Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Lúgnas, 1923

Title
Lúgnas, 1923
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Ó Máille, Tomás
Composition Date
1923
Publisher
Coláiste na hIolsgoile, Gaillimh

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN STOC



TOMÁS Ó MÁILLE DHÁ CHUR I N-EAGAR.



SRATH NUA. LEABH 1. UIMH. 111.



LÚGNAS, 1923



DHÁ PHIGHINN A LUACH.



MALAIRT CHUMARAIGHEACHTA.



Bhí cineál creidimh fad ó i nÉirinn go
mbíodh seacht saoghal ag cuid de na daoine,
mar bhí ag an gCailligh Bhéaraigh. Chreid an
sean-dream freisin go bhféadfadh duine a
dhul thrí mhalairt richt nó cumaraigheachta & go
bhféadfadh sé maiseachtáil i bhfuirm ainbhidh,
i gcumaraigheacht beithighigh ar an talamh, i
gcumaraigheacht éin sa spéir & i gcumar-
aigheacht bhric sa loch, & go mbeadh an t-anam
céadna ann ar feadh an ama sin. Bhí sé i
gceist freisin, san am sin, gur dearnadh
seacht ngabhaltais ar Éirinn, sé sin, gur
gabhad seacht n-uairí í ó aimsir Pharthalóin
mhic Seara go dtí teacht Chlainne Míleadh.



TUAN MAC CAIRILL.



Agus ó thárla go ndeachaidh Parthalón & a
mhuintir uilig do éag cé is moite d'aonduine
amháin sul dá dtáinig aon treibh nua go
hÉirinn, & go bhfuair na treibheanna a tháinig
ina dhiaidh, ceann i gceann, bás, bheadh
seanchas Pharthalóin & na céad-mhuintire a
ghabh Éire imthighthe ar neamh-ní gan
aon eolus a bheith air marach an
t-aon fhear amháin sin. Séard ab ainm
dó Tuan Mac Cairill, nó Tuan Mac Stairn
mar haimnigheadh ar dtús é. Mhair sé sin i
nÉirinn, do réir mar tá ráidhte sa sgéal,
ó aimsir Pharthalóin go dtí aimsir Phádhraig
Naomhtha & ina dhiaidh arís go dtí Finnian
Mhaighe Bhile, go ndeachaidh Finnian 'un cainte
leis gur innis Tuan dó seanchas gach treibhe
& gach bunaidh a bhí i nÉirinn le n-a linn féin,
gur chuir Finnian i ndubh is a mbán ar
pháipéar é.



AN TORC.



Dubhairt Tuan thar éis báis Pharthalóin & a
mhuintire gur mhair sé féin gur
éirigh sé an-tsean gur lagaigh an
aoir a an an aimsir é gur thuit sé
sa deireadh ina chodladh gur dhúisigh sé i
gcumaraigheacht fiaidh. Bhí sé óg, aigeanta
seal arís gur mhair sé na céadtha & na
céadtha bliadhain ag imtheacht trí choillte
Éireann go dtáinig aois & laige ath-uair air,
go ndeachaid sé isteach i mbrocaigh gur thuit
sé ina chodladh gur dhúisigh sé i
gcumaraigheacht tuirc. Bhí sé óg, lúthmhar,
láidir tamall arís gur mhair sé na ceadtha
bliadhain go dtáinig lagar air gur thuit sé
ina chodladh arís gur dhúisigh sé an tríomhadh
huair i bhfuirm seabhaic. Chaith sé bliadhanta
fada, cianta cairbreacha, ina sheabhac & an
fhad céadna ina bhradán gur rugad ar an
saoghal arís é ina Thuan Mac Cairill.



TUAIN NA HAIMSIRE SEO.



Cheapfadh duine go bhfuil an saoghal sin
imthighthe a mbeadh na daoine ag athrú
cumaraigheachta ach ní hé sin an chaoi bhfuil
sé ach a' tosaighe. Is iomdha Tuan Mac
Cairill atá i nÉirinn indiu, dá mbeadh fhios
i gceart é. Ní hé amháin go bhfuil siad ann
ach tá siad a' tigheacht i n-amharc & i
n-éisteacht le achar gearr anuas. Bhí fear
acu i ngar do láthair dhúinn annseo. Bhí sé
a' gabhail leis an bParty .i. leis na feisirí,
gur thosaigheadar-san a' cliseadh. Annsin
liostáil sé san arm gallda. Nuair a tháinig
Sinn Féin i dtreise bhí sé tamall ina Shinn-
Féinidh láidir. Nuair a tháinig an Connradh
idir Éire & Sásana bhí sé go láidir sgathamh
ar a thaobh gur ionnsaigh na Neamh-riaghaltaigh
amach. Annsin d'iompigh sé ina Neamh-
riaghaltach go dtugadar-san uathu. Na
dhiaidh sin, chuaidh sé fá chaomhamhaint an luicht
oibre. Mar nár fhéad sé aon bhrabach a
dhéanamh orthu sin chaith sé de leithrigh iad agus
tá sé anois ina Fheilméara! Agus isé an
chaoi bhfuil sé a' cuidiú le aicme na
bhfeilméaraí, tá sé ag iarraidh feilm thalmhan
a bhaint de dhuine de na feilméaraí atá i
n-aice leis gan aon chúitiú a dhéanamh dó
ann, & í a thabhairt do dhream nach bhfuil aon
urlámh acu uirthi. Ní raibh ag Tuan Mac
Cairill ach chúig shaoghal; bhí sé shaoghal aige
siúd agus beidh seacht saoghal aige nuair
a thiocfas sé amach arís i gcruth dalta den
tsean-Pharty.



SEANCHAS BRÉAGACH.



Ní i gCondae na Gaillimhe amháin atá
Tuan Mac Cairill. Tá Tuan eile i gCo.
Chiarraidhe, & measaim ceann eile a' gobadh
aníos i bPort Láirge. Agus ní maidir le
bheith a' dul i malairt chumaraigheachta dhóibh
atá siad a dul i gcosamhlacht le Tuan Mac
Cairill. Tugann siad leo, ina theannta sin
sa gcraiceann nua seanchas bréagach ar an
saoghal a chonaiceadar i nÉirinn roimhe seo.
Déanann siad dearmad ar thréartha an
tseabhaic agus an tuirc a bhí acu sa tsean-
chraiceann. A ndéanfa muintir na tíre
dearmad ar na tréartha sin dóibh? Sin é
an áit a bhfuil an cheist. Ní raibh na sean-
bhroic seo a' déanamh aon rud nuair a bhí an
chorraighil & an stoirm i nÉirinn ach amháin a'
féachaint ar an saoghal amach as na driseacha
& a' faireadh go bhfeicidís cé hacu taobh a
ghnóthóchadh. Níor sheasadar i gcath ná i
gcliath nuair a bhí acu seasamh, agus ní
sheasfadh arís dá gcuireadh muintir na
hÉireann aon mhuinighin ionntu. Dá gcuirtí
cúram na tíre ar a leitheidí sin rithfidís le
sgaol agus le sganradh leis an gcéad ghleo
a chluinfidís.



MISNEACH.



Is éifeachtach an t-athrú a chuir an Connradh
a rinneadh le Sasana ar an tír. Is iongantach
mar tá a mhisneach a' teacht dá gach duine
dá bhárr. Seán Diolún bocht féin ní ghlacfadh
sé leis an gConnradh. Ní ghlacfadh sé leis
dá dtairgtí dhó é ach níor tairgeadh. Sé an
Connradh é féin a thug an oiread sin misnigh
dhó. Daoine is lugha a rinne ar shon na
hÉireann ná Seán Diolún féin tá an
ghláimhthéisg chéadna acu. Ní shílfeadh duine
go mbeadh oiread gláimhthéisge is a
hÉireannaigh chor ar bith. Bíonn beagán
daoine i gcomhnuidhe i nÉirinn a mbíonn
culaith ghaisge den tsórt sin acu. Aonduine
a chaill a chuid ar shon na tíre ná a chuir é
féin i gcontubhairt ar a son ní féidir aon
locht a fhághail air. Ach ní hiad sin atá a'
tigheacht anois i gceist ach dream nach
ndearna maith ná maoin d' aonduine mara
ndearna siad dóibh féin é. Sé an chuid is
fearr den sgéal gur gheall Dia go bhfuil
siad tomhaiste ag bunáite na ndaoine eile
agus níl mórán measa orthu. I leabaidh a
chéile, éalócha siadh ar ais arís is na driseacha
& racha siad as amharc ionntu.



AN SÍOL.



Is iomdha uair adubhramar gur as saothrú
na Gaedhilge a shíolruigh bunáite an méid a
rinneadh ar son raoirse na hÉireann le fiche
bliadhain. An chneastacht a bhí i gcroidhe na
ndaoine a bhí a' saothrú na Gaedhilge, an
creideamh a bhí acu go raibh an ceart acu &
an mhuinghin a bhí acu go n-éireochadh leo sin
iad a chuidigh le Éire a fhuasgailt. B'fhéidir
go raibh baint ag na hairm leis an sgéal
ach mhilleadar go leor arís. Mar adubhairt
an sean-fhocal: “Cé'n mhaith bó mhaith dá
ndóirteadh sí a cuid bainne?” Níl aon
mhaith a' caoineadh i ndiaidh an bhainne atá
dóirte, is níl aon mhaith in-an-iomarca
caointe i ndiaidh rud ar bith atá imthighthe ach
bail a chur ar an méid atá fágtha. Míle
buidheachas le Dia atá cuid mhaith fágtha ach
bail a chur air. Agus maidir leis an méid
dochair atá déanta, caithfe muintir na
hÉireann luigheadh orthu féin le n-a chur i
gceart arís. Ná ceapadh aon duine gur as
urchóid, anachain ná clampar a fhásfas aon
mhaith don tír ach fásfa sí as an maith a
rinneadh i nÉirinn le deich mbliadhain, le
fiche bliadhain agus dá na abruighinn é le
céad bliadhain.



D'fhás maith as saoradh na gCaitiligeach a
thug Domhnall Ó Conaill 'un cinn. D'fhás
maith as dlighthe na talmhan mar thugadar
greim do na Gaedhil ar a dtír féin, arae
tá sé ráidhte an fear atá ag obair ar an
gcréafóig gur leir an tír. D'fhás maith as
dligheadh na gComhairlí Condae mar thug sé
comhairle do na Gaedhil sa tír. Agus an
Connradh a cuireadh ar bun i n-uraidh, fásfa
maith as mar ghlan sé an t-arm Gallda as
talamh na hÉireann, shaoir sé ó leathtromh í
& thug sé deis dá gach deágh-Éireannach a
chion féin a dhéanamh ar son Innse aoibhnne
Ealga.



Más mian leat ROTHAR
maith a cheannach, nó más
mian leat deis a chur
ar an gceann atá agad
téirigh go dtí



MAC AN BHÁIRD,
AN CHEARNÓG,
I nGAILLIMH.



Ó HEIREAMHÓIN.



Carrannaí & gluaisteáin & gléas sochraide.



SRÁID EYRE NA GAILLIMHE.


L. 2


AN BHEIRT DHEARDHRÁTHAR



Bhí bheirt dearbhráthar ann uair agus bhí
duine acu bocht agus bhí an ceann eile
saidhbhir. An dearbhráthair a bhí bocht bhí
muirín mhór air mar bhí naonbhar nó
deichneabhar páistí aige agus is minic nach
mbíodh greim le cur ina bhéal aige féin ná
acu féin. Thréis go raibh an dearbhráthair
saidhbhir chomh saidhbhir is d'fhéadfadh leis a
bheith níor thug sé fiú agus déirce ariamh dó
ná congnamh ná cuidiú. Níorbh fhurusda
do'n dearbhráthair bocht éirghe ann. Bhí
beithigh & caoirigh go fairsing ag an
dearbhráthair saidhbhir ach ba bheag an mhaith
don dearbhráthair bhocht iad. Casadh sgológ
thart uair — nó fear bocht. Ní bheadh fhios an
fear bocht é nó céard é, ach is i dteach an fhir
bhoicht a tháinig sé. Más beag, mór a' bhí ag
an bhfear bocht chaith sé go maith leis an
sgolóig ach nuair a fuair an sgológ amach
gur dearbhráthair don fhear bhocht é an fear
tréan, deiseamhail a bhí ar an mbaile bhí
iongantas mór air nuair a chuala sé nach
raibh sé a' tabhairt aon bhlas dó.



“Is iomaidh do leitheid a thiubradh cuid de
na caoirigh tá aige uaidh” arsa an sgológ
“nó cuid de na huain. Ní agróchadh Dia
ort é,” adeir sé.



“Sin rud nach ndeárna mé ariamh agus
nach ndéanfa mé choidhche,” arsa an dear-
bhráthair bocht.



“Ní fhágfainn ceann aige nach mbeinn a
ghoid uaidh” arsa an sgológ, “nach mór an
feall duit thú féin agus do pháistí a leigean
chun báis leir an ocras.”



“Más maith leat é,” arsa an sgológ
“goidfe mé cúpla ceann de na caorigh,
a mharbhóchas sinn dúinn féin.”



“Má thogruigheann tú féin é” arsa an
dearbhráthair bocht “níl mise do do
choinneál.”



Bailigheann an sgológ leis de shiubhal
oidhche go ndeacha sé go dtí an áit a raibh
caoirigh an duine shaidhbhir gur ghoid sé péire
nó trí cinn acu. Thug sé go dtí an fear
bocht iad agus mharbhuigh sé féin agus é féin
iad. Cuireadh cuid acu a' bruith. Nuair a
bhíodar bruithte d'itheadar féin 's na gasúir
a ndóthain is é a' teastáil uathu. D'fhan an
sgológ i dtigh an dearbráthar bhoicht annsin
go ceann tamaill. Ach má d'fhan ní dheacha
iadhadh ná éisteacht air ach a' goid chaorach &
uan chomh maith le chéile ón bhfear saidhbhir.



Bhí sé 'dul chomh fada is gur haithnigheadh
sa deireadh go raibh na caoirigh dá ngoid.
Ach níor chuimhnigh an dearbhráthair saidhbhir
gurb é an dearbráthair bocht a bheadh dá
ngoid, mar ní raibh aon aimhreas aige go raibh
sé 'na chneamhaire. Ach bhí an sgológ glic
agus bhíodh sé 'dul timcheall ar an bhfear
saidhbhir i gcomhnuidhe a súil le bearradh
bhaint dhe dhá mbfhéidir é. Casadh isteach i
dteach an dearbhráthair shaidhbhir é, lá, agus
thráthamhail go leor bhí sé a' tomhas a chuid
óir le leath-ghalún. Nuair a leag sé thairis
an leath-ghalún thug an sgológ fá deara gur
fhan trí nó ceathair de phíosaí den ór bhuidhe
thíos a rthóm an leath-ghalún mar d'éireochadh
leis an leath-ghalún a bheith fliuch. Thug an
sgológ leis na píosaí óir & thug sé ag an
bhfear bocht iad. D'innis sé dhó cé an chuma
a bhfuair sé iad.



“Má éirigheann liom aríst” adeir sé
“bainfe mé bearradh eile dhe.”



An chéad lá eile, bhí an sgológ a' faire
aríst ar an bhfear saidhbhir gur thosaigh sé a
tomhas a chuid óir. Agus nuair a leag sé
thairis an leath-ghalún bhí trí nó ceathair de
phíosaí eile óir fannta thíos ann. Thug sé
ag an dearbhráthair bocht an méid sin
fréisin. Rinne an dá chuid maith mhór don
fhear bhocht i riocht agus go dtáinig athrú
mór air. Thug an dearbhráthair saidhbhir féin
fá deara cé an t-athrú mór a bhí a' teacht ar
a dhearbhráthair le gairid agus ní raibh sé
gan tosaighe ag aimhreas go mbfhéidir gurb
é bhí a' goid a chuid caorach. Cé an sórt
slighe thairis sin a bhí dhá fhághail aige nó cá
bhfuair sé é? Bhí an fear saidhbhir pósta ach
ní raibh aon mhuirín air ach an bhean a bhí pósta
aige agus a máthair agus bhí sí sin 'na
cailligh gan mórán lúid ná láthair.



“Bhfuil fhios agad céard a dhéanfas tú,”
arsa an chailleach, “cuir síos sa gcófra
mór mise agus fág i dtigh do dhearbhráthair é
agus abair leis go bhfuil daoine móra le
teacht ar cuairt go dtí thú & go mbfhearr dó
é choinneál go ceann cúpla lá agus ní bheidh
fhios a mbeidh mise ann nó as, agus chidhfe
tú féin go mbeidh fhios agam-sa roimh mhaidin
cé an sórt slíghe tá sé a fhagháil nó an goid
nó fuadach tá sé.”



“Dar fiadh,” adeir sé, “bfheidir go mbu
mhaith í do chomhairle le déanamh ach truíálfa
mé é ar chuma ar bith.”



Ní raibh ann níos mó. Cuireadh an chailleach
síos san gcófra agus faitchíos a mbeadh tart
ná ocras ar an gcailligh cuireadh chuile shórt
dá fheabhas léi san gcófra, arán agus feoil
a bheadh sí a ithe, agus faitchíos a
mbeadh fuacht urri cuireadh trí nó
ceathair de cheanna pluideanna fúithi
agus tairti sa gcófra. Thug an dearbhráthair
saidhbhir leis annsin é go dtug sé é go dtí
an dearbhráthair bocht. D'fhiafruigh sé den
dearbhráthair bhocht a gcoinneochadh sé é go
ceann cúpla lá an áit a raibh go leór daoine
mór le teacht ar cuairt go dtí é.



Bhí an dearbhráthair bocht chomh simplídh
chomh neamh-urchóideach agus nár chuir sé suas
dó, ach an cófra a shocrú isteach i gcúinne
an tighe. D'imigh an dearbhráthair saidhbhir
abhaile áthasach a' súil go n-éireochadh leis.



Nuair a tháinig an oidhche tháinig an sgológ
& nuair a tháinig sé isteach choinic sé an
cófra: “Aru cé as a dtáinig an cófra
sin,” adeir sé leis an bhfear bocht. D'innis
an dearbhráthair bocht dó gurb é a dhear-
bhráthair a thug ann é an áit a bhfuil daoine
móra a' teacht chuige.



“Don diabhal a mbéidh annseo dhe,” arsa
an sgológ, “gan fios céard tá ann.”



“Aru níl tada ann,” adeir an fear bocht,
“céard a bheadh ann?”



Ach ní dhearna an sgológ ach a dhul go
dtí an cófra an glas a bhriseadh de agus an
clár a chrochadh aníos de agus céard a bheadh
le feiceál aige ach an chailleach i n-éadan a
cuid feola agus a cuid aráin. Dheamhan
blas a rinne an sgológ ach breith ar chnáimh
maith láidir agus é sháthadh siar ina béal agus
í thachtadh leis, agus an clár a dhúnadh anuas
ar an gcófra aríst.



Lá'r na mhárach tháinig an dearbhráthair
saidhbhir ag iarraidh an chófra mar ní raibh
faoi é fhágáil ann ach go gceapadh sé go
mbeadh chuile thuairisg ag an gcailligh. Thug
sé abhaile an cófra agus an ndóigh níorbh
iongantaighe leis an saoghal mór ná nuair
a bhain sé an clár den chófra ná go raibh sí
caillte thíos ann nó tachta mar bhí an cnáimh
thiar ina béal.



Sin é an áit an raibh an obair, an inghean
a' caoineadh na máthar: “Ní haon nduine
d'iarr do ghnotha ort” adeir sí “agus is
aisteach am aistir a ndeacha tú ann.”
“Agus,” adeir sí, “nár bhfrusda do
dhóthain feola chur leat an áit na gcnámha
bradach sin le do thachtadh.”



Ach tórradh an chailleach agus níorbh í an
tórramh dhona ná suarach ná failligheach í.
Caitheadh go maith léi ar chuile bhealach. Nuair
a cuireadh í d'imigh an sgológ san oidhche
gur thóig sé aríst í, gur shocruigh sé amach
ar aghaidh fuinneóige an dearbhráthar shaidhbhir
í. Ar maidin lá'r na mhárach, nuair a d'éirigh
sé féin agus a bhean céard d'fheicfeadh sé
ach í. Thuit sé as a sheasamh le faitíos; nuair
a tháinig sé chuige féin d'fhiafruigh sé dá
bhean a bhfaca sí í. Bhí an sgológ a' dul
thart.



“Aru,” deir an sgológ, “tuige nach
gcuireann sibh ceist uirrí?” “Ó nílmuid
i ndon aon cheist a chuir uirrí,” arsa an fear
saidhbhir. “Cuirfe mise ceist uirrí” arsa
an sgológ, “má fhághaim luach mo shaothair
dom.”



“Ó tiubhra mé rud ar bith dhuit,” arsa an
fear saidhbhir, “ach ceist a chur uirrí, a'
féachaint a n-imeocha sí uaim, nó más rud
ar bith tá uaithi go dtiubhra mé dí é ach
imeacht uaim.”



Chuaidh an sgológ go dtí an chailleach agus
leig sé air féin go raibh sí ag innseacht chuile
shórt dó. Tháinig sé go dtí an dearbhráthair
aríst.



“Deir sí nár cuireadh leath a dóthain léi
nuair a fuair sí bás,” adeir an sgológ,
“agus deir sí gur mór dá cuid atá agaibh.”



“Is fíor di sin,” adeir an inghean.



“Tá sí ag iarraidh oraibh,” adeir an
sgológ an oiread seo óir & airgead a chur
léi. Agus tá sí ag iarraidh ort leath a bhfuil
agad a thabhairt do do dhearbhráthair a dheán-
feas leas dó féin agus dá chuid páistí.”



“Ó,” arsa an dearbráthair, “tiubhra mé
a bhfuil agam dó agus abair é sin léi ach í
imeacht uaim.”



“Agus tá sí ag iarraidh ort luach mo
shaothair go maith a thabhairt dom féin.”



“Gach a bhfuil sí a iarraidh orm déanfa
mé é” arsa an dearbráthair saidhbhir, “ach
gan í bheith a' tigheacht chugam.” “Daile
déanfa sin,” arsa an sgológ, “rud ar bith
tá tú 'dul a chur léi anois, cuir léi é. Agus
cuirfe mise í san áit chéadna a dtáinig sí
as.”



Thug sé trí nó ceathair de chéadtha punt
airgid don sgológ le cur san gcófra léi
agus a pháighe dó féin go maith. D'imigh leis
an sgológ go gcuireadh sé an chailleach.
Agus bhí an méid sin airgid aige dhó féin
agus a pháighe féin agus chuir sé an chailleach
aríst mar bhí sí cheana. Roinn an dear-
bráthair saidhbhir leath a raibh aige leis an
dearbhráthair bocht.



Agus sin mar chruthuigh an sgológ don
fhear bhocht. Agus d'fhéad an fear bocht
caitheamh go maith leis féin uaidh sin amach,
agus ba mhaith an aghaidh air é.



Críoch.



PEADAR Ó DEARÁIN.



SGÉILÍN



Bhí fear ann fadó agus phós sé agus bhí
aon mhac amháin aige. Bhí an mac a' dul
ar sgoil agus dubhairt a mháthair leis dul
un an tsiopa i gcoinne cúpla snáthad nuair
a bheadh sé a' teacht ón sgoil. Chuaidh an
mac un an tsiopa agus cheannuigh sé na
snáthaid. Nuair a bhí sé a' teacht abhaile
chonaic sé carr féir a bhí a' gabháil an bhóthair
roimhe agus sháith sé na snáthaid ins an
bhféar.



Nuair a tháinig sé abhaile nír fhéad sé iad
fhághail agus bhí sé a' caoineadh annsin.



Bhuail a mháthair annsin é agus dubhairt sí
leis go mba cheart dó iad a chur isteach 'na
chóta. An lá ar n-a bhárach dubairt sí leis
dul 'un an tsiopa i gcoinne punt ime agus
dubhairt sé leis féin béidh mé i ndon dí
indiu agus ní bhuailfe sí mé.



Nuair a bhí sé a' teacht abhaile agus an
punt ime aige chuir sé taobh istigh d'á chóta
é acht nuair a tháinig sé abhaile bhí an t-im
leághta. Chaith an mháthair uair an chluig dhá
bhualadh an lá sin, agus dubhairt sí leis go
mba cheart dó billeóg gobáiste fhághail agus
an t-im a chur isteach innti.



An chéad lá eile, chuir sí ag iarradh buidéil
bhainne é agus nuair nach raibh aon bhuidéal
aige fuair sé billeóg gobáiste agus cuir
sé an bainne innti.



Nuair a tháinig sé go dtí n-a mháthair bhí
an bainne go léir dóirte agus chaith sí an lá
ar fad dá bhualadh.



As sin amach níor chuir sí ar theachtaireacht
ar bith é agus bhíodh sé a' bualadh báire chuile
thráthnóna agus bhí saogal breágh aige.



SORCA NÍ DHUBHLAOIGH,
Meadhraidhe.



COLÁISDE NA HIOLSGOILE,
I nGAILLIMH.



Craobh de Iol-sgoil na hÉireann.



Árd-oideachas le fághail innti ar na hiol-
dántai, idir theangacha, ealadhain, trácht
& ceannaigheacht, ealadhain an leighis, seil-
bhéaracht, & Innealltóireacht.



Téarmaí gearra ar leith
fa chomhair oidí sgoile.



Le gach uile ughdar a fhághail sgríobhtar ag
An MEABHRÁNAIDHE.


L. 3


GÁBHANNA UATÉIR MHÓIR



BANAIS AGUS TURAS CHUIG AN
nGEALAIGH.



Ó bhéal Uátéir é féin a chuala mé an
sgéal seo. Oidhche áirneáin a bhí ann agus
sgata againne — aos óg ar mbunáite,
cruinnighthe istigh aige. Ní raibh teannachas
le Uátéar 'na sheanchaidhe agus sheasfá sa
sneachta ag éisteacht leis ag innsean sgéil.



“Doilí,” arsa Uátéar, a baint an
dúidín as a bhéal agus dhá shocrú féin ní ba
compórtamhla i n-aghaidh an bhaic, “oidhche
bhainse Sheáin Eibhlín a thuit seo amach. Ach
oiread le sgéal, oidhche Lá Fheile Pádhraig a
bhí ann. Beannacht Dé le hanam na
beirte, ba spóirteamhail an oidhche an oidhche
a phósadar. Bhí na bailte cruinn ann agus
mur raibh ithe is ól, is siamsa is ragarnaighil
ann, ní lá fós é. Mar bhí dúil agam féin
sa mbraon ariamh ní raibh cáll é a thúnadh
orm, agus bhí a aithshliocht sin orm, bhí mé ag
ól go raibh mé 'mo bhéiceadán nó geall leis.
Doilí, a dhaoine, nuair a bhí sé a' teannadh
amach san oidhche, d'fhág mé féin teach na
bainse — le teann óil is dócha agus le
dóghadh inntinne, arae ní cuimhneach liom an
teach a fhágáil ná cé dtug mé m' aghaidh,
agus ar ndó níorbh iongnadh sin, óir mar
dubhairt mé cheana, ní aithneochainn cat thar
chóiste. Pé ar bith é, bhí mé a' srianadh liom
go dtáinig mé chomh fada leis an abhainn
annsin thuas san ait a bhfuil an clochán,
agus ná raib rath ar an mí-ádh nár chuir in
mo cheann dul anonn treasna go dtí an
taobh eile. Bhí bog-uisge maith san abhainn
an oidhche chéadhna, agus nuair a bhí mé
ionann is leath bealaigh anonn, nár imthigh
na cosa uaim agus caithtear glan baileach
mé isteach sa dílinn. Sin é an áit a raibh
an cadhlú idir mé féin agus an tuile, mise
a sluparnaoil agus a plubarnaoil agus ag
oibriú na lámh agus na gcos ar mo shean-
neart báis, ag iarraidh an bruach a bhaint
amach d'ainneoin fuadaigh an uisce. Ach ní
raibh aon mhaith ann agus tharéis achair ghearr
b'éigin dam géilleadh agus cead a thabhairt
don tuile a rogha bail a chur orm. Doilí
sguabadh le fánaidh mé agus bhí mé a' snámh
agus a' snámh agus faoi dheireadh thiar tháll
cuireadh i dtír mé ar oileán uaigneach.
Bhuail mé róm annsin, gan fhios agam ó
Éabhar na bhFionn cé raib mé, ach fá cheann
sgathaimh d'airigh mé go raibh mé istigh i lár
portaigh mhóir. Bhí an oidhche chomh geal is go
mbainfeá frighdí amach agus d'féach mé fum
agus tharm, agus ní raibh le feiceál fad
m'amhairc ar thaobh ar bith ach portach dólámh.
'Doilí nuair a chonaic mé an tsáinn a bhí orm
níor fhan croidhe ná misneach agam, agus bhí
mé cinnte go mbudh é fód mo bháis é.
Córach go leor chas do chloich bheith taobh liom
agus shuidh mé síos uirrí agus gach aon
olagón asam.



Ach céard déarfa, nach dtáinig smúid ar
an ngealaigh, d'aon ar ath, agus leis sin,
d'fhéach mé suas agus chonaic mé rud
toirteamhail dubh a' díriú orm idir an
domhain agus í, agus shul dhá mbeadh am
agad “ámén” a rádh, bhí sé an taobh eile
dhíom. Doilí, caidé do bharamhail a bhí ann,
ach an t-iolar ba bhreaghtha a chonaic tú
ariamh.



Thosuigh sé a' cur na súl thríom féin, agus
ar seisean de ghlor shíbhéalta,



“Maise, a Uátéir Uí Mhuimhneacháin
caidé'n bláth atá ort?”



“Tá mé thar cionn,” arsa mé féin,
“slán an té fhiafruigheas,” agus níorbh
iongntaighe liom an sneachta dearg ná
urlabhra bheith ag iolar.



“Agus caidé'rd a thug annso thú,” ar
seisean.



“Ó maise dheamhan blas ar bith,” arsa
mise, “ach faraoir nach bhfuil mé sa mbaile
arís.”



“Budh mhaith leat an t-oileán a fhágáil is
dócha,” ar seisean.



“Budh maith,” arsa mise, agus gan
ionntodh an fhocail a chur air, d'innis mé dhó
an chaoi a raibh mé ag an mbainis, gur ól
mé braon beag thar an gceart, gur thuit mé
san abhainn gur raibh mé a' snámh go dtáinig
mé ar an oileán, is go raibh cinnte orm é
a fhágáil.



Rinne an t-iolar staidéar beag, agus
annsin, ar seisean,



“A Uátéir, is mór an náire dhuit dul ar
an ól, go mór-mhór an lá beannuighthe atá
ann; ach mar sin féin duine gnaoidheamhail
a bhí ionnad ariamh, agus ní fearacht a láin
eile acu é, ní dhearna tú díth ná dóchar
domhsa ná daoinne de mo chineadh ariamh.



Sa gcás sin de, ní chlisfe mise ort lá do
chruadhtain, agus seo leat anois suas ar mo
dhruim agus mise an buachaillín a thiubhras
slán as a' daimhséar thú.”



“Ara, an a' magadh fúm atá tú?” arsa
mise. “Is minic a chuala mé cur síos ar
mharcuigheacht ar phúca, ach níor airigh mé
trácht ariamh ar mharcuigheacht an iolair.”



“O, dar an leabhar,” ar seisean, agus
leag sé a chrúb ar a ucht, tá mé lán dhárirí,
agus creid mise ann gur fearr dhuit
comhairle charad a ghlacad ná bás a fháil
annseo i lár an eanaigh gan fear do chaointe
ná do shínte.”



Ar ndó b'fhíor dhó, ní raibh de roghain
agam agus arsa mise liom féin “níor
chaill fear an mhisnigh ariamh é.”



“Tá go maith,” adubhairt mé leis an
mbuachaillín, “ní leigfe mé do thairsgint
ar cháirde agus tá mé buidheach dhíot fá do
chaoilteanas.”



'Doilí, a dhaoine sgar mé air, agus chuir
mé mo dhá láimh tart fá n-a mhuinéil le fait-
chíos do dtuitfinn, & d'éirigh an buachaillín
den talamh ar nós gealbhain. Nár bheag a
chuimnigh mise ar an bhfaltanas a bhí i gcroidhe
an rifínigh. Suas leis chomh díreach le
urchar gunna agus mise i ngreim an fhir
bháidhte ar sgórnach air ní thiubhrá samhail
dá bhfaca tú ariamh dhom sa gcuma a bhí orm
ach duine a bheadh ag iarraidh strapadh ar
phosta telegráf. Doilí, bhí sé a' dul suas
agus suas na sgórtha agus na céadtha agus
na mílte míle san aer, is ní leigfeadh an
faitchíos dam féin aon fhocal a labhairt leis
ar eagla go mbogfaidhe mo ghreim is go
gcaitfidhe chun talmhan mé. Ach fá cheann
sgathaimh, bhí mé ag éirghe cleachtach ar an
ngléas marcuigheachta a bhí agam, agus, arsa
mise chomh soineannta agus d'iarrfá:



“Maise dhá n-islightheá anois, a dhuine
uasail, budh chóir go mbeadhmuis as an eanach
agus is gearr a bheinn a' déanamh mo
bhealaigh abhaile, agus fad saoil agus sláinte
ag t-onóir.”



“Ara, a Uátéir” ar seisean, meas tú
an amadán mé. Breathnuigh fút agas nach
bhfeiceann tú beirt fhear agus gunna acu.
Nár dheas an bhail orm mo chaitheamh le
oibliogáid a deanamh ar shean-phótaire
bróghach de do shórt-sa, atá mé tharéis a
thabhairt as an eanach.



Bhí fhios agam féin gur bréagh a bhí sé a
innsean, arae bhí sé an fhad ón talamh is nach
bhféadfadh sé duth, dath na bán dhe a fheiceál.



“Maise basgadh ort,” arsa mise ach
m'anam nár dhubhairt mé amach é, arae cé'n
mhaith dham beith a' caint. Doilí lean air ag
eiteall is ag eiteall, agus mise a' síor-
impidhe air ísliú ach ní raibh aon mhaith ann.



“Maise i n-ainm Dé is Mhuire, bhfuil
dochar fiafruighe ca bhfuil tú do mo thabhairt
chor ar bith?” arsa mise.



“Éist do bhéal,” ar seisean go gearblach,
“mur shabalta an mhaise dhuit é cur isteach
ar ghnotha daoine eile.”



“Maise m'anaim go gceapaim gur chuid
de mo ghnotha-sa é,” arsa mise.



“Tar leis sin anois,” ar seisean go
borb, agus níor dhubhairt mé féin níos mó.



(Tuilleadh le teacht).



LIAM Ó COINÍN.



PROINSIAS MAC CONMARA
& A CHOMHLUCHT.



Díoltóirí & Reacadóirí



Tae, Fíonta & Beatha
i nGAILLIMH.



Ní thig le aoinne a rádh nach bhfuil earraidh
dúthchasach go leor annseo.



AN T-AOS ÓG



AN FEAR AGUS A BHEIRT MHAC.



Bhí fear ann fadó agus bhí capall bán
agus asal dubh aige. Bhí beirt mhac aige
freisin agus bhíodh siad a' marcuigheacht ar
an asal agus ar an gcapall.



Ní fhaca an t-athair iad tráthnóna amháin
agus bhí siad a' rás…



Chuaidh Micilín a' marcaigheacht ar an
gcapall agus chuaidh Seán a' marcuigheacht
ar an asal. Thug Micilín buille don chapall
agus léim sí thar an mballa. Leagadh
Micilín agus do ghortuigh sé a rúitín. Bhí
sé cneasda annsin acht ní fhaca sé Séamus
a' teacht agus leagadh Séamus agus an
t-asal ar a bharr anuas.



Nuair a tháinig siad isteach bhí an t-athair
istigh rómpa. Nuair a chonaic sé Micilín
leig sé sgread. “Céard a thárla dhuit a
Mhicilín,” ar seisean. “Rith an capall
agus an t-asal ar mo mhullach” arsa
Micilín.



“Ha, ha, anois bhéarfa mé léasadh dhuit a
bhuachaill” ar seisean.



Rith sé isteach ag iarradh maide ach bhí
Micilín imthighthe nuair a tháinig sé amach.
Níor tháinig sé isteach an oidhche sin chor ar
bith.



Lá eile bhí siad ar an tráigh agus bhí an
capall agus an t-asal acu ag iarradh cúpla
cairt gainimh. Bhí an t-athair in éindigh leó.



Sé Micilín an diabal mar thug…
sé buille mór don asal. Níor thaithnigh an
buille leis an asal, mar thug sé léim agus
rith sé uaidh. Rith sé isteach i n-aghaidh
na cartach eile agus bhris sé í.



Bhí fearg mhór ar an athair agus rith sé
i ndiaidh Mhicilín ach rith seisean amach ins an
lathaigh agus d'fhan sé annsin ar charraig.
Bhí an taoille a' tigheacht isteach ach níor
airigh Micilín é. Bhí an codladh a' teacht
air, tá's agad leis an gcaoineadh. Dubhairt
an t-athair le Séamus dul amach agus
glaodhach ar Mhicilín. Chuaidh sé amach ach ní
raibh sé a bhfad go dhtáinig sé ar ais arís.



“Tá sé báidhte” ar seisean.



Rith an t-athair amach ins an taoille agus
thug sé isteach Micilín. Bhí sé nach mór
marb. Nuair a fuair sé sa mbaile é agus
é níos fearr thug sé léasadh breagh dhó.



EIBHLÍS NÍ FHINN (13 bliadhna d'aois)
Meadhraidhe



Tá cultaí & cótaí móra nach
bhfuil sárú i na gcionn ag



ANTOINE Ó RIAIN,



SRÁID NA SIOPAÍ,



I NGAILLIMH.



FÉACH!



Bí cinnte & téirigh isteach go
bhfeice tú a bhfuil de



ÉADACH le h-aghaidh an Gheimhridh



Le díol go han-tsaor ag



TOMÁS MAC SUIBHNE,



I NGAILLIMH.



COLÁISTE IGNÁIDE NAOMHTHA.



(Cumann Íosa.) I NGAILLIMH.



Coláiste Idir-mheadhonach é seo a bhfuil
teagasg dá thabhairt ann ar na craobhracha
foghluma a chuireas duine i gcruth a dhul go
hIolsgoil nó a dul i n-éadan gnótha trácht-
cheannaigheachta. Aire ar leith dá tabhairt
do ghasúir óga. Páirc bháire ar chúlaibh an
tighe. Le gach uile ughdar a fhághail, sgríobh ag



AN AIRCHINNEACH


L. 4


AN T-ATHRÚ TIGH UÍ
CHLÉIRIGH



Tá Ó Cléirigh & Comh a' thabhairt cuiridh
dhuit a theacht go dtí n-a siopa go
bhfeice tú an lasgaine mhór atá siad a
thabhairt uathu in gach earradh, lasgaine
a bhéas le fághail uathu ar feadh
tuairim's ráithe fós. Ní féidir athrú a
chur ar gach roinn den earradhlainn ar
fad i gcuideacht, ach níl lá dá ngabhfa
thart nach bhfeice lasgaine éigin i ní
éigin dá tabhairt & éagsamhlacht earradh
dá cur ar fághail. Ar an gcuma seo,
sul dá dtí ibhfad beidh an Earradhlann
ar fad a' tigheacht de réir a chéile ar
an gCoimhrian Nua .i SAOIRSE
EARRADH & MÉADÚ A n-ÉAGSAMH-
LACHTA.



Trí ruda pearsanta a' baint
leis na gnotha seo.



Níl baint ná páirt ag Tigh Uí Cléirigh
le aon chómhlucht Sasanach, & is airgead
Éireannach — chuile phighinn de — atá dá
choinneál suas. Mar sin a bhí sé go
dtí seo: mar sin a bhéas.



Seo giota as díleagra a thug na
Ceannachóirí Tigh Uí Cléirigh don
Chinnire nua, Seán F. MagUidhir (a bhí
go dtí le goirid tigh Síl Broin i Sraith
Mhuirbhthean), a'fáiltiú roimhe: “Cuir
sé áthas mór orainn cloisteáil, an
tseachtmhain seo caitheadh, gur toghadh thú
ar lucht Cinnireachta tige Uí Cléirigh
& a Chomh. mar Chinnire Tioncuir, & go
bhfuil na gnotha go hiomlán fá do
chomhairle & do choimhghliocas. Thaithin
sé linn freisin go mbeidh an coimhrian
nua seo i bhfeidhm, sé sin, Beagán
Brabaighe agus Díol & Ceannach ar
Airgead-síos, mar tá tú thar éis
innsean dúinn, & go bhfuil ordú tugtha
agad do do Cheannachóirí go gcaithfear
margaidh an domhain a chuartú leis an
Earradh is Nuacha & is Fearr a sholáthar.
Beidh aghaidh muintire na hÉireann ar
fad orainn mar gheall ar chomh saor &
tá ordaighthe agad dúinn a dhíol, &
déanfamaid den Earradhlainn álainn
is Ceannaigheacht Rathamhail ann. Sul
dá dtáinig tú féin, bhí eolus againn
ar do gheanamhlacht & do chineáltas don
mhuintir atá ag obair fút, agus déanfa
líon gnotha an tighe seo le dúthracht &
Ionnas a gcinn finne do chongnamh
dhuit leis an árd-chuspóir a chuir tú os
ar gcomhair a aimsiú.”



Seo giota teachtmhar as leitir a
cuireadh i n-éindigh le bronntanas a
thug cuid de Conghantóirí óga Tigh Síl
Broin do Sheán F. MagUidhir nuair a
bhí sé a' fágáil an tighe sin:



“Gach rud ar thóig tú lámh os a chionn
d'éirigh leis thar bárr, & sé Teach Uí
Chléirigh an chraobh mhullaigh a bhéas orthu
ar fad. Ní bhéidh sa méid sin ach
luachsaothair ar a ndearna tú de mhaith
& de chineáltas. Is aoibhinn don líon
gnotha atá anois fán maighistir is fearr
& is cineálta dár cuireadh eolus riamh
air. Ba mhó ba cosmhail le Athair thú
ná Máighistir, & támaid a' cathú 'do
dhiaidh mar bheadh clann i ndiaidh a
n-athar. Glac, le do thoil, an corn
airgid seo mar sheod cuimhne.”



Ó CLÉIRIGH AGUS A CHOMH.,
TEORANTA,
SRÁID UÍ CHONAILL,
BAILE ÁTHA CLIATH.



TORTHA AN MHALÓIDIGH, I nGAILLIMH.



BRÓGA GAEDHEALACHA.



GACH RUD AR FHEABHAS.



SÍOLTA AR FHEABHAS,



Agus gach a dteastuigheann ón bhfeilméara



Le fagháil ó



MHAC OSGAIR,



I mBARR AN CHALTHA, I nGAILLIMH.




AN GHAOTH ANIAR.



a sgríobh



TOMÁS Ó MÁILLE.



le fághail ó



CHOMHLUCHT OIDEACHAIS NA
hÉIREANN.



Ceithre sgilleacha (glan) a luach.



Duine ar bith a dteastuigheann “An
Stoc” uaidh, nó ar mhaith leis fuagradh a chur
ann, sgríobhad sé ag an mbainisteoir .i.



An T-ATHAIR Ó CEALLAIGH,
Sráid Doimnic, a 23,
I nGaillimh.



Thríd an bposta 4/- sa mbliadhain.
Thríd an bposta 2/- sa leithbhliadhain.



Maidir le gach ádhbhar sgríobhtha a theidheas
sa bpáipéar cuirtear sgéala ag



TOMÁS Ó MÁILLE,
Coláiste na hIolsgoile,
i nGaillimh.



AN STOC



LÚGNAS, 1923



CONGNAMH



Is sean-fhocal é gur “orduigh cinnire
congnamh.” Sin, mar dhóigh dhe, má tá duine
a' stiúradh aon rud dá bhfuil ar bun gur
fearr a fhéadfas sé a ghnotha a cur un cinn le
congnamh maith a bheith aige. Dá mbeadh
páirc mhór féir le spealadh ag duine is a
luaithe a déanfaidhe é le deichneabhar a chur
ina éadan ná le beirt ná triúr, & is lugha
an tsíleáil a bheadh ar gach duine. Sin é a
fhearacht againne leis an Stoc. Adeir
daoine linn “cuiridh páipéar Gaedhilge ar
bun, cuiridh an Stoc ar bun arís,” agus
b'fhéidir nuair a bheadh An Stoc ar bun go
mbeadh a gcongnamh ar iarraidh. Nílmuid
a rádh nach bhfuilmuid a' fághail chonganta
leis an Stoc agus congnamh mór, agus
marach feabhas an chonganta sin ní
fhéadfamuis aon chúis a dhéanamh. Ach le
fear-is-barr conganta a fhághail, le congnamh
chuile dhuine ar mhaith leis an Stoc a dhul ar
aghaidh a fhághail bh'fhéidir dhá oiread a dhéanamh
nó trí oiread gan aonduine a bheith tuirseach
ná féachta dhá bhárr.



Tá dhá chaoi ann arbh fhéidir cuidiú leis an
Stoc, (I) le píosaí maithe Gaedhilge a chur
chugainn le cur isteach ann, & (2) le díol a
chur ar an bpáipéar. Aonduine ar mhaith
leis cuidiú linn ar an dá bhealach sin tá ar
seoladh aige agus chuile ughdar thairis sin
aige sa gcolumhan seo os ar gcionn.



Aonduine ar mhian leis giota a
chur chugainn don chéad Stoc eile cuireadh
sé chugainn é roimh an 14adh lá de mhí
Mheadhoin an Fhoghmhair & sgríobhadh sé “An
Stoc” sa gcúinne ar chumhdach na leitreach
taobh amuigh.



GEALLTA BHAD SAN IARTHAR
AN RÉIDHTEACH



Lá breágh grianmhar i dtús foghmhair bhí
ánn & go deimhin duit, ní raibh sé i ndon ag
Críostaidhe ar bith aon bhuille oibre a
dheanamh, bhí na cleabhair nimhneacha a' cur
amach a dteanga le tart, beithidhigh & fáinne
déanta dhá n-iarball acu, a rith lé cuthach &
glionndar fíbín a' déanamh ar an bhfairrge
lé fuaradh & fionnfhuaras a fhághail, na clocha
eimhir dhá sgoilteadh lé teas, ros-samh trom
thart le bun na spéire thiar, toirneach bhódhar
a gluasgarnach & a búrthaighil, anois & aríst,
go leór mílte i gcéin, an ghrian órdha a'
lonnradh & a spalpadh anuas as an spéir
gorm-bhuidhe, ar taltaí bhí 'feódhadh, ar thráigh-
anna móra gainimh bhí drithleach, deállrach &
ar an bhfairrge bhí chomh chiúin, chomh réidh, chomh
cothrom lé sgathán mór gloine, & sgáile na
spéire, na gréine & na n-éanlaith lé feiceál
thíos ínnti.



Daoine annseo & annrúd thart lé imeall
na mara & a gcuid éadaighe bainte dhíobh
sáithte isteach i sgailp dhorca clochair, mar
ní raibh sé iontaobhtha aon fholach éadaighe a
leagan ar chloich, ná ar leich, marar mhaith
leat é bheith ruadh-dhóighte; iad-san, go
meidhreach shultmhar, gl onndrach, rásta go
leór leis an ealadhain a bhí orthu, cuid acu
a' slubaighil & a' slabaighil ar easbaidh aon
osgair snámha, cuid eile a lámhacán i n-aice
béil an taoille, cuid eile dhá thabhairt leób
go breág ar na buillí. Bhí píosa tuilte
aige faoi seo, & na báid a' teacht isteach ó
charraigreacha fiadháine an tsean-chladaigh le
n-a gcuid lucht cabhairlighe báidhte go súilí,
báid eile sgaipeadh annseo & annsiúd amach
ar an aigian, cuid acu i bhfad i bhfairrge, i
riocht 's nach raibh ann ach gur léar don tsúil
iad, ar nós cuileóge amuigh ag bun na
spéire.



Na fuireanna i gcuid acu ag iomramh ar
a seacht míle dithcheall ag iarradh druidim
leis an móir-thír chomhfhad's bheadh sruth taoille
tuile leo, báid eile ar meadh ar bhainc throisg
ag iasgach ón talamh an fhuireann a gomháil
tarraingt a gcuid doruighthe de phreab
cúpla feádh ón stupóig & dhá leigean síos
aríst, ag iarraidh an chlúain a chur ar an trosg
bocht & a mhealladh leis an mbaoite breágh
lonnrach, de sgadán gainimh úr; “coinnigh
órt?” anois & aríst, comartha ón stupóig
a chraithfeadh an ghualainn ag an bhfear thuas.
Mo léan! nár fhailligh gan uimhir a sé de
dhubhán dubh-ghorm a chur sa gcab uachtar ag
breac an chlaib mhóir a bhfuil leigheas &
íocshlainte do lucht criotáin & cársáin i
n-ola a chuid aebha.



Ó bhí an lá ceanann céadhna chomh brothallach
& bhí, bhuail mé féin amach a' snámh ó chlochar
an bháid, mar ba mhór an tógáil chroidhe &
fionnfhuaras do dhuine folcadh breágh den
sean-tsáile guirt a fhághail faoi chomhair an
chuid eile den lá. Nuair a bí mo chuid
éadaighe orm agam thar éis turas a thabhairt
ar charraig na bportán & tromas & tuirse
an lae caithte dhíom agam, bhuail mé suas
ag tráigh na Dumhaighe Bige, mar ó cuala mé
“sgríob sgríob” a teacht anuas as leis
an gciúineadas, bhí fhios agam céard a bhí ar
bun ánn. Níor thóg sé dhá mheandar orm
theacht i bhfhiosgeacht “mbeannuighe Dia”
don áit a raibh an bád dhá sgríobadh & thuas
ar dá bhlocan i riocht 's go rachadh cat maith
mór amach idir an tráigh & an cíle gan
teangmháil dhó, blocán eile faoi n-a bolg,
lé na coinneál ón tráigh, í sínte siar ó
chluais go hiarball mar bheadh sí lá gaoithe
móire. Ar dhruinn na bóchna faoí chúrsa
beag san seól mór & barróg doimhin sa gib
lé gargaint na tuinne, & mó dhuine ag
iomchur seóil go dímhaiseach.



“Bail ó Dhia oraibh,” adeirm-se, leis an
mbeirt bhí ar snámh lé allus sínte ar slait
a ndroma istigh fá na pluic, a' sgríobadh
caonnaigh, báirnigh bheaga, & rud ar bith eile.
Bhí crupach ar an gcraiceann mín péinne
dhearg “go mbu shé dhuit a mhic ó,” deir
an bheirt i n-éindigh, nach cumasach te an lá
é. “Ná bí cainnt a dhuine” adeirimse ní
sheasfhad néagar (i. fear dubh) é, is cuma


L. 5


é ach beidhmuid losgtha rósttha trathnóna, &
cé'n bhrígh ach an bhail bhéas orainn ag gail &
deannach na sean-teara sin, ní fhanfhadh
sgioltar craicinn ar ar n-éadan ná ar ar
lámha, nach mbeidh dóighte. “Tá an diabhal i
n-ar mbarr-iallacha, má théidheann gail na
teara ar ar n-éadan” areirim-se, “tá
píonús na bpíonús i ndán doibh.” “Tá sibh
a' cuimhniú ar an lá máireach, bail 's beannú
oraibh,” adeirim-sé go n-éirighe sin libh, tá
ciall in bhur leitheidí, ní hé fhearacht
cleiteachán eile é. Leabhar-se is furus
aithne cá mbíonn an míanach ceart. Deir
siad & is fíor é ‘go mhbriseann an dúthchas
trí shúilí an chait.’” “Díth céille dít
céille, uilig é,” adeir Seán, “ach a
dhearbhráthair m'anama thú, níl neart ag an
díth céille fhéin air, bhí sé ánn ó thús aimsire
& beid go deireadh.” “Cé an sórt cainte
sin ort,” adeirim-se ní dít céille ar bith
tá oraibh, chomhfhad 's bhéas an tsláinte ag na
daoine, ní ceart dóibh bheith a' gearán.”
“Tá tú caint anois,” adeir, Cóilín Mhichíl,
a leagan uaidh an sgríobháin & a' caitheamh
an alluis dhá éadan, lé n-a mhuinchille & a'
tarrainght a bhríste suas air fhéin & a' fáis-
geadh a ruadhóg basta na thímceall go
daingean docht. “Cén bharramhail tá agad
dhúinn?” “Barramhail mhaith,” adeirm-se,
“Mh'anam go bhfuil faithchíos orm má sheasann
an ciúneadas seo go bhfuil geáll an lae
maireach chomhfada uainn & tá banais ar n-
athar mhóir,” adeir an guth, amach ón maide
teile bíodh misneach agad a Sheáin, corruigh
suas, & na tuiteadh an driull ar an dreáll
mar sin agad. Níor cháill fear an mhisnigh
araimh é, adeirim-se, & rud eile dhe, ní
cheapann go mbeadh an lá chomh han-chiúin sin
amáireac. Peata laé é seo sílim. Tá an
spéir sin amuigh leagtha isteach lé gaoith
aniar ndeas, & le glasadh an lae indiu bhí
an clamhsán ag Clochar an Mhádra-uisge mar
a ndeárna taoille mhór lán rabharta é, & bhí
bun de léasán mór san bhfairrge thiar os
cíonn Carraige a' Mhíle, & féach a' raibh de
na míoltóga beaga nimhneacha thuas bhí i ndon
thú a chur glan-easgartha as do chéill, an
fiabhras teinnte oraibh mar a bhfuil muid ithte
acu,” adeir, Cóilín, “tá mé ceapadh go
bhfuil claochlodh is an aimsir mar nuair a bhí
mé dhá cur seo amach as an gcéibh ar maidin.
Bhí staic de rón liath istigh ar an árd-tráigh
& ní fhaca mé aon cheánn cheana chomh fada
isteach lé mo chuimhne cínn, & is fadó an lá
nach bhfaca mé na Breandáin chomh follasac,
& chonaic mé iad le éirghe ghréine indiu. Tá
athrú eicín ar an teas céadthac seo, bruith
bháistighe is dócha.” “M'anam” adeirim-
sé “ní dhá bhaint sin as do béal é.”



(Ar Leanamhaint).



SÉAMUS MAC AN IOMAIRE.



BRÓGA NA LAOI.



NA BRÓGA IS FEARR LE CEANNACH



Ag



SEÁN Ó LAIDHE,



I mBARR AN CHALTHA, I nGAILLIMH.



An Teach a bhfuil cliú air le haghaidh
Tae, Fíona, Biotáilte & Intreabh Tighe.



M. BREATHNECH



SRÁID ÁRD, NA GAILLIMHE.



ÉADACH GAEDHEALACH ar fheabhas le
fagháil ó



PHROINSIAS MHAC DHONNCHADHA & A CHOMH,



I nGaillimh.



A chuir dlúthas i gcomhnaidhe le déantás
na hÉireann a chur 'un cinn.



AN “LUCÁNIA.”



Más maith leat ROTHAR MAITH a rinnead
nÉirinn sgríobh chuig



DOMHNALL UA BUACHALLA
iMuigh nuadhat.



COR EN TSIONNAIGH AS NA
DREANCEIDÍ.



Bhuail taom thinnis sionnach tráth, thar éis
lá sealga (seilge) agus le méad a
dhócamhla le linn smál na hoidhche bhí sé i
ndeire na déithe agus d'fhalaigh sé é féin i
bprochóig faoi thomh fraoigh. Bhí sé sínte ó
chluais go ruball gan chor nó cleas ann ar
feadh naoi lá. Tar éis an naomhadh lae
sgaith sé an faoitheamh agus thosaigh beagán
nirt a' teacht ina cholainn. Bhí tart agus
lafairt air ach ní raibh fear a chaointe ná a
shínte i ngar dó.



Thimcheall an tráth atá i gceist agam
tháinig oidhche mhór fearthainne agus
d'árduigh mo chréatúr a cheann i n-áirde,
d'fhosgail sé a bhéal agus léir mar bhí an
fhearthann a' tuitim ar an bhfraoch bhí sí a'
seilt anuas agus níorbh fhallsóir an sionnach
a' slugadh na fearthainne léir mar thuiteadh
sí ar bharr a theangadh.



'Deirim-se leat-sa go mba mhór an sult
a fuair an cleasaidhe as slumairt na fear-
thainne. B'in é a shlighe bheatha, a mhic ó,
'fhad is bhí a colann gan bhrigh 'ndeoin go
raibh neart cearca fraoigh ina thimcheall agus
ní raibh neart aige drannadh leofa.



Thraoich a cholann de easbaidh bidh agus
bhochtuigh a chuid fola le bruith an tinnis agus
galra carach. Bhí sé i ndeire na déithe. Bhí
a leabaidh faoi seo tais agus teas a cholla
a' téidheadh na leabtha i riocht, a chomhluadair
na cruinne, is gur chothuigh an leabaidh na
céadtha dreancaidí.



Thosuigh an créatúr ag éirghe mí-
shuaimhneach i riocht 's nach raibh codladh oidhche
ná suaimhneas lae aige agus léir mar bhí
brigh a' tigheacht ann bhí na crúba a' dólámh
a' tochas gach ball dá cholainn 'ar fhéad sé
na crúba a chur i bhfeirm.



Nuair bhí sé sáruighthe amach is amach ag
na dreancaidí, ar seisean, “leis an diabhal
an t-ocrus agus leis an deamhan agus an
diabhal an tochas. Níl náire ar bith san
ocras, agus mar sin féin baineann an tochas
barr dhe.”



Léir mar bhí an ghrian a' lonnradh ó bharr
an tsléibhe thug sé faoi deara go raibh sé
brat ballach le tréadáin agus, ar seisean
leis féin, “cá bhfuil mo mheabhair nó mo
stuaim mara bhfuil mé i ndon doibeart a
bhualadh ar mo chomharsannaí gangaideacha
atá a' tabhairt iarracht seilbh mo thighe fhághail,
i gceann criathar poll a dhéanamh de mo
chraiceann.



D'éirigh sé ina sheasamh agus shiubhail sé
go mín réidh socair as an bprochóig agus
shuidh sé ar a chorra geamh le teas na gréine.
Thar éis an ghrian é dá théidheadh go maith
b'fhacthas dó go dtáinig brigh agus lúth beag
ann agus thug sé aghaidh ar loch beag a bhí i
ngar dó, agus a shluagh sladtha a' gabhail
fabhairne dó.



“Dheamhan ar chríonna an cat ná an
coiméad,” ar seisean, “agus beidh an
báire liom-sa nó caillfe mé casadh.” Síos
leis go dtí bruac an locha agus thionntuigh
sé a chúl léithe. Isteach leis go roighin réidh
i ndiaidh a chúil is chuir sé barr a rubaill ins
an uisge is léir mar bhí sé a' cur a cholla
faoi'n uisge bhí colg a' tigheacht ar an
bhfionnadh agus léir mar bí an t-uisge a'
tigheacht fá'n bhfionnadh bhí na dreancaidí
a' teicheadh agus iad go síorruidhe a'
léimnigh ar an bhfionnadh tirm, agus iad a'
déanamh ar a mhuinéal.



Thimcheall is an tráth seo bhí sé go dtí bun
a dhá chluas fá'n uisge, agus annsin, a
mhic mo chroidhe, thosuigh an clampar, mar ní
raibh aon dreancaid ina cholainn nach raibh
ar chlár a bhaithis agus gach aon cheann acu
ag iarraidh seilbh na háite sin a choinneál
mar ba tuar bháis dóibh é.



Bhí buille a bhfus agus buille thall acu ar
a chéile agus muinéal lag i n-íochtar agus
lámh láidir i n-uachtar. A leitheid d'fhead-
ruasgadh ní raibh ó thiar an domhain go dtí
thuar an domain agus bhí ar bhaithis an
tsionnaigh ghlic. Choinnigh seisean a cheann
i n-áirde agus (bhí) a shrón chomh mór le
sean-chloigtheach le méad an láirm drean-
caidí bhí fastuighthe ar a barr agus greim
an fhir bhaidhte acu ar a chéile.



Nuair a bhí 'fhios aige annsin go raibh iomlán
a námhad bailighthe ina chéile agus a cholann
saor gan ceann acu air, síos leis mar sgail
teinntrighe fá'n uisge agus sguabadh an
cloigtheach dreancaidí le fánaidh an tsrotha.



Aníos leis agus isteach leis ar an talamh.
Dhearc sé ina ndiaidh, agus ar seisean, ós
árd, “tá sibh imhtighthe, agus imtheacht an
tsrotha le fánaidh oraibh, sin imtheacht gan
filleadh.”



Agus sin agaibh anois cor an tsionnaigh ar
na dreancaidí bochta.



(Sé Micheál Mag Ruaidhrí, an sár-
sgéalaidhe, a thug dom an sgéal so atá
ceithre bliadna ó shoin ann.)



SEÁN MAC GIOLLARNÁTH.



GLUAIS. — Prochóg, den. Sgaith sé an
faoitheamh, he passed the crisis. Slumairt,
nourishment. Thraoich, reduced. Galra
carach, scabs; car, scab. Brat ballach,
bare spots in his coat. Treadáin flocks
of vermin. Corsa geábh, gogaide, hunkers.
Fabhairne, fleecing. Cloigtheach, tower,
belfry.



Níl aon tsiopa ins na cúigí a bhfuil níos mó
earraidhe Gaedhealach le fagháil ann ná ag



A. MOON, TEORANTA,



a dhíolas cultaí fear, hataí ban & gach aon
tsort éadaigh fheileas d'fhear, bean, nó
páisde.



FIORGÍONTA EGLINTON, I NGAILLIMH.



FÁINNÍ



Má theastuigheann fáinní uait sgríobh
chugham-sa & cuirfead chugat leabhrán a
bhfuighe tú gach eolas i n-a dtaobh ann.
Taisbeánfa sé duit an chaoi le aigread
& aimsir a shábháil & trioblóid a sheachaint.



S. FALLER, I nGAILLIMH



Beidh ÉIRE láidir má bhíonn Clainne Gaedheal
láidir. Ithidís an fheoil is fearr agus
tá sí sin le fagháil ó



Ó FALLAMHAIN,



Sráid Gheata na Mainistreach, I nGAILLIMH.



TEACH ÓSTA MHIC CHARTHA



An teach a raibh dídean ann do Fhianna Fáil
i n-aimsir an ghábhaidh, ní féidir a sháru fá
shócamhail.



LEITIR CEANNAINN,



DIARMUID Ó DONNABHÁIN,



Gach saghas toradh, sgoth, milseán, &c.



SRÁID GEATA LIAM,



I nGAILLIMH.



AN STOC



ORDÚ



Don ATHAIR Ó CEALLAIGH,
Sráid Dominic,
NA GAILLIMHE.



A Chara,



Cuir chugam — cóipeanna
den STOC gach mí go ceann



Ainm



Seoladh


L. 6


(Ar Leanamhuint.



D'fhágaibh sé a chlaidheamh ar an talamh le
n' ais. Dubhairt sé leo gan é a mharbhu fa
láthair nó go dtasbánadh sé píosa dóibh nach
raibh eolas ac air. Dubhairt an t-oifigeach
go raibh sin ceart. Sheas sé ina gceart-
lár. Thug sé léim ar an oifigeach. Tharraing
sé an claidheamh as a láimh. Níor stop sé
gur mharbhuigh sé na trí chéad fear.
“Tárthuigh, a ghaisgidh,” arsa Dubhnúch Mac
a' Feasa,” na marbhuigh mé. “Tá tú
ceannuighthe go maith agam ar feadh na
hoidhche.” D'fhan sé i n-éinfheacht leis go
dtí maidin.



Chuaidh sé amach ar maidin lá 'r n-a
mháireach, bhuail sé an chuaille comraic.
Tháinic fear freagartha an chuaille chuige.
D'fhiafruigh sé dhe céard a bhí sé a iarraidh.
Dubhairt sé go raibh sé ag iarraidh an fear
ab fhearr a bhí ar an ríoghacht go mbeadh an lá
aige féin nó aige-san. Tháinig chuige amach
an Deilbh Órmasach Mhac Iarla Charraig na
Sgéith. Séard a bhí ann mac tabhartais.
Sin é an fáth nach raibh an bhanríoghain óg
sásta ar é a phósadh. Bhí caisleán aici di
féin le bheith na comhnuidhe ann. Bhí buaidh trí
lá narbh fhéidir le aon fhear sa domhan seasamh
roime. D'ionnsuigheadar a chéile le n-a
dhá gclaidheamh mhóra thábhachtacha leathna
chúlreamhra bhéaltanaidh.



Bhíodar a bualadh agus a trom-ladairt a
chéile nó go dtáinic buidhe ar an gréin.
D'éirigh an Deilbh Órmasach ina phriachán os
a chionn a' magad faoi. Bhí Conall loithte
agus a chuid fola a' tigheacht & é lag gan
ghreim gan deoch gan blogam. D'imthigh
Dúbhnúch Mac a Feasa. Chuaidh sé chomh fada
leis an mba-n ríoghain óg bhí a phósadh
chomh luath agus throidfeadh sé an Deilbh
Órmasach. Dubhairt sí go raibh lá de na
trí lá curtha isteach aige.



“Tabair chugam é,” adubairt sí. Thug.
Bhí sé i gcruth siubhail ar éigin. Choimil sí
íoc-shláinte dhó ar a chuid cneadhacha. Bhí sé
chomh maith & bhí sé ariamh. D'ith sé a sháith.
Bhí blas na meala ar gach aon ghreim agus
gan greim ar bith tor. Cóirigheadh leabaidh
dó. Chuaidh sé a chodladh & chuaidh sise a
chodladh taobh thuas dó. Tharraing sé a
chlaidheamh idir é féin agus í féin. D'fhan
sé mar sin go maidin.



Chuaidh sé amach 'léis an bhricfasta agus
bhuail sé an cuaille comhraic chomh laidir agus
bhí sé ariamh. Tháinic sin chuige amach an
Deilbh Órmasac. D'ionnsuigheadar a chéile
nó go dtáinic buidhe ar an ngréim tráthnóna.



Bhí sé loitthe in gach uile bhall dá cholainn
nuair a rinne an Deilb Órmasach iolar dhe
féin os a chionn a' magadh faoi. Bhí sé chomh
lag & nach raibh sé i gcruth seasamh ar a chosa.
D'imthigh Dubhnúch comh fada leis an
mbanríoghain óg arís.



“Ní fiú é a thigheachtain,” adubairt sí,
“níl dúil agam é ghlacadh isteach.”



“Ná déan sin” a bhanríoghan óg, ar sé.
“Tá dhá lá caithte aige; níl air ach lá eile go
mbí sibh pósta.”



“Doile” adubhairt sí, “tabhair 'un an
tighe é.” “Níl sé i gcruth suibhail gan
congnamh.” Chuir sí congnamh comh fada
leis a thug 'un an tighe é. Choimil sí
íocshlainte dá chuid cneadhacha. Bhí sé chomh
maith agus bhí sé ariamh. D'ith sé a shuipéar
agus chuaidh sé a chodladh. Chuaidh sise a
chodladh, taobh thuas dó. Tharraing sé a
chlaideamh idir é féin agus í féin agus d'fhan
mar sin go dtí maidin lár na bháireach.
Bhuail sé an cuaille comhraic. D'ionnsuigh-
eadar chéile go teann teith. Bhí an Deilbh
Órmasach ag iarraidh é a mharbhú' an lá seo.
Chinn sé air go dtáinic buidhe ar an ngréin.
Rinne sé crann caorthainn de féin idir a
dhá láimh. Bhí sé chomh lag & dhá síneadh sé
ar a bhéal go bplúchfadh a chuid fola é &
dá sínead sé ar chul a chinn go dtiocfadh
na priain & go bpiocfaidís na súilí cá
Bhí an Dubhnuch Mac a Feasa le n' ais a'
breathnú' air.



“Mise Conall budhe Mac Néill,”
adubairt sé, “is iomadh ceard le a bhfuil
mo thriall. Sgríobh thusa go beacth beach
in mo lunig & in mo bhad mar shúil is go
dtiocfadh duine éigin ar mo threibh a
bhainfeadh sásamh den Deilbh Órmasach, Mac
Iarla Charraig na Sgéith.”



“Ní féidir,” adubairt Dúbhnúch Mac a
Feasa,”gur tú Conall Mac Néill na bhFiann.
Bhí mise i n-éinfheacht le t' athair & níor
fágadh beo ach mé as an méid a tháinic as
Éire.” Thosaigh sé da chaoineadh. Leag sé
a chóta ar a cheann. Rith sé leis chomh fada
leis a mbanríoghain óg.



“Do chara & do choimirce a bhainríoghan
óg,” adubhairt sé. “Tabhair an rí uasal
chomh fada leat anocht. Tá na trí lá seasta
aige. Níl aon mhaith sa Deilbh Órmasach níos
mó 'ch oiread le fear ar bith eile.”



Léis obstáice mhór chuir sí cairt & móir-
sheisear fear comh fada leis. D'iomchruigh-
eadar isteach é nó gur chuir sí íocshlainte
ar a chneadhacha. D'éirigh sé comh maith is
bhí sé ariamh. D'ith sé neart bíd agus chuaidh
sé a chodladh. Chuaidh sise a chodladh taobh
thuas dó. Tharraing sé a chlaidheamh idir é
féin agus í féin. D'fhan sé mar sin go mai-
din. D'éirigh sé ar mhaidin lá'r na mhaireach.
Nigh sé a' aghaidh agus a éadan. Bhuail sé
an cuaille comhraic comh laidir agus bhuail
sé ariamh é. Tháinic sin chuige amach an
Deilbh-Órmasach leisgeamhuil go leor a'
a' dul 'un troda. “Nois, a Chonaill,
adubairt” Dubhnúch Mac a Feasa, “níl
aon chumhacht aige ach oiread leat féin agus
feiceamuis ceard atá sé i gcruth a dhéanta
indiu.”



Rith sé air. Chroch sé ar a gualainn é.
Leag sé faoi é. Thug sé ceangal na gcúig
caol go daor agus go docht air go dtiubradh
laidhricín a choise seanas do pholl a chluaise
ach ní seanas a bhéarfadh ach barr donair
agus duadhais.



“Tárthuigh a rí-ghaisgidh is fearr da
bfaca mé riamh, ná bain mo cheann ná mo
chóimeád leatha dhíom agus chomh fada is
bhéas gaoth & grian agus neart dé ar an
talamh bheidh mo chongnamh & mo chuidiú leat
is gach uile bhealach.”



“Ní bhainfe mé do cheann ná do choimeád
beatha dhaot” adubhairt Conall “ac innis
dom a bhfaca tú aon bhean ag imtheacht thríd
an tír seo i n-éinfheacht le fear ar bith eile.”
Ní fhacas agus níl éin eolas agam ar an
sgéal,” adubhairt sé.



Sgaoil sé ón a cheangal é agus chraith-
eadar lámh le chéile. Thug sé leis é comh
fada le teach na banríoghna óige. Cuir sé
fios ar an sagart agus fuair sé pósta í
le Dubhnúc Mac a Fheasa an fear a thug
an camán dó thar éis teacht i dtír dó. Chuir
sé gairm sgoile amach ar an ríoghachta a'
caitheamh fleidh & féasta ar an mbanais.



An oidhche a rabhadar a caitheamh na bainse
thug sé ordú don doirseóir gan aon duine
a leigean isteach gan fios a thabhairt dó
féin. Níorbh fhada gur buaileadh an doras.
Chuaidh an doirseóir a' tabhairt sgéal do
Chonall go raibh fear ag iarraidh thiachtain
isteach. Dubhairt sé leis an doras a
fhosgailt agus a leigean isteach.



Ní raibh sé sáthach luath ag an doras nuair
a tharraing an fear amuigh a chos & bhuail sé
de chic an doras agus bhris sé é. Buaileadh
an doirseóir le spliontar den chomhla agus
marbhuigheadh é.



Chuaidh an sgéal thridh an teach go raibh
an doireóir marbh. Tháinic Conall 'un
láithreach. D'fhiafruigh sé dhe cé'n chiall dó
an doirseóir a mharbhú.



“Má's fear mait tú bainfe tú a shasamh
amach. Tá dhá ubhall agam” adubhairt sé,
“ubhall éir agus ubhall airgid. Tóig do
roghain acú.”



Thoig sé an t-ubhall airgid. Sheas sé ag
an teinidh agus sheas an fear eile in íochtar
a tighe. Chaitheadar an dá ubhall le chéile.
Bhuail sé Conall i gclár an uicht. Leag sé
sa teinidh é. Leig seisean ubhall Chonaill
amach idir a dhá chois. Sé an t-ainm a bhí
air Ridire Gaisge Mhac Rí na h-Íosbairne.
Rug Conall air. Bhi sé ina charraigheacht
chruaidh eidir an bheirt. Leag sé Ridire an
ghaisge agus cheangail sé é. Cheangail sé
é le beilt a chlaidhimh. Thug sé leis é fá
shileadh na rí-choinnle san áit a raibh sé a'
dul ón gcroiceann go dtí an fheoil agus
ón fheoil go dtí an cnáimh & ón gcnáimh go
dtí an smior.



“A' raibh tú i ngéibheann an bith ariamh
níos mó ná mar atá tú anois,” arsa Conall.



“Bhíos,” adubhairt sé, “cé'n géibheann é?”



“Deirim-sé gur fear gan truaighe thú istigh
i dteach bainse.” Sgaoil sé ó n-a cheangal
é. D'fhiafruigh sé dhe cad-é 'n géibheann é.
“Deirim gur bodach thú arís” adubhairt
sé. “Gan fios agad cad-é an t-am a
bhfuair mé greim bidh le n' ithe.” Fuair sé
a dhóthain bidh & dighe le n' ithe & le 'n ól
annsin. Annsin a thosuigh sé ag innsean a
sgéil do Chonall.



“Bhí mé lá ins na Íosbaine,” adubhairt
sé, “is mé an démhadh mac déag a bhí ag Rí
na Íosbairne. Shíl mé nach raibh gaisgidheach
ar bith ins an domhan nach raibh mé i gcruth
a fhéachaint.



Lá dár eirigh mé amach chonaic mé agam
a' tigheachtain an fear mór ba mó & ab airde
dá bhfaca mé ariamh agus an bhean ba
bhreaghachta dá bhfaca mé in mo shaoghal
ariamh dá hiomchur ar chrannóg a sgéithe.
Shiubhail mé roimhe & d'fhiafruigh mé dhe an í
sin a bhean. Dubhairt sé liom nárbh a.
D'fhiafruigh mé de arbh inghín do í. Dubhairt
sé nárbh eadh. D'fhiafruigh mé dhe an dtuibhradh
sé dhom le pósadh í. Chrom sé anuas gan
an bhean a bhaint dá ghualainn. Cheangail sé
le beilt mo chlaidhimh fhéin mé le n-a leath-
láimh. Rug sé orm agus chaith sé amach i
lár na fairrge móire mé. Bhí aon mór ins
an áit a dtugaidís an gníomh-iongnach uirthi.



Nuair a chonach sí mé ag éirghe ar an
bhfairrge thar éis a dhul go tóin an phuill
chuir sí a crúba móra in mo thimcheall go
dtug sí mé ina nead. Bhí trí éanacha móra
aici ins an nead. D'imtigh sí annsin ar siubhal
a' soláthar bidh. Nuair a thainic sí tráthnóna
sinne sí céithre chuid den bhiadh idir mé & na
trí héin. Luigh sé os ar gcionn san oidhche
agus bhí mé breágh té fá n-a cuid clumhaighe.
Chuaidh sí amach an dara lá. Nuair a fuair
mé imthighthe í mharbhuigh mé ceann dá cuid
éanacha. Rinne sí tré chuid den bhiadh &
rinne sin sásamh mór dhom. An dara lá
mharbhuigh mé an tríomhadh héan. Nuair a
tháinic sí tráthnóna chonaic sí na héanacha
marbh uiligh. An méid bídh a bhí aice d'ith sí
fré chéile í féin é & níor thug sí blas dom-
sa lé n' ithe. Luigh sí ar bhiacán cloiche go
maidin. Moch go leor ar maidin chraith sí
í féin. Tháinic sí agus chuir sí a crúcaí
timcheall orm. D'árduigh sí léithe mé amach
os cionn na fairrge móire & sgaoil sí uaiti
mé anuas ar dhoimhneacht na fairrge. Nuair
a d'éirigh mé, chuir sí crucha timcheall
orm arís, & dárduigh sí léithe mé
arís chomh fada & d'féad sí a dhuil ins an
aer suas. Rinne sí sin liom trí huairí i
ndiaidh a chéile. Bhí sí tuirseach agus thug
sí léithe mé ar charraig nach raibh i bhfhadh
ó'n talamh & chuaidh mé féin is í féin suas
ar an gcarraig & d'ísligh sí gar go leor
dhom. Bhí an lá te tirm. Thosaigh na
beilteanna a bhí in mo thimcheall do mo
cheangal. Tosuigheadar a' fás te go bhfuair
mé mé féin le sgaoileadh. Bhí a ceann fá n-a
sgiathán ag an éan mór. Shiubhail mé comh
fada léithe chomh reidh agus d'fhéad mé. Bhain
mé an ceann di le mo chlaidheamh. Bhí
an charraig i ngar do'n talamh agus
shnámh mé go dtí an tír. Nuair a tháinic
mé i dtír fuair mé lorg troigh choise ar an
tráigh. Shín mé mé féin ar lorg na coise. Ba
mhó lorg na coise & b'fhuide ná mé féin ar
fad & ar leithead. “Níl neart air” arsa
mise. “Is mairg atá i n-áit a bhfuil fear
chomh mór sin.



Shibhail mé liom go bhfaca mé mainistir
mhór. Shiubhail mé isteach ins an mainistir.
Bhí aghann a' bruith ar an teinidh & feoil a'
bruith ann. Thóig mé roinn den fheoil agus
ocras mór orm. Thosaigh mé dhá hithe comh
toibeann agus d'fhéad mé. Níor bhfada
gur airigh mé íochtar na coilleadh dá chur i
n-uachtar, crainn críon a briseadh isteach na
triúr fathach. Bhí fear acu nach raibh air ach
aon lámh amháin as clár a uicht, aon tsúil
amháin i gclár éadain & aon chos amháin.



Nuair a tháinigeadar isteach thóigeadar
an fheoil ar an mbord. Thomáineadar
sgata mór gabhar isteach rómpu i rúma mór


L. 7


fairring a bhí thíos ón gcisteanach. Nuair a
d'airigheadar fear strainséara ins an rúma
thosuigheadar a' meigiollach. Níorbh fhada
gur dhubhairt Maghnus Mór le Breaclainn a
dhul síos & trian bainne a bhaint de na
gabhair.



“Bhí mise aréir,” arsa Breachlainn, “&
mo chlaidheamh in mo láimh agam insa rúma.
(Tháinic fear isteach). Bhuail mé insa
muinéal é & bhain mé an ceann de” (.i.
bhuail sé Cormac). “Ná raibh do shláinte
leat, ní raibh t' ariamh na chraibh trisle 'do
dhiaidh. Gabh síos a Mhaghnuis,” ar sé, “&
bain bainne de na gabhair. Nuair a chuir sé
síos a cheann bhí mé ro-shanntach aige. Bhuail
mé insa gceann é & mharbhuigh mé é (i.
Cormac) & bhris mé mo chlaidheamh ar an
bhfordorus. Chuir Mághnus síos a lámh mhór
nuair a chuala sé torann mo chlaidimh dhá
bhriseadh. Fuair sé greim cúil orm agus
thug sé leis aníos mé. Leag sé faoi anuas
mé & thosuigh sé gur chaoin sé a sháith. D'fhéach
sé a' raibh mé reamhar le n'ithe agus fuair sé
mé an-tanaidh rurach. Thug sé leis mé
agus chuir sé mo mhéar i bpoll tsrathra &
chuir sé ging isteach léithe. Ghearr sé strip
den chraiceann díom ó mhullach mo chinn go
bun mo choise. D'fhága sé annsin mé a' silt
& thuit sé féin ina chodladh. Nuair a fuair
mise ina chodladh é chuir mé mo lámh i bpóca
mo bháscóta & bhí sgian innti agus d'fhosgail
mé an sgian le mo bhéal & ghearr mé an
mhéar a bhí i bpoll na srathra.



Thuit mé ar an urlár. Bhí Maghnus mór
trasna ar an doras agus é in a chodladh,
ní raibh aon bhealach agam le dhul amach.
Chuir mé an pócar ins an teinidh. Nuair a
dhearg mé é dhírigh mé ar a shúil é agus sháith
mé é chomh fada agus d'fhéad mé thrí n-a
cheann. D'éirigh sé de léim. Bhuail sé an
pócar i n-éadan an bhalla agus chuir sé go
hinchinn ann féin é. Rith mise don rúma
agus thosaigh mé a' feannadh ceann de na
gabhair. Thosuigh sé a' blaodhach ar na
gabhair; ach badh é an gabhar deiridh ar bhlaoidh
sé ainm air Sean-Tama-Seantar an gabhar
céadna a raibh mé socruighthe ina chraiceann.
Rug sé orm agus chaith sé amach mé. Mar bhí
sé ina dhall níor fhéad sé mé a fheiceál.



“Ná a ruifíní atá mé imthighthe uait anois
ní fhéadfa tú breith orm níos mo.” “Fan
liom,” adeir sé, in áit mo chuid dear-
bhraithreacha anois á thárla go bhfuil siad
marbh & mé féin in mo dhall. Is leat an
méid óir agus airgid in mo ríoghachta & a
bhfuil ann.”



“A ruifíní,” adubhairt mé, “ní thrus-
tócha mé thú.” An lá nach bhfuil tú do mo
trustú seo fáinne dhuit agus cuir ar do
mhéir é. Ce ar bith áit a bhfuil tú ag iarraidh
a dhul bhéarfa an fáinne ann de léim thú ar
an bpoinnte.” Leag sé an fáinne taobh
amuigh. Chuaidh mé agus rug mé ar an
bhfáinne agus chuir mé ar mo mhéir é. Chomh
luath agus chuaidh an fáinne ar mo mhéir an
domhan mór ní bhainfeadh anuas é (dfháisg
sé chomh cruaidh sin). “Ca bhfuil tú, a
fháinne,” adubairt Maghnus mór an fathach.
“Tá mé ar mhéir, a bhrathair,” adubhairt an
fáinne.



D'éirigh an fathach de léim san áit a
gcuala sé an chaint ag an bhfáinne agus shíl
sé greim a fhághail ar an Ridire Gaisge.
Chuaidh sé amach idir a dhá chois agus sgaoil
sé thairis amach é. Rith sé chomh maith &
dfhéad sé a' déanamh ar aill mhór árd.
D'fhiafruigh an fathach aríst den fháinne cé
raibh sé. D'fhreagair an fáinne & dubhairt
sé tá mé ar mhéir a bhráthair. Léim sé arís
& shíl sé greim a fhághail air ach níor éirigh leis.
Bí sé a' déanamh ar an aill i gcomhnuidhe.
Rug sé ar an sgian aríst agus ghearr sé an
mhéar a raibh an fáinne uirthí & nuair a bhí
sé tarrainnt ar an aill mhóir chaith sé an
mhéar & an fáinne le fánaidh na haille.
D'fhiafruigh an fhathach aríst ar an bhfáinne cé
raibh sé. Dubhairt sé go raibh sé ar mhéir
a bhráthar. D'éirigh sé de léim & chuaidh sé
amach os cionn na haille gur marbhuigheadh
é le fanadh na haille.



“Sin géibheann níos mé ná mar bhí mé
agad-sa. Seo iad an dá mhéar,” adubhairt
sé, “a ghearr mé .i. an mhéar a bhí i bpoll na
srathrach & an mhear a bhí sa bhfáinne. Féachadh
fear ar bith ar mo dhruim & feicfe sé an
stiall chraicinn a bhí bainte dhíomh.”



Shocruigh Conall dlígheadh ins an ríoghacht
agus rinne sé máighistir de Dhúbhnúch Mac
a Feasa a bhí pósta ag inghín Rí na Gréige.



Nuair a fuair sé sin déanta, chuaidh sé ar
bhord luinge ag iarraidh a mhná. Chuaidh
sé i dtír i ríoghachtaí fiadháine & b'éigean dó
sgéal a fhághail faoi n-a bhean le neart a
láimhe & ghníomh. (Thug sé an Ridire
Gaisge leis & Deilbh Órmasach & Dúbnúch
Mac a Feasa. Ní bhfuigheadh sé aon sgéala
gan troid. Nuair a bhí an lá & bhliadhain
thuas bhí sé i dtír i gCrígh na Sórcha san áit
a raibh an Macaomh Mór & a Bhean.



Bhuail sé an cuaille comhraic annsin.
Dubhairt an Bhean nach raibh aon fhear ins an
domhan a bhí i gcruth an cuaille comhraic a
bhualadh chomh láidir & bhuail sé é ach a fear
pósta Conall Gulban. Níor fhágaibh sé
laogh i mboin, uan i gcaoirigh, mionnán i
ngabhar, sean-chaisleán gan leagan nó
caisleán úr gan a chur ar crathadh le fuaim
a lainne & a sgéithe & le neart a dhá lámh fhéin.
Chonaic sé chuige fear freagartha an chuaille.
D'fhiafruigh sé dhe céard a bhí sé a iarraid.
Chonaic Lasair Fhín-dearga uaithi é ar an
bhfuinneoig uachtarach sa gcaisleán. Anois,
a Chonaill, tá an lá & an bhliadhain caithte
indiu. Feiceamuir cé mar gheobhfaidhe thú
ar an Macaomh Mór Mac Rí na Sorcha.



Tháinic an Macaomh Mór chuige amach.
Bheannuigheadar dá chéile go fuisdeanach,
faisdeanach, fáilidh. D'fhreagair Conall an
beannú dhó dá réir. “Cé is fearr leat,”
adubhairt sé, “a' carraigheacht ar leacracha
dearga nó a' gabhail de sgeana glasa i
mbuilg-easnacha a chéile.” “Is cuma liom
cé hacu é,” adubhairt Conall.



“Anois,” adubhairt Dúbhnuch, Mac a
Feasa, “bain sásamh do mhná ar an
Macaomh Mór.”



D'árduigh sé leir ar gualainn é & leag
sé faoi é.



“Tásthuigh, a ghaisgidh is fearr dá bhfaca
mé ariamh, ná bain mo cheann díom. Bhéar
fa mé seacht ndaibhchí óir go h-Éirinn i
n-éadan na bliadhna chugad.”



“Cé bhféachfa mé miotal mo chlaidhimh,”
adubhairt Conall, “féach ins an mbloc
daraighe annsin thuas é.” “Níl bloc ar
bith is gránda ná do bhloc féin le n'
féachaint.” Tharraing sé an lámh & bhain sé
an ceann de. Chuaidh sé isteach ins an
gcaisleán & bhí a bhean ina choinne agus í a'
silt na deora ó n-a súilí le fáilte roimhe.



'Léis suim achair a chaitheamh ins an
gcaisleán bhí sé a' tigheacht abhaile é féin &
a bhean. Casadh dó an Bodach Gearr Glas.



Ní racha tú níos fuide go mbí fhios cé
hagainn an fear is fearr.” Throideadar
ar feadh seacht n-oidhche & seacht lá.



Tháinic Lasair Fhíon-Dearga agus
d'fheagair sí ros comhraic & a sgíth a leigean.
“'Baile,” adubhairt an Bodach Gearr Glas,
“níl aon fhear fá cheithre ranna an domhain
a sheasfadh liomsa an t-achair sin ach mo chol
ceathar, Conall Gulban.”



“Daile,” adubhairt Conall, “níl aon
fhear a sheasfadh liomsa ach mo cholceatar
Cod Mhac Rí na h-Íoruaidhe. “Is mise
Cod Mac Rí na h-Ioruaidhe,” adubhairt sé.



“Mise Conall Gulban,” adubhairt an
fear eile, Mac Néill na bhFiann.”



Phógadar a chéile, le teann luthgháire.
Mharbhuigh Cod gach ar casadh air ariamh mar
gheall ar a mhnaoi — Bhí sé dá tóruigheacht ach
níor mharbhuigh Conall duine ar bith ach an
Macaomh Mór.



D'fhágaibh sé na gaisgidh eile sa mbaile
annsin.



Tháinic sé féin & Lasair Fhíon-Dearga go
h-Éirinn. Chaitheadar féasta sé seachtmhainí.
Chuaidh siadsan an átha, agus mise an clochán
& bhaluigh sin mo sgéal sa.



(Críoch).



T. O FLANNAGÁIN & Chlann Mhac,



Gach uile shórt gaibhnigheachta
agus innealltóireachta



DÍOLTÓIRÍ ROTHAR. Cuirtear deis
ar rothair & ar ghunnaí.



SRÁID NA gCEANNUIDHE, i nGAILLIMH.



TOMÁS MAC SEINÍN
SRÁID DOIMINIC,
NA GAILLIMHE.



Togha na feola de ghach cineál.



Tae, Fíonta, Biotáilte, Chuile Shórt ar
Fheabhas.



MICHEÁL BREATHNACH,



An Chearnóg, I nGAILLIMH.



AN SEAN-TEACH.



a cuireadh ar bun i 1864.



Tae, Caife, fíonta, Uisge Beatha
ar fheabhas



Ó LÉANACHÁIN,



AN CHEARNÓG, I nGAILLIMH



TEACH NA h-OLLA



SRÁID NA SIOPAÍ,
I NGAILLIMH.



Cuidigh le déantús na:
hÉireann & sábháil airgead.



Cultaí ó 70/-
go dtí 130/-



MÁIRE NÍ RAGHALLAIGH,
Díoltóir leabhar & paipéar &c.
87, Sráid Uach. na Driseóige,
ÁTH CLIATH.



MAC CARSA & A CLANN MAC
DATHADÓIRÍ & DEASADÓIRÍ,
GAILLIMH.



Ó CUIMÍN & Ó GREANAIGH,
15 SRÁID NA SIOPAÍ,
I nGaillimh.



An Teach is fearr le haghaidh gach
sórt



An teach is fearr le haghaidh gach sórt
trosgáin & déantúis iarrainn.



Dathanna, síolta, páipeár balla, &c.



Ó COIRBÍN & A MHAC
LÓN-CHEANNAIDHTHE
DÉANTÓIRÍ UISGÍ MIANAIGH



Gaillimh & Béal atha an Riogh.



S. YOUNG,
DÉANTÓIR UISGÍ MIANAIGH
CEANNAIDHE BIOTÁILTE & FÍONA
SRÁID MHUIRE NA GAILLIMHE.



DIARMUID Ó DONNABHAÍN



SEODÓIR & CLOADÓIR,



SRÁD LIAIM, NA GAILLIMHE.



CLOCHAR ÓIRD NAOMH URSULA, I
SLIGHEACH.



Oideachas i gcóir na hIolsgoile, i gcóir
sgrúdú an idir-mheadhonaigh, na mbannc.
Cumann na gCeoltóir, I.S.M. Tráchtála,
Sgoláireachta Oideachais Náisiúnta, &c. Tá
sgoil tigheachais fá leith againn.


L. 8


Ar Mhaith Leat £5,000,000 a
Chimead in Eirinn?



Bheirid Gaedhil na hÉireann an carn mór
san airgidh gach bliain do Sheán Buidhe i
ngeall ar airgead Urradhais, ar Loscadh, ar
Thionóisc agus ar Shaoghal Daoine, agus
cailliúint cheart d'Éirinn iseadh £80 a' gach
£100 de sin.



AN GAEDHEAL-CHOMHLUCHT TAIGHDE UM
URRADHAS NAISIUNTA, TEORANTA



(The Irish National Assurance Coy., Limited)



ARD OIFIG — 30 FAITHCHE AN
CHOLAISTE, ATH CLIATH



CUIDIGH LE DÉANTÚS NA
hÉIREANN.



TOMÁS PÁMAR & A CHOMH.



MUILTEOIRÍ PLÚIR,



I nGAILLIMH.



B. V. Ó hÉIMHIGH,
LÓN-CHEANNAIDHE,
GAILLIMH.



Gach rud ar fheabhas.



S. T. Ó COISDEALBHA,
AN CHEARNÓG,
GAILLIMH.



An fheoil is fearr le fághail aige.



P. O CAOMHÁNAIGH,
Ph. C.
M.P.S.I.



SRÁID ÁRD,
NA GAILLIMHE.



Ó NÉILL & A CHOMH,
GAILLIMH.



Díoltóirí bróg & leathair.



Cuirtear deis ar bhrógaí an móiméad a
thagas siad isteach.



TEACH ÓSTA UÍ MHATHGHAMHNA
SRÁID FOSTER,
I nGAILLIMH.



Aoidheacht gan locht.



TOMÁS BREATHNACH,



LÓN-CHEANNAIDHE.



AN CHEARNÓG, I NGAILLIMH



Teas-intreabh, Taoidhean-oibreacha, agus
Foirgneamh Tighthe.



ROIBÉARD MAC DOMHNAILL,
Sráid Doimnic, GAILLIMH.



Muiniú céin-sgéil:



“Plumbus,” Gaillimh.



Bu cheart dá gach Gaedhilgeoir i mBaile
Átha Cliath gan aon arán do cheannach
ach



ARÁN





CHÍNNEÍDE



AN T-ARÁN IS FEARR DÁ nDÉANTAR



124 go dtí 131 SRÁID PHÁRNELL



Agus



BÁCÚS NAOIMH PHÁDRAIG,



BAILE ÁTHA CLIATH.



Guthán – 3141



CUMANN URRUDAIS CHATHRACH
BAILE ÁTHA CLIATH.



4 SRÁID UACHTARACH UÍ CHONAILL,
I mBAILE ÁTHA CLIATH.



Comh daingean le Caiseal na Riogh,
Comh Gaedhealach le Teamhair na dtriath
Comh teann le aon sléibh ins an gcrích
Cumann Urrudhais Chathrach Áth' Cliath.
Connighmís i nÉirinn an t-airgeadh,
Bhíodh ag Seán buide mar a bhéas,
Agus beidh an t-ádh orainn feasta,
Ach ciall a bheith againn araon.



NÁ DÉAN FAILLIGHE SA GCÚIS.



CUMANN URRADAIS.
MHUINTIR NA hÉIREANN



Tá an teacht-ísteach anois os cionn £25,000



Tá téarmaí thar barr aca d'urradhas saoghail
agus d'urradhas-sealadach.



Tá Fir-ionaid uatha.



ÁRD OIFIG:



16 CEARNÓG PÁRNAIL,
ÁTH CLIATH.



AN HALLA LEIGHIS.



Sráid Geata Liaim & Sráid Doimnic,
na Gaillimhe.



Gach leigheas ar fheabhas & ar ghloine.



SEAN Ó FAOLÁIN, L.P.S.I., Poiticire



TOMÁS Ó CATHÁIN,



Lón-Cheannaidhe,



SRÁID NA SIOPAÍ,
I NGAILLIMH.



Biadh, Tae, & Fíon ar fheabhas.



AR FÁGHAIL ANOIS



AN DARA CUR AMACH (AITH-
SGRÍDBHTHA).



FOCLÓIR GAEDHILGE LE
FUAIM GACH FOCAIL



A Chur i gCéill Don Leightheoir



SÉAMUS Ó DUIRINNE AGUS
PÁDHRAIC Ó DÁLAIGH



A CHUIR LE CHÉILE



220 leathanaigh. Luach 2/6 glan thríd an
bposta 2/9.



Ta tuairim is 10,000 focal ann, na focail
atá i n-úsáid de ghnáth. Beidh an leabhar seo
i n-a cúl toraic don mhac léighinn, don
teastalaidhe & don duine ghníos thráchtáil in
áit ar bith a bhfuil Gaedhilge ar labairt ann.
Séard adeir “The Irish News,” go ndearna
Séamus Ó Duirinne & Pádraic Ó Dálaigh
rud le chuis na Gaedhilge a chur ar agaidh
nach ndearnadh ó sgríobh an tAthair Eoghan
Ó Gramhna a chuid leabhar.



COMLUCHT OIDEACHAIS NA
hÉIREANN TEORANTA.



89 Sráid Talbóid, Ath Cliath agus lucht
díolta leabhar fré chéile.



SÉAMUS Ó BÉACHÁIN



Ceannuidhe Guail & Iomchuróir.



SRÁID MHEADONACH, NA GAILLIMHE.



Tá an tae is fearr i gConnachta & go leor
neithe eile atá riachtanach le fagháil i dtigh



MHONICA NÍC DONNCHADHA,



SRÁID ÁRD NA GAILLIMHE.



TÁ TEACH a bhfuil compóirt ann ag



SÉAMUS Ó LAIDE,



SRÁID DOMINIC ÍOCHTAIR NA GAILLIMHE



“Toga gacha bidh & sean gacha dighe” aige.



Ceannuigh éadach ar bith theastuigheas uait
ag tigh



THOMÁIS UÍ CHATHAIL,



I NGAILLIMH,



Áit a bhfuighe tú luach do chuid airgid.



Printed for the Publishers
At the “Connacht Tribane” Printing Works,
Market Street, Galway.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services