUMANN URRUDAIS CHATHRACH BAILE ÁTHA CLIATH. 4 SRÁID UACHTARACH UÍ CHONAILL, I mBAILE ÁTHA CLIATH. Comh daingean le Caiseal na Riogh, Comh Gaedhealach le Teamhair na dtriath Comh teann le aon sléibh ins an gcrích Cumann Urrudhais Chathrach Áth' Cliath. Connighmís i nÉirinn an t-airgeadh, Bhíodh ag Seán buide mar a bhéas, Agus beidh an t-ádh orainn feasta, Ach ciall a bheith againn araon. NÁ DÉAN FAILLIGHE SA GCÚIS. CUMANN URRADAIS. MHUINTIR NA hÉIREANN Tá an teacht-ísteach anois os cionn £25,000 Tá téarmaí thar barr aca d'urradhas saoghail agus d'urradhas-sealadach. Tá Fir-ionaid uatha. ÁRD OIFIG: 16 CEARNÓG PÁRNAIL, ÁTH CLIATH. AN HALLA LEIGHIS. Sráid Geata Liaim & Sráid Doimnic, na Gaillimhe. Gach leigheas ar fheabhas & ar ghloine. SEAN Ó FAOLÁIN, L.P.S.I., Poiticire TOMÁS Ó CATHÁIN, Lón-Cheannaidhe, SRÁID NA SIOPAÍ, I NGAILLIMH. Biadh, Tae, & Fíon ar fheabhas. AR FÁGHAIL ANOIS AN DARA CUR AMACH (AITH- SGRÍDBHTHA). FOCLÓIR GAEDHILGE LE FUAIM GACH FOCAIL A Chur i gCéill Don Leightheoir SÉAMUS Ó DUIRINNE AGUS PÁDHRAIC Ó DÁLAIGH A CHUIR LE CHÉILE 220 leathanaigh. Luach 2/6 glan thríd an bposta 2/9. Ta tuairim is 10,000 focal ann, na focail atá i n-úsáid de ghnáth. Beidh an leabhar seo i n-a cúl toraic don mhac léighinn, don teastalaidhe & don duine ghníos thráchtáil in áit ar bith a bhfuil Gaedhilge ar labairt ann. Séard adeir “The Irish News,” go ndearna Séamus Ó Duirinne & Pádraic Ó Dálaigh rud le chuis na Gaedhilge a chur ar agaidh nach ndearnadh ó sgríobh an tAthair Eoghan Ó Gramhna a chuid leabhar. COMLUCHT OIDEACHAIS NA hÉIREANN TEORANTA. 89 Sráid Talbóid, Ath Cliath agus lucht díolta leabhar fré chéile. SÉAMUS Ó BÉACHÁIN Ceannuidhe Guail & Iomchuróir. SRÁID MHEADONACH, NA GAILLIMHE. Tá an tae is fearr i gConnachta & go leor neithe eile atá riachtanach le fagháil i dtigh MHONICA NÍC DONNCHADHA, SRÁID ÁRD NA GAILLIMHE. TÁ TEACH a bhfuil compóirt ann ag SÉAMUS Ó LAIDE, SRÁID DOMINIC ÍOCHTAIR NA GAILLIMHE “Toga gacha bidh & sean gacha dighe” aige. Ceannuigh éadach ar bith theastuigheas uait ag tigh THOMÁIS UÍ CHATHAIL, I NGAILLIMH, Áit a bhfuighe tú luach do chuid airgid. Printed for the Publishers At the “Connacht Tribane” Printing Works, Market Street, Galway.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services