Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Gaedhealg i Leabhragán an Vatican
Title
Gaedhealg i Leabhragán an Vatican
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Mac Fhinn, P.E.
Composition Date
1642
Publisher
(B.Á.C.: Cumann na Sagart nGaedhealach, 1921)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
A Athair onór., As adhbhal an luthgháire do chuir oram a chlos bhur mbeith ar bhisioch; atá súil le Día agam go léigfe dhúinn thú go fóill dochum a ghlóire féin agus seirbhísi na tíre boichte. Do cheangail an tAthair Míchel ó Duibhinn díom ar na laethibh sul fúair bás, sgríobhadh chugaibh comh luath agus do ghoirfeadh Día air as an deóraigheacht sa da iarraidh oraibh guidhe air agus sgéla don Prouinsi ar a bhás. Do fuair an t-athair maith bás an .6. lá don mhí so. Do bhí a chorp ó mheadhón lae Díardaoin gan adhlacadh go ceann trí nuaire d'oidhche Dhomhnaigh agus é do ghnáth ar feadh na ré é sin ag sírdhenamh mirbhuileadh, ní bhfuil cinneadh ar nuimhir na ccláiríneach agus na mbacach do fúair a siobhal ar a thomba, iomad dall a radharc, boghair a néisteacht, balbháin a nurlabhra, lucht luibhre agus gach sóirt oile aicíde á sláinte do dhíbir na deamhuin as iliomad do chorpaibh, atá go fóill ag greamughadh do na neithibh sin agus atá súil aguinn go ndiongna neithe as mó, ní facus lé fada méd na honóra do righneadh na thimcheall iná méd na lúthghára atá ar úaislibh agus ar phobal na háitesi a shamhuil dóirchisde dfaghail, gidheadh do bhrígh gur ghoill go mór ar an díabhal a nuiriod sin onóra dfaghail do shearbhónta Dé agus go bhfacha go raibh ag sáruidheacht mhórán dá raibh na sheilbh féin, do chuir dfíachaibh ar neach éigin coinnealbháite a ínnsin go raibh an t-athair Michél na eithricceach go beith a naois chúig mblíaghan dég dó agus gur ab mun am sin do baisteadh é. Agus fós gur bh eithriccigh a athair agus a mháthair agus an treabh dá raibh: do ghoill an ní so go mór oram agus ar an ord go hiomlán, dó bhrígh nach beag súaireach an spot ar neach san tírsi a bheith na eithriceach nó a aithre do bheith amlaidh. Uime sin atáim ag iarraidh mar athchuinge oruibh dithchioll do dhénamh ar an fírinne do chur na háit féin as deacair nach bhfuilid bráithre nó daoíne saoghalta san áitsin agá bhfuil eólas ar Mhíchél agus ar a aithribh re ar féidir an fhírinne do sgríobhadh fá na lámhuibh agus a cur chugamsa gus an áit so do béra so sólás mór dúaislibh na háitesi eidir chill agus túaith. (Do sgríobh an t-Athair Ualentinus chugam as Ruremont go raibh an t-Athair Fróinsías Mágrúaire dá iarraidh mar chompanach leis san Róimh nach measann sibhsi go dtiocfa sin lé na sláinte nó gur . . . mar
chompánach maith . . . comurson nó leithreacha . . . daingne ag Próinsías do dhéna maith éigin san Róimh. Gidheadh ní mór dhó dithchioll do dhénamh gan Lúcás dfaghail sgél ar a bheith ag tríall ann do bhrígh go ttairgfeaidh an uile toirmeasca do chara air deagla go bhfuigheadh an Párda fios na neithe do righne sé ar mbeith do Próinsías cheana san Róimh do chúalas gur cuireadh an blacach do bhí annsin ar siobhal da math toil libh athair maith muinnteirdhe dhamh atá íar gcríochnughadh a sdúidéir san Róimh do ghairm na ionad .i. an t-Athair Eoghan ó Callannáin ógánach foghlamtha fíormhaith agus duine as íarmhaire agus as fearr ánachuir dá bfacus do fuil na Muimhneach . . . do chum bur leitreacha seicréideacha do sgriobhadh gach a mhionca dá mbeith pairmeasg oraibh féin ás a chionn sin ní bheith lé radha ag na muimhneachaibh nach bhfaghann aoidneach dhiobh féin . . . ar an ní so go lúath. Dáimean barrach san Róimh, agus atá Lúcás ag íarraigh áite me Ui Maolmhuaidh do thabhairt dó.) Lór acht bhur gcomairce ar an trionóid mar as mian le Bhur macín táirnusoch Bona ua Conchobhair. Genuae ex S. Monte 15 Junii 1642
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services