Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Fógra do Ghaelaibh 1824

Title
Fógra do Ghaelaibh 1824
Author(s)
Mac Gearailt, Uilliam,
Compiler/Editor
de Brún, Pádraig
Composition Date
1910
Publisher
(B.Á.C.: Coláiste Phádraig, 1972)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



'S é bhriseann mo chroí-sa, a chlann,
nuair a chím lámh 'núr gceann ag an lomaire;
nár chailleadsa amharc mo shúl,
nár chailleadsa an dlúth le foirbhtheacht senility
go bhfeiceadsa sibhse faoi chiúir plenty
agus an dream so os úr gceann faoi choirptheacht corruption.


L. 147



(4) A ollaimh oinigh léannta (Eoghan Caomhánach go dtí Seán O
Domhnaill ón Áth Leacach):



...agus córaigh gan fuíoll;
tar Sionainn ansan seol é, go Woulfe, ós duit is eol é
's go Nioclás cliste beolmhilis do phór chine Aoidh.


L. 152


FORFHÓGRA DO GHAOIDHEALAIBH.



A lucht aointíre - 'Sinne bhúr gcarraid, bhúr gcarraid dhílsi, le'r
mían sibh do chúmdach agus do threórúghadh do chum bhúr leasa; is do chum
bhúr sochair féin amháin, re fíor amarac orraibh do chómhairlíghmíd sibh.



Éisdigh linn, ó'sin bhúr gcarraid; éisdigh linn re fíor aire, air an
adhbhar gur b'e ar ninntinn maith do dhéanamh dhíbh; deinigh
machtnamh shoirbhthromdha air an gcómhairle do thagrighmíd libh
machtnaighidh uirthe go grinn, fágbhamaoid a leith bhúr ccéile
náttúrtha féin, bhur reasúin agus bhur dtuicsiona í, déinig uasáid de'n
ttuicsin sin do bpronadh orraibh a gcoitchine, a bhfhoirlíontact
a hiomadamhlachta ó réimheas De, b'eidir a gcéim cóimhionan agus
fós, as cionn aon drong daona oile air mhúir na talmhan; smuainighidh
le hiomlan bhur ndútrachta air an ghcómhairle si do tugamaoid
dhíbh; agus do chighfeadh sibh go bhfuil si comhaontach re ceart
céile agus macántachta, a gcoimhimtheacht le gach deagh iommpchar
agus mathnós oile do chómairligheas agus do mhollus bhúr
naomh ccreidiom dhíbh do thabhairt fá ndeara.



Immpíghmid orraibh thar na huile neithibh, sibh féin do chongbhail
saor uadh gach cóimhcheangal príomhaideach neimhdhlisdinneach,
leabhartha éithicc agus breugchoinghiolacha d'fhuathughadh,
siubhal oidhche agus droch chómhluadar do sheachnaidh, na huile


L. 153


chinéalaibh buachailígheacht bána, lucht Ribinidh, no gibe ainim,
no tiodal eile do bhías ortha, no aco, má tá a nintinn príomháideac,
neimhdhlisdineach an aghaidh dlíghe Dé agus na ríochta.
- Dob' fada uain sibh do mhealladh, no do thréorúghadh air seachrán (nár
leigidh Dia lin é,) do chaillfimís bhur muinghinn dá
madh breug do luaidhfimis libh, agus dá mbeadh sé air ár gcumus
ní chanochaidhmís bhúr muinginn 'na aon nídh eile ar chaileamhuin
na firinne.



Nílimíd dá rádh nach ffuil fáth agus adhbhar truaidhghearáin aguibh
no nac bhfuil anacraoi orraibh is éigionn d'foirtin,
is doibh linn a bheith ren' aithris agus ren' admhail aguin go bhfuil,
agus iomad do dochrachaibh doigh-iommpchar orraibh ónar chóir
sibh do shaoradh; is eólach dhuin gur b'iad na dochair agus
na gearleanamhnacha so, cusbóir agus leithsgéal urmhór aos tuata ar
dtíre, chum íad do bhrosdúghadh mar adeirid féin, chum gac uile
urchóide agus coimhceangal míoghadhbharach dar cheapadar, air
íaracht saoirse do shaothrúg dhóibh féin ona nanacraoi, - achd is
eolach dhuine, ceadna, gurb' amhladh mhéaduígheas a samhuil si
do ghnóthaibh an tanacra, an mioghadh agus an aindeise do
mheasaid féin a loigheadug.



Impíghmid orraibh lán aire do thabhairt do so; chuige si amháin,
is mián linn bhúr naire do tharraing agus tugaih aire dhúthrachtach
dho. Deimhnigmíd dhíbh go ro sholamanda gur Cóimhthionoil agus
Comhairleacha foilíghseacha, neimhdlisdinneacha lucht ribínidh agus
buachailigh bána, toitéaghan, agus creach-sgriosa, do mheadaigh gach


L. 154


trath in Eirin, aindeise, anacra agus anaird; gan loigeadughadh air
bioth air a bfuilingthibh, na breis do cur air shonus na ndaoine.
Do chualaidh bhur núrmhór, agus is cuimhin re moran dhibh fós
do chualaidh agus do chonairc é, oíde eagsamhlacht gach uile Choimhthionól
de'n uile cinnéal buachailigheacht bána ó aimsir Chseabán
Ní Mheisgil anuas, cá raibh sochar
a tdotáin, a cgreach losga, a ndunmharbha no a siubhal oidhche,
noch do baothmeasadar do sgaoilfeach a ngeimhleacha, do reighfeach
a nglasaibh agus do shaorfadhac a ndaoirse? Faraoir!
ní raibh do thairbhe ionta uile achd dochar air mhuin dochair do
tharraing ortha.



Gan tracht air aonrad oile, fiafruighmid dhibh cread é an sochar,
an mhait, no an tairbhe do tháinig óna samhail si do ghluaiseachtaibh
no do dhroich-ghníomhaibh? Is éigionn dhibh a admhail
gur bo donus, agus nach sonnus luach saotair na droinge míghsheunmhar
do cheap, do chleacht no lean íad. Is leirfhollus dibh nach fuair


L. 155


na daoine tairbhe air bioth da nd<eas>ga. Bo chraipligthe
do-sgaoilte an dá leór dhíobh a ngeimhleacha cruaidh chuibhrighthe,
fa gheibhin daingniocha diamhaire dubhchuinneacha gac breun carcair
an Eirin; gan truadh, taise na trócar<e> dhoibh. Dá
ndeasga do shraoil-sracaidh mórán dhíobh go héigneach ona ndluthcháirde -
o a naithreach<a> agus ona maithreacha, ona ndearbhsheathracha
agus ona ndearbhraithre, óna mnaibh agus on ccloinn,
agus uadh gach nidh oile dob' ionmuine le na gcroídhe. Do bhrúchtlíonadar
barcaibh díbea<rtha> na tíre agus bo torthamuil gach croich
le na gcorpaibh air sile asda.



Taid docharaibh iomdha oile len' airiomh do shiolruidh o coimheasga
mhiofhortunach buachailighe bana, agus lucht na ribinig
si - agus go bithchinte, an neimhchiontach aig ioc air shon an
chiontaigh - d'eis toiteaghain marbha áirnéise, no feallbheart
air bioth eile, do chur a ngniomh churthar srath asteach air an
bporaisde, air an mbarúntact, no fos air an gcontae agus ní hé
comhtrom cómhluach na diomaisde is gnathach do luadh lé
achd an oiread is nach air bfiu an creach an aon tslighe oile. Achd
cía hiad d'iocfas as so? Gan amhrus naonmhur as deich 'san
airiomh, aig nach raibh fios, fath na faisnéis ar an ccoir - agus cidh
leis nar feidir leoirgniomh do dheanamh an áit sin ris na daoine
macánta so darb' eigion amhla san a gcuid airgid dhilis féin do dhíol
amac air an modh so? Cread an tromualach dona doigiommpchar
nách fulair do bhías anuas air choguas buartha <na> droinge is
ciontach ris na corrthaibh si ionta nac fuil air a
gcumus sásamh no leóirghniomh do dheanamh - agus cionnas is


L. 156


eidir leo cathamh a ndiaigh trocaire do bheith aco ó'n Áirdreimheas
Fioraonda Uilecomhachtach, an feadh bheid féin 'san staid dhólásaigh
neimhionnairc sin, se sin, gan intinn a gcoda fein do aisioc air
na comhursain (na b'eidir e air a gcumas san do deanamh da ma
mhaith leo é.) Do sladadar, do mhalsuigdear no fos, do marbhadar!
gan fios a staide acd aige Dia féin.



Arís gibe áit, no ionad ann a gcuirfear a ngniomh feallbheartaibh
le buachailighe bana etc. etc. níl amhrus nac díolfaid móran go
neimhciontach as na gniomurtaibh riamh nac ar tuilleadar. Nac
iomda duine is eolach dhuin nach air thuill air aon chor e, do seolaidh
na dhibirtheach ona dhúthchas, o shaoirse go hionnad no oileaghan
na daoirse, gan choir, gan chionta, gan chrosdail? agus nac iomda
duine oile do crochaidh do bhitin buachailige bana agus a ngniomharthaibh
go neimhciontac? B'eidir gur bo air an <mí->uasaid a
deantar do dhlighe na riochta tá mileaghan aguibh do thaobh na
ndochar aghfuathmara so, achd aiteochaidh a chiall
mhaith fein ar aoineach reasunda go hoban, gur bo íad so na
hiaragair nadurta do leannas droich-ghniomharthaibh agus feall chleasaibh
buachailighe bána. agus lucht na ribínigh, agus do bithin na
núaisionaibh do tarraigthear dhóibh, agus san go dlightheach, air na
huacaidibh si do lucht sgéighte na ngniomartha so an a measg so
sgeighean is gnathach an chuid is taire agus is tarcaisneamhla do drong
duineanda -



A lucht aointíre, asi an fhirine amhain, d'aitriseocham dhíbh, -
níl maitios socar na tairbe le buadh an Éirin do dheasga
buacailige bana, lucht ribinig na aon chineal oile do chomhluadair,
na do coimhcheangail príomhaideacha, taid toirmeasga le dlighe


L. 157


na rioghachta agus o's dochar, a sochar, a ttoradh agus a mblaidh;
taid an aghaid dlighe fhirinidhe lán comhactach De fein.



Do reir dlighe na riogachta, nil aoineach do ceanglas e fein a
ccomhphairt foilíghseach fa oibliogáid móide, na aoin geallamuin
priomhaideach mighdlisdineac eile, nach ciontuighean e fein fa
riaghail dibiortha as a tir dúthchais, agus dhuine ar biot d'aontas leo
san lo, ciontuigean e fein fa fhionáil,
sgiursail, no priosuntacht, agus an te gluaiseas leo san oidhche, is
eidir e do chur tar muir ceadna; agus an te bhios na ccomhluadair na
gcongantoirighe aco ag buala doirse air eiliomh airm faoibir na
teine, pudair, pleir, capail, srianta na díaláidigh, - no dfogras
buala, bas no easonoir do luct aoin tighe, ma curthar ortha ta'n
croich an an airighe aco, coimhionan le bitheamhnach no fear
feille. Agus os a ceann so agus uile, ata acht smachtaighthe, no an
tacht ceannairce, noch is eidir re stuireotheirighe na dlígh do chur
a bhfeidhim an aoin roin de'n ttír an a mbraithfear buairiomh 'ná
tuar buartha - agus de bhrígh an achta san, aoin duine air a mbearfar
amuich ona teaghlach fein, o fhuinneadh neal neóna go heirgídh
greine gnuis tshoillseach air na mhaireach is eidir a ionarbadh air
díbirt tar lear. Ni he sin amháin, níl aon ait ann a bfuil an dligh si
air bun ann ar féidir le haonduine
aguibh d'eis a bheith air dian tsaothar air fedh na seachtmhainne,
an tsaoire do chathamh na aoin chuid di i bfochair a chéile, le sult
no cathamh aimmsire air faithche na híomána
- air reim-ratha an rais, a gcuideachta an ionnad 'na a gcomhluadar


L. 158


cómpórdach air bioth eile, gan é air gcumus do lomaire luathchreachach
eigin, sibh do shracsraoile do reir a ttoile fein, go príosún
eigin, agus gibe d'ólus is sibs sic d'iocfas -



Anois, do thugamair gearrthuarasgabháil dhíbh air an bpeinn
dlisdionaigh is gnatach aig feithiomh air an mbuairiomh do ghnáth
ghluaisios o choinghiolacha, agus o coimhcheangail príomhaideach
an aghaidh na dlighe - Asé ar ttuairim go bhfuil sé ceangailte
orrainn mar dhualgas sibh do chómhairliughadh gan sibh fein do
ciontughadh a ccoir do tuillfeach dib, b'eidir, bás agus damnúghadh
síorruídhe -



Tá nidh eile is mo, is eifeachtamhla agus is uathbfasaigh 'na so,
'se sin, go ttoirmeasgan ár naomh chreidiomh orrainn aontúghadh
air cor 'san mbith ansan neithibh si, re smuaineadh, re comhairle,
na le gníomh - Comurluighean bhur ccreidiomh dhibh do bheith
umal omosach do'n dlígh orduighean si dhibh gan dochar 'na
dioghbhail do dheanamh do dhuine air bioth, inniseann dhuit nách ar
cóir dhuit do bheith cionntac a ccoir air bioth da loighead, cia
go ttiocfaidh iomad maithiosa da bíthin - teagasgan do creidiomh
dhuit má bhraduighean aoinneac cuige fein go neimhdlisdinneach
cuid a chomursan, nách féidir san do mhaithiomh dho go naisiocaidh,
mur leoirghniomh a mhaoin uile fein mas praidhin é, chum comhtrom
díoluigheachta do dheanamh. Ní gabha dhuin a innsinn dhíbh,
mur d'fhuathas bhur cCreidiomh gach nidh do bhaineas re bitheamhantacht,
le dunmharbha, no re dorta folladh, Ni bhfuil air


L. 159


bhur ccumus a radh no a aitiomh gur Catoilcidhthibh cearta sib,
gur fior Chríosdaighthe sibh muna
ccreidionn sib, agus muna doigh libh gur firinne doi-seunta a luaidmid lib.



Taid neithibh eile do dhlighean bhur ndian aire, Ní he amhain,
nach ar tainig aon mhaith 'riamh ona Trioblóidigh si; ach is follus,
gur mioghadh gac trath a ttoradh; uatha shiolruíghean togbhail
foireignioc airm agus creac-losga aitreamha, doith arbhair, marbha
airneise, biteamhnacht oile, agus go minic dunmhar<bhadh> achd nior
fhoganadar chum sochair na tairbhe aon duine
ríamh, agus fos, is follus nach feidir aon tsonus do bheith air an drong
mioghadbarach do bhion ciontach ansna gniomhartaibh tubaisdeacha
so; níl breith air bioth aco cur an agaidh
comhacta na mbailígh a gcath fhoscailte: do cuirfeac seisfear
lomairighe air dian dearg ruathar lan leadhan pháirce diobh, agus
dá dteibidís ata armáil an Riogh aco chum conganta leo, agus tuile
fos. Taid anois air na marthain sheasamh faoi phaidh an Ríogh,
cead mile do coisighthe do marchaib agus do lucht friteoilte
gunaoi móra, agus da mo phrainn e ta air gcumas dhoibh an oiread
oile do ghlaodhach cughta o thíorthaibh thar lear - Ionnus go bfuil
gach intinn buachailigheacht bana agus a samhuil chum buad do
bhreith orrtha comh saobhnosach agus ataid dona, cómh mallaighte
'gus 'taid ciontach -


L. 160


Cuimhnighthear ceadna, a measg gach buairiomh, gach cómhairle
agus comhluadair cuinn-phriomhaideac diob so, nach ar ghaibh
fear leaghanda fear creideamhnach, na rachmusach fós pairt leo,
nil fear ceile na tuigsiona, na fear fios nós' tíre air marthain nách
fuathan íad agus tar an uile, taid faoi grain gnás agus tarcaisne aga ccléir
chaonduthrachtach, umal, dithciollach, naomhcraibhteach, fhioraonda
fein. Cionnas is eidir go ndearmadan sib forogradh bhur
neagailse dhib - nác fhuil a fhiós aguibh gur bo air mhaithe libh
fein atáid, agus nach fuil aoinintin eile aco, achd bur sonas saogalta
agus bhur leas siorruide do leasugad.



A Clanna geal ailne Gael, agus a lucht aointire, tugaidhe aire go
grinn dar gcomhairle, comhairlighmid dhíbh staona, agus, a samhuil
si uile do coimhceangalacha priomhaideaca do seacnadh, ma
aontuighean sibh leo do cor air bioth, tuillfeadh sibh ar ndiothmbhuidheachus,
ne sic agus grain bhur neagailse, acd buaidhfeadh
sibh breugbhuideachus, agus cuirfead sibh meanamna air an aicme
is táire, is graineamhla, is feallamhla, is binnibeamhla agus is
aghadhfuathfaire d'ar truaill-seallaigh riamh críoch 'san ccruine - .i.
Torradh na phreimhe buidhe. Is e muithlinn, murrin agus solas na claon sproite
reamhraidthe si, go mbeadhac sib aig
dearbhugh dá cheile agus air a cheile, air ttus go foilighseach agus da eisin
go hosguiltte, Ni he amhain gur mian leo é, achd deinid dithchioll
sibh do brosdugadh chuige: le hoglachaibh do cur air bhur measg da
ttugaid breib chum sib do corruige chum droch oibre agus iad air
nós fear an bhraite an bur ccoimreann, do cum fiadnaise do bhreith
air bur ndithceile agus da eis sin d'eis sibh do brath agus chur air lamh


L. 161


dhearbhuigid fein orraibh - tair eis fairsinge airgid do thabhart
dhoib cuiread amac ansan a measg na ndaoine, murgead gur cairde
agus daoine muinteardha iad, go bhfuilid fa dochar mur iad fein agus
air lorg na saoirse coimh mait leo, - ni faghanach agus ni cian uain
uain a samhail si do chlaon chleasaighthe mallaighthe,
agus tá se natturta go leor re tuicsin go gceapfad o-r-g-m-n
a samhuil si do ghleacuigeacht.



An tan do bhion tír buartha, sé fogmhar na spaisdéorige si e;
geibhean siad ionnad ansna lomairighe, ansna bailighe agus
leor thuarasdal ansna Geomen, roinnean se an luchsaothair le fear an bhraithe
do thaisbeánan dho an truadnan dona ta díoghalta agus b'eidir do tarraing se
fein chum aimhleasa, is ghnathac íad fein aig roint duaise na braite agus
na daortha re ceile. - Tá air a gcumas ceadna tarcaisne do tabhairt do daoine
agus do creidiomh na tíre, is féidir leis an bhfeallaire, as radarc na dlighe
a rogha cor do chur de fein gan bhaoghal gan spleadachus gan eagla
agus amlad so, do deasga buachailigheacht, bana, lucht ribinidh agus a
gcoimhtionoil agus a gcoingiolacha priomhaideacha, ta air cumus an
tíoránaigh do bí aga roimhe sin aig dul de'n díth ris an ngorta,
tugan ligean gan stad go miogh-trocaireach, da droichmhianta,
da shaint, da chruadh-dhaoirse agus da drochaigne - Ni féidir
libh luathghair nios mo do chur ortha so, 'na sibh fein do bheith
aig cruinughadh go príomhaideach, foilighseach a tteanta a
chéile aig dearbhúgadh go mailigseach, agus aig tabhart anacradh
miogad agus tubaisde anuas air bhur mbathas cionntach fein le bhur
ndroichghníomhartaibh.



Air an ttaobh eile ní heidir libh an aon tsligh eile
bhur bfíorcharraid do buaireadh níbhus


L. 162


mo, - ná míosasamh do cur air an Gcoimthíonol Catoilceach noch
anois do comharluighean sibh, le hiomad gradh ionmhuine agus
seirce a ccroidhe. Tamaoid air amus anois bhúr ccóir agus bhúr
cceart do shaothrúghadh dhibh a modh réasunda dlisdinneac -
atamaoid anois go dithchiollach aig leanamhuin an
taon bheallach do lualan an dlíghe dhuinn cum sibh do saoradh o
bhur nanacra. Is e ár bhfírintinn primhleidíghe na Comhdhaile do
saotrughadh do chum an deachmughadh do cur air gcúl, srath
teampoill do thógbhail uaimh, srath cuirte do loígheadúghad, - gac
cain custum agus eiric eagcorach do heignighthear uaibh go neimhdlisdineach
dfosda - comhthrom na dlighe do tuilliomh, agus go
bichinte san mheid do bhaineas sí leis na daoine bochta, leo nách
féidir coir na ceart do ceannach doibh féin, agus tar na huile
coimhionantacht dlighthe, agus primhléidig cirt agus uruma d'faghail
gan teaseargan d'iochtáranaigh don uile cineal gan eidrdheilt air bioth.



A gcuram agus air intinn na naomh dualgaisighe se do coimhlionad,
'tá lán dóchus aguin air maithe leis an daoine, go mbuadhfam iad,
muna ciontach iad féin, le sin do toirmiosg le na ndroich-iommpchar.
Nil inntinn air bit aguin do bheith air oibriugh do daoine le'r mian
go baoth-chíallmhar iad fein do tiomaint go hoinmhideach fa
chumus a ndearbh namhaid; anois, agus, a gcómhnaígh, cuirimid
suas do caidreamh do carradas na do cleamhnas do ceangal 'na do
coingbhal le haon aicme do beach mallaighthe no annspianta go
leor cum droch chortha na feall gniomha do chur a ngniomh - Air
oile, loigheaduighid le na ndrochiompchar cumus air ndithchil


L. 163


chum maithiosa do deanamh doib, 'san amm gceadna a meaduigid,
comhachta, gradam, ceannas agus ardréim a naimhde -



Amla so, a lucht ionmuine aointire, do chuireamair an bhúr latair,
fa riagail bhur ttuicsiona fein na poncaibh si -



Air ttuis, - Nach ar tainig sochar na tairbe 'ríamh, o buacailigeacht
bana, o bhuairt, ná ó aon comhluadar air sic príomhaideach -



2ndly - gcionntuíghid sic an mhuintir do chleachtan iad,
iad a ndochar gacha aindeise, se sin priosuntacht, sgiursail, dibirt
agus crochadh -



3rdly - Do thaisbeanamar dhibh go ttoirmeasgan bur gcreidiom
orraibh go ró duthrachtach - agus, go ndaoran gach coir agus droch ghno
do siolruíghean ó bhuacailigheacht bana agus o
chomhluadairaib foilighseac eile -



4thly - Gur b'aimideacht agus díthceile a mheas go ngluaisfeach
aon tsort tairbhe na maithiosa o comhbhuaireadh buacailige bana -
na comhairleacha a ndorcadas diamair na hoidhche -



5thly - Go dtugan na búairimh, agus na triobloidig si, breis solais,
compoird, agus adhbhar meanamna, d'ur naimhde, agus gur bo le na
chcle-chealgaireact is gnatac iád do chur air bhun air mhaithe leo
féin -



6thly - Go bfuathann agus go ndaoran bur neaglais fioraonda
fein na coimheasgaibh tubaisdeacha mioghadhbharacha so, agus
gach cúithil ceangal priomaideach neimhdlisdineach
eile de'n tsamail -


L. 164


7thly - Go bfuilid ceadna go ro phríachalach an aghaidh tuigsiona
agus comhairle ur gcarrad agus go hairigh, an aghaidh intine an Coimhtionoil
Catoilcea Eirionac -



8thly - Gur b'iad na hiaragair riochtanach do leannas a samhail
si, do thoirmeasgan an ditchiol dlisdineach do dheanaidhmid chum
ar namhaid, na cealgbuidheachain d sic chlaoidh, chum ur
nanacra do leasughadh - bhur saoirse do saothrughadh, agus
coimhionantacht gradaim, meas agus primhléide do
d'oibriughadh amach dibh, mur ata agus mur is dual do
gach dream oile do bheit aco, agus mur bo dhuthcas dibse fein do
beith aguibh -



Ta aonread amhain oile fos, agus bainean san go ro airigh agus fos
go bithcinte ris an aimsir si laithreach aguin, fa deo 'ta aguin
ard Turnaoi, do coimhlionan a dualgaisighe go comhthrom idir iochtaranaibh
an Riogh - Ta fear ionaid an Riogh fein aguinn, flath
uasal oirdhearc d'ar ttir fein, agus do ghradhas ...? a thir
dhuthchais, noc d'fhoillsighean lén' oirdhearcus, agus mar b'e a
mhian duthrachtach síth, sonus agus saoirse d'achtugadh dhi. Acd
da eisin agus uile, ata aguin ard Riogh, uadh nar coir d'Eireanchaibh
doith do bheith le faghail gach sochar - Riogh noc re ro meid eagna
agus eifeicht do thosanaigh a fhlathas ris an admháil ro uasal so, "Nach


L. 165


raibh a gcómhachta, acht taisge air choimead chum sochar na
ndaoine", an cead Rig Sacsanach do thanaig cum na hEirion riamh
an urraidh shonuis na síothchana, le baidh, maith aigne, agus muinteardhas,
Riog d'foillsigh go minic a ro chionn da ioctaranachaibh
Gaodhlacha, agus onar coir dhuin a thuicsin, gur b'e a intin air
sonus do mheadugadh ar ndonus do cur ar ccul, gac buaireamh agus
eidirdeighilt do dibirt uain, agus comhthrom agus coimhionantacht
d'aitiomh gan fath eachrainn eadrain -



Anois as ucht bhur cceile fein, noch do thoirmeasgan orraibh na
droch oibreaca so do seacnadh as uacht an fuatha agus na miosgaise ta
aguibh dona h-r-n-g-m-n bhur ndearbh namhaid - as ucht
na muingine, at aguibh 'san ccoimhthionol Catoilceac, bur gcarraid
dhuthchais, duthrachtach diograis, as ucht bhur nurama da bur
neaglais, - noch amhain dfiosran re compord an ur leabaidh luigheachain
agus aindeise sibh, air a son so uile, agus fos air son bur namarc
air an Riog maith noch do dheanan smuaineadh air bhur nanacra
re hintinn a leigheas, agus foirtinn orraibh - agus tar na huile agus an
tiomlán air son bur gcreidimh agus an De bhitbheo, d'iaran oraibh
staonadh o gach comhluadar neimdlisdineac o chsiúbhal oidche,
o buacailigheacht bana, agus o gach droch obair eile, tugaid
fior-aire dar ccomhairle. Amhla so do lualfaidh sibh duine, a modh
siothchánta dlisdineach, bhur naindeise, ur nanacra agus úr ndaoirse
do réighteach; agus amla so do neartóchaidh linne chumh primhleidige
nattúrtha na rioghachta do saotrughadh dh'ar


L. 166


ttír ionmhuin aoibin fein fein an taon easbadh
'ta d'uireasba uirti chum i dheananamh mur bo dual di, aon
dona hoileadhanaibh, is sonaidh, is aile agus aoibhne air aghaidh
na talmhan tromfhodaigh -



Uilliam Mc Ghearailt. Sagart poráisde an Chaisléaghain Nuadh a
Gconnalach úachtrac, a bfairce Luimne.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services