Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Deireadh Samhraidh & Lughnas, 1919

Title
Deireadh Samhraidh & Lughnas, 1919
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Ó Máille, Tomás
Composition Date
1919
Publisher
Coláiste na hIolsgoile, Gaillimh

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Stoc



TOMÁS Ó MÁILLE DHÁ CHUR I N-EAGAR.



LEABHAR II. UIMH, II.
DEIREADH SAMHRAIDH & LUGHNAS, 1919.
DHÁ PHIGHINN A LUACH



AN SAOGHAL.



FUIGHEALL COGAIDH.



Tá an sean-chogadh thart & tá réidhteach
déanta ach níl an síothchán ar fághail go
fóill. Ní bheidh aon tsíothchán ann fhád's tá
éagóir dhá déanamh ar náisiún ar bith agus
go mbeidh a muintir a' faireadh ar dhíoghal-
tas a dhéanamh ar shon na héagóra. Coin-
neócha siad an saoghal coipthe. Sin é an
fuigheall a d'fhágaibh an cogadh ina dhiaidh,
fuigheall a bhéas a' tolgadh go bhfreagraighe
sé amach ar chaoi nár síltheas. Ach tá rud
eile is mó brigh ná an díoghaltas. An
mhuintir a ghníos éagóir ro-mhór ar a námhaid
déanfa siad ar chéile é nuair a bhéas an
námhaid criogtha. Nuair a bhíos an éadáil
mhór dá roinnt má éirigheann le duine
ar bith crap is mó ná an chuid eile a bheith
aige bíonn an chuid eile ag éad leis. As
an éad sin a thagas achrann. Tá éadáil
an chogaidh mhóir anois ar fad roinnte idir
na náisiúin ach aon sgiurta amháin. Sin í an
Tuircéis.



AN EADÁIL.



Nuair a bhéas na cnámha dhá roinnt ar na
madraí is ag an madadh is láidre a bhéas
an ceann is mó agus is tairbhighe. Ní thig
leis an madadh lag aon tsásamh a fhághail
ach go leor gleo agus go leor tafainn
a dhéanamh agus straois a chur ar féin
agus a bheith a' faireadh go mbí an chuid eile
réidh.



Mar sin don Eadáil fá láthair. Sí is
laige agus is uirthi is mó tá na cnéamhairí
eile a' luigheadh agus a' déanamh éagóra.
A' súil le gnóthachan a chuaidh sí isteach sa
gcogadh agus anois tá sí dhá cur amach ar
ghann-chuid. An fear a bhí dhá saghdú un a'
chogaidh le n-a chuid amhrán (Danunzio)
is don Fhrancach a mheall isteach iad is mó
tá an t-olc aige agus is dó a bheireann
sé a ídiú béil.



Is maith leis an Eadáil sipiléaracht
agus alpaireacht a dhéanamh ar nós na coda
eile agus gan í i ndon. Fhad's tá a riaghaltas
a' faireadh ar límistéir mhóra de ríoghacht
na hAustria agus rioghacht na Tuircéise
a fhághail atá a tír féin éirighthe ionann 's
ina múirthéacht. Tá muintir na hEadáile
a' creachadh siopaí fá láthair agus caithfe
siad chuile shórt dhá bhfuil ionntu a fhághail
ar leath an luach a bhí orthu go dtí seo. Mur
bhfágha siad air sin iad tiubhra siad leo
i n-aisge iad. Tá sin go maith go mbí a
bhfuil d'earraidh is na siopaí uilig ídighthe.
An rud nach bhfuil ann ní féidir a roinnt.
Nuair a bhéas a dheireadh roinnte beidh tuil-
leamh trioblóide san Eadáil.



CUID NA FRAINCE.



Agus nuair atá an éadáil dhá roinnt cé
mhéad atá ag gach náisiún den méid acu
a ghabh i bpáirt fá'n gcogadh a chur ar an
nGearmáinn? Ghabh an Fhrainc un cogaidh
le Alsas-Loréne a fhághail ar ais agus le
díoghaltas a dhéanamh ar an nGearmáinn.
Tá Alsas-Loréne fáighte aici más de neamh-
chead go leor de mhuintir na tíre sin é.
Agus dubhairt Clemenceau, árd-cheannphort
na Fraince, go raibh an rud anois acu a
raibh sé a' feitheamh leis le naoi mbliadhna
agus dá fhichead, sé sin, díoghaltas cogaidh
ar an nGearmáinn. Fuair sé sin ach siod
é an méid atá dhá bhárr aige. I dteannta
an díoghaltais, níl aon bhrabach aige a
bhfuil aon mhaith ann ach límistéar mór
díthreibhe de loim-learga gainimh na hAifri-
ceá ó thuaidh san áit nach bhfuil féar ná
fásach ón mbliadhain gó chéile ach 'chuile
bhlas de dóighte ag an ngréin, gan cith
báisdighe ná drúcht ón spéir le n-a fhliuchadh
ná le n-a bhogadh ar feadh na bliadhna. Ar
shon an méid sin a dhóirt sé fuil a dhaoine.
Tá sé a' súil anois le giota den Tuircéis
ach níl an Sasanach baileach sásta é leigean
leis.



EOLUS NA CEIRDE.



Ní mar sin do Shasana. Ní raibh, ó
tháinig daoine i dtosach innti, oiread méid
ina ríoghacht ná oiread leitheid fúithi is
tá anois ar an móiméad seo. Tá ríoghacht
aici ó na hIndiacha thoir go dtí an Éigipt.
Tá ríoghacht aici ón Éigipt go dtéidh tú
ó dheas go dtí fíor-sgoith na hAifriceá,
talamh atá ionann 's chúig mhíle mílte ar
fhad, agus níl fhios cén leitheid atá ann
ná cé'n méid. Ar an talamh fiadháin a
shaothruigh na Boeir agus na Gearmáinnigh
sise atá a' baint an fhoghmhair, má fágtar
le baint aici é. Tá Austraelleá aici agus
sgiurta de Mheiriceá. Tá beagnach trian
a bhfuil de thalamh sa domhan aici agus trian
na ndaoine.



GING DI FÉIN.



Tá méid agus leitheid i Sasana fá láthair
ach ní féidir a rádh go bhfuil aon spreacadh
innti. Sé'n fáth sin mar tá an fabht i lár
a croidhe. Den méid sin tíortha uilig go
léir níl aon dream atá sásta a bheith faoi
uachtarántacht ná cróin Shasana Tá Éirean-
naigh, Éigiptigh, muintir na n-Indiacha agus
muintir Mhalta lán den dúil a bheith réidh
léi. Níl aon náisiún ná aon dream buidheach
dhí ná ceanamhail uirthi ach an méid atá
taobh istigh de cheithre cuanta Shasana í féin.
Ní féidir a rádh go bhfuil siad-san féin
ceanamhail uirthi & merach gurb í a mbal-
achtáil í bheith uaibhreach, leitheadach, saidhbhir
d'éireochaidís amach ina haghaidh. A muintir
féin, merach go bhfuil sí dá gcoinneál
íoctha as a bheith socair is iad is luaithe a
bheadh ina múirthéacht ag iarraidh cuid a chéile
a alpadh.



THAR A BHIONDA.



Sé an fáth ar ghabh an Sasanach isteach sa
gcogadh le deireadh a chur le cabhlach agus
arm na Gearmáinne agus le go mbeadh
fairgí an domhain fá ghéilleadh aige féin.
Nuair a bheadh fairgí an domhain fá ghéilleadh
aige shíl sé go mbeadh trácht an domhain
faoi fhéin freisin aige. Shíl sé, ina cheann
sin, go mbeadh talamh na hAifriceá aige
le saidhbhreas a dhéanamh air. Dhéanfadh sé
saidhbhreas air dearbhtha dhá bhfágtaí fá
shuaimhneas aige é. D'éirigh leis deireadh
a chur fá láthair le cabhlach agus cumhacht na
Gearmáinne agus tá talamh na hAifriceá
in' fhághaltas aige. Chaith sé leo níos mó ná
b'fhiú iad go léir. Chaith sé leo na bróga
go snuiche na buclaí (.i. go dtí na buclaí),
mar rinne an fear fad' ó le n-a mhuirnín
mná. Agus an fhad is bhí sé féin agus an
Gearmáinneach a' tachtadh a chéile, tháinig
an madadh Meiriceánach agus sgiub sé
leis an cnáimh. Chaith an Sasanach a chuid
airgid ar fad agus dhóirt sé a fhuil agus
spíon sé amach a neart ag iarraidh an ceann
is fearr a fhághail ar an nGearmáinneach.
Tá sin déanta anois aige agus gabhfa sé
righte leis má mhaireann sé a bhuaidh. Tá
sean-impireacht Shasana craithte, sgoilte,
sgánite agus is beag an bogadh le go
dtuitfead sí ó chéile. Is le neart na
Rúise móire a chlaoidh agus le deireadh
a chur le impireacht agus árd-chíos Shasana
a rinne an Gearmáinneach téisglim le
haigh' an chogaidh. Tá a leath sin déanta.
Níl a leath eile go fóill ach b'fhéidir go
mbu gearr uaidh.



AN TUIRCÉIS.



Is soiléar cheana féin go bhfuil na
ríoghachtaí páirteacha roinnte i n-agh' a
chéile agus níl aon dá ríoghacht acu a bhfuil
cion acu ar a chéile. Tá an Eadáil ag iar-
raidh connradh úr a chur ar bun idir í féin
an Ungár agus an Rúmháin, le n-a ríoghacht
a láidriú i n-agh' na n-Iúgó-Slabh. Tá sí
féin agus an Fhrainc ag achrann le chéile
cheana agus bhí troid fhuilteach idir a gcuid
saighdiúirí tamall gearr ó shoin. Ach 'sí
an Tuircéis an fód easaontais a chuirfeas
an clampar ar bun uilig. Dhá mbeadh
oiread eile d'fhad is de leitheid innti ní
thiubhrad sí sgiurta do leath na ríoghachtaí
atá ag iarraidh roinnt dá talamh a alpadh.
Tá Sasana ag iarriadh an chuid thoir agus
an chuid ó dheas di a bheith aici. Tá an Fhrainc
ag iarraidh stiall den chuid chéadna a
fhághail. Tá an Ghréig agus an Eadáil i
n-árach a chéile fá'n sgiathán is fuide siar
di. Tá Sasana ag iarraidh Rí na Tuircéise
a choinneál sa gcathair a raibh sé féin agus
a shinnsear roimhe le chúig chéad bliadhain.
Agus ní le grádh dhó sin ach le bac a chur
ar an gcuid eile.



GAEDHIL MHEIRICEÁ.



Nuair a bhíodh páipéar Shasana a' déanamh
gaisge go raibh leághadh agus sgapadh a'
dul ar na Gaedhil is beag an ceapadh a bhí
acu go gcuirfidís-sean fúthu taobh thall
den fhairge agus go mbeidís i riocht Sasana
féin a ghortú sa saoghal a bhí le theacht.
Sé an focal a bhí ráidhte ariamh: más feall
fillfear, agus tá an feall sin a rinneadh
ar Éirinn a' filleadh chomh dearbhtha le aon
fheall dár dearnadh ariamh. Bhí an Sasanach
dhá leigean ar an méir is fuide an fhad's
d'fhéad sé ach tá sé a' breith air anois
agus is beag nach bhfuil sé sáinnighthe.
B'fhéidir go bhfuil sé teann fós as neart
a chabhlaigh agus as an gconnradh atá cean-
gailte aige leis an Seapán i n-agh' Mheiriceá
ach ní raibh le déanamh ag Meiriceá ach
cogadh a bhagairt ar Shasana agus thuit-


L. 2


feadh Sasana agus a sean-impireacht ó
chéile.



BUIDHEACHAS.



Cupla bliadhain ó shoin, nuair a bhí an
cogadh a' dul go cruaidh ar Shasana bhí sí
ag iarraidh na hÉireannaigh a mhealladh
amach le troid ar a son. An uimhir a bhí
a' cuidiú le Sasana sa tír seo bhíodar a'
cur comhairle ar na fir a dhul amach, agus
a' rádh mur ngabhaidís amach nach mbeadh
aon cheart le fághail ag Éirinn thar éis an
cogadh a bheith thart. Bhí na Sinn Féinidhthe san
am a' comhairliú do na fir fanacht mar
bhíodar nach le buidheachas a rinne an Sasanach
aon cheo do dhream ná do dhuine ar bith
ariamh agus mur ndéanad sé le faitchíos é
go rabhadar réidh leis. Níor ghabh mórán do
na fir amach. Anois, ní hé amháin go bhfuil
an Sasanach sásta Hóm Rúl a thabhairt
d'Éirinn ach is geall le go bhfuil sé dhá
thuanú orainn. Tá Carson agus a chuid
fear ionann 's dearmadtha aige go díreach
mar thug sé cúl a láimhe do Sheán Réamonn.
Ní le grádh do na hÉireannaigh atá sé dhá
thabhairt dóibh ach le faitchíos roimh Mheiriceá.
Tá sé dhá thabhairt dóibh mar is saoire leis
é ná sgaradh le Éirinn ar fad. Dhá mbeadh
muintir na hÉireann sásta a theacht anuas
ar an socrú sin ní leigfeadh muintir Mheiri-
ceá dhóibh gan iomlán a saorsachta a fhághail.



LOCH NA BHFAOL.
(nó Loch na Nigh.)



Go deireannach aréir agus mé dul liom féin,
'S mé déanamh ar éadan Loch na bhFaol,
Mo ghruag go léir gur sheas go tréan
Le eagla ghéar agus gan fios cé faoi.



Las na réalta ar na spéartha
Go bhfuair mé léargus beag ar mhnaoi;
Gur lot sí mo thaobh le saghad glan, géar,
'S d'fhág sí léas dubh i lár mo chroidhe.



'Óig-bhean mhúinte ná buail fúm-sa,
Dearc mo shnuadh nach bhfuil mé slán,
Go bhfuil mé buadhartha, dordha, gruama
Páirt de mo stuaim bheith ar easbhaidh baill.



Ná tuig 's ná síl go gcuirfe tú dhíot mé
Is a liachta rí breágh a chuir mé un báis;
Ach ó fuair mé sgéala ar fheabhas do mhéin
mhaith,
Shiubhailfinn Éirinn le fonn thú 'fhághail.



Má's í an fhírinne atá tú 'dhéanamh
Suidheamuid síos go n-éirighe an lá,
Go bhfágha mé sgéala 'bhfuil sé gléasta
Ní faoi'n saoghal a leigheasfadh an grádh.



A bhfuil in Éirinn den ór fré chéile
'S a bhfaca mé dhá réir den tsaidhbhreas bhreágh
Ní shásóch siúd mé i n-áit mo chliú
Gan ceangal dlúth agus caithfead, fhághail.



Tabhair dhom spás go ceann naoi lá
Go gcuire mé mo chárta amach faoi'n tír,
Go bhfága mé slán is beannacht ag an dreám
A raibh mé i bpáirt leobh seal den tsaoghal.



Imthigh agus déan sin agus bí agam annse'
aríst,
Mar tá mo fleet ó dheas den cheánn,
Soillsí oidhche ar chlaidheamh líomhtha
Spóirt an tsaoghail ag men o' war.



Nach annsiúd bhíodh an lóchrann ag gunnaí
móra,
Slataí seóil a' flyail ann;
Fir mhaithe dhá síneadh ar chúl a gcinn,
'S fuil dá taosgadh ó bhun na gcrann.



[Nach ann a bhíos an chúisneáil tráth théidheas
siad ar thúirneáil
Ceolta sidhe agus sgoilteadh crann
Lóchrann sidhe ar claidhmhthí righte
Spóirt an tsaoghail atá ag fir is ag mná.]



SÉAMUS MAC AN IOMAIRE,
Muigh-Inis.



[Fuaireamar leagan eile den amhrán
seo ó Thomás Ó Chadhain a bhíodh i dTír na
Cilleadh. — F. an Stuic.]



CUMHALL.



Droch fhear a bhí in Cumhall, athair Fhinn;
bean ar bith a leagadh sé súil uirthi, ní raibh
aon imtheacht aici air. Chruinnigh an rí fir
na hÉireann go mbainidís an ceann de.
Bhí Goll agus a dhearbhráthair, Garraidh, ar
a láimh dheis agus fir na hÉireann ó thuinn
go tuinn ar íom ag imirt leis, agus bhí siad
a' dul gur bhain siad an ceann de. Ní raibh
aon bhean i nÉirinn dá raibh ag iomchur
cloinne an bhliadhain sin nár cuireadh a
páisde fir chun bháis ar fhaitchíos go mbeadh
aon fhear i nÉirinn a mbeadh deór de fhuil
Chumhaill ann a bhainfeadh sásamh amach fá
bhás a athar. Chinn Dia le hinghin an ríogh go
raibh sí ag iompchur cloinne do Chumhall.
Chinn Dia léithi go raibh aici cúpla, mac
agus inghean, agus do h-innsigheadh don
rí go rug sí inghean. An bhuime a bhí ag
freasdal uirthi bhí sí muintreach ag Cumhall
agus thug sí léithi an mac agus chuir sí é i
bhfalach le fheiceál a dhídean. Thug sí léithi
an páisde fir 'na chodladh. Fuair sí saor
agus rinne sé árus dí i mbun crainn.
Chuir sé cuailleacha ar an doras siúntáilte
i riocht 's nach mbeadh fhios ag feara Fáil a
bheadh a' siubhal thart go raibh árus ar bith
sa gcrann. Nuair a bhí an t-árus déanta
glan ag an tsaor, d'iarr an bhuime an tuagh
as láimh an tsaoir agus dubhairt sí go raibh
ní beag taobh istigh a theastuigh uaithi a
dhéanamh leis an tuaigh. Tug sé an tuagh dí
agus dubhairt sí leis: “Amharc isteach go
bhfeice tú an ní tá le déanamh.” Chrom sé a
cheann agus dhearc sé isteach. Tharrainn
sise an tuagh agus bhain sí an ceann de i
riocht 's nach mbeadh aon fhear ann a d'inn-
seóch' an sgéal uirthi:—



“Sin í an tuagh as láimh a' tsaoir,
Is mairg a thaobhas leis na mhá.”



Bhí sí annsin gur thóg sí suas é 'na bhuachaill
láidir. Thuit sé amach go raibh liathróid dá
imirt ag an aos óg amach ag cúirt a ríogh
agus thug an bhuime léithi é a dearcadh ar
an imirt an lá seo. D'imthigh siad beirt go
dtí an áit a raibh an siamsa agus an liath-
róid dá himirt. Ar a thigheacht dóibh isteach
bhí fear gortuighthe agus a rúitín as áit
agus shéas an buachaill seo isteach 'na áit.
Nuair fuair sé an liathróid amach roimhe
bhí sé ag leagan chuile fhear a raibh sé a'
tigheacht suas leis agus chuir sé amach an
ghóire í. 'Sé an rí a bhí le ainm a thabhairt ar
gach uile pháisde an uair sin. “Cé hé an
fhionnarán fionn tá a' leagan na bhfear
agus a' cur amach na liathróide?” Dubhairt
an bhuime leis dá mbeitheá gan fiafraighe
ní bheadh call don fhiafraighe thabhairt ort,
sin é Fionn Mac Cumhaill, mhac Airt, mhac
Tréanmhóir Uí Bhaoiscne.



Nuair chuala an rí sin, d'órduigh sé
saighdiúirí 'na dhiaidh le n-a cheapadh agus an
ceann a bhain de. D'imthigh Fionn agus an
bhuime de rith, agus nuair a bhí sí dá sárú
ar an mbealach chaith sé í ar a ghuaillí trí
choillte agus chuile bhealach dá raibh sé a'
dul. Bhí sé a' dul thart le loch i gCúige
Uladh na hÉireann ach ní bhfuair sé aige ach
an dá lorgain den tsean-mhnaoi a bhí ar
a dhruim: bhí sí stróicthe, stiallta ag
géagáin na coilleadh agus rug sé ar a dhá
lorgain agus chaith sé amach sa loch iad agus
tá Loch Lorgan glaoidhte ar an loch ó shoin
i leith.



Chuaidh an rí go dtí sean-dáll glic go
dtugad sé bonn dó cé bhfuighfeadh sé
Fionn Mac Cumhaill. Dubhairt an sean-dáll
glic leis go raibh bradán eicín ar abhainn
eicín i nÉirinn ach nach raibh fhios aige cé
raibh an bradán ach an chead fhear a gheobhadh
blas den mbradán le n'-ithe go mbeadh
fios aige aríst go bráth.



Chuir an rí iasgairí ar gach uile abhainn
dá raibh i nÉirinn agus dúil aige go gcas-
fadh an bradán le fear eicín de na hias-
gairi. Bhí Fionn ag dul thart le habhainn
agus casadh leis triúr iasgairí; bhí acú
bradán dhá bhruith ar an teinidh. Dubhairt
siad le Fionn an bradán a bhruith agus dá
leigeadh ball ruadh nó loisgthe ar an mbra-
dán an fhad 's bhéidis ag leigean néall as
a gceann go mbainidís an ceann de. Thuit
an triúr ina gcodladh. Chuaidh Fionn agus
chuir sé an bradán dá róstadh ar an teinidh,
agus ní fada gur éirigh bolsgóid dóighte
ar an mbradán. Leag sé a ordóg ar an
mbolsgóid ar ais. Dóigheadh é isteach go dtí
an cnáimh. Chuir sé an ordóg ina bhéal agus
fuair sé fios san ordóig ach go n-éirigheadh
an triúr ó n-a gcodladh go mbaine siad an
ceann de. Rug sé ar chlaidheamh fir acú agus
bhain sé díobh na trí cloigne agus iad 'na
gcodladh. Fuair sé fios san ordóig ann-
sin nach raibh deór dá chuid fola i n-aon fhear
i nÉirinn ach draoidheadóir a bhí i n-uaimh fá
thalamh ina leitheide seo d'áit. D'imthigh sé
go dtí an draoidheadóir agus d'fhiafruigh
seisean cérb as é agus cérbh é féin.



“Mise,” ar seisean, “Fionn Mac Cumh-
aill.”



“Ó,” arsa'n draoidheadóir, “níl aon
fhear i nÉirinn bhfuil deor de fhuil Chumhaill
ann ach mise.”



“Tá mise,” arsa Fionn.



“Tabhair dhomsa bárr do chúig mhéar agus
béidh fhios agam-sa bhfuil deor de fhuil
Chumhaill ionnad,” arsan draoidheadóir.



Thug Fionn a lámh dhó agus d'fháisg an
draoidheadóir bárr a chúig méar. Leig sé
glaoidh as. “Tá tú ag innsean na fírinne
dhom, is mac do Chumhall tú; gabh isteach
annseo chugam.”



“Bhí sé annsin go raibh Oidhche Shamhna gar
go maith dó. “Anois,” arsan draoidheadóir,
“cuirfe mise thú ar dheis postaí agus
tiodalacha d'athar a fhághail. Níl aon oidhche
Shamhna ó marbhuigheadh d'athair nár dhóigh
mise Teach Teamhrach. Tá oidhche Shamhna
gar go maith dhuit; imthigh anois go cúirt
an ríogh; abair leis go sábháilfe tú é féin
agus a mhuintir oidhche san amárach (.i.
oidhche Shamhna) dá ngealladh sé postaí agus
tiodalacha d'athar duit. Ná h-innis dó
fagh Goll i mbannaí ar do mhargadh. Seo
anois tuagh agus tiocfa mise 'mo nathair-
nimhe os cionn an tighe, loisg an tuagh seo
liom agus bainfe tú an ceann dom-sa.
Tuitfe mo chloigeann ar aon thaobh an tighe
agus an cholann anuas ar an taobh eile.
Bí ar an gcéad duine agus beir ar mo
chloigeann agus caith thar mhullach an tighe
ar ais é. Seo biorán suain agus sáith
i lorg na fola mo chloigeann agus sárócha
sé ar aon fhear mo chloigeann a chorruigh.
Snaidhmfe Goll Mac Mórna snáitheacha a
dhubháin agus sáróchaidh air an cloigeann a
chorruigh. 'Na dhiaidh sin racha siad isteach
go Teach Teamhrach agus fiafrócha an rí
annsin cé'n gaisgidheach a mharbhuigh an
nathair-nimhe.



Thuit gach uile rud amach díreach mar
dubhairt an draoidheadóir. “Ce'n gais-
gidheach,” arsan rí, “a mharbhuigh an nathair-
nimhe?”. —



“Mise Fionn Mac Cumhaill
Fágadh go cumhang i mbronn mo mháthar,
'S anois, ó thárla mé bheith clisde láidir,
Is misde sibhse mé bheith i láthair.



“A Ghoill, tiocfa tú liomsa go h-Almhain
leathan Laighean i mbárach, go 'spáine tú
postaí agus tiodalacha m'athar dom.”



“Caithfe mise dhul leat,” arsa Goll.
Bhí Fionn annsin 'na rígh cúigidh.



AINE BHREATHNACH.



[Ó Phádraig Ó Catháin a fuair mé an
seanchas seo. — A. Bh.]



PARTHALÓN P. MAC A' BHÁIRD,
SRÁID TREASNA, GAILLIMH.



Deasuightheóir agus Sioll-Ghléasadóir Orga
Eaglaise agus Pianó.



Chuile rud ar a shaoirse.



Teas-intreabh, Taoidhean-oibreacha, agus
Foirgneamh Tighthe.



ROIBÉARD MAC DOMHNAILL,
Sráid Doimnic, GAILLIMH.
Muiniú céin-sgéil:
“Plumbus,” Gaillimh


L. 3


AN BOC BÁN



Dhá bhfeictheá an Boc Bán
Cé gur áluinn an marcach é 'tigheacht,
Is go síleann na mná
Gur áille é ná an ghealach 's ná an ghrian:
Níl gile ná breaghachta
'Na áilleacht dá raibh i bhfear ariamh
Nach bhfuil roinnt in mo ghrádh dhe,
Is cé an náire dhom bheith ag caitheamh ina
dhiaidh.



II.



'Sé mo chreach bhrónach
Nach bhfuil mo bhóithrín a' dul in do thighe;
Is leat a chaith mé mo bhróga
As tús m'óige is i ndeireadh mo shaoghail.
Ach a' dul thríd an Gleann Mór dhom
Is na deóraí ag sileadh liom síos
Ach slán leat, a stóirín,
Slán beó thú go bhfille mé arís.



III.



Bliadhain is an oidhche aréir
'Seadh réab na capaill an fál,
I gcionn míosa ina dhéidh sin
'Seadh d'éaluigh mo ghrádh uaim sa snámh.
Níl tuile dá mhéid
Nach mb'éigean dó an fhad eile a thrághadh,
Is níl ann ach lucht bréag,
Is b'fhéidir go bhfillfeadh mo ghrádh.



IV.



Chaith mé an oidhche aréir
A' faire na gcapall sa bpáirc:
'Seadh dhearc mé uaim an spéir-bhean
Ar thaobh na bantóigín báin.
Chuaidh mé ina gaobhar
Sí an péarla í ba deise le fághail,
Ach annsin labhair an t-éinín
Is las réalta na maidne as ar gcionn.



V.



“B'fhurust aithne, a Sheáin,
Gurb é grádh na h-ailpe thug tú,
Nuair a phós tú an bhean ghránda
Is d'fhág tú mise in do dhiaidh.
Níor dhoimhne an sáile
Ar báthadh ann deichneabhar is céad
'Ná do ghrádh faoi mo lár-sa
Sgéal cráidhte ort nach dtuigeann tú é.



Fuair mé é seo i gCamus. Deirtar go
mba é Micheál Mac Suibhne a chum é.



“GLASCHÚ.”



M. Ó hAINNLIDHE,
Taoidhean-oibreacha,
Sráid treasna
GAILLIMH.



Chuile rud ar a saoirse.



MÁIRTÍN S. MAC CUAG,
Lón-cheannaidhe,
BÓTHAR AN CHAISLEÁIN NUA,
I nGAILLIMH.



LIAM UA FÉINNIDHE,
Lón-cheannaidhe,
Fíon, Beoir, Biotáilte, Tae ar fheabhas.
SRÁID LIAM THIAR, I nGAILLIMH.



Beidh ÉIRE láidir má bhíonn Clainne Gaedheal
láidir. Ithidís an fheoil is fearr agus
tá sí sin le fagháil ó



Ó FALLAMHAIN,
Sráid Gheata na Mainistreach, I nGAILLIMH.



BRÓGA NA LAOI.
NA BRÓGA IS FEARR LE CEANNACH
Ag
SEÁN Ó LAIDHE,
I mBARR AN CHALTHA, I nGAILLIMH.



CAISLEÁN RÍOGHACHT
MHORONAIGH.



(Ar Leanamhaint.)



“Is maith liom sin a chloisteáil,” ars an fear,
“agus anois,” adeir sé le Dagó, “déanfa
mise capall dhíom féin agus beidh mé cho
tréan leis an ngaoth an lá is stoirmeamhla
a shéid sí ariamh, beidh mé cho sgiobtha
sin.” Díreach mar bhí sé a' tuitim na hoidhche
tháinigeadar cothrom ar thígh leath-taobh an
bhóthair. Dubhairt an fear le Dagó dul
isteach san teach sin is go bhfuigheadh sé
lóisdín na hoidhche ann do fhéin, is go bhfanfad
seisean mar chapall ag ingilt an fhéir leath-
taobh an chasáin. “Ach, a Dhagó,” ars é,
“ná dearmad a bheith láithreach annso lé
maidhneachan lae i mbárach.” Ar maidin
lá'r na bhárach bhí Dagó láithreach ar chlár na
himreadh. Bhuail an capaillín suas go dtí
é is dubhairt leis dul ar a mhuin go sgiobtha.



Bhuail Dagó ar mhuin an chapaillín de
aon léim amháin. Ní túisge ar a mhuin é
go raibh an capaillín ina lán-rith, gur shaoil
Dagó gur séideán gaoithe a chroch san aer
é leis an bhfuadach a bhí faoi.



Bhí siad ag imtheacht is ag imtheacht, is a'
síor-imtheacht nó go raibh deireadh an lae
sin a tigheacht orthu agus nuair a tháinig,
stadadar agus leig an capaillín Dagó
isteach i dteach, díreach mar do rinne sé
an lá roimhe sin agus thug an t-ordú
céadna dó. Níor dhearmad Dagó sin is
bhí sé ina shuidhe go moch ar maidin lár n-a
bhárach. Chuaidh sé go dtí an capaillín is
bhuail ar a mhuin. Ní túisge ar a mhuin é
ná as go bráthach leis an gcapaillín, is
cébi siubhal bhí léithi an chéad lá, bhí a dhá
oiread léithi an lá so.



Bhíodar ag imtheacht is a' síor-imtheacht
nó go dtáinig siad go dtí an Caisleán. Is
annsin labhair an capaillín le Dagó is
isé adubhairt sé: “Tá muintir an Chaisleáin
ina gcodladh anois le lá is bliadhain ach
beidh siad ina suidhe indiu. Tá an t-éan sa
ngéibheann ar crochad os cionn an dorais;
buail leat isteach san gcaisleán; tabhair
leat an t-éan is an géibheann agus beidh tú ar
t-ais agamsa arís gan aireachtáil muintire
an chaisleáin.”



“Tá go maith,” arsa Dagó, a' tuirling
de mhuin an chapaillín, “déanfad mar
dubhrais liom.” Chuaidh sé isteach sa gcais-
leán agus má chuaidh, ní raibh duine ná
deóraidh ann le n-a bhacadh. Chonaic sé an
géibheann ar crochadh os cionn an dorais
is an t-éan ina shuidhe istigh ann is nuair a
chonaic sé é is beag nár chaill sé radharc a
shúl leis an solus lonnrach a bhí a' tígheacht
ón gclumhach a bhí air agus nuair a chraithead
sé a chuid sgiathán níorbh fhéidir leis seasamh
ina aice gan a shúilí a chlúmhdach.



Cé'n bhrígh sin nó gur thosaigh an t-éan a'
déanamh ceóil, a leitheid de cheól níor
chuala Dagó ariamh bhí s chomh bhinn sin; agus
shíl sé nárbh fhéidir lé aon duine dár mhair
ariamh, gan trácht ar éan, a leitheid de
cheól a chanadh agus nach raibh a shamhail mar
cheól lé cloisteáil i n-áit ar bith ach 'sna
flaithis amháin, nó b'fhéidir san sluagh
sidhe.



Is iad na smaointe seo a bhí ag Dagó
is é ag éisteacht le ceól an éin nuair
a chuimhnigh sé ar céard a thug san gCais-
leán é.



Bhí sé ar tí an Cage is an t-éan a thógáil
anuas ón gcrochar nuair a bhuail smuaineadh
eile é .i. seadh, “ó tharla mé annso ní
ghluaisfead nó go bhfeicead a bhfuil lé
feiceál san gcaisleán seo, agus ar bheith
a ghluaiseacht dom beidh an Cage is an
t-éan annseo róm.”



Annsin chuaidh sé ar cuairt thríd an
gcaisleán ó sheomra go seomra, is ó
chúinne go cúínne, nó go bhfaca sé gach a
raibh ann agus 'sé an rud ba mhó a chuir
iongantas air, nach raibh duine ná deóraidhe le
feiceál aige ar feadh an ama.



Bhí sé ar tí a bheith a' gluaiseacht nuair
a thug sé faoi deara seomra deas agus
comhladh an dorais ar leath-osglad. Níor
ghabh sé sa seomra sin ar chor ar bith a'
siúbhal an chaisleáin dó agus níor mhaith
leis imtheacht gan cuairt a thabhairt air.
Bhuail sé isteach ann, agus cérd a d'fheiceadh
sé ann ach ríoghan óg áluinn, is í ina codladh
i leabaidh óir a bhí i gceart-lár an urláir
ann. Chuir an radharc so beagán sgátha air
i dtosach' ach tar éis tamaill bhig a' breathnú
dhó ar an mnaoi óig uasail is í annsin ina
h-aonraic bhí truagh aige dhí, seadh, agus ón
truaigh thainig an grádh agus ón ngrádh
gur shanntuigh sé í.



Ar a bheith a' dul amach dó ar ais do
chonaic sé ar bhord a bhí ann: Builín aráin,
& sgríobhtha air na focla seo: “geárr, geárr
is dá mhéid dá ngeárrfa tú ní laghdocha
mise dada. Chonaic sé buidéal óil agus
sgríobhtha ar an mbuidéal bhí na focla:
ól, ól, is dá mhéid dá n-ólfa tú ní laghdocha
mise aon bhlas. Chonaic sé freisin ceathramha
chaoir fheóla ar an mbord céadna is sgríobh-
tha uirthi, “geárr, geárr is dá mhéid
dá ngeárrfá tú ní laghdocha mise aon bhlas.”
Dubhairt Dagó leis féin go mba mhaith
iad lé h-aigh' an bhóthair agus crochann sé
leis iad agus amach leis. Ar a dhul amach
dó rug sé ar an gcage is ar an éan is do
thug leis iad.



Nuair a ghabh sé amach as an gcaisleán agus
tháinig go dtí an sean-fhear a bhí a' feitheamh
leis amuigh dubhairt seisean leis gur fada
istigh é, agus ars é le Dagó má bhír 'do
mharcach mhaith ariamh bí 'do mharcach mhaith
anois; tá sé a teasdáil uait. Rinne an
sean-fhear capall de fhéin tar éis an méid
sin a rádh. Bhuail Dagó is an cage is an
t-éan ar iomchur aige, ar mhuin an chapaill
agus sa noiméad sin dúisigheadh na madraí
allta a bhí ina gcodladh i n-áit eigín sa
gcaisleán is do leanadar Dagó is an
capall, ach ní túisge Dagó ar mhúin an
chapaill ná go rabhadar ag imtheacht níos
tréine ná an ghaoth gur ghabhadar amach thar
an bhfál is fuide amach den chaisleán is
ar éigin a bhíodar thar an gclaidhe go raibh
na madraí ar an taobh eile dhe. Chuaidh na
madraí de léim thar an gclaidhe le breith
ar an gcapall is ar Dagó, ach nhíor túisge
thar an gclaidhe iad ná gur thuiteadar fuar,
marbh ar an mball-toirt sin.



“Tá linn anois,” ars an capaillín,
“agus is féidir linn siubhal go réidh feas-
da.”



Bhíodar a' siubhal go dtáinig deireadh
an lae, agus nuair a tháinig, bhíodar ag an
teach ba deireannaighe inar chomhnuigh Dagó
ar a dtriall chuig an gCaisleán agus leig
an capaillín isteach san teach sin é leis an
oidhche sin a chur thairis ann. Bhí muintir an
tighe ag caitheamh féasta roimhe agus tháinig
siad geárr ar an arán. Nuair a b'fhacthas
do Dagó go raibh muintir an tighe gann
san arán, dubhairt sé leóbh go raibh builín
aráin aige féin is go dtiúbhradh sé dóibh é.



“Is geárr a roinnfeadh do bhuilín,” arsa
duine acu leis. “Ar ndóigh chomh fada is
racha sé téidhead sé” arsa Dagó a' caitheamh
an bhuilín ar an mbord acu. Thosaigh fear
acu ag gearradh an bhuilín aráin. Bhí sé a'
gearradh is a' gearradh is dá mbeadh sé
a' gearradh an bhuilín go dtí lá an lae
indiu bheadh an builín 'san múnladh céadna
is bhí ag tosaighe an ghearracháin.



Ar maidin lá'r n-a bhárach, nuair bhí sé
ag fágáil an tighe, d'iarr bean an tighe ar
Dagó a n-díolfadh sé an builín léith.
Dubhairt seisean léithi nach ndíolfadh is nach
mbronnfadh “ach fágfad agad é nó go
dteagaidh an té mba leis é dá iarraidh.”



[Tuilleamh.]
GEIMHLEACH.



SEÁN Ó NEACHTAIN,
Lón-cheannaidhe.
Tae, tobac, biotáilte, fíon nach féidir
a shárú.
SRÁID TREASNA NA GAILLIMHE.



Tae, Fíonta, Biotáilte. Chuile Shórt ar
Fheabhas



MICHEÁL BREATHNACH,
An Chearnóg, I nGAILLIMH.


L. 4


O CLOICHBHEARTAIGH & A CHOMH.
36 SRÁID NA SIOPAÍ, I NGAILLIMH.



An teach is fearr le haghaidh earraidhe
iarrainn, síolta, & trosgan tighe do cheannacht



Má theastuigheann
AN FHEOIL IS FEARR



uait & a fághail ar a luach, nó má theastuigheann
bagún, sicíní, muic-fheoil nó bradáin ina séasúr
uait, téirigh ag



SEÁN O GALLCOBHAIR,
Foirgíonta Dhúin Éidinn,



I NGAILLIMH.



Ar a chuid talmhan féin nó ina chuid sgioból a
beirtear, tóigtear & reamhruighthear 'chuile bheithi-
dheach, mart & caora & uan dá marbhuigheann sé.



PROINSIAS MAC CONMARA
& A CHOMHLUCHT.



Díoltóirí & Reacadóirí
Tae, Fíonta & Beatha
i nGAILLIMH.



Ní thig le aoinne a rádh nach bhfuil earraidh
dúthchasach go leor annseo.



Más mian leat ROTHAR
maith a cheannach, nó más
mian leat deis a chur
ar an gceann atá agat,
téirigh go



S. MAC AN BHÁIRD,
AN CHEARNÓG,
I nGAILLIMH.



FÉACH!
Bí cinnte & téirigh isteach go
bhfeice tú a bhfuil de:



ÉADACH le h-aghaidh an Gheimhridh
Le díol go han-tsaor ag



TOMÁS MAC SUIBHNE,
I NGAILLIMH.



T. DÍOLÚN & a Chlann Mac,
Lucht Díolta Seod.



Seo é an
T.D.
Comhartha.



Díolún a chuir an teach so ar
un i 1750, & cuireadh ar chlár na
ngabhan bhuidhe i mBaile Átha Cliath
i 1784 é. Lucht déanta Fáinne le
fagháil i naisce.



T. DÍOLÚIN & a Chlann Mhac, 1 Sráid Liam, i nGaillimh.



TOMÁS Ó CATHÁIN, Lón-Cheannaidhe,
SRÁID MA SIOPAÍ,
I NGAILLIMH.



Biadh, Tae, & Fíon ar fheabhas.



TEACH NA H-OLLA
SRÁID NA SIOPAÍ,
I NGAILLIMH.



Cuidigh le déantus na:
hÉireann & sábháil airgead.



Cultaí ó 50/-
go dtí 80/-.



Ceannuigh éadach ar bith theastuigheas uait
ar tigh …



THOMAIS UÍ CHATHAIL,
I NGAILLIMH,
Áit a bhfuighe tú luach do chuid airgid.



AN HALLA LEIGHIS.



Sráid Geata Liaim & Sráid Doimnic,
na Gaillimhe.



Gach leigheas ar fheabhas & ar ghloine.



SEAN Ó FAOLÁIN, L.P.S.I., Poiticire



AN SGÉAL DEIRIDH



a sgríobh
MICHEÁL Ó MÁILLE
(“Diarmuid Donn”)



NAOI NGÁBHADH AN GHIOLLA DHUIBH.
le fághail ó
CHOMHLUCHT OIDEACHAIS NA
hÉIREANN,



Ar fághail arís.



Leat choróin (glan) a luach.



Duine ar bith a dteastuigheann “An Stoc”
uaidh, nó ar mhaith leis fuagradh a chur ann,
sgríobhadh sé ag an mbainisteoir .i.



An T-ATHAIR Ó CEALLAIGH,
Sráid Doimnic, a 23,
i nGaillimh.



Thríd an bposta 2/6 sa mbliadhain
Thríd an bposta 1/3 sa leithbhliadhain.



Maidir le gach adhbhar sgríobhtha a theidheas
sa bpáipéar cuirtear sgéala ag



TOMÁS Ó MÁILLE,
Coláiste na hIolsgoile,
I nGaillimh.



AN STOC.



DEIRÉADH SAMHRAIDH & LUGHNAS, 1919.



CLÉIREACH A' tSAGAIRT.



D'iompuigh Brighid Mhór ar a sáil, agus
bhain an t-im den bhainne. Ní raibh an bheirt
bhuachaillí deich slata ón teach gur thosuigh
siad ar an siosgadh agus ar an rí-rá ab
annsa le n-a gcroidhe. Chuireadar pátrún
Mhuigh Cuilinn, rásaí Bhaile-Bhriotaigh, agus
rásaí Uachtar Árd faoi dhíospóireacht.
Nach mbeadh Barrett na gCártaí as Gaillimh
ag Pátrún Mhuigh Cuilinn Domhnach Chruim
Duibh? Nach mbeadh cábáin ann agus mil-
seáin agus spíonáin agus cosa fuipeanna le
fáinní 'caitheamh leo? Agus nach mbeadh
an bheirt acu annsin ar feadh an lae agus
a bpighnneacha beaga feistighthe acu le
maidí milse a cheannacht? Bhuaileadar a
mbosa ar a másaí, agus chuireadar glaodh
astu nuair smaoinigheadar ar an lá breágh
aoibhinn a bheadh acu ag an bpátrún.



An tráth seo bhíodar ar chnocáinín aerach,
ar leiceann a' chnuic dhuibh, agus chrom
orthu a' baint raithnighe le n-a dhá gcorrán.
I gceann tamaill, d'árduigh Tomáisín a
chloigeann, agus chonaic sé carr a' dul
soir bóthar Shliabh an Aonaigh, a bhí síos
uathu tamall.



“Cé'n carr é sin soir?” ar seisean. Sin
é an sagart mór, cuirfe mé geall”
adeir Micilín. “Bhí faoisdean i Sliabh an
Aonaigh indiu, agus anois ag dul abhaile
é. Is gearr go mbí faoisdean aige ar an
mbaile s' againne anois, agus gan focal
de ghníomh croidhe-bhrughadh agam. Ba cheart
duit é mhúnadh dhom. “O, a Dhia, tá doilghios
croidhe orm,” adeir Tomáisín, “abair na
focla in mo dhiaidh-sa.”



Thosuigh Micilín air dhá rádh, agus as
an ngiodán sin níor fhága an bheirt go
raibh an phaidir sin agus tuilleadh acu le
n-a cois de ghlan mheabhair ag Micilín Shéa-
muis Ruaidh. Ba ríméadach an mac é a' dul
abhaile dhó, ach ní raibh sé blas ní ba ríméad-
aighe ina intinn ná mar bhí Tomáisín Bhrighde.



Shéaluigh cúpla mí eile thart go dtí an
lá raibh faoisdean ar an gCeapaigh, agus
an lá céadna sin nuair a bhí an sagart
ag dul abhaile tháinig an-mhúr báisdighe.
'Siubhal da chois a bhí sé, agus sheas sé ag
binn tighe Úna Ní Chorraoin leis a' gcith a
leigean thart. D'fhosgail sé a sgáth fear-
thainne, ach bhí sé a' clagarnaighil chomh trom
sin go mb'éigean dó an teach a thabhairt
air féin.



“'Sé do bheatha is do shláinte, 'Athair
Séamus,” adeir Úna Ní Chorraoin; “ní
raibh fhios agam ó thalamh na hÉireann céard
dhéanfainn sul a dtáinig tú isteach: 'Sé Dia
a chas an bealach thú! Bhog an bhean seo
isteach chugam ar maidin indiu, agus 'sé
mo thuairim go bhfuil sí a' fághail bháis, agus
duine ná deoraidhe ní raibh istigh agam le
dhul i gcoinne an tsagairt di. Agus mac
an aoin, thairis aon lá ariamh, ní dheachaidh
an bealach ó tháinig sí isteach.”



Dhearc an sagart anonn sa gclúid, an
áit a raibh an bhean sínte, agus d'éist a
faoisdean nuair bhí Úna Ní Chorraoin glanta
léithí amach. Nuair tháinig aiteall, shiubhail
an t-Athair Séamus leis abhaile, agus ní
raibh sé uair a chluig sa mbaile nuair a
chuala sé go bhfuair an bhean-siubhail bás.



An oidhche chéadna bhí Seán Ó Céirín a'
teacht abhaile as Gaillimh, agus tarraint
ar a' teach dó, ní mó ná go maith bhí sé
'aireachtáil. Comh luath is shroich sé an
doras b'éigean dó deoch fhághail.



“Is fada mé a' dul ar bhóthar na Gail-
limhe,” adeir sé, “agus ní fhaca mé aon
iongantas mar chonaic mé anocht.”



“Céard sin?” adeir a bhean.



“Facthas dom, agus is beag nach dtiubh-
rainn mionna an leabhair go bhfaca me trí
soillsí ag dul suas sa spéir os cionn
tighe Úna Ní Chorraoin.”



Níor mhair Micilín Shéamuis Ruaidh le
pátrún Mhuigh Cuilinn fheiceál an bhliadhain
sin, ná rásaí Bhaile Bhriotaigh, na rásaí
Uachtar Árd. Bhuail an eitinne bhradach é
féin agus a dheirbhshiúr, agus fuair an
bheirt acu bás i n-imtheacht aon mhí amháin.
Ba í a máthair an bhean siubhail, agus bhí sí
a' tarraint ar an tsean-áit, ach ní fhuair
sí saoghal le Baile na Ceapaighe fheiceál go
bráth aríst.



“B'fhéidir,” adeir Brighid Mhór na Cea-
paighe, “gurb é Micilín Shéamuis Ruaidh
agus a dheirbhshiúr a bhí a' treorú a máthar
go Flaithis nuair chonaic tusa na soillsí
aréir.”



“B'fhéidir,” i nDomhnach,” adeir Seán;
“ag Dia tá 'fhios.”



Am eicín eile b'fhéidir go mbeadh faill
againn le cur síos a dhéanamh ar Eachtraí
an Chléirigh.



T. Ó R.



Níl aon tsiopa ins na cúigí a bhfuil níos mó
earraidhe Gaedhealach le fagháil ann ná ag



A. MOON, TEORANTA,
a dhíolas cultaí fear, hataí ban & gach aon tsort
éadaigh fheileas d'fhear, bean, nó páisde.



FOIRGÍONTA EGLINTON, I NGAILLIMH.



AN SEAN-TEACH.



A cuireadh ar bun i 1864,



Tae, Caife, Fíonta, Uisge Beatha,
ar fheabhas



Ó LÉANACHÁIN,
AN CHEARNÓG, :I NGAILLIMH


L. 5


CUINNE AN tSEANÓRA.



An mí seo chuaidh thart bhí mé a' fámaireacht
ag iarraidh na sgoilteacha seo a bhfuilim
ciapuighthe acu a leigheas agus sin é choinnigh
an cúinne as an STOC deireannach. Seo
mo dhiaidh dáinín beag a chúmas fad ó
nuair a bhíos óg, agus an grádh do mo chiapadh
níos mó ná na sgoilteacha indiu —



AN CAILÍN AS GAILLIMH.



I.



Tráthnóna teas gréine an samhradh gabh
tharainn,
I lúb coilleadh craobhaighe 's mé déana'
mo mhachtnaimh,
Éin 'na sgaotha ag cantain gach tairm;
Seadh dhearcas an déigh-bhean an cailín as
Gaillimh.



II.



Níl croidhe dá mba léanta, le péin nó le
arrainn,
Nach bpreabfadh le méisneach, ar fheicsint
na heala,
Sídhe-bhean níor fhéach ariamh i spéir ná ar
talamh —
Níor áille ná an sgéimh-bhean, an cailín as
Gaillimh.



III.



A ciabh-fholt síos léithe, go dréimreach ag
casadh
Go triopallach séadmhar, péarlach fada,
Dubh-dhath na sméara 'b'fhéidir a shamhailt —
Le trom-chéibh na béithe — an cailín as
Gaillimh.



IV.



A béal tanaidhe bréithreach, a gruadha, is a
leacaí,
Ar dhath na súgh-craobha, tráth bhogann le
aipeacht,
D'fhág saighead in mo thaobh clé, léan 'gus
dubh-ghalar
A leigheas níl ag aoin neach ach an péarla
as Gaillimh.



V.



A brághaid mar an t-aol geal, 's a coiscéim
go tapaidh
I rinnce go Gaedhealach i mbéasa a treabha;
Na béithe i nÉirinn tá go héadmhar le sealad,
Le tréithre na réidh-bhean — an cailín as
Gaillimh.



VI.



Éire fan léir-sgrios, 's Gaill-phuic dá
basgadh,
A clanna faoi ghéar-bhruid ó Dhomhnach go
Sathairn,
D'fhág í ag éagaon 'na haonar ar maidin,
An ainndir chúthal spéireamhail — an cailín
as Gaillimh.



Béidh amhrán fada agam annseo an mhí
seo chugainn. “Inbhear Mór” an t-ainm
atá air.



SEANÓIR.



FÁINNÍ.



Má theastuigheann fáinní uait sgríobh chugam-sa
& cuirfead chugat leabhrán a bhfuighe tú gach eolas
i n-a dtaobh ann. Taisbeánfa sé duit an chaoi le
airgead & aimsir a shábháil & trioblóid a sheachaint.



S. FALLER, I nGAILLIMH.



ÉADACH GAEDHEALACH ar fheabhas le fagháil ó
PHROINSIAS MHAC DHONNCHADHA & A CHOMH,
I nGaillimh.
A uir dlúthas i gcomhnaidhe le déantus
ha hÉireann a chur 'un cinn.



An Teach a bhfuil cliú air le haghaidh
Tae, Fíona, Biotáilte & Intreabh Tighe.



M. BREATHNACH,
SRÁID ÁRD, NA GAILLIMHE



GIOTA A BHAILIGH AN T-ATHAIR
EOGHAN.



Bhíodh an tAthair Eoghan Ó Gramhna ar
cuairt i nÁrainn go minic agus bhíodh sé
ag cur giotaí Gaedhilge a sgríobhadh sé síos
ó na daoine go dtí Seán Mac Fhloinn le na
bhfoillsiú ar “Nuachtán Thuama.” Ag so
síos giota a chuir sé go dtí Mac Fhloinn
san mbliain 1890. 'Sé an fear féin adeir
an chéad cheathramha, tar éis bháis an chailín,
agus is amhlaidh a chuir an file an chuid
eile den dán i mbéal an chailín. Sin nós
a bhíodh ag na filí Gaedhilge, caoineadh a
sgríobhadh ar dhuine a bhí caillte agus an
dán a leagan air féin; agus is dócha nach
í an cailín a chum na ceathramhna so (5–6)
atá leaghta uirthi, ach gurb é an duine a
chum an chéad cheathramha a chum an dán ar
fad. An séamhadh ceathramha, faoi'n mboch-
taineacht, níl aon dlúth-bhaint aice leis an
gcuid eile den dán ach tá sí ar aon dul ina
déanamh leis na ceathramhna eile.



CAILÍN TRÉIGTHE.



I.



Tháinig mise aréir go dorus an háll
Agus chuaidh mé ag cogar ar mo mhúirnín bán,
Is dubhairt a máithrín nach raibh sí ann,
Go raibh sí pósta le fearr san ngleann.
Is dubhairt a máithrín nach raibh sí ann,
Go raibh sí i dtaisge i seoimrín cláir.



II.



Fuair mise póigín, is ní ó chlaidhre,
Agus an dara póigín ar cheann na staidhre,
Is an tríomhadh póigín ag gabhail a luidhe
dhom,
Marach an phóg sin bhéinn 'mo mhaighdin.
Is an tríomhadh póigín ag gabhail a luidhe
dhom
Marach an phóg sin ní bhéinn gan dídean.



III.



Gheall tú dhom, is rinne tú bréag liom,
Go gcuirfeá fáinne óir faoi dhó ar gach
méir liom:
Muileann gaoithe nó sruth dá thréine,
Is beag a neart le hais mo phéine.
Muileann gaoithe nó sruth dá thréine,
Is luaithe saoghal cailín tréigthe.



IV.



Cailín óg mé ar bheagán misnigh;
Shiubhailfinn an ród le hóig-fhear cliste.
Níl fíon bán agam, mara n-ólainn uisge,
Agus leanbhín óg agam, is a chóitín bríste.
Níl fíon bán agam, mara n-ólainn uisge,
Ach ocras géar orm, agus tart nár cois-
geadh.



V.



Cailín óg mé i ngleanntán sléibhe
Ar ghanntan eallaigh is ar bheagán éadaigh,
Is í ar breith chloinne is a fear dhá séanadh,
Is nach río-bhocht an fortún a cheap Mac Dé
dhom.
Is í ar breith chloinne is a fear dhá séanadh,
Ó is bocht an saoghal do bhochtaibh Dé é.



VI.



Fuagruighim an ealadhain seo, 'sí an galar
gránna í,
Is iomdha cuisne a bhíos ag a lán air.
Is an té a mbéidh sí air, ní mian leo trácht
air,
Ní hóltar deoch air, ní craithtear lámh leis,
Is an té a mbéidh sí air, ní mian leo trácht
air,
Níl shógh ina shaoghal ach brón is cráidhteacht.



SEÁN MAC GIOLLARNÁTH.



Ó FLAITHBHEARTAIGH,
Sráid Doimnic na Gaillimhe.



Carrana móra, carrana beaga, gléas soch-
raide, gluaisteáin. Ní cuirfear moill ar
éinne. Guthán, 49.



NA BEANNA BEÓLA.



Is deas an radharc iad na Beanna Beóla
Ar maidin fhoghmhair le héirghe an lae
Nuair chaitheas an ghrian orthu a sgáilí órdha
Mar falluing ór-bhuidhe le iad do ghléas.



Is uaigneach cúmhra 'na seasamh annsiúd iad,
A' dearcadh anuas ar na bánta réidh,
Mar laochra calma 'sa gcinn i n-áirde
A' coinnéal gárda ar mhaoin na gclé.



Is iomdha cnoc sin i n-Innis Fódla,
'S do réir gach cunntas is áluinn iad,
Ach is gile liomsa na Beanna Beóla,
Ar maidin fhoghmhair le héirghe an lae.



MÁIRÍN NÍ GHUAIRIM,
Cárna, Conamara.



Bu cheart do gach Gaedhilgeoir i mBaile
Átha Cliath gan aon arán do cheannach
ach



ARÁN

CHINNÉIDE



AN T-ARÁN IS FEARR DÁ nDÉANTAR



124 go dtí 131 SRÁID PHÁRNELL
Agus
BÁCÚS NAOIMH PHÁDRUIG,
BAILE ÁTHA CLIATH.



Guthán — 3141.



An Teach ina labharthar Gaedhilg.



S. Ó FATHAIGH & A CHOMH,
TEORANTA,



Díoltóirí & Reacadóirí, —
Tae, Fíonta & Uisge Bheatha.



FOIRGÍONTA CEANNAIGHEACHTA,
NA GAILLIMHE.



Tá cultaí & cótaí móra nach
bhfuil sárú i na gcionn ag:



ANTOINE Ó RIAIN
SRÁID NA SIOPAÍ,
I NGAILLIMH.



AN “LUCÁNIA.”



Más maith leat ROTHAR MAITH a rinnead
nÉirinn sgríobh chuig



DOMHNALL UA BUACHALLA, I MUIGH, NUA DHAT



TEACH AOIDHEACHTA.
MHNÁ UÍ BHACHÁIN,
Cearnóg Pharnell, Baile Átha Cliath.



An biadh & an deoch is fearr & iad sin fairsing & le
fághail ar a luach.



Tá chuile shócamhal sa teach seo.


L. 6


BANAIS NÁPLA NÍ
CHEARBHALLÁIN.



Go bhfóire Dia orainn! Nach tapaidh
atá an aimsir ag dul thart? Nuair dhear-
caim siar ar na bliadhanta, níl sé ach
sgathamh gearr ó bhíos mo ghearr-bhodach
aerach a' rinnce agus a' déanamh spóirt
ar fud na tíre. Agus féach anois orm — mo
neart a' sleamhnú uaim gach uile lá agus
mo cheann liath. Ach ná bac leis sin. Is
iomdha lá sultmhar sona a chaitheas le mo
linn agus b'fhéidir le Dia gan mórán ana-
chan.



Níl in mo chuimhne lá grinn mar an lá
a pósadh Nápla Ní Chearbhalláin agus a
leithéid de ghreann is bhí againn an lá sin
ní féidir liom a chur i n-iúl duit.



Ba phunntach an cailín í an Nápla chéadna.
Ní raibh aon mhéid mhór innti ach bhí fuinneamh
sa chuile orlach dhí. Dá bhfeictheá a béilín
leitheadach agus a sróinín gheanncach dearfá
leat fhéin nach i mbaile bheag shuarach mar
Dhoire na gCapall rugadh agus tóigeadh í.
Ní feicthí riamh í gan cuma Domhnaigh uirthi.
Ní chuirfead sí a lámh i n-amar na muc ar
a bhfaca sí riamh. Ní raibh dada a' dul
eadar í fhéin agus a codladh ach litir a
fhágháil ó Mheiriocá. Bhí sean-aunt aici
annsin a thug sórt gealladh dhi go bhfágfadh
sí spré ag Nápla nuair do bheadh sí ag
fagháil bháis, agus ar an ádhbhar sin ní leig-
feadh Nápla duine ar bith thart an bóthar go
Balla gan glaodhach 'na dhiaidh: “fiafruigh
a' bhfuil litir i dteach a' phosta dhom.”
Ní théidheadh na buachaillí posta thart leis
na litreacha an t-am sin. Ach faraor go
bhfuil sé le rádh agam nár tháinig aon
litir ná spré.



Is ar éigin bhí riar a cháis ag a hathair
bhocht ach in'-indeóin sin is uilig do mhothuigh-
eas fhéin Nápla a' rádh oidhche na rásaí
i mBéal Átha Muice nach bpósfadh sí aon
fhear a bhí ag na rásaí. D'imthigh an lá sin
agus tháinig lá eile agus is beag fear
gheobhfá ag rásaí nó ag cruinniú nach bpós-
fadh sí.



Ag deireadh na dála nuair tháinig Pár-
thalán Mac Ghiolla Eóin ó Bhaile a' Phaidirín
dá hiarraidh tig leat a rádh gur mór an
glionndar a bhí uirthi agus gur mór an
fháilte a bhí roimhe. Ní raibh insan Párthalán
céadna ach sean-bhaintreach agus dubhradh
nár fhág sé bean is na trí paráistí nár
iarr sé. Bíodh sin mar bhí sé, ní raibh sé
fhéin ná Micheál na Carraige leath-uair
i dteach Nápla go raibh an cleamhnas críoch-
nuighthe agus gach uile rud socraighthe.



Bhí orthu annsin teachtaire a chur go dtí
an sagart a' rádh leis go mbeadh an pósadh
lá ar n-a bhárach agus ar fhaitchíos go mbeadh
moill ar bith i ndán don bpósadh, cidh go
raibh sé a hocht a chlog san oidhche, b'éigin
domsa mo rothar do thógáil agus mo
bhealach a dhéanamh síos don Teampall Mór
áit chomhnuidhe an Athar Séamus. Níor
codluigheadh mórán i nDoire an oidhche
roimh an bpósadh agus ag fáinne an lae ní
raibh duine ná deóraidhe ann nach raibh 'na
shuidhe. Bhí faitchíos orm-sa nach bhfuighfinn
cuireadh don mbanais óir do bhí dritháir
agus drishiúr dhom a' dul innti, ach fuair.



Bhí sé deireannach san oidhche sul tháinig
an lánamhain abhaile agus ní ro-shásta bhí
Párthalán sgata mór cleathairí fheiceál
a' béiceadh tiompall an tighe. Tháinig sé
isteach agus ní raibh pioc níos fearr
taobh istigh. Bhí siad ann ó thuaidh agus ó
dheas — cuid mhaith acu leath ar meisge
agus cuid mhaith eile a' glaodhach ar uisge
beatha.



“Tá cleathairí taobh istigh is taobh amuigh,”
arsa Párthalán, “agus feicfe mise go
mbéidh trosgadh orthu anois as seo amach.”



Dheamhan greim le n'ithe ná deór le
n'ól a d'fhág sé san gcistinigh nár sguab
sé suas insan seomra leis. Thug sé leath
sgór de na daoine acfuinneacha leis agus
fágadh an chuid eile ag dearcadh ar a chéile.
D'fhanadar sgathamh gearr 'na dtost óir
bhí iongnadh an domhan mhóir orthu ach nuair
a chonaic siad nach raibh dada a' teacht
chucu thosuigh an spóirt.



“M'anam ón diabhal,” arsa Liam Ó
Colgan, “tá sé chomh maith dhúinn umhluigh-
eacht do chur ar Phárthalán nó dheamhan
greim ná deoch gheobhamuid anocht.



“Umhluigheacht dod' mháthair mhóir,” arsa
Matha Breathnach. “'Measann tú an le
n-ar bpaidreachaí a rádh tháinigeamar-ne
ó Bhaile na gCrann annseo?”



“Diabhal a leitheid chonaic mise cheana,”
arsa Stiophán Bairéad, “cuireadh a thabh-
airt do dhaoine chomh fada ó chéile is Poll
na nGamhnaí agus Ceathramha na gCnocán
agus annsin gan dada ar an mbord nuair
thagas siad.”



“Dá mbeitheá in do cheithearnach bheag
bheitheá san seómra leis na daoine macánta,”
arsa Máirtín Bacach. “Ach seómra ann
nó as,” ar seisean. “Béidh bágún agamsa
nó fuil.”



“Daoine macánta, an eadh,” arsa Stio-
phán. “Cén uair a fuair Cairbre Ó Dóláin
agus Tomás caoch Mac Dhuarcáin an ma-
cántas, agus duine acu i bpríosún cúpla
bliadhain ó shoin mar gheall ar bhréidín a
ghoid sé ó Shéimín na Glaise, an figheadóir?
Agus an duine eile —.”



‘Thug tú h-éitheach, a chladhaire,” arsan
Dólánach óg a bhí i láthair, “agus ar trí
craipí,” ar seisean, “chuirfinn mo dhorn
in do bhéal.”



“Déan,” arsa Micheál Ó Mocháin, an
gréasaidhe, “agus ní fhágfa mise fiacail in
do cheann nach gcuirfe mé síos in do bholg.
Bhí fir níos fearr taobh thuas den abhainn
ná taobh thíos dhi gach lá riamh.”



Sheas siad uilic ar an urlár agus do
bhain cuid acu a gcótaí díobh, thosuigh na
cailíní ag sgreadaighil, agus ní raibh aon
dhuine nach raibh a' caint.



Bhuaileadh Mártan Ó Taidhg, an ceóltóir
dall, port anois is arís ach nuair a mhothuigh
sé nach raibh duine ar bith ag éisteacht leis
d'fhág sé a fhidil insan leabaidh le n-ais
agus do dhearg sé a phíopa. Nuair do
thosuigh an pléaráca do leagadh Máirtín
Bacach bocht isteach insan leabaidh ar mhul-
lach na fidile agus níor fhág sé téad innti
nár bhris sé.



“Muise mo chuid tubaiste leat agus
mo sheacht míle mallacht ort,” arsan
fidiléar, “tá m' fhidil briste agad. A
robálaidhe thuataigh,” ar seisean, “céard
a thug do leitheid annseo chor a bith? Is
deas an feic do dhéanfá a' damhsú an
rinnce fhada. Ach ní bhéidh a chuid fhéin ag
an gcrochadóir go mbí tú a' damhsú gan
dada faoi do chosa.”



“Druid do bhéal, a chlabaire,” arsa
Máirtín. “Shílfeá nach raibh dada sa teach ach
tú fhéin is do shean-fhidil. B'fhearr liom a
bheith ag éisteacht le páiste a sgríobadh a'
phota ná do chuid ceóil.”



Do tháinig sgannradh ar Párthalán nuair
chuala sé an pléaráca insa gcistinigh.



“A Chroich Chéasta,” ar seisean, “Leagfa
siad an teach chomh cinnte is tá mé beó.
Goid-é an mí-ádh bhí orm a theacht annseo
chor a bith agus go leór ban le fághail níos
foisge dhom? Cuireadh ar mo chosaint mé
go raibh daoine tiompall annseo mar an
broc agus an béar. A Nápla,” ar seisean,
“céard is cóir dhom a dhéanamh?”



“Bhí Nápla 'na suidhe cois na teineadh
ag cogaracht le cúpla comrádaí. Bhí sé
ina hintinn an lámh uachtair d'fhagháil ar
Phárthalán bhocht agus shíl sí go mb'fhearr dhí
gan boige ar bith a leigean leis. Sheas sí
suas faoi theit agus b'fhuras d'aithne uirthi
céard do bhí a' teacht.



“A Phárthaláin, a chroidhe,” ar sise,
“pósadh sinn ag an Teampall Mór indiu
agus thugamar ár ngealladh don tsagart
go mbeamuis mar aon duine amháin gan
achrann gan troid. Béidh mise mo mhaighis-
treás in mo theach fhéin, agus má theas-
tuigheann uait síothchán agus ciúineas ná
bí a' cur isteach do ladar in mo ghnótha-sa
nuair nach bhfuil gábh leis.”



“An Tighearna Dia eadar sinn is an
t-olc,” arsa Párthalán, agus shuidh sé
insan gcoirnéal agus ní fhaca tú le do
dhá shúil fear ba chiúine ná é go maidin.



Do tháinig Nápla síos go dtí an chis-
tíneach agus thug ordú ar go leór uisge
beatha a leagan ar na boird agus suipéar
breágh 'na dhiaidh sin. Bhí an oiread sin
báguin ann is go raibh Máirtín Bacach
fhéin sásta.



D'fhág mise an pháirt sin den tír an bhlia-
dhain dár gcionn agus ón lá sin níor
fhágas rian mo choise i nDoire na gCapall.
Ach fághaim tuairisg, amanta, ar an gcaoi
a bhfuil na daoine a' dul ar aghaidh. Casadh
Máirtín Bacach liom i mBéal an Átha a'
dul don bhfairrge dhom anuraidh agus bhí
comhrádh fada againn. Is iomdha sgéal
greannmhar a bhí aige dhom, agus ba mhaith
an mhaise dhó craiceann a chur ar sgéal.



“A Mháirtín,” arsa mise, faoi dheireadh,
“goidh-é'n chuma bhfuil Párthalán Mhac
Giolla Eóin agus Nápla, no bhfuil aon
chlainn acu?”



“Ar fheabhas,” ar seisean. “Tá beirt
inghean acu cosmhail le n-a máthair go
díreach glan. Ó, ceannphuirt a' tige, an
eadh? Tá a leithide ann agus ní hé Pártha-
lán é.”



PEADHAR Ó MEARÁIN.
Ceathramha a' Chaisil,
Samhradh, 1919.



EACHTRAÍ SHEÁIN MHIC DHUIBHIR
AN GHLEANNA.



Is minic freisin a castaí timthirí Gaedhilge
an Bhoird le Seán ins na sgoltacha,’ agus is
iondamhail go mba iad a dhéanadh sgrúdú
na Gaedhilge i ndeire na bliadhna. Cheap
Seán go raibh na Timthirí seo an-umhal dhá
máighistir, agus thug sé fá deara go mba
mhaith leo spaga an Riaghaltais a spáráil.
Dhá bhfaighidís an lochtín is lugha agus is
seafóidigh amuigh, bhí na táillí giorrtha
gearrtha amach acu ar an múinteóir, agus
cunntas fada sgríobhtha acu chuig an mBord
a' cur na lochtaí seo i n-iúil dóibh. Chaithidhís an
chuid is mó dá n-am ins na sgoltacha a'
sgríobh agus a' sgrúdú leabhar, a' tabhairt
orduighthe don mhúinteóir céard ba cheart
dó a dhéanamh.



Ba é baramhail Sheáin nár mhaith leo an
focal timthire chor a bith, agus níor mhaith
leo Timthirí a ghlaodhach orthu fhéin, ach cighirí.
Go deimhin ba mhó an coshamhail le cighirí
sgoile iad ná timthirí. Ní fhaca 's
níor chuala Seán ariamh na tim-
thirí seo a' tabhairt leictiúr ná comhairle
do na páistí fá chúis na teangan, agus
maidir le timthireacht a dhéanamh, ní raibh
orthu é sin a dhéanamh chor a bith, dhá mb'fhíor
dhóibh fhéin, ach cighireacht, cé gur toghadh iad
le timthireacht a dhéanamh ar son na teangan.
I n-ionad sin is a' cighireacht agus a' sgrúdú
na sgoltacha a bhídís, agus a' coinneál
na dtáillí ón chuid is mó de na múinteóirí
— táillí a bhí saothruighthe go cruaidh cneasta
acu th'réis a lae oibre.



Gan aimhreas, ba bhocht an cás é do mhúin-
teóir ar bith a choinneóchadh na páistí istigh
ar feadh uaire a chloig 'chuile thráthnóna 'sa
mbliain fá thart is fá ocras, a' múnadh na
Gaedhilge dhóibh, agus annsin gan tada dá
bhárr aige i ndeire na blianna, ach na táillí
a bhí saothruighthe go cruaidh cneasta aige
coinnighthe uaidh, agus bh'fhéidir droch-mharc
nó droch-chunntas sgríobhtha ina aghaidh i
rolla na sgoile. Ar bh'iongnadh annsin don
mhúinteóir seo múnadh na Gaedhilge a
thabhairt suas ar fad? Gan aimhreas níor
bh'iongnadh. Is iomdha sin sgoil agus múin-
teóir a thug suas múnadh na Gaedhilge ar
fad mar gheall ar an obair seo — mar
gheall ar bheachtaidheacht na dtimthirí 's
na gcighirí, agus ar ghliocas an Bhoird.



Gan aimhreas bhí fhios ag an mBord
Náisiúnta céard a bhíodar a dhéanamh nuair
a chuireadar an Ghaedhilge dhá múnadh mar
aigisín nó iorbaillín taobh amuigh d' am
sgoile. Tá's 'ainn fhéin anois é, agus
duine gan tuisgint nach dtuigfeadh é.



Le linn an ama seo bhíodh Seán ina chomh-
nuidhe i mbaile Dhubh-acha i n-aice thráigh na
Cuime an áit is fuide siar i n-Éirinn. Gan


L. 7


aimhreas is aoibhinn greannmhar an áit é
seo do dhuine bheith 'na chomhnaidhe ann. Níl
aon áit eile is deise ná é i nAcaill. Tá
tighthe go tiugh ann — tighthe beaga deasa
ceann-tuigheadh cruinnighthe, greamuighthe i
dteannta a chéile i n-aon phlóid amháin ar
dhá thaobh an bhóthair.



Suas uaidh tá cnuic mhóra, árda, uaibh-
reacha, ceangailte le altracha aisteacha atá
contabhairteach daimhséarach dá gach ní; ach
amháin do na gabhair fhiadháin e atá go
sgaolmhar dána ina gcomhnaidhe imeasg
strapaí na n-altracha seo; ag iarraidh
bheith 'saothrú an t-saoghail, agus soláthar
a gcodach go dócamhlach aimhréidhteach mar
gheall ar dhaoine peacamhla na h-aimsire
seo atá dhá bhfiach is dhá bhfaire gach tráth
ins an mbliain. Tá gleannta míne réidhe
imeasg na gcnoc ann. Gleannta le lochanna
áille suidhte go sócamhlach suaimhneach ag a
mbun. Siar uaidh atá Ceann Acla 's Gleann
na Cuime san áit a chomhnaidh Boycott, lá de
na laethí. Amach siar uaidh atá an fhairrge
mhór le feiceál agad i n-aon stiall amháin
chomh fada siar le bun na spéire.



Uaidh anonn atá oileán Ghráinne Ní Mháille.
Taobh thall de sin aríst atá cnuic Chonamara
le feiceál agad, ag athrú dathanna, léir
mar tá an ghrian ag árdú is ag ísliú. Barraí
na gcnoc go lonnrach ag dearcadh — iad a'
tagairt 's a' bagairt a gcinn thar dhruim a
chéile.



Tá muintir an bhaile seo go lághach, greann-
mhar, geanamhail. Daoine neamh-urchóideacha,
flaitheamhla iad. Ba deas a bheith ina
gcomhluadar oidhche thórraimh. Is ann gheobh-
fadh an duine an siamsa gan aimhreas. An
t-aos óg cruinnighthe i dteanta a chéile
thart le balla i dtaobh áithrid den teach.
Cuid acu ag argúinteacht go te, feargach
le chéile fá cheist áithrid eicín; cuid eile
acu a' siosgadh, a' súgradh agus a' sios-
marnaighil cainte go seal lag-ghlórach
dóibh fhéin. Corr-bheirt annseo 's annsiúd
ar chúl na ndaoine i n-áit iargúlach a' tabh-
airt grádh dá chéile go bródamhail geal-
gháiridheach.



Na sean-fhir is na sean-mhná bailighthe i
n-aice a chéile thart ar bhéal an tseomra.
Is orthu siúd a gheobhfá an greann dá rírí'
fá chúrsaí an tsean-tsaoghail. Ba mhaith
uathu piocadh agus gearradh a thabhairt
dá chéile; ba mhaith uathu siamsa agus
magadh a dhéanamh fá dhuine; b'fhearr
ná sin uathu síamsa agus magadh a
thógáil ar ais ó dhuine. Is iad a bhí
i ndon an sean-sgéal deas, greannmhar
a innseacht a ghiorróchadh an oidhche dhuit;
gan aimhreas is iad a bhí i ndon an leagan
gaisgeamhail cainte a chur ar a sgéal agus
craiceann dá réir. Anois is aríst d'fheic-
fheá sean-bhean fhiúntach eicín a' cur a láimhe
ina brollach, agus a' tarraint amach boiscín
toirteamhail snaoisín agus a' tabhairt ruain-
ne snaoisín dá gach duine dá mbíodh thart
uirthi. B'iongantach láidir an snaoisín a
bhíodh ins an mboiscín deas, glan, sgiúrtha
seo, agus mura mbeidhtheá an chleachtach ar
snaoisín chaithfeá imtheacht as an teach, ar
áit na mbon nó thú fhéin a náireadh ó's comhair
an tighe. Fá cheann tamaill, d'fheicfheá na
mná ag éirghe go deifreach a' tarraint a
gcuid filéid as a bpócaí, agus a' cur
goithtí ar leith orthu fhéin, a' rithe un an
choirp agus a' cur breall chaointe orthu
fhéin.



Sin é an áit a bhfeicfeá agus a gcluinfeá
an reiceach agus an bhéiceach, an lasgairt 's
an greadadh bos os cionn an choirp, Chaoinidís
agus mholaidís go breágh an té a bhíodh os
cionn cláir. Chuiridís síos sa gcaoineadh
ar a bhéasa 's ar a thréathra nuair a bhí sé
beo, bíodhgamhail ar an saoghal seo; mholaid-
ís is chaoinidís go dúthrachtach a ngaolta
a bhí eagla le blianta fada roimhe sin;
mholaidís 's chaoinidís a maicín nó a muir-
nín a bhí ina gcomhnaidhe thar sáile. Ní bhíodh
smid, puth ná path, húth ná hath ag muintir
an tighe an fhad is bhídís a' caoineadh, ach
cluas ar éisteacht orthu, ag éisteacht go
haireach leis an gcaoineadh agus leis an
óráid chaointe. Leanaidís don chaoineadh
is don mholadh nó go n-éirigheadh sean-fhear
geanamhail eicín agus go ndéanadh iarracht
ar iad a stopadh. Ní dhéanfaidís a chomh-
airle ar dtús. Théigheadh sé isteach ina
measg ag iarraidh foighid agus ciall a
chur ionntu. Séard a dhéanfaidís neartú
un caointe. Ar deireadh, thagadh fearg ar
fhear an réidhtigh agus d'iarradh orthu
os árd ó's comhair an tíghe stopadh
agus gan a bheith ar an tseafóid
sin. “Stopaigí! stopaigí! adeirim
agus ná bígí ar an tseafóid sin. Ní dhéan-
faidh an caoineadh sin aon mhaitheas daoibh
féin ná don té atá marbh. Stopaigí!
stopaigí! adeirim. Suidhigí síos agus
stopaigí den reiceach sin atá orraibh,
agus abraigí paidir 's cré ar son a' té
atá os cionn cláir, sé 's córa daoibh a
dhéanamh.” Stopaidís agus shuidhidís síos
annsin ar a ngogaidí, tharneóchadh amach a



TABHAIR AN TÚS DON MHUINNTIR
A BHFUIL FUAGRADH ACU SA
STOC.



mboiscín snaoisín, agus chuireadh ruainne
snaoisín le n-a bpolláirí 's rachadh ar chaoin-
chómhrádh le n-a chéile.



Tá halla breagh deas ins an mbaile seo
freisin. Is ann a bhíodh na ranganna ag
Seán ar feadh an gheimhridh; is ann a bhíodh
an spóirt dá réir. Is iondamhail go dtagadh
an chuid is mó de shean-fhearaibh an bhaile
isteach ag éisteacht le Seán a' múnadh.
Tar théis na ranganna chuireadh Seán an
dream óg ina suidhe thart le ballaí, agus
cuireadh an sean dream ina suidhe i n-áit ar
leith dóbhtha fhéin. Bhíodh rang speiséalta
aige don tsean-dream, agus is é an sórt
rang a bhíodh acu ná rang díospóireachta fá
cheist áithrid eicín.



[Ní críoch.]



LOCH MEASG.



SABHÁILIGHIDH SCOIL ÉANNA.



Tá deich míle punt do dhíth leis an Díthreabh do cheannacht
agus SCOIL ÉANNA do bhuanughadh innti i ndíl-chuimhne
PHÁDRAIC is LIAM MHIC PHIARAIS.



CUIDIGHIDH LINN A GHAEDHEALA, AR SON NA bPIARSACH
Scríobh chuig an Rúnaire fá choinne Cárdaí bailiúcháin agus
bratach. Cuirtear síntiúis chuig an Chisdeoir, Scoil Éanna,
Ráth Fearnáin, Ath Chliath. Admhuigtear Síntúis i n-“Ár nÉire.”



SÍOLTA AR FHEABHAS,
Agus gach a dteastuigeann ón bhfeilméara



Le fagháil ó



MHAC OSGAIR,
I mBARR AN CHALTHA, I nGAILLIMH.



Ba í Éire an chéad tír a coisrigeadh dhon
Chroidhe Naomhtha. Go dtí seo, ní raibh aon
phictiúir den Chroidhe Naomhtha a rinneadh
i nÉirinn. Anois tá againn PICTIÚIR
ÁLUINN den CHROIDHE NAOMHTHA a rinneadh
i nÉirinn, 22ord. x 15ord. Dán don Chroidhe
Naomhtha faoi. Dán é seo a sgríobh
príosúnach bocht tar éis an t-aifreann
éisteacht dó taobh amuigh de Bharraic
Richmond an 28adh lá de Bhealtaine, 1916.



A Luach, 1s. 6d thríd an bposta.
Laghdú mar is gnáthach do lucht siopaí.



Ó FAOLÁIN & A MHAC,
17 Uachtar Cé. UrMhumhan,
BAILE ÁTHA CLIATH.



COUPON.



AN STOC,
DEIREADH SAMH. & LUGHNAS, 1919.



TÍR NA n-ÓG.
ROINN NA bPÁISDÍ.



Tá lucht an pháipéir seo fá réir duais-
eanna a thabhairt do na páistí sgoile is
fearr a sgríobhfas leitir Ghaedhilge ar
cheist ar bith a thogróchas siad.



AN CHÉAD DUAIS — Luach corónach de
leabhra Gaedhilge.



AN DARA DUAIS — Luach leath-choró-
nach de leabhra Gaedhilge.



Ní mór na leitreacha nó na haistí a bheith
istigh roimh an 23adh lá de'n Lughnas.



COINGHEALLACHA:



1. Caithfe coupon AN STUIC a bheith le
GACH AON aiste nó leitir.



2. Caithfe dearbhú a bheith againn ón
múinteoir gur páisde sgoile a sgríobh an
aiste agus gur sgríobh an páiste í gan
cabhair.



3. Ní mór don mhúinteoir aois an pháisde
agus an rang a bhfuil sé sa sgoil ann a chur
síos.



4. Is móide an tsuim a cuirfear i
n-aiste ar bith gan rian láimhe an mhúinteora
a bheith uirthi.



LUCHT BUAIDHTE DUAISEANNA.



AN CHÉAD DUAIS: Pádhraic Mac Ailín,
Sgoil na Malrach, Doireadh, Casla.



AN DARA DUAIS: Bairbre Ní Coisteala,
Sgóil Ghleanna 'ic Muirinn.



Seo iad na daoine a bhuaidh duaiseanna
an mhí seo chaithte.



Is truagh linn a laighead aistí atá ag teacht
isteach. Iarramuid ar na múinteoirí sgoile
cabhrú linn leis na páistí a chur ag sgríobh.
Racha sé i dtairbhe dóibh féin agus do chúis
na Gaedhilge.



DUAISEANNA EILE.



Tiubhramuid luach corónach de leabhraibh
Gaedhilge gach mí mar dhuais don té a chuir-
feas chugainn an chnuasacht is fearr de
shean-rannta páisdí, rannta beaga, diadha,
tomhaiseanna nó sgéalta gearra, greanna-
mhara.



Bíodh a leitheid sin ar láimh againn an
chéad lá dá gach mhí



Tá go leor de na Gaedhilgeoirí ga a'
cabhrú linn agus níl muid a' déanamh dear-
maid orthú. Cuirfeamuid duaiseann chucu
comh luath agus thig linn na leabhra fhagháil.



Tá go leor eile gur gairid uathu
duais, ach tuigtear nach AISTRIGHTHE atá
uainn, ach glan-Ghaedhilge na nGaedhilgeóirí.



Tá gach aon tsaghas leabhair a bhaineas le
hÉirinn, pé cu 'sa Bhéarla, i n-ár nGaedhilg
féin, nó i nGaedhilg na hAlban le fagháil



ó
MHÁIRE NÍ RAGHALLAIGH,
87, Sráid Uach. na Driseóige,
ÁTH CLIATH.



Bionn páipéir, tobac, píopaí, agus earraí
deasa eile le fagháil uaithi chomh maith.


L. 8


An maith leat CLÓDÓIREACHT MHAITH
ar airgead chomhthrom?



Tig linn rud ar bith is áil leat a
chur i gcló go deas taithneamhach.
Cuirfeamuid i gcló dhuit billí, tuair-
isgí, leabhráin, liostaí, &c. …



An ‘Galway Express’



LIAM Ó CORRAOIN & A MHAC,
Fuinteóirí & Lón-Cheannaidhthe,
SRÁID DOMINIC NA GAILLIMHE.



Ó HEIREAMHÓIN.



Carrannaí & gluaisteáin & gléas sochraide.
SRÁID EYRE NA GAILLIMHE.



SÉAMUS Ó BÉACHÁIN
Ceannuidhe Guail & Iomchuróir.



SRÁID MHEADONACH, NA GAILLIMHE.



Tá an tae is fearr i gConnachta & go leor neithe
eile atá riachtanach le fagháil i dtigh



MHONICA NÍC DHONNCHADHA,
SRÁID ÁRD NA GAILLIMHE.



A ghaedhilgeóir! An uair a bheir-se fógra do
chur in aon pháipéar, tabhair do'n



CORK ADVERTISING AGENCY, É
Déanfha sé áise dhuit-se;
Déanfha sé tairbhthe dhóm-sa.



SEÁN Ó CUILL, FÁGHALTAÍ,
95a Sráid Phádraig i gCorcaigh.



T. O FLANNAGHAIN & Chlann Mhac.



Gac uile shórt gaibhnigheachta
agus innealltóireachta, …
DÍOLTÓIRÍ ROTHAR. Cuirtear deis
ar rothair & ar ghunnaí.



SRÁID NA gCEANNUIDHE, i nGAILLIMH.



TÁILLIÚRACHT.



BHÁITÉAR O CUANACHÁIN



Táillúir & Tuighneadóir Iol-sgol,
44, SHRÁID CHILLE DARA,
BAILE ÁTHA CLIATH.



Labharthar Gaedhilge annseo.



AN STOC.
ORDÚ.



Don



ATHAIR Ó CEALLAIGH,
Sráid Dominic,
NA GAILLIMHE.



A Chara,



Cuir chugam — cóipeanna
den STOC gach mí go ceann.



Ainm
Seoladh



MUINNTIR UÍ ANNRACHÁIN
384 BÓTHAR CIORCALDA Ó THUAID,
BAILE ÁTHA CLIATH.



A Swordsman of the Brigade - 3/9
Irish Heroines - 7d.
(Tá na leabhrai so saor thrid an bpost.)



Is é Mícheál O hAnnracháin do marbhuighead le
Linn an Chaisg 1916, do scríobh iad.



Gach cineál leabhair bhaineas le Éirinn
Le faghail annso.



CLO-OIBREACHA DHUN DEALGAN.



AISTÍ THOMÁIS DÁIBHIS.



Maille le nótaí & a lán nar cuireadh i
gcló go dtí seo. Dáithí Ó Donnchadha nach,
maireann, a chuir in-eagar; 480 leathanaigh
4/- glan, thríd an bposta, 4/5.



AN MHÁTHAIR & sgéalta eile a sgríobh AN
PIARSACH; 100 leathanaigh; 2/6 glan,
thríd an bposta, 2/10



PURGADÓIR PHÁDRAIG: Ailithreacht as
an Meadhon-aois: 5/- glan a luach; thríd an
bposta 5/4.



A STUDY IN STARLIGHT and other
Poems. The collected poems of Randal
McDonnell, 140 p.p., gilt top, 4/6 glan,
thríd an bposta, 4/9.



Clódóireacht Gaedhilge, Béarla, Ticéid,
Suathantais, &c.



TOMÁS BREATHNACH,
LÓN-CHEANNAIDHE.



AN CHEARNÓG, I nGAILLIMH.



Beidh Fáilte i gcomhnaidhe roimh Ghaedhilgheoirí
ag …



TIGH AOIDHEACHTA UÍ CHATHÁIN,
AN CHEARNÓG: I nGAILLIMH.



Tá gach cineál feola le fagháil
ar fheabhas ó



MHICHEÁL Mhac COISDEALBHA, I nGAILLIMH.



TRUSGÁN TIGHE.



Gach aon chineál. De dhéantúsaibh na h-Éirean,
dá ndíol ag



63 Sráid an Chapaill Bhuidhe, i gCorcaigh
Is le SEÁN Mac EÓINÍN an siopa.



UA FATHAIGH & A MHAC,
Lón-Cheannaidhthe



Sráid Dominic na Gaillimhe.



Biadh ar fheabhas ar luach chomhthrom.



TEACH AOIDHEACHTA
AN PHLÉIMIONNAIGH,
32 PLÁS
GHÁRDINÉIR,
ÁTH CLIATH.



Árus Gaedhealach do Ghaedhealaibh



Tá 59,081 Siopaí i nÉirinn
le déantus Gallda a dhíol.
Ní dhíolamuid-ne ach



EARRAIDHE RINNEADH
I nÉIRINN.



O GLASÁIN & A CHOMH,
11 Sráid Uachtarach Uí Chonaill,
I mBAILE ÁTHA CLIATH,



Oideachas.



COLÁISTE NA HIOLSGOILE,
I nGAILLIMH.



Craobh de Iol-sgoil na hÉireann.



Árd-oideachas le fághail innti ar na hiol-
dántaibh idir theangadhaibh, ealadhain, trácht
& ceannaigheacht ealadhain an leighis, seil-
bhéaracht, & Innealltóireacht.



Téarmaí gearra ar leith
fa chomhair oidí sgoile.
Le gach uile ughdar a fhághail sgríobhtar ag
An MEABHRÁNAIDHE.



Má tá Gaedhilge agad, labhair í; muna bhfuil
téirigh go



COLÁISTE CHONNACT.
I dTUAR MHIC CÉIDE NÓ SA SPIDÉAL



Togha na Gaedhilge, múinteachas ar fheabhas
agus múinteóirí nach bhfuil sárú 'na
gcionn.



AN CHÉAD TÉARMA — Ón 30adh lá de
Mheitheamh go dtí an 26adh de Dheireadh
Samhraidh.



AN DARA TÉARMA — Ón 28adh lá de
Dheireadh Samhraidh go dtí an 6adh lá
de Mheadhon Foghmhair.



AN tATHAIR BRIAN Ó CRÍOCHÁIN,
Árd Rúnaidhe,
AN GHRÁINSEACH,
CO. SHLIGIGH.



COLÁISTE IGNÁIDE NAOMHTHA.
(Cumann Íosa.) I NGAILLIMH.



Coláiste Idir-mheadhonac é seo a bhfuil teagasg
dá thabhairt ann ar na craobhracha foghluma a chuir-
eas duine i gcruth a dhul go hIolsgoil nó a dul
i n-éadan gnótha trácht-cheannaigheachta. Aire ar
leith dá tabhairt do ghasúir óga. Páirc bháire ar
chúlaibh an tighe.



Le gach uile ughdar a fhághail, sgríobh ag
AN AIRCHINNEACH.



CLOCHAR ÓIRD NAOMH URSULA, I SLIGHEACH.



Oideachas i gcóir na HIolsgoile, (bhuaidheamar
ceithre cinn déag de Sgoláireachtai an dhá bhliadáin
seo caithte) i gcóir sgrúdú an Bhuird idir-mheadhonaigh,
na mbannc, Cumann na gCeoltóir, I.S.M. Tráchtála,
Sgoláireachta an Riogh, &c. Tá sgoil tigheachais fá
leith againn.



DHÁ LEABHAR NUA DO GHAEDHEALA.



MAIDIN I mBÉARRA & Dánta eile.
Osborn Bergin do sgríobh; a luach,
1/6; thríd an bposta, 1/9.



AN CHAISE GHARBH. Leabhar nua-fhilidheachta
Peadar Ó hAnnracháin do sgríobh; a
luach, 1/6; thríd an bposta, 1/9.



CLÓ NA gCOINNEALL,
44, Sráid Dawson,
BAILE ÁTHA CLIATH.



STORTHA AN MHALOIDIGH,
I nGALLIMH.



BRÓGA GAEDHEALACHA.
o
DHÁ NDÍOL LE LUCHT
SIOPAÍ.



Tá TEACH O ta a bhfuil compóirt ann ag



SÉAMUS Ó LAIDHE,
SRÁID DOMINIC ÍOCHTAIR NA GAILLIMHE.



“Togha gacha bidh & sean gacha dighe” aige.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services