Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Gaedhealg i Leabhragán an Vatican

Title
Gaedhealg i Leabhragán an Vatican
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Mac Fhinn, P.E.
Composition Date
1642
Publisher
(B.Á.C.: Cumann na Sagart nGaedhealach, 1921)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



A Athair onór.,



As adhbhal an luthgháire do chuir oram a chlos bhur mbeith ar
bhisioch; atá súil le Día agam go léigfe dhúinn thú go fóill dochum a
ghlóire féin agus seirbhísi na tíre boichte. Do cheangail an tAthair
Míchel ó Duibhinn díom ar na laethibh sul fúair bás, sgríobhadh chugaibh
comh luath agus do ghoirfeadh Día air as an deóraigheacht sa da iarraidh
oraibh guidhe air agus sgéla don Prouinsi ar a bhás. Do fuair an
t-athair maith bás an .6. lá don mhí so. Do bhí a chorp ó mheadhón
lae Díardaoin gan adhlacadh go ceann trí nuaire d'oidhche Dhomhnaigh
agus é do ghnáth ar feadh na ré é sin ag sírdhenamh mirbhuileadh, ní
bhfuil cinneadh ar nuimhir na ccláiríneach agus na mbacach do fúair
a siobhal ar a thomba, iomad dall a radharc, boghair a néisteacht,
balbháin a nurlabhra, lucht luibhre agus gach sóirt oile aicíde á
sláinte do dhíbir na deamhuin as iliomad do chorpaibh, atá go fóill
ag greamughadh do na neithibh sin agus atá súil aguinn go ndiongna
neithe as mó, ní facus lé fada méd na honóra do righneadh na
thimcheall iná méd na lúthghára atá ar úaislibh agus ar phobal na
háitesi a shamhuil dóirchisde dfaghail, gidheadh do bhrígh gur ghoill go
mór ar an díabhal a nuiriod sin onóra dfaghail do shearbhónta Dé
agus go bhfacha go raibh ag sáruidheacht mhórán dá raibh na sheilbh féin,
do chuir dfíachaibh ar neach éigin coinnealbháite a ínnsin go raibh an
t-athair Michél na eithricceach go beith a naois chúig mblíaghan dég
dó agus gur ab mun am sin do baisteadh é. Agus fós gur bh
eithriccigh a athair agus a mháthair agus an treabh dá raibh: do ghoill
an ní so go mór oram agus ar an ord go hiomlán, dó bhrígh nach
beag súaireach an spot ar neach san tírsi a bheith na eithriceach nó a
aithre do bheith amlaidh. Uime sin atáim ag iarraidh mar athchuinge
oruibh dithchioll do dhénamh ar an fírinne do chur na háit féin as
deacair nach bhfuilid bráithre nó daoíne saoghalta san áitsin agá
bhfuil eólas ar Mhíchél agus ar a aithribh re ar féidir an fhírinne do
sgríobhadh fá na lámhuibh agus a cur chugamsa gus an áit so do béra
so sólás mór dúaislibh na háitesi eidir chill agus túaith. (Do sgríobh
an t-Athair Ualentinus chugam as Ruremont go raibh an t-Athair
Fróinsías Mágrúaire dá iarraidh mar chompanach leis san Róimh nach
measann sibhsi go dtiocfa sin lé na sláinte nó gur . . . mar


L. 47


chompánach maith . . . comurson nó leithreacha . . . daingne
ag Próinsías do dhéna maith éigin san Róimh. Gidheadh ní mór dhó
dithchioll do dhénamh gan Lúcás dfaghail sgél ar a bheith ag tríall ann
do bhrígh go ttairgfeaidh an uile toirmeasca do chara air
deagla go bhfuigheadh an Párda fios na neithe do righne sé ar mbeith
do Próinsías cheana san Róimh do chúalas gur cuireadh an
blacach do bhí annsin ar siobhal da math toil libh athair maith
muinnteirdhe dhamh atá íar gcríochnughadh a sdúidéir
san Róimh do ghairm na ionad .i. an t-Athair Eoghan
ó Callannáin ógánach foghlamtha fíormhaith agus duine as íarmhaire
agus as fearr ánachuir dá bfacus do fuil na Muimhneach
. . . do chum bur leitreacha seicréideacha do sgriobhadh gach a
mhionca dá mbeith pairmeasg oraibh féin ás a chionn sin ní bheith lé
radha ag na muimhneachaibh nach bhfaghann aoidneach dhiobh
féin . . . ar an ní so go lúath. Dáimean barrach san
Róimh, agus atá Lúcás ag íarraigh áite me Ui Maolmhuaidh
do thabhairt dó.) Lór acht bhur gcomairce ar an trionóid mar as
mian le



Bhur macín táirnusoch



Bona ua Conchobhair.
Genuae ex S. Monte
15 Junii 1642



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services