Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Leabh. 1 Uimh, 1. Meitheamh 1923
Title
Leabh. 1 Uimh, 1. Meitheamh 1923
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Ó Máille, Tomás
Composition Date
1923
Publisher
Coláiste na hIolsgoile, Gaillimh
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Stoc TOMÁS Ó MÁILLE DHÁ CHUR I N-EAGAR. SRATH NUA. LEABH I. UIMH, I. MEITHEAMH 1923. DHÁ PHIGHINN A LUACH AN SAOGHAL. AN TÚ ARÍS? Tá sé dhá bhliadhain go leith ó bhí an Stoc le cloisteáil cheana ag muintir na hÉireann. An Stoc deiridh roimhe seo a bhí a' dul fá chló dóghadh é i mBaile Átha Luain. Ní hé an t-aon pháipeár amháin arbh éigean dó a dhul ar an bhfasgadh ar an ngaoith mhóir & ar an ngairbhthean a bhí ann le trí bliadhna. Mar dubhramar annseo cheana, d'orduigh Dia do dhuine an cith a leigean thairis. Rug beagán den doininn ar chuid mhaith againn 'na dhéidh sin, & bhíomar tamall “fá uisge an chéatha.” Ach míle buidheachas le Dia, tá an ghrian a' brath soillsiú arís. Tá an Stoc a' gobadh aníos le go mbeidh sé i n-amharc & i n-éisteacht a' tigheacht na huaire breagh. Go dtuga Dia go bhfuil an droch-shaoghal & an droch-aimsir thart & go bhfuil an samhradh breágh, gléigeal ar fághail. I LEABAIDH A CHÉILE. Níl aon rud ar an saoghal a bhfuil amhail ag daoine dhó nach i leabhaidh a chéile a thagas sé isteach. Sin é a fhearacht ag saoirse na hÉireann. Bí sí tamall fada a' dul siar agus níor mhór spás beag le í a chur aniar arís. Dubhramar an rud céada sin trí bliadhna ó shoin, an uair is mó a bhí an “phoblacht” i gceist, an tráth a shíl a lán daoine go mbeadh sí acu ar bhuille boise. Ní fhéadfadh Éire a bheith daor a' dul faoi don ghréin & le soillsiú gréine na maidne a bheith arís chomh saor, chomh slán is bhí sí ariamh. Níor mhór tamall athruighthe a theacht idir an dá rud. Duine ar bith a shílfeadh a mhalairt is duine nár chuir eolus ar sheanchas na ríoghachtaí é. Is duine gan foighid é. Mar dubhairt Ciarán naomhta fad ó “ó thug Dia dhúinn na ba bhéarfa sé na muca.” AIMHRIOCHT. Tá a lán ar bun i nÉirinn le bliadhain go leith anuas, agus ní ar mhaithe le Éirinn a rinneadh é. Ní ar mhaithe le tír ná teangaid, talamh ná tighdheas a rinneadh é. Níl aon chabhair anois a' rádh cé'n fáth ar dearnadh é, cidh go mb'fhéidir sin a dhéanamh. Tá a chruthú le fághail nach ndearna sé aon mhaith don chúis ar dearnadh ina hainm é, agus is é sin an fáth, mar ní ar a son dáirírí a rinneadh é. Rinneadh ruda i n-ainm na “poblachta” nach raibh baint ná páirt leis an bpoblacht acu. Ní dhearnadar aon mhaith d'Éirinn, & ní mó a rinneadar aon mhaith don phoblacht sa deireadh. Focal & a bhrigh tá daoine nach dtig leo aon idir-dhealú a dhéanamh eatorru. Hárduigheadh suas focal & cuireadh é i n-ionad muintire na hÉireann. Rinne daoime dia bréige den fhocal sin. Ghabhadar ar a dhá nglúin a' tabhairt ómóis dó & thugadar a gcúl don tír. An té nach tiubhradh isteach dhó sin bliadhain ó shoin feiceann sé le n-a shúilí anois é. Thóbair go ndéanfadh cuid acu Éire a chur 'un báis le ghrádh dhi. Adeireadh Pól naomhtha go mbíonn foighid & fulaing ag an ngrádh. FAOBACH. An rud atá fíos & atá ann dárírí níl aon chabhair dá shéanadh. Sé fírinne an sgéil, níor chleachtamhar mórán a bheith againn & ní raibh fhios againn le bail a chur air nuair a fuaireamar é. Agus, ina theannta sin, níor thuigeamar i gceart go mbu linn féin é. Bhíomar ar nós páisdín bhig óig a gheobhfadh bréagán le n-a bhréagadh. Bhris- feadh sé é go bhfeiceadh sé céin chaoi ar dearnadh é. Is docha go mbeidh fhios ag muintir na hÉireann cé'n chaoi ar dearnadh an méid atá briste, dóighte, leagtha shul dá mbí gach cuid acu ar fághail arís mar bhíodar. Ní dhearna an dóghadh ná an faobach aon mhaith. Is doiligh chuile dhuine a shásamh. Ní dócha gur féidir a dhéanamh. Támaid lán- chinnte go bhfuil cuimse daoine sa saoghal & sa tír istigh nach sásóchaidh an chaint seo íad. Na dhéidh sin, níl aonduine acu a sheasfas ar árd ná ar chnocán & adéarfas gur ceart na tighthe a leagan & gur ceart na bóithrí a bhriseadh. Sé an fáth a bhfuil an dá intinn acu ní ghníonn siad aon chuimhneamh ar an rud & ní léar dóibh, dá bhrigh sin, nach bhfeileann an dá nós dá chéile. DROCH-THEAGASG. Go leor dár thuit amach le goirid, is féidir a mhilleán a leagan ar dhá rud: uireasbhaidh eoluis agus uireasbhaidh tuis- giona. Agus iséard is cionthsiocair leo siúd measgadh intleachta. Droch-theagasg is ciontach le n-a lán de agus uireasbhaidh treora san áit ar cheart don treoir a bheith. Mar deireadh na sgéalaidhthe fad' ó, “mo bheannacht duit ach mo sheacht mallacht do bhéal do mhúinte.” Maidir leis na daoine a thugas áird ar an droch-theagasg, ní ghníonn siad aon chuimhneamh ar an rud atá siad a dhéanamh. Ní bhreathnuigheann siad an cás mar is cóir. Ní bhreathnuigheann cuid acu beag ná mór é ach rupadh & losgadh leo. Rinneadar cuimhneamh ar rud éigin, uair éigin, bliadhain éigin leis na seacht mbliadna a bhfuil achrann & trioblóid i nÉirinn agus ní ghéillfe siad go bhfuil aon athrú ar an saoghal anois thar mar bhí an chéad lá. Tá intinn ro-leisgeamhail acu le smaoineadh an ath-uair ar an sgéal le n-a n-intleacht a ghlanadh. An rud a chuimhnigheas siad agus a chreideas siad anois ina gcroidhe istigh nár cheart dóibh a dhéanamh déanfa siad 'na dhéidh sin é. Sé an t-ainm is lugha a tugtar ar a leithéid sin pleidhceáil & tá a lán pleidhceála ar bun i nÉirinn indiu. Nílmid a rádh nár chuidigh uireasbhaidh chneasdachta leis an dochar a mhéadú. Ach i gcás den tsórt so, níl fhios cé is mó a ghníos dochar an t-amadán cneasda nach dtigeann an sgéal ná an caimiléaraidhe a chuireas amú é. BALL-SÉIREACHAS. Duine a théidheas i gcionn aon rud a dhéanamh nach bhfuil fhios aige le n-a dhéanamh & nach bhfuair sé oileamhaint ná tógáil ar a dhéanamh déanfa sé ball séire dhe & beidh sé féin ina bhall séire. Agus tá ball-séireachas le cois an cheirt i nÉirinn indiu. Fad' ó bhíodh 'chuile eolus dá mbíodh ag imtheacht ag an aon fhear. Bhíodh an duine céadna ina shagart, ina dhochtúr & ina dhligheadóir. Bhíodh an saor ina shaor & ina shiúinéaraidhe. Ach leis na céadtha bliadhain anuas is ceird nó dán ann féin gach rud acu siúd, eolus ar dhiadhacht, ar leigheas agus ar dhligheadh agus gach éargna fá seach. Indiu féin, tá daoine ann ar mhaith leo chuile cheird a bheith acu, sé sin, a bheith ina n-ilcheárdaidhthe nó ina n-ioldánaigh. Tá mianach gaisge a' baint leis. Is cliú do dhuine, feicthear dhóibh, tuisgint a bheith aige ar cheird & gnotha duine eile. Tá gach le duine anois sa tír ina dhiadhaire (sin mar dhóigh dhe go bhfuil breitheamhnas aige i gcursaí creidimh & i ndligheadh Dé). Is lé goirid a tháinig an t-athrú sin isteach i nÉirinn & sa gcreideamh gaedhealach. Fagtaí roimhe sin an breitheamhnas ag an Eaglais. Ach is aoibhinn don té nach bhfuil breitheamhnas ag mórán ina cheird. GEANAMHLACHT. Lámh a' milleadh & lámh a' tárrtháil a bhí ag Éirinn le bliadhain anuas, ach níl an cás thar fóir anois féin. Níl gach uile shórt millte & is féidir go leor a thárrtháil. Níl aon chabhair a' féachaint i n-ar ndiaidh ar an dochar atá déanta ach amháin go bhfoghlumó- chamaid le n-a leithead a sheachaint arís. Tá trí ní riachtanach leis an lot a leigheas: foighid, fulaing & maithteanas. Caithfe sinn foighid a bheith againn go dtigidh an mhaith ar a bhfuil tóir againn. Caithfmid fulaing a bheit againn le aon rud atá mí-cheart gur féidir a cheartú le toil na ndaoine. Caith- fimid a bheith maithteanach ar an dá thaobh más mian linn tuilleamh uathbháis a sheachaint. An té a fhéachfas le díoghaltas a bhaint as láimh Dé fillfe sé air féin. An duine nach dtug an bhliadhain seo a caitheadh a theasgasg dó ní féidir aon teagasg a thabhairt dó. Is ar chomhairle formhór na ndaoine a chaithfeas riaghladh na tíre a bheith. An té adéarfas é sin agus a choinneochas arm i n-aghaidh na muintire atá ceaptha ag an tír atá a lámh a' bréagnú an ruda atá a bhéal a rádh. Nuair a bhéas an troid thart bíodh sé thart choidhche go deo & go bráth, & i n-áit na troda nach ndearna maith do dhuine ar bith tugamaid aghaidh ar rud éigin a dhéanfas foghaint do Chlainne Gaedheal uilig le chéile. Tá a leitheid ann & déanfamaid trácht arís air. Is cuid mhór den ghalar a bhí ar Éirinn le bliadhain go raibh an iomarca gaisgidheach sa tír. Bhí an iomarca ómóis dóibh gur dearnadh ubhaillíní óir díobh. Tá gach rud go maith ina am féin. Caithtear go fóill an ghaisge & na hairm ghaisge do leithrigh & bíodh geanamhlacht & saothamhlacht, cneasdacht & Críosdaigheacht tamall maith i dtreise ina n-áit. MISNEACH. Tá dhá ní le misneach & dóchas a thabhairt do na Gaedhil & le iad a shnadhmadh ina chéile. An rud a mhúsgail misneach na nGaedheal i dtosach agus a thug an tír an fhad sin ar bhealach a leasa déanfa sé tuilleamh dhí, sé sin, dúthracht don Ghaedhilg — má caithtear dúthracht léi. Is mór a bheadh cúis na Gaedhilge 'un cinn dá gcaithtí dlús le bliadhain anuas le í a shaothrú & le í a fheabhsú & í a chur ar bhealach a leasa. Is mór a ghab sí 'un deiridh mar gheall ar an achrann. Aon duine a bhfuil grádh aige d'Éirinn —
agus tá cuid mhaith dá rádh go bhfuil — tig leis a dhúthracht a chur i gcéill di le maith a dhéanamh ar an nGaedhilg. Tá na gunnaí anois thar a ndáta & ní bheidh cion orthu go malairt saoghail. Ach gan dochar ná díth a dhéanamh d'aon-fhear, tig le duine a bheith dícheallach ar shon na Gaedhilge. Do réir a dhíchill & a dhíodhaise ar a son — an méid a dhéanfas sé dhi & a chaillfeas sé léi — seadh is cóir a thír-ghrádh a thomhas. Má tá aon ní eile a' teastáil le Clainne Gaedheal a thabhairt le chéile ar fad, sé an rud é a gcongnamh uile a chur a dteannta a chéile le Éire go léir a chur fá aon riaghaltar gaedhealach amháin. PROINSIAS MAC CONMARA & A CHOMHLUCHT. Díoltóirí & Reacadóirí Tae, Fíonta & Beatha. i nGAILLIMH. Ní thig le aoinne a rádh nach bhfuil earradh dúthchasach go leor annseo. Más mian leat ROTHAR maith a cheannach, nó más mian leat deis a chur ar an gceann atá agad téirigh go dtí S. MAC AN BHÁIRD, AN CHEARNÓG, I nGAILLIMH. FÉACH! Bí cinnte & téirigh isteach go bhfeice tú a bhfuil de ÉADACH Le h-aghaidh an Gheimhridh Le díol go han-tsaor ag TOMÁS MAC SUIBHNE, I nGAILLIMH. Tá cultaí & cótaí móra nach bhfuil sárú i na gcionn ag ANTOINE Ó RIAIN, SRÁID NA SIOPAÍ, I NGAILLIMH. ÉADACH GAEDHEALACH ar fheabhas le fagháil ó PHROINSIAS MHAC DHONNCHADHA & A CHOMH, I nGaillimh. A chuir dlúthas i gcomhnaidhe le déantus na hÉireann a chuir 'un cinn. COLÁISDE NA HIOLSGOILE, I nGAILLIMH. Craobh de Iol-sgoil na hÉireann. Árd-oideachas le fághail innti ar na hiol- dántai9 idir theangacha, ealadhain, trácht & ceannaigheacht, ealadhain an leighis, seil- bhéaracht, & Innealltóireacht. Téarmaí gearra ar leith fa chomhair oidí sgoile. Le gach uile ughdar a fhághail sgríobhtar ag An MEABHRÁNAIDHE. Ó HEIREAMHÓIN. Carrannaí & gluaisteáin & gléas sochraidhe. SRÁID EYRE NA GAILLIMHE. PÁDHRAIG ANIAR. Lá Samhna a bhí ann seachas laetheanta an domhain ins an mbliadhain míle naoi gcéad agus naoi déag. Le tuitim na hoidhche bhí soillsi beaga le feiceál as tighthe fionn- aolta an Chaisleáin Nua. An dream seo as cathair na Gaillimhe a bhí a' tógáil aeir dóibh féin an bhealach údaigh, ní fhéadfaidís gan cadhan bocht aonraic a thabhairt fá deara a' déanamh chucu anuas o Bharr na Crannaighe. Níorbh fhurusda gan sunndas a thabhairt dó, arae in do shiubhal lae ní fheicfeá mórán fear ba truaighmhéilí ná é. Bhí a hata sleabhcaighthe anuas ar a bhaithis aige, agus a éadan smeartha le deannach an bhóthair. An léine a bhí air ní raibh fiú an dara cnaipe innti, ionnus go raibh a bhrollach leis agus an ghaoth a dtuaidh a' séideadh isteach ar a chneas. Ní lia fuinnín ar faithche ná píosa bhí ar a chasóig, agus ní mórán is fearr ná sin a bhí an bhríste. Ba mhaith an obair lae na taoibhíní agus na bairribíní a bhí ar a bhróga a chomhaireamh, agus dá mhéid acu dá raibh curtha suas aige ní mó ná tirim a bhí na bróga. Bí na trí sgóir bliadhain bailighthe go maith ag an bhfear, ach na dhiaidh sin is uilig, bhí sé teann go maith ar a chosa fós, & é lúthmhar, láidir dá mbeadh an chóir cheart dá fághail aige. “Is ait an mac an saoghal.” D'aithneóchthá ar an ngeolbhach feóla a bhí air agus ar an iomchur a bhí faoi nár theangmuigh an gorta i gcomhnuidhe leis, agus go raibh sé i na reacht seóil lá de na laethi. Do réir chosamhlacht' bhí sé thar éis aistear fada a chur dhe, arae bhí a bhróga chomh geal leis an sneachta agus é féin trom, tuirseach, traochta. Isteach leis thar Choláiste na hIolsgoile, agus níor bhain méar dá shróin gur shroich sé an t-ósbidéal. Bí luigheachán orm féin sa teach bhean- nuighthe úd an tráth céadna, agus ní raibh fhios agam beirthe ná beo an trátnóna udaigh cé'n fáth an fothrom agus an rúille búille a bhí ar fud an tighe. Bhí mná riaghalta agus banaltraí agus lucht freastail a' rith anonn agus anall, annseo, agus annsiúd, agus, maidir leis na cluig, bhí an oiread cothruim fúthú bunáite is bhí fá “chluig Sheandúin” fad ó. Fá dheireadh tháinig bhean riaghalta de na Seoighigh as Conamara thart. “Tomhais ort,” adeir sí liom féin, “cé tá a' teacht isteach chugainn.” “Chuir tú ceist orm,” adeirim féin; “níl fhios agam.” “Pádhraig Aniar as Cnoc a' Tighe,” ar sise; “agus támaid maith go leor mara gcuire sé an áit thrí n-a chéile. Is beag, bhídeach nár bhuail sé an cléireach ar a theacht isteach dhó; agus, mac Pháidín na gCiseán a thug deagh-chaint éigin dó, leag sé le aon dorn amháin é.” “Cé'n sórt éalang atá air?” adeirim péin. “Ní mheasaim go bhfuil faic na frighde air,” ar sise; “ach deir sé féin go mbíonn na sgoilteacha a' gabháil dó. Bhí meas mór aige ort-sa i gcomhnuidhe, agus caithfear leabhaidh a thabhairt dó annseo i ngar dhuit. Mara mbí tusa i ndon beagán smaicht a choinneál air, béidh an teach i na rí-rá aige.” “Nach maith atá sibh liom!” adeirim féin. “Beidh fáilte agus fiche agam-sa roimh mac a athar; agus má bhíonn beagán cuideachta againn annseo, anois agus arís, is géar a theastuigheas sé.” Ní baileach a bhí an focal deiridh as mo bhéal nuair chuala mé uaill sa seomra amuigh. “Ó! Seo é é! Seo é é!” adeir an bhean riaghalta; “go bhfóire Dia orainn anois”; agus ghlan sí léithi as an mbealach mar bhuailfeá do dhá bhois le chéile. Ní raibh sé i bhfad gur sheas Pádhraig Aniar i mbéal-dorais an tseomra. Dhearc sé faoi is thairis. “Hupsta there” ar seisean. “Sílim go bhfaca mé thusa cheana,” a' siubhal anuas chugam fein.” “D'éireócadh dhuit,” adeirim féin — “céad fáilte rómhat!” “Go maire tú,” as seisean, “mara a' magadh atá tú; ní mó ná fáilidh an dream a casadh liomsa thart annseo.” “Ní bheidh siad mar sin nuair chuirfeas siad aithne ort,” adeirim-se. “Marach na sgoilteacha seo orm is beag mo bheann ar na spriosáin atá thart ann,” adeir Pádhraig. Ach cé'n áit seo a bhfaca mé thusa cheana? Nach olc an chuimhne agam é!” “A' bualadh báire ar an ‘bhFeilm,’ b'fhéidir,” adeirim féin. “Tá tú agam anois: tusa maa Brighid Mhóir as Cnoc a 'tSean-bhaile.” “Is mé.” “Goirm go deó mac t-athar is do mháthar! Is orm a bhí an ríméad gur chuir sibh an báire ar mhuintir Chnoc Bhéal Átha an lá údaigh, mar ba iad sin féin an dream coilgneach.” “Cuid acu, ar ndó, ar nós 'chuile dhream eile.” “Deirim-se leat-sa, a Mháirtín, dá mbeidís i ndon mórán a dhéanamh go ndéan- faidís é. Nach as an taobh anoir iad, ar ndó? Mar deir an sean-fhocal: “‘Ná bac leis an bhfear aniar, ach seachain thú féin ar an bhfear anoir’.” “Ní raibh aon locht le fághail agam féin, ch ar dhuine nó bheirt acu.” “Ní raibh mise mar sin; bhí locht le fághail agam ar a bhfurmhór, mar bhíodar fealltach, agus níl aon uair dá smaoinighim ar an lá sin nach mbuaileann speidhir feirge mé.” Bhí Pádhraig Aniar a' caint i n-árd a chinn agus a ghotha ar feadh na fuide, ionnus gur cloiseadh é san áit nach bhfacthas é. Na hothair i n-íochtar a' tighe a raibh coiscéim ar bhith coisidheacht acu, thosuigheadar a' tar- raing orainn féin; chloisfeá ach aon rap ó lucht na maidí croise féin a' teacht anuas na staighrí ó bharr a' tighe. “Labhair go réidh, a Phadhraig,” adeirim féin. “Ceadh nach bhfuil cead cainte ag na daoine. Tá mé istigh annseo anois an fhad is tá mé agus teine ná teas, greim bhidh ná blogam dighe ní fhaca mé fós. “Beidh tú mar sin go dtí an seacht a chlog amáireach,” adeirim-se; ní raibh ann ach go raibh an tae thart nuair tháinig tú isteach.” “Ní móide go mbéinn, muise, má tá biadh ná deoch sa teach,” adeir Pádhraig, a' breathnú thairis. Nuair dhearc sé ní ba grinne thug sé fá deara plód daoine i mbéal a' dorais a' dearcadh isteach air. Chuir sé siollúr amháin ionntu, agus bhí a sháith sa méid sin. Dá mhéad deifir dá raibh orthu a' teacht bhí a sheacht n-oiread orthu ag imtheacht. “Caithfe tú na daoine tinne seo a ghlacadh níos réidheacha, a, Phádhraig,” adubhairt mé féin. “Meas tú a' gcaithfead?” ar seisean; “shílfeá gur dhá chloigeann atá ar na daoine acu. Cé bhí a' cur chucu ná uathu nuair chruinnigheadar thart? Fanaidís i n-a n-áit féin feasta. Ach cogar mé seo leat, cá mbíonn an teine sa teach seo, nó mbíonn teine ná teas ar bith agaibh?” “Síos uait annsin sa gcisteanaigh, ach, 'ar ndó', tá sí as le fada.” Bhuail Pádhraig Aniar síos, ach má bhuail ní mórán teas' a bhí le fághail ón teinidh aige. Bhí shí socruighthe i gcomhair ná maidne, an páipéar i n-íochtar, brosna os a chionn sin, agus an gual sa mbarr. Tharraing shé amach bhosga, las cipín, agus i gceann dhá mheandar bhí teine chnámh aige. B'éigean dom fhéin é leanmhain le faitchíos go ndéanfadh sé mísg. “Anois, céard deir tú le Gaillimh?” ar seisean, nuair chonaic sé a fheabas is las an teine. “Tarraing anuas an stól sin go mbí gail tobac fhéin againn, nuair nach bhfuilmid a' fághail dada eile.” “Tá do sgéal go maith,” adubhairt mé féin, “go dtige an mháthair-abba thart; mise i mbannaí go bhfuighe tú fá na foraí’ annsin é.” “'Daile mara bhfuil cead ag duine focal cainte a rádh ná gail tobac a chaitheamh nó teine a chur síos is ait a' sgéal é. Dá mbeadh fhios agamsa gurb in é an cineál áite a bhí annseo is fada uaidh amach a d' fhanfainn. Ach nír innis thú dhom fós, a Mháirtín, céard a cas thusa sa n-áit seo.” “Mo lámh atá leónta,” adeirim féin. “Ní measa ar bith é, b'fhéidir. Caithfe sé nach ndeacha sí thríot go mór: ní fhaca
mé ariamh in do shaoghal a' breathnú chomh maith thú, bail ó Dhia is ó Mhuire ort!” Níl fhios agam an é boladh na teineadh nó nach é a tharraing as a leapthacha iad, ach thosuigh sluagh a' cruinniu arís — sluagh nuaidheasach — ina nduine agus ina nduine. Sé an chéad mhac a chuir a éadan isteach sa gcisteanaigh File Chúl-Druid. “Cé hé an dúd seo?” adeir Pádhraig liom féin de chogar. “Sin é File Chúl-Druid” arsa mise. A Fhile mhaisigh, mhodhamhail,” adeirim féin, “seo é Pádhraig Aniar as Cnoc a'Tighe; is minic a chuala tú trácht air ar ndó.” “Hibernis ipsis Hiberniores,” ars an file. Chuir Pádhraig Aniar sgairt gháirí as, agus rinne sé comhartha dhom féin go raibh an file beagáinín éadrom sa gceann. “Suidh síos, a Chúl-druid,” adeir sé; “suidh síos, agus ná bíodh cás ná náire ort.” Cé bhuailfeadh isteach annsin ach Peaits Ó Rodacháin, an fear-faire, agus cheapfá gurb air a bhí cúram an tighe ar fad leis an ‘fú-fá-féasóg’ a bhí faoi. “Cé'n mac mí-ádhasach a fuair ann féin teine a lasadh annseo an tráth seo d'oidhche?” ar seisean. “Mise,” adeir Pádhraig Aniar. “Ná ceap gur amuigh fá'n tuaith atáir anois, pérBi cé thú féin,” adeir Peaits. “Ara glach tú féin go réidh, a Pheaitín; a gceapann tú nach bhfuil aithne againn ort?” arsa Pádhraig Aniar go mí-chéadfach. “Nach fá'n tuaith a rughadh is a tóigeadh thú féin, ach má's eadh féin ní locht ar bith é sin dá mbeitheá in t'fhear. Láimhsigheamar buachaillí is fearr ná thú cheana, bíodh fhios agad”; agus thosuigh Pádhraig a' cur ghothadh troda air féin. “Réidhteach! Réidhteach!” adeirim féin. A Pheaits Uí Rodacháin, seo é Pádhraig Aniar agus 'ar ndó' bhí dámh-ghaol agus mórtas idir do mhuintir-sa agus a mhuin- tir-san ariamh i gcomhnuidhe.” “'Deir tu liom, a Mháirtín, adeir Peaits, gurab eo é Pádhraig Aniar; nár fhága mé seo marar shíl mé gur fear-siubhail éigin a bhí ann.” “Is minic Síle chaoch bréagach,” adeir Pádhraig. (Leanfar dó seo.) “MAGH.” AN SEAN-TEACH. A cuireadh ar bun i 1864. Tae, Caife, fíonta, Uisge Beatha, ar fheabhas O LÉANACHÁIN, AN CHEARNÓG, I nGAILLIMH. AN “LUCÁNIA,” Más maith leat ROTHAR MAITH a rinnead nÉirinn sgríobh chuig DOMHNALL UA BUACHALLA iMuigh nuadhat. COLÁISTE IGNÁIDE NAOMHTHA. (Cumann Íosa.) I NGAILLIMH. Coláiste Idis-mheadhonac é seo a bhfuil teagasg dá thabhairt ann ar na craobhracha fogluma a chuireas duine i gcruth a dhul go hIolsgoil nó a dul i n-éadan gnótha trácht- cheannaigheachta. Aire ar leith dá tabhairt do ghasúir óga. Páirc bháire ar chúlaibh an tighe le gach uile ughdar fhághail, sgríobh ag AN AIRCHINNEACH. T. Ó Flannagáin & Chlann Mhac Gach uile shórt gaibhnigheachta agus innealltóireachta … DÍOLTÓIRÍ ROTHAR. Cuirtear deis ar rothair & ar ghunnaí. SRÁID NA gCEANNUIDHE, i nGAILLIMH. DÉANAMH AN DOMHAIN. Ish mór is in-spéise do chách staidéar a dhéanamh ar sgéal déanaimh an domhain sagainne. Baineann tús an domhain le neithe a thárla i bhfad i bhfad siar agus san am sin ní raibh an chaoi chéadna ar rudaí is tá orthu anois. Dá bhrigh sin, ní hiongnadh gur do-thuigthe doiléar cuid mhór den sgéal agus go bhfuil rudaí ann nach féidir a bheith cinnte dhíobh óir tá an domhan an-tsean anois agus ní thig linn ach a thaobh amuigh a fheiceál. Is féidir beith cinnte d'aon rud amháin ar chaoi ar bith .i. go raibh an domhan i dtús aimsire i n-a chuid de mheall ádhbhal-mhór a bhí i bhfad ní ba mhó ná é agus nach raibh baoghal ar bheith chomh comh-dhlúithte is tá sé anois. Is den mheall mhór sin a tháinig na baill go léir a bhaineas leis an gcomhluadar Grianda. Ní bhaineann cuma ná mianach ar leith leis an domhan. Is mar a chéile é agus go leor de na plainéada agus réalta, &rl, a chítear san spéir le linn na hoidhche. Tais- beánann an solsgarachán dúinn gur cosa- mhail an mianach atá i gcuid acu sin agus an mianach atá san domhan. Na minearalaigh atá i gcraiceann an domhan, tá a leitheidí le fágháil ins na dreigí a thuiteas anuas as an spéir. Ó's rud é go raibh an domhan agus baill eile an Chomhluadair Ghrianda i n-a n-aon mheall mhór amháin i dtús aimsire, is ion-tuigthe uaidh sin go mbeadh an mianach céadna ionntu go léir cé nach mbeadh an riar céadna de gach cineál mianaigh in gach ceann acu. Is í an ghrian atá i lár an Chomhluadair ghrianda agus tá baill níos lugha ná í ag casadh timcheall uirthi. Is iad na hocht bplainéid na cinn is mó agus gluaiseann siad-sin n-a timcheall ar imbhealaighibh atá riaghalta agus beagnach cearcallach. Agus tá gealacha a' casadh timcheall na bplainéad. I n-a dteannta sin tá tuairim is 500 ball níos lugha na na plainéid ann agus plain- éadóga a bheirtear mar ainm orthu-sin. Tá cinn níos lugha fós na iad sin ann .i. na mion-phlainéadóga atá an-bhídeach ar fad. Agus tá líon do-áirmhighthe de dhreigí ann a ghluaisear timcheall na gréine, cuid acu i n-a n-aonar agus cuid eile i n-a sgaotha, agus na réalta mongacha a ghluaiseas ar imbhealaighibh atá ar chuma uibhe nó mí-riaghalta ar fad. Gan aon amhras, bhí na baill sin go léir i n-aon mheall ádhbhál-mhór amháin ar nós néill i dtús aimsire agus is amhlaidh a bhris an meall i n-a chodacha agus a chomh-dhlúthuigh a mianach go dtí go raibh a bhfurmhór i n-a gcuirp chruadha. Tagann an bharamhail seo de dhá rud atá le feiceál go soiléar — (I) Gluaiseann na plainéid timcheall na gréine beagnach ar aon phlána amháin; (2) Gluaiseann na hocht bplainéid agus an cúig chéad plainéadóg i n-aon treo amháin agus casann na gealacha, cé is moite de chúpla ceann, timcheall na bplainéad sa treo céadna freisin. (1, condensed; 2, solar system; 3, planets; 4, spectroscope; 5, meteors; 6, orbits; 7, planetoids; 8, planetismals; 9, comets; 10, plane.) (Leanfar dhe seo.) SEAGHÁN Ph. Mac ÉNRÍ. CEAPÓGA. 'SÓ-RU 'MHÍLE GRÁDH. 'Só-ru bhó-ru, bhó, is ó-ru 'mhíle gradh, Casóigín glas-caorach bréidín tíre tá ar mo ghrádh, 'Só-ru bhó-ru, bhó, is ó-ru 'mhíle gradh, 'Só-ru bhó-ru, bhó, is ó-ru 'mhíle gradh, Grádh mo chroidhe ó thaobh go taobh do chúilín catach, ban, 'Só-ru bhó-ru, bhó, is ó-ru 'mhíle gradh, 'Só-ru bhó-ru, bhó, is ó-ru 'mhíle gradh, Bliadhain ó indiu go cinnte beidh mé a' rinnce i Meiriceá. 'Só-ru bhó-ru, bhó, is ó-ru 'mhíle gradh, 'Só-ru bhó-ru, bhó, is ó-ru 'mhíle gradh, Nach fada siar Cill Chiaráin, Is taobh thiar de atá mo ghrádh, Is ó-ru bhó ru, bhó, is ó-ru 'mhíle grádh Só-ru mhíle grádh, Fear as Corr-na Móna an fear ba súgaige bhó ar an Mám, Só-ru bhó-ru, bhó-ru, is ó-ru 'mhíle grádh. Is ó-ru 'mhíle grádh I mBaile na hAbhann atá mo roghain Agus caithfe mé dhul ann Is ó-ru bhó-ru bhó, is-ó-ru mhíle grádh. Is ó-ru 'mhíle grádh, Siar is aniar le habhainn, A' ruaigeadh gabhar atá do ghrádh Is ó-ru bhó-ru bhó agus ó ro mhíle grádh. Is ó-ru 'mhíle grádh Éist do bhéal a chlabaire Sin breág atá tú 'rádh, Is ó-ru bhó-ru bhó & ó-ru 'mhíle grádh. Is ó-ru 'mhíle grádh Is geall le Tír na h-Óige Dul 'un ceóil go h-Eanach Mheadhoin Is ó-ru bhó-ru bhó & ó-ru 'mhíle grádh. Is ó-ru 'mhíle grádh Grádh mo chroidhe mo chumann Agus is cumaoin dom é 'rádh, Is ó-ru bhó-ru bhó agus ó-ru ‘mhíle grádh. Is ó-ru 'mhíle grádh Shiubhailfinn Páirc an Bhéaraigh (nó Ghleannta Éireann) Piocadh sméara le mo ghrádh, Is ó-ru bhó-ru bhó agus ó-ru 'mhíle grádh. Is ó-ru 'mhíle grádh Ní fhaca mé le seachtmhain é Agus níl fhios a'm cé'n fáth, Is ó-ru bhó-ru bhó agus ó-ru 'mhíle grádh. Is ó-ru 'mhíle grádh Is fuide liom go Domhnach Ná bhfuil róinn go Féil tSin Seáin Is ó-ru bhó-ru bhó agus ó-ru 'mhíle grádh. Is ó-ru ‘mhíle grádh Is maith d'aithneóchainn-se mo stóirín Is ngleóiteóig an tseóil bháin Is ó-ru bhó-ru bhó agus ó-ru 'mhíle grádh. Is ó-ru ‘mhíle grádh Níl eidir mé is mo stóirín Ach aon tórainnín amháin Is ó-ru bhó-ru bhó agus ó-ru 'mhíle grádh. Is ó-ru ‘mhíle grádh Chonaic mé ar an aonach thú Is gan a'd ach cearc an áil Is ó-ru bhó-ru bhó & ó-ru 'mhíle grádh. Is ó-ru ‘mhíle grádh Ba mhinic an fear fada 'Ceannach fataí ón bhfear gearr Is ó-ru bhó-ru bhó agus ó-ru 'mhíle grádh Is ó-ru ‘mhíle grádh Ní bhainfeadh cíor ná raca Mike Maoldomhnaigh as mo cheann Is ó-ru bhó-ru bhó & ó-ru 'mhíle grádh. Is ó-ru ‘mhíle grádh Ghrádh mo chroidhe té d'innseóch' dhom Cé'n inntinn tá ag mo ghrádh Is ó-ru bhó-ru bhó & ó-ru 'mhíle grádh. Is ó-ru ‘mhíle grádh Nach oibheann don taobh tíre, Bhfuil mo mhian a' tarraing ann Is ó-ru bhó-ru bhó & ó-ru 'mhíle grádh. Is ó-ru ‘mhíle grádh Is fada domhain i bhfairrge Atá ceann ancoire ag mo ghrádh. Is ó-ru bhó-ru bhó & ó-ru 'mhíle grádh. Is ó-ru ‘mhíle grádh Ní choinneóch fear is píce Seán Ó Fíne as Bun an Áill Is ó-ru bhó-ru bhó & ó-ru 'mhíle grádh. Is ó-ru ‘mhíle grádh Tá díol a ríogh gan bó gan laogh I mbean as Eanach Mheadhoín Is ó-ru bhó-ru bhó & ó-ru 'mhíle grádh. (Duine ar bith a bhfuil tuilleamh de na Lúibíní seo aige cuireadh sé isteach chugainn iad, más é a thoil é. — F. An Stuic).
AN T-ATHRÚ TIGH UÍ CHLÉIRIGH Tá Ó Cléirigh & Comh a' thabhairt cuiridh dhuit a theacht go dtí n-a siopa go bhfeice tú an lasgaine mhór atá siad a thabhairt uathu in gach earradh, lasgaine a bhéas le fághail uathu ar feadh tuairim's ráithe fós. Ní féidir athrú a chur ar gach roinn den earradhlainn ar fad i gcuideacht, ach níl lá dá ngabhfa thart nach bhfeice lasgaine éigin i ní éigin dá tabhairt & éagsamhlacht earradh dá cur ar fághail. Ar an gcuma seo, sul dá dtí ibhfad beidh an Earradhlann ar fad a' tigheacht de réir a chéile ar an gCoimhrian Nua .i. SAOIRSE EARRADH & MÉADÚ A n-ÉAGSAMH- LACHTA. Trí ruda pearsanta a'baint leis an gnotha seo. Níl baint ná páirt ag Tigh Uí Cléirigh le aon chomhlucht Sasanach, & is airgead Éireannach — chuile phighinn de — atá dá choinneál suas. Mar sin a bhí sé go dtí seo: mar sin a bhéas. Seo giota as díleagra a thug na Ceannachóirí Tigh Uí Cléirigh don Chinnire nua, Seán F. MagUidhir (a bhí go dtí le goirid tigh Sílbroin i Sraith Mhuirbhthean), a'fáiltiú roimhe: “Chuir sé áthas mór orainn cloisteáil, an tseachtmhain seo caitheadh, gur toghadh thú ar lucht Cinnireachta Tige Uí Cléirigh & a Chomh. mar Chinnire Tioncuir, & go bhfuil na gnotha go hiomlán fá do chomhairle & do choimhghliocas. Thaithin sé linn freisin go mbeidh an coimhrian nua seo i bhfeidhm, sé sin, Beagán Brabaighe agus Díol & Ceannach ar Airgead-síos, mar tá tú thar éis innsean dúinn, & go bhfuil ordú tugtha agad do do Cheannachóirí go gcaithfear margaidh an domhain a chuartú leis an Earradh is Nuacha & is Fearr a sholáthar. Beidh aghaidh muintire na hÉireann ar fad orainn mar gheall ar chomh saor & tá ordaighthe agad dúinn a dhíol, & déanfamaid den Earradhlainn álainn seo deisimreacht d'fheara fáil ar an rud is Ceannaigheacht Rathamhail ann. Sul dá dtáinig tú féin, bhí eolus againn ar do gheanamhlacht & do chineáltas don mhuintir atá ag obair fút, agus déanfa líon gnotha an tighe seo le dúthracht & Ionnas a gcinn finne do chongnamh dhuit leis an árd-chuspóir a chuir tú os ar gcomhair a aimsiú.” Seo giota teachtmhar as leitir a cuireadh i n-éindigh le bronntanas a thug cuid de Conghantóirí óga Tigh Síl Broin do Sheán F. MagUidhir nuair a bhí sé a' fágáil an tighe sin: “Gach rud ar thóig tú lámh os a chionn d'éirigh leis thar bárr, & sé Teach Uí Chléirigh an chraobh mhullaigh a bhéas orthu ar fad. Ní bhéidh sa méid sin ach luachsaothair ar a ndearna tú de mhaith & de chineáltas. Is aoibhinn don líon gnotha atá anois fán maighistir is fearr & is cineálta dár cuireadh eolus riamh air. Ba mhó ba cosmhail le Athair thú ná Máighistir, & támaid a' cathú 'do dhiaidh mar bheadh clann i ndiaidh a n-athar. Glac, le do thoil, an corn airgid seo mar sheod cuimhne.” Ó CLÉIRIGH AGUS A CHOMH., TEORANTA, SRÁID UÍ CHONAILL, BAILE ÁTHA CLIATH Stortha an Mhalóidigh, i nGaillimh. BRÓGA GAEDHEALACHA. GACH RUD AR FHEABHAS. SÍOLTA AR FHEABHAS, Agus gach a dteastuigheann ón bhfeilméara Le fagháil ó MHAC OSGAIR, I mBARR AN CHALTHA, I nGAILLIMH. TÁ AN GHAOTH ANIAR. a sgríobh Tomás Ó Máille. le fághail ó CHOMHLUCHT OIDEACHAIS NA hÉIREANN. Ceithre sgilleacha (glan) a luach. Duine ar bith a dteastuigheann “An Stoc” uaidh, nó ar mhaith leis fuagradha chur ann, sgríobhad sé ag an mbainisteoir .i. An T-ATHAIR Ó CEALLAIGH, Sráid Doimnic, a 23, I nGaillimh. Thríd an bposta 4/- sa mbliadhain. Thríd an bposta 2/- sa leithbhliadhain. Maidir le gach ádhbhar sgríobhtha a theidheas sa bpáipéar cuirtear sgéala ag TOMÁS Ó MÁILLE, Coláiste na hIolsgoile, I nGaillimh. AN STOC MEITHEAMH, 1923. ÓN SEAN GO DTÍ AN NUA. Tá athrú mór tagtha ar an saoghal ó bhí an Stoc a' labhairt go deirid. Tá Éire ar ar gcomhairle féin againn, geall leis, dá bhféadamais cinneadh ar chomhairle ina taobh Cébi sgéal é níl aon bhacadh ar Ghaedhilgeoir Gaedhilg a labhairt ná ar sgríbhneoir Gaedhilg a sgríobh. Agus tá siad dá dhéanamh — i n-áiteacha. Bhí fuireann mhaith sgríbhneoirí leis an sean- Stoc agus tá siad againn fós, míle buidheachas le Dia, agus tuilleamh ina dteannta. Fuair cuid den tsean-uimhir grádhamh & postaí mar gheall ar fheabhas a hGeadhilge & a n-eoluis & go maire siad a ngrádhamh. Ní fhéadfa siad siúd oiread freastail a dhéanamh ar an Stoc is rinne ach bhéarfa siad gach a bhféadfa siad do chongnamh go mbí an uimhir nua ag éirghe suas ina n-áit. Níl aonduine adéarfas i n-ar n-aghadh nach raibh an tsean- mhuintir go maith, ach féadfamaid geall a chur go bhfuil breac sa bhfairrge chomh maith is gabhadh fós. An fear nach gcuala aonduine trácht go fóill air b'fhéidir gurb é an sméar mhullaigh uilig a bheadh ann, sa saoghal atá romhainn amach. Tá cúpla míle ann i ndon Gaedhilg a sgríobh & níl ach cúpla duisín dá dhéanamh. Gan áidhbhéil ar bith a dhéanamh féadfamaid a bhéith a' súil leis an toradh céadthach. CUIREADH. Chuig bliadna ó shoin cheana thugamar cuireadh fairsing, foirleathan do sgríbhneoirí Gaedhilge a ndréachta a chur chugainn le foillsiú sa Stoc. Tháinig cuid mhaith isteach & feicthear dhúinn go raibh cách leath-shásta go maith. Tugamaid an cuireadh céadhna dóibh arís idir an sean & an nua. Níl sinn a' gealladh go gcuirfear 'chuil dhréacht isteach ach ná cuireadh sin droch-mhisneach ar éinne. GRIAN NA SAOIRSE * Níor bhinne le Oisín sgaltarnach Loin Dhoire an Chairn lá den tsaol ná an sgéala chuir Eagarthóir “An Stuic” chugam .ie. go raibh sé ar tí ceann nua a shéideadh: go músgladh sé Connachtaigh agus daoine nach iad as codladh draoidheachta sin an Béarla a bhfuilid ann le fada, faríor! B'aoibhinn linn glór gle glinn an tSean-Stuic gach uair dhá gcloisimis é roimhe seo agus nach orainn bhí an brón agus an briseadh croidhe nuair chualamar go bhfuair na “Crúba Dúbha” greim air, gur bhriseadar is gur strachladar ó chéile é is gur chuireadar ó rath é. Cheapadar féin gur chuir. Siad a bhí práinneach astu féin go raibh deireadh go deo le ceol binn-bhriathra urlabhra Ghuill agus Ghráinne agus Ghníomhaigh — an mairtír -shagart úd ar bhinne leis teanga Chlainne Gaedheal ná grádhamh dhá mhéid ar an saol seo — buil Dé agus na Maighdine agus Mairtír do-chomharthuighe na h-Éireann go raibh a anam gléigeal indiu. Nach iad na Crúba Dubha a bhí meallta! Nárbh iad na tréin-fhir iad go n-eireóch' leo- san marbhadh fáisg' a chur ar an saol Fódhlach agus ar chanamhaint cheolmhair na tíre an lá a chlis sé ar Dhanar is Normannach is Cromullach is ar gach aon tíoránach eile dhá dtug fá na dhéanamh chuile lá ariamh. Is iad-san féin adubhairt é is níorbh é Dia; moladh go deo Leis. Atá a seadh tugtha acu anois agus bheadh sé cho maith dóibh féachaint le crann daraighe a tharrainnt as an talamh le n-a gcuid fiacal le sliocht cródha calma Mhíleadh a shárú ná an lámh i n-uachtar fháil orru. Sé a ndúbhshlán an dá sheod is luachmhaire dhá bhfuil acu a bhaint díobh: a gcreideamh is a n-urlabhra dúthchais. Chlis ar an námhaid i gcomhnuidhe an dá sheód sin a bhaint díobh ar ais nó ar éigean, agus an lá a bhí an sean-bhunadh i ndon iad sin a chosaint orru bhí leo. Níor madhmadh orru ariam an fhad is bhíodar i ndon fáinne catha gan briseadh gan bearnadh a choinneál timcheall orru. Níor bhfiú biorán aon chreach ná aon ionnmhas ná iarrmhais eile dhár éirigh leis an ngaduidhe a thabhairt leis. Ní raibh ionntu ach mar bheadh cúbhar na habhann aige ann. Turas i n-aistear a bhí aige ann fearacht an té údan a d'fhéach le gad gainimh a thabhairt leis abhaile. Ní fhágann sin go ndearmadtar gach ar fhulaing muintir na h-Éireann ó shanntuigh an coigcríoch í — go háirid le blianta beaga anuas — an dúnmharbhadh agus creach-losgadh agus an fuadach agus gach aon an-trom eile dár h-imreadh orru ba mhilltighe agus bo mheasa ná a chéile. Ach bhí Dia go maith, is níor éagcaoin Clainne Gaedheal. “Bu mhó Páis Chríost” adeiridis ar chloisteál gach coir ab uathbhásaighe ná a chéile dhá ndéantaoi. Chabhruigheadar is choinnigheadar le chéile. Níor chliseadar ar a cheile, dar a shon! Sé a mhalairt a rinneadar mar bu dual dóibh. Atá sé ráidhte gur maith le Dia féin cabhair fháil. Tugadh sin dó. Caithfe sé go raibh gliondar ar a chroidhe nuair chonaic sé go cé'n tiacht aniar a bhí ionntu. Bhí Luthgháir sna flaithis atáim cinnte nuair a chonaic Colm Cille agus Pádhraic agus Bríd agus Fionnbharr agus Feichín agus na naoimh agus na Gaedhil-mhairtír eile cho cumasach is bí a muintir féin i bhfus a' cruthu: go rabhadar dílis do Dhia is d'Éirinn mar bhíodar féin i gcomhnuidhe. Chuidigheadar linn agus d'agruigheadar ar Dhia na n-uile-Chumhacht fóirithín a dhéanamh orainn agus a theacht de chabhair chugainn. Níor Leis ab fhaillighe é. Chuir Sé deireadh leis an stoirm is an gála. Sgap Sé na sgamaill is na néallta gur Leig Sé do grian na Sairse soillsiú orainn fá dheireadh thiar. Atá sí a' gobadh chugainn aníos thar chnoc is sliabh is í a' cur loinnir is lainnire ar loch is logán. Atá íocshláinte ina cuid gaethe a bhéarfas fad saoil don duine agus a chuireas bláth ar an tír. Fan go n-árduighe sí anoir chugainn — go súgha sí na néallta is go mbí an spéir fúithi féin — sin é an t-am a chuirfeas aoibhneas agus gliondar ar chroidhe an duine i gceart. D'fháiltigheadh na Gaedhil i gcomhnuidhe roimh an lá breágh agus d'éirigheadh a gcroide le ríméad nuair gheallfadh Dia deágh-aimsir
dhóibh. Cé mar fháilteóchas Connachtaigh roimh ghrian na Saoirse? A' n-abrócha siad 'tar slán' mar adéarfadh an tAthair Ó Gníomha, dhá mbeadh seo beo, nó an í teanga gharbh gharg na gCrúba Dúbha bhéas le cloisteáil acu? … A Chonnachtaigh mo chléibh, ní mór dhíbh dúiseacht: sin é “An Stoc” ag glaodhach orraibh. PÁDHRAIC Ó DOMHNALLÁIN. (* Tá sé os cionn bliadna & ráithe ó sgríobhadh an aiste sin don Stoc & oireann sí anois chomh maith & rinne an chéad lá. F. An Stuic). CULAIDH ÉADHAIGHE. “Go mbeannuighe Dia annseo.” “Go mbeannuighe Dia agus Muire dhuit a Mhóirne: suidh síos agus déan do chuairt.” “Ní tráth suidheadh dhom é, go raibh maith agad. Thíos tígh an ghúnnadóra bhí mé le ádhbhar culadh éadaighe. Bhí sí a' coimhlint ag iarraidh an méid a bhí ar láimh aici a chríochnú agus nír fhéad sí freastal dom. Beidh an t-Oireachtas ar siubhal i mBaile Átha Cliath an tseachtmhain seo chugainn agus ní cheidneóchainn ar a dhá luach gan mo ghúnna bheith réidh agam. Ní 'mé beo céard a dhéanfas mé?” “Céard a dhéanfá ach bualadh faoi thú féin. Níl falach dá gcaithim-sé nach mé fhéin a ghníos.” “Is fusa caint a dhéanamh ná casóg.” “Nuair a bhí agam fuagháil agus cnitheáil a fhóghluim ba bheag an spéis a chuireas ionntu. Tá a aithshliocht orm anois, tá mé i dtuillea- maidh daoine eile mo chuid fuaghála a dhéanamh dhom agus d'fhág sin mall deire' orm.” “Ná bíodh droch-mhisneac ort. Níl an sgéal thar fóir. Caith dhíot do bhrat bráighde agus bhéarfa mise congnamh dhuit agus chífe tú fhéin go mbeidh do ghúnna agad i gcomhair an Oireachtais.” “Tá mé an-bhuidheach dhíot go deimhin, ach cé'n chaoi a n-iarrfad ort é dhéanamh agus chomh cruadhógach agus tá tú.” “Is iomdha lá ag an uaig orainn. Má chuirim mo chuid ama go maith go dtí an méid sin tiocfa mé uaidh … Is mór an cornadh éadaighe é seo agad. Cé mhéad slat ann?” “Seacht slata.” “Beidh fuighlleach agad, ach ní racha sé amú. Má bhionn breith againn air tig linn fallaing a dhéanamh dhe agus mise i mbannaí go mbeidh díol cailín óig ar bith sa gcúige de chulaidh agad. Sgar an t- éadach ar an mbord anois agus dúbail ar a fhad é le n-a dhá chiúmhais le chéile agus gearr amach dhá leithead do réir an phátrúin. Cuir an dá leithead le chéile annsin agus fuagh suas iad ar 'ch aon taobh, cé is moite de naoi n-ordlaigh — nó mar sin — d'osgladh a fhágfas tú an thaobh na ciotóige. Bhí cúramach gan suathadh-fuaghála a leigean ann nó beidh leath-fhad agad. Ach fan! béidir go mb'fhearr gó-shnáithe a chur faoi ar dtús agus ní baoghal dó. Nuair a bhéas sé fuaighte agad fágh píosa den éadach cúpla ordlach ar leithead agus chuir de éadan thart ar an osgladh é. Annsin cuir cruinní ann timcheall an bhásta agus daingnidh ar chrios é. Beidh an t-íochtar réidh annsin agad le fáithim a chur air, ach ní mór dhuit é fhéachaint ort ar dtús i riocht is go mbeidh 'fhios againn cé'n fad a fhágfas sinn ann. D'fhéadfamais péire pócaí a chur freisin air agus — dá mba mhaith leat é — cúpla rufaí nó filltíní beaga thart le n-a íochtar. Cé mar thaithneóchaidís leat?” “Muna misde leat-sa bheinn chomh sásta déanamh sleamhain a thabhairt air agus gan bacadh le fruigisí ar bith.” “Tá go maith 'doile. Cuirfimid leath- chromadh de fháithim air. Annsin cuirfe tú iarann te air leis na fuaghálacha agus na fithíní a dhíriú amach.” II. “Tá gléas tomhais ins a gciseán úd thall ar an mbord agus sín chugam é má sé do thoil é go dtóga mé miosúr do chabhlach … Cén fad a fhágfas mé insa muinchille?” “Go dtí caol mo láimhe. Ní thaithnigheann na muinchillí gearra sin liom. Chonaic mé gúnna deas ar Nuala Fheichín Lá'n Tobair Bhí druineachas dhe dhá chineál snáithe síoda ar thosach na cabhlach agus timcheall an mhuiníl. Bhí crios den éadach ina bhfilltí timcheall a cuim, cuachóg air os cionn a corróige, a dhá cheann a' sileadh léi síos agus corthar den tsnáithe síoda leo. Thaithnigh sé go mór liom agus bhí mé a' ceapadh, ó thárla do lámh ann go gcuirfeá crios dá shórt ar mo ghúnna fhéin. Ach maidir leis an druineachas cé b'áil liom a bheith caint air, cheal an tsnáithe.” “Ná coinnigheadh sin uait é. Tá cupla íorna agam-sa thug mé as Gaillimh liom le fuagháil fhreanncach a chur ar ghúnnaí na bpaísdí agus tig leat a iasacht a bheith agad. Tóg chugad píosaí na cabhlach anois agus fuagh ina chéile iad. Beidh ceithre cinn de uama agad ann-ceann fá 'ch aon asgaill & os cionn na ngualann. Nuair a bhéas siad fuaighte agad leathnuigh amach le iarann te iad i gcaoi go mbeidh siad deas, luighte, agus sílim nach fuláir dhuit greim a chur fá n-a mullach le na gcoinneál ó sgeitheadh mar tá an t-éadach roinnt sgagach. Déan na muinchillí annsin agus fuagh isteach iad. III. “Chomhfhad's bhéas tú leis an gcabhail gearrfad an fhallaing. Ní mórán gearrtha atá uirthi cé is moite de áit na ngualann agus imhúnlú timcheall an mhuiníl. Is deas a thiocfadh cochall di, agus d'fhéadfamas líonán síoda bheadh freagarthach don éadach a chur leis.” “Cuimhnighim fallaing dheas 'fheiceál ar mo shean-mháthair nuair a bhí mé 'mo chailín bheag. Ní cochall a bhí aici uirthi ach dhá chába — ceann acu a' sroicheadh síos leath bealaigh go dtí na glúiní agus ceann beag eile os cionn na ngualann. Bhí trácht mhór ar an bhfallaing chéadna le n-a deiseacht agus deirtí nach raibh a leitheid eile teacht 'un a phobail. Ach ar ndó bheadh sé mór agam an oiread sin síleála a chur ort.” “Ní hé an trioblóid a chásóchainn chor ar bith ach go feicthear dhom go bhfuil dúil agad dul ins na sean-mhná de luas cos. An fhallaing a bheadh deas feileamhnach ag do shean-mháthair nach luigheann sé le nádúr go mbeadh sé ro-sheanórtha agad-sa. Tá cuimhne mhaith agam ar an bhfallaing sin atá i gceist agad. Bhí mé de chongnamh dho do sheanmháthair a' cárdáil agus a' sníomh a h-ádhbhair. Nuair a tháinig an bréidin abhaile ón bhfígheadóir, bhaineamar beirt a úradh as & dhathaigh sí fhéin é agus chuir sé na gibíní air. Céard a thárla don fhallaing sin chor ar bith, bhfuil 'fhios agad?” “Tá 'fhios agam go maith: gan aon mheas a bheith ar a leitheide nuair a bhrúigh na nóis ghallda isteach orainn agus í chaitheamh do leath-taobh go ndearna na leamhain riathar de.” Go bhfóire Dia orainn. Ní thiocfa ciall choidhche dúinn. Ach nach fearr dhúinn socrú i dtaobh na fallainge. Cheapfainn go mba deise dhuit cochall ná cába ach — do chomhairle fhéin.” “Ní chrochfa mise do bhreitheamhnas, a bhean chóir, agus ba sunnda an mhaise dhom fhéin é dá ndéanainn.” IV. “Tá chúig nó sé do shlata anairte annsin agam agus bhéarfad ádhbhar bioragúin duit a dhéanfas tú sa mbaile duit fhéin. “Ó is dá innsean do dhuine mhuin- theardha é, tá faitchios orm nach bhfuil sé de stuaim ionnam an méid sin fhéin a dhéanamh mar nach ndearna mé aon bhall dá shaghas ariamh. Gearrfa mise dhuit é agus ní bheidh stróbh ar bith ort é chur le chéile. Ar ndó tá fhios agad gur ab í an uaim Fhranncach is iondamhla cuirtear ar éadaighe istigh. Fuaigh- tear na píosaí le chéile ar an taobh ceart den bhall éadaighe ar dtús. Annsin iompuighthear amach an taobh bun os cionn de agus fuaightear ar an taobh sin é. Ní bhíonn le feiceál ach aon fhuágháil amháin ar an gcaoi sin agus bíonn colbhanna giobacha an éadaigh fuaighte isteach as amharc. Mar seo ghníos daoine eile an uaim sin — iompó beag a chur ar chean de na píosaí atá le fuagháil agad mar bheitheá a' leagan fáithime; an píosa eile a shíneadh os a chionn díreach le na cholbha agus greim reatha a chur fúthu, annsin leag é agus fuagh é mar dhéanfá le fáithim. “Go raibh maith agus fad saoghail agad. Ní bheadh dul ar bith orm i dtaobh na fuágála ach an t-éadach a bheith leagtha amach i gcóir agam. Sé an rud is mó atá ag cur as dom nach bhfuil aon taithighe agam aon bhall éadaighe a ghearradh amach ná a chur le chéile. Ach cé beag sin? Tá lása agus innliudh sa mbaile agam agus d'fhéadfainn a chur leis dá gceaptá go mba deiside é.” “Go gcomhaireamuid fhéin an bhliam.’ Bhí mé ar tí rádh leat dá mbeadh lása agad le n' aghaidh go mbeadh bioragún deas agad, agus — comhairle bheag — nuair a bhéas tú a' cur an lása leis 'sé fhuágháil fá n-a mhullach is fearr dhuit a dhéanamh. Bhfuil tú i ndon polláirí a oibriú agus na cnaipí a chur?” “Ní'l mé thar mholadh beirte, ach béidir go ndéanfaidís cúis.” “Thagair tú dho chniteáil ar maidin. Bhfuil 'fhios agad le péire stocaí a dhéanamh?” “Nós na mná fadó ‘dhéanfainn-se stocaí marach a dtosuighe, an tsáil, an trácht agus an colpa luighte.’ Tá mé indon stoca a dheilbh, agus is minic a rinne mé píosa mór cniteála, ach ní fhéadfainn é chur i gcruth stoca dá bhfuighinn a dtugh tonn ar tráigh as 'ucht.” “Tá píosa lae fós ann agus má shuidheann tú sios sgathamh beag bhéarfad taisbeánadh dhuit ar an mbealach a ndéanfa tú stoca a chúmhangadh; agus an tsáil a thógáil agus a dhúnadh.” MÁIRE NÍ THUATHAIL. Teas-intreabh, Taoidhean-oibreacha, agus Foirgneamh Tighthe. ROIBÉARD MAC DOMHNAILL, Sráid Doimnic, GAILLIMH. Muiniú céin-sgéil: “Plumbus,” Gaillimh. BRÓGA NA LAOI. NA BRÓGA IS FEARR LE CEANNAC Ag SEÁN Ó LAIDHE, I mBARR AN CHALTHA, I nGAILLIMH. An Teach a bhfuil cliú air le haghaidh Tae, Fíona, Biotáilte & Intreabh Tighe. M. BREATHNECH, SRÁID ÁRD, NA GAILLIMHE. Níl aon tsiopa ins na cúigí a bhfuil níos mó earraidhe Gaedhealach le fagháil ann ná ag A. MOON, TEORANTA, A dhíolas cultaí fear, hataí ban & gach aon tsort éadaigh fheileas d'fhear, bean, nó páisde. FIORGÍONTA EGLINTON, i NGAILLIMH. FÁINNÍ Má theastuigheann fáinní uait sgríobh chugam-sa & cuirfead chugat leabhrán a bhfuighe tú gac eolas i n-a dtaobh ann. Taisbeánfa sé duit an chaoi le airgead & aimsir a shábháil & trioblóid a sheachaint FALLER, I nGAILLIMH. Tae, Fíonta, Biotáilte, Chuile Shórt ar Fheabhas. MICHEÁL BREATHNACH, An Chearnóg, I nGAILLIMH. Beidh ÉIRE láidir má bhíonn Clainne Gaedheal láidir. Ithidís an fheoil is fearr agus tá sí sin le fagháil ó Ó FALLAMHAIN, Sráid Gheata na Mainistreach, I nGAILLIMH.
Sé an tAthair Eoghan Ó Gramhna a sgríobh síos an sgéal so ó Bhrian Mac Confhaola i i n-Innis Meádhoin. Is dóigh liom gur fhoillsigh an “Tuam News” é mar fríothadh lamh- sgríbheann an Athar Eoghan i measg páipéar an Eagarthóra. Sé Seán Ó hÓgáin a rinne an chóip seo dhom, ceithre bliadhna ó shoin. — SEÁN Mac GIOLLARNÁTH. Fadó, tá suim mhaith aimsire ó shoin, ní raibh aon duine dá gcailltí i nGaillim, nuair a cuirtí ins an uaigh é nach mbeadh tugtha tha as ar maidin; agus ní bheadh fhios céard do thug as é. Bhí mar sin go raibh sé i bhfad 's i bhfad ins an aimsir, agus gach uile dhuine dhá thógáil. Bhí fear ann, agus cailleadh é, agus bhí dearbhráthair 'na dhiaidh. “Maise” deir an dearbhráthair leis féin, “béidh fhios agam-sa céard tá ag tabhairt na ndaoine as, déanfa mé aireachas ar mo dhearbhráthair go bhfágha mé amach an gcorróchar é.” Annsin, san oidhche, héis a churtha, chuaidh sé gur luigh sé i dtuama ann, i leath-taobh tamall beag ó'n uaigh. Agus níorbh fada gur airigh sé torann ag tigheacht, agus déar- fá go dtáinig beagán faitchís air, agus má tháinig féin, ghlac sé 'na mhisneach é, go dtáinigeadar isteach ins an roillig. Thosaigheadar ag cartadh na huaighe, gur thóigeadar as an duine bhí héis a churtha, agus gur fhosglaigheadar an chónra. Bhaineadar as an gcónra annsin é, agus bhí bráillín (bráithlín) acu, agus cuireann siad an chónra síos ins an uaigh arís. Thugadar leo annsin an bráillín, agus leagadar i leath-taobh é, agus d'imthigheadar féin i leath-taobh ag inigheachán a lámh mar bhíodar salach a' plé leis an uaigh. Ach bhí an dearbhrátháir ag aireachas orthu i gcomhnuidhe, agus nuair a fuair sé imthighthe iad, d'éirigh sé agus tógann sé as an mbráillín an fear básuighthe, agus leag sé an marbhán i dtom. Chuaidh sé féin agus luigh sé ins an mbráillín agus chas sé 'na thimhchioll é mar bhí sé casta acu-san timchioll an mharbháin. Annsin, nuair a tháinig na bitheamhnaigh, thóigeadar agus d'árduigheadar, ceathar acu ar a nguaillí é, agus bhuaileadar leo 'un an bhaile mhóir. Bhíodar ag imtheacht go rabhadar i n-aice an Choláisde tá i nGaillimh, a raibh an dáreag dochtúirí seo na gcomhnuidhe ann, mar is dochtúirí óga a bhí ionntu — díth agus deacair orthu! Annsin bhí fhios aige-san go maith cé rabhadar dhá thabhairt. D'éirt sé go raibh sé ionann 's a bheith ag an gColáisde, annsin thosuigh sé ag corruighe thuas ar a nguaillí, agus dhá chrathadh féin Sgannruigh siad-san agus bhuail faitchíos mór iad, gur sgaoileadar anuas dá nguaillí é. Cheapadar gurb é an marbhán a bhí ag beodhchan acu agus ghreadadar 'na sean- rása leo, agus d'fhágadar annsin an buachaill. Agus níor tóigeadh aon duine as an roillig uaidh sin amach. E(OGHAN) Ó G(RAMHNA). TEACH NA H-OLLA SRÁID NA SIOPAÍ, I NGAILLIMH. Cuidigh le déantus na hÉireann & sábháil airgead. Cultaí ó 70/- go dtí 130/- MÁIRE NÍ RAGHALLAIGH, Díoltóir leabh ar & paipéar &c. 87, Sráid Uach. na Driseóige, ÁTH ClIATH. SÉIMÍN PHEIGÍ. Ní fhaca tú ar sholus do shúl ariamh aon ghasúr a bhí chomh crosta, cuirpthe le Séimín Pheigí. Ní raibh rud ar bith trom ná te air. Bhí sé amhlaidh ón gceadh lá a rinne slat cóta dhó, agus deireadh na cómhursanna go mbeadh sé amhlaidh go dtéigheadh trí sluaiste an bháis air. Má bhí fhéin, ní den ghaoith athóig sé é. Bhí a athair roimhe amhlaidh, agus deir siad gur maith an mac a thugas dúthchas an athar leis. Ní théigheadh Séimín ar sgoil ach chomh hannamh agus b'fhéidir leis. Ní raibh aon ghrádh mór aige don mháighistir, mar gur minic a d' fhághadh sé liúradh Chonáin uaidh nuair nach mbíodh a cheachta aige, rud go mb'annamh a bhíodh. Badh é baramhail Shéimin nach bhfacthas ariamh ins an domhan aon dít- céille chomh mór le bheith ag cur daoine ar sgoil. B'fhearr leis go mór fada lá a chaitheamh a' cuartú' neadracha nó a' marbú iascán. Dá mbeadh aimsir sheaca ann ní raibh caitheamh aimsire ab' fhearr leis ná a bheith a' sleamhnú ar an leic-oidhre, dá mbeadh sí sáthach láidir — rud ar bith ach gan iarraidh air dul ar sgoil. Mhaidin amháin dá raibh Séimín mall, bhí an máighistir a' fanacht leis ag doras na sgoile agus a dhá láimh ar chúl a chinn aige. Badh mhaith a bhí a fhios ag Séimín am ar bith a mbíodh a lámha ar chúl a chinn ar an máighis- tir go mbíodh slat chán i bhfolach aige. Fiafruigheadh de tuige a raibh sé mall agus tuige a dtáinig sé gan móin. Sé an leith- sgéal a bhí ag mo dhuine go mba leite a bhí acu le haghaidh an bhricfasta agus ó ba rud é go raibh an teach i muinighin spúnóige amháin, agus go raibh cúigear eile le n-ithe léi chomh maith leis-sean, go mb' éigin dó- san fanacht go dtí an duine deiridh. Ann- sin bhí an oiread sin faitchís air go mbeadh sé mall, adubhairt sé, gur bhuail sé an bóthar ar áit na mbonn a raibh sé réidh agus dheamhan cuimhniú ná smaoineadh a rinne sé ar an móin. Níl a fhios agam ar creideadh an sgéal ar fad nó nár creideadh, ach ar chuma ar bith ,horduigheadh do Shéimín dul ar ais abhaile fá dhéin na móna, mar go mba mhór an chabhair dhá fhód cloch-mhóna do theinidh nach raibh a fhios ar theacht nó imtheacht dí. Bhí áthas air an t-ordú a fhágháil mar go mbeadh giota mór den lá caithte nuair a bheadh sé ar ais. A' dul thart le teach an mháighistir dó, a bhí ar a bhealach abhaile, casadh leis beirt bhuachaillí eile a bhí a' cuir dhá mhadadh a' troid. Ní chaillfeadh Séimín an greann ar ór na cruinne, agus d' fhan sé a' feach- aint ar an troid nó go raibh sí thart. Bhí faitchíos annsin air dá dtéigheadh sé abhaile fá dhéin na móna go mbeadh a fhios ag an máighistir go ndearna sé mhoill agus go mbuailfidhe é, agus céard a dhéanfad sé ach dhá fhód bhreágh' mhóra a thabhairt leis as cruaich an mháighistir í féin, ó thárla nach raibh aon duine a' faire air. Ba bheag a bhí a fhios aige go raibh Brighid Mhór a bhí a' coinneál tighe do'n mháighistir — a' dearcadh air amach ar fhuinneóig a bhí ar chúl an tighe. Ach bhí a fhios aige é lá ar n-a bhárach nuair a ghlaoidh an máighistir aníos air, agus a bhí sé a' gabháil de shlait air chómh-fhad's fuair sé éirghe ina sheasamh ann. Mhionnuigh agus mhóidigh Séimín ag dul abhaile dhó tratnóna go gcuirfeadh sé táirne i mbeo don mháighistir agus do Bhrighidh Mhór, agus ní hé magadh na mbréag é, chuir. Bhí sé amach i dtrátha na Cásga, cúpla mí i ndiaidh an ama sin, agus bhí cead ag na sgoláirí ar feadh coighcíse. Bhí an máighistir imthighthe go Baile Átha Cliath agus ní bheadh sé ar ais go mbíodh na laetheanta saoire caithte. Bhí Brighid Mhór léi féin ins an teach agus ba bhreagh an seans ag Séimín é sgann- radh a bhaint aisti. Bhí a bhail air, níor leis ab fhaillighe é. Árd-trathnóna, chuaidh sé agus cheap sé cat mór bán Mhicheáil Ruaidh & chuir sé fá bhéal cléibh é amuigh sa ngarrdha. Fuair sé amach roimhe sin go dtéigheadh Brighid Mhór a chodladh go luath ins an oidhche. Nuair a mheas sé go raibh sí imthighthe a chodladh thug sé leis an cat & ghreamuigh sé ceithre shligeán bháirneach dá chosa le teara. Ann- sin, chuir sé sean-sáspan isteach ar a cheann & thug sé leis é agus é feistighthe ar an mbealach seo, agus dheamhan stad no mór- chómhnuidhe a rinne sé go ndeacha sé chomh fada le teach an mháighistir. Bhí a fhios aige cé'n rúma a gcodluigheadh Brighid ann, agus chuaidh sé go dtí'n fhuinneóg. Chuir sé cluas le héisteacht air féin agus chuala sé a' srannadh istigh í. Chomh hádhamhail agus a chonaic tú ariamh bhí an fhuinneóg árduighthe. Sáitheann sé isteach an cat fán bhfuinneoig. Anuas leis an gcat ar an urlár clártha agus rinne na sligeáin a bhí ar a chosa an oiread sin torainn go dtiubhrfá a bhfaca tú de leabhra ariamh go mbadh é an teach a thuit. Dhúisigh Brighid, ní nach iongnadh. Nuair a chuala sí an rud a' siubhal ar an urlár, agus an torann a bhí sé a dhéanamh is beag nár thuit an t-anamh aisti. D'éirigh sí agus rinne sí ar an doras. Amach léi ar an gcnoc mar bhí sí, agus dheamhan coisidhe a chuir bonn le bóthar ariamh a bhéarfadh barr uirthi nó go dtug sí teach cómhursan uirthi féin. Bhíodh sí ag éagcaoin sgoiltighe roimhe in, ach an té a d'fheicfeadh an fuadar a bhí fúithi a' dul thar na machaireacha ní shílfeadh sé go raibh aon scoilteach uirthí. “Nuair is cruaidh don chailligh caithfe sí rith.” Bhí Brighid Mhór í ndeireadh na déithe uair a shroich sí teach Éamuinn Duibh agus is beag nár thuit sí i laige ar theacht isteach dí. Níor thaise le muintir an tighe é nuair a chonaic siad an phéiceallach mhór chucu isteach agus gan uirthi ach a léine. D'fhan sí i dteach Éamuinn go maidin. Chuaidh beirt mhac le Éamonn go dtí teach an mháighistir fá dhéin a cuid éadaighe agus go bhfeiceadh siad céard a sgannruigh chomh mór sin í, ach ní fhaca siad an cat. Chomh luath agus a fuair Séimín Brighid curtha chun teichte, chuaidh sé isteach ar an bhfuinneoig, bhuail an cat fá n'asgaill & thug a bhóthar abhaile air féin. Nuair a thainig an máighistir abhaile as Baile Átha Cliath fuair sé an teach maol, bán, roimhe, gan teine ná teas. Ní chodlóchadh Brighid aon oidhche eile ann ar mhám nó ar ghrádh. D'imthigh an sgéal ina losgadh sléibhe ar fud na háite go raibh taidhbhse dh'á fheiceál ann agus dheamhan duine na deóraide a gheobhfadh an máighistir le teach a choinneál dó, ach é féin ag iarraidh a bheith ag útamáil leis chomh maith agus b'fhéidir leis. Badh é sin an chaoi ar chuir Séimín Pheigí an “táirne i mbeo” don mháighistis agus do Bhrighid Mhór. Níor leig sé a rún le duine ar bith ach liom-sá, agus ní raibh a fhios ag aon duine nach taidhbhse dárírí a sgannruigh Brighid Mhór, ach fear agus píce ní chuirfeadh Séimín ar scoil ón lá sin amach. SEÁN Ó RUADHÁIN. TÁ MISE AG IMTHEACHT. Tá mise ag imtheacht is cé chuirfeá-sa liom, Cé chuirfeá-sa liom, cé chuirfeá-sa liom, Tá mise ag imtheacht, is cé chuirfeá-sa liom A' tarraing na salach ó Shliabh Uí Fhloinn? Seán Ó Tuathail a chuirfinn leat ann A chuirfinn leat ann, a chuirfinn leat ann, Seán Ó Tuathail a chuirfinn leat ann Agus bhéarfa sé an tsail ar a dhruim leis. Dar an leabhar-sé féin bu mhait a ghnotha ann, Bu mhaith a ghnotha ann, bu mhaith a ghnotha ann, Dar an leabhar-se féin bu mhaith a ghnotha ann, Sé thiubhradh an tsail ar a dhruim leis. CLOCHAR ÓIRD NAOMH URSULA, I SLIGHEACH. Oideachas i gcóir na hIolsgoile i gcóir sgrúdú an idir-mheadhonaigh, na mbannc. Cumann na gCeoltóir, I.S.M., Tráchtála, Sgoláireachta Oideachais Náisiúnta, &c. Tá sgoil tigheachais fá leith againn.
CEILPEADÓIREACHT I gCONAMARA Is duine mise atá 'mo chomhnuidhe ar oileán i n-iarthar Chonamara, ag éisteacht le síor-chrónán uaigneach na fairrge i gcomhnuidhe atá a' teacht ina tonntracha móra aniar as an áiféir chomhithigheach & a' briseadh go fiadháin, borb i n-agh' trágha & cladaigh. Is cuma léi tráigh mhín réidh nó chladach garbh dubhlicíneach. Le méid oibrighthe & cartaighthe na fairrge ó lá go lá & ó bhliadhain go bliadhain, tá dúirlíneacha de chlocha móra thuas i mbárr an chladaigh tá chomh cruinn le uibheacha. Ach mhar atá an fhairrge mar sin féin is aisti 'bhaineas furmhor mhuintire Chonamara a slighe bheata & ní le iasgach amháin ach a' déanamh ceilpe. Is obair anróiteach chruaidh í seo & tá sé ar bun le fada an lá. As feamuinn a déantar an cheilp. Tá go leór cineálacha feamuinne ann & tá ainm ar leith ar gach cineál acu mar leanas:— Ceannaí-slaite, sgothach, cabhairleac (coirrleach), ríseach, feamainn dubh, feamuinn bhuidhe, crúba- priacháin, cupógaí, claidhmhí, rufaí, cosa cruadha, míoránach & caisíneach. Sí an chabhairleach & an sgothach, .i. feamuinn dhearg, is fearr le hagh ceilp mhaith a dhéanamh. Cuirtear na cineálacha eile freisin i gceilp, ach ní dhéanann siad ach ceilp dhona, nó mar deirtear, an darna sgoth. Nuair a thagas droch-aimsir & oibriú fairrge, a bhaineas an fheamuinn ar na stupóga domhain & ar na leithréidheacha, caithtear isteach i dtír ins an gcladach & ar na tráigheanna í, & cuireann na ceilpeadóirí suas le triomú í féin & na slata mara. Sgairtear ar na clocha í, & triomuighthear í. Nuair a bhíos sí fhéin & na slata mara tirim, sábháilte & salann sáile orthu, déantar cocaí móra dí & clúduighthear le raithneach, driseacha & sgrathacha iad. Feamuinn gheimhridh tugtar uirthi seo & fágtar mar sin í go dtigidh an samhradh. Ar an domhain mhóir nach dtriomuigheann, a fhásas na slata-mara. Bíonn siad ó chúig troighthe go dtí deich dtroighthe ar fad, mar bheadh crann caol, díreach coilleadh ann. Tá forcán mór ar a mbun. Bionn siad i bhfastódh den leic, thíos ar íochtar na fairrge. Ar bhárr na slaite bíonn duiseán feamuinne deirge a' fás, & ar bhárr an duiseáin seo 'fhásas an sgothach. Fásann an sgothach i rith míosa an Mhárta, & is deas a bhíos an duiseán sgothaigh a' fás ar bharr an duiseáin eile. Ní mór nach cosmhail le chéile an dá dhuiseán, ach go mbíonn an sgothach níos reaimhre ná an ceann-slaite. Sí an bláth bhíos ar na ceanna slaite í, mar bhíos an blath bán ar na barranna fataí ins an Meitheamh. Is iongantach an chaoi a dtuiteann an sgothach den duiseán eile. Sin áit a mbíonn siad greamuighthe dhá chéile, bun an duiseáin sgothaigh is bárr an duiseáin ar bárr na slaite. Bíonn sé ag éirghe caol do réir a chéile nó go dtuiteann an sgothach sa deireadh i mí an Aibreáin. Tuiteann na mílte tonna dí — de na ceanna-slaite, os cionn an chósta so. Nuair a thagas corruighe is an bhfairrge caithtear an sgothach isteach ar na cladaigh & ar na tráigheanna; fanann tuilleadh dí ar phoill doimhine cineálta. An méid a thigeas i dtír dí, cuireann na daoine suas ar an talamh le cliabh í & sgarann siad amach í le h-agh triomuighthe; an méid dí bhíos ar na poill, is i mbáid tógtar í. Téigheann beirt fhear amach in gach bád & bíonn dá dhubhán mhóra acu. Bíonn cos gach dubháin thimcheall le ocht dtroighthe fichead ar fad, & chomh caol le feac láighe. Tógann na bádóirí aníos an fheamuinn ó thóin an phoill leis na dubháin go mbí an bád luchtaighthe. Nuair a bhíos, seólann siad i dtír & cuireann siad amach le cléibh as an mbád í. Sgartar annsin í, & coctar gach trathnóna í le faitchios go dtiocfadh an oidhche fliuch, mar nach réidhtigheann an fheamainn & an fliuchán le céile, mar má fhághann sí an iomarca báistighe lobhann sí. Le croisín a baintear an chabhairleach, & beirt nó triúr fear 'théigheas amac in gach bád le h-agh' an chabhairleach a bhaint. Is cruaidh anróiteach an obair croisínteacht mar is deacair & is an-deacair an chabhair- leach a tharraingt den leic. Bíonn an croisín timcheall le sé troighthe déag ar fad & bíonn píosa ádhmaid trasna i gceann dí, timcheall le ocht n-orlaigh ar fad a dtugtar an sgian air. Téigheann an bád ar ancoire os cionn na leice cabhairlighe, & sáithtear síos an croisín ar thóin na fairrge, & cuir- tear fuinneamh ins an gcroism & réir mar bhíos an fear san mbád a' cur fuinneamha ins an gcroisín bíonn an chabhairleach a' dul timcheall ar an sgian thíos ar thóm an phoill, & nuair a bhíos an sgian lán leis an gcabhairligh ní mór í 'tharraingt. Timcheall le cloich mheádhcain 'bhíos de chabhairligh ar gach croisín. (Tuilleadh le teacht). SÉAMUS Mac an IOMAIRE, Muighinis, Cárna. CEAPÓGA. LÚIBÍNÍ. Lúibín ó lú, Bí lúth & bí láidir, Nach iomdha sin lúibín I gcúilin mo ghrádh-sa, Lúibín ó lú, Bí lúth & bí láidir. Lúibín ó lú, Bí lúth & bhí láidir, Is maith d'aithneochainn mo stóirín Ar bhóithrín Dhoire Fhártaigh Lúibín ó lú, Bí lúth & bí láidir. Lúibín ó lú, Bí lúth & bhí láidir, Is iomdha fear fada Bhíos lag ina bhásta Lúibín ó lú, Bí lút & bí láidir. Lúibín ó lú, Bí lúbh & bí láidir Má tá mo grádh folamh Níl tada le rádh leis Lúibín ó lú, &rl. TOMHAIS. Bheirt fhear & beirt bhan a bhí a' taisdeal. Chuaidh na mná isteach i siopa & d'fhad na fir thaob amuigh. D'fhiafruig fear an tsiopa díobh cén ghoireacht dóibh na fir. “Siad as dhá n-athair iad: siad ár dhá fhear pósta iad. Aithreacha ar gcloinne agus séan aithreacha ar gcloinne” ar siad-san. Bheirt fhear ar cailleadh a gcuid ban agus phós 'chaon duine acu inghean an fhir eile. AN STOC ORDÚ Don ATHAIR Ó CEALLAIGH, Sráid Dominic, NA GAILLIMHE. A Chara, Cuir chugam cóipeanna den STOC gach mí go ceann Ainm Seoladh RIOCARD Ó MÓDHRÁIN. Bhí Riocard Ó Módhráin 'na bhoss nó 'na chomhairleach os cionn bóthair. Bhíodh an oiread seo fear ag obair faoi. Bhí cárr agus capall aige & bhíodh an cárr agus an capall a' tarraing chloch ar an mbóthar. Bhí páighe dón chárr agus dón chapall agus bhí páighe dhó féin. Bhí Riocard pósta ach ní raibh aon chúram air ach aon inghean amháin agus bhí sí sin pósta ag fear as an Spidéal. Bhí Riocard tréan go maith i riocht agus go raibh buachaill aige bhí a' sibiléaracht timcheall an tighe nuair a bhíodh sé féin ar an mbóthar. La dhá raibh sé ar bóthar mar b'fhaisean leis tháinig teachtaire ó mhuintir a inghine go raibh sí go dona agus go mbu cheart dó dhul go dtí í. Tráthamhail go leór, ní raibh ar Riocard ach a chuid éadaighe oibre. Bhí culaidh mhaith ar an mbuachaill a tháinig 'na choinne. “B'fhearr dhuit” arsa Riocard leis an taechtaire “do chuid éadaighe a thabhairt dom, is mór liom an oiread moille a dhéanamh agus go rachainn abhaile ag iarraidh mo chuid éadaighe féin agus is féidir leat mo chárr agus mo chapall a thabhairt abhaile go dtí mo bhean.” Bhí go maith. Thug an teachtaire a chuid éadaighe do Riocard & chuir éadach Riocard air féin. D'imthigh Riocard ar an gcárr a bhí ag an teachtaire agus thug an teachtaire cárr Riocaird leis go dtugadh sé abhaile é. Ach nuair a bhí an teachtaire a' tigheacht thar dhroichead a bhí ar an mbealach roimhe thuit sé síos san droicead agus báitheadh é. Dheamhan ar chomhnuigh don chapall go dtáinig sí abhaile, í féin agus an cárr. Nuair a chonaic bean Riocaird an capall agus an charr gan Riocard chos ar bith bhí imnidhe uirthi. Nuair a bhí an lá dá chaitheamh agus gan Riocard a' tigheacht bhí níos mó ná sin imnidhe uirthi. As sin gur innis sí do na comharsannaí é agus chuaidh sí féin agus iad féin a' cuartú Riocaird. Bhíodar a' cuartú go dtáinig siad go dtí an droichead. Céard a gheobhaidís thíos báidhte sa droichead ach an buachaill seo, ach gur cheap siad, ní nárbh iongnadh, gurb é Riocard a bhí acu ann. Agus ba mhaith an ceapadh dhóibh é mar bhí éadach Riocaird air. Deireadh Máire, bean Riocaird nár chosamhail le Riocard é. “Aru céard tá tú 'rádh” adeireadh na daoine, “Nachsheo a threabhsar s' nach í seo a chasóg,” agus dá féir. Ach ní raibh Máire sásta. Tugadh abhaile é cébí é agus tórradh é agus cuireadh sochraid air. Agus nuair a bhí sé dhá chur, bhí an baile uilig cruinn, mar bhí úrraim mhór do Riocard. Cuireadh é, agus nuair a bhí sé curtha, bhí na daoine a' tigheacht abhaile, Máire bhocht brónach go leór thréis na haimsire. Bhí an sagart é féin ann a' beannú na huaighe nó rud eicín. “Is deacair dhuit cúis ar bith a dhéanamh anois,” arsa'n sagart le Máire Agus b'fhearr dhuit an buacaill atá agad a pósadh.” “Ó, sé do thruaigh dhom é,” arsa Máire “is furusda leat a bheith a' magadh.” Nuair a shiúbhaileadar sgatham eile “céard a bhí tú a' rádh” arsa Máire leis an sagart. “Cébí céard a bhí mé a' rádh” arsa'n sagart,” “ní meas mór a bhí agad ar mo ghlór.” “Ó,” deir sí, “is deacair dhomsa pósadh a dhéanamh. Tá costas mór déanta agam le Riocard.” “Ach nach bhfuil muca agad” arsa'n sagart. “Ó, tá” adeir Máire “ach níor tháinig a n-am sin fós.” Ach dheamhan blas gur phós an sagart Máire agus an buachaill le chéile. I n- omós cinn de na muca a phós an sagart í. Bhí an sgéal ceart go leór annsin go dtáinig Riocard abhaile. Ag an deich a chlog san oidhche tháinig sé go dtí n-a theach féin. Is beag an ceapadh a bhí aige gur mar bhí, bheadh. Nuair a bhuail sé an doras fiafruigheadh cé hé sin, agus dubhairt sé gurb é Riocard é. Chaith Máire í féin ar a dhá glúin. Chuaidh an buachaill fá'n leabaidh.
“Ní mé is cionntach” adeir sí ‘ach an gadaidhe sagairt a chuir ialach orm pósadh agus gan iarraidh ar bith agam air.” Bhí Máire ag iarraidh ar Dhia Riocard a chur ar dheágh-staid. Ní raibh a' fhios aige céard a bhí a' baint leó. Sá deiread nuair nach leigfidhe isteach é, chuaidh sé go dtí n-a cháirdeas Críost. Bhuail sé doras an cháirdis Chríost. D'fhiafruigh an cáirdeas Críost cé bhí ann. “Mise,” arsa Siocard “Leig isteach mé.” “Ó muise, más tú” ar son cáir deas Críost “cuirim as ucht Dé ort fanacht uaim. Shíl mé nach dtáinig tada idir mé féin ná thú féin ariamh, le go dtiocfá go dtí mé.” “Ó, muise,” deir Riocard, “go laga Dia sibh trí n-a chéile mar deas an chaoi agus an chuma orm é agaibh, cébí cé'n sórt diabhal atá chor ar bith a' baint díbh.” Ach nuair nár leigeadh isteach Riocard cheap sé go raibh sé chomh maith dó dul i gcró na muc go maidin. Is gearr a bhí sé annsin nuair cé'n diabhal a thiocfadh (isteac) ach buachaill an tsagairt a giarraidh cinn de na muca. Bhí Riocard istigh i gcúinne taobh istigh de na muca. Thosaigh an buacaill a'láimhsiú na muc, a féachaint cé acu ceann a b'fhearr dó a thabhairt leis. Nuair a bhí sé a' dul amach an doras agus í aige, d'éirigh Riocard go dtí é. “Cé'n deamhan, ná diabhal atá tú a' dul a' dhéanamh le mo chuid muc,” arsa Riocard. As go bráth le buachaill an tsagairt agus shílfeá gur greideal dearg a bhí fá n-a dhá chois gur shroic sé an sagart a ngalar ráithe. “A' dtug tú leat an mhuc?” arsa'n sagart. “Ó, níor thugas, níor thugas,” adeir an bhuachaill “tá Riocard a' faire na muc.” “Ó, a ghadaidhe de bhitheamhnach” arsa'n sagart, “nach postamhail thú ag innseacht bhréag dhom. An é an fear bocht atá curtha caillte a bheadh a' faire na muc sin?” “Téirigh ann” arsa'n buachaill agus beidh a fhios agad é.” “Amach leat” arsa's sagart “agus tabhair chugam an mhuc.” “Dá mbeitheá gan muc, gan banbh le do shaoghal” arsa'n buachaill “ní racha mise níos mó ann.” “Teanam i n-éindigh liom mar sin” arsa'n sagart go dtéidh mé féin ann! D'imthigh an sagart agus an buachaill an ath- uair go dtéidís ag iarraidh na muice. Nuair a tháinigeadar go dtí cró na muc bhí an sagart a' tabhairt fíon-oscailt isteach ar an doras agus a' sméideadh amach ar na muca, agus a' leagan a láimhe orthu 'féacaint cé acú ab fhearr dhó a thabhairt leis. Ní fada gur éirigh Riocard chuige. As go brath leis an sagart agus é a' fuagairt. “Tá sé ann, tá sé ann, tá sé ann.” Ach b'éigean dó na muca fhágháil 'na dhiaidh, agus an baile a thabhairt dó féin. Ní raibh 'fhios ag Riocard béo (nó marbh) ó Dhia anuas céard a bhí a' baint leis an saoghal chor ar bith go dtí maidin lá ar n-a bhárac. Domhnach a bhí ann. Bhí 'chuile dhuine a' réidhteac 'un an aifrinn. D'imthigh Riocard é féin go dtéidheadh sé 'un an aifrinn. Is fearr gur casadh an cáirdeas Críost dó. “Aru, céard a bhí ort aréir nach leigfeadh tú isteach mé” arsa Riocard “nó cé'n sórt seafóid a bhí chor ar bith ort.” “Aru, nach bhfuil tú curtha, caillte” arsa'n cáirdeas Críost. “Nárbh fhada go raibh tusa curtha, caillte” arsa Riocard. Ach fríothadh amach nárbh é Riocard a báitheadh san droichead cor ar bith. Ach d'imthigh an buachaill a phós Máire agus níor facthas amharc cinn ná choise ariamh ní ba mhó air. Níl a fhios agam cé'n chaoi a raibh sé idir Máire agus Riocard ní ba mhó. PEADAR Ó DEARÁIN. TOMÁS BREATHNACH, LÓN-CHEANNAIDHE. AN CHEARNÓG, I NGAILLIMH. Bu cheart dá gach Gaedhilgeoir i mBaile Átha Cliath gan aon arán do cheannach ach ARÁN Uí CHÍNNÉÍDE AN T-ARÁN IS FEARR DÁ nDÉANTAR. 124 go dtí 131 SRÁID PHÁRNELL Agus BÁCÚS NAOIMH PÁDRAIG, BAILE ÁTHA CLIATH. Guthán — 3141. CUMANN URRUDAIS CHATHRACH BAILE ÁTHA CEIATH. 4 SRÁID UACHTARACH UÍ CHONAILL, I mBAILE ÁthA CLIATH. Comh daingean le Caiseal na Riogh, Comh Gaedhealach le Teamhair na dtriath Comh teann le aon sléibh ins an gcrich Cumann Urrudhais Chathrach Áth' Cliath. Connighmís i nÉirinn an t-airgeadh, Bhíodh ag Seán buide mar a bhéas, Agus beidh an t-ádh orainn feasta, Ach ciall a bheith againn araon. NÁ DÉAN FAILLIGHE SA gCÚIS. CUMANN URRADAIS. MHUINTIR NA hÉIREANN Tá an teacht-ísteach anois os cionn £25,000 Tá téarmaí thar barr aca d'urradhas saoghail agus d'urradhas-sealadach. Tá Fir-ionad uatha. ÁRD OIFIG: 16 CEARNÓG PÁRNAIL, ÁTH CLIATH. AN HALLA LEIGHIS. Sráid Geata Liaim & Sráid Doimnic, na Gaillime. Gach leigheas ar fheabhas & ar ghloine. SEÁN Ó FAOLÁIN, L.P.S.I., Poiticire TOMÁS Ó CATHÁIN, Lón-Cheannaidhe, SRÁID NA SIOPAÍ, I NGAILLIMH. Biadh, Tae, & Fíon ar fheabhas. AR FAOGHAL ANOIS AN DARA CUR AMAC (AIT- SGRÍDBHTHA). FOCLÓIR GAEDHILGE LE FUAIM GACH FOCAIL A Chur I gCéill Don Leightheoir SÉAMUS Ó DUIRINNE AGUS PÁDHRAIC Ó DÁLAIGH A CHUIR LE CHÉILE. 220 leathanaigh. Luach 2/6 glan thríd an bposta 2/9. Tá tuairim is 10,000 focal ann, na focail atá i n-úsáid de ghnáth. Beidh an leabhar seo i n-a cúl toraic don mhac léighinn, don teastalaidhe & don duine ghníos thráchtáil in áit ar bith a bhfuil Gaedhilge ar labairt ann. Séard adeir “The Irish News,” go ndearna Séamus Ó Duirinne & Pádraic Ó Dálaigh rud le chuir na Gaedhilge a chur ar aghaidh nach ndearnadh ó sgríobh an tAthair Eoghan Ó Gramhna a chuid leabhar. COMLUCHT OIDEACHAIS NA hÉIREANN TEORANTA. 89 Sráid Talbóid, Ath Cliath agus lucht díolta leabhar fré chéile. SÉAMUS Ó BÉACHÁIN Ceannuidhe Guail & Iomchuróir. SRÁID MHEADONACH NA GHAILLIMHE Tá an tae is is fearr i gConnachta & go leor neithe eile atá riachtanach le fagháil i dtigh MHONICA NÍC DONNCHADHA, SRÁID ÁRD NA GAILLIMHE. TÁ TEACH a bhfuil compóirt ann ag SÉAMUS Ó LAIDHE, SRÁID DOMINIC ÍOCHTAIR NA GAILLIMHE “Toga gacha bidh & sean gacha dighe” aige. Ceannuig éadach ar bith theastuigheas uait ag tigh … THOMÁIS UÍ CHATHAIL, I NGAILLIMH, Áit a bhfuighe tú luach do chuid airgid. Printed for the Publishers At the “Connacht Tribune” Printing Works, Market Street, Galway.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services