Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Fógra do Ghaelaibh 1824
Title
Fógra do Ghaelaibh 1824
Author(s)
Mac Gearailt, Uilliam,
Compiler/Editor
de Brún, Pádraig
Composition Date
1910
Publisher
(B.Á.C.: Coláiste Phádraig, 1972)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
'S é bhriseann mo chroí-sa, a chlann, nuair a chím lámh 'núr gceann ag an lomaire; nár chailleadsa amharc mo shúl, nár chailleadsa an dlúth le foirbhtheacht senility go bhfeiceadsa sibhse faoi chiúir plenty agus an dream so os úr gceann faoi choirptheacht corruption.
(4) A ollaimh oinigh léannta (Eoghan Caomhánach go dtí Seán O Domhnaill ón Áth Leacach): ...agus córaigh gan fuíoll; tar Sionainn ansan seol é, go Woulfe, ós duit is eol é 's go Nioclás cliste beolmhilis do phór chine Aoidh.
FORFHÓGRA DO GHAOIDHEALAIBH. A lucht aointíre - 'Sinne bhúr gcarraid, bhúr gcarraid dhílsi, le'r mían sibh do chúmdach agus do threórúghadh do chum bhúr leasa; is do chum bhúr sochair féin amháin, re fíor amarac orraibh do chómhairlíghmíd sibh. Éisdigh linn, ó'sin bhúr gcarraid; éisdigh linn re fíor aire, air an adhbhar gur b'e ar ninntinn maith do dhéanamh dhíbh; deinigh machtnamh shoirbhthromdha air an gcómhairle do thagrighmíd libh machtnaighidh uirthe go grinn, fágbhamaoid a leith bhúr ccéile náttúrtha féin, bhur reasúin agus bhur dtuicsiona í, déinig uasáid de'n ttuicsin sin do bpronadh orraibh a gcoitchine, a bhfhoirlíontact a hiomadamhlachta ó réimheas De, b'eidir a gcéim cóimhionan agus fós, as cionn aon drong daona oile air mhúir na talmhan; smuainighidh le hiomlan bhur ndútrachta air an ghcómhairle si do tugamaoid dhíbh; agus do chighfeadh sibh go bhfuil si comhaontach re ceart céile agus macántachta, a gcoimhimtheacht le gach deagh iommpchar agus mathnós oile do chómairligheas agus do mhollus bhúr naomh ccreidiom dhíbh do thabhairt fá ndeara. Immpíghmid orraibh thar na huile neithibh, sibh féin do chongbhail saor uadh gach cóimhcheangal príomhaideach neimhdhlisdinneach, leabhartha éithicc agus breugchoinghiolacha d'fhuathughadh, siubhal oidhche agus droch chómhluadar do sheachnaidh, na huile
chinéalaibh buachailígheacht bána, lucht Ribinidh, no gibe ainim, no tiodal eile do bhías ortha, no aco, má tá a nintinn príomháideac, neimhdhlisdineach an aghaidh dlíghe Dé agus na ríochta. - Dob' fada uain sibh do mhealladh, no do thréorúghadh air seachrán (nár leigidh Dia lin é,) do chaillfimís bhur muinghinn dá madh breug do luaidhfimis libh, agus dá mbeadh sé air ár gcumus ní chanochaidhmís bhúr muinginn 'na aon nídh eile ar chaileamhuin na firinne. Nílimíd dá rádh nach ffuil fáth agus adhbhar truaidhghearáin aguibh no nac bhfuil anacraoi orraibh is éigionn d'foirtin, is doibh linn a bheith ren' aithris agus ren' admhail aguin go bhfuil, agus iomad do dochrachaibh doigh-iommpchar orraibh ónar chóir sibh do shaoradh; is eólach dhuin gur b'iad na dochair agus na gearleanamhnacha so, cusbóir agus leithsgéal urmhór aos tuata ar dtíre, chum íad do bhrosdúghadh mar adeirid féin, chum gac uile urchóide agus coimhceangal míoghadhbharach dar cheapadar, air íaracht saoirse do shaothrúg dhóibh féin ona nanacraoi, - achd is eolach dhuine, ceadna, gurb' amhladh mhéaduígheas a samhuil si do ghnóthaibh an tanacra, an mioghadh agus an aindeise do mheasaid féin a loigheadug. Impíghmid orraibh lán aire do thabhairt do so; chuige si amháin, is mián linn bhúr naire do tharraing agus tugaih aire dhúthrachtach dho. Deimhnigmíd dhíbh go ro sholamanda gur Cóimhthionoil agus Comhairleacha foilíghseacha, neimhdlisdinneacha lucht ribínidh agus buachailigh bána, toitéaghan, agus creach-sgriosa, do mheadaigh gach
trath in Eirin, aindeise, anacra agus anaird; gan loigeadughadh air bioth air a bfuilingthibh, na breis do cur air shonus na ndaoine. Do chualaidh bhur núrmhór, agus is cuimhin re moran dhibh fós do chualaidh agus do chonairc é, oíde eagsamhlacht gach uile Choimhthionól de'n uile cinnéal buachailigheacht bána ó aimsir Chseabán Ní Mheisgil anuas, cá raibh sochar a tdotáin, a cgreach losga, a ndunmharbha no a siubhal oidhche, noch do baothmeasadar do sgaoilfeach a ngeimhleacha, do reighfeach a nglasaibh agus do shaorfadhac a ndaoirse? Faraoir! ní raibh do thairbhe ionta uile achd dochar air mhuin dochair do tharraing ortha. Gan tracht air aonrad oile, fiafruighmid dhibh cread é an sochar, an mhait, no an tairbhe do tháinig óna samhail si do ghluaiseachtaibh no do dhroich-ghníomhaibh? Is éigionn dhibh a admhail gur bo donus, agus nach sonnus luach saotair na droinge míghsheunmhar do cheap, do chleacht no lean íad. Is leirfhollus dibh nach fuair
na daoine tairbhe air bioth da nd
ga. Bo chraipligthe do-sgaoilte an dá leór dhíobh a ngeimhleacha cruaidh chuibhrighthe, fa gheibhin daingniocha diamhaire dubhchuinneacha gac breun carcair an Eirin; gan truadh, taise na trócar
dhoibh. Dá ndeasga do shraoil-sracaidh mórán dhíobh go héigneach ona ndluthcháirde - o a naithreach
agus ona maithreacha, ona ndearbhsheathracha agus ona ndearbhraithre, óna mnaibh agus on ccloinn, agus uadh gach nidh oile dob' ionmuine le na gcroídhe. Do bhrúchtlíonadar barcaibh díbea
na tíre agus bo torthamuil gach croich le na gcorpaibh air sile asda. Taid docharaibh iomdha oile len' airiomh do shiolruidh o coimheasga mhiofhortunach buachailighe bana, agus lucht na ribinig si - agus go bithchinte, an neimhchiontach aig ioc air shon an chiontaigh - d'eis toiteaghain marbha áirnéise, no feallbheart air bioth eile, do chur a ngniomh churthar srath asteach air an bporaisde, air an mbarúntact, no fos air an gcontae agus ní hé comhtrom cómhluach na diomaisde is gnathach do luadh lé achd an oiread is nach air bfiu an creach an aon tslighe oile. Achd cía hiad d'iocfas as so? Gan amhrus naonmhur as deich 'san airiomh, aig nach raibh fios, fath na faisnéis ar an ccoir - agus cidh leis nar feidir leoirgniomh do dheanamh an áit sin ris na daoine macánta so darb' eigion amhla san a gcuid airgid dhilis féin do dhíol amac air an modh so? Cread an tromualach dona doigiommpchar nách fulair do bhías anuas air choguas buartha
droinge is ciontach ris na corrthaibh si ionta nac fuil air a gcumus sásamh no leóirghniomh do dheanamh - agus cionnas is
eidir leo cathamh a ndiaigh trocaire do bheith aco ó'n Áirdreimheas Fioraonda Uilecomhachtach, an feadh bheid féin 'san staid dhólásaigh neimhionnairc sin, se sin, gan intinn a gcoda fein do aisioc air na comhursain (na b'eidir e air a gcumas san do deanamh da ma mhaith leo é.) Do sladadar, do mhalsuigdear no fos, do marbhadar! gan fios a staide acd aige Dia féin. Arís gibe áit, no ionad ann a gcuirfear a ngniomh feallbheartaibh le buachailighe bana etc. etc. níl amhrus nac díolfaid móran go neimhciontach as na gniomurtaibh riamh nac ar tuilleadar. Nac iomda duine is eolach dhuin nach air thuill air aon chor e, do seolaidh na dhibirtheach ona dhúthchas, o shaoirse go hionnad no oileaghan na daoirse, gan choir, gan chionta, gan chrosdail? agus nac iomda duine oile do crochaidh do bhitin buachailige bana agus a ngniomharthaibh go neimhciontac? B'eidir gur bo air an
uasaid a deantar do dhlighe na riochta tá mileaghan aguibh do thaobh na ndochar aghfuathmara so, achd aiteochaidh a chiall mhaith fein ar aoineach reasunda go hoban, gur bo íad so na hiaragair nadurta do leannas droich-ghniomharthaibh agus feall chleasaibh buachailighe bána. agus lucht na ribínigh, agus do bithin na núaisionaibh do tarraigthear dhóibh, agus san go dlightheach, air na huacaidibh si do lucht sgéighte na ngniomartha so an a measg so sgeighean is gnathach an chuid is taire agus is tarcaisneamhla do drong duineanda - A lucht aointíre, asi an fhirine amhain, d'aitriseocham dhíbh, - níl maitios socar na tairbe le buadh an Éirin do dheasga buacailige bana, lucht ribinig na aon chineal oile do chomhluadair, na do coimhcheangail príomhaideacha, taid toirmeasga le dlighe
na rioghachta agus o's dochar, a sochar, a ttoradh agus a mblaidh; taid an aghaid dlighe fhirinidhe lán comhactach De fein. Do reir dlighe na riogachta, nil aoineach do ceanglas e fein a ccomhphairt foilíghseach fa oibliogáid móide, na aoin geallamuin priomhaideach mighdlisdineac eile, nach ciontuighean e fein fa riaghail dibiortha as a tir dúthchais, agus dhuine ar biot d'aontas leo san lo, ciontuigean e fein fa fhionáil, sgiursail, no priosuntacht, agus an te gluaiseas leo san oidhche, is eidir e do chur tar muir ceadna; agus an te bhios na ccomhluadair na gcongantoirighe aco ag buala doirse air eiliomh airm faoibir na teine, pudair, pleir, capail, srianta na díaláidigh, - no dfogras buala, bas no easonoir do luct aoin tighe, ma curthar ortha ta'n croich an an airighe aco, coimhionan le bitheamhnach no fear feille. Agus os a ceann so agus uile, ata acht smachtaighthe, no an tacht ceannairce, noch is eidir re stuireotheirighe na dlígh do chur a bhfeidhim an aoin roin de'n ttír an a mbraithfear buairiomh 'ná tuar buartha - agus de bhrígh an achta san, aoin duine air a mbearfar amuich ona teaghlach fein, o fhuinneadh neal neóna go heirgídh greine gnuis tshoillseach air na mhaireach is eidir a ionarbadh air díbirt tar lear. Ni he sin amháin, níl aon ait ann a bfuil an dligh si air bun ann ar féidir le haonduine aguibh d'eis a bheith air dian tsaothar air fedh na seachtmhainne, an tsaoire do chathamh na aoin chuid di i bfochair a chéile, le sult no cathamh aimmsire air faithche na híomána - air reim-ratha an rais, a gcuideachta an ionnad 'na a gcomhluadar
cómpórdach air bioth eile, gan é air gcumus do lomaire luathchreachach eigin, sibh do shracsraoile do reir a ttoile fein, go príosún eigin, agus gibe d'ólus is sibs sic d'iocfas - Anois, do thugamair gearrthuarasgabháil dhíbh air an bpeinn dlisdionaigh is gnatach aig feithiomh air an mbuairiomh do ghnáth ghluaisios o choinghiolacha, agus o coimhcheangail príomhaideach an aghaidh na dlighe - Asé ar ttuairim go bhfuil sé ceangailte orrainn mar dhualgas sibh do chómhairliughadh gan sibh fein do ciontughadh a ccoir do tuillfeach dib, b'eidir, bás agus damnúghadh síorruídhe - Tá nidh eile is mo, is eifeachtamhla agus is uathbfasaigh 'na so, 'se sin, go ttoirmeasgan ár naomh chreidiomh orrainn aontúghadh air cor 'san mbith ansan neithibh si, re smuaineadh, re comhairle, na le gníomh - Comurluighean bhur ccreidiomh dhibh do bheith umal omosach do'n dlígh orduighean si dhibh gan dochar 'na dioghbhail do dheanamh do dhuine air bioth, inniseann dhuit nách ar cóir dhuit do bheith cionntac a ccoir air bioth da loighead, cia go ttiocfaidh iomad maithiosa da bíthin - teagasgan do creidiomh dhuit má bhraduighean aoinneac cuige fein go neimhdlisdinneach cuid a chomursan, nách féidir san do mhaithiomh dho go naisiocaidh, mur leoirghniomh a mhaoin uile fein mas praidhin é, chum comhtrom díoluigheachta do dheanamh. Ní gabha dhuin a innsinn dhíbh, mur d'fhuathas bhur cCreidiomh gach nidh do bhaineas re bitheamhantacht, le dunmharbha, no re dorta folladh, Ni bhfuil air
bhur ccumus a radh no a aitiomh gur Catoilcidhthibh cearta sib, gur fior Chríosdaighthe sibh muna ccreidionn sib, agus muna doigh libh gur firinne doi-seunta a luaidmid lib. Taid neithibh eile do dhlighean bhur ndian aire, Ní he amhain, nach ar tainig aon mhaith 'riamh ona Trioblóidigh si; ach is follus, gur mioghadh gac trath a ttoradh; uatha shiolruíghean togbhail foireignioc airm agus creac-losga aitreamha, doith arbhair, marbha airneise, biteamhnacht oile, agus go minic dunmhar
achd nior fhoganadar chum sochair na tairbhe aon duine ríamh, agus fos, is follus nach feidir aon tsonus do bheith air an drong mioghadbarach do bhion ciontach ansna gniomhartaibh tubaisdeacha so; níl breith air bioth aco cur an agaidh comhacta na mbailígh a gcath fhoscailte: do cuirfeac seisfear lomairighe air dian dearg ruathar lan leadhan pháirce diobh, agus dá dteibidís ata armáil an Riogh aco chum conganta leo, agus tuile fos. Taid anois air na marthain sheasamh faoi phaidh an Ríogh, cead mile do coisighthe do marchaib agus do lucht friteoilte gunaoi móra, agus da mo phrainn e ta air gcumas dhoibh an oiread oile do ghlaodhach cughta o thíorthaibh thar lear - Ionnus go bfuil gach intinn buachailigheacht bana agus a samhuil chum buad do bhreith orrtha comh saobhnosach agus ataid dona, cómh mallaighte 'gus 'taid ciontach -
Cuimhnighthear ceadna, a measg gach buairiomh, gach cómhairle agus comhluadair cuinn-phriomhaideac diob so, nach ar ghaibh fear leaghanda fear creideamhnach, na rachmusach fós pairt leo, nil fear ceile na tuigsiona, na fear fios nós' tíre air marthain nách fuathan íad agus tar an uile, taid faoi grain gnás agus tarcaisne aga ccléir chaonduthrachtach, umal, dithciollach, naomhcraibhteach, fhioraonda fein. Cionnas is eidir go ndearmadan sib forogradh bhur neagailse dhib - nác fhuil a fhiós aguibh gur bo air mhaithe libh fein atáid, agus nach fuil aoinintin eile aco, achd bur sonas saogalta agus bhur leas siorruide do leasugad. A Clanna geal ailne Gael, agus a lucht aointire, tugaidhe aire go grinn dar gcomhairle, comhairlighmid dhíbh staona, agus, a samhuil si uile do coimhceangalacha priomhaideaca do seacnadh, ma aontuighean sibh leo do cor air bioth, tuillfeadh sibh ar ndiothmbhuidheachus, ne sic agus grain bhur neagailse, acd buaidhfeadh sibh breugbhuideachus, agus cuirfead sibh meanamna air an aicme is táire, is graineamhla, is feallamhla, is binnibeamhla agus is aghadhfuathfaire d'ar truaill-seallaigh riamh críoch 'san ccruine - .i. Torradh na phreimhe buidhe. Is e muithlinn, murrin agus solas na claon sproite reamhraidthe si, go mbeadhac sib aig dearbhugh dá cheile agus air a cheile, air ttus go foilighseach agus da eisin go hosguiltte, Ni he amhain gur mian leo é, achd deinid dithchioll sibh do brosdugadh chuige: le hoglachaibh do cur air bhur measg da ttugaid breib chum sib do corruige chum droch oibre agus iad air nós fear an bhraite an bur ccoimreann, do cum fiadnaise do bhreith air bur ndithceile agus da eis sin d'eis sibh do brath agus chur air lamh
dhearbhuigid fein orraibh - tair eis fairsinge airgid do thabhart dhoib cuiread amac ansan a measg na ndaoine, murgead gur cairde agus daoine muinteardha iad, go bhfuilid fa dochar mur iad fein agus air lorg na saoirse coimh mait leo, - ni faghanach agus ni cian uain uain a samhail si do chlaon chleasaighthe mallaighthe, agus tá se natturta go leor re tuicsin go gceapfad o-r-g-m-n a samhuil si do ghleacuigeacht. An tan do bhion tír buartha, sé fogmhar na spaisdéorige si e; geibhean siad ionnad ansna lomairighe, ansna bailighe agus leor thuarasdal ansna Geomen, roinnean se an luchsaothair le fear an bhraithe do thaisbeánan dho an truadnan dona ta díoghalta agus b'eidir do tarraing se fein chum aimhleasa, is ghnathac íad fein aig roint duaise na braite agus na daortha re ceile. - Tá air a gcumas ceadna tarcaisne do tabhairt do daoine agus do creidiomh na tíre, is féidir leis an bhfeallaire, as radarc na dlighe a rogha cor do chur de fein gan bhaoghal gan spleadachus gan eagla agus amlad so, do deasga buachailigheacht, bana, lucht ribinidh agus a gcoimhtionoil agus a gcoingiolacha priomhaideacha, ta air cumus an tíoránaigh do bí aga roimhe sin aig dul de'n díth ris an ngorta, tugan ligean gan stad go miogh-trocaireach, da droichmhianta, da shaint, da chruadh-dhaoirse agus da drochaigne - Ni féidir libh luathghair nios mo do chur ortha so, 'na sibh fein do bheith aig cruinughadh go príomhaideach, foilighseach a tteanta a chéile aig dearbhúgadh go mailigseach, agus aig tabhart anacradh miogad agus tubaisde anuas air bhur mbathas cionntach fein le bhur ndroichghníomhartaibh. Air an ttaobh eile ní heidir libh an aon tsligh eile bhur bfíorcharraid do buaireadh níbhus
mo, - ná míosasamh do cur air an Gcoimthíonol Catoilceach noch anois do comharluighean sibh, le hiomad gradh ionmhuine agus seirce a ccroidhe. Tamaoid air amus anois bhúr ccóir agus bhúr cceart do shaothrúghadh dhibh a modh réasunda dlisdinneac - atamaoid anois go dithchiollach aig leanamhuin an taon bheallach do lualan an dlíghe dhuinn cum sibh do saoradh o bhur nanacra. Is e ár bhfírintinn primhleidíghe na Comhdhaile do saotrughadh do chum an deachmughadh do cur air gcúl, srath teampoill do thógbhail uaimh, srath cuirte do loígheadúghad, - gac cain custum agus eiric eagcorach do heignighthear uaibh go neimhdlisdineach dfosda - comhthrom na dlighe do tuilliomh, agus go bichinte san mheid do bhaineas sí leis na daoine bochta, leo nách féidir coir na ceart do ceannach doibh féin, agus tar na huile coimhionantacht dlighthe, agus primhléidig cirt agus uruma d'faghail gan teaseargan d'iochtáranaigh don uile cineal gan eidrdheilt air bioth. A gcuram agus air intinn na naomh dualgaisighe se do coimhlionad, 'tá lán dóchus aguin air maithe leis an daoine, go mbuadhfam iad, muna ciontach iad féin, le sin do toirmiosg le na ndroich-iommpchar. Nil inntinn air bit aguin do bheith air oibriugh do daoine le'r mian go baoth-chíallmhar iad fein do tiomaint go hoinmhideach fa chumus a ndearbh namhaid; anois, agus, a gcómhnaígh, cuirimid suas do caidreamh do carradas na do cleamhnas do ceangal 'na do coingbhal le haon aicme do beach mallaighthe no annspianta go leor cum droch chortha na feall gniomha do chur a ngniomh - Air oile, loigheaduighid le na ndrochiompchar cumus air ndithchil
chum maithiosa do deanamh doib, 'san amm gceadna a meaduigid, comhachta, gradam, ceannas agus ardréim a naimhde - Amla so, a lucht ionmuine aointire, do chuireamair an bhúr latair, fa riagail bhur ttuicsiona fein na poncaibh si - Air ttuis, - Nach ar tainig sochar na tairbe 'ríamh, o buacailigeacht bana, o bhuairt, ná ó aon comhluadar air sic príomhaideach - 2ndly - gcionntuíghid sic an mhuintir do chleachtan iad, iad a ndochar gacha aindeise, se sin priosuntacht, sgiursail, dibirt agus crochadh - 3rdly - Do thaisbeanamar dhibh go ttoirmeasgan bur gcreidiom orraibh go ró duthrachtach - agus, go ndaoran gach coir agus droch ghno do siolruíghean ó bhuacailigheacht bana agus o chomhluadairaib foilighseac eile - 4thly - Gur b'aimideacht agus díthceile a mheas go ngluaisfeach aon tsort tairbhe na maithiosa o comhbhuaireadh buacailige bana - na comhairleacha a ndorcadas diamair na hoidhche - 5thly - Go dtugan na búairimh, agus na triobloidig si, breis solais, compoird, agus adhbhar meanamna, d'ur naimhde, agus gur bo le na chcle-chealgaireact is gnatac iád do chur air bhun air mhaithe leo féin - 6thly - Go bfuathann agus go ndaoran bur neaglais fioraonda fein na coimheasgaibh tubaisdeacha mioghadhbharacha so, agus gach cúithil ceangal priomaideach neimhdlisdineach eile de'n tsamail -
7thly - Go bfuilid ceadna go ro phríachalach an aghaidh tuigsiona agus comhairle ur gcarrad agus go hairigh, an aghaidh intine an Coimhtionoil Catoilcea Eirionac - 8thly - Gur b'iad na hiaragair riochtanach do leannas a samhail si, do thoirmeasgan an ditchiol dlisdineach do dheanaidhmid chum ar namhaid, na cealgbuidheachain d sic chlaoidh, chum ur nanacra do leasughadh - bhur saoirse do saothrughadh, agus coimhionantacht gradaim, meas agus primhléide do d'oibriughadh amach dibh, mur ata agus mur is dual do gach dream oile do bheit aco, agus mur bo dhuthcas dibse fein do beith aguibh - Ta aonread amhain oile fos, agus bainean san go ro airigh agus fos go bithcinte ris an aimsir si laithreach aguin, fa deo 'ta aguin ard Turnaoi, do coimhlionan a dualgaisighe go comhthrom idir iochtaranaibh an Riogh - Ta fear ionaid an Riogh fein aguinn, flath uasal oirdhearc d'ar ttir fein, agus do ghradhas ...? a thir dhuthchais, noc d'fhoillsighean lén' oirdhearcus, agus mar b'e a mhian duthrachtach síth, sonus agus saoirse d'achtugadh dhi. Acd da eisin agus uile, ata aguin ard Riogh, uadh nar coir d'Eireanchaibh doith do bheith le faghail gach sochar - Riogh noc re ro meid eagna agus eifeicht do thosanaigh a fhlathas ris an admháil ro uasal so, "Nach
raibh a gcómhachta, acht taisge air choimead chum sochar na ndaoine", an cead Rig Sacsanach do thanaig cum na hEirion riamh an urraidh shonuis na síothchana, le baidh, maith aigne, agus muinteardhas, Riog d'foillsigh go minic a ro chionn da ioctaranachaibh Gaodhlacha, agus onar coir dhuin a thuicsin, gur b'e a intin air sonus do mheadugadh ar ndonus do cur ar ccul, gac buaireamh agus eidirdeighilt do dibirt uain, agus comhthrom agus coimhionantacht d'aitiomh gan fath eachrainn eadrain - Anois as ucht bhur cceile fein, noch do thoirmeasgan orraibh na droch oibreaca so do seacnadh as uacht an fuatha agus na miosgaise ta aguibh dona h-r-n-g-m-n bhur ndearbh namhaid - as ucht na muingine, at aguibh 'san ccoimhthionol Catoilceac, bur gcarraid dhuthchais, duthrachtach diograis, as ucht bhur nurama da bur neaglais, - noch amhain dfiosran re compord an ur leabaidh luigheachain agus aindeise sibh, air a son so uile, agus fos air son bur namarc air an Riog maith noch do dheanan smuaineadh air bhur nanacra re hintinn a leigheas, agus foirtinn orraibh - agus tar na huile agus an tiomlán air son bur gcreidimh agus an De bhitbheo, d'iaran oraibh staonadh o gach comhluadar neimdlisdineac o chsiúbhal oidche, o buacailigheacht bana, agus o gach droch obair eile, tugaid fior-aire dar ccomhairle. Amhla so do lualfaidh sibh duine, a modh siothchánta dlisdineach, bhur naindeise, ur nanacra agus úr ndaoirse do réighteach; agus amla so do neartóchaidh linne chumh primhleidige nattúrtha na rioghachta do saotrughadh dh'ar
ttír ionmhuin aoibin fein fein an taon easbadh 'ta d'uireasba uirti chum i dheananamh mur bo dual di, aon dona hoileadhanaibh, is sonaidh, is aile agus aoibhne air aghaidh na talmhan tromfhodaigh - Uilliam Mc Ghearailt. Sagart poráisde an Chaisléaghain Nuadh a Gconnalach úachtrac, a bfairce Luimne.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services