Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Leabh. 1 Uimh, 1. Meitheamh 1923

Title
Leabh. 1 Uimh, 1. Meitheamh 1923
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Ó Máille, Tomás
Composition Date
1923
Publisher
Coláiste na hIolsgoile, Gaillimh

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Stoc



TOMÁS Ó MÁILLE DHÁ CHUR I N-EAGAR.



SRATH NUA.
LEABH I. UIMH, I.
MEITHEAMH 1923.
DHÁ PHIGHINN A LUACH



AN SAOGHAL.



AN TÚ ARÍS?



Tá sé dhá bhliadhain go leith ó bhí an Stoc
le cloisteáil cheana ag muintir na hÉireann.
An Stoc deiridh roimhe seo a bhí a' dul fá
chló dóghadh é i mBaile Átha Luain. Ní hé
an t-aon pháipeár amháin arbh éigean dó a
dhul ar an bhfasgadh ar an ngaoith mhóir & ar
an ngairbhthean a bhí ann le trí bliadhna.
Mar dubhramar annseo cheana, d'orduigh
Dia do dhuine an cith a leigean thairis. Rug
beagán den doininn ar chuid mhaith againn
'na dhéidh sin, & bhíomar tamall “fá uisge
an chéatha.” Ach míle buidheachas le Dia, tá
an ghrian a' brath soillsiú arís. Tá an Stoc
a' gobadh aníos le go mbeidh sé i n-amharc
& i n-éisteacht a' tigheacht na huaire breagh.
Go dtuga Dia go bhfuil an droch-shaoghal &
an droch-aimsir thart & go bhfuil an samhradh
breágh, gléigeal ar fághail.



I LEABAIDH A CHÉILE.



Níl aon rud ar an saoghal a bhfuil amhail
ag daoine dhó nach i leabhaidh a chéile a thagas
sé isteach. Sin é a fhearacht ag saoirse na
hÉireann. Bí sí tamall fada a' dul siar
agus níor mhór spás beag le í a chur aniar
arís. Dubhramar an rud céada sin trí
bliadhna ó shoin, an uair is mó a bhí an
“phoblacht” i gceist, an tráth a shíl a lán
daoine go mbeadh sí acu ar bhuille boise.
Ní fhéadfadh Éire a bheith daor a' dul faoi
don ghréin & le soillsiú gréine na maidne
a bheith arís chomh saor, chomh slán is bhí sí
ariamh. Níor mhór tamall athruighthe a theacht
idir an dá rud. Duine ar bith a shílfeadh
a mhalairt is duine nár chuir eolus ar
sheanchas na ríoghachtaí é. Is duine gan
foighid é. Mar dubhairt Ciarán naomhta fad
ó “ó thug Dia dhúinn na ba bhéarfa sé na
muca.”



AIMHRIOCHT.



Tá a lán ar bun i nÉirinn le bliadhain
go leith anuas, agus ní ar mhaithe le Éirinn
a rinneadh é. Ní ar mhaithe le tír ná
teangaid, talamh ná tighdheas a rinneadh é.
Níl aon chabhair anois a' rádh cé'n fáth ar
dearnadh é, cidh go mb'fhéidir sin a dhéanamh.
Tá a chruthú le fághail nach ndearna sé aon
mhaith don chúis ar dearnadh ina hainm é,
agus is é sin an fáth, mar ní ar a son dáirírí
a rinneadh é. Rinneadh ruda i n-ainm na
“poblachta” nach raibh baint ná páirt leis
an bpoblacht acu. Ní dhearnadar aon mhaith
d'Éirinn, & ní mó a rinneadar aon mhaith don
phoblacht sa deireadh. Focal & a bhrigh tá
daoine nach dtig leo aon idir-dhealú a
dhéanamh eatorru. Hárduigheadh suas focal
& cuireadh é i n-ionad muintire na hÉireann.
Rinne daoime dia bréige den fhocal sin.
Ghabhadar ar a dhá nglúin a' tabhairt ómóis
dó & thugadar a gcúl don tír. An té nach
tiubhradh isteach dhó sin bliadhain ó shoin
feiceann sé le n-a shúilí anois é. Thóbair
go ndéanfadh cuid acu Éire a chur 'un báis
le ghrádh dhi. Adeireadh Pól naomhtha go
mbíonn foighid & fulaing ag an ngrádh.



FAOBACH.



An rud atá fíos & atá ann dárírí níl
aon chabhair dá shéanadh. Sé fírinne an
sgéil, níor chleachtamhar mórán a bheith againn
& ní raibh fhios againn le bail a chur air nuair
a fuaireamar é. Agus, ina theannta sin,
níor thuigeamar i gceart go mbu linn féin
é. Bhíomar ar nós páisdín bhig óig a
gheobhfadh bréagán le n-a bhréagadh. Bhris-
feadh sé é go bhfeiceadh sé céin chaoi ar
dearnadh é. Is docha go mbeidh fhios ag
muintir na hÉireann cé'n chaoi ar dearnadh
an méid atá briste, dóighte, leagtha shul dá
mbí gach cuid acu ar fághail arís mar bhíodar.
Ní dhearna an dóghadh ná an faobach aon
mhaith. Is doiligh chuile dhuine a shásamh. Ní
dócha gur féidir a dhéanamh. Támaid lán-
chinnte go bhfuil cuimse daoine sa saoghal
& sa tír istigh nach sásóchaidh an chaint seo
íad. Na dhéidh sin, níl aonduine acu a
sheasfas ar árd ná ar chnocán & adéarfas
gur ceart na tighthe a leagan & gur ceart
na bóithrí a bhriseadh. Sé an fáth a bhfuil an
dá intinn acu ní ghníonn siad aon chuimhneamh
ar an rud & ní léar dóibh, dá bhrigh sin, nach
bhfeileann an dá nós dá chéile.



DROCH-THEAGASG.



Go leor dár thuit amach le goirid, is
féidir a mhilleán a leagan ar dhá rud:
uireasbhaidh eoluis agus uireasbhaidh tuis-
giona. Agus iséard is cionthsiocair leo
siúd measgadh intleachta. Droch-theagasg
is ciontach le n-a lán de agus uireasbhaidh
treora san áit ar cheart don treoir a bheith.
Mar deireadh na sgéalaidhthe fad' ó, “mo
bheannacht duit ach mo sheacht mallacht do
bhéal do mhúinte.” Maidir leis na daoine
a thugas áird ar an droch-theagasg, ní
ghníonn siad aon chuimhneamh ar an rud atá
siad a dhéanamh. Ní bhreathnuigheann siad
an cás mar is cóir. Ní bhreathnuigheann
cuid acu beag ná mór é ach rupadh & losgadh
leo. Rinneadar cuimhneamh ar rud éigin,
uair éigin, bliadhain éigin leis na seacht
mbliadna a bhfuil achrann & trioblóid i
nÉirinn agus ní ghéillfe siad go bhfuil aon
athrú ar an saoghal anois thar mar bhí an
chéad lá. Tá intinn ro-leisgeamhail acu le
smaoineadh an ath-uair ar an sgéal le n-a
n-intleacht a ghlanadh. An rud a chuimhnigheas
siad agus a chreideas siad anois ina gcroidhe
istigh nár cheart dóibh a dhéanamh déanfa siad
'na dhéidh sin é. Sé an t-ainm is lugha a
tugtar ar a leithéid sin pleidhceáil & tá a
lán pleidhceála ar bun i nÉirinn indiu.
Nílmid a rádh nár chuidigh uireasbhaidh
chneasdachta leis an dochar a mhéadú. Ach
i gcás den tsórt so, níl fhios cé is mó a
ghníos dochar an t-amadán cneasda nach
dtigeann an sgéal ná an caimiléaraidhe a
chuireas amú é.



BALL-SÉIREACHAS.



Duine a théidheas i gcionn aon rud a
dhéanamh nach bhfuil fhios aige le n-a dhéanamh
& nach bhfuair sé oileamhaint ná tógáil ar a
dhéanamh déanfa sé ball séire dhe & beidh sé
féin ina bhall séire. Agus tá ball-séireachas
le cois an cheirt i nÉirinn indiu. Fad' ó
bhíodh 'chuile eolus dá mbíodh ag imtheacht ag
an aon fhear. Bhíodh an duine céadna ina
shagart, ina dhochtúr & ina dhligheadóir. Bhíodh
an saor ina shaor & ina shiúinéaraidhe. Ach
leis na céadtha bliadhain anuas is ceird nó
dán ann féin gach rud acu siúd, eolus ar
dhiadhacht, ar leigheas agus ar dhligheadh agus
gach éargna fá seach. Indiu féin, tá
daoine ann ar mhaith leo chuile cheird
a bheith acu, sé sin, a bheith
ina n-ilcheárdaidhthe nó ina n-ioldánaigh.
Tá mianach gaisge a' baint leis. Is cliú
do dhuine, feicthear dhóibh, tuisgint a bheith
aige ar cheird & gnotha duine eile. Tá gach
le duine anois sa tír ina dhiadhaire (sin
mar dhóigh dhe go bhfuil breitheamhnas aige i
gcursaí creidimh & i ndligheadh Dé). Is lé
goirid a tháinig an t-athrú sin isteach i
nÉirinn & sa gcreideamh gaedhealach. Fagtaí
roimhe sin an breitheamhnas ag an Eaglais.
Ach is aoibhinn don té nach bhfuil breitheamhnas
ag mórán ina cheird.



GEANAMHLACHT.



Lámh a' milleadh & lámh a' tárrtháil a bhí ag
Éirinn le bliadhain anuas, ach níl an cás thar
fóir anois féin. Níl gach uile shórt millte
& is féidir go leor a thárrtháil. Níl aon
chabhair a' féachaint i n-ar ndiaidh ar an
dochar atá déanta ach amháin go bhfoghlumó-
chamaid le n-a leithead a sheachaint arís. Tá
trí ní riachtanach leis an lot a leigheas:
foighid, fulaing & maithteanas. Caithfe sinn
foighid a bheith againn go dtigidh an mhaith ar
a bhfuil tóir againn. Caithfmid fulaing
a bheit againn le aon rud atá mí-cheart gur
féidir a cheartú le toil na ndaoine. Caith-
fimid a bheith maithteanach ar an dá thaobh
más mian linn tuilleamh uathbháis a sheachaint.
An té a fhéachfas le díoghaltas a bhaint as
láimh Dé fillfe sé air féin. An duine nach
dtug an bhliadhain seo a caitheadh a theasgasg
dó ní féidir aon teagasg a thabhairt dó. Is
ar chomhairle formhór na ndaoine a chaithfeas
riaghladh na tíre a bheith. An té adéarfas é
sin agus a choinneochas arm i n-aghaidh na
muintire atá ceaptha ag an tír atá a lámh a'
bréagnú an ruda atá a bhéal a rádh. Nuair
a bhéas an troid thart bíodh sé thart choidhche
go deo & go bráth, & i n-áit na troda nach
ndearna maith do dhuine ar bith tugamaid
aghaidh ar rud éigin a dhéanfas foghaint do
Chlainne Gaedheal uilig le chéile. Tá a
leitheid ann & déanfamaid trácht arís air.



Is cuid mhór den ghalar a bhí ar Éirinn le
bliadhain go raibh an iomarca gaisgidheach sa
tír. Bhí an iomarca ómóis dóibh gur
dearnadh ubhaillíní óir díobh. Tá gach rud go
maith ina am féin. Caithtear go fóill an
ghaisge & na hairm ghaisge do leithrigh & bíodh
geanamhlacht & saothamhlacht, cneasdacht &
Críosdaigheacht tamall maith i dtreise ina
n-áit.



MISNEACH.



Tá dhá ní le misneach & dóchas a thabhairt
do na Gaedhil & le iad a shnadhmadh ina chéile.
An rud a mhúsgail misneach na nGaedheal
i dtosach agus a thug an tír an fhad sin ar
bhealach a leasa déanfa sé tuilleamh dhí, sé
sin, dúthracht don Ghaedhilg — má caithtear
dúthracht léi. Is mór a bheadh cúis na
Gaedhilge 'un cinn dá gcaithtí dlús le
bliadhain anuas le í a shaothrú & le í a fheabhsú
& í a chur ar bhealach a leasa. Is mór a
ghab sí 'un deiridh mar gheall ar an achrann.



Aon duine a bhfuil grádh aige d'Éirinn —


L. 2


agus tá cuid mhaith dá rádh go bhfuil — tig
leis a dhúthracht a chur i gcéill di le maith a
dhéanamh ar an nGaedhilg. Tá na gunnaí
anois thar a ndáta & ní bheidh cion orthu go
malairt saoghail. Ach gan dochar ná díth a
dhéanamh d'aon-fhear, tig le duine a bheith
dícheallach ar shon na Gaedhilge. Do réir
a dhíchill & a dhíodhaise ar a son — an méid
a dhéanfas sé dhi & a chaillfeas sé léi —
seadh is cóir a thír-ghrádh a thomhas.



Má tá aon ní eile a' teastáil le Clainne
Gaedheal a thabhairt le chéile ar fad, sé an
rud é a gcongnamh uile a chur a dteannta a
chéile le Éire go léir a chur fá aon riaghaltar
gaedhealach amháin.



PROINSIAS MAC CONMARA
& A CHOMHLUCHT.



Díoltóirí & Reacadóirí
Tae, Fíonta & Beatha.
i nGAILLIMH.



Ní thig le aoinne a rádh nach bhfuil earradh
dúthchasach go leor annseo.



Más mian leat ROTHAR
maith a cheannach, nó más
mian leat deis a chur
ar an gceann atá agad
téirigh go dtí



S. MAC AN BHÁIRD,
AN CHEARNÓG,
I nGAILLIMH.



FÉACH!



Bí cinnte & téirigh isteach go
bhfeice tú a bhfuil de
ÉADACH Le h-aghaidh an Gheimhridh



Le díol go han-tsaor ag
TOMÁS MAC SUIBHNE,
I nGAILLIMH.



Tá cultaí & cótaí móra nach
bhfuil sárú i na gcionn ag



ANTOINE Ó RIAIN,
SRÁID NA SIOPAÍ,
I NGAILLIMH.



ÉADACH GAEDHEALACH ar fheabhas le
fagháil ó



PHROINSIAS MHAC DHONNCHADHA & A CHOMH,
I nGaillimh.
A chuir dlúthas i gcomhnaidhe le déantus
na hÉireann a chuir 'un cinn.



COLÁISDE NA HIOLSGOILE,
I nGAILLIMH.



Craobh de Iol-sgoil na hÉireann.



Árd-oideachas le fághail innti ar na hiol-
dántai9 idir theangacha, ealadhain, trácht
& ceannaigheacht, ealadhain an leighis, seil-
bhéaracht, & Innealltóireacht.



Téarmaí gearra ar leith
fa chomhair oidí sgoile.
Le gach uile ughdar a fhághail sgríobhtar ag
An MEABHRÁNAIDHE.



Ó HEIREAMHÓIN.
Carrannaí & gluaisteáin & gléas sochraidhe.
SRÁID EYRE NA GAILLIMHE.



PÁDHRAIG ANIAR.



Lá Samhna a bhí ann seachas laetheanta an
domhain ins an mbliadhain míle naoi gcéad
agus naoi déag. Le tuitim na hoidhche bhí
soillsi beaga le feiceál as tighthe fionn-
aolta an Chaisleáin Nua. An dream seo as
cathair na Gaillimhe a bhí a' tógáil aeir dóibh
féin an bhealach údaigh, ní fhéadfaidís gan
cadhan bocht aonraic a thabhairt fá deara a'
déanamh chucu anuas o Bharr na Crannaighe.
Níorbh fhurusda gan sunndas a thabhairt dó,
arae in do shiubhal lae ní fheicfeá mórán fear
ba truaighmhéilí ná é. Bhí a hata sleabhcaighthe
anuas ar a bhaithis aige, agus a éadan
smeartha le deannach an bhóthair. An léine
a bhí air ní raibh fiú an dara cnaipe innti,
ionnus go raibh a bhrollach leis agus an ghaoth
a dtuaidh a' séideadh isteach ar a chneas.
Ní lia fuinnín ar faithche ná píosa bhí ar a
chasóig, agus ní mórán is fearr ná sin a bhí
an bhríste. Ba mhaith an obair lae na
taoibhíní agus na bairribíní a bhí ar a bhróga
a chomhaireamh, agus dá mhéid acu dá raibh
curtha suas aige ní mó ná tirim a bhí na
bróga. Bí na trí sgóir bliadhain bailighthe
go maith ag an bhfear, ach na dhiaidh sin is
uilig, bhí sé teann go maith ar a chosa fós,
& é lúthmhar, láidir dá mbeadh an chóir cheart
dá fághail aige. “Is ait an mac an
saoghal.” D'aithneóchthá ar an ngeolbhach
feóla a bhí air agus ar an iomchur a bhí faoi
nár theangmuigh an gorta i gcomhnuidhe leis,
agus go raibh sé i na reacht seóil lá de na
laethi. Do réir chosamhlacht' bhí sé thar éis
aistear fada a chur dhe, arae bhí a bhróga chomh
geal leis an sneachta agus é féin trom,
tuirseach, traochta. Isteach leis thar
Choláiste na hIolsgoile, agus níor bhain
méar dá shróin gur shroich sé an t-ósbidéal.



Bí luigheachán orm féin sa teach bhean-
nuighthe úd an tráth céadna, agus ní raibh
fhios agam beirthe ná beo an trátnóna udaigh
cé'n fáth an fothrom agus an rúille búille a
bhí ar fud an tighe. Bhí mná riaghalta agus
banaltraí agus lucht freastail a' rith anonn
agus anall, annseo, agus annsiúd, agus,
maidir leis na cluig, bhí an oiread cothruim
fúthú bunáite is bhí fá “chluig Sheandúin” fad
ó. Fá dheireadh tháinig bhean riaghalta de na
Seoighigh as Conamara thart.



“Tomhais ort,” adeir sí liom féin, “cé
tá a' teacht isteach chugainn.”



“Chuir tú ceist orm,” adeirim féin; “níl
fhios agam.”



“Pádhraig Aniar as Cnoc a' Tighe,” ar
sise; “agus támaid maith go leor mara
gcuire sé an áit thrí n-a chéile. Is beag,
bhídeach nár bhuail sé an cléireach ar a theacht
isteach dhó; agus, mac Pháidín na gCiseán a
thug deagh-chaint éigin dó, leag sé le aon
dorn amháin é.”



“Cé'n sórt éalang atá air?” adeirim
péin.



“Ní mheasaim go bhfuil faic na frighde
air,” ar sise; “ach deir sé féin go mbíonn
na sgoilteacha a' gabháil dó. Bhí meas mór
aige ort-sa i gcomhnuidhe, agus caithfear
leabhaidh a thabhairt dó annseo i ngar dhuit.
Mara mbí tusa i ndon beagán smaicht a
choinneál air, béidh an teach i na rí-rá aige.”



“Nach maith atá sibh liom!” adeirim féin.
“Beidh fáilte agus fiche agam-sa roimh mac
a athar; agus má bhíonn beagán cuideachta
againn annseo, anois agus arís, is géar a
theastuigheas sé.”



Ní baileach a bhí an focal deiridh as mo bhéal
nuair chuala mé uaill sa seomra amuigh.



“Ó! Seo é é! Seo é é!” adeir an bhean
riaghalta; “go bhfóire Dia orainn anois”;
agus ghlan sí léithi as an mbealach mar
bhuailfeá do dhá bhois le chéile.



Ní raibh sé i bhfad gur sheas Pádhraig Aniar
i mbéal-dorais an tseomra. Dhearc sé
faoi is thairis. “Hupsta there” ar seisean.
“Sílim go bhfaca mé thusa cheana,” a' siubhal
anuas chugam fein.”



“D'éireócadh dhuit,” adeirim féin — “céad
fáilte rómhat!”



“Go maire tú,” as seisean, “mara a'
magadh atá tú; ní mó ná fáilidh an dream a
casadh liomsa thart annseo.”



“Ní bheidh siad mar sin nuair chuirfeas
siad aithne ort,” adeirim-se.



“Marach na sgoilteacha seo orm is beag
mo bheann ar na spriosáin atá thart ann,”
adeir Pádhraig. Ach cé'n áit seo a bhfaca
mé thusa cheana? Nach olc an chuimhne agam
é!”



“A' bualadh báire ar an ‘bhFeilm,’
b'fhéidir,” adeirim féin.



“Tá tú agam anois: tusa maa Brighid
Mhóir as Cnoc a 'tSean-bhaile.”



“Is mé.”



“Goirm go deó mac t-athar is do mháthar!
Is orm a bhí an ríméad gur chuir sibh an
báire ar mhuintir Chnoc Bhéal Átha an lá
údaigh, mar ba iad sin féin an dream
coilgneach.”



“Cuid acu, ar ndó, ar nós 'chuile dhream
eile.”



“Deirim-se leat-sa, a Mháirtín, dá
mbeidís i ndon mórán a dhéanamh go ndéan-
faidís é. Nach as an taobh anoir iad, ar
ndó? Mar deir an sean-fhocal: “‘Ná bac
leis an bhfear aniar, ach seachain thú féin ar
an bhfear anoir’.”



“Ní raibh aon locht le fághail agam féin,
ch ar dhuine nó bheirt acu.”



“Ní raibh mise mar sin; bhí locht le fághail
agam ar a bhfurmhór, mar bhíodar fealltach,
agus níl aon uair dá smaoinighim ar an lá
sin nach mbuaileann speidhir feirge mé.”



Bhí Pádhraig Aniar a' caint i n-árd a chinn
agus a ghotha ar feadh na fuide, ionnus gur
cloiseadh é san áit nach bhfacthas é. Na
hothair i n-íochtar a' tighe a raibh coiscéim
ar bhith coisidheacht acu, thosuigheadar a' tar-
raing orainn féin; chloisfeá ach aon rap
ó lucht na maidí croise féin a' teacht anuas
na staighrí ó bharr a' tighe.



“Labhair go réidh, a Phadhraig,” adeirim
féin.



“Ceadh nach bhfuil cead cainte ag na
daoine. Tá mé istigh annseo anois an fhad
is tá mé agus teine ná teas, greim bhidh ná
blogam dighe ní fhaca mé fós.



“Beidh tú mar sin go dtí an seacht a chlog
amáireach,” adeirim-se; ní raibh ann ach go
raibh an tae thart nuair tháinig tú isteach.”



“Ní móide go mbéinn, muise, má tá
biadh ná deoch sa teach,” adeir Pádhraig, a'
breathnú thairis. Nuair dhearc sé ní ba
grinne thug sé fá deara plód daoine i
mbéal a' dorais a' dearcadh isteach air.
Chuir sé siollúr amháin ionntu, agus bhí a
sháith sa méid sin. Dá mhéad deifir dá raibh
orthu a' teacht bhí a sheacht n-oiread orthu ag
imtheacht.



“Caithfe tú na daoine tinne seo a
ghlacadh níos réidheacha, a, Phádhraig,”
adubhairt mé féin.



“Meas tú a' gcaithfead?” ar seisean;
“shílfeá gur dhá chloigeann atá ar na
daoine acu. Cé bhí a' cur chucu ná uathu
nuair chruinnigheadar thart? Fanaidís i n-a
n-áit féin feasta. Ach cogar mé seo leat,
cá mbíonn an teine sa teach seo, nó mbíonn
teine ná teas ar bith agaibh?”



“Síos uait annsin sa gcisteanaigh, ach,
'ar ndó', tá sí as le fada.”



Bhuail Pádhraig Aniar síos, ach má bhuail
ní mórán teas' a bhí le fághail ón teinidh
aige. Bhí shí socruighthe i gcomhair ná
maidne, an páipéar i n-íochtar, brosna os a
chionn sin, agus an gual sa mbarr. Tharraing
shé amach bhosga, las cipín, agus i gceann
dhá mheandar bhí teine chnámh aige. B'éigean
dom fhéin é leanmhain le faitchíos go
ndéanfadh sé mísg.



“Anois, céard deir tú le Gaillimh?” ar
seisean, nuair chonaic sé a fheabas is las
an teine. “Tarraing anuas an stól sin
go mbí gail tobac fhéin againn, nuair nach
bhfuilmid a' fághail dada eile.”



“Tá do sgéal go maith,” adubhairt mé
féin, “go dtige an mháthair-abba thart;
mise i mbannaí go bhfuighe tú fá na foraí’
annsin é.”



“'Daile mara bhfuil cead ag duine
focal cainte a rádh ná gail tobac a chaitheamh
nó teine a chur síos is ait a' sgéal é. Dá
mbeadh fhios agamsa gurb in é an cineál
áite a bhí annseo is fada uaidh amach a
d' fhanfainn. Ach nír innis thú dhom fós, a
Mháirtín, céard a cas thusa sa n-áit seo.”



“Mo lámh atá leónta,” adeirim féin.
“Ní measa ar bith é, b'fhéidir. Caithfe
sé nach ndeacha sí thríot go mór: ní fhaca


L. 3


mé ariamh in do shaoghal a' breathnú chomh
maith thú, bail ó Dhia is ó Mhuire ort!”



Níl fhios agam an é boladh na teineadh nó
nach é a tharraing as a leapthacha iad, ach
thosuigh sluagh a' cruinniu arís — sluagh
nuaidheasach — ina nduine agus ina nduine.
Sé an chéad mhac a chuir a éadan isteach sa
gcisteanaigh File Chúl-Druid.



“Cé hé an dúd seo?” adeir Pádhraig
liom féin de chogar.



“Sin é File Chúl-Druid” arsa mise.
A Fhile mhaisigh, mhodhamhail,” adeirim féin,
“seo é Pádhraig Aniar as Cnoc a'Tighe; is
minic a chuala tú trácht air ar ndó.”



“Hibernis ipsis Hiberniores,” ars an
file.



Chuir Pádhraig Aniar sgairt gháirí as, agus
rinne sé comhartha dhom féin go raibh an file
beagáinín éadrom sa gceann.



“Suidh síos, a Chúl-druid,” adeir sé;
“suidh síos, agus ná bíodh cás ná náire
ort.”



Cé bhuailfeadh isteach annsin ach Peaits
Ó Rodacháin, an fear-faire, agus cheapfá
gurb air a bhí cúram an tighe ar fad leis an
‘fú-fá-féasóg’ a bhí faoi.



“Cé'n mac mí-ádhasach a fuair ann féin
teine a lasadh annseo an tráth seo d'oidhche?”
ar seisean.



“Mise,” adeir Pádhraig Aniar.



“Ná ceap gur amuigh fá'n tuaith atáir
anois, pérBi cé thú féin,” adeir Peaits.



“Ara glach tú féin go réidh, a Pheaitín;
a gceapann tú nach bhfuil aithne againn
ort?” arsa Pádhraig Aniar go mí-chéadfach.
“Nach fá'n tuaith a rughadh is a tóigeadh
thú féin, ach má's eadh féin ní locht ar bith
é sin dá mbeitheá in t'fhear. Láimhsigheamar
buachaillí is fearr ná thú cheana, bíodh fhios
agad”; agus thosuigh Pádhraig a' cur ghothadh
troda air féin.



“Réidhteach! Réidhteach!” adeirim féin.
A Pheaits Uí Rodacháin, seo é Pádhraig
Aniar agus 'ar ndó' bhí dámh-ghaol agus
mórtas idir do mhuintir-sa agus a mhuin-
tir-san ariamh i gcomhnuidhe.”



“'Deir tu liom, a Mháirtín, adeir Peaits,
gurab eo é Pádhraig Aniar; nár fhága mé
seo marar shíl mé gur fear-siubhail éigin a
bhí ann.”



“Is minic Síle chaoch bréagach,” adeir
Pádhraig.



(Leanfar dó seo.)



“MAGH.”



AN SEAN-TEACH.



A cuireadh ar bun i 1864.
Tae, Caife, fíonta, Uisge Beatha,
ar fheabhas



O LÉANACHÁIN,
AN CHEARNÓG, I nGAILLIMH.



AN “LUCÁNIA,”



Más maith leat ROTHAR MAITH a rinnead
nÉirinn sgríobh chuig



DOMHNALL UA BUACHALLA
iMuigh nuadhat.



COLÁISTE IGNÁIDE NAOMHTHA.
(Cumann Íosa.) I NGAILLIMH.



Coláiste Idis-mheadhonac é seo a bhfuil
teagasg dá thabhairt ann ar na craobhracha
fogluma a chuireas duine i gcruth a dhul go
hIolsgoil nó a dul i n-éadan gnótha trácht-
cheannaigheachta. Aire ar leith dá tabhairt
do ghasúir óga. Páirc bháire ar chúlaibh an
tighe le gach uile ughdar fhághail, sgríobh ag



AN AIRCHINNEACH.



T. Ó Flannagáin & Chlann Mhac



Gach uile shórt gaibhnigheachta
agus innealltóireachta …



DÍOLTÓIRÍ ROTHAR. Cuirtear deis
ar rothair & ar ghunnaí.



SRÁID NA gCEANNUIDHE, i nGAILLIMH.



DÉANAMH AN DOMHAIN.



Ish mór is in-spéise do chách staidéar a
dhéanamh ar sgéal déanaimh an domhain
sagainne. Baineann tús an domhain le
neithe a thárla i bhfad i bhfad siar agus san
am sin ní raibh an chaoi chéadna ar rudaí is
tá orthu anois. Dá bhrigh sin, ní hiongnadh
gur do-thuigthe doiléar cuid mhór den sgéal
agus go bhfuil rudaí ann nach féidir a bheith
cinnte dhíobh óir tá an domhan an-tsean anois
agus ní thig linn ach a thaobh amuigh a fheiceál.
Is féidir beith cinnte d'aon rud amháin ar
chaoi ar bith .i. go raibh an domhan i dtús
aimsire i n-a chuid de mheall ádhbhal-mhór a
bhí i bhfad ní ba mhó ná é agus nach raibh
baoghal ar bheith chomh comh-dhlúithte is tá sé
anois. Is den mheall mhór sin a tháinig na
baill go léir a bhaineas leis an gcomhluadar
Grianda.



Ní bhaineann cuma ná mianach ar leith leis
an domhan. Is mar a chéile é agus go leor
de na plainéada agus réalta, &rl, a
chítear san spéir le linn na hoidhche. Tais-
beánann an solsgarachán dúinn gur cosa-
mhail an mianach atá i gcuid acu sin agus an
mianach atá san domhan. Na minearalaigh
atá i gcraiceann an domhan, tá a leitheidí
le fágháil ins na dreigí a thuiteas anuas as
an spéir. Ó's rud é go raibh an domhan agus
baill eile an Chomhluadair Ghrianda i n-a
n-aon mheall mhór amháin i dtús aimsire, is
ion-tuigthe uaidh sin go mbeadh an mianach
céadna ionntu go léir cé nach mbeadh an
riar céadna de gach cineál mianaigh in gach
ceann acu.



Is í an ghrian atá i lár an Chomhluadair
ghrianda agus tá baill níos lugha ná í ag
casadh timcheall uirthi. Is iad na hocht
bplainéid na cinn is mó agus gluaiseann
siad-sin n-a timcheall ar imbhealaighibh atá
riaghalta agus beagnach cearcallach. Agus
tá gealacha a' casadh timcheall na bplainéad.
I n-a dteannta sin tá tuairim is 500 ball
níos lugha na na plainéid ann agus plain-
éadóga a bheirtear mar ainm orthu-sin. Tá
cinn níos lugha fós na iad sin ann .i. na
mion-phlainéadóga atá an-bhídeach ar fad.
Agus tá líon do-áirmhighthe de dhreigí ann
a ghluaisear timcheall na gréine, cuid acu i
n-a n-aonar agus cuid eile i n-a sgaotha,
agus na réalta mongacha a ghluaiseas ar
imbhealaighibh atá ar chuma uibhe nó mí-riaghalta
ar fad.



Gan aon amhras, bhí na baill sin go léir i
n-aon mheall ádhbhál-mhór amháin ar nós néill
i dtús aimsire agus is amhlaidh a bhris an
meall i n-a chodacha agus a chomh-dhlúthuigh a
mianach go dtí go raibh a bhfurmhór i n-a
gcuirp chruadha. Tagann an bharamhail seo
de dhá rud atá le feiceál go soiléar — (I)
Gluaiseann na plainéid timcheall na gréine
beagnach ar aon phlána amháin; (2)
Gluaiseann na hocht bplainéid agus an cúig
chéad plainéadóg i n-aon treo amháin agus
casann na gealacha, cé is moite de chúpla
ceann, timcheall na bplainéad sa treo
céadna freisin. (1, condensed; 2, solar
system; 3, planets; 4, spectroscope; 5,
meteors; 6, orbits; 7, planetoids; 8,
planetismals; 9, comets; 10, plane.)



(Leanfar dhe seo.)



SEAGHÁN Ph. Mac ÉNRÍ.



CEAPÓGA.



'SÓ-RU 'MHÍLE GRÁDH.



'Só-ru bhó-ru, bhó, is ó-ru 'mhíle gradh,
Casóigín glas-caorach bréidín tíre tá ar mo
ghrádh,
'Só-ru bhó-ru, bhó, is ó-ru 'mhíle gradh,



'Só-ru bhó-ru, bhó, is ó-ru 'mhíle gradh,
Grádh mo chroidhe ó thaobh go taobh do chúilín
catach, ban,
'Só-ru bhó-ru, bhó, is ó-ru 'mhíle gradh,



'Só-ru bhó-ru, bhó, is ó-ru 'mhíle gradh,
Bliadhain ó indiu go cinnte beidh mé a'
rinnce i Meiriceá.
'Só-ru bhó-ru, bhó, is ó-ru 'mhíle gradh,



'Só-ru bhó-ru, bhó, is ó-ru 'mhíle gradh,
Nach fada siar Cill Chiaráin,
Is taobh thiar de atá mo ghrádh,
Is ó-ru bhó ru, bhó, is ó-ru 'mhíle grádh



Só-ru mhíle grádh,
Fear as Corr-na Móna an fear ba súgaige
bhó ar an Mám,
Só-ru bhó-ru, bhó-ru, is ó-ru 'mhíle grádh.



Is ó-ru 'mhíle grádh
I mBaile na hAbhann atá mo roghain
Agus caithfe mé dhul ann
Is ó-ru bhó-ru bhó, is-ó-ru mhíle grádh.



Is ó-ru 'mhíle grádh,
Siar is aniar le habhainn,
A' ruaigeadh gabhar atá do ghrádh
Is ó-ru bhó-ru bhó agus ó ro mhíle grádh.



Is ó-ru 'mhíle grádh
Éist do bhéal a chlabaire
Sin breág atá tú 'rádh,
Is ó-ru bhó-ru bhó & ó-ru 'mhíle grádh.



Is ó-ru 'mhíle grádh
Is geall le Tír na h-Óige
Dul 'un ceóil go h-Eanach Mheadhoin
Is ó-ru bhó-ru bhó & ó-ru 'mhíle grádh.



Is ó-ru 'mhíle grádh
Grádh mo chroidhe mo chumann
Agus is cumaoin dom é 'rádh,
Is ó-ru bhó-ru bhó agus ó-ru ‘mhíle grádh.



Is ó-ru 'mhíle grádh
Shiubhailfinn Páirc an Bhéaraigh (nó Ghleannta
Éireann)
Piocadh sméara le mo ghrádh,
Is ó-ru bhó-ru bhó agus ó-ru 'mhíle grádh.



Is ó-ru 'mhíle grádh
Ní fhaca mé le seachtmhain é
Agus níl fhios a'm cé'n fáth,
Is ó-ru bhó-ru bhó agus ó-ru 'mhíle grádh.



Is ó-ru 'mhíle grádh
Is fuide liom go Domhnach
Ná bhfuil róinn go Féil tSin Seáin
Is ó-ru bhó-ru bhó agus ó-ru 'mhíle grádh.



Is ó-ru ‘mhíle grádh
Is maith d'aithneóchainn-se mo stóirín
Is ngleóiteóig an tseóil bháin
Is ó-ru bhó-ru bhó agus ó-ru 'mhíle grádh.



Is ó-ru ‘mhíle grádh
Níl eidir mé is mo stóirín
Ach aon tórainnín amháin
Is ó-ru bhó-ru bhó agus ó-ru 'mhíle grádh.



Is ó-ru ‘mhíle grádh
Chonaic mé ar an aonach thú
Is gan a'd ach cearc an áil
Is ó-ru bhó-ru bhó & ó-ru 'mhíle grádh.



Is ó-ru ‘mhíle grádh
Ba mhinic an fear fada
'Ceannach fataí ón bhfear gearr
Is ó-ru bhó-ru bhó agus ó-ru 'mhíle grádh



Is ó-ru ‘mhíle grádh
Ní bhainfeadh cíor ná raca
Mike Maoldomhnaigh as mo cheann
Is ó-ru bhó-ru bhó & ó-ru 'mhíle grádh.



Is ó-ru ‘mhíle grádh
Ghrádh mo chroidhe té d'innseóch' dhom
Cé'n inntinn tá ag mo ghrádh
Is ó-ru bhó-ru bhó & ó-ru 'mhíle grádh.



Is ó-ru ‘mhíle grádh
Nach oibheann don taobh tíre,
Bhfuil mo mhian a' tarraing ann
Is ó-ru bhó-ru bhó & ó-ru 'mhíle grádh.



Is ó-ru ‘mhíle grádh
Is fada domhain i bhfairrge
Atá ceann ancoire ag mo ghrádh.
Is ó-ru bhó-ru bhó & ó-ru 'mhíle grádh.



Is ó-ru ‘mhíle grádh
Ní choinneóch fear is píce
Seán Ó Fíne as Bun an Áill
Is ó-ru bhó-ru bhó & ó-ru 'mhíle grádh.



Is ó-ru ‘mhíle grádh
Tá díol a ríogh gan bó gan laogh
I mbean as Eanach Mheadhoín
Is ó-ru bhó-ru bhó & ó-ru 'mhíle grádh.



(Duine ar bith a bhfuil tuilleamh de na
Lúibíní seo aige cuireadh sé isteach chugainn
iad, más é a thoil é. — F. An Stuic).


L. 4


AN T-ATHRÚ TIGH UÍ
CHLÉIRIGH



Tá Ó Cléirigh & Comh a' thabhairt cuiridh
dhuit a theacht go dtí n-a siopa go
bhfeice tú an lasgaine mhór atá siad a
thabhairt uathu in gach earradh, lasgaine
a bhéas le fághail uathu ar feadh
tuairim's ráithe fós. Ní féidir athrú a
chur ar gach roinn den earradhlainn ar
fad i gcuideacht, ach níl lá dá ngabhfa
thart nach bhfeice lasgaine éigin i ní
éigin dá tabhairt & éagsamhlacht earradh
dá cur ar fághail. Ar an gcuma seo,
sul dá dtí ibhfad beidh an Earradhlann
ar fad a' tigheacht de réir a chéile ar
an gCoimhrian Nua .i. SAOIRSE
EARRADH & MÉADÚ A n-ÉAGSAMH-
LACHTA.



Trí ruda pearsanta a'baint
leis an gnotha seo.



Níl baint ná páirt ag Tigh Uí Cléirigh
le aon chomhlucht Sasanach, & is airgead
Éireannach — chuile phighinn de — atá dá
choinneál suas. Mar sin a bhí sé go
dtí seo: mar sin a bhéas.



Seo giota as díleagra a thug na
Ceannachóirí Tigh Uí Cléirigh don
Chinnire nua, Seán F. MagUidhir (a bhí
go dtí le goirid tigh Sílbroin i Sraith
Mhuirbhthean), a'fáiltiú roimhe: “Chuir
sé áthas mór orainn cloisteáil, an
tseachtmhain seo caitheadh, gur toghadh thú
ar lucht Cinnireachta Tige Uí Cléirigh
& a Chomh. mar Chinnire Tioncuir, & go
bhfuil na gnotha go hiomlán fá do
chomhairle & do choimhghliocas. Thaithin
sé linn freisin go mbeidh an coimhrian
nua seo i bhfeidhm, sé sin, Beagán
Brabaighe agus Díol & Ceannach ar
Airgead-síos, mar tá tú thar éis
innsean dúinn, & go bhfuil ordú tugtha
agad do do Cheannachóirí go gcaithfear
margaidh an domhain a chuartú leis an
Earradh is Nuacha & is Fearr a sholáthar.
Beidh aghaidh muintire na hÉireann ar
fad orainn mar gheall ar chomh saor &
tá ordaighthe agad dúinn a dhíol, &
déanfamaid den Earradhlainn álainn
seo deisimreacht d'fheara fáil ar an rud
is Ceannaigheacht Rathamhail ann. Sul
dá dtáinig tú féin, bhí eolus againn
ar do gheanamhlacht & do chineáltas don
mhuintir atá ag obair fút, agus déanfa
líon gnotha an tighe seo le dúthracht &
Ionnas a gcinn finne do chongnamh
dhuit leis an árd-chuspóir a chuir tú os
ar gcomhair a aimsiú.”



Seo giota teachtmhar as leitir a
cuireadh i n-éindigh le bronntanas a
thug cuid de Conghantóirí óga Tigh Síl
Broin do Sheán F. MagUidhir nuair a
bhí sé a' fágáil an tighe sin:



“Gach rud ar thóig tú lámh os a chionn
d'éirigh leis thar bárr, & sé Teach Uí
Chléirigh an chraobh mhullaigh a bhéas orthu
ar fad. Ní bhéidh sa méid sin ach
luachsaothair ar a ndearna tú de mhaith
& de chineáltas. Is aoibhinn don líon
gnotha atá anois fán maighistir is fearr
& is cineálta dár cuireadh eolus riamh
air. Ba mhó ba cosmhail le Athair thú
ná Máighistir, & támaid a' cathú 'do
dhiaidh mar bheadh clann i ndiaidh a
n-athar. Glac, le do thoil, an corn
airgid seo mar sheod cuimhne.”



Ó CLÉIRIGH AGUS A CHOMH.,
TEORANTA,
SRÁID UÍ CHONAILL,
BAILE ÁTHA CLIATH



Stortha an Mhalóidigh, i nGaillimh.
BRÓGA GAEDHEALACHA.



GACH RUD AR FHEABHAS.



SÍOLTA AR FHEABHAS,



Agus gach a dteastuigheann ón bhfeilméara
Le fagháil ó
MHAC OSGAIR,
I mBARR AN CHALTHA, I nGAILLIMH.




AN GHAOTH ANIAR.
a sgríobh
Tomás Ó Máille.
le fághail ó



CHOMHLUCHT OIDEACHAIS NA
hÉIREANN.



Ceithre sgilleacha (glan) a luach.



Duine ar bith a dteastuigheann “An
Stoc” uaidh, nó ar mhaith leis fuagradha chur
ann, sgríobhad sé ag an mbainisteoir .i.



An T-ATHAIR Ó CEALLAIGH,
Sráid Doimnic, a 23,
I nGaillimh.



Thríd an bposta 4/- sa mbliadhain.
Thríd an bposta 2/- sa leithbhliadhain.



Maidir le gach ádhbhar sgríobhtha a theidheas
sa bpáipéar cuirtear sgéala ag



TOMÁS Ó MÁILLE,
Coláiste na hIolsgoile,
I nGaillimh.



AN STOC



MEITHEAMH, 1923.



ÓN SEAN GO DTÍ AN NUA.



Tá athrú mór tagtha ar an saoghal ó bhí an
Stoc a' labhairt go deirid. Tá Éire ar ar
gcomhairle féin againn, geall leis, dá
bhféadamais cinneadh ar chomhairle ina taobh
Cébi sgéal é níl aon bhacadh ar Ghaedhilgeoir
Gaedhilg a labhairt ná ar sgríbhneoir Gaedhilg
a sgríobh. Agus tá siad dá dhéanamh — i
n-áiteacha.



Bhí fuireann mhaith sgríbhneoirí leis an sean-
Stoc agus tá siad againn fós, míle
buidheachas le Dia, agus tuilleamh ina
dteannta. Fuair cuid den tsean-uimhir
grádhamh & postaí mar gheall ar fheabhas a
hGeadhilge & a n-eoluis & go maire siad a
ngrádhamh. Ní fhéadfa siad siúd oiread
freastail a dhéanamh ar an Stoc is rinne ach
bhéarfa siad gach a bhféadfa siad
do chongnamh go mbí an uimhir
nua ag éirghe suas ina n-áit. Níl aonduine
adéarfas i n-ar n-aghadh nach raibh an tsean-
mhuintir go maith, ach féadfamaid geall a
chur go bhfuil breac sa bhfairrge chomh maith
is gabhadh fós. An fear nach gcuala aonduine
trácht go fóill air b'fhéidir gurb é an
sméar mhullaigh uilig a bheadh ann, sa saoghal
atá romhainn amach. Tá cúpla míle ann i
ndon Gaedhilg a sgríobh & níl ach cúpla
duisín dá dhéanamh. Gan áidhbhéil ar bith a
dhéanamh féadfamaid a bhéith a' súil leis an
toradh céadthach.



CUIREADH.



Chuig bliadna ó shoin cheana thugamar
cuireadh fairsing, foirleathan do sgríbhneoirí
Gaedhilge a ndréachta a chur chugainn le
foillsiú sa Stoc. Tháinig cuid mhaith isteach
& feicthear dhúinn go raibh cách leath-shásta go
maith. Tugamaid an cuireadh céadhna dóibh
arís idir an sean & an nua. Níl sinn a'
gealladh go gcuirfear 'chuil dhréacht isteach
ach ná cuireadh sin droch-mhisneach ar éinne.



GRIAN NA SAOIRSE *



Níor bhinne le Oisín sgaltarnach Loin
Dhoire an Chairn lá den tsaol ná an sgéala
chuir Eagarthóir “An Stuic” chugam .ie. go
raibh sé ar tí ceann nua a shéideadh: go
músgladh sé Connachtaigh agus daoine nach
iad as codladh draoidheachta sin an Béarla
a bhfuilid ann le fada, faríor! B'aoibhinn
linn glór gle glinn an tSean-Stuic gach
uair dhá gcloisimis é roimhe seo agus nach
orainn bhí an brón agus an briseadh croidhe
nuair chualamar go bhfuair na “Crúba
Dúbha” greim air, gur bhriseadar is gur
strachladar ó chéile é is gur chuireadar ó
rath é. Cheapadar féin gur chuir. Siad a
bhí práinneach astu féin go raibh deireadh go
deo le ceol binn-bhriathra urlabhra Ghuill
agus Ghráinne agus Ghníomhaigh — an mairtír
-shagart úd ar bhinne leis teanga Chlainne
Gaedheal ná grádhamh dhá mhéid ar an saol
seo — buil Dé agus na Maighdine agus
Mairtír do-chomharthuighe na h-Éireann go
raibh a anam gléigeal indiu.



Nach iad na Crúba Dubha a bhí meallta!
Nárbh iad na tréin-fhir iad go n-eireóch' leo-
san marbhadh fáisg' a chur ar an saol Fódhlach
agus ar chanamhaint cheolmhair na tíre an lá
a chlis sé ar Dhanar is Normannach is
Cromullach is ar gach aon tíoránach eile dhá
dtug fá na dhéanamh chuile lá ariamh. Is
iad-san féin adubhairt é is níorbh é Dia;
moladh go deo Leis. Atá a seadh tugtha
acu anois agus bheadh sé cho maith dóibh
féachaint le crann daraighe a tharrainnt as
an talamh le n-a gcuid fiacal le sliocht
cródha calma Mhíleadh a shárú ná an lámh i
n-uachtar fháil orru. Sé a ndúbhshlán an dá
sheod is luachmhaire dhá bhfuil acu a bhaint
díobh: a gcreideamh is a n-urlabhra dúthchais.
Chlis ar an námhaid i gcomhnuidhe an dá sheód
sin a bhaint díobh ar ais nó ar éigean, agus
an lá a bhí an sean-bhunadh i ndon iad sin
a chosaint orru bhí leo. Níor madhmadh orru
ariam an fhad is bhíodar i ndon fáinne catha
gan briseadh gan bearnadh a choinneál
timcheall orru. Níor bhfiú biorán aon chreach
ná aon ionnmhas ná iarrmhais eile dhár éirigh
leis an ngaduidhe a thabhairt leis. Ní raibh
ionntu ach mar bheadh cúbhar na habhann aige
ann. Turas i n-aistear a bhí aige ann
fearacht an té údan a d'fhéach le gad gainimh
a thabhairt leis abhaile. Ní fhágann sin go
ndearmadtar gach ar fhulaing muintir na
h-Éireann ó shanntuigh an coigcríoch í — go
háirid le blianta beaga anuas — an
dúnmharbhadh agus creach-losgadh agus an
fuadach agus gach aon an-trom eile dár
h-imreadh orru ba mhilltighe agus bo mheasa
ná a chéile. Ach bhí Dia go maith, is níor
éagcaoin Clainne Gaedheal. “Bu mhó
Páis Chríost” adeiridis ar chloisteál gach
coir ab uathbhásaighe ná a chéile dhá ndéantaoi.
Chabhruigheadar is choinnigheadar le chéile.
Níor chliseadar ar a cheile, dar a shon! Sé
a mhalairt a rinneadar mar bu dual dóibh.
Atá sé ráidhte gur maith le Dia féin cabhair
fháil. Tugadh sin dó. Caithfe sé go raibh
gliondar ar a chroidhe nuair chonaic sé go
cé'n tiacht aniar a bhí ionntu. Bhí Luthgháir
sna flaithis atáim cinnte nuair a chonaic
Colm Cille agus Pádhraic agus Bríd agus
Fionnbharr agus Feichín agus na naoimh agus
na Gaedhil-mhairtír eile cho cumasach is bí
a muintir féin i bhfus a' cruthu: go rabhadar
dílis do Dhia is d'Éirinn mar bhíodar féin
i gcomhnuidhe. Chuidigheadar linn agus
d'agruigheadar ar Dhia na n-uile-Chumhacht
fóirithín a dhéanamh orainn agus a theacht de
chabhair chugainn. Níor Leis ab fhaillighe é.
Chuir Sé deireadh leis an stoirm is an gála.
Sgap Sé na sgamaill is na néallta gur
Leig Sé do grian na Sairse soillsiú orainn
fá dheireadh thiar. Atá sí a' gobadh chugainn
aníos thar chnoc is sliabh is í a' cur loinnir is
lainnire ar loch is logán. Atá íocshláinte
ina cuid gaethe a bhéarfas fad saoil don
duine agus a chuireas bláth ar an tír. Fan
go n-árduighe sí anoir chugainn — go súgha sí
na néallta is go mbí an spéir fúithi féin —
sin é an t-am a chuirfeas aoibhneas agus
gliondar ar chroidhe an duine i gceart.
D'fháiltigheadh na Gaedhil i gcomhnuidhe roimh
an lá breágh agus d'éirigheadh a gcroide le
ríméad nuair gheallfadh Dia deágh-aimsir


L. 5


dhóibh. Cé mar fháilteóchas Connachtaigh roimh
ghrian na Saoirse? A' n-abrócha siad 'tar
slán' mar adéarfadh an tAthair Ó Gníomha,
dhá mbeadh seo beo, nó an í teanga gharbh
gharg na gCrúba Dúbha bhéas le cloisteáil
acu? … A Chonnachtaigh mo
chléibh, ní mór dhíbh dúiseacht: sin é “An
Stoc” ag glaodhach orraibh.



PÁDHRAIC Ó DOMHNALLÁIN.



(* Tá sé os cionn bliadna & ráithe ó
sgríobhadh an aiste sin don Stoc & oireann
sí anois chomh maith & rinne an chéad lá. F.
An Stuic).



CULAIDH ÉADHAIGHE.



“Go mbeannuighe Dia annseo.”



“Go mbeannuighe Dia agus Muire dhuit
a Mhóirne: suidh síos agus déan do chuairt.”



“Ní tráth suidheadh dhom é, go raibh maith
agad. Thíos tígh an ghúnnadóra bhí mé le
ádhbhar culadh éadaighe. Bhí sí a' coimhlint
ag iarraidh an méid a bhí ar láimh aici a
chríochnú agus nír fhéad sí freastal dom.
Beidh an t-Oireachtas ar siubhal i mBaile Átha
Cliath an tseachtmhain seo chugainn agus ní
cheidneóchainn ar a dhá luach gan mo ghúnna
bheith réidh agam. Ní 'mé beo céard a
dhéanfas mé?”



“Céard a dhéanfá ach bualadh faoi thú
féin. Níl falach dá gcaithim-sé nach mé fhéin
a ghníos.”



“Is fusa caint a dhéanamh ná casóg.”
“Nuair a bhí agam fuagháil agus cnitheáil a
fhóghluim ba bheag an spéis a chuireas ionntu.
Tá a aithshliocht orm anois, tá mé i dtuillea-
maidh daoine eile mo chuid fuaghála a dhéanamh
dhom agus d'fhág sin mall deire' orm.”



“Ná bíodh droch-mhisneac ort. Níl an
sgéal thar fóir. Caith dhíot do bhrat bráighde
agus bhéarfa mise congnamh dhuit agus chífe
tú fhéin go mbeidh do ghúnna agad i gcomhair
an Oireachtais.”



“Tá mé an-bhuidheach dhíot go deimhin, ach
cé'n chaoi a n-iarrfad ort é dhéanamh agus
chomh cruadhógach agus tá tú.”



“Is iomdha lá ag an uaig orainn. Má
chuirim mo chuid ama go maith go dtí an
méid sin tiocfa mé uaidh … Is mór
an cornadh éadaighe é seo agad. Cé mhéad
slat ann?”



“Seacht slata.”



“Beidh fuighlleach agad, ach ní racha sé
amú. Má bhionn breith againn air tig
linn fallaing a dhéanamh dhe agus mise
i mbannaí go mbeidh díol cailín óig ar bith
sa gcúige de chulaidh agad. Sgar an t-
éadach ar an mbord anois agus dúbail ar
a fhad é le n-a dhá chiúmhais le chéile agus
gearr amach dhá leithead do réir an phátrúin.
Cuir an dá leithead le chéile annsin agus
fuagh suas iad ar 'ch aon taobh, cé is moite
de naoi n-ordlaigh — nó mar sin — d'osgladh
a fhágfas tú an thaobh na ciotóige. Bhí
cúramach gan suathadh-fuaghála a leigean ann
nó beidh leath-fhad agad. Ach fan! béidir
go mb'fhearr gó-shnáithe a chur faoi ar dtús
agus ní baoghal dó. Nuair a bhéas sé
fuaighte agad fágh píosa den éadach cúpla
ordlach ar leithead agus chuir de éadan thart
ar an osgladh é. Annsin cuir cruinní ann
timcheall an bhásta agus daingnidh ar chrios
é. Beidh an t-íochtar réidh annsin agad le
fáithim a chur air, ach ní mór dhuit é fhéachaint
ort ar dtús i riocht is go mbeidh 'fhios againn
cé'n fad a fhágfas sinn ann. D'fhéadfamais
péire pócaí a chur freisin air agus — dá
mba mhaith leat é — cúpla rufaí nó filltíní
beaga thart le n-a íochtar. Cé mar
thaithneóchaidís leat?”



“Muna misde leat-sa bheinn chomh sásta
déanamh sleamhain a thabhairt air agus gan
bacadh le fruigisí ar bith.”



“Tá go maith 'doile. Cuirfimid leath-
chromadh de fháithim air. Annsin cuirfe tú
iarann te air leis na fuaghálacha agus na
fithíní a dhíriú amach.”



II.



“Tá gléas tomhais ins a gciseán úd thall
ar an mbord agus sín chugam é má sé do
thoil é go dtóga mé miosúr do chabhlach …
Cén fad a fhágfas mé insa muinchille?”



“Go dtí caol mo láimhe. Ní thaithnigheann
na muinchillí gearra sin liom. Chonaic mé
gúnna deas ar Nuala Fheichín Lá'n Tobair
Bhí druineachas dhe dhá chineál snáithe síoda
ar thosach na cabhlach agus timcheall an
mhuiníl. Bhí crios den éadach ina bhfilltí
timcheall a cuim, cuachóg air os cionn a
corróige, a dhá cheann a' sileadh léi síos
agus corthar den tsnáithe síoda leo.
Thaithnigh sé go mór liom agus bhí mé a'
ceapadh, ó thárla do lámh ann go gcuirfeá
crios dá shórt ar mo ghúnna fhéin. Ach
maidir leis an druineachas cé b'áil liom a
bheith caint air, cheal an tsnáithe.”



“Ná coinnigheadh sin uait é. Tá cupla
íorna agam-sa thug mé as Gaillimh liom le
fuagháil fhreanncach a chur ar ghúnnaí na
bpaísdí agus tig leat a iasacht a bheith agad.
Tóg chugad píosaí na cabhlach anois agus
fuagh ina chéile iad. Beidh ceithre cinn de
uama agad ann-ceann fá 'ch aon asgaill &
os cionn na ngualann. Nuair a bhéas siad
fuaighte agad leathnuigh amach le iarann te
iad i gcaoi go mbeidh siad deas, luighte,
agus sílim nach fuláir dhuit greim a chur fá
n-a mullach le na gcoinneál ó sgeitheadh
mar tá an t-éadach roinnt sgagach. Déan
na muinchillí annsin agus fuagh isteach iad.



III.



“Chomhfhad's bhéas tú leis an gcabhail
gearrfad an fhallaing. Ní mórán gearrtha
atá uirthi cé is moite de áit na ngualann
agus imhúnlú timcheall an mhuiníl. Is deas
a thiocfadh cochall di, agus d'fhéadfamas
líonán síoda bheadh freagarthach don éadach
a chur leis.”



“Cuimhnighim fallaing dheas 'fheiceál ar
mo shean-mháthair nuair a bhí mé 'mo chailín
bheag. Ní cochall a bhí aici uirthi ach dhá chába
— ceann acu a' sroicheadh síos leath bealaigh
go dtí na glúiní agus ceann beag eile os
cionn na ngualann. Bhí trácht mhór ar an
bhfallaing chéadna le n-a deiseacht agus
deirtí nach raibh a leitheid eile teacht 'un a
phobail. Ach ar ndó bheadh sé mór agam an
oiread sin síleála a chur ort.”



“Ní hé an trioblóid a chásóchainn chor ar
bith ach go feicthear dhom go bhfuil dúil agad
dul ins na sean-mhná de luas cos. An
fhallaing a bheadh deas feileamhnach ag do
shean-mháthair nach luigheann sé le nádúr go
mbeadh sé ro-sheanórtha agad-sa. Tá
cuimhne mhaith agam ar an bhfallaing sin atá
i gceist agad. Bhí mé de chongnamh dho do
sheanmháthair a' cárdáil agus a' sníomh a
h-ádhbhair. Nuair a tháinig an bréidin abhaile
ón bhfígheadóir, bhaineamar beirt a úradh as &
dhathaigh sí fhéin é agus chuir sé na gibíní
air. Céard a thárla don fhallaing sin chor
ar bith, bhfuil 'fhios agad?”



“Tá 'fhios agam go maith: gan aon mheas
a bheith ar a leitheide nuair a bhrúigh na nóis
ghallda isteach orainn agus í chaitheamh do
leath-taobh go ndearna na leamhain riathar
de.”



Go bhfóire Dia orainn. Ní thiocfa ciall
choidhche dúinn. Ach nach fearr dhúinn socrú
i dtaobh na fallainge. Cheapfainn go mba
deise dhuit cochall ná cába ach — do chomhairle
fhéin.”



“Ní chrochfa mise do bhreitheamhnas, a
bhean chóir, agus ba sunnda an mhaise dhom
fhéin é dá ndéanainn.”



IV.



“Tá chúig nó sé do shlata anairte annsin
agam agus bhéarfad ádhbhar bioragúin duit
a dhéanfas tú sa mbaile duit fhéin.



“Ó is dá innsean do dhuine mhuin-
theardha é, tá faitchios orm nach bhfuil sé de
stuaim ionnam an méid sin fhéin a dhéanamh
mar nach ndearna mé aon bhall dá shaghas
ariamh.



Gearrfa mise dhuit é agus ní bheidh
stróbh ar bith ort é chur le chéile. Ar ndó tá
fhios agad gur ab í an uaim Fhranncach is
iondamhla cuirtear ar éadaighe istigh. Fuaigh-
tear na píosaí le chéile ar an taobh ceart
den bhall éadaighe ar dtús. Annsin
iompuighthear amach an taobh bun os cionn
de agus fuaightear ar an taobh sin é. Ní
bhíonn le feiceál ach aon fhuágháil amháin ar
an gcaoi sin agus bíonn colbhanna giobacha
an éadaigh fuaighte isteach as amharc.



Mar seo ghníos daoine eile an uaim
sin — iompó beag a chur ar chean
de na píosaí atá le fuagháil agad mar
bheitheá a' leagan fáithime; an píosa eile
a shíneadh os a chionn díreach le na cholbha agus
greim reatha a chur fúthu, annsin leag é
agus fuagh é mar dhéanfá le fáithim.



“Go raibh maith agus fad saoghail agad.
Ní bheadh dul ar bith orm i dtaobh na fuágála
ach an t-éadach a bheith leagtha amach i gcóir
agam. Sé an rud is mó atá ag cur as
dom nach bhfuil aon taithighe agam aon bhall
éadaighe a ghearradh amach ná a chur le chéile.
Ach cé beag sin? Tá lása agus innliudh
sa mbaile agam agus d'fhéadfainn a chur
leis dá gceaptá go mba deiside é.”



“Go gcomhaireamuid fhéin an bhliam.’ Bhí
mé ar tí rádh leat dá mbeadh lása agad le
n' aghaidh go mbeadh bioragún deas agad,
agus — comhairle bheag — nuair a bhéas tú a'
cur an lása leis 'sé fhuágháil fá n-a mhullach
is fearr dhuit a dhéanamh. Bhfuil tú i ndon
polláirí a oibriú agus na cnaipí a chur?”



“Ní'l mé thar mholadh beirte, ach béidir
go ndéanfaidís cúis.”



“Thagair tú dho chniteáil ar maidin.
Bhfuil 'fhios agad le péire stocaí a
dhéanamh?”



“Nós na mná fadó ‘dhéanfainn-se stocaí
marach a dtosuighe, an tsáil, an trácht agus
an colpa luighte.’ Tá mé indon stoca a
dheilbh, agus is minic a rinne mé píosa mór
cniteála, ach ní fhéadfainn é chur i gcruth
stoca dá bhfuighinn a dtugh tonn ar tráigh
as 'ucht.”



“Tá píosa lae fós ann agus má shuidheann
tú sios sgathamh beag bhéarfad taisbeánadh
dhuit ar an mbealach a ndéanfa tú stoca a
chúmhangadh; agus an tsáil a thógáil agus a
dhúnadh.”



MÁIRE NÍ THUATHAIL.



Teas-intreabh, Taoidhean-oibreacha, agus
Foirgneamh Tighthe.



ROIBÉARD MAC DOMHNAILL,
Sráid Doimnic, GAILLIMH.



Muiniú céin-sgéil:
“Plumbus,” Gaillimh.



BRÓGA NA LAOI.



NA BRÓGA IS FEARR LE CEANNAC
Ag
SEÁN Ó LAIDHE,
I mBARR AN CHALTHA, I nGAILLIMH.



An Teach a bhfuil cliú air le haghaidh
Tae, Fíona, Biotáilte & Intreabh Tighe.



M. BREATHNECH,
SRÁID ÁRD, NA GAILLIMHE.



Níl aon tsiopa ins na cúigí a bhfuil níos mó
earraidhe Gaedhealach le fagháil ann ná ag



A. MOON, TEORANTA,
A dhíolas cultaí fear, hataí ban & gach aon
tsort éadaigh fheileas d'fhear, bean, nó
páisde.
FIORGÍONTA EGLINTON, i NGAILLIMH.



FÁINNÍ



Má theastuigheann fáinní uait sgríobh
chugam-sa & cuirfead chugat leabhrán a
bhfuighe tú gac eolas i n-a dtaobh ann.
Taisbeánfa sé duit an chaoi le airgead
& aimsir a shábháil & trioblóid a sheachaint



FALLER, I nGAILLIMH.



Tae, Fíonta, Biotáilte, Chuile Shórt ar
Fheabhas.
MICHEÁL BREATHNACH,
An Chearnóg, I nGAILLIMH.



Beidh ÉIRE láidir má bhíonn Clainne Gaedheal
láidir. Ithidís an fheoil is fearr agus
tá sí sin le fagháil ó



Ó FALLAMHAIN,
Sráid Gheata na Mainistreach, I nGAILLIMH.


L. 6


Sé an tAthair Eoghan Ó Gramhna a sgríobh
síos an sgéal so ó Bhrian Mac Confhaola i
i n-Innis Meádhoin. Is dóigh liom gur fhoillsigh
an “Tuam News” é mar fríothadh lamh-
sgríbheann an Athar Eoghan i measg páipéar
an Eagarthóra. Sé Seán Ó hÓgáin a rinne
an chóip seo dhom, ceithre bliadhna ó shoin. —



SEÁN Mac GIOLLARNÁTH.



Fadó, tá suim mhaith aimsire ó shoin, ní
raibh aon duine dá gcailltí i nGaillim,
nuair a cuirtí ins an uaigh é nach mbeadh
tugtha tha as ar maidin; agus ní bheadh fhios
céard do thug as é. Bhí mar sin go raibh sé
i bhfad 's i bhfad ins an aimsir, agus gach
uile dhuine dhá thógáil.



Bhí fear ann, agus cailleadh é, agus bhí
dearbhráthair 'na dhiaidh. “Maise” deir
an dearbhráthair leis féin, “béidh fhios
agam-sa céard tá ag tabhairt na ndaoine
as, déanfa mé aireachas ar mo dhearbhráthair
go bhfágha mé amach an gcorróchar é.”



Annsin, san oidhche, héis a churtha, chuaidh
sé gur luigh sé i dtuama ann, i leath-taobh
tamall beag ó'n uaigh. Agus níorbh fada
gur airigh sé torann ag tigheacht, agus déar-
fá go dtáinig beagán faitchís air, agus má
tháinig féin, ghlac sé 'na mhisneach é, go
dtáinigeadar isteach ins an roillig.



Thosaigheadar ag cartadh na huaighe, gur
thóigeadar as an duine bhí héis a churtha,
agus gur fhosglaigheadar an chónra.
Bhaineadar as an gcónra annsin é, agus bhí
bráillín (bráithlín) acu, agus cuireann siad
an chónra síos ins an uaigh arís.



Thugadar leo annsin an bráillín, agus
leagadar i leath-taobh é, agus d'imthigheadar
féin i leath-taobh ag inigheachán a lámh mar
bhíodar salach a' plé leis an uaigh.



Ach bhí an dearbhrátháir ag aireachas orthu
i gcomhnuidhe, agus nuair a fuair sé imthighthe
iad, d'éirigh sé agus tógann sé as an
mbráillín an fear básuighthe, agus leag sé
an marbhán i dtom. Chuaidh sé féin agus
luigh sé ins an mbráillín agus chas sé 'na
thimhchioll é mar bhí sé casta acu-san timchioll
an mharbháin.



Annsin, nuair a tháinig na bitheamhnaigh,
thóigeadar agus d'árduigheadar, ceathar acu
ar a nguaillí é, agus bhuaileadar leo 'un
an bhaile mhóir. Bhíodar ag imtheacht go
rabhadar i n-aice an Choláisde tá i nGaillimh,
a raibh an dáreag dochtúirí seo na gcomhnuidhe
ann, mar is dochtúirí óga a bhí ionntu — díth
agus deacair orthu!



Annsin bhí fhios aige-san go maith cé
rabhadar dhá thabhairt. D'éirt sé go raibh sé
ionann 's a bheith ag an gColáisde, annsin
thosuigh sé ag corruighe thuas ar a nguaillí,
agus dhá chrathadh féin



Sgannruigh siad-san agus bhuail faitchíos
mór iad, gur sgaoileadar anuas dá nguaillí
é.



Cheapadar gurb é an marbhán a bhí ag
beodhchan acu agus ghreadadar 'na sean-
rása leo, agus d'fhágadar annsin an
buachaill.



Agus níor tóigeadh aon duine as an
roillig uaidh sin amach.



E(OGHAN) Ó G(RAMHNA).



TEACH NA H-OLLA



SRÁID NA SIOPAÍ,
I NGAILLIMH.



Cuidigh le déantus na
hÉireann & sábháil airgead.



Cultaí ó 70/-
go dtí 130/-



MÁIRE NÍ RAGHALLAIGH,
Díoltóir leabh ar & paipéar &c.
87, Sráid Uach. na Driseóige,
ÁTH ClIATH.



SÉIMÍN PHEIGÍ.



Ní fhaca tú ar sholus do shúl ariamh aon
ghasúr a bhí chomh crosta, cuirpthe le Séimín
Pheigí. Ní raibh rud ar bith trom ná te air.
Bhí sé amhlaidh ón gceadh lá a rinne slat
cóta dhó, agus deireadh na cómhursanna go
mbeadh sé amhlaidh go dtéigheadh trí sluaiste
an bháis air. Má bhí fhéin, ní den ghaoith athóig
sé é. Bhí a athair roimhe amhlaidh, agus deir
siad gur maith an mac a thugas dúthchas an
athar leis.



Ní théigheadh Séimín ar sgoil ach chomh
hannamh agus b'fhéidir leis. Ní raibh aon
ghrádh mór aige don mháighistir, mar gur
minic a d' fhághadh sé liúradh Chonáin uaidh
nuair nach mbíodh a cheachta aige, rud go
mb'annamh a bhíodh. Badh é baramhail Shéimin
nach bhfacthas ariamh ins an domhan aon dít-
céille chomh mór le bheith ag cur daoine ar
sgoil. B'fhearr leis go mór fada lá a
chaitheamh a' cuartú' neadracha nó a' marbú
iascán. Dá mbeadh aimsir sheaca ann ní
raibh caitheamh aimsire ab' fhearr leis ná a
bheith a' sleamhnú ar an leic-oidhre, dá
mbeadh sí sáthach láidir — rud ar bith ach gan
iarraidh air dul ar sgoil.



Mhaidin amháin dá raibh Séimín mall, bhí
an máighistir a' fanacht leis ag doras na
sgoile agus a dhá láimh ar chúl a chinn aige.
Badh mhaith a bhí a fhios ag Séimín am ar bith
a mbíodh a lámha ar chúl a chinn ar an máighis-
tir go mbíodh slat chán i bhfolach aige.
Fiafruigheadh de tuige a raibh sé mall agus
tuige a dtáinig sé gan móin. Sé an leith-
sgéal a bhí ag mo dhuine go mba leite a bhí
acu le haghaidh an bhricfasta agus ó ba
rud é go raibh an teach i muinighin spúnóige
amháin, agus go raibh cúigear eile le n-ithe
léi chomh maith leis-sean, go mb' éigin dó-
san fanacht go dtí an duine deiridh. Ann-
sin bhí an oiread sin faitchís air go mbeadh
sé mall, adubhairt sé, gur bhuail sé an
bóthar ar áit na mbonn a raibh sé réidh agus
dheamhan cuimhniú ná smaoineadh a rinne sé
ar an móin.



Níl a fhios agam ar creideadh an sgéal
ar fad nó nár creideadh, ach ar chuma ar
bith ,horduigheadh do Shéimín dul ar ais
abhaile fá dhéin na móna, mar go mba mhór
an chabhair dhá fhód cloch-mhóna do theinidh nach
raibh a fhios ar theacht nó imtheacht dí. Bhí
áthas air an t-ordú a fhágháil mar go mbeadh
giota mór den lá caithte nuair a bheadh sé
ar ais. A' dul thart le teach an mháighistir
dó, a bhí ar a bhealach abhaile, casadh leis
beirt bhuachaillí eile a bhí a' cuir dhá mhadadh
a' troid. Ní chaillfeadh Séimín an greann
ar ór na cruinne, agus d' fhan sé a' feach-
aint ar an troid nó go raibh sí thart. Bhí
faitchíos annsin air dá dtéigheadh sé abhaile
fá dhéin na móna go mbeadh a fhios ag an
máighistir go ndearna sé mhoill agus go
mbuailfidhe é, agus céard a dhéanfad sé
ach dhá fhód bhreágh' mhóra a thabhairt leis as
cruaich an mháighistir í féin, ó thárla nach
raibh aon duine a' faire air. Ba bheag a
bhí a fhios aige go raibh Brighid Mhór a
bhí a' coinneál tighe do'n mháighistir — a'
dearcadh air amach ar fhuinneóig a bhí ar chúl
an tighe. Ach bhí a fhios aige é lá ar n-a
bhárach nuair a ghlaoidh an máighistir aníos
air, agus a bhí sé a' gabháil de shlait air
chómh-fhad's fuair sé éirghe ina sheasamh
ann.



Mhionnuigh agus mhóidigh Séimín ag dul
abhaile dhó tratnóna go gcuirfeadh sé táirne
i mbeo don mháighistir agus do Bhrighidh Mhór,
agus ní hé magadh na mbréag é, chuir.



Bhí sé amach i dtrátha na Cásga, cúpla mí
i ndiaidh an ama sin, agus bhí cead ag na
sgoláirí ar feadh coighcíse. Bhí an máighistir
imthighthe go Baile Átha Cliath agus ní bheadh
sé ar ais go mbíodh na laetheanta saoire
caithte. Bhí Brighid Mhór léi féin ins an teach
agus ba bhreagh an seans ag Séimín é sgann-
radh a bhaint aisti. Bhí a bhail air, níor leis
ab fhaillighe é.



Árd-trathnóna, chuaidh sé agus cheap sé cat
mór bán Mhicheáil Ruaidh & chuir sé fá bhéal
cléibh é amuigh sa ngarrdha. Fuair sé amach
roimhe sin go dtéigheadh Brighid Mhór a
chodladh go luath ins an oidhche. Nuair a
mheas sé go raibh sí imthighthe a chodladh thug
sé leis an cat & ghreamuigh sé ceithre
shligeán bháirneach dá chosa le teara. Ann-
sin, chuir sé sean-sáspan isteach ar a cheann
& thug sé leis é agus é feistighthe ar an
mbealach seo, agus dheamhan stad no mór-
chómhnuidhe a rinne sé go ndeacha sé chomh
fada le teach an mháighistir. Bhí a fhios aige
cé'n rúma a gcodluigheadh Brighid ann, agus
chuaidh sé go dtí'n fhuinneóg. Chuir sé cluas
le héisteacht air féin agus chuala sé a'
srannadh istigh í. Chomh hádhamhail agus a
chonaic tú ariamh bhí an fhuinneóg árduighthe.
Sáitheann sé isteach an cat fán bhfuinneoig.
Anuas leis an gcat ar an urlár clártha
agus rinne na sligeáin a bhí ar a chosa an
oiread sin torainn go dtiubhrfá a bhfaca
tú de leabhra ariamh go mbadh é an teach a
thuit. Dhúisigh Brighid, ní nach iongnadh.
Nuair a chuala sí an rud a' siubhal ar an
urlár, agus an torann a bhí sé a dhéanamh
is beag nár thuit an t-anamh aisti. D'éirigh
sí agus rinne sí ar an doras. Amach léi ar
an gcnoc mar bhí sí, agus dheamhan coisidhe a
chuir bonn le bóthar ariamh a bhéarfadh barr
uirthi nó go dtug sí teach cómhursan uirthi
féin. Bhíodh sí ag éagcaoin sgoiltighe roimhe
in, ach an té a d'fheicfeadh an fuadar a bhí
fúithi a' dul thar na machaireacha ní shílfeadh
sé go raibh aon scoilteach uirthí. “Nuair
is cruaidh don chailligh caithfe sí rith.”



Bhí Brighid Mhór í ndeireadh na déithe
uair a shroich sí teach Éamuinn Duibh agus is
beag nár thuit sí i laige ar theacht isteach dí.
Níor thaise le muintir an tighe é nuair a
chonaic siad an phéiceallach mhór chucu isteach
agus gan uirthi ach a léine. D'fhan sí i dteach
Éamuinn go maidin. Chuaidh beirt mhac le
Éamonn go dtí teach an mháighistir fá dhéin
a cuid éadaighe agus go bhfeiceadh siad
céard a sgannruigh chomh mór sin í, ach ní
fhaca siad an cat. Chomh luath agus a fuair
Séimín Brighid curtha chun teichte, chuaidh sé
isteach ar an bhfuinneoig, bhuail an cat fá
n'asgaill & thug a bhóthar abhaile air féin.



Nuair a thainig an máighistir abhaile as
Baile Átha Cliath fuair sé an teach maol,
bán, roimhe, gan teine ná teas. Ní chodlóchadh
Brighid aon oidhche eile ann ar mhám nó ar
ghrádh. D'imthigh an sgéal ina losgadh
sléibhe ar fud na háite go raibh taidhbhse
dh'á fheiceál ann agus dheamhan duine na
deóraide a gheobhfadh an máighistir le teach
a choinneál dó, ach é féin ag iarraidh a bheith
ag útamáil leis chomh maith agus b'fhéidir
leis.



Badh é sin an chaoi ar chuir Séimín Pheigí
an “táirne i mbeo” don mháighistis agus
do Bhrighid Mhór.



Níor leig sé a rún le duine ar bith ach
liom-sá, agus ní raibh a fhios ag aon duine
nach taidhbhse dárírí a sgannruigh Brighid
Mhór, ach fear agus píce ní chuirfeadh Séimín
ar scoil ón lá sin amach.



SEÁN Ó RUADHÁIN.



TÁ MISE AG IMTHEACHT.



Tá mise ag imtheacht is cé chuirfeá-sa liom,
Cé chuirfeá-sa liom, cé chuirfeá-sa liom,
Tá mise ag imtheacht, is cé chuirfeá-sa liom
A' tarraing na salach ó Shliabh Uí Fhloinn?



Seán Ó Tuathail a chuirfinn leat ann
A chuirfinn leat ann, a chuirfinn leat ann,
Seán Ó Tuathail a chuirfinn leat ann
Agus bhéarfa sé an tsail ar a dhruim leis.



Dar an leabhar-sé féin bu mhait a ghnotha ann,
Bu mhaith a ghnotha ann, bu mhaith a ghnotha ann,
Dar an leabhar-se féin bu mhaith a ghnotha ann,
Sé thiubhradh an tsail ar a dhruim leis.



CLOCHAR ÓIRD NAOMH URSULA, I
SLIGHEACH.



Oideachas i gcóir na hIolsgoile i gcóir
sgrúdú an idir-mheadhonaigh, na mbannc.
Cumann na gCeoltóir, I.S.M., Tráchtála,
Sgoláireachta Oideachais Náisiúnta, &c. Tá
sgoil tigheachais fá leith againn.


L. 7


CEILPEADÓIREACHT I
gCONAMARA



Is duine mise atá 'mo chomhnuidhe ar
oileán i n-iarthar Chonamara, ag éisteacht
le síor-chrónán uaigneach na fairrge
i gcomhnuidhe atá a' teacht ina tonntracha
móra aniar as an áiféir chomhithigheach
& a' briseadh go fiadháin, borb i n-agh' trágha
& cladaigh. Is cuma léi tráigh mhín réidh nó
chladach garbh dubhlicíneach. Le méid
oibrighthe & cartaighthe na fairrge ó lá go
lá & ó bhliadhain go bliadhain, tá dúirlíneacha
de chlocha móra thuas i mbárr an chladaigh tá
chomh cruinn le uibheacha.



Ach mhar atá an fhairrge mar sin féin is
aisti 'bhaineas furmhor mhuintire Chonamara
a slighe bheata & ní le iasgach amháin ach a'
déanamh ceilpe.



Is obair anróiteach chruaidh í seo & tá sé
ar bun le fada an lá. As feamuinn a
déantar an cheilp. Tá go leór cineálacha
feamuinne ann & tá ainm ar leith ar gach
cineál acu mar leanas:— Ceannaí-slaite,
sgothach, cabhairleac (coirrleach), ríseach,
feamainn dubh, feamuinn bhuidhe, crúba-
priacháin, cupógaí, claidhmhí, rufaí, cosa
cruadha, míoránach & caisíneach.



Sí an chabhairleach & an sgothach, .i. feamuinn
dhearg, is fearr le hagh ceilp mhaith a
dhéanamh. Cuirtear na cineálacha eile
freisin i gceilp, ach ní dhéanann siad ach
ceilp dhona, nó mar deirtear, an darna
sgoth. Nuair a thagas droch-aimsir & oibriú
fairrge, a bhaineas an fheamuinn ar na
stupóga domhain & ar na leithréidheacha,
caithtear isteach i dtír ins an gcladach & ar
na tráigheanna í, & cuireann na ceilpeadóirí
suas le triomú í féin & na slata mara.
Sgairtear ar na clocha í, & triomuighthear í.
Nuair a bhíos sí fhéin & na slata mara tirim,
sábháilte & salann sáile orthu, déantar cocaí
móra dí & clúduighthear le raithneach,
driseacha & sgrathacha iad. Feamuinn
gheimhridh tugtar uirthi seo & fágtar mar sin
í go dtigidh an samhradh.



Ar an domhain mhóir nach dtriomuigheann,
a fhásas na slata-mara. Bíonn siad ó chúig
troighthe go dtí deich dtroighthe ar fad, mar
bheadh crann caol, díreach coilleadh ann. Tá
forcán mór ar a mbun. Bionn siad i
bhfastódh den leic, thíos ar íochtar na
fairrge. Ar bhárr na slaite bíonn duiseán
feamuinne deirge a' fás, & ar bhárr an
duiseáin seo 'fhásas an sgothach. Fásann
an sgothach i rith míosa an Mhárta, & is deas
a bhíos an duiseán sgothaigh a' fás ar bharr
an duiseáin eile. Ní mór nach cosmhail le
chéile an dá dhuiseán, ach go mbíonn an
sgothach níos reaimhre ná an ceann-slaite.
Sí an bláth bhíos ar na ceanna slaite í, mar
bhíos an blath bán ar na barranna fataí ins
an Meitheamh.



Is iongantach an chaoi a dtuiteann an
sgothach den duiseán eile. Sin áit a
mbíonn siad greamuighthe dhá chéile, bun an
duiseáin sgothaigh is bárr an duiseáin ar
bárr na slaite. Bíonn sé ag éirghe caol do
réir a chéile nó go dtuiteann an sgothach
sa deireadh i mí an Aibreáin. Tuiteann na
mílte tonna dí — de na ceanna-slaite, os
cionn an chósta so. Nuair a thagas corruighe
is an bhfairrge caithtear an sgothach isteach
ar na cladaigh & ar na tráigheanna; fanann
tuilleadh dí ar phoill doimhine cineálta.



An méid a thigeas i dtír dí, cuireann na
daoine suas ar an talamh le cliabh í &
sgarann siad amach í le h-agh triomuighthe;
an méid dí bhíos ar na poill, is i mbáid
tógtar í. Téigheann beirt fhear amach in
gach bád & bíonn dá dhubhán mhóra acu.
Bíonn cos gach dubháin thimcheall le ocht
dtroighthe fichead ar fad, & chomh caol le
feac láighe. Tógann na bádóirí aníos an
fheamuinn ó thóin an phoill leis na dubháin go
mbí an bád luchtaighthe. Nuair a bhíos,
seólann siad i dtír & cuireann siad amach le
cléibh as an mbád í. Sgartar annsin í, &
coctar gach trathnóna í le faitchios go
dtiocfadh an oidhche fliuch, mar nach
réidhtigheann an fheamainn & an fliuchán le
céile, mar má fhághann sí an iomarca
báistighe lobhann sí.



Le croisín a baintear an chabhairleach, &
beirt nó triúr fear 'théigheas amac in gach
bád le h-agh' an chabhairleach a bhaint. Is
cruaidh anróiteach an obair croisínteacht
mar is deacair & is an-deacair an chabhair-
leach a tharraingt den leic. Bíonn an
croisín timcheall le sé troighthe déag ar fad
& bíonn píosa ádhmaid trasna i gceann dí,
timcheall le ocht n-orlaigh ar fad a dtugtar
an sgian air. Téigheann an bád ar ancoire
os cionn na leice cabhairlighe, & sáithtear
síos an croisín ar thóin na fairrge, & cuir-
tear fuinneamh ins an gcroism & réir mar
bhíos an fear san mbád a' cur fuinneamha
ins an gcroisín bíonn an chabhairleach a' dul
timcheall ar an sgian thíos ar thóm an phoill,
& nuair a bhíos an sgian lán leis an
gcabhairligh ní mór í 'tharraingt. Timcheall
le cloich mheádhcain 'bhíos de chabhairligh ar
gach croisín.



(Tuilleadh le teacht).
SÉAMUS Mac an IOMAIRE,
Muighinis, Cárna.



CEAPÓGA.



LÚIBÍNÍ.



Lúibín ó lú,
Bí lúth & bí láidir,
Nach iomdha sin lúibín
I gcúilin mo ghrádh-sa,
Lúibín ó lú,
Bí lúth & bí láidir.



Lúibín ó lú,
Bí lúth & bhí láidir,
Is maith d'aithneochainn mo stóirín
Ar bhóithrín Dhoire Fhártaigh
Lúibín ó lú,
Bí lúth & bí láidir.



Lúibín ó lú,
Bí lúth & bhí láidir,
Is iomdha fear fada
Bhíos lag ina bhásta
Lúibín ó lú,
Bí lút & bí láidir.



Lúibín ó lú,
Bí lúbh & bí láidir
Má tá mo grádh folamh
Níl tada le rádh leis
Lúibín ó lú, &rl.



TOMHAIS.



Bheirt fhear & beirt bhan a bhí a' taisdeal.
Chuaidh na mná isteach i siopa & d'fhad na fir
thaob amuigh. D'fhiafruig fear an tsiopa
díobh cén ghoireacht dóibh na fir. “Siad as
dhá n-athair iad: siad ár dhá fhear pósta iad.
Aithreacha ar gcloinne agus séan aithreacha
ar gcloinne” ar siad-san.



Bheirt fhear ar cailleadh a gcuid ban agus
phós 'chaon duine acu inghean an fhir eile.



AN STOC



ORDÚ
Don



ATHAIR Ó CEALLAIGH,
Sráid Dominic,
NA GAILLIMHE.



A Chara,



Cuir chugam cóipeanna
den STOC gach mí go ceann



Ainm
Seoladh



RIOCARD Ó MÓDHRÁIN.



Bhí Riocard Ó Módhráin 'na bhoss nó 'na
chomhairleach os cionn bóthair. Bhíodh an
oiread seo fear ag obair faoi. Bhí cárr
agus capall aige & bhíodh an cárr agus an
capall a' tarraing chloch ar an mbóthar. Bhí
páighe dón chárr agus dón chapall agus bhí
páighe dhó féin. Bhí Riocard pósta ach ní
raibh aon chúram air ach aon inghean amháin
agus bhí sí sin pósta ag fear as an Spidéal.
Bhí Riocard tréan go maith i riocht agus go
raibh buachaill aige bhí a' sibiléaracht timcheall
an tighe nuair a bhíodh sé féin ar an mbóthar.



La dhá raibh sé ar bóthar mar b'fhaisean leis
tháinig teachtaire ó mhuintir a inghine go raibh
sí go dona agus go mbu cheart dó dhul go
dtí í. Tráthamhail go leór, ní raibh ar
Riocard ach a chuid éadaighe oibre. Bhí culaidh
mhaith ar an mbuachaill a tháinig 'na choinne.



“B'fhearr dhuit” arsa Riocard leis an
taechtaire “do chuid éadaighe a thabhairt
dom, is mór liom an oiread moille a
dhéanamh agus go rachainn abhaile ag iarraidh
mo chuid éadaighe féin agus is féidir leat
mo chárr agus mo chapall a thabhairt abhaile
go dtí mo bhean.”



Bhí go maith. Thug an teachtaire a chuid
éadaighe do Riocard & chuir éadach Riocard
air féin. D'imthigh Riocard ar an gcárr a
bhí ag an teachtaire agus thug an teachtaire
cárr Riocaird leis go dtugadh sé abhaile
é. Ach nuair a bhí an teachtaire a' tigheacht
thar dhroichead a bhí ar an mbealach roimhe
thuit sé síos san droicead agus báitheadh é.
Dheamhan ar chomhnuigh don chapall go dtáinig
sí abhaile, í féin agus an cárr. Nuair a
chonaic bean Riocaird an capall agus an
charr gan Riocard chos ar bith bhí imnidhe
uirthi. Nuair a bhí an lá dá chaitheamh agus
gan Riocard a' tigheacht bhí níos mó ná sin
imnidhe uirthi. As sin gur innis sí do na
comharsannaí é agus chuaidh sí féin agus iad
féin a' cuartú Riocaird. Bhíodar a'
cuartú go dtáinig siad go dtí an droichead.
Céard a gheobhaidís thíos báidhte sa droichead
ach an buachaill seo, ach gur cheap siad, ní
nárbh iongnadh, gurb é Riocard a bhí acu
ann. Agus ba mhaith an ceapadh dhóibh é mar
bhí éadach Riocaird air. Deireadh Máire,
bean Riocaird nár chosamhail le Riocard é.
“Aru céard tá tú 'rádh” adeireadh na
daoine, “Nachsheo a threabhsar s' nach í
seo a chasóg,” agus dá féir. Ach ní raibh
Máire sásta. Tugadh abhaile é cébí é agus
tórradh é agus cuireadh sochraid air. Agus
nuair a bhí sé dhá chur, bhí an baile uilig
cruinn, mar bhí úrraim mhór do Riocard.
Cuireadh é, agus nuair a bhí sé curtha, bhí
na daoine a' tigheacht abhaile, Máire bhocht
brónach go leór thréis na haimsire. Bhí an
sagart é féin ann a' beannú na huaighe nó
rud eicín.



“Is deacair dhuit cúis ar bith a dhéanamh
anois,” arsa'n sagart le Máire Agus
b'fhearr dhuit an buacaill atá agad a
pósadh.”



“Ó, sé do thruaigh dhom é,” arsa Máire
“is furusda leat a bheith a' magadh.”



Nuair a shiúbhaileadar sgatham eile “céard
a bhí tú a' rádh” arsa Máire leis an sagart.



“Cébí céard a bhí mé a' rádh” arsa'n
sagart,” “ní meas mór a bhí agad ar mo
ghlór.”



“Ó,” deir sí, “is deacair dhomsa
pósadh a dhéanamh. Tá costas mór déanta
agam le Riocard.”



“Ach nach bhfuil muca agad” arsa'n
sagart.



“Ó, tá” adeir Máire “ach níor tháinig
a n-am sin fós.”



Ach dheamhan blas gur phós an sagart
Máire agus an buachaill le chéile. I n-
omós cinn de na muca a phós an sagart í.
Bhí an sgéal ceart go leór annsin go
dtáinig Riocard abhaile. Ag an deich a
chlog san oidhche tháinig sé go dtí n-a theach
féin. Is beag an ceapadh a bhí aige gur
mar bhí, bheadh. Nuair a bhuail sé an doras
fiafruigheadh cé hé sin, agus dubhairt sé
gurb é Riocard é. Chaith Máire í féin ar a
dhá glúin. Chuaidh an buachaill fá'n leabaidh.


L. 8


“Ní mé is cionntach” adeir sí ‘ach an
gadaidhe sagairt a chuir ialach orm pósadh
agus gan iarraidh ar bith agam air.”



Bhí Máire ag iarraidh ar Dhia Riocard a
chur ar dheágh-staid. Ní raibh a' fhios aige
céard a bhí a' baint leó. Sá deiread nuair
nach leigfidhe isteach é, chuaidh sé go dtí n-a
cháirdeas Críost. Bhuail sé doras an
cháirdis Chríost. D'fhiafruigh an cáirdeas
Críost cé bhí ann. “Mise,” arsa Siocard
“Leig isteach mé.”



“Ó muise, más tú” ar son cáir
deas Críost “cuirim as ucht Dé ort
fanacht uaim. Shíl mé nach dtáinig tada
idir mé féin ná thú féin ariamh, le go dtiocfá
go dtí mé.”



“Ó, muise,” deir Riocard, “go laga
Dia sibh trí n-a chéile mar deas an chaoi agus
an chuma orm é agaibh, cébí cé'n sórt
diabhal atá chor ar bith a' baint díbh.” Ach
nuair nár leigeadh isteach Riocard cheap sé
go raibh sé chomh maith dó dul i gcró na muc
go maidin. Is gearr a bhí sé annsin nuair
cé'n diabhal a thiocfadh (isteac) ach buachaill
an tsagairt a giarraidh cinn de na muca.
Bhí Riocard istigh i gcúinne taobh istigh de
na muca. Thosaigh an buacaill a'láimhsiú
na muc, a féachaint cé acu ceann a b'fhearr
dó a thabhairt leis. Nuair a bhí sé a' dul
amach an doras agus í aige, d'éirigh Riocard
go dtí é.



“Cé'n deamhan, ná diabhal atá tú a' dul
a' dhéanamh le mo chuid muc,” arsa Riocard.
As go bráth le buachaill an tsagairt agus
shílfeá gur greideal dearg a bhí fá n-a dhá
chois gur shroic sé an sagart a ngalar ráithe.



“A' dtug tú leat an mhuc?” arsa'n
sagart.



“Ó, níor thugas, níor thugas,” adeir an
bhuachaill “tá Riocard a' faire na muc.”



“Ó, a ghadaidhe de bhitheamhnach” arsa'n
sagart, “nach postamhail thú ag innseacht
bhréag dhom. An é an fear bocht atá curtha
caillte a bheadh a' faire na muc sin?”



“Téirigh ann” arsa'n buachaill agus beidh
a fhios agad é.”



“Amach leat” arsa's sagart “agus
tabhair chugam an mhuc.”



“Dá mbeitheá gan muc, gan banbh le do
shaoghal” arsa'n buachaill “ní racha mise
níos mó ann.”



“Teanam i n-éindigh liom mar sin”
arsa'n sagart go dtéidh mé féin ann!
D'imthigh an sagart agus an buachaill an ath-
uair go dtéidís ag iarraidh na muice. Nuair
a tháinigeadar go dtí cró na muc bhí an
sagart a' tabhairt fíon-oscailt isteach ar
an doras agus a' sméideadh amach ar na
muca, agus a' leagan a láimhe orthu
'féacaint cé acú ab fhearr dhó a thabhairt leis.
Ní fada gur éirigh Riocard chuige.



As go brath leis an sagart agus é a'
fuagairt. “Tá sé ann, tá sé ann, tá sé
ann.” Ach b'éigean dó na muca fhágháil 'na
dhiaidh, agus an baile a thabhairt dó féin. Ní
raibh 'fhios ag Riocard béo (nó marbh) ó
Dhia anuas céard a bhí a' baint leis an
saoghal chor ar bith go dtí maidin lá ar n-a
bhárac. Domhnach a bhí ann. Bhí 'chuile dhuine
a' réidhteac 'un an aifrinn. D'imthigh
Riocard é féin go dtéidheadh sé 'un an
aifrinn. Is fearr gur casadh an cáirdeas
Críost dó.



“Aru, céard a bhí ort aréir nach leigfeadh
tú isteach mé” arsa Riocard “nó cé'n
sórt seafóid a bhí chor ar bith ort.”



“Aru, nach bhfuil tú curtha, caillte”
arsa'n cáirdeas Críost.



“Nárbh fhada go raibh tusa curtha, caillte”
arsa Riocard. Ach fríothadh amach nárbh é
Riocard a báitheadh san droichead cor ar
bith. Ach d'imthigh an buachaill a phós Máire
agus níor facthas amharc cinn ná choise
ariamh ní ba mhó air. Níl a fhios agam cé'n
chaoi a raibh sé idir Máire agus Riocard ní
ba mhó.



PEADAR Ó DEARÁIN.



TOMÁS BREATHNACH,
LÓN-CHEANNAIDHE.



AN CHEARNÓG, I NGAILLIMH.



Bu cheart dá gach Gaedhilgeoir i mBaile
Átha Cliath gan aon arán do cheannach
ach
ARÁN

CHÍNNÉÍDE
AN T-ARÁN IS FEARR DÁ nDÉANTAR.



124 go dtí 131 SRÁID PHÁRNELL
Agus
BÁCÚS NAOIMH PÁDRAIG,
BAILE ÁTHA CLIATH.



Guthán — 3141.



CUMANN URRUDAIS CHATHRACH
BAILE ÁTHA CEIATH.



4 SRÁID UACHTARACH UÍ CHONAILL,
I mBAILE ÁthA CLIATH.



Comh daingean le Caiseal na Riogh,
Comh Gaedhealach le Teamhair na dtriath
Comh teann le aon sléibh ins an gcrich
Cumann Urrudhais Chathrach Áth' Cliath.
Connighmís i nÉirinn an t-airgeadh,
Bhíodh ag Seán buide mar a bhéas,
Agus beidh an t-ádh orainn feasta,
Ach ciall a bheith againn araon.



NÁ DÉAN FAILLIGHE SA gCÚIS.



CUMANN URRADAIS.
MHUINTIR NA hÉIREANN



Tá an teacht-ísteach anois os cionn £25,000



Tá téarmaí thar barr aca d'urradhas saoghail
agus d'urradhas-sealadach.



Tá Fir-ionad uatha.



ÁRD OIFIG:
16 CEARNÓG PÁRNAIL,
ÁTH CLIATH.



AN HALLA LEIGHIS.



Sráid Geata Liaim & Sráid Doimnic,
na Gaillime.
Gach leigheas ar fheabhas & ar ghloine.



SEÁN Ó FAOLÁIN, L.P.S.I., Poiticire



TOMÁS Ó CATHÁIN,
Lón-Cheannaidhe,



SRÁID NA SIOPAÍ,
I NGAILLIMH.



Biadh, Tae, & Fíon ar fheabhas.



AR FAOGHAL ANOIS



AN DARA CUR AMAC (AIT-
SGRÍDBHTHA).



FOCLÓIR GAEDHILGE LE
FUAIM GACH FOCAIL



A Chur I gCéill Don Leightheoir



SÉAMUS Ó DUIRINNE AGUS
PÁDHRAIC Ó DÁLAIGH



A CHUIR LE CHÉILE.



220 leathanaigh. Luach 2/6 glan thríd an
bposta 2/9.



Tá tuairim is 10,000 focal ann, na focail
atá i n-úsáid de ghnáth. Beidh an leabhar seo
i n-a cúl toraic don mhac léighinn, don
teastalaidhe & don duine ghníos thráchtáil in
áit ar bith a bhfuil Gaedhilge ar labairt ann.



Séard adeir “The Irish News,” go ndearna
Séamus Ó Duirinne & Pádraic Ó Dálaigh
rud le chuir na Gaedhilge a chur ar aghaidh
nach ndearnadh ó sgríobh an tAthair Eoghan
Ó Gramhna a chuid leabhar.



COMLUCHT OIDEACHAIS NA
hÉIREANN TEORANTA.



89 Sráid Talbóid, Ath Cliath agus lucht
díolta leabhar fré chéile.



SÉAMUS Ó BÉACHÁIN
Ceannuidhe Guail & Iomchuróir.



SRÁID MHEADONACH NA GHAILLIMHE



Tá an tae is is fearr i gConnachta & go leor
neithe eile atá riachtanach le fagháil i dtigh



MHONICA NÍC DONNCHADHA,
SRÁID ÁRD NA GAILLIMHE.



TÁ TEACH a bhfuil compóirt ann ag



SÉAMUS Ó LAIDHE,
SRÁID DOMINIC ÍOCHTAIR NA GAILLIMHE



“Toga gacha bidh & sean gacha dighe” aige.



Ceannuig éadach ar bith theastuigheas uait
ag tigh …



THOMÁIS UÍ CHATHAIL,
I NGAILLIMH,
Áit a bhfuighe tú luach do chuid airgid.



Printed for the Publishers
At the “Connacht Tribune” Printing Works,
Market Street, Galway.


















19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services