Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Deireadh Samhraidh & Lughnas, 1919
Title
Deireadh Samhraidh & Lughnas, 1919
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Ó Máille, Tomás
Composition Date
1919
Publisher
Coláiste na hIolsgoile, Gaillimh
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Stoc TOMÁS Ó MÁILLE DHÁ CHUR I N-EAGAR. LEABHAR II. UIMH, II. DEIREADH SAMHRAIDH & LUGHNAS, 1919. DHÁ PHIGHINN A LUACH AN SAOGHAL. FUIGHEALL COGAIDH. Tá an sean-chogadh thart & tá réidhteach déanta ach níl an síothchán ar fághail go fóill. Ní bheidh aon tsíothchán ann fhád's tá éagóir dhá déanamh ar náisiún ar bith agus go mbeidh a muintir a' faireadh ar dhíoghal- tas a dhéanamh ar shon na héagóra. Coin- neócha siad an saoghal coipthe. Sin é an fuigheall a d'fhágaibh an cogadh ina dhiaidh, fuigheall a bhéas a' tolgadh go bhfreagraighe sé amach ar chaoi nár síltheas. Ach tá rud eile is mó brigh ná an díoghaltas. An mhuintir a ghníos éagóir ro-mhór ar a námhaid déanfa siad ar chéile é nuair a bhéas an námhaid criogtha. Nuair a bhíos an éadáil mhór dá roinnt má éirigheann le duine ar bith crap is mó ná an chuid eile a bheith aige bíonn an chuid eile ag éad leis. As an éad sin a thagas achrann. Tá éadáil an chogaidh mhóir anois ar fad roinnte idir na náisiúin ach aon sgiurta amháin. Sin í an Tuircéis. AN EADÁIL. Nuair a bhéas na cnámha dhá roinnt ar na madraí is ag an madadh is láidre a bhéas an ceann is mó agus is tairbhighe. Ní thig leis an madadh lag aon tsásamh a fhághail ach go leor gleo agus go leor tafainn a dhéanamh agus straois a chur ar féin agus a bheith a' faireadh go mbí an chuid eile réidh. Mar sin don Eadáil fá láthair. Sí is laige agus is uirthi is mó tá na cnéamhairí eile a' luigheadh agus a' déanamh éagóra. A' súil le gnóthachan a chuaidh sí isteach sa gcogadh agus anois tá sí dhá cur amach ar ghann-chuid. An fear a bhí dhá saghdú un a' chogaidh le n-a chuid amhrán (Danunzio) is don Fhrancach a mheall isteach iad is mó tá an t-olc aige agus is dó a bheireann sé a ídiú béil. Is maith leis an Eadáil sipiléaracht agus alpaireacht a dhéanamh ar nós na coda eile agus gan í i ndon. Fhad's tá a riaghaltas a' faireadh ar límistéir mhóra de ríoghacht na hAustria agus rioghacht na Tuircéise a fhághail atá a tír féin éirighthe ionann 's ina múirthéacht. Tá muintir na hEadáile a' creachadh siopaí fá láthair agus caithfe siad chuile shórt dhá bhfuil ionntu a fhághail ar leath an luach a bhí orthu go dtí seo. Mur bhfágha siad air sin iad tiubhra siad leo i n-aisge iad. Tá sin go maith go mbí a bhfuil d'earraidh is na siopaí uilig ídighthe. An rud nach bhfuil ann ní féidir a roinnt. Nuair a bhéas a dheireadh roinnte beidh tuil- leamh trioblóide san Eadáil. CUID NA FRAINCE. Agus nuair atá an éadáil dhá roinnt cé mhéad atá ag gach náisiún den méid acu a ghabh i bpáirt fá'n gcogadh a chur ar an nGearmáinn? Ghabh an Fhrainc un cogaidh le Alsas-Loréne a fhághail ar ais agus le díoghaltas a dhéanamh ar an nGearmáinn. Tá Alsas-Loréne fáighte aici más de neamh- chead go leor de mhuintir na tíre sin é. Agus dubhairt Clemenceau, árd-cheannphort na Fraince, go raibh an rud anois acu a raibh sé a' feitheamh leis le naoi mbliadhna agus dá fhichead, sé sin, díoghaltas cogaidh ar an nGearmáinn. Fuair sé sin ach siod é an méid atá dhá bhárr aige. I dteannta an díoghaltais, níl aon bhrabach aige a bhfuil aon mhaith ann ach límistéar mór díthreibhe de loim-learga gainimh na hAifri- ceá ó thuaidh san áit nach bhfuil féar ná fásach ón mbliadhain gó chéile ach 'chuile bhlas de dóighte ag an ngréin, gan cith báisdighe ná drúcht ón spéir le n-a fhliuchadh ná le n-a bhogadh ar feadh na bliadhna. Ar shon an méid sin a dhóirt sé fuil a dhaoine. Tá sé a' súil anois le giota den Tuircéis ach níl an Sasanach baileach sásta é leigean leis. EOLUS NA CEIRDE. Ní mar sin do Shasana. Ní raibh, ó tháinig daoine i dtosach innti, oiread méid ina ríoghacht ná oiread leitheid fúithi is tá anois ar an móiméad seo. Tá ríoghacht aici ó na hIndiacha thoir go dtí an Éigipt. Tá ríoghacht aici ón Éigipt go dtéidh tú ó dheas go dtí fíor-sgoith na hAifriceá, talamh atá ionann 's chúig mhíle mílte ar fhad, agus níl fhios cén leitheid atá ann ná cé'n méid. Ar an talamh fiadháin a shaothruigh na Boeir agus na Gearmáinnigh sise atá a' baint an fhoghmhair, má fágtar le baint aici é. Tá Austraelleá aici agus sgiurta de Mheiriceá. Tá beagnach trian a bhfuil de thalamh sa domhan aici agus trian na ndaoine. GING DI FÉIN. Tá méid agus leitheid i Sasana fá láthair ach ní féidir a rádh go bhfuil aon spreacadh innti. Sé'n fáth sin mar tá an fabht i lár a croidhe. Den méid sin tíortha uilig go léir níl aon dream atá sásta a bheith faoi uachtarántacht ná cróin Shasana Tá Éirean- naigh, Éigiptigh, muintir na n-Indiacha agus muintir Mhalta lán den dúil a bheith réidh léi. Níl aon náisiún ná aon dream buidheach dhí ná ceanamhail uirthi ach an méid atá taobh istigh de cheithre cuanta Shasana í féin. Ní féidir a rádh go bhfuil siad-san féin ceanamhail uirthi & merach gurb í a mbal- achtáil í bheith uaibhreach, leitheadach, saidhbhir d'éireochaidís amach ina haghaidh. A muintir féin, merach go bhfuil sí dá gcoinneál íoctha as a bheith socair is iad is luaithe a bheadh ina múirthéacht ag iarraidh cuid a chéile a alpadh. THAR A BHIONDA. Sé an fáth ar ghabh an Sasanach isteach sa gcogadh le deireadh a chur le cabhlach agus arm na Gearmáinne agus le go mbeadh fairgí an domhain fá ghéilleadh aige féin. Nuair a bheadh fairgí an domhain fá ghéilleadh aige shíl sé go mbeadh trácht an domhain faoi fhéin freisin aige. Shíl sé, ina cheann sin, go mbeadh talamh na hAifriceá aige le saidhbhreas a dhéanamh air. Dhéanfadh sé saidhbhreas air dearbhtha dhá bhfágtaí fá shuaimhneas aige é. D'éirigh leis deireadh a chur fá láthair le cabhlach agus cumhacht na Gearmáinne agus tá talamh na hAifriceá in' fhághaltas aige. Chaith sé leo níos mó ná b'fhiú iad go léir. Chaith sé leo na bróga go snuiche na buclaí (.i. go dtí na buclaí), mar rinne an fear fad' ó le n-a mhuirnín mná. Agus an fhad is bhí sé féin agus an Gearmáinneach a' tachtadh a chéile, tháinig an madadh Meiriceánach agus sgiub sé leis an cnáimh. Chaith an Sasanach a chuid airgid ar fad agus dhóirt sé a fhuil agus spíon sé amach a neart ag iarraidh an ceann is fearr a fhághail ar an nGearmáinneach. Tá sin déanta anois aige agus gabhfa sé righte leis má mhaireann sé a bhuaidh. Tá sean-impireacht Shasana craithte, sgoilte, sgánite agus is beag an bogadh le go dtuitfead sí ó chéile. Is le neart na Rúise móire a chlaoidh agus le deireadh a chur le impireacht agus árd-chíos Shasana a rinne an Gearmáinneach téisglim le haigh' an chogaidh. Tá a leath sin déanta. Níl a leath eile go fóill ach b'fhéidir go mbu gearr uaidh. AN TUIRCÉIS. Is soiléar cheana féin go bhfuil na ríoghachtaí páirteacha roinnte i n-agh' a chéile agus níl aon dá ríoghacht acu a bhfuil cion acu ar a chéile. Tá an Eadáil ag iar- raidh connradh úr a chur ar bun idir í féin an Ungár agus an Rúmháin, le n-a ríoghacht a láidriú i n-agh' na n-Iúgó-Slabh. Tá sí féin agus an Fhrainc ag achrann le chéile cheana agus bhí troid fhuilteach idir a gcuid saighdiúirí tamall gearr ó shoin. Ach 'sí an Tuircéis an fód easaontais a chuirfeas an clampar ar bun uilig. Dhá mbeadh oiread eile d'fhad is de leitheid innti ní thiubhrad sí sgiurta do leath na ríoghachtaí atá ag iarraidh roinnt dá talamh a alpadh. Tá Sasana ag iarriadh an chuid thoir agus an chuid ó dheas di a bheith aici. Tá an Fhrainc ag iarraidh stiall den chuid chéadna a fhághail. Tá an Ghréig agus an Eadáil i n-árach a chéile fá'n sgiathán is fuide siar di. Tá Sasana ag iarraidh Rí na Tuircéise a choinneál sa gcathair a raibh sé féin agus a shinnsear roimhe le chúig chéad bliadhain. Agus ní le grádh dhó sin ach le bac a chur ar an gcuid eile. GAEDHIL MHEIRICEÁ. Nuair a bhíodh páipéar Shasana a' déanamh gaisge go raibh leághadh agus sgapadh a' dul ar na Gaedhil is beag an ceapadh a bhí acu go gcuirfidís-sean fúthu taobh thall den fhairge agus go mbeidís i riocht Sasana féin a ghortú sa saoghal a bhí le theacht. Sé an focal a bhí ráidhte ariamh: más feall fillfear, agus tá an feall sin a rinneadh ar Éirinn a' filleadh chomh dearbhtha le aon fheall dár dearnadh ariamh. Bhí an Sasanach dhá leigean ar an méir is fuide an fhad's d'fhéad sé ach tá sé a' breith air anois agus is beag nach bhfuil sé sáinnighthe. B'fhéidir go bhfuil sé teann fós as neart a chabhlaigh agus as an gconnradh atá cean- gailte aige leis an Seapán i n-agh' Mheiriceá ach ní raibh le déanamh ag Meiriceá ach cogadh a bhagairt ar Shasana agus thuit-
feadh Sasana agus a sean-impireacht ó chéile. BUIDHEACHAS. Cupla bliadhain ó shoin, nuair a bhí an cogadh a' dul go cruaidh ar Shasana bhí sí ag iarraidh na hÉireannaigh a mhealladh amach le troid ar a son. An uimhir a bhí a' cuidiú le Sasana sa tír seo bhíodar a' cur comhairle ar na fir a dhul amach, agus a' rádh mur ngabhaidís amach nach mbeadh aon cheart le fághail ag Éirinn thar éis an cogadh a bheith thart. Bhí na Sinn Féinidhthe san am a' comhairliú do na fir fanacht mar bhíodar nach le buidheachas a rinne an Sasanach aon cheo do dhream ná do dhuine ar bith ariamh agus mur ndéanad sé le faitchíos é go rabhadar réidh leis. Níor ghabh mórán do na fir amach. Anois, ní hé amháin go bhfuil an Sasanach sásta Hóm Rúl a thabhairt d'Éirinn ach is geall le go bhfuil sé dhá thuanú orainn. Tá Carson agus a chuid fear ionann 's dearmadtha aige go díreach mar thug sé cúl a láimhe do Sheán Réamonn. Ní le grádh do na hÉireannaigh atá sé dhá thabhairt dóibh ach le faitchíos roimh Mheiriceá. Tá sé dhá thabhairt dóibh mar is saoire leis é ná sgaradh le Éirinn ar fad. Dhá mbeadh muintir na hÉireann sásta a theacht anuas ar an socrú sin ní leigfeadh muintir Mheiri- ceá dhóibh gan iomlán a saorsachta a fhághail. LOCH NA BHFAOL. (nó Loch na Nigh.) Go deireannach aréir agus mé dul liom féin, 'S mé déanamh ar éadan Loch na bhFaol, Mo ghruag go léir gur sheas go tréan Le eagla ghéar agus gan fios cé faoi. Las na réalta ar na spéartha Go bhfuair mé léargus beag ar mhnaoi; Gur lot sí mo thaobh le saghad glan, géar, 'S d'fhág sí léas dubh i lár mo chroidhe. 'Óig-bhean mhúinte ná buail fúm-sa, Dearc mo shnuadh nach bhfuil mé slán, Go bhfuil mé buadhartha, dordha, gruama Páirt de mo stuaim bheith ar easbhaidh baill. Ná tuig 's ná síl go gcuirfe tú dhíot mé Is a liachta rí breágh a chuir mé un báis; Ach ó fuair mé sgéala ar fheabhas do mhéin mhaith, Shiubhailfinn Éirinn le fonn thú 'fhághail. Má's í an fhírinne atá tú 'dhéanamh Suidheamuid síos go n-éirighe an lá, Go bhfágha mé sgéala 'bhfuil sé gléasta Ní faoi'n saoghal a leigheasfadh an grádh. A bhfuil in Éirinn den ór fré chéile 'S a bhfaca mé dhá réir den tsaidhbhreas bhreágh Ní shásóch siúd mé i n-áit mo chliú Gan ceangal dlúth agus caithfead, fhághail. Tabhair dhom spás go ceann naoi lá Go gcuire mé mo chárta amach faoi'n tír, Go bhfága mé slán is beannacht ag an dreám A raibh mé i bpáirt leobh seal den tsaoghal. Imthigh agus déan sin agus bí agam annse' aríst, Mar tá mo fleet ó dheas den cheánn, Soillsí oidhche ar chlaidheamh líomhtha Spóirt an tsaoghail ag men o' war. Nach annsiúd bhíodh an lóchrann ag gunnaí móra, Slataí seóil a' flyail ann; Fir mhaithe dhá síneadh ar chúl a gcinn, 'S fuil dá taosgadh ó bhun na gcrann. [Nach ann a bhíos an chúisneáil tráth théidheas siad ar thúirneáil Ceolta sidhe agus sgoilteadh crann Lóchrann sidhe ar claidhmhthí righte Spóirt an tsaoghail atá ag fir is ag mná.] SÉAMUS MAC AN IOMAIRE, Muigh-Inis. [Fuaireamar leagan eile den amhrán seo ó Thomás Ó Chadhain a bhíodh i dTír na Cilleadh. — F. an Stuic.] CUMHALL. Droch fhear a bhí in Cumhall, athair Fhinn; bean ar bith a leagadh sé súil uirthi, ní raibh aon imtheacht aici air. Chruinnigh an rí fir na hÉireann go mbainidís an ceann de. Bhí Goll agus a dhearbhráthair, Garraidh, ar a láimh dheis agus fir na hÉireann ó thuinn go tuinn ar íom ag imirt leis, agus bhí siad a' dul gur bhain siad an ceann de. Ní raibh aon bhean i nÉirinn dá raibh ag iomchur cloinne an bhliadhain sin nár cuireadh a páisde fir chun bháis ar fhaitchíos go mbeadh aon fhear i nÉirinn a mbeadh deór de fhuil Chumhaill ann a bhainfeadh sásamh amach fá bhás a athar. Chinn Dia le hinghin an ríogh go raibh sí ag iompchur cloinne do Chumhall. Chinn Dia léithi go raibh aici cúpla, mac agus inghean, agus do h-innsigheadh don rí go rug sí inghean. An bhuime a bhí ag freasdal uirthi bhí sí muintreach ag Cumhall agus thug sí léithi an mac agus chuir sí é i bhfalach le fheiceál a dhídean. Thug sí léithi an páisde fir 'na chodladh. Fuair sí saor agus rinne sé árus dí i mbun crainn. Chuir sé cuailleacha ar an doras siúntáilte i riocht 's nach mbeadh fhios ag feara Fáil a bheadh a' siubhal thart go raibh árus ar bith sa gcrann. Nuair a bhí an t-árus déanta glan ag an tsaor, d'iarr an bhuime an tuagh as láimh an tsaoir agus dubhairt sí go raibh ní beag taobh istigh a theastuigh uaithi a dhéanamh leis an tuaigh. Tug sé an tuagh dí agus dubhairt sí leis: “Amharc isteach go bhfeice tú an ní tá le déanamh.” Chrom sé a cheann agus dhearc sé isteach. Tharrainn sise an tuagh agus bhain sí an ceann de i riocht 's nach mbeadh aon fhear ann a d'inn- seóch' an sgéal uirthi:— “Sin í an tuagh as láimh a' tsaoir, Is mairg a thaobhas leis na mhá.” Bhí sí annsin gur thóg sí suas é 'na bhuachaill láidir. Thuit sé amach go raibh liathróid dá imirt ag an aos óg amach ag cúirt a ríogh agus thug an bhuime léithi é a dearcadh ar an imirt an lá seo. D'imthigh siad beirt go dtí an áit a raibh an siamsa agus an liath- róid dá himirt. Ar a thigheacht dóibh isteach bhí fear gortuighthe agus a rúitín as áit agus shéas an buachaill seo isteach 'na áit. Nuair fuair sé an liathróid amach roimhe bhí sé ag leagan chuile fhear a raibh sé a' tigheacht suas leis agus chuir sé amach an ghóire í. 'Sé an rí a bhí le ainm a thabhairt ar gach uile pháisde an uair sin. “Cé hé an fhionnarán fionn tá a' leagan na bhfear agus a' cur amach na liathróide?” Dubhairt an bhuime leis dá mbeitheá gan fiafraighe ní bheadh call don fhiafraighe thabhairt ort, sin é Fionn Mac Cumhaill, mhac Airt, mhac Tréanmhóir Uí Bhaoiscne. Nuair chuala an rí sin, d'órduigh sé saighdiúirí 'na dhiaidh le n-a cheapadh agus an ceann a bhain de. D'imthigh Fionn agus an bhuime de rith, agus nuair a bhí sí dá sárú ar an mbealach chaith sé í ar a ghuaillí trí choillte agus chuile bhealach dá raibh sé a' dul. Bhí sé a' dul thart le loch i gCúige Uladh na hÉireann ach ní bhfuair sé aige ach an dá lorgain den tsean-mhnaoi a bhí ar a dhruim: bhí sí stróicthe, stiallta ag géagáin na coilleadh agus rug sé ar a dhá lorgain agus chaith sé amach sa loch iad agus tá Loch Lorgan glaoidhte ar an loch ó shoin i leith. Chuaidh an rí go dtí sean-dáll glic go dtugad sé bonn dó cé bhfuighfeadh sé Fionn Mac Cumhaill. Dubhairt an sean-dáll glic leis go raibh bradán eicín ar abhainn eicín i nÉirinn ach nach raibh fhios aige cé raibh an bradán ach an chead fhear a gheobhadh blas den mbradán le n'-ithe go mbeadh fios aige aríst go bráth. Chuir an rí iasgairí ar gach uile abhainn dá raibh i nÉirinn agus dúil aige go gcas- fadh an bradán le fear eicín de na hias- gairi. Bhí Fionn ag dul thart le habhainn agus casadh leis triúr iasgairí; bhí acú bradán dhá bhruith ar an teinidh. Dubhairt siad le Fionn an bradán a bhruith agus dá leigeadh ball ruadh nó loisgthe ar an mbra- dán an fhad 's bhéidis ag leigean néall as a gceann go mbainidís an ceann de. Thuit an triúr ina gcodladh. Chuaidh Fionn agus chuir sé an bradán dá róstadh ar an teinidh, agus ní fada gur éirigh bolsgóid dóighte ar an mbradán. Leag sé a ordóg ar an mbolsgóid ar ais. Dóigheadh é isteach go dtí an cnáimh. Chuir sé an ordóg ina bhéal agus fuair sé fios san ordóig ach go n-éirigheadh an triúr ó n-a gcodladh go mbaine siad an ceann de. Rug sé ar chlaidheamh fir acú agus bhain sé díobh na trí cloigne agus iad 'na gcodladh. Fuair sé fios san ordóig ann- sin nach raibh deór dá chuid fola i n-aon fhear i nÉirinn ach draoidheadóir a bhí i n-uaimh fá thalamh ina leitheide seo d'áit. D'imthigh sé go dtí an draoidheadóir agus d'fhiafruigh seisean cérb as é agus cérbh é féin. “Mise,” ar seisean, “Fionn Mac Cumh- aill.” “Ó,” arsa'n draoidheadóir, “níl aon fhear i nÉirinn bhfuil deor de fhuil Chumhaill ann ach mise.” “Tá mise,” arsa Fionn. “Tabhair dhomsa bárr do chúig mhéar agus béidh fhios agam-sa bhfuil deor de fhuil Chumhaill ionnad,” arsan draoidheadóir. Thug Fionn a lámh dhó agus d'fháisg an draoidheadóir bárr a chúig méar. Leig sé glaoidh as. “Tá tú ag innsean na fírinne dhom, is mac do Chumhall tú; gabh isteach annseo chugam.” “Bhí sé annsin go raibh Oidhche Shamhna gar go maith dó. “Anois,” arsan draoidheadóir, “cuirfe mise thú ar dheis postaí agus tiodalacha d'athar a fhághail. Níl aon oidhche Shamhna ó marbhuigheadh d'athair nár dhóigh mise Teach Teamhrach. Tá oidhche Shamhna gar go maith dhuit; imthigh anois go cúirt an ríogh; abair leis go sábháilfe tú é féin agus a mhuintir oidhche san amárach (.i. oidhche Shamhna) dá ngealladh sé postaí agus tiodalacha d'athar duit. Ná h-innis dó fagh Goll i mbannaí ar do mhargadh. Seo anois tuagh agus tiocfa mise 'mo nathair- nimhe os cionn an tighe, loisg an tuagh seo liom agus bainfe tú an ceann dom-sa. Tuitfe mo chloigeann ar aon thaobh an tighe agus an cholann anuas ar an taobh eile. Bí ar an gcéad duine agus beir ar mo chloigeann agus caith thar mhullach an tighe ar ais é. Seo biorán suain agus sáith i lorg na fola mo chloigeann agus sárócha sé ar aon fhear mo chloigeann a chorruigh. Snaidhmfe Goll Mac Mórna snáitheacha a dhubháin agus sáróchaidh air an cloigeann a chorruigh. 'Na dhiaidh sin racha siad isteach go Teach Teamhrach agus fiafrócha an rí annsin cé'n gaisgidheach a mharbhuigh an nathair-nimhe. Thuit gach uile rud amach díreach mar dubhairt an draoidheadóir. “Ce'n gais- gidheach,” arsan rí, “a mharbhuigh an nathair- nimhe?”. — “Mise Fionn Mac Cumhaill Fágadh go cumhang i mbronn mo mháthar, 'S anois, ó thárla mé bheith clisde láidir, Is misde sibhse mé bheith i láthair. “A Ghoill, tiocfa tú liomsa go h-Almhain leathan Laighean i mbárach, go 'spáine tú postaí agus tiodalacha m'athar dom.” “Caithfe mise dhul leat,” arsa Goll. Bhí Fionn annsin 'na rígh cúigidh. AINE BHREATHNACH. [Ó Phádraig Ó Catháin a fuair mé an seanchas seo. — A. Bh.] PARTHALÓN P. MAC A' BHÁIRD, SRÁID TREASNA, GAILLIMH. Deasuightheóir agus Sioll-Ghléasadóir Orga Eaglaise agus Pianó. Chuile rud ar a shaoirse. Teas-intreabh, Taoidhean-oibreacha, agus Foirgneamh Tighthe. ROIBÉARD MAC DOMHNAILL, Sráid Doimnic, GAILLIMH. Muiniú céin-sgéil: “Plumbus,” Gaillimh
AN BOC BÁN Dhá bhfeictheá an Boc Bán Cé gur áluinn an marcach é 'tigheacht, Is go síleann na mná Gur áille é ná an ghealach 's ná an ghrian: Níl gile ná breaghachta 'Na áilleacht dá raibh i bhfear ariamh Nach bhfuil roinnt in mo ghrádh dhe, Is cé an náire dhom bheith ag caitheamh ina dhiaidh. II. 'Sé mo chreach bhrónach Nach bhfuil mo bhóithrín a' dul in do thighe; Is leat a chaith mé mo bhróga As tús m'óige is i ndeireadh mo shaoghail. Ach a' dul thríd an Gleann Mór dhom Is na deóraí ag sileadh liom síos Ach slán leat, a stóirín, Slán beó thú go bhfille mé arís. III. Bliadhain is an oidhche aréir 'Seadh réab na capaill an fál, I gcionn míosa ina dhéidh sin 'Seadh d'éaluigh mo ghrádh uaim sa snámh. Níl tuile dá mhéid Nach mb'éigean dó an fhad eile a thrághadh, Is níl ann ach lucht bréag, Is b'fhéidir go bhfillfeadh mo ghrádh. IV. Chaith mé an oidhche aréir A' faire na gcapall sa bpáirc: 'Seadh dhearc mé uaim an spéir-bhean Ar thaobh na bantóigín báin. Chuaidh mé ina gaobhar Sí an péarla í ba deise le fághail, Ach annsin labhair an t-éinín Is las réalta na maidne as ar gcionn. V. “B'fhurust aithne, a Sheáin, Gurb é grádh na h-ailpe thug tú, Nuair a phós tú an bhean ghránda Is d'fhág tú mise in do dhiaidh. Níor dhoimhne an sáile Ar báthadh ann deichneabhar is céad 'Ná do ghrádh faoi mo lár-sa Sgéal cráidhte ort nach dtuigeann tú é. Fuair mé é seo i gCamus. Deirtar go mba é Micheál Mac Suibhne a chum é. “GLASCHÚ.” M. Ó hAINNLIDHE, Taoidhean-oibreacha, Sráid treasna GAILLIMH. Chuile rud ar a saoirse. MÁIRTÍN S. MAC CUAG, Lón-cheannaidhe, BÓTHAR AN CHAISLEÁIN NUA, I nGAILLIMH. LIAM UA FÉINNIDHE, Lón-cheannaidhe, Fíon, Beoir, Biotáilte, Tae ar fheabhas. SRÁID LIAM THIAR, I nGAILLIMH. Beidh ÉIRE láidir má bhíonn Clainne Gaedheal láidir. Ithidís an fheoil is fearr agus tá sí sin le fagháil ó Ó FALLAMHAIN, Sráid Gheata na Mainistreach, I nGAILLIMH. BRÓGA NA LAOI. NA BRÓGA IS FEARR LE CEANNACH Ag SEÁN Ó LAIDHE, I mBARR AN CHALTHA, I nGAILLIMH. CAISLEÁN RÍOGHACHT MHORONAIGH. (Ar Leanamhaint.) “Is maith liom sin a chloisteáil,” ars an fear, “agus anois,” adeir sé le Dagó, “déanfa mise capall dhíom féin agus beidh mé cho tréan leis an ngaoth an lá is stoirmeamhla a shéid sí ariamh, beidh mé cho sgiobtha sin.” Díreach mar bhí sé a' tuitim na hoidhche tháinigeadar cothrom ar thígh leath-taobh an bhóthair. Dubhairt an fear le Dagó dul isteach san teach sin is go bhfuigheadh sé lóisdín na hoidhche ann do fhéin, is go bhfanfad seisean mar chapall ag ingilt an fhéir leath- taobh an chasáin. “Ach, a Dhagó,” ars é, “ná dearmad a bheith láithreach annso lé maidhneachan lae i mbárach.” Ar maidin lá'r na bhárach bhí Dagó láithreach ar chlár na himreadh. Bhuail an capaillín suas go dtí é is dubhairt leis dul ar a mhuin go sgiobtha. Bhuail Dagó ar mhuin an chapaillín de aon léim amháin. Ní túisge ar a mhuin é go raibh an capaillín ina lán-rith, gur shaoil Dagó gur séideán gaoithe a chroch san aer é leis an bhfuadach a bhí faoi. Bhí siad ag imtheacht is ag imtheacht, is a' síor-imtheacht nó go raibh deireadh an lae sin a tigheacht orthu agus nuair a tháinig, stadadar agus leig an capaillín Dagó isteach i dteach, díreach mar do rinne sé an lá roimhe sin agus thug an t-ordú céadna dó. Níor dhearmad Dagó sin is bhí sé ina shuidhe go moch ar maidin lár n-a bhárach. Chuaidh sé go dtí an capaillín is bhuail ar a mhuin. Ní túisge ar a mhuin é ná as go bráthach leis an gcapaillín, is cébi siubhal bhí léithi an chéad lá, bhí a dhá oiread léithi an lá so. Bhíodar ag imtheacht is a' síor-imtheacht nó go dtáinig siad go dtí an Caisleán. Is annsin labhair an capaillín le Dagó is isé adubhairt sé: “Tá muintir an Chaisleáin ina gcodladh anois le lá is bliadhain ach beidh siad ina suidhe indiu. Tá an t-éan sa ngéibheann ar crochad os cionn an dorais; buail leat isteach san gcaisleán; tabhair leat an t-éan is an géibheann agus beidh tú ar t-ais agamsa arís gan aireachtáil muintire an chaisleáin.” “Tá go maith,” arsa Dagó, a' tuirling de mhuin an chapaillín, “déanfad mar dubhrais liom.” Chuaidh sé isteach sa gcais- leán agus má chuaidh, ní raibh duine ná deóraidh ann le n-a bhacadh. Chonaic sé an géibheann ar crochadh os cionn an dorais is an t-éan ina shuidhe istigh ann is nuair a chonaic sé é is beag nár chaill sé radharc a shúl leis an solus lonnrach a bhí a' tígheacht ón gclumhach a bhí air agus nuair a chraithead sé a chuid sgiathán níorbh fhéidir leis seasamh ina aice gan a shúilí a chlúmhdach. Cé'n bhrígh sin nó gur thosaigh an t-éan a' déanamh ceóil, a leitheid de cheól níor chuala Dagó ariamh bhí s chomh bhinn sin; agus shíl sé nárbh fhéidir lé aon duine dár mhair ariamh, gan trácht ar éan, a leitheid de cheól a chanadh agus nach raibh a shamhail mar cheól lé cloisteáil i n-áit ar bith ach 'sna flaithis amháin, nó b'fhéidir san sluagh sidhe. Is iad na smaointe seo a bhí ag Dagó is é ag éisteacht le ceól an éin nuair a chuimhnigh sé ar céard a thug san gCais- leán é. Bhí sé ar tí an Cage is an t-éan a thógáil anuas ón gcrochar nuair a bhuail smuaineadh eile é .i. seadh, “ó tharla mé annso ní ghluaisfead nó go bhfeicead a bhfuil lé feiceál san gcaisleán seo, agus ar bheith a ghluaiseacht dom beidh an Cage is an t-éan annseo róm.” Annsin chuaidh sé ar cuairt thríd an gcaisleán ó sheomra go seomra, is ó chúinne go cúínne, nó go bhfaca sé gach a raibh ann agus 'sé an rud ba mhó a chuir iongantas air, nach raibh duine ná deóraidhe le feiceál aige ar feadh an ama. Bhí sé ar tí a bheith a' gluaiseacht nuair a thug sé faoi deara seomra deas agus comhladh an dorais ar leath-osglad. Níor ghabh sé sa seomra sin ar chor ar bith a' siúbhal an chaisleáin dó agus níor mhaith leis imtheacht gan cuairt a thabhairt air. Bhuail sé isteach ann, agus cérd a d'fheiceadh sé ann ach ríoghan óg áluinn, is í ina codladh i leabaidh óir a bhí i gceart-lár an urláir ann. Chuir an radharc so beagán sgátha air i dtosach' ach tar éis tamaill bhig a' breathnú dhó ar an mnaoi óig uasail is í annsin ina h-aonraic bhí truagh aige dhí, seadh, agus ón truaigh thainig an grádh agus ón ngrádh gur shanntuigh sé í. Ar a bheith a' dul amach dó ar ais do chonaic sé ar bhord a bhí ann: Builín aráin, & sgríobhtha air na focla seo: “geárr, geárr is dá mhéid dá ngeárrfa tú ní laghdocha mise dada. Chonaic sé buidéal óil agus sgríobhtha ar an mbuidéal bhí na focla: ól, ól, is dá mhéid dá n-ólfa tú ní laghdocha mise aon bhlas. Chonaic sé freisin ceathramha chaoir fheóla ar an mbord céadna is sgríobh- tha uirthi, “geárr, geárr is dá mhéid dá ngeárrfá tú ní laghdocha mise aon bhlas.” Dubhairt Dagó leis féin go mba mhaith iad lé h-aigh' an bhóthair agus crochann sé leis iad agus amach leis. Ar a dhul amach dó rug sé ar an gcage is ar an éan is do thug leis iad. Nuair a ghabh sé amach as an gcaisleán agus tháinig go dtí an sean-fhear a bhí a' feitheamh leis amuigh dubhairt seisean leis gur fada istigh é, agus ars é le Dagó má bhír 'do mharcach mhaith ariamh bí 'do mharcach mhaith anois; tá sé a teasdáil uait. Rinne an sean-fhear capall de fhéin tar éis an méid sin a rádh. Bhuail Dagó is an cage is an t-éan ar iomchur aige, ar mhuin an chapaill agus sa noiméad sin dúisigheadh na madraí allta a bhí ina gcodladh i n-áit eigín sa gcaisleán is do leanadar Dagó is an capall, ach ní túisge Dagó ar mhúin an chapaill ná go rabhadar ag imtheacht níos tréine ná an ghaoth gur ghabhadar amach thar an bhfál is fuide amach den chaisleán is ar éigin a bhíodar thar an gclaidhe go raibh na madraí ar an taobh eile dhe. Chuaidh na madraí de léim thar an gclaidhe le breith ar an gcapall is ar Dagó, ach nhíor túisge thar an gclaidhe iad ná gur thuiteadar fuar, marbh ar an mball-toirt sin. “Tá linn anois,” ars an capaillín, “agus is féidir linn siubhal go réidh feas- da.” Bhíodar a' siubhal go dtáinig deireadh an lae, agus nuair a tháinig, bhíodar ag an teach ba deireannaighe inar chomhnuigh Dagó ar a dtriall chuig an gCaisleán agus leig an capaillín isteach san teach sin é leis an oidhche sin a chur thairis ann. Bhí muintir an tighe ag caitheamh féasta roimhe agus tháinig siad geárr ar an arán. Nuair a b'fhacthas do Dagó go raibh muintir an tighe gann san arán, dubhairt sé leóbh go raibh builín aráin aige féin is go dtiúbhradh sé dóibh é. “Is geárr a roinnfeadh do bhuilín,” arsa duine acu leis. “Ar ndóigh chomh fada is racha sé téidhead sé” arsa Dagó a' caitheamh an bhuilín ar an mbord acu. Thosaigh fear acu ag gearradh an bhuilín aráin. Bhí sé a' gearradh is a' gearradh is dá mbeadh sé a' gearradh an bhuilín go dtí lá an lae indiu bheadh an builín 'san múnladh céadna is bhí ag tosaighe an ghearracháin. Ar maidin lá'r n-a bhárach, nuair bhí sé ag fágáil an tighe, d'iarr bean an tighe ar Dagó a n-díolfadh sé an builín léith. Dubhairt seisean léithi nach ndíolfadh is nach mbronnfadh “ach fágfad agad é nó go dteagaidh an té mba leis é dá iarraidh.” [Tuilleamh.] GEIMHLEACH. SEÁN Ó NEACHTAIN, Lón-cheannaidhe. Tae, tobac, biotáilte, fíon nach féidir a shárú. SRÁID TREASNA NA GAILLIMHE. Tae, Fíonta, Biotáilte. Chuile Shórt ar Fheabhas MICHEÁL BREATHNACH, An Chearnóg, I nGAILLIMH.
O CLOICHBHEARTAIGH & A CHOMH. 36 SRÁID NA SIOPAÍ, I NGAILLIMH. An teach is fearr le haghaidh earraidhe iarrainn, síolta, & trosgan tighe do cheannacht Má theastuigheann AN FHEOIL IS FEARR uait & a fághail ar a luach, nó má theastuigheann bagún, sicíní, muic-fheoil nó bradáin ina séasúr uait, téirigh ag SEÁN O GALLCOBHAIR, Foirgíonta Dhúin Éidinn, I NGAILLIMH. Ar a chuid talmhan féin nó ina chuid sgioból a beirtear, tóigtear & reamhruighthear 'chuile bheithi- dheach, mart & caora & uan dá marbhuigheann sé. PROINSIAS MAC CONMARA & A CHOMHLUCHT. Díoltóirí & Reacadóirí Tae, Fíonta & Beatha i nGAILLIMH. Ní thig le aoinne a rádh nach bhfuil earraidh dúthchasach go leor annseo. Más mian leat ROTHAR maith a cheannach, nó más mian leat deis a chur ar an gceann atá agat, téirigh go S. MAC AN BHÁIRD, AN CHEARNÓG, I nGAILLIMH. FÉACH! Bí cinnte & téirigh isteach go bhfeice tú a bhfuil de: ÉADACH le h-aghaidh an Gheimhridh Le díol go han-tsaor ag TOMÁS MAC SUIBHNE, I NGAILLIMH. T. DÍOLÚN & a Chlann Mac, Lucht Díolta Seod. Seo é an T.D. Comhartha. Díolún a chuir an teach so ar un i 1750, & cuireadh ar chlár na ngabhan bhuidhe i mBaile Átha Cliath i 1784 é. Lucht déanta Fáinne le fagháil i naisce. T. DÍOLÚIN & a Chlann Mhac, 1 Sráid Liam, i nGaillimh. TOMÁS Ó CATHÁIN, Lón-Cheannaidhe, SRÁID MA SIOPAÍ, I NGAILLIMH. Biadh, Tae, & Fíon ar fheabhas. TEACH NA H-OLLA SRÁID NA SIOPAÍ, I NGAILLIMH. Cuidigh le déantus na: hÉireann & sábháil airgead. Cultaí ó 50/- go dtí 80/-. Ceannuigh éadach ar bith theastuigheas uait ar tigh … THOMAIS UÍ CHATHAIL, I NGAILLIMH, Áit a bhfuighe tú luach do chuid airgid. AN HALLA LEIGHIS. Sráid Geata Liaim & Sráid Doimnic, na Gaillimhe. Gach leigheas ar fheabhas & ar ghloine. SEAN Ó FAOLÁIN, L.P.S.I., Poiticire AN SGÉAL DEIRIDH a sgríobh MICHEÁL Ó MÁILLE (“Diarmuid Donn”) NAOI NGÁBHADH AN GHIOLLA DHUIBH. le fághail ó CHOMHLUCHT OIDEACHAIS NA hÉIREANN, Ar fághail arís. Leat choróin (glan) a luach. Duine ar bith a dteastuigheann “An Stoc” uaidh, nó ar mhaith leis fuagradh a chur ann, sgríobhadh sé ag an mbainisteoir .i. An T-ATHAIR Ó CEALLAIGH, Sráid Doimnic, a 23, i nGaillimh. Thríd an bposta 2/6 sa mbliadhain Thríd an bposta 1/3 sa leithbhliadhain. Maidir le gach adhbhar sgríobhtha a theidheas sa bpáipéar cuirtear sgéala ag TOMÁS Ó MÁILLE, Coláiste na hIolsgoile, I nGaillimh. AN STOC. DEIRÉADH SAMHRAIDH & LUGHNAS, 1919. CLÉIREACH A' tSAGAIRT. D'iompuigh Brighid Mhór ar a sáil, agus bhain an t-im den bhainne. Ní raibh an bheirt bhuachaillí deich slata ón teach gur thosuigh siad ar an siosgadh agus ar an rí-rá ab annsa le n-a gcroidhe. Chuireadar pátrún Mhuigh Cuilinn, rásaí Bhaile-Bhriotaigh, agus rásaí Uachtar Árd faoi dhíospóireacht. Nach mbeadh Barrett na gCártaí as Gaillimh ag Pátrún Mhuigh Cuilinn Domhnach Chruim Duibh? Nach mbeadh cábáin ann agus mil- seáin agus spíonáin agus cosa fuipeanna le fáinní 'caitheamh leo? Agus nach mbeadh an bheirt acu annsin ar feadh an lae agus a bpighnneacha beaga feistighthe acu le maidí milse a cheannacht? Bhuaileadar a mbosa ar a másaí, agus chuireadar glaodh astu nuair smaoinigheadar ar an lá breágh aoibhinn a bheadh acu ag an bpátrún. An tráth seo bhíodar ar chnocáinín aerach, ar leiceann a' chnuic dhuibh, agus chrom orthu a' baint raithnighe le n-a dhá gcorrán. I gceann tamaill, d'árduigh Tomáisín a chloigeann, agus chonaic sé carr a' dul soir bóthar Shliabh an Aonaigh, a bhí síos uathu tamall. “Cé'n carr é sin soir?” ar seisean. Sin é an sagart mór, cuirfe mé geall” adeir Micilín. “Bhí faoisdean i Sliabh an Aonaigh indiu, agus anois ag dul abhaile é. Is gearr go mbí faoisdean aige ar an mbaile s' againne anois, agus gan focal de ghníomh croidhe-bhrughadh agam. Ba cheart duit é mhúnadh dhom. “O, a Dhia, tá doilghios croidhe orm,” adeir Tomáisín, “abair na focla in mo dhiaidh-sa.” Thosuigh Micilín air dhá rádh, agus as an ngiodán sin níor fhága an bheirt go raibh an phaidir sin agus tuilleadh acu le n-a cois de ghlan mheabhair ag Micilín Shéa- muis Ruaidh. Ba ríméadach an mac é a' dul abhaile dhó, ach ní raibh sé blas ní ba ríméad- aighe ina intinn ná mar bhí Tomáisín Bhrighde. Shéaluigh cúpla mí eile thart go dtí an lá raibh faoisdean ar an gCeapaigh, agus an lá céadna sin nuair a bhí an sagart ag dul abhaile tháinig an-mhúr báisdighe. 'Siubhal da chois a bhí sé, agus sheas sé ag binn tighe Úna Ní Chorraoin leis a' gcith a leigean thart. D'fhosgail sé a sgáth fear- thainne, ach bhí sé a' clagarnaighil chomh trom sin go mb'éigean dó an teach a thabhairt air féin. “'Sé do bheatha is do shláinte, 'Athair Séamus,” adeir Úna Ní Chorraoin; “ní raibh fhios agam ó thalamh na hÉireann céard dhéanfainn sul a dtáinig tú isteach: 'Sé Dia a chas an bealach thú! Bhog an bhean seo isteach chugam ar maidin indiu, agus 'sé mo thuairim go bhfuil sí a' fághail bháis, agus duine ná deoraidhe ní raibh istigh agam le dhul i gcoinne an tsagairt di. Agus mac an aoin, thairis aon lá ariamh, ní dheachaidh an bealach ó tháinig sí isteach.” Dhearc an sagart anonn sa gclúid, an áit a raibh an bhean sínte, agus d'éist a faoisdean nuair bhí Úna Ní Chorraoin glanta léithí amach. Nuair tháinig aiteall, shiubhail an t-Athair Séamus leis abhaile, agus ní raibh sé uair a chluig sa mbaile nuair a chuala sé go bhfuair an bhean-siubhail bás. An oidhche chéadna bhí Seán Ó Céirín a' teacht abhaile as Gaillimh, agus tarraint ar a' teach dó, ní mó ná go maith bhí sé 'aireachtáil. Comh luath is shroich sé an doras b'éigean dó deoch fhághail. “Is fada mé a' dul ar bhóthar na Gail- limhe,” adeir sé, “agus ní fhaca mé aon iongantas mar chonaic mé anocht.” “Céard sin?” adeir a bhean. “Facthas dom, agus is beag nach dtiubh- rainn mionna an leabhair go bhfaca me trí soillsí ag dul suas sa spéir os cionn tighe Úna Ní Chorraoin.” Níor mhair Micilín Shéamuis Ruaidh le pátrún Mhuigh Cuilinn fheiceál an bhliadhain sin, ná rásaí Bhaile Bhriotaigh, na rásaí Uachtar Árd. Bhuail an eitinne bhradach é féin agus a dheirbhshiúr, agus fuair an bheirt acu bás i n-imtheacht aon mhí amháin. Ba í a máthair an bhean siubhail, agus bhí sí a' tarraint ar an tsean-áit, ach ní fhuair sí saoghal le Baile na Ceapaighe fheiceál go bráth aríst. “B'fhéidir,” adeir Brighid Mhór na Cea- paighe, “gurb é Micilín Shéamuis Ruaidh agus a dheirbhshiúr a bhí a' treorú a máthar go Flaithis nuair chonaic tusa na soillsí aréir.” “B'fhéidir,” i nDomhnach,” adeir Seán; “ag Dia tá 'fhios.” Am eicín eile b'fhéidir go mbeadh faill againn le cur síos a dhéanamh ar Eachtraí an Chléirigh. T. Ó R. Níl aon tsiopa ins na cúigí a bhfuil níos mó earraidhe Gaedhealach le fagháil ann ná ag A. MOON, TEORANTA, a dhíolas cultaí fear, hataí ban & gach aon tsort éadaigh fheileas d'fhear, bean, nó páisde. FOIRGÍONTA EGLINTON, I NGAILLIMH. AN SEAN-TEACH. A cuireadh ar bun i 1864, Tae, Caife, Fíonta, Uisge Beatha, ar fheabhas Ó LÉANACHÁIN, AN CHEARNÓG, :I NGAILLIMH
CUINNE AN tSEANÓRA. An mí seo chuaidh thart bhí mé a' fámaireacht ag iarraidh na sgoilteacha seo a bhfuilim ciapuighthe acu a leigheas agus sin é choinnigh an cúinne as an STOC deireannach. Seo mo dhiaidh dáinín beag a chúmas fad ó nuair a bhíos óg, agus an grádh do mo chiapadh níos mó ná na sgoilteacha indiu — AN CAILÍN AS GAILLIMH. I. Tráthnóna teas gréine an samhradh gabh tharainn, I lúb coilleadh craobhaighe 's mé déana' mo mhachtnaimh, Éin 'na sgaotha ag cantain gach tairm; Seadh dhearcas an déigh-bhean an cailín as Gaillimh. II. Níl croidhe dá mba léanta, le péin nó le arrainn, Nach bpreabfadh le méisneach, ar fheicsint na heala, Sídhe-bhean níor fhéach ariamh i spéir ná ar talamh — Níor áille ná an sgéimh-bhean, an cailín as Gaillimh. III. A ciabh-fholt síos léithe, go dréimreach ag casadh Go triopallach séadmhar, péarlach fada, Dubh-dhath na sméara 'b'fhéidir a shamhailt — Le trom-chéibh na béithe — an cailín as Gaillimh. IV. A béal tanaidhe bréithreach, a gruadha, is a leacaí, Ar dhath na súgh-craobha, tráth bhogann le aipeacht, D'fhág saighead in mo thaobh clé, léan 'gus dubh-ghalar A leigheas níl ag aoin neach ach an péarla as Gaillimh. V. A brághaid mar an t-aol geal, 's a coiscéim go tapaidh I rinnce go Gaedhealach i mbéasa a treabha; Na béithe i nÉirinn tá go héadmhar le sealad, Le tréithre na réidh-bhean — an cailín as Gaillimh. VI. Éire fan léir-sgrios, 's Gaill-phuic dá basgadh, A clanna faoi ghéar-bhruid ó Dhomhnach go Sathairn, D'fhág í ag éagaon 'na haonar ar maidin, An ainndir chúthal spéireamhail — an cailín as Gaillimh. Béidh amhrán fada agam annseo an mhí seo chugainn. “Inbhear Mór” an t-ainm atá air. SEANÓIR. FÁINNÍ. Má theastuigheann fáinní uait sgríobh chugam-sa & cuirfead chugat leabhrán a bhfuighe tú gach eolas i n-a dtaobh ann. Taisbeánfa sé duit an chaoi le airgead & aimsir a shábháil & trioblóid a sheachaint. S. FALLER, I nGAILLIMH. ÉADACH GAEDHEALACH ar fheabhas le fagháil ó PHROINSIAS MHAC DHONNCHADHA & A CHOMH, I nGaillimh. A uir dlúthas i gcomhnaidhe le déantus ha hÉireann a chur 'un cinn. An Teach a bhfuil cliú air le haghaidh Tae, Fíona, Biotáilte & Intreabh Tighe. M. BREATHNACH, SRÁID ÁRD, NA GAILLIMHE GIOTA A BHAILIGH AN T-ATHAIR EOGHAN. Bhíodh an tAthair Eoghan Ó Gramhna ar cuairt i nÁrainn go minic agus bhíodh sé ag cur giotaí Gaedhilge a sgríobhadh sé síos ó na daoine go dtí Seán Mac Fhloinn le na bhfoillsiú ar “Nuachtán Thuama.” Ag so síos giota a chuir sé go dtí Mac Fhloinn san mbliain 1890. 'Sé an fear féin adeir an chéad cheathramha, tar éis bháis an chailín, agus is amhlaidh a chuir an file an chuid eile den dán i mbéal an chailín. Sin nós a bhíodh ag na filí Gaedhilge, caoineadh a sgríobhadh ar dhuine a bhí caillte agus an dán a leagan air féin; agus is dócha nach í an cailín a chum na ceathramhna so (5–6) atá leaghta uirthi, ach gurb é an duine a chum an chéad cheathramha a chum an dán ar fad. An séamhadh ceathramha, faoi'n mboch- taineacht, níl aon dlúth-bhaint aice leis an gcuid eile den dán ach tá sí ar aon dul ina déanamh leis na ceathramhna eile. CAILÍN TRÉIGTHE. I. Tháinig mise aréir go dorus an háll Agus chuaidh mé ag cogar ar mo mhúirnín bán, Is dubhairt a máithrín nach raibh sí ann, Go raibh sí pósta le fearr san ngleann. Is dubhairt a máithrín nach raibh sí ann, Go raibh sí i dtaisge i seoimrín cláir. II. Fuair mise póigín, is ní ó chlaidhre, Agus an dara póigín ar cheann na staidhre, Is an tríomhadh póigín ag gabhail a luidhe dhom, Marach an phóg sin bhéinn 'mo mhaighdin. Is an tríomhadh póigín ag gabhail a luidhe dhom Marach an phóg sin ní bhéinn gan dídean. III. Gheall tú dhom, is rinne tú bréag liom, Go gcuirfeá fáinne óir faoi dhó ar gach méir liom: Muileann gaoithe nó sruth dá thréine, Is beag a neart le hais mo phéine. Muileann gaoithe nó sruth dá thréine, Is luaithe saoghal cailín tréigthe. IV. Cailín óg mé ar bheagán misnigh; Shiubhailfinn an ród le hóig-fhear cliste. Níl fíon bán agam, mara n-ólainn uisge, Agus leanbhín óg agam, is a chóitín bríste. Níl fíon bán agam, mara n-ólainn uisge, Ach ocras géar orm, agus tart nár cois- geadh. V. Cailín óg mé i ngleanntán sléibhe Ar ghanntan eallaigh is ar bheagán éadaigh, Is í ar breith chloinne is a fear dhá séanadh, Is nach río-bhocht an fortún a cheap Mac Dé dhom. Is í ar breith chloinne is a fear dhá séanadh, Ó is bocht an saoghal do bhochtaibh Dé é. VI. Fuagruighim an ealadhain seo, 'sí an galar gránna í, Is iomdha cuisne a bhíos ag a lán air. Is an té a mbéidh sí air, ní mian leo trácht air, Ní hóltar deoch air, ní craithtear lámh leis, Is an té a mbéidh sí air, ní mian leo trácht air, Níl shógh ina shaoghal ach brón is cráidhteacht. SEÁN MAC GIOLLARNÁTH. Ó FLAITHBHEARTAIGH, Sráid Doimnic na Gaillimhe. Carrana móra, carrana beaga, gléas soch- raide, gluaisteáin. Ní cuirfear moill ar éinne. Guthán, 49. NA BEANNA BEÓLA. Is deas an radharc iad na Beanna Beóla Ar maidin fhoghmhair le héirghe an lae Nuair chaitheas an ghrian orthu a sgáilí órdha Mar falluing ór-bhuidhe le iad do ghléas. Is uaigneach cúmhra 'na seasamh annsiúd iad, A' dearcadh anuas ar na bánta réidh, Mar laochra calma 'sa gcinn i n-áirde A' coinnéal gárda ar mhaoin na gclé. Is iomdha cnoc sin i n-Innis Fódla, 'S do réir gach cunntas is áluinn iad, Ach is gile liomsa na Beanna Beóla, Ar maidin fhoghmhair le héirghe an lae. MÁIRÍN NÍ GHUAIRIM, Cárna, Conamara. Bu cheart do gach Gaedhilgeoir i mBaile Átha Cliath gan aon arán do cheannach ach ARÁN Uí CHINNÉIDE AN T-ARÁN IS FEARR DÁ nDÉANTAR 124 go dtí 131 SRÁID PHÁRNELL Agus BÁCÚS NAOIMH PHÁDRUIG, BAILE ÁTHA CLIATH. Guthán — 3141. An Teach ina labharthar Gaedhilg. S. Ó FATHAIGH & A CHOMH, TEORANTA, Díoltóirí & Reacadóirí, — Tae, Fíonta & Uisge Bheatha. FOIRGÍONTA CEANNAIGHEACHTA, NA GAILLIMHE. Tá cultaí & cótaí móra nach bhfuil sárú i na gcionn ag: ANTOINE Ó RIAIN SRÁID NA SIOPAÍ, I NGAILLIMH. AN “LUCÁNIA.” Más maith leat ROTHAR MAITH a rinnead nÉirinn sgríobh chuig DOMHNALL UA BUACHALLA, I MUIGH, NUA DHAT TEACH AOIDHEACHTA. MHNÁ UÍ BHACHÁIN, Cearnóg Pharnell, Baile Átha Cliath. An biadh & an deoch is fearr & iad sin fairsing & le fághail ar a luach. Tá chuile shócamhal sa teach seo.
BANAIS NÁPLA NÍ CHEARBHALLÁIN. Go bhfóire Dia orainn! Nach tapaidh atá an aimsir ag dul thart? Nuair dhear- caim siar ar na bliadhanta, níl sé ach sgathamh gearr ó bhíos mo ghearr-bhodach aerach a' rinnce agus a' déanamh spóirt ar fud na tíre. Agus féach anois orm — mo neart a' sleamhnú uaim gach uile lá agus mo cheann liath. Ach ná bac leis sin. Is iomdha lá sultmhar sona a chaitheas le mo linn agus b'fhéidir le Dia gan mórán ana- chan. Níl in mo chuimhne lá grinn mar an lá a pósadh Nápla Ní Chearbhalláin agus a leithéid de ghreann is bhí againn an lá sin ní féidir liom a chur i n-iúl duit. Ba phunntach an cailín í an Nápla chéadna. Ní raibh aon mhéid mhór innti ach bhí fuinneamh sa chuile orlach dhí. Dá bhfeictheá a béilín leitheadach agus a sróinín gheanncach dearfá leat fhéin nach i mbaile bheag shuarach mar Dhoire na gCapall rugadh agus tóigeadh í. Ní feicthí riamh í gan cuma Domhnaigh uirthi. Ní chuirfead sí a lámh i n-amar na muc ar a bhfaca sí riamh. Ní raibh dada a' dul eadar í fhéin agus a codladh ach litir a fhágháil ó Mheiriocá. Bhí sean-aunt aici annsin a thug sórt gealladh dhi go bhfágfadh sí spré ag Nápla nuair do bheadh sí ag fagháil bháis, agus ar an ádhbhar sin ní leig- feadh Nápla duine ar bith thart an bóthar go Balla gan glaodhach 'na dhiaidh: “fiafruigh a' bhfuil litir i dteach a' phosta dhom.” Ní théidheadh na buachaillí posta thart leis na litreacha an t-am sin. Ach faraor go bhfuil sé le rádh agam nár tháinig aon litir ná spré. Is ar éigin bhí riar a cháis ag a hathair bhocht ach in'-indeóin sin is uilig do mhothuigh- eas fhéin Nápla a' rádh oidhche na rásaí i mBéal Átha Muice nach bpósfadh sí aon fhear a bhí ag na rásaí. D'imthigh an lá sin agus tháinig lá eile agus is beag fear gheobhfá ag rásaí nó ag cruinniú nach bpós- fadh sí. Ag deireadh na dála nuair tháinig Pár- thalán Mac Ghiolla Eóin ó Bhaile a' Phaidirín dá hiarraidh tig leat a rádh gur mór an glionndar a bhí uirthi agus gur mór an fháilte a bhí roimhe. Ní raibh insan Párthalán céadna ach sean-bhaintreach agus dubhradh nár fhág sé bean is na trí paráistí nár iarr sé. Bíodh sin mar bhí sé, ní raibh sé fhéin ná Micheál na Carraige leath-uair i dteach Nápla go raibh an cleamhnas críoch- nuighthe agus gach uile rud socraighthe. Bhí orthu annsin teachtaire a chur go dtí an sagart a' rádh leis go mbeadh an pósadh lá ar n-a bhárach agus ar fhaitchíos go mbeadh moill ar bith i ndán don bpósadh, cidh go raibh sé a hocht a chlog san oidhche, b'éigin domsa mo rothar do thógáil agus mo bhealach a dhéanamh síos don Teampall Mór áit chomhnuidhe an Athar Séamus. Níor codluigheadh mórán i nDoire an oidhche roimh an bpósadh agus ag fáinne an lae ní raibh duine ná deóraidhe ann nach raibh 'na shuidhe. Bhí faitchíos orm-sa nach bhfuighfinn cuireadh don mbanais óir do bhí dritháir agus drishiúr dhom a' dul innti, ach fuair. Bhí sé deireannach san oidhche sul tháinig an lánamhain abhaile agus ní ro-shásta bhí Párthalán sgata mór cleathairí fheiceál a' béiceadh tiompall an tighe. Tháinig sé isteach agus ní raibh pioc níos fearr taobh istigh. Bhí siad ann ó thuaidh agus ó dheas — cuid mhaith acu leath ar meisge agus cuid mhaith eile a' glaodhach ar uisge beatha. “Tá cleathairí taobh istigh is taobh amuigh,” arsa Párthalán, “agus feicfe mise go mbéidh trosgadh orthu anois as seo amach.” Dheamhan greim le n'ithe ná deór le n'ól a d'fhág sé san gcistinigh nár sguab sé suas insan seomra leis. Thug sé leath sgór de na daoine acfuinneacha leis agus fágadh an chuid eile ag dearcadh ar a chéile. D'fhanadar sgathamh gearr 'na dtost óir bhí iongnadh an domhan mhóir orthu ach nuair a chonaic siad nach raibh dada a' teacht chucu thosuigh an spóirt. “M'anam ón diabhal,” arsa Liam Ó Colgan, “tá sé chomh maith dhúinn umhluigh- eacht do chur ar Phárthalán nó dheamhan greim ná deoch gheobhamuid anocht. “Umhluigheacht dod' mháthair mhóir,” arsa Matha Breathnach. “'Measann tú an le n-ar bpaidreachaí a rádh tháinigeamar-ne ó Bhaile na gCrann annseo?” “Diabhal a leitheid chonaic mise cheana,” arsa Stiophán Bairéad, “cuireadh a thabh- airt do dhaoine chomh fada ó chéile is Poll na nGamhnaí agus Ceathramha na gCnocán agus annsin gan dada ar an mbord nuair thagas siad.” “Dá mbeitheá in do cheithearnach bheag bheitheá san seómra leis na daoine macánta,” arsa Máirtín Bacach. “Ach seómra ann nó as,” ar seisean. “Béidh bágún agamsa nó fuil.” “Daoine macánta, an eadh,” arsa Stio- phán. “Cén uair a fuair Cairbre Ó Dóláin agus Tomás caoch Mac Dhuarcáin an ma- cántas, agus duine acu i bpríosún cúpla bliadhain ó shoin mar gheall ar bhréidín a ghoid sé ó Shéimín na Glaise, an figheadóir? Agus an duine eile —.” ‘Thug tú h-éitheach, a chladhaire,” arsan Dólánach óg a bhí i láthair, “agus ar trí craipí,” ar seisean, “chuirfinn mo dhorn in do bhéal.” “Déan,” arsa Micheál Ó Mocháin, an gréasaidhe, “agus ní fhágfa mise fiacail in do cheann nach gcuirfe mé síos in do bholg. Bhí fir níos fearr taobh thuas den abhainn ná taobh thíos dhi gach lá riamh.” Sheas siad uilic ar an urlár agus do bhain cuid acu a gcótaí díobh, thosuigh na cailíní ag sgreadaighil, agus ní raibh aon dhuine nach raibh a' caint. Bhuaileadh Mártan Ó Taidhg, an ceóltóir dall, port anois is arís ach nuair a mhothuigh sé nach raibh duine ar bith ag éisteacht leis d'fhág sé a fhidil insan leabaidh le n-ais agus do dhearg sé a phíopa. Nuair do thosuigh an pléaráca do leagadh Máirtín Bacach bocht isteach insan leabaidh ar mhul- lach na fidile agus níor fhág sé téad innti nár bhris sé. “Muise mo chuid tubaiste leat agus mo sheacht míle mallacht ort,” arsan fidiléar, “tá m' fhidil briste agad. A robálaidhe thuataigh,” ar seisean, “céard a thug do leitheid annseo chor a bith? Is deas an feic do dhéanfá a' damhsú an rinnce fhada. Ach ní bhéidh a chuid fhéin ag an gcrochadóir go mbí tú a' damhsú gan dada faoi do chosa.” “Druid do bhéal, a chlabaire,” arsa Máirtín. “Shílfeá nach raibh dada sa teach ach tú fhéin is do shean-fhidil. B'fhearr liom a bheith ag éisteacht le páiste a sgríobadh a' phota ná do chuid ceóil.” Do tháinig sgannradh ar Párthalán nuair chuala sé an pléaráca insa gcistinigh. “A Chroich Chéasta,” ar seisean, “Leagfa siad an teach chomh cinnte is tá mé beó. Goid-é an mí-ádh bhí orm a theacht annseo chor a bith agus go leór ban le fághail níos foisge dhom? Cuireadh ar mo chosaint mé go raibh daoine tiompall annseo mar an broc agus an béar. A Nápla,” ar seisean, “céard is cóir dhom a dhéanamh?” “Bhí Nápla 'na suidhe cois na teineadh ag cogaracht le cúpla comrádaí. Bhí sé ina hintinn an lámh uachtair d'fhagháil ar Phárthalán bhocht agus shíl sí go mb'fhearr dhí gan boige ar bith a leigean leis. Sheas sí suas faoi theit agus b'fhuras d'aithne uirthi céard do bhí a' teacht. “A Phárthaláin, a chroidhe,” ar sise, “pósadh sinn ag an Teampall Mór indiu agus thugamar ár ngealladh don tsagart go mbeamuis mar aon duine amháin gan achrann gan troid. Béidh mise mo mhaighis- treás in mo theach fhéin, agus má theas- tuigheann uait síothchán agus ciúineas ná bí a' cur isteach do ladar in mo ghnótha-sa nuair nach bhfuil gábh leis.” “An Tighearna Dia eadar sinn is an t-olc,” arsa Párthalán, agus shuidh sé insan gcoirnéal agus ní fhaca tú le do dhá shúil fear ba chiúine ná é go maidin. Do tháinig Nápla síos go dtí an chis- tíneach agus thug ordú ar go leór uisge beatha a leagan ar na boird agus suipéar breágh 'na dhiaidh sin. Bhí an oiread sin báguin ann is go raibh Máirtín Bacach fhéin sásta. D'fhág mise an pháirt sin den tír an bhlia- dhain dár gcionn agus ón lá sin níor fhágas rian mo choise i nDoire na gCapall. Ach fághaim tuairisg, amanta, ar an gcaoi a bhfuil na daoine a' dul ar aghaidh. Casadh Máirtín Bacach liom i mBéal an Átha a' dul don bhfairrge dhom anuraidh agus bhí comhrádh fada againn. Is iomdha sgéal greannmhar a bhí aige dhom, agus ba mhaith an mhaise dhó craiceann a chur ar sgéal. “A Mháirtín,” arsa mise, faoi dheireadh, “goidh-é'n chuma bhfuil Párthalán Mhac Giolla Eóin agus Nápla, no bhfuil aon chlainn acu?” “Ar fheabhas,” ar seisean. “Tá beirt inghean acu cosmhail le n-a máthair go díreach glan. Ó, ceannphuirt a' tige, an eadh? Tá a leithide ann agus ní hé Pártha- lán é.” PEADHAR Ó MEARÁIN. Ceathramha a' Chaisil, Samhradh, 1919. EACHTRAÍ SHEÁIN MHIC DHUIBHIR AN GHLEANNA. Is minic freisin a castaí timthirí Gaedhilge an Bhoird le Seán ins na sgoltacha,’ agus is iondamhail go mba iad a dhéanadh sgrúdú na Gaedhilge i ndeire na bliadhna. Cheap Seán go raibh na Timthirí seo an-umhal dhá máighistir, agus thug sé fá deara go mba mhaith leo spaga an Riaghaltais a spáráil. Dhá bhfaighidís an lochtín is lugha agus is seafóidigh amuigh, bhí na táillí giorrtha gearrtha amach acu ar an múinteóir, agus cunntas fada sgríobhtha acu chuig an mBord a' cur na lochtaí seo i n-iúil dóibh. Chaithidhís an chuid is mó dá n-am ins na sgoltacha a' sgríobh agus a' sgrúdú leabhar, a' tabhairt orduighthe don mhúinteóir céard ba cheart dó a dhéanamh. Ba é baramhail Sheáin nár mhaith leo an focal timthire chor a bith, agus níor mhaith leo Timthirí a ghlaodhach orthu fhéin, ach cighirí. Go deimhin ba mhó an coshamhail le cighirí sgoile iad ná timthirí. Ní fhaca 's níor chuala Seán ariamh na tim- thirí seo a' tabhairt leictiúr ná comhairle do na páistí fá chúis na teangan, agus maidir le timthireacht a dhéanamh, ní raibh orthu é sin a dhéanamh chor a bith, dhá mb'fhíor dhóibh fhéin, ach cighireacht, cé gur toghadh iad le timthireacht a dhéanamh ar son na teangan. I n-ionad sin is a' cighireacht agus a' sgrúdú na sgoltacha a bhídís, agus a' coinneál na dtáillí ón chuid is mó de na múinteóirí — táillí a bhí saothruighthe go cruaidh cneasta acu th'réis a lae oibre. Gan aimhreas, ba bhocht an cás é do mhúin- teóir ar bith a choinneóchadh na páistí istigh ar feadh uaire a chloig 'chuile thráthnóna 'sa mbliain fá thart is fá ocras, a' múnadh na Gaedhilge dhóibh, agus annsin gan tada dá bhárr aige i ndeire na blianna, ach na táillí a bhí saothruighthe go cruaidh cneasta aige coinnighthe uaidh, agus bh'fhéidir droch-mharc nó droch-chunntas sgríobhtha ina aghaidh i rolla na sgoile. Ar bh'iongnadh annsin don mhúinteóir seo múnadh na Gaedhilge a thabhairt suas ar fad? Gan aimhreas níor bh'iongnadh. Is iomdha sin sgoil agus múin- teóir a thug suas múnadh na Gaedhilge ar fad mar gheall ar an obair seo — mar gheall ar bheachtaidheacht na dtimthirí 's na gcighirí, agus ar ghliocas an Bhoird. Gan aimhreas bhí fhios ag an mBord Náisiúnta céard a bhíodar a dhéanamh nuair a chuireadar an Ghaedhilge dhá múnadh mar aigisín nó iorbaillín taobh amuigh d' am sgoile. Tá's 'ainn fhéin anois é, agus duine gan tuisgint nach dtuigfeadh é. Le linn an ama seo bhíodh Seán ina chomh- nuidhe i mbaile Dhubh-acha i n-aice thráigh na Cuime an áit is fuide siar i n-Éirinn. Gan
aimhreas is aoibhinn greannmhar an áit é seo do dhuine bheith 'na chomhnaidhe ann. Níl aon áit eile is deise ná é i nAcaill. Tá tighthe go tiugh ann — tighthe beaga deasa ceann-tuigheadh cruinnighthe, greamuighthe i dteannta a chéile i n-aon phlóid amháin ar dhá thaobh an bhóthair. Suas uaidh tá cnuic mhóra, árda, uaibh- reacha, ceangailte le altracha aisteacha atá contabhairteach daimhséarach dá gach ní; ach amháin do na gabhair fhiadháin e atá go sgaolmhar dána ina gcomhnaidhe imeasg strapaí na n-altracha seo; ag iarraidh bheith 'saothrú an t-saoghail, agus soláthar a gcodach go dócamhlach aimhréidhteach mar gheall ar dhaoine peacamhla na h-aimsire seo atá dhá bhfiach is dhá bhfaire gach tráth ins an mbliain. Tá gleannta míne réidhe imeasg na gcnoc ann. Gleannta le lochanna áille suidhte go sócamhlach suaimhneach ag a mbun. Siar uaidh atá Ceann Acla 's Gleann na Cuime san áit a chomhnaidh Boycott, lá de na laethí. Amach siar uaidh atá an fhairrge mhór le feiceál agad i n-aon stiall amháin chomh fada siar le bun na spéire. Uaidh anonn atá oileán Ghráinne Ní Mháille. Taobh thall de sin aríst atá cnuic Chonamara le feiceál agad, ag athrú dathanna, léir mar tá an ghrian ag árdú is ag ísliú. Barraí na gcnoc go lonnrach ag dearcadh — iad a' tagairt 's a' bagairt a gcinn thar dhruim a chéile. Tá muintir an bhaile seo go lághach, greann- mhar, geanamhail. Daoine neamh-urchóideacha, flaitheamhla iad. Ba deas a bheith ina gcomhluadar oidhche thórraimh. Is ann gheobh- fadh an duine an siamsa gan aimhreas. An t-aos óg cruinnighthe i dteanta a chéile thart le balla i dtaobh áithrid den teach. Cuid acu ag argúinteacht go te, feargach le chéile fá cheist áithrid eicín; cuid eile acu a' siosgadh, a' súgradh agus a' sios- marnaighil cainte go seal lag-ghlórach dóibh fhéin. Corr-bheirt annseo 's annsiúd ar chúl na ndaoine i n-áit iargúlach a' tabh- airt grádh dá chéile go bródamhail geal- gháiridheach. Na sean-fhir is na sean-mhná bailighthe i n-aice a chéile thart ar bhéal an tseomra. Is orthu siúd a gheobhfá an greann dá rírí' fá chúrsaí an tsean-tsaoghail. Ba mhaith uathu piocadh agus gearradh a thabhairt dá chéile; ba mhaith uathu siamsa agus magadh a dhéanamh fá dhuine; b'fhearr ná sin uathu síamsa agus magadh a thógáil ar ais ó dhuine. Is iad a bhí i ndon an sean-sgéal deas, greannmhar a innseacht a ghiorróchadh an oidhche dhuit; gan aimhreas is iad a bhí i ndon an leagan gaisgeamhail cainte a chur ar a sgéal agus craiceann dá réir. Anois is aríst d'fheic- fheá sean-bhean fhiúntach eicín a' cur a láimhe ina brollach, agus a' tarraint amach boiscín toirteamhail snaoisín agus a' tabhairt ruain- ne snaoisín dá gach duine dá mbíodh thart uirthi. B'iongantach láidir an snaoisín a bhíodh ins an mboiscín deas, glan, sgiúrtha seo, agus mura mbeidhtheá an chleachtach ar snaoisín chaithfeá imtheacht as an teach, ar áit na mbon nó thú fhéin a náireadh ó's comhair an tighe. Fá cheann tamaill, d'fheicfheá na mná ag éirghe go deifreach a' tarraint a gcuid filéid as a bpócaí, agus a' cur goithtí ar leith orthu fhéin, a' rithe un an choirp agus a' cur breall chaointe orthu fhéin. Sin é an áit a bhfeicfeá agus a gcluinfeá an reiceach agus an bhéiceach, an lasgairt 's an greadadh bos os cionn an choirp, Chaoinidís agus mholaidís go breágh an té a bhíodh os cionn cláir. Chuiridís síos sa gcaoineadh ar a bhéasa 's ar a thréathra nuair a bhí sé beo, bíodhgamhail ar an saoghal seo; mholaid- ís is chaoinidís go dúthrachtach a ngaolta a bhí eagla le blianta fada roimhe sin; mholaidís 's chaoinidís a maicín nó a muir- nín a bhí ina gcomhnaidhe thar sáile. Ní bhíodh smid, puth ná path, húth ná hath ag muintir an tighe an fhad is bhídís a' caoineadh, ach cluas ar éisteacht orthu, ag éisteacht go haireach leis an gcaoineadh agus leis an óráid chaointe. Leanaidís don chaoineadh is don mholadh nó go n-éirigheadh sean-fhear geanamhail eicín agus go ndéanadh iarracht ar iad a stopadh. Ní dhéanfaidís a chomh- airle ar dtús. Théigheadh sé isteach ina measg ag iarraidh foighid agus ciall a chur ionntu. Séard a dhéanfaidís neartú un caointe. Ar deireadh, thagadh fearg ar fhear an réidhtigh agus d'iarradh orthu os árd ó's comhair an tíghe stopadh agus gan a bheith ar an tseafóid sin. “Stopaigí! stopaigí! adeirim agus ná bígí ar an tseafóid sin. Ní dhéan- faidh an caoineadh sin aon mhaitheas daoibh féin ná don té atá marbh. Stopaigí! stopaigí! adeirim. Suidhigí síos agus stopaigí den reiceach sin atá orraibh, agus abraigí paidir 's cré ar son a' té atá os cionn cláir, sé 's córa daoibh a dhéanamh.” Stopaidís agus shuidhidís síos annsin ar a ngogaidí, tharneóchadh amach a TABHAIR AN TÚS DON MHUINNTIR A BHFUIL FUAGRADH ACU SA STOC. mboiscín snaoisín, agus chuireadh ruainne snaoisín le n-a bpolláirí 's rachadh ar chaoin- chómhrádh le n-a chéile. Tá halla breagh deas ins an mbaile seo freisin. Is ann a bhíodh na ranganna ag Seán ar feadh an gheimhridh; is ann a bhíodh an spóirt dá réir. Is iondamhail go dtagadh an chuid is mó de shean-fhearaibh an bhaile isteach ag éisteacht le Seán a' múnadh. Tar théis na ranganna chuireadh Seán an dream óg ina suidhe thart le ballaí, agus cuireadh an sean dream ina suidhe i n-áit ar leith dóbhtha fhéin. Bhíodh rang speiséalta aige don tsean-dream, agus is é an sórt rang a bhíodh acu ná rang díospóireachta fá cheist áithrid eicín. [Ní críoch.] LOCH MEASG. SABHÁILIGHIDH SCOIL ÉANNA. Tá deich míle punt do dhíth leis an Díthreabh do cheannacht agus SCOIL ÉANNA do bhuanughadh innti i ndíl-chuimhne PHÁDRAIC is LIAM MHIC PHIARAIS. CUIDIGHIDH LINN A GHAEDHEALA, AR SON NA bPIARSACH Scríobh chuig an Rúnaire fá choinne Cárdaí bailiúcháin agus bratach. Cuirtear síntiúis chuig an Chisdeoir, Scoil Éanna, Ráth Fearnáin, Ath Chliath. Admhuigtear Síntúis i n-“Ár nÉire.” SÍOLTA AR FHEABHAS, Agus gach a dteastuigeann ón bhfeilméara Le fagháil ó MHAC OSGAIR, I mBARR AN CHALTHA, I nGAILLIMH. Ba í Éire an chéad tír a coisrigeadh dhon Chroidhe Naomhtha. Go dtí seo, ní raibh aon phictiúir den Chroidhe Naomhtha a rinneadh i nÉirinn. Anois tá againn PICTIÚIR ÁLUINN den CHROIDHE NAOMHTHA a rinneadh i nÉirinn, 22ord. x 15ord. Dán don Chroidhe Naomhtha faoi. Dán é seo a sgríobh príosúnach bocht tar éis an t-aifreann éisteacht dó taobh amuigh de Bharraic Richmond an 28adh lá de Bhealtaine, 1916. A Luach, 1s. 6d thríd an bposta. Laghdú mar is gnáthach do lucht siopaí. Ó FAOLÁIN & A MHAC, 17 Uachtar Cé. UrMhumhan, BAILE ÁTHA CLIATH. COUPON. AN STOC, DEIREADH SAMH. & LUGHNAS, 1919. TÍR NA n-ÓG. ROINN NA bPÁISDÍ. Tá lucht an pháipéir seo fá réir duais- eanna a thabhairt do na páistí sgoile is fearr a sgríobhfas leitir Ghaedhilge ar cheist ar bith a thogróchas siad. AN CHÉAD DUAIS — Luach corónach de leabhra Gaedhilge. AN DARA DUAIS — Luach leath-choró- nach de leabhra Gaedhilge. Ní mór na leitreacha nó na haistí a bheith istigh roimh an 23adh lá de'n Lughnas. COINGHEALLACHA: 1. Caithfe coupon AN STUIC a bheith le GACH AON aiste nó leitir. 2. Caithfe dearbhú a bheith againn ón múinteoir gur páisde sgoile a sgríobh an aiste agus gur sgríobh an páiste í gan cabhair. 3. Ní mór don mhúinteoir aois an pháisde agus an rang a bhfuil sé sa sgoil ann a chur síos. 4. Is móide an tsuim a cuirfear i n-aiste ar bith gan rian láimhe an mhúinteora a bheith uirthi. LUCHT BUAIDHTE DUAISEANNA. AN CHÉAD DUAIS: Pádhraic Mac Ailín, Sgoil na Malrach, Doireadh, Casla. AN DARA DUAIS: Bairbre Ní Coisteala, Sgóil Ghleanna 'ic Muirinn. Seo iad na daoine a bhuaidh duaiseanna an mhí seo chaithte. Is truagh linn a laighead aistí atá ag teacht isteach. Iarramuid ar na múinteoirí sgoile cabhrú linn leis na páistí a chur ag sgríobh. Racha sé i dtairbhe dóibh féin agus do chúis na Gaedhilge. DUAISEANNA EILE. Tiubhramuid luach corónach de leabhraibh Gaedhilge gach mí mar dhuais don té a chuir- feas chugainn an chnuasacht is fearr de shean-rannta páisdí, rannta beaga, diadha, tomhaiseanna nó sgéalta gearra, greanna- mhara. Bíodh a leitheid sin ar láimh againn an chéad lá dá gach mhí Tá go leor de na Gaedhilgeoirí ga a' cabhrú linn agus níl muid a' déanamh dear- maid orthú. Cuirfeamuid duaiseann chucu comh luath agus thig linn na leabhra fhagháil. Tá go leor eile gur gairid uathu duais, ach tuigtear nach AISTRIGHTHE atá uainn, ach glan-Ghaedhilge na nGaedhilgeóirí. Tá gach aon tsaghas leabhair a bhaineas le hÉirinn, pé cu 'sa Bhéarla, i n-ár nGaedhilg féin, nó i nGaedhilg na hAlban le fagháil ó MHÁIRE NÍ RAGHALLAIGH, 87, Sráid Uach. na Driseóige, ÁTH CLIATH. Bionn páipéir, tobac, píopaí, agus earraí deasa eile le fagháil uaithi chomh maith.
An maith leat CLÓDÓIREACHT MHAITH ar airgead chomhthrom? Tig linn rud ar bith is áil leat a chur i gcló go deas taithneamhach. Cuirfeamuid i gcló dhuit billí, tuair- isgí, leabhráin, liostaí, &c. … An ‘Galway Express’ LIAM Ó CORRAOIN & A MHAC, Fuinteóirí & Lón-Cheannaidhthe, SRÁID DOMINIC NA GAILLIMHE. Ó HEIREAMHÓIN. Carrannaí & gluaisteáin & gléas sochraide. SRÁID EYRE NA GAILLIMHE. SÉAMUS Ó BÉACHÁIN Ceannuidhe Guail & Iomchuróir. SRÁID MHEADONACH, NA GAILLIMHE. Tá an tae is fearr i gConnachta & go leor neithe eile atá riachtanach le fagháil i dtigh MHONICA NÍC DHONNCHADHA, SRÁID ÁRD NA GAILLIMHE. A ghaedhilgeóir! An uair a bheir-se fógra do chur in aon pháipéar, tabhair do'n CORK ADVERTISING AGENCY, É Déanfha sé áise dhuit-se; Déanfha sé tairbhthe dhóm-sa. SEÁN Ó CUILL, FÁGHALTAÍ, 95a Sráid Phádraig i gCorcaigh. T. O FLANNAGHAIN & Chlann Mhac. Gac uile shórt gaibhnigheachta agus innealltóireachta, … DÍOLTÓIRÍ ROTHAR. Cuirtear deis ar rothair & ar ghunnaí. SRÁID NA gCEANNUIDHE, i nGAILLIMH. TÁILLIÚRACHT. BHÁITÉAR O CUANACHÁIN Táillúir & Tuighneadóir Iol-sgol, 44, SHRÁID CHILLE DARA, BAILE ÁTHA CLIATH. Labharthar Gaedhilge annseo. AN STOC. ORDÚ. Don ATHAIR Ó CEALLAIGH, Sráid Dominic, NA GAILLIMHE. A Chara, Cuir chugam — cóipeanna den STOC gach mí go ceann. Ainm Seoladh MUINNTIR UÍ ANNRACHÁIN 384 BÓTHAR CIORCALDA Ó THUAID, BAILE ÁTHA CLIATH. A Swordsman of the Brigade - 3/9 Irish Heroines - 7d. (Tá na leabhrai so saor thrid an bpost.) Is é Mícheál O hAnnracháin do marbhuighead le Linn an Chaisg 1916, do scríobh iad. Gach cineál leabhair bhaineas le Éirinn Le faghail annso. CLO-OIBREACHA DHUN DEALGAN. AISTÍ THOMÁIS DÁIBHIS. Maille le nótaí & a lán nar cuireadh i gcló go dtí seo. Dáithí Ó Donnchadha nach, maireann, a chuir in-eagar; 480 leathanaigh 4/- glan, thríd an bposta, 4/5. AN MHÁTHAIR & sgéalta eile a sgríobh AN PIARSACH; 100 leathanaigh; 2/6 glan, thríd an bposta, 2/10 PURGADÓIR PHÁDRAIG: Ailithreacht as an Meadhon-aois: 5/- glan a luach; thríd an bposta 5/4. A STUDY IN STARLIGHT and other Poems. The collected poems of Randal McDonnell, 140 p.p., gilt top, 4/6 glan, thríd an bposta, 4/9. Clódóireacht Gaedhilge, Béarla, Ticéid, Suathantais, &c. TOMÁS BREATHNACH, LÓN-CHEANNAIDHE. AN CHEARNÓG, I nGAILLIMH. Beidh Fáilte i gcomhnaidhe roimh Ghaedhilgheoirí ag … TIGH AOIDHEACHTA UÍ CHATHÁIN, AN CHEARNÓG: I nGAILLIMH. Tá gach cineál feola le fagháil ar fheabhas ó MHICHEÁL Mhac COISDEALBHA, I nGAILLIMH. TRUSGÁN TIGHE. Gach aon chineál. De dhéantúsaibh na h-Éirean, dá ndíol ag 63 Sráid an Chapaill Bhuidhe, i gCorcaigh Is le SEÁN Mac EÓINÍN an siopa. UA FATHAIGH & A MHAC, Lón-Cheannaidhthe Sráid Dominic na Gaillimhe. Biadh ar fheabhas ar luach chomhthrom. TEACH AOIDHEACHTA AN PHLÉIMIONNAIGH, 32 PLÁS GHÁRDINÉIR, ÁTH CLIATH. Árus Gaedhealach do Ghaedhealaibh Tá 59,081 Siopaí i nÉirinn le déantus Gallda a dhíol. Ní dhíolamuid-ne ach EARRAIDHE RINNEADH I nÉIRINN. O GLASÁIN & A CHOMH, 11 Sráid Uachtarach Uí Chonaill, I mBAILE ÁTHA CLIATH, Oideachas. COLÁISTE NA HIOLSGOILE, I nGAILLIMH. Craobh de Iol-sgoil na hÉireann. Árd-oideachas le fághail innti ar na hiol- dántaibh idir theangadhaibh, ealadhain, trácht & ceannaigheacht ealadhain an leighis, seil- bhéaracht, & Innealltóireacht. Téarmaí gearra ar leith fa chomhair oidí sgoile. Le gach uile ughdar a fhághail sgríobhtar ag An MEABHRÁNAIDHE. Má tá Gaedhilge agad, labhair í; muna bhfuil téirigh go COLÁISTE CHONNACT. I dTUAR MHIC CÉIDE NÓ SA SPIDÉAL Togha na Gaedhilge, múinteachas ar fheabhas agus múinteóirí nach bhfuil sárú 'na gcionn. AN CHÉAD TÉARMA — Ón 30adh lá de Mheitheamh go dtí an 26adh de Dheireadh Samhraidh. AN DARA TÉARMA — Ón 28adh lá de Dheireadh Samhraidh go dtí an 6adh lá de Mheadhon Foghmhair. AN tATHAIR BRIAN Ó CRÍOCHÁIN, Árd Rúnaidhe, AN GHRÁINSEACH, CO. SHLIGIGH. COLÁISTE IGNÁIDE NAOMHTHA. (Cumann Íosa.) I NGAILLIMH. Coláiste Idir-mheadhonac é seo a bhfuil teagasg dá thabhairt ann ar na craobhracha foghluma a chuir- eas duine i gcruth a dhul go hIolsgoil nó a dul i n-éadan gnótha trácht-cheannaigheachta. Aire ar leith dá tabhairt do ghasúir óga. Páirc bháire ar chúlaibh an tighe. Le gach uile ughdar a fhághail, sgríobh ag AN AIRCHINNEACH. CLOCHAR ÓIRD NAOMH URSULA, I SLIGHEACH. Oideachas i gcóir na HIolsgoile, (bhuaidheamar ceithre cinn déag de Sgoláireachtai an dhá bhliadáin seo caithte) i gcóir sgrúdú an Bhuird idir-mheadhonaigh, na mbannc, Cumann na gCeoltóir, I.S.M. Tráchtála, Sgoláireachta an Riogh, &c. Tá sgoil tigheachais fá leith againn. DHÁ LEABHAR NUA DO GHAEDHEALA. MAIDIN I mBÉARRA & Dánta eile. Osborn Bergin do sgríobh; a luach, 1/6; thríd an bposta, 1/9. AN CHAISE GHARBH. Leabhar nua-fhilidheachta Peadar Ó hAnnracháin do sgríobh; a luach, 1/6; thríd an bposta, 1/9. CLÓ NA gCOINNEALL, 44, Sráid Dawson, BAILE ÁTHA CLIATH. STORTHA AN MHALOIDIGH, I nGALLIMH. BRÓGA GAEDHEALACHA. o DHÁ NDÍOL LE LUCHT SIOPAÍ. Tá TEACH O ta a bhfuil compóirt ann ag SÉAMUS Ó LAIDHE, SRÁID DOMINIC ÍOCHTAIR NA GAILLIMHE. “Togha gacha bidh & sean gacha dighe” aige.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services