Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Uimhir a dó. Meadhon Fóghmhair, 1920
Title
Uimhir a dó. Meadhon Fóghmhair, 1920
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1920
Publisher
Muintir Mhic an Ghiolla
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN SÍOLADÓIR Ioml. I. Uimhir a dó. MEADHON FÓGHMHAIR, 1920. Leath-choróin a Luach. “Scaipidh an síol ó mhaidin go h-oidhche Is tiocfaidh an toradh i n-Éirinn Lá.” — An t-Aimhirgineach.
AN SÍOLADÓIR CREIDEAMH TEANGA TÍR Ar n-a chur amach ag MUINTIR MHIC AN GHIOLLA, Sráid Uí Chonaill, Baile Átha Cliath. Ar n-a chur i gcló ag MUINTIR UÍ CHUINN, Sráid na h-Eaglaise, Béal Feirste.
CLÁR AN IRISLEABHAIR SEO. DUALGAS NA CLÉIRE I NGNÓTHAIBH NA GAEDHILGE. An tAth. Gearóid Ó Nualáin 45 SEANMÓIN AR AN UMHALUIGHEACHT. An tAth. Pádraig Ó Cathasa 51 “AN t-EN EGO.” An tAth. Peadar Ó Laoghaire 54 URNUIGHTHE AN SGABAIL. Séamas Ó Searcaigh 55 SEANMÓIN AR AINM ÍOSA. An tAth. Seán Ó Loingsigh 57 LEITIR THIMPAIL AR STÁID LUCHT OIBRE. An tAth. Peadar Ó Laoghaire 62 CÚINNE NA MAC LÉIGHINN. Sean-Mhaitias 65 “CREIDIM I NDIA.” Mícheál Breathnach 70 SAIGHDIÚIR AG COMHRÁDH LE DIA. An tAth. Risteárd Pléimeann 71 AN BOSCA DAINGEAN. An tAth. Mícheál Mag Craith, C.Í. 74 NÓTAÍ 78 AN GEALL GAEDHEALACH 82 ÁR GCÁIRDE 84 Nibil obstat: GULIELMUS LANDERS, CENSOR THEOL. DEPUT. Imprimi potest: GULIELMUS, Archiep. Dublinensis, Hiberniae Primas. Dublini, die 25 Septembris, 1920.
DUALGAS NA CLÉIRE I NGNÓTHAÍBH NA GAEDHILGE. Dá dtagadh chughainn ar an saoghal so arís Cúchulainn nó éinne eile de laochradh na sean-Ghaedheal do chífeadh sé a lán rudaí ná feacathas a samhail 'sa tseana-shaoghal. Is 'mó rud dá bhfeicfeadh sé go ndéanfadh sé mór-iongnadh dhe. Is 'mó rud do mholfadh sé nó do cháinfeadh sé, fé mar a bheadh moladh nó cáineadh tuillthe. Ach b'fhéidir gurb é rud is mó chuirfeadh d'iongnadh air ná a fheabhas 'a chuirid muinntir na h-aimsire seo le chéile nuair is toil leo a neart do dhaingniughadh. Ní neart go cur le chéile. Do mholfadh Cúchulainn dúinn an sean-fhocal. Agus molaim-se dhíbh-se é. Ní neart go cur le chéile. Tá sé tréis dul n-a luighe ar a n-aigne do sna daoine gurb é a mbuaic cur le céile más mian leo buachtaint ar an éagcóir. Tá an éagcóir féin ghá cosaint féin ar an gcuma gcéadna. An dream ná cuirfidh le céile feasda tá deire le n a réim. Ní bheidh de réim ná de rath ná de rachmus ag 'á sliocht na ndiaidh go deo ach lucht na héagcóra ag baint a gcirt uatha agus fuirne forlámhais a dhéanamh ag gabháil de chosaibh ionnta, agus an uile dhream daoine ag magadh fútha agus fé n-a ndaille. An rud atá chómh riachtanach do'n aos tuaithe cár mhisde do'n chléir é? Is mó cuallacht ann cheana chum cosanta na Gaedhilge ar náimhdibh na tíre. Ach dá mhéid é ní leor é. Tá gádh le tuille. Go mór-mhór tá gádh le cuallacht fé leith ná beadh innti ach sagairt; sagairt a chuirfeadh suim sa nGaedhilg, agus go mbeadh an Ghaedhilg aca, nó aidhm aca ar í bheith aca; sagairt a thuigfeadh an dlúth-cheangal atá idir an Ghaedhilg agus an creideamh, agus a dhéanfhadh a ndícheall chum an cheangail sin do choimeád agus do bhuanughadh; sagairt ná leigfeadh do phágantacht an tseana-shaoghail teacht isteach i n-ionad págántachta na h-aimsire seo, ach a dhéanfadh an dá shaghas págántachta do bhrúghadh agus do bhriseadh le neart an chreidimh agus an gníomh glan; sagairt — an fhaid a bheadh a ceart féin aca 'á thabhairt do'n Ghaedhilg — a choimeádfadh an Creideamh os comhair a súl do Ghaedhlaibh Éireann go glé agus go glán, go h-iomlán agush go h-éifeachtac, tríd an nGaedhilg, agus fé'n nGaedhilg, agus os cionn na Gaedhilge. Tá gádh go cruaidh le cuallacht de'n tsórd san. Trí neithe a chuirim síos n-a gcúis leis an méid sin. Conntabhairt an sgéil, ceisneamh a dheinid a lán agus an díoghbháil a thagann uaireannta de sgleondar míochuibhsach míriartha daoine áirithe ná bíonn smacht aca ar a gcuid cainnte ná slacht ar a gcuid oibre.
I dtír mar Éire, nuair ná bíonn aigne na ndaoine socair díreach ar a leas, ach a lán neithe ag brúghadh ar a chéile n-a n-aigne, agus ghá gcoimeád gan féachaint díreach ar an bhfírinne, is deacair iad a choimeád i slíghe a slánuighthe i n-aon chor. Is fada do mhuinntir na h-Éireann bheith ag súil le fuasgailt ón ndaorbhruid n-a bhfuilid; agus, ní nach locht ortha, tá oiread san dúil aca sa bhfuasgailt sin nár tháinig, gur cuma leo cad a dhéanfaidh an saoghal ach an fhuasgailt sin d'fhagháil. Nuair a tosnuigheadh ar ghnó na Gaedhilge roinnt bliadhain ó shoin tháinig eagla ar a lán go mbeadh san de chonntabhairt sa sgéal; gurbh amhlaidh a bheadh oiread san dúil ag daoine sa nGaedhilg gur bhaoghal go dtabhrfaidís an creideamh i ndíochuimhne agus i ndearmad. Agus sin mar thárla uaireannta. Bhí daoine ann agus táid ann fós a leig do'n Ghaedhilg buachtaint ar an gcreideamh aca — daoine gur lughaide a n-uraim do'n Eaglais agus a meas ar an sagart agus a ngrádh do'n chreideamh, ó thosnuigeadar ar bheith ag dul le Gaedhilg. Is mór an truagh san. Ach ní hí an Ghaedhilg is cionntach leis, ná ní hí is ioncháinte. Daoine ab' eadh iad san ná raibh an creideamh ro-láidir riamh aca. Ach bhíodar tuirseach de'n Bhéarla. Bhíodar bréan de liteardhacht neamh-ghlain an tSasanaigh. Ba mhór an fhuasgailt dá leithéidibh greim d'fhagháil ar an nGaedhilg. Do rugadar greim urthí agus do choimeádadar greim uirthi. Ach do rug an Ghaedhilg greim chomh docht san ortha ran gur mheall sí uatha pé creideamh do bhí aca, nó gur luigheadhuigh sí agus gur laguigh sí é. Is mór an truagh e, agus is mór an tiubaist é. Sin é conntabhairt an sgéil. Tá an chonnta- bhairt sin ann fós. Meallfaidh an Ghaedhilg, agus neart dúil sa nGaedhilg, ón gcreideamh airís iad, muna ndéanfaidh an sagart greim do choimeád ortha agus gan a leigint do'n chreideamh agus do'n Ghaedhilg bheith ag gabháil i gcoinnibh a chéile. Ach b'fheidir go ndéarfaí liom — Féach anois nach mór an iongnadh tú ghá rádh linn ar dtúis go bhfuil dlúth-cheangal do-sgaoilte idir an Ghaedhilg agus an creideamh, agus annsan bheith ghá chur n-a luighe orainn go loiteann an Ghaedhilg an creideamh ag cuid do'n mhuinntir a ghabhann léi. Seadh, díreach! Nach shin é díreach an ceisneamh a dhemeann a lán sagart. Nach shin é a mbíonn de leath-sgéal aca chum iad a choimeád amach ón nGaedhilg agus ón a mbaineann léi? Ach fé mar adubhart ó chianaibh ní hí an Ghaedhilg is cionntach leis an ndul amudha sin. Is minic gur thúisge thuig an fear tuaithe úd feabhas na Gaedhilge agus éifeacht na Gaedhilge chum droch-nós nGallda do dhíbirt, ná mar a thuig an sagart é. Níor mhaith liomsa, ní nach iongnadh, aoinnidh a rádh i n-aghaidh na sagart. Ach is mór í an fhírinne agus is í a bhuadhfaidh i ndeire barra. Agus is baoghal gurb í fírinne an sgéil seo na Gaedhilge, gurb í Galldhacht an tsagairt fé ndeár do dhuine uaireannta iompódh ó'n gcreideamh agus o'n uraim do'n Eaghlais.
Ní fhágann san ná go bhfuil a gcion féin de'n obair fhóghanta ar son no Gaedhilge déanta ag sagartaibh na h-Eireann cheana. Tá. Is bocht a bheadh an sgéal ag lucht cosanta na Gaedhilge indiu muna mbeadh na sagairt. Ach dá mhéid an tairbhthe atá déanta acha, agus dá mhéid an congnamh atá tabhartha aca is eadh is mo an truagh é bheith le rádh ag éinne go bhfuil oiread agus aon tsagart amháin ag gabháil le Gall- dhacht. Agus is eadh is usa, ba dhóigh leat, an t-olc do leigheas. Is é cuma is caothamhla chum an uilc do leigheas, na sagairt Ghaodhlacha do theacht i gcionn a chéile agus a dhearbhughadh do'n tsaoghal a liacht atáid, agus a threise atáid, agus a dhúthrachtaighe atáid. Níor deineadh san fós. Go dtí go ndéanfar san beidh cuid mhaith sagart ar fuid na h-Éireann ná géillfidh do'n Ghaedhilg. Is amhlaidh is dóigh le n-a lán aca gurb iad an t-aos tuaithe is mó atá i mbun na h-oibre seo na Gaedhilge, agus nach ar mhaithe leis na sagartaibh ná leis an Eaglais atáid. Is gnáth in Éirinn le fada an sagart a bheith i gceannus na ndaoine i ngníomh agus i gcomhairle. Is minic a choimeád an chomhairle sin na sagart muintir na h-Éireann ó bhaoghal agus ó bhás. Ach tháinig aon olc amháin ó'n a thugtacht a bhí muinntir na h-Éireann do chómhairle an tsagairt do ghlacadh. Tháinig uaireannta an iomad measa ag an sagart ar a chómhairle féin agus ar a thuairim féin. Tháinig de sin annsan, nuair a chinn an t-aos tuaithe ar chomhairle uatha féin, gur cheap an sagart é bheith d'fhiachaibh air diúlthadh do'n chomhairle sin. Sin mar a bhí an sgéal ag cuid mhaith sagart nuair a tosnugheadh ar obair na Gaedhilge. In ionad an sgéil do mheas go cruinn i dtreo go bhféadfaidís tairbhthe na Gaedhilge do thuisgint, agus annsan dul i gceannas na hoibre agus deagh-comhairle a thabhairt do sna daoine, is amhlaidh chuireadar stailc suas, agus dubhradar leo fhéin ó's rud nárbh' ortha d'iarradh comhairle ná tabharfaidís aon comhairle uatha. Ba mhór an dearmhad é sin. Do dhein an diúltadh san na daoine do dheighilt amach ón sagart ghallda, ní hamháin i neithibh a bhain leis an nGaedhilg, ach i neithibh uaireannta a bhain leis an gcreideamh. B'e ba cheart do'n tsagart san a dhéanamh an uair sin cromadh ar an nGaedhilg do mheas, féachaint an raibh aon mhaitheas innti chum na ndaoine do choimeád ón gclaon agus ón gcam, agus iad a dh'iompáil ar an gcóir. Dá ndeinead sé an méid sin do thuigfeadh sé láithreach brigh na hoibre. Ach, ag tabhairt fé'n obair dúinn, caithfimíd gach buile cainnte agus gach buile gnímh do sheachaint. Níl gádh le buile. Is amhlaidh loitfeadh an buile an sgéal. Tá an fhírinne againn, agus is fearr an fhírinne na an buile éithigh, agus is treise. Sé lom na fírinne go ndéanfaidh an Ghaedhilg maitheas do mhuinntir na h-Éireann, Sí iomláinne na fírinne ná féadfar fíor-Ghaedheal a dhéanamh de'n tseoinín muna gcuiridh na sagart le chéile chum gach aon tsaghas Galldhachta do dhíbirt as an dtír. Ní féidir buachtaint ar an nGalldhacht gan buadha na Gaedhilge do chur i bhfeidhm ar aigne na
ndaoine. Is iongantach an feabhas atá tréis teacht ar mheon agus ar aigne na ndaoine de bhárr an tsaothair atá déanta i dtaobh na Gaedhilge. Ach níltear ach i dhtosach na hoibre fós. Nuair éirightear a taithighe a dhéanamh de theangain a labhairt is deacair í chur i mbéal na ndaoine arís. Dá dheacracht é is eadh is mó an gádh atá le saothar agus is eadh is túisge ba cheart dúinn luige isteac san obair. Ach ní fuláir an méid reo do dhul na luighe ar ár n-aigne dhúinn ar dtúis; gur féidir an obair a dhéanamh, gur riachtanach an obair é, agus gur obair é nach oireamhnaighe éinne chuige ná an sagart. Caithfar na trí neithe sin do chur i bhfeidhm ar aigne na ragart nGalldha. ÁR RIAGHALACHAS FÉIN. Níl éinne in Éirinn anois, is dócha, ná hadhmhóchadh nach leor mar leigheas ar ár ndaor-bhruid gur fúinn féin a bheidh ár riaghalachas féin feasda. Ach is deimhin liom-sa aoinnidh amháin, gus measa go mór a bheidh an sgéal againn i gcionn aimsire muna ndéanfar an Ghaedhilg d'aithbheodhchaint ó thaobh na tíre. Is fearr go mór deagh- thoil ná dlighthe chum droch-nós do dhíbirt. Dá mbeadh sé de dheagh- thoil aige sna sagartaibh an ruaig do chur ar gac droch-nós ghalldha do lean réim an Bhéarla níor bh'fhada go mbead Éire glan againn airís. Ach féach — Sul a bhfaighiníd an deagh-thoil úd do chur i bhfeidhm caithfimid breith ar an dtuisgint — an tuisgint a thaisbeánfaidh dhúinn an t-olc uathbhásach atá le leigeas, — a thaisbeánfaidh dúinn cionnus é leigheas, agus a thúisge n-a bhfuil gádh le n-a leigheas. Rud spioradálta is eadh an teanga i n-a lán slighte, agus is é dualgas an tsagairt aire mhaith a thabhairt di. Muna ndéanfaidh seisean aire thabhairt di is baoghal go dtabharfar faillighe innti. Is mó rud go geaithfar aire thabhairt dó feasta. Thar gach nidh eile ní fuláir do'n tsagart ceart De do chosaint. Beidh sé air aige é chosaint agus a mbeidh de chonnstaicíbh na choinnibh. Ní ag dul i bhfeabhas atá an saoghal. Tá drochspioraid na págántachta nua ag lot na ndaoine. Caithfar an tsean-spioraid do thabhairt thar n-ais. Taobh amuigh de mírbhuilt ó Dhia na glóire, moladh go deo leis, ní féidis í thabhairt thar n-ais gan an Ghaedhilg. Bhíos ag cainnt le caraid liom an lá fé dheire. Bhí sé tréis teacht adtuaidh ó Bheal Feirsde. D'innis sé sgéal dom i dtaobh na cathrach san, a chuir iongnadh orm, agus a chuir eagla orm. Is amhlaidh bhí sagart áirighthe ag cainnt os cómhais an phobail i halla puiblidhe sa chathair. Ar oideachas na ndaoine óga a bhí sé ag trácht. Dubhairt ré leo gur cheart an Teagarg Críostuidhe, agus gach dualgas atá ceangailte ar an gCríostuidhe do mhúineadh do'n aos óg ra scoil. Is minic adubhradh san cheana Ní rud nua é. Ní rud ró-dhian é. Ní rud ró-dheacair é. Ach cad is dóigh libh a dheineadar san nuair airigheadhar an chaint sin ó'n sagart an lá fé dheireadh? Ar éigin do leigeadh dó an cainnt do chríochnughadh. Do h-éirgheadh ar buile chuige, agus do liúghadh os
árd, agus do sgreadadh go feargach agus go fíochmhar nár cheart é, agus ná déanfái é; nár chóir a leithéid a mhúineadh sa scoil i n-aon chor gur sa bhaile ba cheart é dhéanamh, mar go mbeadh a mhalairt d' obair e déanamh sa scoil. Go bhfóiridh Dia orainn! Cad a dhéan- fam má leigtear do'n spioraid sin buachtaint ar an seanchreideamh! Dá bhrigh sin adeirim airís, agus deirim go láidir é, taobh amuigh de mírbhuilt anuas ó Dhia na glóire, nach féidir an t-seana-spioraid do choimeád agus dho chothughadh i n-éaghmais na Gaedhilge. Is cuma easba na Gaedhilge nó ócáid pheactha do mhuinntir na h-Éireann. Deintear an ócáid sin do sheachaint. Muna ndeintear ócáid an pheactha do sheachaint is baoghal go ndéanfar an peacadh in aimhdheoin guidhe agus grásta. Táid na h-Easpuig go léir ar thaobh na Gaedhilge. Tuigid siad, nidh nach iongnadh, a fheabhas a chuirfeadh an Ghaedhilg deire leis an nGalldhacht. Tuigid siad á riachtanaighe atá ran. Ach tá cuid de na sagartaibh amuigh uainn fós. Do dhéanfadh an Chuallacht so na Sagart nGaedhlach iad san a tharrac isteach sa sgéal. Sé is mó atá ghá gcoiméad amach ón obair ná gur dóigh leo gurb iad an t-aos tuaithe atá i mbun na hoibre, agus gur nár leo a gcomhairle siúd do ghlacadh. Dá dtuigidís go bhfuil cumhacht ag sagartaibh san obair, — gurb iad is mó cumhacht innti, ach an chumacht do chur i bhfeidhm, do bhéidís isteach son obair láithreach. Ní fhéadfam an obair a dhéanamh go h-iomlán is go beacht má bhíonn oiread is aon t-sagart amháin n-ár gcoinnibh. Tá gádh leis an gCuallacht so chum ár gcosanta féin, agus chum ceart na h-Eagailse do chosaint. 'Sé is cóir an sagart a bheith i dtosach na hoibre. Muna mbeidh sé i dtosach is ar deireadh bheidh sé. Tá athrughadh ag teacht ar an saoghal in Éirinn. Ag Dia tá 'fios cad a thiocfaidh de'n athrughadh san. Pé rud a thiocfaidh as, anois an t-am dúinn chúm ár nirt do dhaingniughadh. Anois an t-am chum cur le chéile go tréan agus go ciallmhar agus go dícheallach. NA SCOILEANNA. Ar an aos óg is mó atá ár seasamh san obair. Is iad bun agus bárr na hoibre. Is iad a tosach, agus is iad a toradh is buaine agus is bríoghmhaire. I gcionn aimsire gheobhaidh na sean-daoine bás. Muna bhfuighmíd an Ghaedhilg do mhúineadh do'n aos óg i dtreo go mbeidh sí aca go binn agus go blasda agus go líomhtha beidh sé fuar againn bheith a d' iarraidh na Gaedhilge d'aithbheodhchaint. Dá gcuiridís na sagairt le chéile agus é fhógairt do'n tsaoghal go gcaithfar an Ghaedhilg do mhúineadh do leanbhaíbh scoile na h-Éireann, agus í mhúineadh go ciallmhar agus go ceart agus go slachtmhar, d'fhéadfaí an obair a dhéanamh. In' éaghmuis sin ní déanfar an obair go deo. Agus féach, má tá sé d'fhiachaibh ar an sagart aire thabhairt do na scoileannaibh, fágann san go bhfuil d'fhiachaibh air múinteóirí maithe do sholáthar dóibh. Ní'l aoinnidh is mó a dheineann díoghbháil do'n oideachas ná droch-mhúinteoir a bheith i mbun na hoibre sa scoil.
Bíonn rian a dhroch-shaothair sin ar an scoláire bocht an fhaid a mhaireann sé. Is deacair múinteoir maith d'fagháil fhé láthair i gcóir na Gaedhilge. An té go mbíonn an Ghaedhilg aige ní bhíonn tuisgint na múinteoireachta aige, agus an té go mbíonn san aige is minic ná bíonn an Ghaedhilg ar foghnamh aige. Agus bíonn an scoláire bocht ar lár eatortha. D'fhéadfadh cuallacht de'n tsaghas so a luadhaim a lán congnaimh a thabhairt dóibh chum an dá olc san do leigheas. Dá thúisge leighisfar iad is eadh is fearr é. Is iad sagairt Ghaodhlacha na h-Éireann is fearr eolus chum a leighiste. Ach an fhaid atáid na sagairt Ghaodhlacha deighilte amach ó n-a chéile ní féidir ach fior- bheagáinín tairbhthe a dhéanamh. D'fhéadfaidís, ar theacht le chéile dhóibh, socrughadh a dhéanamh air cad é an chuma dob' fhearr agus dob' oireamhnaighe chum feabhas' a chur ar an múineadh a tugtar ins na scoileannaibh. Níor mhisde dhóibh an sgéal san do chur i gcomhairle a chéile gan moill. Dhá fhaid a leantar do'n treana-shlighe is eadh is measa bheidh an sgéal againn, agus is eadh is mó gheobhmíd de dhuadh na múinteoirí do chur ar a leas. Is i ndiaidh a chéile caithfar na rudaí sin agus a lán eile dhéanamh. Ach socruighmís an méid seo go cruinn 'n-ar n-aigne. Táthar ag gabháil le Gaedhilg le breis is cúig bliadhna déag anois agus níl ách toradh tosaigh saothair le feiscint as an obair go léir. Cad fé ndéar a mhoille atá an obair ag gluaiseacht? Cuid againn a bheith chomh neamh-shuimeamhail sin san obair, sin é is cionntach leis — sin, agus easba cur le chéile. Pé 'ca is rud fóghanta an Ghaedhilg nó nach eadh, ba cheart do na sagartaibh dul i bhfíór-thosach an tSluaigh Ghaedheal agus comhairle a a leasa thabhairt dóibh. Más rud foghanta í, más rud í a dhéanfaidh leath an tairbhthe adeirtear a dheanfaidh sí, ba cheart dóibh na daoine do mhúsgailt as an dtrom-shuan na bhfuilid agus a rádh leo — “Gluaisidh go mear, tá an cath dá réir, agus téighmís n-a chóir.” Má's rud suarach í an Ghaedhilg, más rud ná fuil ach baoth-chainnt sa moladh tugtar di, annsan ba cheart dóibh a rádh leis na daoine a mhalairt de chiall a bheith aca agus gan bheith ag cailleamhaint aimsire le rud chomh neamh-thairbhtheach. Ba cheart dóibh cuallacht do chur ar bun chum an Bhéarla do chosaint ar namhaid chómh nimhneach. Ba cheart dóibh aoinnidh in aon chor a dhéanamh seachas an rud atá aca dhá dhéanamh — iad a bheith n-a seasamh ar an gclaidhe agus gan so ná súd ar siubhal aca. Molaim-sé dhíbh, dá bhrigh sin, go mdéanfaimís tosach tréan ar an obair indiu agus an chuallácht so na Sagart nGaedhealach do chur ar bun, agus saothar éigin do leagadh amach di i gcóir na bliadhna. [An t-Athair Gearóid ó Nualláin do léigh an tráchtás so ag Cómhdháil cinn bliana Muighe Nuadhat 1914.]
SEANMÓIN AR AN UMHALUIGHEACHT. Foghlumíg Uaim-se, óir is mise is mín úiríseal croidhe. Déinimís ár machtnamh indiu, a phobal, ar an umhaluigheacht, bun & préamh gach maitheara & gach subhailce, an subhailce a mhol ár dTíghearna, thar na subhailcí go léir eile, an subhailce is feárr a dh'oireann dúinn-ne óir ná fuil ionainn ach peacaigh bhochta. Anois, a phobal, tháinig ár Slánuightheoir — moladh go deo leis — ar an saoghal chun teagasg & sampla do thabhairt dúinn: & d'réir a theagaisg & d'réir a shampla, ní fhuil aon nídh is mó a thaithnuigheann le Dia, nú is mó a theidheann chun tairbhe do'n anam 'ná an umhaluigheacht — “Fóghlumuíg Uaim-se,” ar Seisean, 'sa Soisgéal d'réir Mhaitúi, “óir is mise is mín úiríseal croidhe.” B'é Mac Dé na n-uile-chómhacht é: bhí cómhacht, & crionacht, & eagnaidheacht a Athar aige: bhí caranacht, & trócaire, & mór-mhaitheas, & gach aon subhailce eile aige: ach, 'n-a dhiaidh san a's uile, nuair ba mhaith leis teagasg a thabhairt dúinn, níor luig Sé ar aon cheann aca, ach amháin ar an umhaluigheacht — “Fóghlumuíg Uaim, óir is mise is mín úiríseal croidhe.” Luigheann Sé arís ar fheabhas na h-umhaluigheachta & ar olcas an uabhair, ins na soluídí ba bhéas leis do labhairt leis an bpobal chun a múinte. Is cumhin libh go léir soluíd an phairisínigh & an phublicánuigh; conus a chuaidh an bheirt isteach sa teampal chun a n-úrnuighthe do chur suas chun Dé, & mar a thosnuigh an phairisíneach, le neart uabhair, ar é féin do mholadh, mar gheall ar a dheigh-thréithe & ar a dheigh-ghníomhartha, mar gheall ar an méid troisgthí a dheinadh sé & na déarca a thugadh sé do bhochtaibh Dé: & ar an dtaobh eile conus mar a chaith an publicánach bocht é féin ar a dhá ghlúin ag admháil a pheacaí, & a d'iarraidh trócaire & maitheamhnachais ionta; agus conus mar a thaithnigh úrnaighthe an phublicánuigh leis an dTighearna, mar gheall ar a umhaluigheacht, ach go raibh úrnaighthe an phairisínigh, gan mhaith gan tairbhe, mar gheall ar a uabhar & ar a eirghe 'n-áirde. Is cumhin libh, leis, an t-soluíd eile 'n-a chómhairlígheann Sé dos na daoine, nuair a gheibhid siad cuire chun cóisreach nú chun féasta, gan na suidheacháin is aoírde a thógaint, ar eagla go dtiocfadh duine ba h-onóraighe 'ná iad féin, & go gcaithfidís na suidheacháin a dh'fhágaint, & go mbeadh náire fachta aca os comhair na cuilleachtan; ach, ar Seisean, “suidhíg ins na suidheacháin is ísle, ansan tiocsaidh fear a' tíghe, & déarfaidh sé libh dul níos sia suas, & beidh onóir agaibh os cómhair a bhfuil láithreach, mar, an t-é árduigheann é féin ísleófars é, & an t-é íslígheann é féin árdófars é.”
Is 'mó soluíd de'n sórt san a thá sgaipithe anso & ansúd ar fuid an t-soisgéil, ach ní beag an méid sin de mholadh na h-umhaluigheachta. Taisbeánann sé go soilléir cad é an tuairim a bhí ag ár Slánuigh- théoir di, agus anois, feuchaimís ar an sampla a dh'fhág Sé againn. B'é cruighthéoir & árd-Tíghearna an domhain go léir é; nuair ba thoil leis teacht ar an saoghal, d'fhéadfadh Sé, da mba mhaith leis é, teacht i gcló, & i gcuma, & i gceannas rígh, d'fhéadfadh Sé suidhe os cionn righte, & prionnsaí, & daoine mór an t-saoghail, le saidhbhreas & le gradam, & le maitheasaí an t-saoghail 'n a thímpal. Ach, a phobal, níor dhein Sé aon nídh de'n sórt san chun ceacht umhaluigheachta do mhúineadh dhúinn-ne. Tá' s agaibh conus a tháinig Sé: conus a rugadh i mainséar asail é, go bocht, go dealbh, go h-úiríseal: conus a dh'fhás Sé suas, & chaith a shaoghal i gcló sglábhuidhe bhoicht; &, sa deire, conus a dh'íslig Sé é féin go bás, go bás na croise féin, le h-umhaluigheacht d' á Athair & le grádh dhúinn-ne: mar a deir an File:— Tugaig go léir fé ndeara, an sampla dhein an leanbh, Nuair a thúirling ó's na Flaithis, le grádh dhúinn go léir. Mar a riugadh é go dearbh, i mainséar fuar an asail; Go bocht, úiríseal, dealbh, gan mhaitheasaí an t-saoghail. Sin agaibh, a phobal, sampla an t-Slánuighthéora féin; agus is é an sampla ceudna a dh'fhágann na naoimh go léir againn. Leasmuich de'n Maighdin Muire, ní fhuil naomh níos aoirde ins na Flaithis 'ná naomh Eóin Baiste. Tugann ár Slánuighthéoir féin an teistiméireacht so 'n a thaobh, “go deimhin go deimhin a deirimh libh nior riugadh riamh ó mhnaoi duine níos aoirde 'ná Eóin Baiste.” Daoine móra os comhair Dé ab eadh na h-árd-aithreacha fad ó, Ábram, & Isaac, & Jacóib, & a leithéidí: daoine móra ab eadh na fáigí a chuireadh ar an saoghal chun pobal na nGiudach do chur ar a leas, & do stiúrughadh chun Dé: daoine móra ab eadh Maoís, & Dáithi an Righ, & na Macabaeig, a sgraip náimhde an Tighearna, & a chuir na geinte fé chois. Ach tá focal an t-Slánuigh- theóra féin againn air go bhfuil naomh Eóin Baiste os cionn na n-árd- aithreach go léir, & os cionn na bhfáigí go léir, & os cionn na righthe go léir; go bhfuil sé abhfad os a gcionn; ná fuil aon bhreith ag éinne aca air, i n-aoirde, ná i naomhthacht, ná i mbeannuigheacht i láthair Dé. Ach 'n a dhiaidh san a's uile, feucaig, a phobal, cad é an tuairim a bí aige do féin; cad é an teistimeireacht a thug sé air féin: cad dúbhairt sé 'n a thaobh féin nuair a chuireadh an cheist chuige! Dúbhairt sé nárbh árd-athair é, ná duine gurbh'fhiú trácht i n-ao' chor air; ná raibh ann ach guth, guth ag glaodhach i n-uaigneas an fhásaigh. Sinn-ne líonta le h-uabhar, & le mór-is-fiu, & le h-eirghe 'n áirde, & gan i naomh Eóin Baiste, dar leis féin, ach guth, & nár labhair an guth féin ach amuigh i n-uaigneas an fhásaígh!!! Ach, feuchaimís níos sia isteach 'sa sgéal, a phobal, & mara ndéinim dearmhad an-mhór, chídhfimíd gur mór an díth-céille, & an amadán- tuigheacht d'éinne bheith árd, uaibhreach 'n a aigne féin, & mí-mheas aige
ar a chómharsain. Éistigh le bréithse naomh Póil, 'sa leitir a sgríg sé chun Muinntir na Rómha, “cad tá agat,” ar seisean, “nár thugadh duit? & má' s amhlaidh a thugadh duit é, cadh 'na thaobh go bhfuilir ag maoidheamh as, mar dh'eadh nár thugadh?” Cad iad na nidhthe is mó go mbítears ag maoidheamh asta ar an saoghal so? Sid iad iad: meabhair-chinn, & éirim aigne, & feabhas tuisgiona; saidhbhreas saoghalta, clú & creideamhaint, & moladh na ndaoine; lúth ghéag, & tréineacht chuirp & a leithéidí sin de nidhthibh. Ach, a phobal, má thá meabhair-chinn, & éirim aigne ag duine, thar an gcoitiantacht, ní thugann san aon teidiol dó bhéith ghá mholadh féin mar gheall air. B'é toil an Tighearna na tabhairistí sin do bhronnadh air, & ba chóra dhó a mbaochas do ghabháilt leis an dTighearna, & úsáid a dhéanamh díobh i seirbhís, & i n-onóir Dé. D'fhéadfadh an Tíghearna, dá mba mhaith leis é, é chur ar an saoghal 'n a amadán bóct, gan chéill gan chruinneas, & bheadh sé chómh ciallmhar do dhuine bheith ag lochtúghadh an amadáin mar gheall ar uireasba a chéille, a's bheith ghá mholadh féin, mar gheall ar an méid tuisgiona ba thoil le Dia bhronnadh air. Agus is é an sgéal céadna é, maidir le saidhbhreas, & le clú, & le creideamhaint, & le moladh na ndaoine. Má thá saidhbhreas mór ag duine, cá bhfuair sé iad? Is mó duine go bhfuil saidhbhreas aige, & nách aon chreideamhaint dó iad. Is mó sparán mor a bhailígheadh, le h-éagcóir, & le camaduíol, & le cois-ar-bolg. Is mó duine a thá ag tiomáint a charáiste cheithre gcapall anois, a bheadh ag siubhal na dútha a d'iarraidh déirca, dá mbeadh a cheart féin 'ge gach éinne ar an saoghal so. Ach cuir i gcás go bhfuil duine saidhbhir, gurb é féin a bhailigh an saidhbhreas, gur bhailigh sé go dleaghthach, & go macánta iad, le brígh a mheabhrach-chinn, & le neart a ghéag, & le h-allus a chnámh: an dtugann san aon teidiol do bheith uaibhreach, árd-aigeanta 'n a mheóin féin, & mí-mheas aige ortha san ná fuil puinn de mhaitheasaí an t-saoghail seo aca? Ní thugann, go deimhin & go dearbhtha, a phobal; tá an chreideamhaint go léir ag dul do'n dTighearna, a thug dó an mheabhair-chinn, & an luathas ghéag, & an neart chnámh, & tharsta san go léir, a thug dó an chiall, & an tuisgint, & an chabhair, & an congnamh, chun gach ao' rud a chur chun feabhais. Agus an duine a bhíonn ag maoidheamh as lúth a ghéag, & as tréineacht a chuirp, & as na gníomhartha gaisce a dheineann sé, an gcuimhnuigheann sé nárbh' é fhéin a thug dó fhéin iad; gur tabhairistí ó Dhia iad; gur féidir leis an dTighearna iad do bhaint de, chómh fuirist a's iad do bhronnadh air: d'á thréineacht indiu é, go mb'fhéidir go mbeadh sé go tréith-lag ambáireach: ach, ci' ca indiu nú ambáireach é, gur gairid dó an lá in-a sínfidh sé a ghéaga, & ná h-árdóchaidh sé go bráth arís iad.
Agus anois, a phobal, ní'l puinn eile agam le rádh libh. Molann ár Slánuighthéoir dúinn, le teagasg & le sampla, bheith umhal, úiríseal, 'n ár gcroidhe, & 'n ár n-aigne. Molann teagasg & sampla na naomh go léir an rud ceudna dhúinn. Múineann ár dtuisgint féin dúinn ná fuil aon nídh againn, uainn fhéin, ach ár bpeacaí, & nách cúrsaí uabhair & mór-is-fiú iad san, ach cúrsaí ceist, & ceann-fé, & náire. Bíodh ciall againn feasta, mar sin, a phobal, caithimís uainn an amad- ántuigheacht, & an díth-céille, a bhaineann le h-uabhar: deinimís aithris ar an bpublicánach bocht sa Soisgéal, nár shéan a pheacaí os comhair an Tigheasna, ach d'admhuig go h-osgailte & go toilcheannach luighead a mhaitheasa & méid a olcais; & cuimhníghimís go minic ar na foclaibh seo an t-Slánuighthéora, an t-é a árduigheann é féin ísleófars é, an t-é, amhthach, a dh'íslígheann é féin, árdófars é. Amen. A tATHAIR PÁDRUIG UA CATHASA, MAGH-ALLA. “AN t-EN EGO.” O, a Íosa, ró-mhilis, ró-mhaith, feuch mise, ar mo dhá ghlúin, anso, os do chómhair, ghá iarraidh ar do Shoíllse anois, teinte creidimh, & dóchais, & carthanachta, do chur ar lasadh, im' chroidhe. Tabhair dom, de'd ghrástaibh, cathúghadh fírinneach a bheith orm, mar gheall ar mo pheacaí, & rún daingean a bheith agam gan tuitim ionta airís. Tabhair solus aigne dhom, chun machtnamh a dhéanamh 'sa cheart, le grádh & le taise, ar do chúig chréachtaibh féin — na créachta san, ar ar thrácht Dáibhi, Fáig, nuair a dúbhairt sé, thar do cheann-sa — “Do pholladar mo dhá láim, & mo dhá chois; do chómhairíghdar mo chnámha go léir.” (Ps. 21.) Nihil obstat: JEREMIAH CANON MURPHY, P.P., V.F., Macroom. Imprimatur: ROBERT, Bishop of Cloyne. Sept. 8th, 1907. AN tATHAIR PEADAR a dh'aistrigh.
URNUIGHTHE AN SGABAIL [Ó mo mháthair fuair mé an urnuighthe seo. Fuair mo dhearthair, Eoin, í óna aintín, Peigí Shorcha Mhaghnuis. Bhaineas úsáid as leagan Pheigí ag cur na hurnuighthe i n-eagar don pháipeár seo damh, ach 'tchífear as na nótaí atá agam ag a deireadh gach áit ar tharraing mé ar a leagan-san. Ní fiú trácht ar a bhfuil de dhuithbhir eadar leagan mo mháthar agus leagan Pheigí, cé go gcuidigheann ceann acu leis an cheann eile. Is léir, dar liom, nach bhfuil iomlán na hurnuighthe sa mhéid atá annseo. Casadh leagan eile orm a sgríobhadh síos i gcondae Árd Macha agus a cuireadh i gcló i nIrisleabhar na Gaedhilge uair. Ghlacas marc ar uimhir an Iris- leabhair ar a raibh sé, ach ní thig liom teacht air anois. I ‘Lochrainn’ Lughnasa, 1916 tá leagan níos giorra 'ná an ceann seo a sgríobhadh síos ó mhnaoi i nDéisibh Mumhan. I ndeireadh urnuighthe an ‘Lochrainn’ tá na focla seo:— ‘An té déarfadh na focail sin trí huaire roimh a bhás, ní baoghal go raghadh 'anam go hIfreann go bráth. Moladh Leat, a Rí na ngrás!’ Sa leabhar urnuighthe a chur Searlóit Dhéise in- eagar gheobhthar cupla rann den urnuighthe seo fosta. S. Ó S.] An gcluin sibh mise, a lucht na sgabal, Ná deanaigidh faillighe in mar gcás — Is truagh sin duine gan charaid Agus é 'na luighe ar leabaidh an bháis. Éideadh fuair mise ó Mhuire — Is peacach mé is ní fiú mise' fhagháil; Ach guidhim-sa Muire, Is go rabh Críost agam ar uair mo bháis. A dhuine bhoicht gan chéill, ná dean bréag le Muire; Ná hith feoil Chéadaoine, is ná héag in do thinneas; Umhluigh don chléir is do na cúig 1 méilte Muire; Glac comaoineacha 2 díleas Dé, is béidh tú ar féasta i gcúirt na n-aingeal. 1. féilte i Leagan Pheigí. 2. Mhic i Leagan Ph.
Bhí Muire is a Mac ag siubhal amuigh sa ló; Casadh an duine ró-naomhtha 3 díobtha mar a bhí Séimín as an Róimh; Shín sí chuige as a deas-láimh sgabal breagh na mbrainsí óir: ‘Níl aonduine iomcharas 4 m'éideadh mar is cóir nach mbéidh séala agam ar a anam ins an Ghlóir.’ A mhaighdean mhodhmhar ghlóramhail mhaiseach, Is tú mo stór, mo lón, is mo thaisgidh; Is tú an réalt eolais romhainn ar na bealaighe Ar gcur ar an eolas nuair a bíos tóir ar an pheacach. 5 A Bhainríoghan na Gile, is a Bhainríoghan na Glóire, Is leat a ním mo chasaoid ar maidin is tráthnóna, Mo sheoladh ar mo leas, mo chur ar an eolas, Go pobal na haithrighe, an áit a siltear na deora. Líonaidh mo chroidhe le grádh ar an athair; Silidh mo shúile le grádh ar an mháthair. Nigh mo lámha as smál an pheacaidh; Ar uair mo bháis tabhair m'anam 'un na bhflaitheas. SÉAMUS Ó SEARCAIGH. 3. Is minic ‘díobhtha’ agus ‘dóbhtha’ measgtha le chéile i dTír Chonaill. 4. m'aibíd i Leagan Ph. 5. As Leagan Ph. iomlán an ranna seo. Ní raibh ag mo mháthair de ach:— Bheirimid ar n-aghaidh ar phobal na haithrghe, an áit a siltear na deora.
SEANMÓIN AR AINM ÍOSA. “Agus do tugadh Íosa mar ainm Air.” — Lúcas II. 21. A Dhearbhráithreacha, — Is minic a thug Dia onóir chómh mór sin do dhaoinibh áirithe gur thoibh Sé Féin a n-ainmneacha dhóibh. Aon uair a dhéin Dia sin, chidhmíd go raibh fáth leis, agus go raibh brígh fé leith leis an ainm sin. Thaisbeánadh an ainm go gnáthach an saghas oibre ba mhaith leis an gCruthuightheóir fhághail ó'n gcréatúir sin, nó an meas ba mhaith le Dia bheith ag an gcine daona air. 'Sa t-sean-Thiomna léighmíd cionnus mar d'aistrigh Dia an ainm Abram go Abraham á chur 'na luighe dá bhárr sin orrainn gurbh' é Athair na gCreidmheach uile an fear naomhtha san feasda. 'Sa t-slighe cheudna d'aistrigh Dia an ainm Iacob go h-Israel, agus is é an chiall atá leis an ainm seo, Israel, ná neart, agus dá réir sin, go mbeadh neart agur cómhacht ag an bhfear a fuair ó Dhia é chum oibre Dé do chur chum cínn feasda. Sa Tiomna nuadh leighmíd cionnus mar d'aistsigh ár dTighearna agus ár Slánuightheóir an ainm Símon go Peadar chum go mbeadh a fhios ag gach geinealach i ndiaidh a chéile go mbeadh Peadar agus gach ceann a bheadh ar an eaglais 'na dhiaidh mar Charraig nár bhféidir a chorruighe; mar chloch bhuinn d'á Eaglais féin chómh daingean agus chómh docht sin ná feudfadh cómhachta an dorchadais agus an ain-chreidimh go léir é leagadh ar lár cé go dtabharfaidís fé go dian dícheallach le lámh láidhir agus le géirleanmhain. 'Seadh 'nois, a dhearbhráithreacha, ó chuir Dia mar chúram air féin ainmneacha thoghadh do chuid d'á chréatúiribh, nách ceart dúinn bheith ag brath air go mbeadh Sé níos cúramaighe ná sin féin ag toghadh ainme d'á aon-Mhac agus Dó Féin? Agus mar sin do bhí. Tré na ceudta bliadhan anuas bhí an chine daona gan aon eólus acu ar ainm Dé. Na fádhaig agus na daoine naomhtha eile a ghéill d'á chómhacht gan téora agus d'á mhórdhacht agus d'á eagna, do ghlaodhaidis Elóhim nú an Spiorad Mór Air. Bhí ana- dhúil acu eolas a chur ar a ainm, acht ní raibh an t-am tagaithe fós 'na mbeadh Sé toiltheanach chum a ainme a fhógairt dóibh.
Do Iácób agus do Shamson do thug Sé an freagra ceudna, “Cad 'na thaobh, ar Seisean, go bhfiafruigheann sibh díom-sa cad é an ainm atá orm. Iongantach is ainm dom.” Iongantach a thug Sé air féin dóibh chum a chur i n-iúil dóibh go raibh an urraim agus an onóir is mó agus is aoirde ag dul d'á Mhór-ainm, rud ná raibh eólus acu le fághail roimis sin air ámhthach. Ba chuibhe leis 'sa deire an ainm mhór naomhtha sin a ínnsint do Mhaois nuair a labhair Sé chuige as an scairt lasrach. D'órduigh Dia dhó a bhróga bhaint dá chosaibh' de bhrígh gur thalamh naomhtha an talamh ar a raibh sé ina sheasamh. D'órduigh fós dó a phobul toghtha féin, na h-Israelítigh, a shaoradh óna mbraighdeanas fén Rí Pháró, agus ón gcruadhtan agus ón ngéirleanmhaint a bhí acu dá fhulang chómh fada sin. D'fhiafruigh Maois de, “Dá n-deurfaidís liom,” ar seisean, “cad is ainm do'n té a thug na h-órduighthe seo dhuit, agus a thoibh tusa chum bheith 'na cheann-urraid orrainn;” agus d'fhreagair Dia é “is mise an t-é atá.” Bé seo an ainm do bfhíre agus ba thuigsionaighe a tugadh fós ar Dhia Mhór na cruinne anuas tré na h-aoisibh. Cuireann an ainm seo Nádúir Dé i dtuigsint dúinn — go maireann Se uaidh féin gan spleádhchus le héinne eile — go raibh Sé ann soimh an uile aimsir — gur ab é Cruthuightheóir uile-chúmhachtach neimhe agus talmhan é. Acht bhí ainm eile fós nárbh eol don chine daona. Do thuit ár dtúismightheóirí Ádhamh agus Ébha, i bpeaca. Do chruthuigh Dia agus do chuir i nGáirdín Pharrthais iad chum go dtabharfadh siad onóir agus glóire Dhó féin, acht, in a ionad sin, ar theacht an diabhail chúcha ann i gcruth athar nimhe, do mheall sé iad, agus do chuir 'na n-intinn an toradh toirmisgthe a thógaint agus dlighe Dé a bhriseadh. Do ghéilleadar dó. Do thugadar masla agus easonóir do Mhórdhacht Dé leis an bpeacadh sin. Do dhíbir Dia ó aoibhneasaibh an Pharrthais iad, agus farais sin, cuireadh de phionós orra féin agus ar a sliocht 'sa t-saoghal so — sinne go léir —a gcuid bídh a shaothrughadh le h-allus a n-gruadh. Ní fheudfadh duine cúiteamh a dheunamh le Dia uile-chómhachtach as an bpeacadh sin. Dá reír sin, ní bhfaighimís amach go bráth na breithe righeacht na bflaitheas a tairingeadh dúinn muna mbeadh gur dhein Dia le truagh agus le taise dhúinn cead thabhairt d'á Mhac teacht ar an saoghal so agus pionós an pheacha a thógaint air fhéin chum go bhfaighmís filleadh airís ar Dhia. Ba thoil leis an Mac ár gcúis a phléidhe leis an Athair, agus é féin ofráil suas ar ár son.
Do b'é an mac sin go raibh trácht air ag na fádhaibh, go rabhthas ag súil leis 'sa t-sean-reacht, agus ag guidheachtaint dó teacht anuas ó neamh; acht is mó náisiún agus treabh daoine a d'eirigh suas agus do thuit airís sul ar cómhlíonadh an dúil sin. Tháinig an t-am fé dheire, ámhthach, agus do cuireadh an t-aingeal Gábriel mar theachtaire ó Dhia. Fuair sé teachtaireacht síothchána do lucht deigh-mhéine. Ar bhfágaint righeachta na bhflaitheas dó, do thúirling sé go tigh beag 'sa bhaile beag suarach dárbh ainm Nasaréat. Ar sroisint ann dó, do labhair sé le cailín caoin bhí ag paidreóireacht go h-úmhal 'sa tigh. D'innis sé dhi go raibh sí i bhfabhar le Dia, agus go dtabharfaidhe onóir thar cách di nár bhfuras a tuigsint. Do bheurfadh sí mac gurbh Dia é. Do ghlacfadh Dia colann daonda 'na broinn. Cómhlíonadh tairingireacht Isáias fá dheire. D' fógruigheadh an rún mór neamhdha. Ó bheul an aingil do chuala Muire na focla iongantacha so leanas — feuch, geobhair gein id' bhroinn, agus bheurfair mac, agus glaodhfair Íosa mar ainm air. Bé seo an ainm go rabhthas ag feitheamh leis le cheithre míle bliadhan ó thuit ár gceud-athair agus ó thug Dia geallamhaint go dtiocfadh Sé féin ar an saoghal so. Dúbhairt Sé leis an athair nimhe “Cuirfead-sa namhadhachais eadrat-sa agus an mnaoi; idir do shíol agus a síol-sa. Brúighfidh sí do cheann.” — (Genesis III. 15). Cómhliónadh an gheallamhaint so nuair rugadh Íosa, mac Dé, ón Maighdean Muire. Do bhrúigh Muire ceann an athar nimhe mar do bhuaidh sí ar an bpeacadh agus ar an ndiabhal ar sheasamh di eadrainn agus an bás síorruidhe bhí i ndán dúinn mar gheall ar pheacadh an t-sinnsir. Is é a chialluighan an ainm sin Íosa, ná Slánuightheóir, mar do ghlach Íosa colann daonda i mbroinn na Maighdine Muire chum sinne a shlánughadh ó bhás an pheacaidh. Dhein Sé sin 'ghá ofráil féin ar an gcrois ar son na cine daonda go léir. Is mór an sólás agus an bheannacht dúinn ó Dhia é gur baill de'n naomh-eaglais catoiliceach Íosa Críost sinne, agus gur rugadh sinn 'san aois seo an domhain nuair is féidir linne an ainm naomhtha so Íosa a aithint agus ghrádhughadh. Ba chóir dúinn ár mbuidheachas a ghabháil dá thaobh, agus ár n-urraim agus ár ngrádh thaisbeáint i gcómhnuidhe do'n ainm sin. An mar sin athá, a dhearbhráithreacha? Is eagal liom go mb' éigin dúinn a rádh nách mar sin; gur minic, foraoir, neamh-urraim agus masla 'ghá dtabhairt againn do'n ainm naomhtha sin. Tá sé de ghnás ag mórán daoine ainm Íosa a tharraingt síos gan aon ghábhadh leis, gan cuimhneamh i gceart ar an rud atá dá dheunamh acu.
“Ná tabhair ainm Dé gan adhbhar.” An dara aithne Dé é sin; agus má thugaimíd ainm Dé agus ainm Íosa gan adhbhar —ma thugamíd le neamh-shuim nó ag mallachtaint, nó ag droch-caint dúinn, na h-ainmneacha seo, cuirimíd masla ar ár dTighearna Íosa Críost. Tá daoine a fhoghlumuigheann an tslighe ar easgainí a dheunamh i bhfad níos luaithe ná a bpaidreacha do rádh; daoine go bhfuil ainm Íosa gan adhbhar nó droch-athchuinghe éigin 'ghá dtarraingt síos acu le gach re bhfocal a labhraid. Foghlumuigheann an t-aos óg, ar eirghe suas dóibh an droch- ghnás agus an droch-chaint seo ó na daoinibh fásta. Cheapfá orra gur cómhartha fearamhlachta é, agus go raibh mór-urraim ag gabháilt dóibh i n-ionad náire de bhárr ainm Dé nó droch-fhocal nó easgaine éigin bheith 'ghá spalpadh acu ar thosach nó ar dheireadh gach a ndeirid siad. Tugaimíd dubhshlán fé Dhia, a dhearbhráithreacha, má iarraimíd air creatúir ar bith do dhamnughadh. Ná baineann sé le Dia amháin díoghaltas a dheunamh? Deireann Sé an méid sin linn, “Is liom-sa an díoghaltas.” Nách dian-mhasla ar Dhia é má athchuinghímíd air créatúir éigin, a chruthuigh Sé ar a íomháigh agus ar a chosamhlacht féin, agus a cheannuigh Sé le na chuid fola ar an gcrois, a bhronnadh ar an ndiabhal? Má leanaimíd ar an bpeacadh so, agus má cuirtear a phreumhacha go daingean in ár gcroidhthibh gan aon iarracht 'ghá dheunamh againn chum an droch-nós a dhíbirt glan uainn, nách bhfuil contabhairt uathbhásach ann? De bhárr tarcuisne á thabhairt do Dhia agus d'á ainm naomhtha, tuitfidh mallacht agur trom-dhíoghaltas Dé 'sa deire ar an té a dheineann é. Tá an chontabhairt ann dó go h-áirighthe, agus is cóir dó feuchaint chuige i n-am 's i dtráth. Nár leigidh Dia, a dhearbhráithreacha, go mbeadh daoine de'n t-saghas sin, a bhíonn ag díomhaslughadh Dé agus Íosa Críost, ag éisteacht liom. Acht, má táid déarfainn leo stad agus cuímhneamh ar bhrígh na h-ainme naomhtha sin, Íosa, gur ab é ainm Dé féin é a tháinig anuas ó neamh agus a ghlac colann daonda ar ár son chum sinne do shlánúghadh agus do chur ar shlighe na beatha síorrruidhe. Déarfainn leó cuimhneamh ar an bpeacadh a dheineann siad agus masla 'gá shíor-thabhairt acu d'ainm an té a rug buaidh ar ifrionn agus ar an mbás le n-a gheur-pháis agus le n-a bhás ar an gcrois. Déarfainn leó fós cuimhneamh go dtiocfaidh Sé airís i ndeire an t-saoghail chum breitheamhnachais a thabhairt ar na h-uile dhaoinibh — ar bheódhaibh agus ar mharbhaíbh — agus go dtabharfaidh Sé toradh agus cúiteamh ár saothair dúinn go léir. Cromann na h-aingil agus na naoimh ar neamh síos le dian-ghrádh agus le mór-urraim ar chloisint na h-ainme sin dóibh. Seineann siad le h-áthas ag tabhairt moladh agus buidheachais agus onóra Dhó.
Hósanna ins na h-árdaibh. Is naomhtha, naomhtha, naomhtha, an Tighearna, Dia na sluagh. 'Seadh, agus is éigin dos na diabhalaibh féin i n-ifrionn atá i lár na lasrach lán-chraosaighe ná múchfar go bráth an ainm sin d'adhradh, i n-aimhdheóin an fhuatha atá acu dó, mar cuireann sé eagla agus sgannradh orra. Ar chóir, dá thaobh sin, a dhearbhráithreacha, easbaidh grádha a bheith againne do'n ainm naomhtha sin? Go deimhin, níor chóir. Is mór an truagh sinn, más fuar, faillightheach, croidhe-chruadhach sinne, agus muna bhfuil brígh 'san ainm naomhtha sin dúinn chum sinne a spreagadh chum deagh-oibreach a dheunamh. Is as an ainm chómhachtach sin atá dóthchas againn ar righeacht na bhflaitheas a shroisint. Gan cabhair uaidh, chaillfimís ár n-anmanna agus bheimís sáithte i n-ifrionn go deó na ndeór. Acht, le cabhair ón ainm sin, agus le congnamh grásta ó Dhia uile-chúmhachtach, tar éis aithrighe a dheunamh in ár bpeacaíbh, agus tar éis sinn féin a nighe i bhfuil luachmhar ár dTighearna Íosa Críost, ní baoghal dúinn i gcóir na síorruideachta; seasóchaimíd 'sa deire ar lámh dheas Dé. Bímís coiteanta, dá réir sin, ag síor-mholadh ainme Íosa as so amach, agus ag iarraidh cabhrach na grásta uaidh a cheannuigh Sé dhúinn ar an gcrois. Bíodh ainm naomhtha Íosa, ár Slánuightheóir, i nár mbeulaibh i gcómhnuidhe againn, acht bíodh sé ann le muiníghin agus le dóthchas go bfaighimíd an rud atá uainn. “Ní'l aon ainm eile tugtha do dhaoinibh le na bhfaighid a n-anmanna do shábháil. — (Gníomha IV. 22.) Ná stadamaois choidhche ach ag glaodach ar an ainm uile- chúmhachtach sin, agus bhéarfaidh sé saor sinn ó chómhachtaibh an dorchadais uair is baoghal dúinn tuitim i n-éadóchas agus i bpeaca. Ná stadamaois choidhche ach ag tabhairt onóra agus glóire Dhó — Abraimís ón ár gcroidhthib — moltar Dia, moltar a ainm naomhtha, moltar Íosa Críost idir Dia agus duine, moltar Íosa Críost i Sácraimeint na h-altóra, moltar ainm naomhtha Íosa anois agus go bruinn an bhrátha. Amen. S. UA LOINGSIGH, Brosnach, I gCiarruighe.
LEITIR THIMPAIL AR STÁID LUCHT OIBRE; Ó N-ÁR N-ATHAIR RÓ-NAOMHTHA AN PÁPA, LEO A TRÍDÉAG. AR LEANMHAINT. [Fógarthar gach ceart ar cosnamh.] An tAthair Peadar Ua Laoghaire, Canónach, d'aistrigh. An leigheas a dhéanfadh an Socialist ar na n-olcaibh úd tá sé lom díreach i n-aghaidh an chirt. Tá sé 'sa duine do réir a nádúra, maoin do shealbhú 'na cheart féin. Tá san de dheifrígheacht idir an nduine agus gach rud beó eile d'ár chuir Dia ar an saoghal. Ní riaghluighean an beithígheach allta é féin. Riaghluighean a nádúr an beithígheach, le dhá fhuadar. Oibiríghid an dá fhuadar san neart an bheithígh chun a anama do chosaint ar íde agus chun a ealta do mhéadú. Ní le ciall ná le tuisgint, ámhthach, a dh'oibiríghean an dá fhuadar ach le mothú céadfadh, agus luighean an mothú céadfadh san ar na neithibh a bhíon i n-aice an bheithígh. Ní mar sin do'n duine. Tá nádúr fola agus feóla aige chómh h-iomlán agus atá ag an mbeithígheach, agus tá an dá fhuadar úd aige; ach ní riaghluighid siad é. Tá ar a chumas iadsan do riaghlú chun a thoile i dtreó go ndeinid siad dó an rud céadna a dheinid siad do'n bheithigheach allta. Ach tá sé os a gcionn. Tá nádúr eile aige, nádúr nach iad san, nádúr daona, an nádúr i n-a bhfuil aigne agus ciall agus tuisgint agus résún, an nádúr a chuirean suas é os cionn na n-ainmhighthe go léir agus a dheinean duine dhe. De bhár na ngréithre sin a bheith ag an nduine isé ceart an duine go bhfuil ar a chumas maoin do shealbhú agus an mhaoin sin do bheith aige n-a cheart féin, fé leith, ní h-amháin chun úsáide a dhéanamh de nuair is gadh é, ach go marthanach. Chídhfear an nídh sin níos soiléire má machtnuíghtear níos doimhne ar nádúr an duine. Tá ar chumas aigne an duine neithe mora, díáirmhthe, do mheas agus do bhreithniú; neithe atá láithreach do chur i gcomparáid leis na neithibh atá le teacht agus leis na neithibh atá imthighthe, agus leagan sé a bhreitheamhantas ortha — agus air féin — agus tuigean sé go bhfuil a smacht ortha, agus air féin — fé smacht toile síoruídhe Dé an uile chómhacht a chruithuigh agus a riaghlan gach uile nídh. Tá, d'á bhrígh sin, ar chumas an duine a shaor thoil féin a dh'imirt, ní h-amhain chómh fada agus théidhan a leas i dtaobh na h-aimsire atá, ach chómh fada, leis, agus théidhan a leas, i gcóir na h-aimsire atá le teacht. Tá ar a chumas, uime sin, ní h-amháin toradh na talmhan do shealbhú, ach an talamh féin, leis, do shealbhú, mar is ó thoradh na talmhan
is féidir do rud do chur i gcóir na h-aimsire atá le teacht. Ní théid riachtanaisí an duine ar neamhnídh. Bíodh go sásuightear indiu iad ní foláir iad do shásamh amáireach airís. Ní foláir, d'á bhrígh sin, lón i dtaisge bheith ag nádúr do'n duine i dtreó gur féidir do'n duine bheith coitchianta ag tarrac as, fé mar a thagan gádh le tarrac as. Tá an lón-i-dtaisge sin ann do'n duine, agus is 'sa talamh atá sé. Isé sochar na talmhan an lón san. Ní ceart an stát do thabhairt isteach i n-aon chor sa sgeul. Is sia atá an duine ann ná mar atá an stát ann. Bhí an ceart san chun an lóin, ó nádúr, ag an nduine abhfadh sar ar cuireadh aon stát ar bun riamh. Agus bíodh gur fíor gur do'n chine daona go léir a thug Dia an talamh, ní thaisbeánan san nách féidir do dhuine fé leith seilbh phearsanta bheith aige féin i gcuid fé leith de'n talamh. Níor thug Dia an talamh do'n chine daona go léir sa chéill go mbeadh ar chumas gach duine acu fé leith bualadh amach agus aghaidh a thabhairt ar aon chuid ba mhaith leis de'n talamh agus a rogha rud a dhéanamh leis. Thug Dia an talamh do'n chine daona go léir sa chéill nár thug sé aon chuid de d'aon duine fé leith, ach gur fhág sé teóranú gach sealbhais phearsanta dhe fe'n saothrú a déanfí air, agus fés na dlighthibh a dhéanfadh na náisiúin 'na thaobh. Agus bíodh go dtugtar sealbhas pearsanta ar an gcuma san do dhaoinibh fé leith is fíor, fós, go gcothuighean an talamh an chine daona go léir. An t-é ná fuil seilbh na talmhan aige tá an obair aige chun na talmhan do shaothrú. Tugtar sochar na talmhan dó mar thuarasdal as an obair a dheinean sé, nú mar dhíol ar na n-earraí a dheinean sé ma's ceard- aidhe é. Ní féidir do'n duine fe leith ná do'n choitchiantacht aon chothú fhághail as an dtalamh mura saothruíghtear an talamh. Nuair a chuirean duine a chuid saothair agus a chuid alluis ar bhlúire talmhan, ghá shaothrú, meuduíghean sé tairbhthe an bhlúire talmhan san. Gan amhras is leis an bhfear san an meudú tairbhthe sin. Má's leis an tairbhthe is leis an rud 'n-a bhfuil an tairbhthe ann. Eugcóir, i gcoinnibh gach cirt gur thug aigne an duine taithneamh riamh dó, iseadh, an blúire talmhan san a bhaint de'n fhear san, nú gan a admháil ó chroídhe gur leis féin an talamh san. Agus fós tá daoine agus ba mhaith leó a chur n-a luighe orainn nách leis. Dar leo is ceart a dh'admháil gur leis an meudú tairbhthe, agus go bhfuil sé ceart úsáid na talmhan do bheith aige, ach go bhfuil sé i gcoinnibh cirt d' aon duine fé leith a rádh gur leis féin an talamh a shaothruigh sé, nú an talamh ar ar chuir sé suas foirgneamh. An mhuinntir, ámhthach, a labhran ar an gcuma san ní thugaid siad fe ndeara gur rabáil atá acu á dhéanamh. Nuair a saothruíghtear talamh is le h-obair agus le h-eólus agus le duagh a saothruightear é. Ansan ní h-é an talamh céadna é i n-aon chor feasta. Rud fiain, neamh-thorthamhail ab eadh é ar dtúis. Deinean an saothrú rud torthamhail tairbhtheach de. Isé an talamh féin, 'sa riocht n-a bhfuil sé
anois, toradh na h-oibre a deineadh air. Má's leis an bhfear a dheinean obair toradh na h-oibre is leis an talamh ar ar dhein sé an obair. Ní féidir an talamh agus toradh na h-oibre a deineadh ar an dtalamh do dheighilt ó n-a chéile. Má séantar ceart an duine sin chun an tailimh a shaothruigh sé le n-a shaothar féin séantar a cheart chun toradh a shaothair féin, chun toradh na h-oibre a dhein a dhá láimh féin. Agus ní'l aon eugcóir is caillte 'ná toradh a shaothair a bhaint de dhuine agus é thabhairt do dhuine eile. Ní h-aon mhaith bheith a d'iaraidh a mhalairt sin de theagasg do chur i bhfeidhm. Bhíodh daoine, i dtusach aimsire, ag casadh le h-é chur i bfeidhm. Tá rainnt daoine, le déanaíghe, ag casadh le h-é chur i bhfeidm. Ach gabhan aigne na cine daona féin, lom díreach, i gcoinnibh a leithéid de theagasg, agus mar a theip riamh, teipfidh go deó, é chur i bhfeidhm ar an gcoitchiantacht. Isé nádúr an duine a thuisgint i n' aigne gur rud dleaghthach a chuid féin fé leith do bheith ag gach aoinne. Tá an fhírinne sin socair i n-aigne na cine daona le saoghal na saoghal agus tá sé fuar riamh agus beidh sé fuar go deó, ag an Sócialist, bheith ag casadh leis an bhfírinne sin do chur amach as aigne na ndaoine. Siné nádúr an duine, nádúr na cine daona, agus nuair a déintear dlighthe do'n duine ní foláir, chun iad a bheith ceart, iad a dhéanamh do réir dlíghe nádúra an duine. Dá mb'é Dia féin é, moladh go deó leis, ó Isé do chruthuigh nádúr an duine, do dhein sé an dlígh, na deich n-aitheanta, do réir an nádúra san a chruthuigh sé féin, agus dúbhairt sé; “Ná sanntuidh bean do chomharsan; ná a thig; ná a pháirc; na a chailín aimsire; ná a bhó; ná a asal, ná aon nídh is leis.” Dá bhrígh sin is leis iad; leis féin fé leith. An ceart san atá ag gach duine fé leith chun a choda féin do shealbhú dhó féin, gan ar chumas aon duine eile aon chur isteach a dhéanamh air, tuigfear níos soiléire é má feuchtar air fé sholus na ndualgaisí a thagan ar an nduine n-a shlígh bheatha nú ameasg a mhuinntire. Nuair a bhíon an duine ag cuimhneamh ar shlígh bheatha do thoghadh dhó féin ní féidir d'aoinne a rádh ná fuil ar a chumas, do réir a thoile, pósadh nú gan pósadh, pé'cu is rogha leis, cómhairle an tSlánuightheora do ghlacadh agus maireachtaint singil, geanmnaighe, nú cúram mná agus clainne do ghlacadh air. Ní'l ar a chumas ag aon chómhacht ná ag aon úghdarás daona an dlígh úd a thug Dia do'n chine daona do chosg ná do chur ar neamhnídh, nuair a dubhairt sé, “deinidh meudú agus iomadú.” Sin againn, d'á bhrígh sin, an líntighe, an mhuinntir tíghe; is muinntir bheag iad gan amhras, ach is cumann iad go fírinneach. Is “socíetas” iad, agus is sine an “socíetas” san 'ná aon stát d'á bhfuil ná d'á raibh riamh 'sa domhan, agus tá a riaghalta féin agus a dhlighthe féin ag an “socíetas” beag san gan spleádhchas le dlighthibh ná le riaghaltaibh stáit ná náisiúin ar bith. [Ní críoch.]
CÚINNE NA MAC LÉIGHINN. “Ar an aos óg atá ár seasamh.” Sin abairt atá scríobhtha ar leathanach a naoi déag is fiche ins an chéad uimhir de'n tSíoladóir. Phreab mo chroidhe le lúthgháir nuair a léigh mé an abairt sin. Dubhairt mé liom fhéin: “Tá croiceann ar do chaint anois, a fhir eagair.” Acht cá bhfios damh an bhfuil an fear eagair dá ríribh? Sin í an cheist. Bainfidh mé triail as. Má thugann sé leathanach nó dhó do'n aos óg chun litreacha a scríobhadh nó chun scéalta a innsint, beidh a fhios agam annsin go bhfuil sé dá ríribh. Ní bheidh léightheoirí an tSíoladóra mí-shásta. Tá fhios agam go bhfuil cuid mhaith aca nach bhfuil ionnta acht scoláirí fásta thar meadhon. Tá a gcroidhe óg aerach éadtrom fós cé go bhfuil na ruic ag méadú ar a gceannaighthe agus a gcuid gruaige ag dul i liathadh agus cuid eile aca gan ruibe gruaige ar mhullach a gceann indiu. Is maith leobhtha caint agus gleo na bpáistí. Ní bheidh siad sásta gan cúinne fá leith bheith ag na páistí ins an tSíoladóir. Ar an ádhbhar sin dubhairt mé leis na macaibh léighinn atá ins an chomharsanacht seo againne rud éigin a scríobhadh le h-aghaidh an Irisleabhair seo agus é a chur ag triall ar an fhear eagair. D'iarr mé ortha 'na nduine agus 'na nduine sin a dheanamh. Bhí duine aca ró-ghnóthach, mar eadh, agus duine eile ró-fhaitcheach agus duine eile ag dul ar laethe saoire. Bhí leithscéal dá leithéid sin ag gach aoinne aca. Annsin chuimhnigh mé ar an fhuiseoig agus a nead agus dubhairt mé liom fhéin go scríobhfainn féin scéal. Seo fáith- scéal a bhfuair mé a chrámha ins an Fhrainncis * fad ó: An Bláth. Gheanfaidh sin cúis do'n chor seo. Acht caithfimid rud eigin a fhagháil ó'n aos óg le h-aghaidh an chéad uimhir eile de'n tSíoladóir. Ní chlisfidh siad orm an dara h-uair? Cuirfidh mé comórtas ar bun. An mac léighinn is fearr a scríobhfas aiste nó alt beag ar an Nodlaig roimh an chéad lá de mhí na Nodlag gheobhaidh sé púnt uaim. Cromaigí ar obair anois, a mhaca léighinn, agus ná deanagí aon dá chuid de bhur ndícheall. SEAN-MHAITIAS. * L'Ami du Jeune Étudiant, 1888.
AN BLÁTH. Nuair a bhí Eoghainín i n-a mhac léighinn, bhí bláth bán aige. Choinnigh sé ins an fhuinneoig é i dtólamh. Thug sé aire mhaith dó maidin as tráthnóna. Ba dheas leis an bláth sin, mar thainig sé ó n-a thír dhúthchais. Gach am a dhearcadh sé air chuimhnigheadh sé ar an gharrdha sa bhaile agus ar na bláthanna cumhra geala a bhí ag fás i n-a sraitheannaibh mar a bhfuair sé é. B'ionmhuin leis an bláth sin. Ghrádhuigh sé go mórmór é de bhrígh go rabh geallta aige é a thabhairt dá mháthair nuair a thiocfadh sí go dtí an choláiste. Ba mhian leis é a choinneáilt úr geal go dtí an lá sin. Ar an ádhbhar sin ní théigheadh lagadh air acht ag dearcadh ar an ghas úr agus ar an bhláithín ag fás agus ag borradh. Ní thiocfadh aon athrú air, dá luighead é, i gan fhios dó. Fáraor nach maoth so-ghonta an rud bláth! Níl aonnidh is tláithe ná é. Lá dá rabh sé ag siubhal amuigh faoi theas na gréine, thainig sé abhaile arís agus é tuirseach tnáithte. Rinne sé dearmad ar an bhláth a fhliuchadh. Chodail sé go sámh an oidhche sin agus rinne sé deifir chun seomraí na rang i ndiaidh a bhreicfeasta maidin lá ar na bhárach. Níor smaointigh sé ar an bhláth bhocht. Thainig an ghrian amach go glórmhar arís i lár an lae. Bhí an bláth ag fagháil bháis leis an tart, acht ní rabh aon lámh chonganta le braon uisce a thabhairt dó. Có luath agus a shrois Eoghainín a sheomra fhéin arís i ndiaidh obair an lae, thug sé fa dear go rabh na duilleoga críon seargtha agus an gas ar a chlaonadh. Boladh deas cumhra ní rabh le fagháil uaidh ní ba mhó. Bhí lí an bháis ar an bhláth ó mhullach talamh. Smaointigh sé ar na bláthannaibh eile a bhí ins an gharrdha sa bhaile. Smaointigh sé ar a mháthair agus ar an gheallamhaint a thug sé di. Níor bh'fhéidir leis na deora a chosc, an buachaill bocht! Tá bláth ann atá míle uair níos deise agur níos luachmhaire ná an bláth seo Eoghainín. Thainig an bláth seo adeirim ó thír i gcéin. Bláth a thainig anuas ó neamh atá ann. Is bláth maoth so-ghonta é. Loiteann beagáinín de cheo an bhóthair a áilneacht. Is leor puth na gaoithe chun a cheann a chlaonadh agus a chuid duilleog a chorruighe. Is leor gaethe na gréine chun é a sheargadh ar fad. Glaine croidhe an bláth seo.
A mhic léighinn óig, is léir duit anois brígh mo scéil-se. Is tusa Eoghainín. Glaine croidhe an bláth aoibhinn áluinn a bhronn Dia ort. Bhronn Dia ort é ins na blianta fad ó sul ndeachaidh tú isteach ins an choláiste. Cogar i leith chugam anois, a Eoghainín, a chroidhe. An bhfuil tú ag tabhairt aire mar ba cheart do'n bhláth uasal luachmhar seo? An bhfuil tú ag déanamh do dhíchill chun é a thabhairt ar ais gan smáchail gan smál do do Mháthair Bheannuighthe? Líontar Croidhe ár dTighearna le bród agus le lúthgháir nuair a dhearcas sé ar an bhláth sin. Ní bhíonn na h-Aingle cortha ó bheith ag amharc air agus ag fagháil a bholaidh. Dá mhéad aire dá dtugann tú dó, is eadh is deise agus is úire a fhásas sé. An gcuimhnigheann tú air sin, a mhic mo chroidhe? É. Mac Leanacháin Ní mór duit cúram mhaith a thabhairt do do ghlaine croidhe, mar níor mhór d'Eoghainín cúram mhaith a thabhairt chun a bhláth a shábháil. Ní mór duit an braon uisce a thabhairt dó agus é a chosaint ar ghaethe ró-láidre na gréine. Urnaighthe an braon uisce is riachtanaighe chun do ghlaine a chothú agus a neartú. A fhad 's bhíos tú díleas do do chuid paidreacha maidin is tráthnóna, ní baoghal duit do náimhde dá threise iad. Tarrain- geann gach paidir dá n-abrann tú an drúcht neamhdha anuas ar d'anam.
Acht an lá a leigeas tú faillighe i do chuid urnaighthe, mo bhrón, tá do chnaipe déanta an uair sin. Tá do bhláth bán ag seargadh agus ag dul i n-éag. Contabhairt an tsaoghail an ga gréine a mharbhuigheas an ghlaine, go h-áirighthe nuair a bhíos aon bhuachaill lag-shubhailceach. Tá a fhios agat-sa có maith le duine cad iad na h-ócáidí a bhfuil contabhairt ionntú. Muna féidir le gach scoláire iad a sheachaint ar fad, caithfidh sé é fhéin á neartú i n-a gcoinne. Buaileann tú le buachaillí atá tugtha do dhroch-chómhrádh — rud a nochtas an droch-intinn atá ionntú, óir an rud is giorra do'n chroidhe is giorra é do'n bhéal. Tá droch- leabhra ann fósta agus dúisigheann siad smaointe nach dtaithnigheann le Dia. Meallann pléisiúr bréagach an tsaoghail an t-aos óg ó bhealach na subhailce. Caithfear gach machtnamh éagcórach a smachtú agus gach mian mí-riaghalta a bhrughadh faoi chois chun an cogubhas a choinneáilt ionnraic éadtrom i gcomhair Dé. A charaid na gcarad, an mbíonn tú có cúramach sin fa dtaobh ded chogubhas agus a bhí Eoghainín fa dtaobh de'n bhláth shuarach úd? Nuair a ghní tú faillighe ar do chuid paidreacha an ngoilleann sé go mor ort? An mbíonn tú có faireach sin chun ócáidí an pheacaidh a sheachaint? Ná h-abair liom gur ró-dheacair duit-se an ghlaine a shábháil — go mbíonn tú có minic sin i mbaoghal tuislighthe agus na h-ócáidí có do- sheachanta sin agus an cathú có h-anfadhach sin. An dóigh leat gur suarach an díoluigheacht atá geallta ag Dia dhuit? Gheall Sé duit díoluigheacht ar an tsaoghal seo fhéin agus díoluigheacht shíorruidhe ins an bheatha atá le theacht. Áthas croidhe a gheobhas tú ar an tsaoghal seo. Cá bhfuightheá an duine a bhíos níos séanmhaire agus níos lúthgháirighe croidhe ná an t-ógánach glan gan peacadh gan smál? Ní h-aonnidh é seo seachas an díoluigheacht ata i ndán duit le h-aghaidh na síorruidheachta. Féach ar gheallamhaint ár Slánuightheora: “Is aoibhinn do lucht an chroidhe ghlain mar is iad a gheobhas radharc ar Dhia.” Agus arís: “Leanfaidh siad an t-Uan cibé áit a rachaidh Sé.” Ar an taobh eile de, nach truagh Mhuire an t-ógánach atá cean- gailte cheana féin le slabhraí a dhroch-chleachttha? Níor bh'fhios dó fhéin go dtabharfadh sé cead a chinn dá ainmhian nuair a bhog sé an srian ar dtús. B'fhada uaidh a leithéid sin dar leis. Acht anois bhéarfadh sé ór na cruinne ar bheith abalta ar na h-ainmhianta sin a shrianadh. Tá sé ceangailte le slabhraí an pheacaidh agus saorsacht ní'l i ndán dó acht ar aon choingeall amháin agus ní ghéillfidh sé do'n choingeall seo ar chor ar bith. Ní ghéillfidh sé d'aithrighe a dhéanamh agus iompódh go deo ó n-a dhroch-bhéasaibh, tá sé có dall sin anois. Tá aingle Dé ag féachaint anuas air agus iad ag sileadh deor.
A scoláire óig an dtiocfaidh an lá nuair a thréigfidh tú Dia agus na h-aingle a chrádhadh mar sin? Nár Leigidh Dia! Múscail do mhisneach! Ná h-abair: “Ní féidir liomsa.” Ná leig an focal sin thar do bhéalaibh. Is giorra dhuit grásta Dé ná an doras. Má bhíonn do náimhde go fíochmhar i do thimcheall, troid níos fíochmaire agus níos seasamhaighe agus beidh an bhuaidh agat. Cuimhnigh nach mbíonn tú i d'aonar ins an choimheascar. Bíonn aingle Dé mar chosantóirí i do thimcheall. Bíonn Naomh Ioseph i n-a chosantóir ag an aos óg go síor. Níl aon naomh is mó cumhacht le tú a chosaint ná é. Nach minic a chonnaic tú a íomhaigh cheannsa i n-a seasamh le h-ais na h-Altóra agus an lil bhán i n-a láimh aige? A scoláire óig, sé Naomh Ioseph cosantóir do ghlaine. Cuir tú fhéin faoi n-a choimrighe chumhachtaigh. Iarr air an bláth seo atá agat a ghlacadh faoi n-a chúram, Is féidir leis é a chosaint ar ghach cathú ó'n tsaoghal seo. Bhéarfaidh Naomh Ioseph do bhláth ar ais leis go Gharrdha Pharrthais áit nach dtiocfaidh meath ar a áilneacht ar feadh na saoghal.
“CREIDIM I NDIA.” Fonn — “Seán Ua Duibhir an Ghleanna.” Mícheál Breathnach, Baile Mhacóda, ro chan. Creidim i nDia an t-Athair, Do chruthuig neamh a's talamh, A's i n-Íosa Críost, A mhac-san, Do rugag ó Mhuire Ógh. Do dh'fhuiling páis a's peanaid, Fé Phónsuis Píoláit, sealad, Do cheusag a's do ghreadag, Ar árd-chrois, gan spéois. Fuair bás de bhárr an pheaca Dhein Ébha chlaon, a's Adam, A's chuaidh fé dhéin na n-anam Bhí i n-ifrionn fé cheó. A's ar theacht do'n dtriú' maidin, Do dh'eirig treun, ó thalamh, A's tá 'n A shuidhe, go daingean, Ar dheas-láimh Dé na gcómhacht. As san arís a thagann, Ag marcuígheacht ar na sgamaill, Chun breith do thabhairt ar mhairbh, A's ná déanfaidh éagcóir, Do'n naomh-sprid géillim feasta, A's do theampal naomhtha Peadair, Thá suidhte dluth ar charraig, A's ná luasgfaidh go deo, Go bhfuil an diabhal a's a aingil, A d'iarraidh, choidhche feacadh Do bhaint a's leagadh aiste, Gan buachtaint, d'ár ndóigh, I gcomaoine naomh a's aingeal, I maitheamhnachas do'n bpeaca, I n-aiseiríghe na marbh, A's sa t-síorruidheacht, gan gó. An t-Athair Pádruig Ua Cáthasa do Sholáthairaigh.
SAIGHDIÚIR AG COMHRÁDH LE DIA. AN tATHAIR RISTEÁRD PLÉIMEANN D'AISTRIGH Ó'N IODÁLAIS. A Dhia, a Athair, a Shlánuightheoir, a mhaith gan teora, tá gádh agam le húrnuighthe agus le machtnamh. Tá sé buailte isteach i m'aigne gur tusa a sprioc me chun úrnaighthe agus machtnaimh do chur síos; agus d'á bhrigh sin ar maidin indiu do dheineas tosnú. Tá súil agam lean- mhaint de'n obair le congnamh uaitse go dtí go mbeidh sé 'na bhéas agam agus go mbéidh an béas chómh haoibhinn dom, chómh tairbhtheach san ná féadfainn gan beart a dhéanamh d'á réir i gcomhnuidhé. Gach maidean, an tráth is feárr sa ló, an tráth is oireamhnuighe chun oibre —an fhaid a bhíon an duine go bhfuil a aigne agus a chroidhe sáithte 'sa tsaoghal agus i neithib a bhainean leis an saoghal, 'na shamchodla fós de dheascaibh a rábairne agus a leisge — dúiseochad ar eirghe lae, beidh ceileabhara na n-eun ag cur aoibhnis orm, agus beidh mo smaointe agam á dtabhairt suas duitse. Mo ghrádh thu. Is leatsa ar dtúis a bheidh comhrádh agam. Beidh me demhóideach umhal, grádhach. Beidh me ag lorg do bhriathair istig ionnam. Éistfead go cruinn aireach le gach cogar ód' ghrásta-sa, agus, i dtreo ná imtheóidh sé gan tairbhthe, cuirfead síos anso am leabhar sgríbhinne é. “Ní foláir dom sgrí” fé mar adubhairt Agustín naomhtha. Ó'n lá a chasas ar na sacraimintí do ghlacadh — na sacraimintí do chuiris féin ar bun, tá m'anam tortha- mhail. Bí sé 'na bhailc lom tirim. Tháinig do ghrádh anuas air mar a bheadh cioth. Do dheinis an branar do threabhadh; do chuiris ann síol na fírinne. Tá m'anam mar a bheadh gáirdín ad láthair. Tá sé lán de bhláthannaibh. Tá solus na gréine ag taithneamh air, tá guth na n-uisgíacha agus iad ag gluaiseacht, le cloisint ann. Tá baluithe cumhra 'na thimpal. Ach soluíd shuarach é sin ar an obair atá déanta agat ar m'anam. Cad é mar gháirdín! cad é mar sholus! cad é mar chúmhracht! Fé réim an bháis iseadh bhíos. Ní raib ionnam ach luaithreach agus lobhthacht nimhe. Tá a mhalairt de sgeul agam anois. Táim beo; tagan na smaointe chugham go tiugh, smaointe go bfuil beatha agus fírinne ionnta. Measaim, d'á bhrigh sin, gurabh olc uaim é mara ndeininn ach éisteacht leo agus ansan iad a sgaoile tharm. Ní mór dom iad a bhuanú le m' peann, i dtreo go mbeid siad le fághail airís,
agus i dtreo go dtéid siad níos mó agus níos daingne i bhfeidhm orm. Comhartha san go bhfuilim dáríribh; agus 'san am gcéadna taisbeánfidh sé le gniomh an buidheachas atá agam do Dhia. Tá an iomad smaointe agam, an iomad ar fad. Táid siad mar a bheadh sídhe-ghaoithe, nú mar a bheadh faraige, nú mórshluagh gan sos gan suaineas. An aigne nuair a bhíon an creideamh i seilbh ann, agus an croidhe nuair a bhíon an charanacht ar lasadh ann, is dá mhar a chéile iad, bíon na barraí ró-shaidhbhir ró-fhlúirseach ann, agus na buanuidhthe go suarach a's go lag. Ach cad é an sadhas an seirbíseach a bheadh chómh leisgeamhail, chómh spriosánta agus gan aon rud a dhéanamh toisc gan bheith ar a chumas gach aon rud a dhéanamh. Is mór go deimhin iad trioblóidí an tsaoghail seo, agus gan leigheas agam ortha. Tá an saoghal ag dul i gcoinnibh formhóir na ndaoine. Is uathbhásach agus is tubaisteach iad na h-uilc atá ag oibriú sa tsaoghal. An féidir an sgéal do leigheas? Fóiríor! ní'l ag gach aoinne againn ach an dá láimh; ní mór an chreideamhaint atá againn; agus is suarach é ár ngustal. Ach is cuma san. Beagánín deig-mhéinne, beagánín misnigh; agus deinmís ár ndicheall go ciúin a's go cruinn; chómh maith agus dá mbeadh leigheas gach aon rud ag braith ar ár saothar, d'á shuairighe é. Cé fhéadfadh a mheas ná a thuisgint luach saothair gnímh charanachta. Dá mba ar an saoghal so féin é is mór le rádh gníomh de'n tsórd san ann féin agus mar shampla; ach cad is fiú é i lathair Dé; cad é mar áthas a chuirean sé ar aingil na bhFlathas. Cuirean an Slánuightheóir féin — moladh a's buidheachas leis — i n-úil dúinn an méid san mar is go dian a dh'iarran sé orrainn é do dhéanamh, agus is ró fhial a gheallan sé tuarasdal dúinn as. Nuair a thiocfaidh sé chun breitheamhantuis a thabhairt ar bheóibh agus ar mharbhíbh, tabhairfidh se tuarasdal mar gheall ar gach caranacht a deineadh, d'á shuaruigheacht an duine gur deineadh air é, chómh maith agus dá mba air féin a deineadh é. Agus ar an dtaobh eile dhe, is ionann 'na láthair cabhair a's cognamh do dhiúltú do dhuine, dá shuairighe é, agus cabhair a's cognamh dhiúltú dhó féin. Mar sin leis do neithib a bhaineann leis an aigne. Pálás na Fírinne, is fada síos a bhun, ach téidhean a bhuaic suas go Flathais Dé. Níl sé ceart againn na súile dhúnadh agus an aigne d'iompáil ón bpálás san toisc ná tig linn é go léir do bhreathnú. Feuchamís ar an méid de is toil le Dia thaisbeáint dúinn, agus do réir an tsoluis atá againn agus géire an radhairc atá againn, adhraimís go h-umal. Cad chuige an iomarca dh'iarraidh? Ní beag a bhfuil againn díobh chun áthais do chur orrainn; tá an saoghal ag dul amú; tá sé ag lámhchán sa dorchadas; ach mar sin féin, ní chuirean Dia 'na churam orm an saoghal go léir do thabhairt saor ná do chur ar a leas. Ní iarran sé orrainn ach a thoil naomhtha do dhéanamh agus aoibhneas na bhflathas do chur i n áirthe dhúinn féin dá bharr.
Ní gádh dhúinn dul in éadóchas. Tosnuighmis ar an gceann chóir de'n obair; tosnuighmis orrainn féin. Labhramís an méid de'n fhírinne atá againn, d'á luighead é. Mara ndeintí tairbhthe ach d'aon duine amháin, ní beag san. Ní bheidh an saothar in aistear. Cuir i gcás ná éistfeadh aoinne linn, 'na thaobh san is uile, beidh ar ndualgas déanta againn, beidh ar fhéadamair déanta againn. Rud mór é sin. An té labhran an fhírinne, adhran sé Dia agus téidhean suas chum Dé gach aon ghuidhe d'á shuairighe é. Ní imthighean ar neamhnídh aon rud i lathair Dé, ó's aige atá gach ruibe d'ár ngruaig áirmhthe. Cuirfead síos gach aon rud go macánta osgailte; fágaim mé féin fé anál Dé. Éistfead le m'chroidhe, aghus istig am chroidhe déanfad dicheall ar ghuth Dé dh'aireachtaint. Cuirfead uaim gach rud a chuirfeadh amú mé, agus fanfad go ciúin socair. An mbeidh aon toradh ar mo chuid saothair? Ar an machtnamh a bhíon agam á dhéanamh, agus gan é cruinn do réir a chéile? Ni fheadar. Fágaim fé Dhia an sgéal ar fad. Is againne atá an síol a chur; is ag Dia atá an barra do chur in áirmhthe. Pe'ca 'nár gcodla nú 'nár ndúiseacht dhúinn é, ní baoghal ná go bhfásfaidh an síol. Tabhairfidh Dia an bhreith do réir na h-intinne atá againn, agus ní do réir toradh na n-oibreacha. Nuair a chruinneochad mo mheabhair agus mo chiall ionnatsa, ansan iseadh bheidh áthas orm, ansan iseadh bheidh mo chuid oibre tairbhtheach, ansan iseadh bheidh radharc agam ort i dtreo go bhféadfad grádh a thabhairt duit ó'm chroide in iomláine. Má bhronnan tú síothcháin orm agus suairceas spriodálta, is lán suas de cheól a bheidh aigne do sheirbhísigh feasta. Si das pacem, si gaudium sanctum infundis, erit anima servi tui plena modulatione. Ní Críoch.
AN BOSCA DAINGEAN. An Iosachar Ben Easra so, ceannaidhe do b'eadh é, agus brughaí ag a raibh tréada móra caorach ar Mhuigh Éasdraolóin, líne fhada chamall bhíodh de shíor ag iomchar earraí dhó idir Thír is Damascus agus iomad fíonghort ar chliatháin na gcnoc. Duine tábhachtach, uime sin, é; é go duairc-thromdha, dorcha, doicheallach i gcomhluadar cháich; béala tanaidhe aige, do chidhtí ar éigin tríd a fhéasóig fada, liath-bháin; súile donna, cruaidhe aige ná maoltaoi riamh ar a ndúire —fiú féin le linn dó bheith ag comhaireamh a chuid sochar is farasbár, cé go mbídís san ag dul i mbreis i gcomhnuí. I sráid áirighthe i Nasareth, fé'n am so, bhí an Bhaintreabhach, Muire, na comhnuí i bhfochair a h-Aon-Mhac, Íosa, siúinéar. Fear árd, ciúin é an Siúinéar so, gruaig dhonn air, is í ag tuitim sias síos leis tar a ghuailnibh, agus féasóg ruagh i bhfoirm gabhlóige. Dála a ghotha, bhí a lán nótaí sár-bhinne, éagsamhla ann, agus na súile do bhí aige, ba cheanúil, chneasta a bhféachaint, acht amháin iad do bheith go doimhin diamhar, ar nós súl duine agá mbeadh caidreamh minic le Dia. Níorbh annamh iad agus ruic neamhchoitcheanta grinn ar a gciumhaisíbh mór- thimcheall leasmuigh. B'é an t-am, ámhthach, ba mhó thugtaoi na ruic éagsamhla so fé ndeara, ná le linn dó bheith ag agallamh leis na lean- bhaíbh gur bhéas aca teacht gach lá tar éis na scoile, ag triall ar A mhonarchain, d'aon ghnó chum bheith ag faire Air agus É ag obair. Dhéanadh Sé feadáin aodhaire dhóibh d'adhmad na sailighe san earrach, agus caisil. D'inniseadh Sé scéalta sár-thaithniucha dhóib ar dhaoinibh móra a gcine do bhí imthighthe le fada ar shlighe na fírinne, ar Naomhaibh Israél, ar na h-iolara chidhtí ar folamhain os cionn Sliabh Tábuir, ar shionaigh na gcnoc agus ar dhúilibh Dé nách iad. Thagadh an Mháthair le n-a cuid fuadhála agus shuidheadh le h-ais dorais na monarchan d'fhonn bheith ní ba ghiorra dhó. Bhailigheadh na leanbhaí na thimcheall, is d'eis- tigheadh sise chomh maith leo an fhaid bheadh Sé sin ag innsint a chuid scéalta dhóibh. Nuair chromadh Sé ag caint ar mhéid ghrá Dé dhúinne, thagadh scéimh fé leith ar a cheannacha, agus snáithide na Máthar do stadaidís annsan dearmhadta. Dheireadh cuid des na leanbhaí do b'óige go bhfeicidís féin an solas mór-thimcheall a chinn agus É ag caint ar an gcuma san, acht is amhlaidh ghnidheadh na tuismightheóirí gáire fé n-a leithéidí siúd de bhaoth-smaointibh.
Ó am go h-am ghabhadh an Mháthair abhrán dóibh, agus dála an Mhic, cé go leanadh Sé go seasmhach dá chuid oibre, ní bhacadh san leis gan cur léi na h-abhrán. Ghlacadh na leanbhaí an ceól mar an gcéadna, is annsan dh'airightí uatha go léir i n-aonar:— “Sé an Tighearna m'aodhaire, is ní bheidh easbuí orm Do bheir Sé orm luighe i n-inbhear fhéir mhínligh Treórochaidh * Sé mé láimh leis na h-uisgíbh ciúine Aistreochaidh * Sé m'anam Treórochaidh Sé i slightibh na bhfíréantachta ar son A ainme féin. Cé go siubhlochad i lár scáile an bháis, ní bheidh eagla uilc orm Óir atáir-se mar aon liom, a Thighearna?” Aon lá amháin ghabh an Mháthair abhrán anaithnid dóibh, abhrán nár airigheadar riamh roimhe sin:— “Mór-mhola óm anam-sa do'n Tighearna Agus do ghlac mo spioraid gáirdeachas i nDia mo Shlánuighthóir Óir d'féach Sé ar ísleacht a chumhaile Mar féach as so amach, déarfaidh an uile shliocht gur aoibhinn dom Óir rinne an té atá comhachtach neithe móra dhom Agus is naomhtha a ainm …” Ar na fochlaibh seo do rádh dhi, tháinig ciach na glór, is chrom sí ar ghol, — rud do theip go glan ar na miondaoinibh a thuigsint. D'imthigh sí léi an doras isteach sa tigh muintire, agus ar an nomant dearg san, cé bhuailfeadh isteach sa mhonarchain acht Iosachar Ben Easra. Do stad an Siúinéar dá chuid oibre agus d'fhéach air. “A Íosa, Mhic Iósaph,” ar Iosachar, “déan dom bosca daingean darach bheas cheithre bandla ar fhaid, trí bandla ar leithead agus an oiread céadna ar doimhne. Ceangal go diongmhálta le chéile é leis an iarrann chuirfeas chughat, fém órdú-sa Tubal, gabha, chuige. Cuir borlaí leis 'na bhfuighinn rudaí áirighthe is mór-luaigh liom do chimeád. An mó bheas uait ar an obair?” “Cheithre buinn d'airgead Ioruidh,” arsa Íosa, saor. ‘Preit, a dhuine,” do scread Iosachar, “cheithre buinn airgid! an as do mheabhair atáir?” “Tá go maith,” arsa Íosa, saor. “Teighir ag triall ar dhuine éigin ghnífeas ar dhá bhonn duit é. Ní dhéanfad-sa air é, pé scéal é;” agus chuir Sé a thuireasc ag obair ag scoilt cláir adhmuid. Leis sin, thiomán Iosachar leis an doras amach is dhírig an Saor arís ar chaint leis na leanbhaíbh. Fé chionn nómaint na h-uaire, ámhthach, d'fhill an ceannaidhe agus adubhairt:— * Aimsir chaite annso i Laidin agus i mBéarla.
“Seadh, teastuigheann an bosca úd uaim láithreach ball: bhéarfad trí buinn duit air, acht pingin níos mó ní bhfuighir.” Do lean an Saor air ag caint leis na leanbhaíbh: “Agus dála na mná boichte,” ar Sé, “thug sí dá cuid mine is ola don bhfáidh, cé gur mhór í a práinn féin leo —” “An airigheann tú leat me?” arsa Iosachar agus dranna air, “nuair theagaim ag triall ar do leithéid-se d'oibridhe, d'fhonn obair do thabairt dóibh is gnáth leo bheith go deaghbhéasach liom.” “Is gnáth deaghmhúinteacht liomsa leis ó lucht obair do thabhairt dom,” ars an Saor ag leanúint dá chuid cainte leis na leanbhaíbh: “— agus fuair Dia, an t-Athair, árd-ghreann i ngrá-Dé na mná úd, agus bhronn Sé a shíocháin uirri agus ní dheaghaidh an mhin ná an ola i ndísc.” Do deargadh ar aghaidh Iosachair le teann feirge agus bhí sé ar tí masla is taircisne do spalpadh amach ar an Saor nuair do stad Sé seo dá chuid cainte leis na leanbhaíbh is d'féach idir an dá shúil air. Níor bhog Iosachar a bhéala. “Do-ghnífidh mé an bosca ar thrí buinn acht go ndéanfair-se an ceathrú ceann do roinnt ar na daoinibh bochta.” “Ó dhe mhuise, deirim-se na daoine bochta leat! An aicme úd bhíonn gá síor-ghoradh féin fén ngréin, an eadh? Ar ndó, ní leigfeadh mo choinsias dom an dealbhas do chur ins na cnámhaibh aca. Déanaidís obair mar a dheinim féin! Ar a shon sin is uile, ní foláir dom an bosca bheith agam: déan é agus díolfad na cheithre buinn leat; acht gabhaimse orm gur foghluidhe na stéillibh bheatha thú.” D'fhreagair an Saor; “Níl dhá iarraidh agam acht tuarastal iomchubhaí ar mo chuid oibre —acht, ar mh'falaing féin mhuise, más cníopaire maoine, is rábhaire briathar thú!” Annsan do lean Sé leis ag scoilt an chláir is bhailigh Iosachar leis. Rinne an Saor an bosca is cheangail le chéile go daingean docht le nasca iarrainn is le reama é. Do líon Iosachar Ben Easra d'ór is de sheód-chlochaibh é, de chomhalltaíbh do scríobh lucht dlighe ar phár, de chúntasaíbh ar a chuid tráchtála. Dh'íoc sé na cheithre buinn agus thug Íosa bonn díobh do bhacach dhall thárla bheith le h-ais an gheata dá ngoirtí geata Ierúsalem. Shleamhnuigh an bhliain thart go dtáinig an fhearthainn gheimhridh. Bhíodh Muire na suidhe ag doras na monarchan ag sníomhadh is ag gabháil abhrán gciúin léi féin os íseal; agus gach lá le n-a chéile ghnidheadh an Saor bairlí le h-aghaidh fóghmhair an fhíona, nó dheisigheadh Sé trucaile na mbullán agus a gcuid chuing, le linn dó bheith ag
teagasc na leanbhaí bhíodh na suidhe i measc speallán is sliseóg urláir na monarchan. Tráthnóna agus an fhearthainn ag cnagarnaigh go h-árd is go tiugh ar dhíon na monarchan agus an t-uisce donn-ruagh ag déanamh chrónáin ar an sráid os a comhair amach, cé thiocfadh go dtí an doras acht mac Iosachair Bhen Easra agas dubhairt sé le h-Íosa:— “M'athair-se d'éag indiú. Déan comhra dhó de shaodar Liobanuin, agus ar dteacht don tigh duit, ba mhaith liom dá dtaisbeáinfeá dhom cionnas bosca áirighthe dh'oscailt, an bosca daingean úd rinnis dó.’, Chuir Muire Máthair stad le dórdán a túirne, agus ar mbeith don ógánach tar éis cur de arís go h-éascaí éadtrom, dh'fhiafraigh sí dá Mac den tSaor: “Ar mhiste dhom urnaighthe do chur le h-anam Iosachair Bhen Easra?” Sé an freagra thug an Saor uirri: “Tá sé ró-dhéanach”, ar Sé, “dhún sé a bhosca daingean — agus a chroidhe maille leis — go ró-dhocht le n-a bheo.” Iar san rinne Sé an chomhra as cláracha de shaodar Liobanuin agus mhol sagart na h-áite Iosachar Ben Easra i n-óráid móir sochraide. Dá mhéid a shaidhbhreas, níor thug sé leis chum na h-uaighe acht comhra suasach is eisléine! D'oscail an mac an bosca daingean a luaithe i n-Éirinn tháinig leis an tigh d'fhollamhú tar éis na sochraide. Thug bóthar Ierúsalem air gan stad, agus tar éis dó a chuid do scapadh go ráibearnach ar bhean rinnce ón Éigipt bhíodh na comhnuí ar Shliabh Shíoin le h-ais Geata Dáibhidh, tar éis dó san do dhéanam, dh'imthigh sé ar ceal le fán an tsaoghail. Micheál Mag Craith, C.Í.
NÓTAÍ. Ní mór dúinn ár mbuidheachas do ghabháil leis na daoine a thug cabhair a's congnamh idir airgead agus sgribhinní dhúinn i gcóir AN SÍOLADÓIR. Iarramid ar lucht léighte an Irisleabhair a chur i n-iúl dá gcáirdibh idir cléir a's tuath go bhfuil a leithéid ann. Is follus dúinn anois de bhárr a bhfuil fachta againn de leitreacha molta as gach aon áird gur thaithn AN SÍOLADÓIR le n-ár léightheoirí. Tugann an teistiméireacht san ana-shástacht aigne dhúinn. A léightheorí ionmhuine, tá's agaibh ná beathuighid na bréithre na bráithre! ní maith linn aon ghearán do dhéanamh, ach ní féidir dúinn AN SÍÓLADÓIR óg do chur chun críche gan “neóráin an chogaidh” do bheith againn chun é chothú. Níl an sparán againn go ró-theann, níl aon chiste puiblidhe chun tarrac as. Tuigeann sibh an sgéal. Tá géar-ghádh againn le hairgead chun AN SÍOlADÓIR do thabhairt amach mar is ceart agus mar is cóir dó. Dá ndéanfadh gach aon fhairche a cion féin fé mar a dhein Tuaim agus Fearna, bheimís neamh-spleádhach go maith. Fuaramair carn airgid ó'n Athair Mártain Ua Riain agus ó'n Athair Risteárd de Brún, agus ó'n Athair Seághan Ua Míodhacháin. Is mór an chreid- eamhaint dóibh é. Ní féidir dúinn freagra do thabhairt ar na leitreacha go léir a tháinig chughainn ag moladh an Irisleabhair — bíodh a fhios ag gach-n-aon óna bhfuaireamair leitir, go bhfuilimíd ana-bhuidheach díobh; ach is mór thar bárr an t-áthas dúinn leitir d'fáil ó “charaid 'sa chúirt.” Fuaireamair leitir mholta ó chúigear des na tighearnaí Easbuig. Ní gádh dúinn a rádh go bhfuilimíd ana-bhuidheach díobh mar is eol do chách a dheacra is atá sé dhóibh aon uain d'fáil, de bhárr na hiomadúlachta diúité atá aca idir domhnach agus dálach. Tháinig na leitreacha shíos chughainn: sidiad agaibh iad. ARA COELI, ARMAGH, 15th October, 1919.
Do cuireadh in iúl dúinn go mbéadh sé ana áiseamhail do shagairt i mbun na bparóistí sa Ghaedhealtacht, dá gcuirtí isteach san Irisleabhar creatalaigh nó cnámha seanmóine gearaide a bheadh oiriúnach don choitchiantacht — rud éigin de shaghas “five minutes' sermons” atá dhá chur amach i mBéarla. Is maith an cuimhneamh é. Déanfar san feasta. Iarramíd ar na sagairt óga atá i mbun an Teagasc Críostaidhe mar chigirí insa Ghaedhealtacht cúntas do thabhairt dúinn ar an obair — nú gearr-cheact do scríobhadh as Gaedhlainn ar phointe éigin sa Teagasc d'fhonn is go bhfeicfidhe conas is ceart é dhéanamh. Duine d'ár léightheoirí a dhiarr orainn na ceisteanna i gcóir faoisdine generálta do chur i gclódh 'sa chéad uimhir eile. Maith an áit go raibh sé. Ar ádhbhairighe an tsaoghal tá a leithéid ann ó láimh an Athar Peadar féin. An leabhar-úrnaithe a chuir sé le cheile sar ar bh'é toil Dé é ghlaodhach chuige, tá sé ar láimh ag na clódóirí le tamal.
AN GEALL GAEDHEALACH.
ÁR gCÁIRDE. CUIREADH AN t-AIRGEAD SEO CHUGHAINN AR SON AN tSÍOLADÓRA. DOIRE — An t-Athair Seagháin Mac Seagháin, Coláiste Colm Cille £1 0 0 DÚN AGUS CONNAIRE — An tAthair Seumas ó Conghaile, Bai e Rághnaill 1 0 0 An tAthair Seumas ó Néill, S.P. 1 0 0 RATHBHOTH — An Dr. Ró-oirmhidneach Pádraig ó Domhnaill 5 0 0 BAILE ÁTHA CLIATH — An tAthair Pádraig ó h-Eidín, Cluain Tarbh 0 10 0 FEARNA — An tAthair E. ó Dubhghaill 0 10 0 An tAthair M. ó Murchadha 0 10 0 An tAthair P. Breathnach 0 10 0 An tAthair S. Dairsigh 1 0 0 An tAthair P. Caomhánach 0 10 0 An tAthair P. ó Briúin 0 10 0 An tAthair E. Faoilear 0 10 0 An tAthair C. ó Dubhghaill 0 10 0 An tAthair T. ó Móráin 0 10 0 An tAthair M. Rásaitear 0 10 0 An tAthair S. ó Murchadha 0 10 0 An tAthair M. ó Murchadha 0 10 0 An tAthair A. Mac Cormaic 0 10 0 An tAthair S. Furlong 0 10 0 An tAthair P. Mac Eochadha, S.P. 0 10 0 An tAthair P. ó Dubhghaill, S.P. 0 10 0 An tAthair R. Mac Eínrí, S.P. 0 10 0 An tAthair S. ó Longaigh, Canónach 0 10 0 An tAthair S. Sionóid 0 10 0
An tAthair P. Mac Uaid £0 10 0 An tAthair S. Deóráin 0 10 0 An tAthair S. ó Cuid 0 10 0 An tAthair L. Harpur 0 10 0 An tAthair S. Samraidh 0 10 0 An tAthair S. ó Murchadha 0 10 0 An tAthair A. Mac Eochadha 0 5 0 An tAthair S. Caomhánach 0 5 0 An tAthair S. ó Cubinn 0 10 0 An tAthair R. Mac an Ghaill 0 10 0 An tAthair E. ó Caomhánach 0 10 0 An tAthair A. ó Briain 0 10 0 An tAthair C. Frinse 0 10 0 An tAthair S. ó Brían 0 10 0 An tAthair D. ó Laighin 0 10 0 An tAthair F. E. ó Ruairc 0 10 0 An tAthair S. ó Conchobhair 0 10 0 An tAthair S. ó Grádaigh 0 10 0 An tAthair P. ó Cuimín 0 10 0 An tAthair S. ó Cingeadh 0 10 0 An tAthair T. ó Brion 0 10 0 An tAthair R. ó Caomhanach 0 10 0 An tAthair S. Mac Cárthaig 0 10 0 An tAthair S. ó Praindig 0 5 0 An tAthair T. ó Coigligh, S.P. 1 0 0 An tAthair S. Mac Crosáin 0 10 0 An tAthair R. ó h-Iceadha 0 10 0 Síntiúisí eile ón Athair M. ó Riain, i gCill Mólin 8 15 0 CLUAIN UAMHA — An tAthair Tomás ó Tóibín, Maineastar Fhear Muighe 1 0 0 An tAthair Padraig ó Cáthraig, Mag Ealla 1 0 0 An tAthair Sionnaig ó Cáthraig, Mag Ealla 0 10 0 PORTLÁIRGE — An tAthair Labhrás Mac Aodhagáin Dún Garbháin 1 0 0 An tAthair Seaghán ó Céileachar, Coláiste Naomh Eoin 1 0 0 TUAIM — An Dr. Ró-Óirmhidneach Tomás Mac Giolla Mhártain 1 0 0 An tAthair M. ó Cearnaigh 0 7 6 An tAthair M. Mac an Mhileadha 0 7 6 An tAthair M. Mac Conraoi, S.P. 0 7 6 An tAthair C. ó Cuinneagáin 0 7 6 An tAthair M. Mac Aodha, S.P. 0 7 6
An tAthair P. ó Domhnalláin £0 2 6 An tAthair M. ó Muirghis 0 7 6 An tAthair M. ó Cingeadh 0 7 6 An tAthair M. ó hAnnáin 0 7 6 An tAthair S. ó Máille, S.P. 0 7 6 An tAthair M. ó Murchadha 0 7 6 An tAthair E. ó hAnnáin 0 7 6 An tAthair L. ó Ceallaigh 0 7 6 An tAthair A. ó Móráin 0 7 6 An tAthair T. ó Riada, S.P. 0 7 6 An tAthair P. ó Loinsig 0 7 6 An tAthair P. ó Corráin 0 7 6 An tAthair S. ó Móráin 0 7 6 An tAthair S. ó Maitleat, S.P. 0 7 6 An tAthair S. Priondargás 0 7 6 An tAthair P. de Brett 0 7 6 An tAthair P. Cíosóg 0 7 6 An tAthair S. ó Máille 0 7 6 Síntiúsí eile ón Athair S. ó Miadhacháin, Caisléan an Bharraigh 8 5 0 COLÁISTE MAIGH NUADHAT — An Dr. M. ó Sióthcháin, Canónach 2 0 0 An tAthair P. Mac Suibhne, M.A. 0 10 0 An tAthair M. Éatún, B.D. 0 10 0 An tAthair S. ó Dúnadhaigh, C.M. 0 10 0 An tAthair T. Sutton, C.SS.R. 1 0 0 An tAthair Brian ó h-Iceadha, St. Mary's, Wellington Road Ashton-under-Lyne 2 2 0
“NÍ NEART GO COR LE CHÉILE.” AN CUMANN GAEDHALACH CÓMH-OIBREACHAIS UM THÁILLIÚRACHTA. Déanfimíd an gnó, a Shagarta, go cruinn taithneamhach dhíbh. Cuiridh bhúr n-órdú ag triall orainn.
CÁRTAÍ NODLAG GAEDHEALACHA. Geibhtear na cártaí is deise agus is Gaedhealaidhe atá le Fághail, comh maith le Leabhráin, Bréagáin, agus Féiríní deasa eile i gcir Na Nodlag i siopa MHÁIRE NÍ RAGHALLAIGH, Siopadóir Leabhar agus Páipéir, 87 SRÁID UACHT, NA DRISEOIGE, ATH CLIATH. EARRAIDH GAEDHALACHA AMHAIN. Guthán 3521. Ó'GLASÁIN. Is a Chuideachta. A Léighthéoirí! Ná déinidh dearmhad ar ár gcáirdibh thuas!
TICÉIDÍ IGCÓIR AN PHÁIDRÍN PHÁIRTEACH BÉO, Boinn, Ribíní, &rl, igcóir Cualacht an Chroidhe ró-Naomhtha. Is féidir linn iad-so do sholáthar tríd a bpost céadna. DOLLARD, CLÓDÓIRÍ, TTA., Céibh Bellington, Ath-Cliath. Cuidigh le Déantús in-Éirinn! Tobac d'fás in-Éirinn. M. R. LEATHLOBHAIR, 36 Sráid Nassau, Ath-Cliath. M. R. LALOR, 36 Nassau Street, Dublin. TÍR & TEANGA! Ceannuighidh Bhur gCuid Píopaí, Sigáraí, Tobac, Toitíní & Snaoisín, ó KAPP & PETERSON, TTA., 55 & 117 SRÁID GRAFTON, 56 SRÁID UÍ CHONAILL, ATH-CLIATH. COINNLE IGCÓIR NA H-ALTÓRA 75%, 25%, 65% Céir na mBeach Ó LEATHIOBHAIR, TTA., 14 CÉIBH ORMUIN, ÍOCHTAIR, ATH-CLIATH. DÉANTA IN-ÉIRINN. A Léighthéoirí! Ná déinidh dearmhad ar ár gcáirdibh thuas!
Guthán 4804 — Telephone 4804. SIOPA NA LEABHAR nGAEDHEALACH, TTA. An Siopa Leabhar is feárr. Atá gach aon Leabhar Gaedhealach atá fé chló againn. Gheobhaidh tú an clár saor tríd an bpost. PICTIÚR NA MAIGHDINE SÍOR-CHABHRACH. Clóbhuailtear an pictiúr seo ar fheabhas IN-ÉIRINN. Fíor-chóip de'n phictiúir atá san Róimh 'seadh í. Sgilling a luach. Ag cur amach ag. UA FAOLÁIN & A MHAC, 17 Céibh Uacht. Ormuin, ATH-CLIATH. guthán: 464 Seoladh — Telegrafíceach: “Nanoc, Dublin.” UAITÉAR CONÁIN TÁILLIÚIR, SRÁID CHILLE-DARA, 44. Is Tig leat do chuid gnótha a dhéanamh as Gaedhilge sa siopa seo. Gach aon saghas táilliúireachta igcóir na Cléire. NÁ DEARMHAD AN SEOLADH!
AR BUN Ó 1824. TOMÁS, LIAM & SEÁN Ó CEALLAIGH BAILE ÁTHA CLIATH, 89 Sráid Íochtarach Ghárdiner. Oifigí: 1 & 2 SRÁID AN FHEISTIGHE, BAILE ÁTHA CLIATH (Le h-ais Bhannc na h-Éireann). FÍOR-FHÍON ALTÓRA Iarramuid go h-umhal ar Uachtaráin na h-Eaglaise agus ar Chléir na hÉireann leanamhaint de cheannach ar gcuid Fíor-Fhíon Altóra mar san am atá thart. Is le h-aghaidh na h-Altóra a gheibhimid é, agus tá sé dá dhíol againn ar fud na h-Éireann, na Sasan, agus na gCoilíneacht le trí glúinibh. A luach ar fagháil uainn ach a iarraidh. 3/- an duisín ar na buideáil fholamha dá thabhairt againn nuair a chuirtear chugainn slán iad agus costas an iomchair díolta. Níl baint againn le dream ar bith eile ins an obair. Gothán: BAILE ÁTHA CLIATH 1612. Sreang-Sgéalta & Cáblaí: “Threekays, Dublin.”
ARÁN MHIC CHINNÉIDIGH An Saghas is Fearr dá bhfuil ann. BÁCÚIS 124-130 Sráid Phárnell agus Bácús Naomh Pádraig, BAILE ÁTHA CLIATH.
DUAISEANNA. Bhéarfar dhá dhuais don bheirt a chuirfeas isteach chuig MUINTIR MHIC AN GHIOLLA 50 SRÁID UACHTARACH UÍ CHONAILL BAILE ATHA CLIATH AN DÁ LIOSTA Is mó d'ainmneachaibh cheannuightheoirí an tSÍOLADÓRA le haghaidh na bliadhna seo. Caithfidh gach liosta bheith istoigh roimh an chéad lá de mhí na Nodlag seo chugainn. Agus mar aon le gach liosta caithfidh 10/- a bheith ar son gach ainme ann. Punt an chéad duais. Deich Sgillinge an dara duais. Fuair Seán Mac Guaigín, Béal Feirste, an chéad duais i mí Lughnasa. E. J. KEARNEY
Cléirigh & a Chuideachta AN TIGH THAR BÁRR. Igcóir na Cléire ar a bhfuil eolas maith aca. ATH-CLIATH. LEABHRA NUADHA. THREE HILLS — Le Eoin Ua Mordha. Aiste sár-chliste ar stair na tíre agus na daoine atá le feiscint ó bhárr trí cnoc i Laoighis, Uí bhFáilghe agus Lancashire. Clúdach páipéir agus pictiúir air. Luach 1/3d.; tríd an bpost 1/5d. CLONTARF — Dráma stariúl Gaodhalach do sgriobh Rev. J. B. Dollard ughdar: Irish Mist and Sunshine, The Gaels of Moondharrig, Irish Lyrics and Ballads, Collected Poems of Father Dollard, The Jesuit Trail, and other Poems of New France, etc. Clúdach clóbhuailte go deas agus pictiúir ó láimh Grace Plunkett air. Luach 1/3d.; tríd an bpost 1/5d. THE SOCIAL TEACHINGS OF JAMES CONNOLLY — Le Rev. Lambert M 'Kenna, S.J. Leabhar gur ríachtanach do gach Éireannach an lae indiu é bheith leighte aige. Luach 1/3d.; tríd an bpost 1/5d. NELLIE M'MAHON, B.A. — Úrsgéal suimúil sár-dhéanta le Bessie O'Neill. Clúdach láidir agus páipéar le pictiúir tri dath mór-thimpeall air. Luach 2/6d.; tríd an bpost 2/9d COMHLUCHT NA FÍRINNE CATOILICE IN ÉIRINN, 24 SRÁID UACH. UÍ CHONAILL, BAILE ATHA CLIATH.
FEACH A CHÁIRDE Ar maith libh £5,000,000 a choiméad in-Éirinn? Má's maith, deunidh sibh bhurgéuid Urradhais leis. AN GAEDHEAL COMHLUCHT TAIGHDE UM URRADHAS NÁISIÚNTA, TTA. Ba chóir do gach aon Shagart acuidín linn! ÁRD-OIFIG: 30 FAITHCHE AN CHOLÁISTE, BAILE-ATH-CLIATH.
BA CHEART DO GACH AON tSagart i n-Éirinn na leabhair seo de leabhraibh an Athar Peadair a bheith aige:— NA CHEITHRE SOISGÉIL 4/6 AITHRIS AR CHRÍOST 6/- SEANMÓIN IS TRÍ FICHID I. 4/6 SEANMÓIN IS TRÍ FICHID II. 4/6 Mara bhfuilid agut cheana cuir púnt airgid chun. BRÚN AGUS Ó NÓLÁIN, TEÓR., BAILE ÁTHA CLIATH, agus gheobhair láithreac bonn iad. MO SHLIGHE CHUN DÉ — Leabhar Úrnuighthe an Athar Peadair i lámhaibh na gclódóirí fé láthair. AN GAEDHEAL TÚ? MÁ'SEADH BA CHÓIR DO CHUNNTAS BAINNC A BHEITH. I mBANNC NA TALMHAN, TTA. BANNC GAEDHEALACH MAR MHAITHE LE GAEDHLAIBH. £180,000,000. Tá an méad sin d'airgead na nGaedheal curtha i mBainnc na h-Éireann & gan aon phioc tairbhe ag teacht don dúthaigh as. Tá muintir óg na tíre ag imtheacht i n-aghaidh an lae de ceal gnotha. Cuir do chuid airgid i mBannc na Talmhan & cabhruigh le h-iad a choiméad ag baile. ÚNCAMAS. Cúnntaisí Reaithe 2% Cúnntaisí Taisge 3½% Cúnntaisí Taisge Bliana 4% Cúnntaisí Taisge trí mBlian 4½% Cúnntaisí Taisge cúig mBlian, 5%. Tá talamh na h-Éireann mar urradhas led chuid airgid. FÉADFAIR DO GHNÓ GO LÉIS A DHÉANAMH LINN AS GAEDHILG. GACH EOLAS Ó'N RÚNAIDHE — BANNC NA TALMHAN, TTA., 68, SRÁID IOCH, CHILL MHUIRE, ATH-CLIATH.
MUINTEAR UÍ CHUINN, SRÁID NA h-EAGLAISE, BÉAL FEIRSTE. DÉANTÓIRÍ BONN AGUS COMHARTHAÍ. Buinn óir. Buinn airgid. Buinn aluminium. Gach aon tsaghas Bonn agus Comhartha le h-aghaidh Cuallacht na h-Eaglaise. Ribíní agus fáisgeáin ortha. Comharthai ioldathacha miotail agus sellulóid. Stór mór somplaí againn. Ní'l déantóirí eile de'n tsaghas chéadna i n-Éirinn. Déantar na buinn agus na comharthaí seo i n-ár monarchain féin. Ní Bhíonn acht ceárduidhthe Gaedlacha ghá ndéanamh. Gheobhthar a luach acht a iarraidh.
P. QUINN Printers Church Street BELFAST
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services