Bid a suinndar go sasda
go hard os cionn a ttiaruid
gurab ar mhead a ttona
gortar Muckeltonians diobhtha.
26 An t-ord Gresuria ní hannsa leofa neithe ar bith na trí srotha
do bheit as a mbraghaid mar ata sruth mine, sruth saille et sruth
annra. et cidheith, ni fhacus ariamh iad gan a bheith lan do cicurus,
do ghortuidh et d'ainmheasardhacht ann gach bealac ana ngabhaid,
na suidhe air chul gacha coisreacha ag piocadh gach neach a ttaobh a
chuil ag iarruidh alpain air no go lionuid a mbrutha bréna bruin-
farsinng go neamhordach ag cach ag sceathuidh et ag brentofail o
sin amach, et do be a mian an lioneadh sin do thabhairt urtha trí
huaire gacha lá et urad eile gaca hoidhche da dagmadh leofa é mar
do dhearbhas an rannsa:
Sruth ime, saille is feola
bhios lena scornnuid 's gach bealadh
'na suidhe ar cúil gach coisreach
's a mbolgan lionta do greabhadh.
Da saruidh ortha a ndiol bi
chaoidhche do ghnath a ccuil
a gceann da dhinnear no tri
ni bhid aris gan da chuid.
27 An t-ord Famareenus et is iad dronng is neamhliosda aca iad
acht gur gnath leofa glaca le gach ciorruim breige nach bion urtha et a
bheith easurumach neamhumhal don lag et do laideir. et as gnath
leofa cosa crainn breige do bheith futha et an uair a cuireas a
n-easurruim fein an ruaig urtha go currach no go monuigh, et ag
catheadh an chéd leim dhoibh air dainngion, scaoilid a ttacludh et a
mbucludh et ce be is foisge dhoibh don tórudh buailid e a cclar
aigheadh et edain leis an ccois chrainn go leigid an incinn fo leacacha
troma talmuin et malluid go gruama et go tallglorach don cuid ele
air gles, go gcuirid rian meadhma et mórdheithfe ortha mar dhearbhas
an rann a ttuarascbhail annsa 16 caibidil a leabhar na batrala ag
radha an rainn so:
Cuirid cosa crannda
go teannta faoina n-ede;
ce be as toisge dhoibh sin
buailfid e a cclar a n-éduin.
28 Ag so sios craobhscaoileadh air na hathracha oirdhearc
onóracha aig a bhfuil stiuradh et ríaghludha bar ccaibidlachach aca,
adhón, an tAthair Sinecin Maothshulach o Seanphleisde, an tAthair
Reabadoruis o Seanchruinntille, an tAthair Maoilin Blaosclom o
Sedóige, an tAthair Cathal Cnáimhínach o Maolghualann, an
tAthair Deorín Déircach o Fideoige, et an Doctúir Procheo, an
tAthair Serun Buidhe o Polltuta et an Matair Abb, Deirebhorguil ni
Chointear Phitairfáil. Do riaghail bhar ccaibidleacha mar a d'orduibh
na hathreacha reimhraidhte. Is coir dhuinn is dar barr, riaghail gan
rún deise re cheile do bheith aguinn eideir uachtaran et iachtaran da
madh mac et an t-athair do bheadh ann.
29 Is coir do gach aon don chleir mile do shórt póir do chuir,
mar ata por neanntoige caoiche, por drisóg, siolastear, glasar-
leana et pubuail, chum go bfasudh siad go hard ar gach taobh do
theagh bhar ccaibidlach chum go ndeanfeadh fasga mar an cceadna,
et gach fear aig air mian leis bean do phósadh, is cóir dho a tabhairt
tri la roimh a posadh, a tíarpaibh, a geulachus, et a calcadh annsna
póruibh; et ma hathnid fein rena cheile an bhean do thabhairt leis
ar barr glaice chum teagh na ccaibidleacha et a pósadh a lathair na
cleire. Acht mar daithnid rena cheile is coir do ghabhail do chici,
do chroisíni et do clairíni uirthidh et a rádh ris an madradh imtheacht
a nainm an deamhain et an diabhail et gan theacht da chóir.
30 Is coir do gach aon uachtaran don (chléir) theaireas dha fichid
bliadhan d'aois, bolasdér neanntoige caoiche, drisóg et glasarlena
arna cheangal le gadrach drisóg , et an uair shilfeas,
et ne reliones et multiplicationibus, an cineadh daonna dho mhea-
dughadh is coir dho an bolas do chur eidir a tiarpa et an talamh
chum go tteannfeadh ris ma thugair féin.
31 Is cóir mar an cceadna do gach uachtaran dhiobh ortha
gradha do bheith aca, et gach teach a mbiadh san oidhche inghean
fuir a tighe do bheith leofa ag imtheacht dhoibh. et ag so an órtha
is coir dhoibh do bheith aca da ngorthar san Laidain oratio .i.
amatoris etc.
Luidhe le Dia an luidhe so
aig cois taobh an tighe so.
Inghean fuir an tighe so
eiridh re fear an luidhe so.
Cleuín ime fo theallach arrbha an bhean
go dearfeadh go roibh aig fear an luidhe so.
Bain an luibh leathan ghlas dar bo comhainm an biolar barrliath,
bain e de haoíneis no dé dóineis; cumail é da mainngneis taobh thiar
dha cnap ar toirnéis; biaid sí agad re hairnneis no gan airnneis.
Amen Domneis.
32 Anois cuirmuid síos trachtadh athchumair air leabhradh
oirdhearc bhar ccaibidlacha, da ngorthar Librarus, mar ata leabhar
na batrala, leabhar na cnapala, leabhar na cuinntinne, leabhar na
mbréag, leabhar na calcuiracht, leabhar na pleistiracht, leabhar na
tiarpala, leabhar na dranntaine, leabhar na bruighne, et leabhar an
dilín, leabhar na casaoide, leabhar na gealmuiracht, et an meall as
mo air deireadh, adhon, leabhar oirdheir fíorghlic fioreolgach
udarasach na bfamuiri etc.
Statutum Capitula
33 Ata d'fiachuibh ar gach fear et ar gach bean don chléir torus
tobair na cuinntinne et thobair na casaoide uair san mbliadhain,
mar an cceadna ata d'fhiachuibh orta gan ceulechus no calchuir-
acht do dheanadh re na mnaibh faoi dhion tighe ó Bhealtuine go
Samuin, acht a ndíogach cladhacha, a bfasach goirt no sratana.
Ata cead o Samuin go Bealtuine a cceulechus do dheanadh is
gach ait a bhfuighe comhgar.
34 Ata d'fiacha ar gach mnaoi don chleir fear posda do beith aca
an gach coigeadh d'Eirinn et clann do bheith aca le gach fear diobh,
ma bhainionn buareadh no riachtanus doibh, go mbiadh munntiorus
et díodion aca gach áit a rachuid a nEirin; posadh et dealbha gacha
mísa do dheanadh do gach uachtaran aig a bhfuil cumhachta aige.
Is coir do speiceir na caibidleacha speice ramhar, cnapach droigean
do bheith aige air iomchar, et ma gheibh imreasan eidir aon chuid don
chléir, a ghabhail don speice ortha.