Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Uimhir a dó. Meadhon Fóghmhair, 1920

Title
Uimhir a dó. Meadhon Fóghmhair, 1920
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1920
Publisher
Muintir Mhic an Ghiolla

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN SÍOLADÓIR



Ioml. I. Uimhir a dó. MEADHON FÓGHMHAIR, 1920. Leath-choróin a Luach.



“Scaipidh an síol ó mhaidin go h-oidhche
Is tiocfaidh an toradh i n-Éirinn Lá.” — An t-Aimhirgineach.


L. 42



L. 43


AN SÍOLADÓIR



CREIDEAMH
TEANGA
TÍR



Ar n-a chur amach ag
MUINTIR MHIC AN GHIOLLA,
Sráid Uí Chonaill,
Baile Átha Cliath.



Ar n-a chur i gcló ag
MUINTIR UÍ CHUINN,
Sráid na h-Eaglaise,
Béal Feirste.


L. 44


CLÁR AN IRISLEABHAIR SEO.



DUALGAS NA CLÉIRE I NGNÓTHAIBH NA GAEDHILGE.
An tAth. Gearóid Ó Nualáin 45



SEANMÓIN AR AN UMHALUIGHEACHT.
An tAth. Pádraig Ó Cathasa 51



“AN t-EN EGO.” An tAth. Peadar Ó Laoghaire 54



URNUIGHTHE AN SGABAIL. Séamas Ó Searcaigh 55



SEANMÓIN AR AINM ÍOSA.
An tAth. Seán Ó Loingsigh 57



LEITIR THIMPAIL AR STÁID LUCHT OIBRE.
An tAth. Peadar Ó Laoghaire 62



CÚINNE NA MAC LÉIGHINN. Sean-Mhaitias 65



“CREIDIM I NDIA.” Mícheál Breathnach 70



SAIGHDIÚIR AG COMHRÁDH LE DIA.
An tAth. Risteárd Pléimeann 71



AN BOSCA DAINGEAN.
An tAth. Mícheál Mag Craith, C.Í. 74



NÓTAÍ 78



AN GEALL GAEDHEALACH 82



ÁR GCÁIRDE 84



Nibil obstat:
GULIELMUS LANDERS,
CENSOR THEOL. DEPUT.



Imprimi potest:
GULIELMUS,
Archiep. Dublinensis,
Hiberniae Primas.



Dublini, die 25 Septembris, 1920.


L. 45


DUALGAS NA CLÉIRE I NGNÓTHAÍBH
NA GAEDHILGE.



Dá dtagadh chughainn ar an saoghal so arís Cúchulainn nó éinne
eile de laochradh na sean-Ghaedheal do chífeadh sé a lán rudaí ná
feacathas a samhail 'sa tseana-shaoghal. Is 'mó rud dá bhfeicfeadh sé
go ndéanfadh sé mór-iongnadh dhe. Is 'mó rud do mholfadh sé nó do
cháinfeadh sé, fé mar a bheadh moladh nó cáineadh tuillthe. Ach b'fhéidir
gurb é rud is mó chuirfeadh d'iongnadh air ná a fheabhas 'a chuirid
muinntir na h-aimsire seo le chéile nuair is toil leo a neart do
dhaingniughadh. Ní neart go cur le chéile. Do mholfadh Cúchulainn
dúinn an sean-fhocal. Agus molaim-se dhíbh-se é. Ní neart go cur
le chéile. Tá sé tréis dul n-a luighe ar a n-aigne do sna daoine
gurb é a mbuaic cur le céile más mian leo buachtaint ar an éagcóir.
Tá an éagcóir féin ghá cosaint féin ar an gcuma gcéadna. An
dream ná cuirfidh le céile feasda tá deire le n a réim. Ní bheidh de
réim ná de rath ná de rachmus ag 'á sliocht na ndiaidh go deo ach lucht
na héagcóra ag baint a gcirt uatha agus fuirne forlámhais a dhéanamh
ag gabháil de chosaibh ionnta, agus an uile dhream daoine ag magadh
fútha agus fé n-a ndaille. An rud atá chómh riachtanach do'n aos
tuaithe cár mhisde do'n chléir é? Is mó cuallacht ann cheana chum
cosanta na Gaedhilge ar náimhdibh na tíre. Ach dá mhéid é ní leor é.
Tá gádh le tuille. Go mór-mhór tá gádh le cuallacht fé leith ná beadh
innti ach sagairt; sagairt a chuirfeadh suim sa nGaedhilg, agus go
mbeadh an Ghaedhilg aca, nó aidhm aca ar í bheith aca; sagairt a
thuigfeadh an dlúth-cheangal atá idir an Ghaedhilg agus an creideamh,
agus a dhéanfhadh a ndícheall chum an cheangail sin do choimeád agus
do bhuanughadh; sagairt ná leigfeadh do phágantacht an tseana-shaoghail
teacht isteach i n-ionad págántachta na h-aimsire seo, ach a dhéanfadh
an dá shaghas págántachta do bhrúghadh agus do bhriseadh le neart an
chreidimh agus an gníomh glan; sagairt — an fhaid a bheadh a ceart féin
aca 'á thabhairt do'n Ghaedhilg — a choimeádfadh an Creideamh os comhair
a súl do Ghaedhlaibh Éireann go glé agus go glán, go h-iomlán agush
go h-éifeachtac, tríd an nGaedhilg, agus fé'n nGaedhilg, agus os cionn
na Gaedhilge. Tá gádh go cruaidh le cuallacht de'n tsórd san. Trí
neithe a chuirim síos n-a gcúis leis an méid sin. Conntabhairt an
sgéil, ceisneamh a dheinid a lán agus an díoghbháil a thagann uaireannta
de sgleondar míochuibhsach míriartha daoine áirithe ná bíonn smacht aca
ar a gcuid cainnte ná slacht ar a gcuid oibre.


L. 46


I dtír mar Éire, nuair ná bíonn aigne na ndaoine socair díreach
ar a leas, ach a lán neithe ag brúghadh ar a chéile n-a n-aigne, agus ghá
gcoimeád gan féachaint díreach ar an bhfírinne, is deacair iad a
choimeád i slíghe a slánuighthe i n-aon chor. Is fada do mhuinntir na
h-Éireann bheith ag súil le fuasgailt ón ndaorbhruid n-a bhfuilid;
agus, ní nach locht ortha, tá oiread san dúil aca sa bhfuasgailt sin nár
tháinig, gur cuma leo cad a dhéanfaidh an saoghal ach an fhuasgailt sin
d'fhagháil. Nuair a tosnuigheadh ar ghnó na Gaedhilge roinnt bliadhain
ó shoin tháinig eagla ar a lán go mbeadh san de chonntabhairt sa sgéal;
gurbh amhlaidh a bheadh oiread san dúil ag daoine sa nGaedhilg gur
bhaoghal go dtabhrfaidís an creideamh i ndíochuimhne agus i ndearmad.
Agus sin mar thárla uaireannta. Bhí daoine ann agus táid ann fós a
leig do'n Ghaedhilg buachtaint ar an gcreideamh aca — daoine gur
lughaide a n-uraim do'n Eaglais agus a meas ar an sagart agus a
ngrádh do'n chreideamh, ó thosnuigeadar ar bheith ag dul le Gaedhilg.
Is mór an truagh san. Ach ní hí an Ghaedhilg is cionntach leis, ná ní hí
is ioncháinte. Daoine ab' eadh iad san ná raibh an creideamh ro-láidir
riamh aca. Ach bhíodar tuirseach de'n Bhéarla. Bhíodar bréan de
liteardhacht neamh-ghlain an tSasanaigh. Ba mhór an fhuasgailt dá
leithéidibh greim d'fhagháil ar an nGaedhilg. Do rugadar greim urthí
agus do choimeádadar greim uirthi. Ach do rug an Ghaedhilg greim
chomh docht san ortha ran gur mheall sí uatha pé creideamh do bhí aca,
nó gur luigheadhuigh sí agus gur laguigh sí é. Is mór an truagh e, agus
is mór an tiubaist é. Sin é conntabhairt an sgéil. Tá an chonnta-
bhairt sin ann fós. Meallfaidh an Ghaedhilg, agus neart dúil sa
nGaedhilg, ón gcreideamh airís iad, muna ndéanfaidh an sagart greim
do choimeád ortha agus gan a leigint do'n chreideamh agus do'n
Ghaedhilg bheith ag gabháil i gcoinnibh a chéile.



Ach b'fheidir go ndéarfaí liom — Féach anois nach mór an iongnadh
tú ghá rádh linn ar dtúis go bhfuil dlúth-cheangal do-sgaoilte idir an
Ghaedhilg agus an creideamh, agus annsan bheith ghá chur n-a luighe
orainn go loiteann an Ghaedhilg an creideamh ag cuid do'n mhuinntir
a ghabhann léi. Seadh, díreach! Nach shin é díreach an ceisneamh a
dhemeann a lán sagart. Nach shin é a mbíonn de leath-sgéal aca chum
iad a choimeád amach ón nGaedhilg agus ón a mbaineann léi? Ach fé
mar adubhart ó chianaibh ní hí an Ghaedhilg is cionntach leis an ndul
amudha sin. Is minic gur thúisge thuig an fear tuaithe úd feabhas na
Gaedhilge agus éifeacht na Gaedhilge chum droch-nós nGallda do
dhíbirt, ná mar a thuig an sagart é. Níor mhaith liomsa, ní nach
iongnadh, aoinnidh a rádh i n-aghaidh na sagart. Ach is mór í an fhírinne
agus is í a bhuadhfaidh i ndeire barra. Agus is baoghal gurb í fírinne
an sgéil seo na Gaedhilge, gurb í Galldhacht an tsagairt fé ndeár do
dhuine uaireannta iompódh ó'n gcreideamh agus o'n uraim do'n Eaghlais.


L. 47


Ní fhágann san ná go bhfuil a gcion féin de'n obair fhóghanta ar son no
Gaedhilge déanta ag sagartaibh na h-Eireann cheana. Tá. Is bocht a
bheadh an sgéal ag lucht cosanta na Gaedhilge indiu muna mbeadh na
sagairt. Ach dá mhéid an tairbhthe atá déanta acha, agus dá mhéid an
congnamh atá tabhartha aca is eadh is mo an truagh é bheith le rádh ag
éinne go bhfuil oiread agus aon tsagart amháin ag gabháil le Gall-
dhacht. Agus is eadh is usa, ba dhóigh leat, an t-olc do leigheas. Is é
cuma is caothamhla chum an uilc do leigheas, na sagairt Ghaodhlacha do
theacht i gcionn a chéile agus a dhearbhughadh do'n tsaoghal a liacht atáid,
agus a threise atáid, agus a dhúthrachtaighe atáid. Níor deineadh san
fós. Go dtí go ndéanfar san beidh cuid mhaith sagart ar fuid na
h-Éireann ná géillfidh do'n Ghaedhilg. Is amhlaidh is dóigh le n-a lán
aca gurb iad an t-aos tuaithe is mó atá i mbun na h-oibre seo na
Gaedhilge, agus nach ar mhaithe leis na sagartaibh ná leis an Eaglais
atáid. Is gnáth in Éirinn le fada an sagart a bheith i gceannus na
ndaoine i ngníomh agus i gcomhairle. Is minic a choimeád an chomhairle
sin na sagart muintir na h-Éireann ó bhaoghal agus ó bhás. Ach tháinig
aon olc amháin ó'n a thugtacht a bhí muinntir na h-Éireann do chómhairle
an tsagairt do ghlacadh. Tháinig uaireannta an iomad measa ag an
sagart ar a chómhairle féin agus ar a thuairim féin. Tháinig de sin
annsan, nuair a chinn an t-aos tuaithe ar chomhairle uatha féin, gur cheap
an sagart é bheith d'fhiachaibh air diúlthadh do'n chomhairle sin. Sin mar
a bhí an sgéal ag cuid mhaith sagart nuair a tosnugheadh ar obair
na Gaedhilge. In ionad an sgéil do mheas go cruinn i dtreo
go bhféadfaidís tairbhthe na Gaedhilge do thuisgint, agus annsan
dul i gceannas na hoibre agus deagh-comhairle a thabhairt do
sna daoine, is amhlaidh chuireadar stailc suas, agus dubhradar leo
fhéin ó's rud nárbh' ortha d'iarradh comhairle ná tabharfaidís aon
comhairle uatha. Ba mhór an dearmhad é sin. Do dhein an diúltadh
san na daoine do dheighilt amach ón sagart ghallda, ní hamháin i
neithibh a bhain leis an nGaedhilg, ach i neithibh uaireannta a bhain leis
an gcreideamh. B'e ba cheart do'n tsagart san a dhéanamh an uair
sin cromadh ar an nGaedhilg do mheas, féachaint an raibh aon
mhaitheas innti chum na ndaoine do choimeád ón gclaon agus ón
gcam, agus iad a dh'iompáil ar an gcóir. Dá ndeinead sé
an méid sin do thuigfeadh sé láithreach brigh na hoibre. Ach, ag
tabhairt fé'n obair dúinn, caithfimíd gach buile cainnte agus gach
buile gnímh do sheachaint. Níl gádh le buile. Is amhlaidh loitfeadh
an buile an sgéal. Tá an fhírinne againn, agus is fearr an
fhírinne na an buile éithigh, agus is treise. Sé lom na fírinne
go ndéanfaidh an Ghaedhilg maitheas do mhuinntir na h-Éireann,
Sí iomláinne na fírinne ná féadfar fíor-Ghaedheal a dhéanamh
de'n tseoinín muna gcuiridh na sagart le chéile chum gach aon
tsaghas Galldhachta do dhíbirt as an dtír. Ní féidir buachtaint ar an
nGalldhacht gan buadha na Gaedhilge do chur i bhfeidhm ar aigne na


L. 48


ndaoine. Is iongantach an feabhas atá tréis teacht ar mheon agus
ar aigne na ndaoine de bhárr an tsaothair atá déanta i dtaobh na
Gaedhilge. Ach níltear ach i dhtosach na hoibre fós. Nuair éirightear
a taithighe a dhéanamh de theangain a labhairt is deacair í chur i mbéal
na ndaoine arís. Dá dheacracht é is eadh is mó an gádh atá le
saothar agus is eadh is túisge ba cheart dúinn luige isteac san
obair. Ach ní fuláir an méid reo do dhul na luighe ar ár n-aigne
dhúinn ar dtúis; gur féidir an obair a dhéanamh, gur riachtanach an
obair é, agus gur obair é nach oireamhnaighe éinne chuige ná an
sagart. Caithfar na trí neithe sin do chur i bhfeidhm ar aigne na
ragart nGalldha.



ÁR RIAGHALACHAS FÉIN.



Níl éinne in Éirinn anois, is dócha, ná hadhmhóchadh nach leor mar
leigheas ar ár ndaor-bhruid gur fúinn féin a bheidh ár riaghalachas
féin feasda. Ach is deimhin liom-sa aoinnidh amháin, gus measa go
mór a bheidh an sgéal againn i gcionn aimsire muna ndéanfar an
Ghaedhilg d'aithbheodhchaint ó thaobh na tíre. Is fearr go mór deagh-
thoil ná dlighthe chum droch-nós do dhíbirt. Dá mbeadh sé de dheagh-
thoil aige sna sagartaibh an ruaig do chur ar gac droch-nós ghalldha
do lean réim an Bhéarla níor bh'fhada go mbead Éire glan againn
airís. Ach féach — Sul a bhfaighiníd
an deagh-thoil úd do chur i bhfeidhm caithfimid breith ar an dtuisgint —
an tuisgint a thaisbeánfaidh dhúinn an t-olc uathbhásach atá le leigeas, —
a thaisbeánfaidh dúinn cionnus é leigheas, agus a thúisge n-a bhfuil
gádh le n-a leigheas. Rud spioradálta is eadh an teanga i n-a lán
slighte, agus is é dualgas an tsagairt aire mhaith a thabhairt di.
Muna ndéanfaidh seisean aire thabhairt di is baoghal go dtabharfar
faillighe innti. Is mó rud go geaithfar aire thabhairt dó feasta.
Thar gach nidh eile ní fuláir do'n tsagart ceart De do chosaint.
Beidh sé air aige é chosaint agus a mbeidh de chonnstaicíbh na choinnibh.
Ní ag dul i bhfeabhas atá an saoghal. Tá drochspioraid na págántachta
nua ag lot na ndaoine. Caithfar an tsean-spioraid do thabhairt thar
n-ais. Taobh amuigh de mírbhuilt ó Dhia na glóire, moladh go deo
leis, ní féidis í thabhairt thar n-ais gan an Ghaedhilg. Bhíos ag cainnt
le caraid liom an lá fé dheire. Bhí sé tréis teacht adtuaidh ó Bheal
Feirsde. D'innis sé sgéal dom i dtaobh na cathrach san, a chuir
iongnadh orm, agus a chuir eagla orm. Is amhlaidh bhí sagart áirighthe
ag cainnt os cómhais an phobail i halla puiblidhe sa chathair. Ar
oideachas na ndaoine óga a bhí sé ag trácht. Dubhairt ré leo gur
cheart an Teagarg Críostuidhe, agus gach dualgas atá ceangailte ar
an gCríostuidhe do mhúineadh do'n aos óg ra scoil. Is minic adubhradh
san cheana Ní rud nua é. Ní rud ró-dhian é. Ní rud ró-dheacair é.
Ach cad is dóigh libh a dheineadar san nuair airigheadhar an chaint sin
ó'n sagart an lá fé dheireadh? Ar éigin do leigeadh dó an cainnt
do chríochnughadh. Do h-éirgheadh ar buile chuige, agus do liúghadh os


L. 49


árd, agus do sgreadadh go feargach agus go fíochmhar nár cheart é,
agus ná déanfái é; nár chóir a leithéid a mhúineadh sa scoil i n-aon
chor gur sa bhaile ba cheart é dhéanamh, mar go mbeadh a mhalairt
d' obair e déanamh sa scoil. Go bhfóiridh Dia orainn! Cad a dhéan-
fam má leigtear do'n spioraid sin buachtaint ar an seanchreideamh!
Dá bhrigh sin adeirim airís, agus deirim go láidir é, taobh amuigh de
mírbhuilt anuas ó Dhia na glóire, nach féidir an t-seana-spioraid do
choimeád agus dho chothughadh i n-éaghmais na Gaedhilge. Is cuma easba
na Gaedhilge nó ócáid pheactha do mhuinntir na h-Éireann. Deintear
an ócáid sin do sheachaint. Muna ndeintear ócáid an pheactha do
sheachaint is baoghal go ndéanfar an peacadh in aimhdheoin guidhe agus
grásta. Táid na h-Easpuig go léir ar thaobh na Gaedhilge. Tuigid
siad, nidh nach iongnadh, a fheabhas a chuirfeadh an Ghaedhilg deire leis
an nGalldhacht. Tuigid siad á riachtanaighe atá ran. Ach tá cuid
de na sagartaibh amuigh uainn fós. Do dhéanfadh an Chuallacht so
na Sagart nGaedhlach iad san a tharrac isteach sa sgéal. Sé is
mó atá ghá gcoiméad amach ón obair ná gur dóigh leo gurb iad an
t-aos tuaithe atá i mbun na hoibre, agus gur nár leo a gcomhairle
siúd do ghlacadh. Dá dtuigidís go bhfuil cumhacht ag sagartaibh san
obair, — gurb iad is mó cumhacht innti, ach an chumacht do chur i bhfeidhm,
do bhéidís isteach son obair láithreach. Ní fhéadfam an obair a dhéanamh
go h-iomlán is go beacht má bhíonn oiread is aon t-sagart amháin
n-ár gcoinnibh. Tá gádh leis an gCuallacht so chum ár gcosanta féin,
agus chum ceart na h-Eagailse do chosaint. 'Sé is cóir an sagart a
bheith i dtosach na hoibre. Muna mbeidh sé i dtosach is ar deireadh
bheidh sé. Tá athrughadh ag teacht ar an saoghal in Éirinn. Ag Dia tá
'fios cad a thiocfaidh de'n athrughadh san. Pé rud a thiocfaidh as, anois
an t-am dúinn chúm ár nirt do dhaingniughadh. Anois an t-am chum
cur le chéile go tréan agus go ciallmhar agus go dícheallach.



NA SCOILEANNA.



Ar an aos óg is mó atá ár seasamh san obair. Is iad bun agus
bárr na hoibre. Is iad a tosach, agus is iad a toradh is buaine agus
is bríoghmhaire. I gcionn aimsire gheobhaidh na sean-daoine bás.
Muna bhfuighmíd an Ghaedhilg do mhúineadh do'n aos óg i dtreo go
mbeidh sí aca go binn agus go blasda agus go líomhtha beidh sé fuar
againn bheith a d' iarraidh na Gaedhilge d'aithbheodhchaint. Dá gcuiridís
na sagairt le chéile agus é fhógairt do'n tsaoghal go gcaithfar an
Ghaedhilg do mhúineadh do leanbhaíbh scoile na h-Éireann, agus í
mhúineadh go ciallmhar agus go ceart agus go slachtmhar, d'fhéadfaí
an obair a dhéanamh. In' éaghmuis sin ní déanfar an obair go deo.
Agus féach, má tá sé d'fhiachaibh ar an sagart aire thabhairt do na
scoileannaibh, fágann san go bhfuil d'fhiachaibh air múinteóirí maithe do
sholáthar dóibh. Ní'l aoinnidh is mó a dheineann díoghbháil do'n
oideachas ná droch-mhúinteoir a bheith i mbun na hoibre sa scoil.


L. 50


Bíonn rian a dhroch-shaothair sin ar an scoláire bocht an fhaid a
mhaireann sé. Is deacair múinteoir maith d'fagháil fhé láthair i gcóir
na Gaedhilge. An té go mbíonn an Ghaedhilg aige ní bhíonn tuisgint
na múinteoireachta aige, agus an té go mbíonn san aige is minic ná
bíonn an Ghaedhilg ar foghnamh aige. Agus bíonn an scoláire bocht ar
lár eatortha. D'fhéadfadh cuallacht de'n tsaghas so a luadhaim a lán
congnaimh a thabhairt dóibh chum an dá olc san do leigheas. Dá thúisge
leighisfar iad is eadh is fearr é. Is iad sagairt Ghaodhlacha na
h-Éireann is fearr eolus chum a leighiste. Ach an fhaid atáid na
sagairt Ghaodhlacha deighilte amach ó n-a chéile ní féidir ach fior-
bheagáinín tairbhthe a dhéanamh. D'fhéadfaidís, ar theacht le chéile
dhóibh, socrughadh a dhéanamh air cad é an chuma dob' fhearr agus dob'
oireamhnaighe chum feabhas' a chur ar an múineadh a tugtar ins na
scoileannaibh. Níor mhisde dhóibh an sgéal san do chur i gcomhairle a
chéile gan moill. Dhá fhaid a leantar do'n treana-shlighe is eadh is
measa bheidh an sgéal againn, agus is eadh is mó gheobhmíd de dhuadh
na múinteoirí do chur ar a leas. Is i ndiaidh a chéile caithfar na
rudaí sin agus a lán eile dhéanamh. Ach socruighmís an méid seo
go cruinn 'n-ar n-aigne. Táthar ag gabháil le Gaedhilg le breis is
cúig bliadhna déag anois agus níl ách toradh tosaigh saothair le
feiscint as an obair go léir. Cad fé ndéar a mhoille atá an
obair ag gluaiseacht? Cuid againn a bheith chomh neamh-shuimeamhail
sin san obair, sin é is cionntach leis — sin, agus easba cur le chéile.
Pé 'ca is rud fóghanta an Ghaedhilg nó nach eadh, ba cheart do na
sagartaibh dul i bhfíór-thosach an tSluaigh Ghaedheal agus comhairle a
a leasa thabhairt dóibh. Más rud foghanta í, más rud í a dhéanfaidh
leath an tairbhthe adeirtear a dheanfaidh sí, ba cheart dóibh na daoine
do mhúsgailt as an dtrom-shuan na bhfuilid agus a rádh leo —



“Gluaisidh go mear, tá an cath dá réir, agus téighmís n-a chóir.”



Má's rud suarach í an Ghaedhilg, más rud ná fuil ach baoth-chainnt
sa moladh tugtar di, annsan ba cheart dóibh a rádh leis na daoine
a mhalairt de chiall a bheith aca agus gan bheith ag cailleamhaint
aimsire le rud chomh neamh-thairbhtheach. Ba cheart dóibh cuallacht do
chur ar bun chum an Bhéarla do chosaint ar namhaid chómh nimhneach. Ba
cheart dóibh aoinnidh in aon chor a dhéanamh seachas an rud atá aca dhá
dhéanamh — iad a bheith n-a seasamh ar an gclaidhe agus gan so ná súd
ar siubhal aca. Molaim-sé dhíbh, dá bhrigh sin, go mdéanfaimís tosach
tréan ar an obair indiu agus an chuallácht so na Sagart nGaedhealach
do chur ar bun, agus saothar éigin do leagadh amach di i gcóir na
bliadhna.



[An t-Athair Gearóid ó Nualláin do léigh an tráchtás so ag Cómhdháil
cinn bliana Muighe Nuadhat 1914.]


L. 51


SEANMÓIN AR AN UMHALUIGHEACHT.



Foghlumíg Uaim-se, óir is mise is mín úiríseal croidhe.



Déinimís ár machtnamh indiu, a phobal, ar an umhaluigheacht, bun &
préamh gach maitheara & gach subhailce, an subhailce a mhol ár dTíghearna,
thar na subhailcí go léir eile, an subhailce is feárr a dh'oireann dúinn-ne
óir ná fuil ionainn ach peacaigh bhochta.



Anois, a phobal, tháinig ár Slánuightheoir — moladh go deo leis — ar
an saoghal chun teagasg & sampla do thabhairt dúinn: & d'réir a
theagaisg & d'réir a shampla, ní fhuil aon nídh is mó a thaithnuigheann le
Dia, nú is mó a theidheann chun tairbhe do'n anam 'ná an umhaluigheacht
— “Fóghlumuíg Uaim-se,” ar Seisean, 'sa Soisgéal d'réir Mhaitúi,
“óir is mise is mín úiríseal croidhe.” B'é Mac Dé na n-uile-chómhacht
é: bhí cómhacht, & crionacht, & eagnaidheacht a Athar aige: bhí caranacht,
& trócaire, & mór-mhaitheas, & gach aon subhailce eile aige: ach, 'n-a
dhiaidh san a's uile, nuair ba mhaith leis teagasg a thabhairt dúinn, níor
luig Sé ar aon cheann aca, ach amháin ar an umhaluigheacht — “Fóghlumuíg
Uaim, óir is mise is mín úiríseal croidhe.”



Luigheann Sé arís ar fheabhas na h-umhaluigheachta & ar olcas an
uabhair, ins na soluídí ba bhéas leis do labhairt leis an bpobal chun a
múinte. Is cumhin libh go léir soluíd an phairisínigh & an phublicánuigh;
conus a chuaidh an bheirt isteach sa teampal chun a n-úrnuighthe do chur
suas chun Dé, & mar a thosnuigh an phairisíneach, le neart uabhair, ar é
féin do mholadh, mar gheall ar a dheigh-thréithe & ar a dheigh-ghníomhartha,
mar gheall ar an méid troisgthí a dheinadh sé & na déarca a thugadh sé
do bhochtaibh Dé: & ar an dtaobh eile conus mar a chaith an publicánach
bocht é féin ar a dhá ghlúin ag admháil a pheacaí, & a d'iarraidh trócaire
& maitheamhnachais ionta; agus conus mar a thaithnigh úrnaighthe an
phublicánuigh leis an dTighearna, mar gheall ar a umhaluigheacht, ach go
raibh úrnaighthe an phairisínigh, gan mhaith gan tairbhe, mar gheall ar a
uabhar & ar a eirghe 'n-áirde.



Is cumhin libh, leis, an t-soluíd eile 'n-a chómhairlígheann Sé dos
na daoine, nuair a gheibhid siad cuire chun cóisreach nú chun féasta, gan
na suidheacháin is aoírde a thógaint, ar eagla go dtiocfadh duine ba
h-onóraighe 'ná iad féin, & go gcaithfidís na suidheacháin a dh'fhágaint,
& go mbeadh náire fachta aca os comhair na cuilleachtan; ach, ar
Seisean, “suidhíg ins na suidheacháin is ísle, ansan tiocsaidh fear a'
tíghe, & déarfaidh sé libh dul níos sia suas, & beidh onóir agaibh os
cómhair a bhfuil láithreach, mar, an t-é árduigheann é féin ísleófars é,
& an t-é íslígheann é féin árdófars é.”


L. 52


Is 'mó soluíd de'n sórt san a thá sgaipithe anso & ansúd ar fuid
an t-soisgéil, ach ní beag an méid sin de mholadh na h-umhaluigheachta.
Taisbeánann sé go soilléir cad é an tuairim a bhí ag ár Slánuigh-
théoir di, agus anois, feuchaimís ar an sampla a dh'fhág Sé againn.
B'é cruighthéoir & árd-Tíghearna an domhain go léir é; nuair ba thoil
leis teacht ar an saoghal, d'fhéadfadh Sé, da mba mhaith leis é, teacht i
gcló, & i gcuma, & i gceannas rígh, d'fhéadfadh Sé suidhe os cionn
righte, & prionnsaí, & daoine mór an t-saoghail, le saidhbhreas & le
gradam, & le maitheasaí an t-saoghail 'n a thímpal. Ach, a phobal,
níor dhein Sé aon nídh de'n sórt san chun ceacht umhaluigheachta do
mhúineadh dhúinn-ne. Tá' s agaibh conus a tháinig Sé: conus a rugadh
i mainséar asail é, go bocht, go dealbh, go h-úiríseal: conus a dh'fhás
Sé suas, & chaith a shaoghal i gcló sglábhuidhe bhoicht; &, sa deire, conus
a dh'íslig Sé é féin go bás, go bás na croise féin, le h-umhaluigheacht
d' á Athair & le grádh dhúinn-ne: mar a deir an File:—



Tugaig go léir fé ndeara, an sampla dhein an leanbh,
Nuair a thúirling ó's na Flaithis, le grádh dhúinn go léir.
Mar a riugadh é go dearbh, i mainséar fuar an asail;
Go bocht, úiríseal, dealbh, gan mhaitheasaí an t-saoghail.



Sin agaibh, a phobal, sampla an t-Slánuighthéora féin; agus is é an
sampla ceudna a dh'fhágann na naoimh go léir againn. Leasmuich de'n
Maighdin Muire, ní fhuil naomh níos aoirde ins na Flaithis 'ná naomh
Eóin Baiste. Tugann ár Slánuighthéoir féin an teistiméireacht so 'n
a thaobh, “go deimhin go deimhin a deirimh libh nior riugadh riamh ó mhnaoi
duine níos aoirde 'ná Eóin Baiste.” Daoine móra os comhair Dé ab
eadh na h-árd-aithreacha fad ó, Ábram, & Isaac, & Jacóib, & a leithéidí:
daoine móra ab eadh na fáigí a chuireadh ar an saoghal chun pobal na
nGiudach do chur ar a leas, & do stiúrughadh chun Dé: daoine móra
ab eadh Maoís, & Dáithi an Righ, & na Macabaeig, a sgraip náimhde an
Tighearna, & a chuir na geinte fé chois. Ach tá focal an t-Slánuigh-
theóra féin againn air go bhfuil naomh Eóin Baiste os cionn na n-árd-
aithreach go léir, & os cionn na bhfáigí go léir, & os cionn na righthe go
léir; go bhfuil sé abhfad os a gcionn; ná fuil aon bhreith ag éinne aca
air, i n-aoirde, ná i naomhthacht, ná i mbeannuigheacht i láthair Dé. Ach
'n a dhiaidh san a's uile, feucaig, a phobal, cad é an tuairim a bí aige
do féin; cad é an teistimeireacht a thug sé air féin: cad dúbhairt
sé 'n a thaobh féin nuair a chuireadh an cheist chuige! Dúbhairt sé nárbh
árd-athair é, ná duine gurbh'fhiú trácht i n-ao' chor air; ná raibh ann ach
guth, guth ag glaodhach i n-uaigneas an fhásaigh. Sinn-ne líonta le
h-uabhar, & le mór-is-fiu, & le h-eirghe 'n áirde, & gan i naomh Eóin
Baiste, dar leis féin, ach guth, & nár labhair an guth féin ach amuigh i
n-uaigneas an fhásaígh!!!



Ach, feuchaimís níos sia isteach 'sa sgéal, a phobal, & mara ndéinim
dearmhad an-mhór, chídhfimíd gur mór an díth-céille, & an amadán-
tuigheacht d'éinne bheith árd, uaibhreach 'n a aigne féin, & mí-mheas aige


L. 53


ar a chómharsain. Éistigh le bréithse naomh Póil, 'sa leitir a sgríg sé
chun Muinntir na Rómha, “cad tá agat,” ar seisean, “nár thugadh
duit? & má' s amhlaidh a thugadh duit é, cadh 'na thaobh go bhfuilir ag
maoidheamh as, mar dh'eadh nár thugadh?” Cad iad na nidhthe is mó go
mbítears ag maoidheamh asta ar an saoghal so? Sid iad iad:
meabhair-chinn, & éirim aigne, & feabhas tuisgiona; saidhbhreas saoghalta,
clú & creideamhaint, & moladh na ndaoine; lúth ghéag, & tréineacht
chuirp & a leithéidí sin de nidhthibh.



Ach, a phobal, má thá meabhair-chinn, & éirim aigne ag duine, thar an
gcoitiantacht, ní thugann san aon teidiol dó bhéith ghá mholadh féin mar
gheall air. B'é toil an Tighearna na tabhairistí sin do bhronnadh air,
& ba chóra dhó a mbaochas do ghabháilt leis an dTighearna, & úsáid a
dhéanamh díobh i seirbhís, & i n-onóir Dé. D'fhéadfadh an Tíghearna, dá
mba mhaith leis é, é chur ar an saoghal 'n a amadán bóct, gan chéill
gan chruinneas, & bheadh sé chómh ciallmhar do dhuine bheith ag lochtúghadh
an amadáin mar gheall ar uireasba a chéille, a's bheith ghá mholadh féin,
mar gheall ar an méid tuisgiona ba thoil le Dia bhronnadh air.



Agus is é an sgéal céadna é, maidir le saidhbhreas, & le clú, &
le creideamhaint, & le moladh na ndaoine. Má thá saidhbhreas mór ag
duine, cá bhfuair sé iad? Is mó duine go bhfuil saidhbhreas aige, &
nách aon chreideamhaint dó iad. Is mó sparán mor a bhailígheadh, le
h-éagcóir, & le camaduíol, & le cois-ar-bolg. Is mó duine a thá ag
tiomáint a charáiste cheithre gcapall anois, a bheadh ag siubhal na dútha
a d'iarraidh déirca, dá mbeadh a cheart féin 'ge gach éinne ar an
saoghal so. Ach cuir i gcás go bhfuil duine saidhbhir, gurb é féin a
bhailigh an saidhbhreas, gur bhailigh sé go dleaghthach, & go macánta iad,
le brígh a mheabhrach-chinn, & le neart a ghéag, & le h-allus a chnámh: an
dtugann san aon teidiol do bheith uaibhreach, árd-aigeanta 'n a mheóin
féin, & mí-mheas aige ortha san ná fuil puinn de mhaitheasaí an
t-saoghail seo aca? Ní thugann, go deimhin & go dearbhtha, a phobal;
tá an chreideamhaint go léir ag dul do'n dTighearna, a thug dó an
mheabhair-chinn, & an luathas ghéag, & an neart chnámh, & tharsta san go
léir, a thug dó an chiall, & an tuisgint, & an chabhair, & an congnamh,
chun gach ao' rud a chur chun feabhais.



Agus an duine a bhíonn ag maoidheamh as lúth a ghéag, & as
tréineacht a chuirp, & as na gníomhartha gaisce a dheineann sé, an
gcuimhnuigheann sé nárbh' é fhéin a thug dó fhéin iad; gur tabhairistí ó
Dhia iad; gur féidir leis an dTighearna iad do bhaint de, chómh fuirist
a's iad do bhronnadh air: d'á thréineacht indiu é, go mb'fhéidir go
mbeadh sé go tréith-lag ambáireach: ach, ci' ca indiu nú ambáireach é,
gur gairid dó an lá in-a sínfidh sé a ghéaga, & ná h-árdóchaidh sé go
bráth arís iad.


L. 54


Agus anois, a phobal, ní'l puinn eile agam le rádh libh. Molann
ár Slánuighthéoir dúinn, le teagasg & le sampla, bheith umhal, úiríseal,
'n ár gcroidhe, & 'n ár n-aigne. Molann teagasg & sampla na naomh
go léir an rud ceudna dhúinn. Múineann ár dtuisgint féin dúinn
ná fuil aon nídh againn, uainn fhéin, ach ár bpeacaí, & nách cúrsaí uabhair
& mór-is-fiú iad san, ach cúrsaí ceist, & ceann-fé, & náire. Bíodh
ciall againn feasta, mar sin, a phobal, caithimís uainn an amad-
ántuigheacht, & an díth-céille, a bhaineann le h-uabhar: deinimís aithris
ar an bpublicánach bocht sa Soisgéal, nár shéan a pheacaí os comhair
an Tigheasna, ach d'admhuig go h-osgailte & go toilcheannach luighead
a mhaitheasa & méid a olcais; & cuimhníghimís go minic ar na foclaibh
seo an t-Slánuighthéora, an t-é a árduigheann é féin ísleófars é, an
t-é, amhthach, a dh'íslígheann é féin, árdófars é. Amen.



A tATHAIR PÁDRUIG UA CATHASA,
MAGH-ALLA.



“AN t-EN EGO.”



O, a Íosa, ró-mhilis, ró-mhaith, feuch mise, ar mo dhá ghlúin, anso,
os do chómhair, ghá iarraidh ar do Shoíllse anois, teinte creidimh, &
dóchais, & carthanachta, do chur ar lasadh, im' chroidhe.



Tabhair dom, de'd ghrástaibh, cathúghadh fírinneach a bheith orm, mar
gheall ar mo pheacaí, & rún daingean a bheith agam gan tuitim ionta
airís. Tabhair solus aigne dhom, chun machtnamh a dhéanamh 'sa cheart,
le grádh & le taise, ar do chúig chréachtaibh féin — na créachta san, ar
ar thrácht Dáibhi, Fáig, nuair a dúbhairt sé, thar do cheann-sa — “Do
pholladar mo dhá láim, & mo dhá chois; do chómhairíghdar mo chnámha go
léir.” (Ps. 21.)



Nihil obstat: JEREMIAH CANON MURPHY, P.P., V.F., Macroom.
Imprimatur: ROBERT, Bishop of Cloyne.



Sept. 8th, 1907.



AN tATHAIR PEADAR a dh'aistrigh.


L. 55


URNUIGHTHE AN SGABAIL



[Ó mo mháthair fuair mé an urnuighthe seo. Fuair mo dhearthair, Eoin,
í óna aintín, Peigí Shorcha Mhaghnuis. Bhaineas úsáid as leagan
Pheigí ag cur na hurnuighthe i n-eagar don pháipeár seo damh, ach
'tchífear as na nótaí atá agam ag a deireadh gach áit ar tharraing
mé ar a leagan-san. Ní fiú trácht ar a bhfuil de dhuithbhir eadar
leagan mo mháthar agus leagan Pheigí, cé go gcuidigheann ceann
acu leis an cheann eile. Is léir, dar liom, nach bhfuil iomlán na
hurnuighthe sa mhéid atá annseo. Casadh leagan eile orm a
sgríobhadh síos i gcondae Árd Macha agus a cuireadh i gcló i
nIrisleabhar na Gaedhilge uair. Ghlacas marc ar uimhir an Iris-
leabhair ar a raibh sé, ach ní thig liom teacht air anois. I ‘Lochrainn’
Lughnasa, 1916 tá leagan níos giorra 'ná an ceann seo a
sgríobhadh síos ó mhnaoi i nDéisibh Mumhan. I ndeireadh urnuighthe
an ‘Lochrainn’ tá na focla seo:—



‘An té déarfadh na focail sin trí huaire roimh a bhás, ní
baoghal go raghadh 'anam go hIfreann go bráth. Moladh Leat, a
Rí na ngrás!’ Sa leabhar urnuighthe a chur Searlóit Dhéise in-
eagar gheobhthar cupla rann den urnuighthe seo fosta. S. Ó S.]



An gcluin sibh mise, a lucht na sgabal,
Ná deanaigidh faillighe in mar gcás —
Is truagh sin duine gan charaid
Agus é 'na luighe ar leabaidh an bháis.



Éideadh fuair mise ó Mhuire —
Is peacach mé is ní fiú mise' fhagháil;
Ach guidhim-sa Muire,
Is go rabh Críost agam ar uair mo bháis.



A dhuine bhoicht gan chéill, ná dean bréag le Muire;
Ná hith feoil Chéadaoine, is ná héag in do thinneas;
Umhluigh don chléir is do na cúig 1 méilte Muire;
Glac comaoineacha 2 díleas Dé, is béidh tú ar féasta i gcúirt
na n-aingeal.



1. féilte i Leagan Pheigí.
2. Mhic i Leagan Ph.


L. 56


Bhí Muire is a Mac ag siubhal amuigh sa ló;
Casadh an duine ró-naomhtha 3 díobtha mar a bhí Séimín as an
Róimh;
Shín sí chuige as a deas-láimh sgabal breagh na mbrainsí óir:
‘Níl aonduine iomcharas 4 m'éideadh mar is cóir nach mbéidh
séala agam ar a anam ins an Ghlóir.’



A mhaighdean mhodhmhar ghlóramhail mhaiseach,
Is tú mo stór, mo lón, is mo thaisgidh;
Is tú an réalt eolais romhainn ar na bealaighe
Ar gcur ar an eolas nuair a bíos tóir ar an pheacach.



5 A Bhainríoghan na Gile, is a Bhainríoghan na Glóire,
Is leat a ním mo chasaoid ar maidin is tráthnóna,
Mo sheoladh ar mo leas, mo chur ar an eolas,
Go pobal na haithrighe, an áit a siltear na deora.



Líonaidh mo chroidhe le grádh ar an athair;
Silidh mo shúile le grádh ar an mháthair.
Nigh mo lámha as smál an pheacaidh;
Ar uair mo bháis tabhair m'anam 'un na bhflaitheas.



SÉAMUS Ó SEARCAIGH.



3. Is minic ‘díobhtha’ agus ‘dóbhtha’ measgtha le chéile i dTír Chonaill.
4. m'aibíd i Leagan Ph.
5. As Leagan Ph. iomlán an ranna seo. Ní raibh ag mo mháthair de ach:—
Bheirimid ar n-aghaidh ar phobal na haithrghe, an áit a siltear na deora.


L. 57


SEANMÓIN AR AINM ÍOSA.



“Agus do tugadh Íosa mar ainm Air.” — Lúcas II. 21.



A Dhearbhráithreacha, —



Is minic a thug Dia onóir chómh mór sin do dhaoinibh áirithe gur
thoibh Sé Féin a n-ainmneacha dhóibh. Aon uair a dhéin Dia sin, chidhmíd
go raibh fáth leis, agus go raibh brígh fé leith leis an ainm sin.



Thaisbeánadh an ainm go gnáthach an saghas oibre ba mhaith leis an
gCruthuightheóir fhághail ó'n gcréatúir sin, nó an meas ba mhaith le Dia
bheith ag an gcine daona air.



'Sa t-sean-Thiomna léighmíd cionnus mar d'aistrigh Dia an ainm
Abram go Abraham á chur 'na luighe dá bhárr sin orrainn gurbh' é
Athair na gCreidmheach uile an fear naomhtha san feasda. 'Sa t-slighe
cheudna d'aistrigh Dia an ainm Iacob go h-Israel, agus is é an chiall
atá leis an ainm seo, Israel, ná neart, agus dá réir sin, go mbeadh
neart agur cómhacht ag an bhfear a fuair ó Dhia é chum oibre Dé do
chur chum cínn feasda.



Sa Tiomna nuadh leighmíd cionnus mar d'aistsigh ár dTighearna
agus ár Slánuightheóir an ainm Símon go Peadar chum go mbeadh a
fhios ag gach geinealach i ndiaidh a chéile go mbeadh Peadar agus gach
ceann a bheadh ar an eaglais 'na dhiaidh mar Charraig nár bhféidir a
chorruighe; mar chloch bhuinn d'á Eaglais féin chómh daingean agus chómh
docht sin ná feudfadh cómhachta an dorchadais agus an ain-chreidimh go
léir é leagadh ar lár cé go dtabharfaidís fé go dian dícheallach le
lámh láidhir agus le géirleanmhain.



'Seadh 'nois, a dhearbhráithreacha, ó chuir Dia mar chúram air féin
ainmneacha thoghadh do chuid d'á chréatúiribh, nách ceart dúinn bheith ag
brath air go mbeadh Sé níos cúramaighe ná sin féin ag toghadh ainme
d'á aon-Mhac agus Dó Féin?



Agus mar sin do bhí. Tré na ceudta bliadhan anuas bhí an chine
daona gan aon eólus acu ar ainm Dé. Na fádhaig agus na daoine
naomhtha eile a ghéill d'á chómhacht gan téora agus d'á mhórdhacht agus
d'á eagna, do ghlaodhaidis Elóhim nú an Spiorad Mór Air. Bhí ana-
dhúil acu eolas a chur ar a ainm, acht ní raibh an t-am tagaithe fós 'na
mbeadh Sé toiltheanach chum a ainme a fhógairt dóibh.


L. 58


Do Iácób agus do Shamson do thug Sé an freagra ceudna, “Cad
'na thaobh, ar Seisean, go bhfiafruigheann sibh díom-sa cad é an ainm
atá orm. Iongantach is ainm dom.” Iongantach a thug Sé air féin
dóibh chum a chur i n-iúil dóibh go raibh an urraim agus an onóir is mó
agus is aoirde ag dul d'á Mhór-ainm, rud ná raibh eólus acu le
fághail roimis sin air ámhthach.



Ba chuibhe leis 'sa deire an ainm mhór naomhtha sin a ínnsint do
Mhaois nuair a labhair Sé chuige as an scairt lasrach. D'órduigh Dia
dhó a bhróga bhaint dá chosaibh' de bhrígh gur thalamh naomhtha an talamh ar
a raibh sé ina sheasamh. D'órduigh fós dó a phobul toghtha féin, na
h-Israelítigh, a shaoradh óna mbraighdeanas fén Rí Pháró, agus ón
gcruadhtan agus ón ngéirleanmhaint a bhí acu dá fhulang chómh fada sin.



D'fhiafruigh Maois de, “Dá n-deurfaidís liom,” ar seisean,
“cad is ainm do'n té a thug na h-órduighthe seo dhuit, agus a thoibh
tusa chum bheith 'na cheann-urraid orrainn;” agus d'fhreagair Dia é
“is mise an t-é atá.” Bé seo an ainm do bfhíre agus ba thuigsionaighe
a tugadh fós ar Dhia Mhór na cruinne anuas tré na h-aoisibh. Cuireann
an ainm seo Nádúir Dé i dtuigsint dúinn — go maireann Se uaidh féin
gan spleádhchus le héinne eile — go raibh Sé ann soimh an uile aimsir —
gur ab é Cruthuightheóir uile-chúmhachtach neimhe agus talmhan é.



Acht bhí ainm eile fós nárbh eol don chine daona.



Do thuit ár dtúismightheóirí Ádhamh agus Ébha, i bpeaca.



Do chruthuigh Dia agus do chuir i nGáirdín Pharrthais iad chum go
dtabharfadh siad onóir agus glóire Dhó féin, acht, in a ionad sin, ar
theacht an diabhail chúcha ann i gcruth athar nimhe, do mheall sé iad,
agus do chuir 'na n-intinn an toradh toirmisgthe a thógaint agus
dlighe Dé a bhriseadh.



Do ghéilleadar dó. Do thugadar masla agus easonóir do
Mhórdhacht Dé leis an bpeacadh sin. Do dhíbir Dia ó aoibhneasaibh
an Pharrthais iad, agus farais sin, cuireadh de phionós orra féin agus
ar a sliocht 'sa t-saoghal so — sinne go léir —a gcuid bídh a shaothrughadh
le h-allus a n-gruadh.



Ní fheudfadh duine cúiteamh a dheunamh le Dia uile-chómhachtach
as an bpeacadh sin. Dá reír sin, ní bhfaighimís amach go bráth
na breithe righeacht na bflaitheas a tairingeadh dúinn muna mbeadh gur
dhein Dia le truagh agus le taise dhúinn cead thabhairt d'á Mhac teacht
ar an saoghal so agus pionós an pheacha a thógaint air fhéin chum go
bhfaighmís filleadh airís ar Dhia.



Ba thoil leis an Mac ár gcúis a phléidhe leis an Athair, agus é féin
ofráil suas ar ár son.


L. 59


Do b'é an mac sin go raibh trácht air ag na fádhaibh, go rabhthas ag
súil leis 'sa t-sean-reacht, agus ag guidheachtaint dó teacht anuas ó
neamh; acht is mó náisiún agus treabh daoine a d'eirigh suas agus do
thuit airís sul ar cómhlíonadh an dúil sin.



Tháinig an t-am fé dheire, ámhthach, agus do cuireadh an t-aingeal
Gábriel mar theachtaire ó Dhia. Fuair sé teachtaireacht síothchána do
lucht deigh-mhéine. Ar bhfágaint righeachta na bhflaitheas dó, do
thúirling sé go tigh beag 'sa bhaile beag suarach dárbh ainm Nasaréat.
Ar sroisint ann dó, do labhair sé le cailín caoin bhí ag paidreóireacht
go h-úmhal 'sa tigh. D'innis sé dhi go raibh sí i bhfabhar le Dia, agus go
dtabharfaidhe onóir thar cách di nár bhfuras a tuigsint. Do bheurfadh
sí mac gurbh Dia é. Do ghlacfadh Dia colann daonda 'na broinn.
Cómhlíonadh tairingireacht Isáias fá dheire. D' fógruigheadh an rún
mór neamhdha. Ó bheul an aingil do chuala Muire na focla
iongantacha so leanas — feuch, geobhair gein id' bhroinn, agus bheurfair
mac, agus glaodhfair Íosa mar ainm air.



Bé seo an ainm go rabhthas ag feitheamh leis le cheithre míle
bliadhan ó thuit ár gceud-athair agus ó thug Dia geallamhaint go
dtiocfadh Sé féin ar an saoghal so. Dúbhairt Sé leis an athair nimhe
“Cuirfead-sa namhadhachais eadrat-sa agus an mnaoi; idir do shíol
agus a síol-sa. Brúighfidh sí do cheann.” — (Genesis III. 15).



Cómhliónadh an gheallamhaint so nuair rugadh Íosa, mac Dé, ón
Maighdean Muire. Do bhrúigh Muire ceann an athar nimhe mar do
bhuaidh sí ar an bpeacadh agus ar an ndiabhal ar sheasamh di eadrainn
agus an bás síorruidhe bhí i ndán dúinn mar gheall ar pheacadh an
t-sinnsir.



Is é a chialluighan an ainm sin Íosa, ná Slánuightheóir, mar do ghlach
Íosa colann daonda i mbroinn na Maighdine Muire chum sinne a
shlánughadh ó bhás an pheacaidh. Dhein Sé sin 'ghá ofráil féin ar an
gcrois ar son na cine daonda go léir.



Is mór an sólás agus an bheannacht dúinn ó Dhia é gur baill de'n
naomh-eaglais catoiliceach Íosa Críost sinne, agus gur rugadh sinn
'san aois seo an domhain nuair is féidir linne an ainm naomhtha so Íosa
a aithint agus ghrádhughadh. Ba chóir dúinn ár mbuidheachas a ghabháil dá
thaobh, agus ár n-urraim agus ár ngrádh thaisbeáint i gcómhnuidhe do'n
ainm sin.



An mar sin athá, a dhearbhráithreacha? Is eagal liom go mb' éigin
dúinn a rádh nách mar sin; gur minic, foraoir, neamh-urraim agus
masla 'ghá dtabhairt againn do'n ainm naomhtha sin. Tá sé de ghnás
ag mórán daoine ainm Íosa a tharraingt síos gan aon ghábhadh leis,
gan cuimhneamh i gceart ar an rud atá dá dheunamh acu.


L. 60


“Ná tabhair ainm Dé gan adhbhar.” An dara aithne Dé é sin;
agus má thugaimíd ainm Dé agus ainm Íosa gan adhbhar —ma thugamíd
le neamh-shuim nó ag mallachtaint, nó ag droch-caint dúinn, na
h-ainmneacha seo, cuirimíd masla ar ár dTighearna Íosa Críost. Tá
daoine a fhoghlumuigheann an tslighe ar easgainí a dheunamh i bhfad níos
luaithe ná a bpaidreacha do rádh; daoine go bhfuil ainm Íosa gan adhbhar
nó droch-athchuinghe éigin 'ghá dtarraingt síos acu le gach re bhfocal a
labhraid. Foghlumuigheann an t-aos óg, ar eirghe suas dóibh an droch-
ghnás agus an droch-chaint seo ó na daoinibh fásta. Cheapfá orra
gur cómhartha fearamhlachta é, agus go raibh mór-urraim ag gabháilt
dóibh i n-ionad náire de bhárr ainm Dé nó droch-fhocal nó easgaine
éigin bheith 'ghá spalpadh acu ar thosach nó ar dheireadh gach a ndeirid
siad.



Tugaimíd dubhshlán fé Dhia, a dhearbhráithreacha, má iarraimíd air
creatúir ar bith do dhamnughadh. Ná baineann sé le Dia amháin
díoghaltas a dheunamh? Deireann Sé an méid sin linn, “Is liom-sa
an díoghaltas.” Nách dian-mhasla ar Dhia é má athchuinghímíd air
créatúir éigin, a chruthuigh Sé ar a íomháigh agus ar a chosamhlacht féin,
agus a cheannuigh Sé le na chuid fola ar an gcrois, a bhronnadh ar an
ndiabhal?



Má leanaimíd ar an bpeacadh so, agus má cuirtear a
phreumhacha go daingean in ár gcroidhthibh gan aon iarracht 'ghá dheunamh
againn chum an droch-nós a dhíbirt glan uainn, nách bhfuil contabhairt
uathbhásach ann? De bhárr tarcuisne á thabhairt do Dhia agus d'á ainm
naomhtha, tuitfidh mallacht agur trom-dhíoghaltas Dé 'sa deire ar an
té a dheineann é. Tá an chontabhairt ann dó go h-áirighthe, agus is
cóir dó feuchaint chuige i n-am 's i dtráth.



Nár leigidh Dia, a dhearbhráithreacha, go mbeadh daoine de'n
t-saghas sin, a bhíonn ag díomhaslughadh Dé agus Íosa Críost, ag
éisteacht liom. Acht, má táid déarfainn leo stad agus cuímhneamh
ar bhrígh na h-ainme naomhtha sin, Íosa, gur ab é ainm Dé féin é a
tháinig anuas ó neamh agus a ghlac colann daonda ar ár son chum
sinne do shlánúghadh agus do chur ar shlighe na beatha síorrruidhe.
Déarfainn leó cuimhneamh ar an bpeacadh a dheineann siad agus
masla 'gá shíor-thabhairt acu d'ainm an té a rug buaidh ar ifrionn
agus ar an mbás le n-a gheur-pháis agus le n-a bhás ar an gcrois.
Déarfainn leó fós cuimhneamh go dtiocfaidh Sé airís i ndeire an
t-saoghail chum breitheamhnachais a thabhairt ar na h-uile dhaoinibh — ar
bheódhaibh agus ar mharbhaíbh — agus go dtabharfaidh Sé toradh agus
cúiteamh ár saothair dúinn go léir.



Cromann na h-aingil agus na naoimh ar neamh síos le dian-ghrádh
agus le mór-urraim ar chloisint na h-ainme sin dóibh. Seineann siad
le h-áthas ag tabhairt moladh agus buidheachais agus onóra Dhó.


L. 61


Hósanna ins na h-árdaibh. Is naomhtha, naomhtha, naomhtha, an Tighearna,
Dia na sluagh. 'Seadh, agus is éigin dos na diabhalaibh féin i n-ifrionn
atá i lár na lasrach lán-chraosaighe ná múchfar go bráth an ainm sin
d'adhradh, i n-aimhdheóin an fhuatha atá acu dó, mar cuireann sé eagla
agus sgannradh orra.



Ar chóir, dá thaobh sin, a dhearbhráithreacha, easbaidh grádha a bheith
againne do'n ainm naomhtha sin? Go deimhin, níor chóir. Is mór
an truagh sinn, más fuar, faillightheach, croidhe-chruadhach sinne, agus
muna bhfuil brígh 'san ainm naomhtha sin dúinn chum sinne a spreagadh
chum deagh-oibreach a dheunamh.



Is as an ainm chómhachtach sin atá dóthchas againn ar righeacht
na bhflaitheas a shroisint. Gan cabhair uaidh, chaillfimís ár n-anmanna
agus bheimís sáithte i n-ifrionn go deó na ndeór. Acht, le
cabhair ón ainm sin, agus le congnamh grásta ó Dhia uile-chúmhachtach,
tar éis aithrighe a dheunamh in ár bpeacaíbh, agus tar éis sinn féin a
nighe i bhfuil luachmhar ár dTighearna Íosa Críost, ní baoghal dúinn i
gcóir na síorruideachta; seasóchaimíd 'sa deire ar lámh dheas Dé.



Bímís coiteanta, dá réir sin, ag síor-mholadh ainme Íosa as
so amach, agus ag iarraidh cabhrach na grásta uaidh a cheannuigh Sé
dhúinn ar an gcrois. Bíodh ainm naomhtha Íosa, ár Slánuightheóir, i nár
mbeulaibh i gcómhnuidhe againn, acht bíodh sé ann le muiníghin agus le
dóthchas go bfaighimíd an rud atá uainn. “Ní'l aon ainm eile
tugtha do dhaoinibh le na bhfaighid a n-anmanna do shábháil. — (Gníomha
IV. 22.) Ná stadamaois choidhche ach ag glaodach ar an ainm uile-
chúmhachtach sin, agus bhéarfaidh sé saor sinn ó chómhachtaibh an dorchadais
uair is baoghal dúinn tuitim i n-éadóchas agus i bpeaca.



Ná stadamaois choidhche ach ag tabhairt onóra agus glóire Dhó —
Abraimís ón ár gcroidhthib — moltar Dia, moltar a ainm naomhtha,
moltar Íosa Críost idir Dia agus duine, moltar Íosa Críost i
Sácraimeint na h-altóra, moltar ainm naomhtha Íosa anois agus go
bruinn an bhrátha. Amen.



S. UA LOINGSIGH,
Brosnach,
I gCiarruighe.


L. 62


LEITIR THIMPAIL AR STÁID LUCHT OIBRE;



Ó N-ÁR N-ATHAIR RÓ-NAOMHTHA AN PÁPA, LEO A TRÍDÉAG.
AR LEANMHAINT.



[Fógarthar gach ceart ar cosnamh.]



An tAthair Peadar Ua Laoghaire, Canónach, d'aistrigh.



An leigheas a dhéanfadh an Socialist ar na n-olcaibh úd tá sé
lom díreach i n-aghaidh an chirt. Tá sé 'sa duine do réir a nádúra,
maoin do shealbhú 'na cheart féin. Tá san de dheifrígheacht idir an
nduine agus gach rud beó eile d'ár chuir Dia ar an saoghal. Ní
riaghluighean an beithígheach allta é féin. Riaghluighean a nádúr an
beithígheach, le dhá fhuadar. Oibiríghid an dá fhuadar san neart an
bheithígh chun a anama do chosaint ar íde agus chun a ealta do mhéadú.
Ní le ciall ná le tuisgint, ámhthach, a dh'oibiríghean an dá fhuadar ach le
mothú céadfadh, agus luighean an mothú céadfadh san ar na neithibh a
bhíon i n-aice an bheithígh. Ní mar sin do'n duine. Tá nádúr fola agus
feóla aige chómh h-iomlán agus atá ag an mbeithígheach, agus tá an dá
fhuadar úd aige; ach ní riaghluighid siad é. Tá ar a chumas iadsan do
riaghlú chun a thoile i dtreó go ndeinid siad dó an rud céadna a
dheinid siad do'n bheithigheach allta. Ach tá sé os a gcionn. Tá nádúr
eile aige, nádúr nach iad san, nádúr daona, an nádúr i n-a bhfuil
aigne agus ciall agus tuisgint agus résún, an nádúr a chuirean suas
é os cionn na n-ainmhighthe go léir agus a dheinean duine dhe. De bhár
na ngréithre sin a bheith ag an nduine isé ceart an duine go bhfuil ar
a chumas maoin do shealbhú agus an mhaoin sin do bheith aige n-a cheart
féin, fé leith, ní h-amháin chun úsáide a dhéanamh de nuair is gadh é, ach
go marthanach.



Chídhfear an nídh sin níos soiléire má machtnuíghtear níos doimhne
ar nádúr an duine. Tá ar chumas aigne an duine neithe mora,
díáirmhthe, do mheas agus do bhreithniú; neithe atá láithreach do chur i
gcomparáid leis na neithibh atá le teacht agus leis na neithibh atá
imthighthe, agus leagan sé a bhreitheamhantas ortha — agus air féin —
agus tuigean sé go bhfuil a smacht ortha, agus air féin — fé smacht
toile síoruídhe Dé an uile chómhacht a chruithuigh agus a riaghlan gach
uile nídh.



Tá, d'á bhrígh sin, ar chumas an duine a shaor thoil féin a dh'imirt,
ní h-amhain chómh fada agus théidhan a leas i dtaobh na h-aimsire atá,
ach chómh fada, leis, agus théidhan a leas, i gcóir na h-aimsire atá le
teacht. Tá ar a chumas, uime sin, ní h-amháin toradh na talmhan do
shealbhú, ach an talamh féin, leis, do shealbhú, mar is ó thoradh na talmhan


L. 63


is féidir do rud do chur i gcóir na h-aimsire atá le teacht. Ní théid
riachtanaisí an duine ar neamhnídh. Bíodh go sásuightear indiu iad ní
foláir iad do shásamh amáireach airís. Ní foláir, d'á bhrígh sin, lón i
dtaisge bheith ag nádúr do'n duine i dtreó gur féidir do'n duine
bheith coitchianta ag tarrac as, fé mar a thagan gádh le tarrac as.



Tá an lón-i-dtaisge sin ann do'n duine, agus is 'sa talamh atá
sé. Isé sochar na talmhan an lón san. Ní ceart an stát do thabhairt
isteach i n-aon chor sa sgeul. Is sia atá an duine ann ná mar atá an
stát ann. Bhí an ceart san chun an lóin, ó nádúr, ag an nduine
abhfadh sar ar cuireadh aon stát ar bun riamh. Agus bíodh gur fíor
gur do'n chine daona go léir a thug Dia an talamh, ní thaisbeánan san
nách féidir do dhuine fé leith seilbh phearsanta bheith aige féin i gcuid
fé leith de'n talamh. Níor thug Dia an talamh do'n chine daona go
léir sa chéill go mbeadh ar chumas gach duine acu fé leith bualadh amach
agus aghaidh a thabhairt ar aon chuid ba mhaith leis de'n talamh agus a
rogha rud a dhéanamh leis. Thug Dia an talamh do'n chine daona go
léir sa chéill nár thug sé aon chuid de d'aon duine fé leith, ach gur fhág
sé teóranú gach sealbhais phearsanta dhe fe'n saothrú a déanfí air,
agus fés na dlighthibh a dhéanfadh na náisiúin 'na thaobh. Agus bíodh go
dtugtar sealbhas pearsanta ar an gcuma san do dhaoinibh fé leith is
fíor, fós, go gcothuighean an talamh an chine daona go léir. An t-é
ná fuil seilbh na talmhan aige tá an obair aige chun na talmhan do
shaothrú. Tugtar sochar na talmhan dó mar thuarasdal as an obair a
dheinean sé, nú mar dhíol ar na n-earraí a dheinean sé ma's ceard-
aidhe é.



Ní féidir do'n duine fe leith ná do'n choitchiantacht aon chothú fhághail
as an dtalamh mura saothruíghtear an talamh. Nuair a chuirean duine
a chuid saothair agus a chuid alluis ar bhlúire talmhan, ghá shaothrú,
meuduíghean sé tairbhthe an bhlúire talmhan san. Gan amhras is leis
an bhfear san an meudú tairbhthe sin. Má's leis an tairbhthe is leis an
rud 'n-a bhfuil an tairbhthe ann. Eugcóir, i gcoinnibh gach cirt gur
thug aigne an duine taithneamh riamh dó, iseadh, an blúire talmhan san
a bhaint de'n fhear san, nú gan a admháil ó chroídhe gur leis féin an
talamh san. Agus fós tá daoine agus ba mhaith leó a chur n-a luighe
orainn nách leis. Dar leo is ceart a dh'admháil gur leis an meudú
tairbhthe, agus go bhfuil sé ceart úsáid na talmhan do bheith aige, ach go
bhfuil sé i gcoinnibh cirt d' aon duine fé leith a rádh gur leis féin an
talamh a shaothruigh sé, nú an talamh ar ar chuir sé suas foirgneamh.



An mhuinntir, ámhthach, a labhran ar an gcuma san ní thugaid siad fe
ndeara gur rabáil atá acu á dhéanamh. Nuair a saothruíghtear talamh
is le h-obair agus le h-eólus agus le duagh a saothruightear é.
Ansan ní h-é an talamh céadna é i n-aon chor feasta. Rud fiain,
neamh-thorthamhail ab eadh é ar dtúis. Deinean an saothrú rud
torthamhail tairbhtheach de. Isé an talamh féin, 'sa riocht n-a bhfuil sé


L. 64


anois, toradh na h-oibre a deineadh air. Má's leis an bhfear a dheinean
obair toradh na h-oibre is leis an talamh ar ar dhein sé an obair.
Ní féidir an talamh agus toradh na h-oibre a deineadh ar an dtalamh
do dheighilt ó n-a chéile. Má séantar ceart an duine sin chun an
tailimh a shaothruigh sé le n-a shaothar féin séantar a cheart chun toradh
a shaothair féin, chun toradh na h-oibre a dhein a dhá láimh féin. Agus
ní'l aon eugcóir is caillte 'ná toradh a shaothair a bhaint de dhuine
agus é thabhairt do dhuine eile.



Ní h-aon mhaith bheith a d'iaraidh a mhalairt sin de theagasg do chur i
bhfeidhm. Bhíodh daoine, i dtusach aimsire, ag casadh le h-é chur i
bfeidhm. Tá rainnt daoine, le déanaíghe, ag casadh le h-é chur i
bhfeidm. Ach gabhan aigne na cine daona féin, lom díreach, i gcoinnibh
a leithéid de theagasg, agus mar a theip riamh, teipfidh go deó, é chur i
bhfeidhm ar an gcoitchiantacht. Isé nádúr an duine a thuisgint i n'
aigne gur rud dleaghthach a chuid féin fé leith do bheith ag gach aoinne.
Tá an fhírinne sin socair i n-aigne na cine daona le saoghal na saoghal
agus tá sé fuar riamh agus beidh sé fuar go deó, ag an Sócialist, bheith
ag casadh leis an bhfírinne sin do chur amach as aigne na ndaoine.



Siné nádúr an duine, nádúr na cine daona, agus nuair a
déintear dlighthe do'n duine ní foláir, chun iad a bheith ceart, iad a
dhéanamh do réir dlíghe nádúra an duine. Dá mb'é Dia féin é, moladh
go deó leis, ó Isé do chruthuigh nádúr an duine, do dhein sé an dlígh,
na deich n-aitheanta, do réir an nádúra san a chruthuigh sé féin, agus
dúbhairt sé; “Ná sanntuidh bean do chomharsan; ná a thig; ná a pháirc;
na a chailín aimsire; ná a bhó; ná a asal, ná aon nídh is leis.” Dá
bhrígh sin is leis iad; leis féin fé leith.



An ceart san atá ag gach duine fé leith chun a choda féin do
shealbhú dhó féin, gan ar chumas aon duine eile aon chur isteach a
dhéanamh air, tuigfear níos soiléire é má feuchtar air fé sholus na
ndualgaisí a thagan ar an nduine n-a shlígh bheatha nú ameasg a
mhuinntire.



Nuair a bhíon an duine ag cuimhneamh ar shlígh bheatha do thoghadh dhó
féin ní féidir d'aoinne a rádh ná fuil ar a chumas, do réir a thoile,
pósadh nú gan pósadh, pé'cu is rogha leis, cómhairle an tSlánuightheora
do ghlacadh agus maireachtaint singil, geanmnaighe, nú cúram mná
agus clainne do ghlacadh air. Ní'l ar a chumas ag aon chómhacht ná ag
aon úghdarás daona an dlígh úd a thug Dia do'n chine daona do chosg
ná do chur ar neamhnídh, nuair a dubhairt sé, “deinidh meudú agus
iomadú.” Sin againn, d'á bhrígh sin, an líntighe, an mhuinntir tíghe; is
muinntir bheag iad gan amhras, ach is cumann iad go fírinneach. Is
“socíetas” iad, agus is sine an “socíetas” san 'ná aon stát d'á
bhfuil ná d'á raibh riamh 'sa domhan, agus tá a riaghalta féin agus a
dhlighthe féin ag an “socíetas” beag san gan spleádhchas le dlighthibh ná
le riaghaltaibh stáit ná náisiúin ar bith.



[Ní críoch.]


L. 65


CÚINNE NA MAC LÉIGHINN.



“Ar an aos óg atá ár seasamh.” Sin abairt atá scríobhtha ar
leathanach a naoi déag is fiche ins an chéad uimhir de'n tSíoladóir.
Phreab mo chroidhe le lúthgháir nuair a léigh mé an abairt sin.
Dubhairt mé liom fhéin: “Tá croiceann ar do chaint anois, a fhir
eagair.” Acht cá bhfios damh an bhfuil an fear eagair dá ríribh? Sin
í an cheist. Bainfidh mé triail as. Má thugann sé leathanach nó dhó
do'n aos óg chun litreacha a scríobhadh nó chun scéalta a innsint, beidh
a fhios agam annsin go bhfuil sé dá ríribh. Ní bheidh léightheoirí an
tSíoladóra mí-shásta. Tá fhios agam go bhfuil cuid mhaith aca nach bhfuil
ionnta acht scoláirí fásta thar meadhon. Tá a gcroidhe óg aerach
éadtrom fós cé go bhfuil na ruic ag méadú ar a gceannaighthe agus
a gcuid gruaige ag dul i liathadh agus cuid eile aca gan ruibe
gruaige ar mhullach a gceann indiu. Is maith leobhtha caint agus gleo
na bpáistí. Ní bheidh siad sásta gan cúinne fá leith bheith ag na páistí
ins an tSíoladóir. Ar an ádhbhar sin dubhairt mé leis na macaibh
léighinn atá ins an chomharsanacht seo againne rud éigin a scríobhadh le
h-aghaidh an Irisleabhair seo agus é a chur ag triall ar an fhear eagair.
D'iarr mé ortha 'na nduine agus 'na nduine sin a dheanamh. Bhí
duine aca ró-ghnóthach, mar eadh, agus duine eile ró-fhaitcheach agus
duine eile ag dul ar laethe saoire. Bhí leithscéal dá leithéid sin ag
gach aoinne aca. Annsin chuimhnigh mé ar an fhuiseoig agus a nead
agus dubhairt mé liom fhéin go scríobhfainn féin scéal. Seo fáith-
scéal a bhfuair mé a chrámha ins an Fhrainncis * fad ó: An Bláth.
Gheanfaidh sin cúis do'n chor seo. Acht caithfimid rud eigin a fhagháil
ó'n aos óg le h-aghaidh an chéad uimhir eile de'n tSíoladóir. Ní
chlisfidh siad orm an dara h-uair? Cuirfidh mé comórtas ar bun.
An mac léighinn is fearr a scríobhfas aiste nó alt beag ar an
Nodlaig roimh an chéad lá de mhí na Nodlag gheobhaidh sé púnt uaim.
Cromaigí ar obair anois, a mhaca léighinn, agus ná deanagí aon dá
chuid de bhur ndícheall.



SEAN-MHAITIAS.



* L'Ami du Jeune Étudiant, 1888.


L. 66


AN BLÁTH.



Nuair a bhí Eoghainín i n-a mhac léighinn, bhí bláth bán aige. Choinnigh
sé ins an fhuinneoig é i dtólamh. Thug sé aire mhaith dó maidin as
tráthnóna. Ba dheas leis an bláth sin, mar thainig sé ó n-a thír dhúthchais.
Gach am a dhearcadh sé air chuimhnigheadh sé ar an gharrdha sa bhaile agus
ar na bláthanna cumhra geala a bhí ag fás i n-a sraitheannaibh mar a
bhfuair sé é.



B'ionmhuin leis an bláth sin. Ghrádhuigh sé go mórmór é de bhrígh
go rabh geallta aige é a thabhairt dá mháthair nuair a thiocfadh sí go
dtí an choláiste. Ba mhian leis é a choinneáilt úr geal go dtí an lá
sin. Ar an ádhbhar sin ní théigheadh lagadh air acht ag dearcadh ar an
ghas úr agus ar an bhláithín ag fás agus ag borradh. Ní thiocfadh aon
athrú air, dá luighead é, i gan fhios dó.



Fáraor nach maoth so-ghonta an rud bláth! Níl aonnidh is tláithe
ná é.



Lá dá rabh sé ag siubhal amuigh faoi theas na gréine, thainig sé
abhaile arís agus é tuirseach tnáithte. Rinne sé dearmad ar an bhláth
a fhliuchadh. Chodail sé go sámh an oidhche sin agus rinne sé deifir chun
seomraí na rang i ndiaidh a bhreicfeasta maidin lá ar na bhárach.
Níor smaointigh sé ar an bhláth bhocht. Thainig an ghrian amach go
glórmhar arís i lár an lae. Bhí an bláth ag fagháil bháis leis an tart,
acht ní rabh aon lámh chonganta le braon uisce a thabhairt dó.



Có luath agus a shrois Eoghainín a sheomra fhéin arís i ndiaidh
obair an lae, thug sé fa dear go rabh na duilleoga críon seargtha
agus an gas ar a chlaonadh. Boladh deas cumhra ní rabh le fagháil uaidh
ní ba mhó. Bhí lí an bháis ar an bhláth ó mhullach talamh.



Smaointigh sé ar na bláthannaibh eile a bhí ins an gharrdha sa bhaile.
Smaointigh sé ar a mháthair agus ar an gheallamhaint a thug sé di. Níor
bh'fhéidir leis na deora a chosc, an buachaill bocht!



Tá bláth ann atá míle uair níos deise agur níos luachmhaire ná
an bláth seo Eoghainín. Thainig an bláth seo adeirim ó thír i gcéin.
Bláth a thainig anuas ó neamh atá ann. Is bláth maoth so-ghonta é.
Loiteann beagáinín de cheo an bhóthair a áilneacht. Is leor puth na
gaoithe chun a cheann a chlaonadh agus a chuid duilleog a chorruighe. Is
leor gaethe na gréine chun é a sheargadh ar fad.



Glaine croidhe an bláth seo.


L. 67


A mhic léighinn óig, is léir duit anois brígh mo scéil-se. Is tusa
Eoghainín. Glaine croidhe an bláth aoibhinn áluinn a bhronn Dia ort.
Bhronn Dia ort é ins na blianta fad ó sul ndeachaidh tú isteach ins an
choláiste. Cogar i leith chugam anois, a Eoghainín, a chroidhe. An
bhfuil tú ag tabhairt aire mar ba cheart do'n bhláth uasal luachmhar seo?
An bhfuil tú ag déanamh do dhíchill chun é a thabhairt ar ais gan smáchail
gan smál do do Mháthair Bheannuighthe?



Líontar Croidhe ár dTighearna le bród agus le lúthgháir nuair a
dhearcas sé ar an bhláth sin. Ní bhíonn na h-Aingle cortha ó bheith ag
amharc air agus ag fagháil a bholaidh. Dá mhéad aire dá dtugann tú
dó, is eadh is deise agus is úire a fhásas sé. An gcuimhnigheann tú air
sin, a mhic mo chroidhe?



É. Mac Leanacháin



Ní mór duit cúram mhaith a thabhairt do do ghlaine croidhe, mar
níor mhór d'Eoghainín cúram mhaith a thabhairt chun a bhláth a shábháil. Ní
mór duit an braon uisce a thabhairt dó agus é a chosaint ar ghaethe
ró-láidre na gréine.



Urnaighthe an braon uisce is riachtanaighe chun do ghlaine a chothú
agus a neartú. A fhad 's bhíos tú díleas do do chuid paidreacha maidin
is tráthnóna, ní baoghal duit do náimhde dá threise iad. Tarrain-
geann gach paidir dá n-abrann tú an drúcht neamhdha anuas ar d'anam.


L. 68


Acht an lá a leigeas tú faillighe i do chuid urnaighthe, mo bhrón, tá do
chnaipe déanta an uair sin. Tá do bhláth bán ag seargadh agus ag
dul i n-éag.



Contabhairt an tsaoghail an ga gréine a mharbhuigheas an ghlaine,
go h-áirighthe nuair a bhíos aon bhuachaill lag-shubhailceach. Tá a fhios
agat-sa có maith le duine cad iad na h-ócáidí a bhfuil contabhairt
ionntú. Muna féidir le gach scoláire iad a sheachaint ar fad, caithfidh
sé é fhéin á neartú i n-a gcoinne. Buaileann tú le buachaillí atá
tugtha do dhroch-chómhrádh — rud a nochtas an droch-intinn atá ionntú,
óir an rud is giorra do'n chroidhe is giorra é do'n bhéal. Tá droch-
leabhra ann fósta agus dúisigheann siad smaointe nach dtaithnigheann
le Dia. Meallann pléisiúr bréagach an tsaoghail an t-aos óg ó
bhealach na subhailce. Caithfear gach machtnamh éagcórach a smachtú
agus gach mian mí-riaghalta a bhrughadh faoi chois chun an cogubhas a
choinneáilt ionnraic éadtrom i gcomhair Dé.



A charaid na gcarad, an mbíonn tú có cúramach sin fa dtaobh
ded chogubhas agus a bhí Eoghainín fa dtaobh de'n bhláth shuarach úd?
Nuair a ghní tú faillighe ar do chuid paidreacha an ngoilleann sé go mor
ort? An mbíonn tú có faireach sin chun ócáidí an pheacaidh a sheachaint?



Ná h-abair liom gur ró-dheacair duit-se an ghlaine a shábháil — go
mbíonn tú có minic sin i mbaoghal tuislighthe agus na h-ócáidí có do-
sheachanta sin agus an cathú có h-anfadhach sin.



An dóigh leat gur suarach an díoluigheacht atá geallta ag Dia
dhuit? Gheall Sé duit díoluigheacht ar an tsaoghal seo fhéin agus
díoluigheacht shíorruidhe ins an bheatha atá le theacht. Áthas croidhe a
gheobhas tú ar an tsaoghal seo. Cá bhfuightheá an duine a bhíos níos
séanmhaire agus níos lúthgháirighe croidhe ná an t-ógánach glan gan
peacadh gan smál? Ní h-aonnidh é seo seachas an díoluigheacht ata i
ndán duit le h-aghaidh na síorruidheachta. Féach ar gheallamhaint ár
Slánuightheora: “Is aoibhinn do lucht an chroidhe ghlain mar is iad a
gheobhas radharc ar Dhia.” Agus arís: “Leanfaidh siad an t-Uan cibé
áit a rachaidh Sé.”



Ar an taobh eile de, nach truagh Mhuire an t-ógánach atá cean-
gailte cheana féin le slabhraí a dhroch-chleachttha? Níor bh'fhios dó fhéin
go dtabharfadh sé cead a chinn dá ainmhian nuair a bhog sé an srian
ar dtús. B'fhada uaidh a leithéid sin dar leis. Acht anois bhéarfadh
sé ór na cruinne ar bheith abalta ar na h-ainmhianta sin a shrianadh.
Tá sé ceangailte le slabhraí an pheacaidh agus saorsacht ní'l i ndán
dó acht ar aon choingeall amháin agus ní ghéillfidh sé do'n choingeall
seo ar chor ar bith. Ní ghéillfidh sé d'aithrighe a dhéanamh agus iompódh
go deo ó n-a dhroch-bhéasaibh, tá sé có dall sin anois. Tá aingle Dé
ag féachaint anuas air agus iad ag sileadh deor.


L. 69


A scoláire óig an dtiocfaidh an lá nuair a thréigfidh tú Dia agus
na h-aingle a chrádhadh mar sin? Nár Leigidh Dia!



Múscail do mhisneach! Ná h-abair: “Ní féidir liomsa.” Ná leig
an focal sin thar do bhéalaibh. Is giorra dhuit grásta Dé ná an doras.



Má bhíonn do náimhde go fíochmhar i do thimcheall, troid níos
fíochmaire agus níos seasamhaighe agus beidh an bhuaidh agat. Cuimhnigh
nach mbíonn tú i d'aonar ins an choimheascar. Bíonn aingle Dé mar
chosantóirí i do thimcheall. Bíonn Naomh Ioseph i n-a chosantóir ag
an aos óg go síor. Níl aon naomh is mó cumhacht le tú a chosaint ná
é. Nach minic a chonnaic tú a íomhaigh cheannsa i n-a seasamh le
h-ais na h-Altóra agus an lil bhán i n-a láimh aige?



A scoláire óig, sé Naomh Ioseph cosantóir do ghlaine. Cuir tú
fhéin faoi n-a choimrighe chumhachtaigh. Iarr air an bláth seo atá agat
a ghlacadh faoi n-a chúram, Is féidir leis é a chosaint ar ghach cathú
ó'n tsaoghal seo. Bhéarfaidh Naomh Ioseph do bhláth ar ais leis go
Gharrdha Pharrthais áit nach dtiocfaidh meath ar a áilneacht ar feadh
na saoghal.


L. 70


“CREIDIM I NDIA.”



Fonn — “Seán Ua Duibhir an Ghleanna.”



Mícheál Breathnach, Baile Mhacóda, ro chan.



Creidim i nDia an t-Athair,
Do chruthuig neamh a's talamh,
A's i n-Íosa Críost, A mhac-san,
Do rugag ó Mhuire Ógh.
Do dh'fhuiling páis a's peanaid,
Fé Phónsuis Píoláit, sealad,
Do cheusag a's do ghreadag,
Ar árd-chrois, gan spéois.
Fuair bás de bhárr an pheaca
Dhein Ébha chlaon, a's Adam,
A's chuaidh fé dhéin na n-anam
Bhí i n-ifrionn fé cheó.
A's ar theacht do'n dtriú' maidin,
Do dh'eirig treun, ó thalamh,
A's tá 'n A shuidhe, go daingean,
Ar dheas-láimh Dé na gcómhacht.



As san arís a thagann,
Ag marcuígheacht ar na sgamaill,
Chun breith do thabhairt ar mhairbh,
A's ná déanfaidh éagcóir,
Do'n naomh-sprid géillim feasta,
A's do theampal naomhtha Peadair,
Thá suidhte dluth ar charraig,
A's ná luasgfaidh go deo,
Go bhfuil an diabhal a's a aingil,
A d'iarraidh, choidhche feacadh
Do bhaint a's leagadh aiste,
Gan buachtaint, d'ár ndóigh,
I gcomaoine naomh a's aingeal,
I maitheamhnachas do'n bpeaca,
I n-aiseiríghe na marbh,
A's sa t-síorruidheacht, gan gó.



An t-Athair Pádruig Ua Cáthasa do Sholáthairaigh.


L. 71


SAIGHDIÚIR AG COMHRÁDH LE DIA.



AN tATHAIR RISTEÁRD PLÉIMEANN D'AISTRIGH Ó'N
IODÁLAIS.



A Dhia, a Athair, a Shlánuightheoir, a mhaith gan teora, tá gádh agam
le húrnuighthe agus le machtnamh. Tá sé buailte isteach i m'aigne gur
tusa a sprioc me chun úrnaighthe agus machtnaimh do chur síos; agus
d'á bhrigh sin ar maidin indiu do dheineas tosnú. Tá súil agam lean-
mhaint de'n obair le congnamh uaitse go dtí go mbeidh sé 'na bhéas agam
agus go mbéidh an béas chómh haoibhinn dom, chómh tairbhtheach san ná
féadfainn gan beart a dhéanamh d'á réir i gcomhnuidhé. Gach maidean,
an tráth is feárr sa ló, an tráth is oireamhnuighe chun oibre —an fhaid a
bhíon an duine go bhfuil a aigne agus a chroidhe sáithte 'sa tsaoghal
agus i neithib a bhainean leis an saoghal, 'na shamchodla fós de
dheascaibh a rábairne agus a leisge — dúiseochad ar eirghe lae, beidh
ceileabhara na n-eun ag cur aoibhnis orm, agus beidh mo smaointe
agam á dtabhairt suas duitse. Mo ghrádh thu. Is leatsa ar dtúis a
bheidh comhrádh agam. Beidh me demhóideach umhal, grádhach. Beidh me
ag lorg do bhriathair istig ionnam. Éistfead go cruinn aireach le
gach cogar ód' ghrásta-sa, agus, i dtreo ná imtheóidh sé gan tairbhthe,
cuirfead síos anso am leabhar sgríbhinne é. “Ní foláir dom sgrí”
fé mar adubhairt Agustín naomhtha. Ó'n lá a chasas ar na sacraimintí
do ghlacadh — na sacraimintí do chuiris féin ar bun, tá m'anam tortha-
mhail. Bí sé 'na bhailc lom tirim. Tháinig do ghrádh anuas air mar a
bheadh cioth. Do dheinis an branar do threabhadh; do chuiris ann síol na
fírinne. Tá m'anam mar a bheadh gáirdín ad láthair. Tá sé lán
de bhláthannaibh. Tá solus na gréine ag taithneamh air, tá guth na
n-uisgíacha agus iad ag gluaiseacht, le cloisint ann. Tá baluithe
cumhra 'na thimpal. Ach soluíd shuarach é sin ar an obair atá déanta
agat ar m'anam. Cad é mar gháirdín! cad é mar sholus! cad é mar
chúmhracht!



Fé réim an bháis iseadh bhíos. Ní raib ionnam ach luaithreach agus
lobhthacht nimhe. Tá a mhalairt de sgeul agam anois. Táim beo;
tagan na smaointe chugham go tiugh, smaointe go bfuil beatha agus
fírinne ionnta. Measaim, d'á bhrigh sin, gurabh olc uaim é mara
ndeininn ach éisteacht leo agus ansan iad a sgaoile tharm. Ní mór
dom iad a bhuanú le m' peann, i dtreo go mbeid siad le fághail airís,


L. 72


agus i dtreo go dtéid siad níos mó agus níos daingne i bhfeidhm orm.
Comhartha san go bhfuilim dáríribh; agus 'san am gcéadna taisbeánfidh
sé le gniomh an buidheachas atá agam do Dhia.



Tá an iomad smaointe agam, an iomad ar fad. Táid siad
mar a bheadh sídhe-ghaoithe, nú mar a bheadh faraige, nú mórshluagh gan
sos gan suaineas. An aigne nuair a bhíon an creideamh i seilbh ann,
agus an croidhe nuair a bhíon an charanacht ar lasadh ann, is dá mhar a
chéile iad, bíon na barraí ró-shaidhbhir ró-fhlúirseach ann, agus na
buanuidhthe go suarach a's go lag. Ach cad é an sadhas an seirbíseach
a bheadh chómh leisgeamhail, chómh spriosánta agus gan aon rud a
dhéanamh toisc gan bheith ar a chumas gach aon rud a dhéanamh. Is mór
go deimhin iad trioblóidí an tsaoghail seo, agus gan leigheas agam
ortha. Tá an saoghal ag dul i gcoinnibh formhóir na ndaoine. Is
uathbhásach agus is tubaisteach iad na h-uilc atá ag oibriú sa tsaoghal.
An féidir an sgéal do leigheas?



Fóiríor! ní'l ag gach aoinne againn ach an dá láimh; ní mór an
chreideamhaint atá againn; agus is suarach é ár ngustal. Ach is
cuma san. Beagánín deig-mhéinne, beagánín misnigh; agus deinmís
ár ndicheall go ciúin a's go cruinn; chómh maith agus dá mbeadh
leigheas gach aon rud ag braith ar ár saothar, d'á shuairighe é.



Cé fhéadfadh a mheas ná a thuisgint luach saothair gnímh charanachta.
Dá mba ar an saoghal so féin é is mór le rádh gníomh de'n tsórd san
ann féin agus mar shampla; ach cad is fiú é i lathair Dé; cad é mar
áthas a chuirean sé ar aingil na bhFlathas. Cuirean an Slánuightheóir
féin — moladh a's buidheachas leis — i n-úil dúinn an méid san mar is
go dian a dh'iarran sé orrainn é do dhéanamh, agus is ró fhial a gheallan
sé tuarasdal dúinn as. Nuair a thiocfaidh sé chun breitheamhantuis a
thabhairt ar bheóibh agus ar mharbhíbh, tabhairfidh se tuarasdal mar gheall
ar gach caranacht a deineadh, d'á shuaruigheacht an duine gur deineadh
air é, chómh maith agus dá mba air féin a deineadh é. Agus ar an
dtaobh eile dhe, is ionann 'na láthair cabhair a's cognamh do dhiúltú do
dhuine, dá shuairighe é, agus cabhair a's cognamh dhiúltú dhó féin.



Mar sin leis do neithib a bhaineann leis an aigne. Pálás na
Fírinne, is fada síos a bhun, ach téidhean a bhuaic suas go Flathais Dé.
Níl sé ceart againn na súile dhúnadh agus an aigne d'iompáil ón
bpálás san toisc ná tig linn é go léir do bhreathnú.



Feuchamís ar an méid de is toil le Dia thaisbeáint dúinn, agus
do réir an tsoluis atá againn agus géire an radhairc atá againn,
adhraimís go h-umal. Cad chuige an iomarca dh'iarraidh? Ní beag a
bhfuil againn díobh chun áthais do chur orrainn; tá an saoghal ag dul amú;
tá sé ag lámhchán sa dorchadas; ach mar sin féin, ní chuirean Dia
'na churam orm an saoghal go léir do thabhairt saor ná do chur ar
a leas. Ní iarran sé orrainn ach a thoil naomhtha do dhéanamh agus
aoibhneas na bhflathas do chur i n áirthe dhúinn féin dá bharr.


L. 73


Ní gádh dhúinn dul in éadóchas. Tosnuighmis ar an gceann chóir
de'n obair; tosnuighmis orrainn féin. Labhramís an méid de'n
fhírinne atá againn, d'á luighead é. Mara ndeintí tairbhthe ach d'aon
duine amháin, ní beag san. Ní bheidh an saothar in aistear. Cuir i
gcás ná éistfeadh aoinne linn, 'na thaobh san is uile, beidh ar ndualgas
déanta againn, beidh ar fhéadamair déanta againn. Rud mór é sin.



An té labhran an fhírinne, adhran sé Dia agus téidhean suas chum
Dé gach aon ghuidhe d'á shuairighe é. Ní imthighean ar neamhnídh aon rud i
lathair Dé, ó's aige atá gach ruibe d'ár ngruaig áirmhthe.



Cuirfead síos gach aon rud go macánta osgailte; fágaim mé
féin fé anál Dé. Éistfead le m'chroidhe, aghus istig am chroidhe
déanfad dicheall ar ghuth Dé dh'aireachtaint. Cuirfead uaim gach rud
a chuirfeadh amú mé, agus fanfad go ciúin socair. An mbeidh aon
toradh ar mo chuid saothair? Ar an machtnamh a bhíon agam á dhéanamh,
agus gan é cruinn do réir a chéile? Ni fheadar. Fágaim fé Dhia an
sgéal ar fad. Is againne atá an síol a chur; is ag Dia atá an
barra do chur in áirmhthe. Pe'ca 'nár gcodla nú 'nár ndúiseacht
dhúinn é, ní baoghal ná go bhfásfaidh an síol. Tabhairfidh Dia an
bhreith do réir na h-intinne atá againn, agus ní do réir toradh na
n-oibreacha. Nuair a chruinneochad mo mheabhair agus mo chiall
ionnatsa, ansan iseadh bheidh áthas orm, ansan iseadh bheidh mo chuid
oibre tairbhtheach, ansan iseadh bheidh radharc agam ort i dtreo go
bhféadfad grádh a thabhairt duit ó'm chroide in iomláine.



Má bhronnan tú síothcháin orm agus suairceas spriodálta, is lán
suas de cheól a bheidh aigne do sheirbhísigh feasta.



Si das pacem, si gaudium sanctum infundis, erit anima servi tui plena
modulatione.



Ní Críoch.


L. 74


AN BOSCA DAINGEAN.



An Iosachar Ben Easra so, ceannaidhe do b'eadh é, agus brughaí ag
a raibh tréada móra caorach ar Mhuigh Éasdraolóin, líne fhada chamall
bhíodh de shíor ag iomchar earraí dhó idir Thír is Damascus agus iomad
fíonghort ar chliatháin na gcnoc. Duine tábhachtach, uime sin, é; é go
duairc-thromdha, dorcha, doicheallach i gcomhluadar cháich; béala tanaidhe
aige, do chidhtí ar éigin tríd a fhéasóig fada, liath-bháin; súile donna,
cruaidhe aige ná maoltaoi riamh ar a ndúire —fiú féin le linn dó bheith
ag comhaireamh a chuid sochar is farasbár, cé go mbídís san ag dul i
mbreis i gcomhnuí.



I sráid áirighthe i Nasareth, fé'n am so, bhí an Bhaintreabhach, Muire,
na comhnuí i bhfochair a h-Aon-Mhac, Íosa, siúinéar. Fear árd, ciúin
é an Siúinéar so, gruaig dhonn air, is í ag tuitim sias síos leis tar a
ghuailnibh, agus féasóg ruagh i bhfoirm gabhlóige. Dála a ghotha, bhí a
lán nótaí sár-bhinne, éagsamhla ann, agus na súile do bhí aige, ba
cheanúil, chneasta a bhféachaint, acht amháin iad do bheith go doimhin
diamhar, ar nós súl duine agá mbeadh caidreamh minic le Dia. Níorbh
annamh iad agus ruic neamhchoitcheanta grinn ar a gciumhaisíbh mór-
thimcheall leasmuigh. B'é an t-am, ámhthach, ba mhó thugtaoi na ruic
éagsamhla so fé ndeara, ná le linn dó bheith ag agallamh leis na lean-
bhaíbh gur bhéas aca teacht gach lá tar éis na scoile, ag triall ar A
mhonarchain, d'aon ghnó chum bheith ag faire Air agus É ag obair.
Dhéanadh Sé feadáin aodhaire dhóibh d'adhmad na sailighe san earrach,
agus caisil. D'inniseadh Sé scéalta sár-thaithniucha dhóib ar dhaoinibh
móra a gcine do bhí imthighthe le fada ar shlighe na fírinne, ar Naomhaibh
Israél, ar na h-iolara chidhtí ar folamhain os cionn Sliabh Tábuir, ar
shionaigh na gcnoc agus ar dhúilibh Dé nách iad. Thagadh an Mháthair le
n-a cuid fuadhála agus shuidheadh le h-ais dorais na monarchan d'fhonn
bheith ní ba ghiorra dhó. Bhailigheadh na leanbhaí na thimcheall, is d'eis-
tigheadh sise chomh maith leo an fhaid bheadh Sé sin ag innsint a chuid
scéalta dhóibh. Nuair chromadh Sé ag caint ar mhéid ghrá Dé dhúinne,
thagadh scéimh fé leith ar a cheannacha, agus snáithide na Máthar do
stadaidís annsan dearmhadta. Dheireadh cuid des na leanbhaí do
b'óige go bhfeicidís féin an solas mór-thimcheall a chinn agus É ag
caint ar an gcuma san, acht is amhlaidh ghnidheadh na tuismightheóirí
gáire fé n-a leithéidí siúd de bhaoth-smaointibh.


L. 75


Ó am go h-am ghabhadh an Mháthair abhrán dóibh, agus dála an Mhic,
cé go leanadh Sé go seasmhach dá chuid oibre, ní bhacadh san leis gan
cur léi na h-abhrán. Ghlacadh na leanbhaí an ceól mar an gcéadna, is
annsan dh'airightí uatha go léir i n-aonar:—



“Sé an Tighearna m'aodhaire, is ní bheidh easbuí orm
Do bheir Sé orm luighe i n-inbhear fhéir mhínligh
Treórochaidh * Sé mé láimh leis na h-uisgíbh ciúine
Aistreochaidh * Sé m'anam



Treórochaidh Sé i slightibh na bhfíréantachta ar son
A ainme féin.
Cé go siubhlochad i lár scáile an bháis, ní bheidh eagla uilc orm
Óir atáir-se mar aon liom, a Thighearna?”



Aon lá amháin ghabh an Mháthair abhrán anaithnid dóibh, abhrán nár
airigheadar riamh roimhe sin:—



“Mór-mhola óm anam-sa do'n Tighearna
Agus do ghlac mo spioraid gáirdeachas i nDia mo Shlánuighthóir
Óir d'féach Sé ar ísleacht a chumhaile
Mar féach as so amach, déarfaidh an uile shliocht gur aoibhinn dom
Óir rinne an té atá comhachtach neithe móra dhom
Agus is naomhtha a ainm …”



Ar na fochlaibh seo do rádh dhi, tháinig ciach na glór, is chrom sí ar
ghol, — rud do theip go glan ar na miondaoinibh a thuigsint. D'imthigh
sí léi an doras isteach sa tigh muintire, agus ar an nomant dearg
san, cé bhuailfeadh isteach sa mhonarchain acht Iosachar Ben Easra. Do
stad an Siúinéar dá chuid oibre agus d'fhéach air.



“A Íosa, Mhic Iósaph,” ar Iosachar, “déan dom bosca daingean
darach bheas cheithre bandla ar fhaid, trí bandla ar leithead agus an
oiread céadna ar doimhne. Ceangal go diongmhálta le chéile é leis
an iarrann chuirfeas chughat, fém órdú-sa Tubal, gabha, chuige. Cuir
borlaí leis 'na bhfuighinn rudaí áirighthe is mór-luaigh liom do chimeád.
An mó bheas uait ar an obair?”



“Cheithre buinn d'airgead Ioruidh,” arsa Íosa, saor.
‘Preit, a dhuine,” do scread Iosachar, “cheithre buinn airgid! an
as do mheabhair atáir?”



“Tá go maith,” arsa Íosa, saor. “Teighir ag triall ar dhuine
éigin ghnífeas ar dhá bhonn duit é. Ní dhéanfad-sa air é, pé scéal é;”
agus chuir Sé a thuireasc ag obair ag scoilt cláir adhmuid.



Leis sin, thiomán Iosachar leis an doras amach is dhírig an Saor
arís ar chaint leis na leanbhaíbh. Fé chionn nómaint na h-uaire, ámhthach,
d'fhill an ceannaidhe agus adubhairt:—



* Aimsir chaite annso i Laidin agus i mBéarla.


L. 76


“Seadh, teastuigheann an bosca úd uaim láithreach ball: bhéarfad
trí buinn duit air, acht pingin níos mó ní bhfuighir.”



Do lean an Saor air ag caint leis na leanbhaíbh: “Agus dála na
mná boichte,” ar Sé, “thug sí dá cuid mine is ola don bhfáidh, cé gur
mhór í a práinn féin leo —”



“An airigheann tú leat me?” arsa Iosachar agus dranna air,
“nuair theagaim ag triall ar do leithéid-se d'oibridhe, d'fhonn obair
do thabairt dóibh is gnáth leo bheith go deaghbhéasach liom.”



“Is gnáth deaghmhúinteacht liomsa leis ó lucht obair do thabhairt
dom,” ars an Saor ag leanúint dá chuid cainte leis na leanbhaíbh:
“— agus fuair Dia, an t-Athair, árd-ghreann i ngrá-Dé na mná úd,
agus bhronn Sé a shíocháin uirri agus ní dheaghaidh an mhin ná an ola i
ndísc.”



Do deargadh ar aghaidh Iosachair le teann feirge agus bhí sé ar
tí masla is taircisne do spalpadh amach ar an Saor nuair do stad
Sé seo dá chuid cainte leis na leanbhaíbh is d'féach idir an dá shúil
air. Níor bhog Iosachar a bhéala.



“Do-ghnífidh mé an bosca ar thrí buinn acht go ndéanfair-se
an ceathrú ceann do roinnt ar na daoinibh bochta.”



“Ó dhe mhuise, deirim-se na daoine bochta leat! An aicme úd
bhíonn gá síor-ghoradh féin fén ngréin, an eadh? Ar ndó, ní leigfeadh
mo choinsias dom an dealbhas do chur ins na cnámhaibh aca.
Déanaidís obair mar a dheinim féin! Ar a shon sin is uile, ní foláir
dom an bosca bheith agam: déan é agus díolfad na cheithre buinn
leat; acht gabhaimse orm gur foghluidhe na stéillibh bheatha thú.”



D'fhreagair an Saor; “Níl dhá iarraidh agam acht tuarastal
iomchubhaí ar mo chuid oibre —acht, ar mh'falaing féin mhuise, más
cníopaire maoine, is rábhaire briathar thú!” Annsan do lean Sé
leis ag scoilt an chláir is bhailigh Iosachar leis.



Rinne an Saor an bosca is cheangail le chéile go daingean docht
le nasca iarrainn is le reama é. Do líon Iosachar Ben Easra d'ór
is de sheód-chlochaibh é, de chomhalltaíbh do scríobh lucht dlighe ar phár,
de chúntasaíbh ar a chuid tráchtála. Dh'íoc sé na cheithre buinn agus
thug Íosa bonn díobh do bhacach dhall thárla bheith le h-ais an gheata
dá ngoirtí geata Ierúsalem.



Shleamhnuigh an bhliain thart go dtáinig an fhearthainn gheimhridh.
Bhíodh Muire na suidhe ag doras na monarchan ag sníomhadh is ag
gabháil abhrán gciúin léi féin os íseal; agus gach lá le n-a chéile
ghnidheadh an Saor bairlí le h-aghaidh fóghmhair an fhíona, nó dheisigheadh
Sé trucaile na mbullán agus a gcuid chuing, le linn dó bheith ag


L. 77


teagasc na leanbhaí bhíodh na suidhe i measc speallán is sliseóg
urláir na monarchan.



Tráthnóna agus an fhearthainn ag cnagarnaigh go h-árd is go
tiugh ar dhíon na monarchan agus an t-uisce donn-ruagh ag déanamh
chrónáin ar an sráid os a comhair amach, cé thiocfadh go dtí an
doras acht mac Iosachair Bhen Easra agas dubhairt sé le h-Íosa:—



“M'athair-se d'éag indiú. Déan comhra dhó de shaodar Liobanuin,
agus ar dteacht don tigh duit, ba mhaith liom dá dtaisbeáinfeá dhom
cionnas bosca áirighthe dh'oscailt, an bosca daingean úd rinnis dó.’,



Chuir Muire Máthair stad le dórdán a túirne, agus ar mbeith
don ógánach tar éis cur de arís go h-éascaí éadtrom, dh'fhiafraigh sí
dá Mac den tSaor: “Ar mhiste dhom urnaighthe do chur le h-anam
Iosachair Bhen Easra?”



Sé an freagra thug an Saor uirri: “Tá sé ró-dhéanach”, ar Sé,
“dhún sé a bhosca daingean — agus a chroidhe maille leis — go ró-dhocht
le n-a bheo.”



Iar san rinne Sé an chomhra as cláracha de shaodar Liobanuin
agus mhol sagart na h-áite Iosachar Ben Easra i n-óráid móir
sochraide.



Dá mhéid a shaidhbhreas, níor thug sé leis chum na h-uaighe acht
comhra suasach is eisléine! D'oscail an mac an bosca daingean a
luaithe i n-Éirinn tháinig leis an tigh d'fhollamhú tar éis na sochraide.
Thug bóthar Ierúsalem air gan stad, agus tar éis dó a chuid do
scapadh go ráibearnach ar bhean rinnce ón Éigipt bhíodh na comhnuí
ar Shliabh Shíoin le h-ais Geata Dáibhidh, tar éis dó san do dhéanam,
dh'imthigh sé ar ceal le fán an tsaoghail.



Micheál Mag Craith, C.Í.


L. 78


NÓTAÍ.



Ní mór dúinn ár mbuidheachas do ghabháil leis na daoine a thug
cabhair a's congnamh idir airgead agus sgribhinní dhúinn i gcóir AN
SÍOLADÓIR. Iarramid ar lucht léighte an Irisleabhair a chur i n-iúl
dá gcáirdibh idir cléir a's tuath go bhfuil a leithéid ann. Is follus
dúinn anois de bhárr a bhfuil fachta againn de leitreacha molta as
gach aon áird gur thaithn AN SÍOLADÓIR le n-ár léightheoirí. Tugann
an teistiméireacht san ana-shástacht aigne dhúinn. A léightheorí
ionmhuine, tá's agaibh ná beathuighid na bréithre na bráithre! ní maith
linn aon ghearán do dhéanamh, ach ní féidir dúinn AN SÍÓLADÓIR óg
do chur chun críche gan “neóráin an chogaidh” do bheith againn chun é
chothú. Níl an sparán againn go ró-theann, níl aon chiste puiblidhe
chun tarrac as. Tuigeann sibh an sgéal. Tá géar-ghádh againn le
hairgead chun AN SÍOlADÓIR do thabhairt amach mar is ceart agus
mar is cóir dó. Dá ndéanfadh gach aon fhairche a cion féin fé mar a
dhein Tuaim agus Fearna, bheimís neamh-spleádhach go maith. Fuaramair
carn airgid ó'n Athair Mártain Ua Riain agus ó'n Athair Risteárd
de Brún, agus ó'n Athair Seághan Ua Míodhacháin. Is mór an chreid-
eamhaint dóibh é.



Ní féidir dúinn freagra do thabhairt ar na leitreacha go léir a
tháinig chughainn ag moladh an Irisleabhair — bíodh a fhios ag gach-n-aon
óna bhfuaireamair leitir, go bhfuilimíd ana-bhuidheach díobh; ach is mór
thar bárr an t-áthas dúinn leitir d'fáil ó “charaid 'sa chúirt.”



Fuaireamair leitir mholta ó chúigear des na tighearnaí Easbuig. Ní
gádh dúinn a rádh go bhfuilimíd ana-bhuidheach díobh mar is eol do chách a
dheacra is atá sé dhóibh aon uain d'fáil, de bhárr na hiomadúlachta
diúité atá aca idir domhnach agus dálach.



Tháinig na leitreacha shíos chughainn: sidiad agaibh iad.



ARA COELI,
ARMAGH,
15th October, 1919.


L. 79



L. 80



L. 81


Do cuireadh in iúl dúinn go mbéadh sé ana áiseamhail do shagairt i
mbun na bparóistí sa Ghaedhealtacht, dá gcuirtí isteach san Irisleabhar
creatalaigh nó cnámha seanmóine gearaide a bheadh oiriúnach don
choitchiantacht — rud éigin de shaghas “five minutes' sermons” atá dhá
chur amach i mBéarla. Is maith an cuimhneamh é. Déanfar san feasta.



Iarramíd ar na sagairt óga atá i mbun an Teagasc Críostaidhe
mar chigirí insa Ghaedhealtacht cúntas do thabhairt dúinn ar an obair —
nú gearr-cheact do scríobhadh as Gaedhlainn ar phointe éigin sa
Teagasc d'fhonn is go bhfeicfidhe conas is ceart é dhéanamh.



Duine d'ár léightheoirí a dhiarr orainn na ceisteanna i gcóir
faoisdine generálta do chur i gclódh 'sa chéad uimhir eile. Maith an
áit go raibh sé.



Ar ádhbhairighe an tsaoghal tá a leithéid ann ó láimh an Athar
Peadar féin. An leabhar-úrnaithe a chuir sé le cheile sar ar bh'é toil
Dé é ghlaodhach chuige, tá sé ar láimh ag na clódóirí le tamal.


L. 82


AN GEALL GAEDHEALACH.


L. 83




L. 84


ÁR gCÁIRDE.



CUIREADH AN t-AIRGEAD SEO CHUGHAINN
AR SON AN tSÍOLADÓRA.



DOIRE —
An t-Athair Seagháin Mac Seagháin, Coláiste Colm
Cille £1 0 0



DÚN AGUS CONNAIRE —
An tAthair Seumas ó Conghaile, Bai e Rághnaill 1 0 0
An tAthair Seumas ó Néill, S.P. 1 0 0



RATHBHOTH —
An Dr. Ró-oirmhidneach Pádraig ó Domhnaill 5 0 0



BAILE ÁTHA CLIATH —
An tAthair Pádraig ó h-Eidín, Cluain Tarbh 0 10 0



FEARNA —
An tAthair E. ó Dubhghaill 0 10 0
An tAthair M. ó Murchadha 0 10 0
An tAthair P. Breathnach 0 10 0
An tAthair S. Dairsigh 1 0 0
An tAthair P. Caomhánach 0 10 0
An tAthair P. ó Briúin 0 10 0
An tAthair E. Faoilear 0 10 0
An tAthair C. ó Dubhghaill 0 10 0
An tAthair T. ó Móráin 0 10 0
An tAthair M. Rásaitear 0 10 0
An tAthair S. ó Murchadha 0 10 0
An tAthair M. ó Murchadha 0 10 0
An tAthair A. Mac Cormaic 0 10 0
An tAthair S. Furlong 0 10 0
An tAthair P. Mac Eochadha, S.P. 0 10 0
An tAthair P. ó Dubhghaill, S.P. 0 10 0
An tAthair R. Mac Eínrí, S.P. 0 10 0
An tAthair S. ó Longaigh, Canónach 0 10 0
An tAthair S. Sionóid 0 10 0


L. 85


An tAthair P. Mac Uaid £0 10 0
An tAthair S. Deóráin 0 10 0
An tAthair S. ó Cuid 0 10 0
An tAthair L. Harpur 0 10 0
An tAthair S. Samraidh 0 10 0
An tAthair S. ó Murchadha 0 10 0
An tAthair A. Mac Eochadha 0 5 0
An tAthair S. Caomhánach 0 5 0
An tAthair S. ó Cubinn 0 10 0
An tAthair R. Mac an Ghaill 0 10 0
An tAthair E. ó Caomhánach 0 10 0
An tAthair A. ó Briain 0 10 0
An tAthair C. Frinse 0 10 0
An tAthair S. ó Brían 0 10 0
An tAthair D. ó Laighin 0 10 0
An tAthair F. E. ó Ruairc 0 10 0
An tAthair S. ó Conchobhair 0 10 0
An tAthair S. ó Grádaigh 0 10 0
An tAthair P. ó Cuimín 0 10 0
An tAthair S. ó Cingeadh 0 10 0
An tAthair T. ó Brion 0 10 0
An tAthair R. ó Caomhanach 0 10 0
An tAthair S. Mac Cárthaig 0 10 0
An tAthair S. ó Praindig 0 5 0
An tAthair T. ó Coigligh, S.P. 1 0 0
An tAthair S. Mac Crosáin 0 10 0
An tAthair R. ó h-Iceadha 0 10 0



Síntiúisí eile ón Athair M. ó Riain, i gCill Mólin 8 15 0



CLUAIN UAMHA —
An tAthair Tomás ó Tóibín, Maineastar Fhear Muighe 1 0 0
An tAthair Padraig ó Cáthraig, Mag Ealla 1 0 0
An tAthair Sionnaig ó Cáthraig, Mag Ealla 0 10 0



PORTLÁIRGE —
An tAthair Labhrás Mac Aodhagáin Dún Garbháin 1 0 0
An tAthair Seaghán ó Céileachar, Coláiste Naomh Eoin 1 0 0



TUAIM —
An Dr. Ró-Óirmhidneach Tomás Mac Giolla Mhártain 1 0 0
An tAthair M. ó Cearnaigh 0 7 6
An tAthair M. Mac an Mhileadha 0 7 6
An tAthair M. Mac Conraoi, S.P. 0 7 6
An tAthair C. ó Cuinneagáin 0 7 6
An tAthair M. Mac Aodha, S.P. 0 7 6


L. 86


An tAthair P. ó Domhnalláin £0 2 6
An tAthair M. ó Muirghis 0 7 6
An tAthair M. ó Cingeadh 0 7 6
An tAthair M. ó hAnnáin 0 7 6
An tAthair S. ó Máille, S.P. 0 7 6
An tAthair M. ó Murchadha 0 7 6
An tAthair E. ó hAnnáin 0 7 6
An tAthair L. ó Ceallaigh 0 7 6
An tAthair A. ó Móráin 0 7 6
An tAthair T. ó Riada, S.P. 0 7 6
An tAthair P. ó Loinsig 0 7 6
An tAthair P. ó Corráin 0 7 6
An tAthair S. ó Móráin 0 7 6
An tAthair S. ó Maitleat, S.P. 0 7 6
An tAthair S. Priondargás 0 7 6
An tAthair P. de Brett 0 7 6
An tAthair P. Cíosóg 0 7 6
An tAthair S. ó Máille 0 7 6



Síntiúsí eile ón Athair S. ó Miadhacháin, Caisléan an
Bharraigh 8 5 0



COLÁISTE MAIGH NUADHAT —
An Dr. M. ó Sióthcháin, Canónach 2 0 0
An tAthair P. Mac Suibhne, M.A. 0 10 0
An tAthair M. Éatún, B.D. 0 10 0
An tAthair S. ó Dúnadhaigh, C.M. 0 10 0
An tAthair T. Sutton, C.SS.R. 1 0 0
An tAthair Brian ó h-Iceadha, St. Mary's, Wellington
Road Ashton-under-Lyne 2 2 0


L. 86


“NÍ NEART GO COR LE CHÉILE.”



AN
CUMANN GAEDHALACH
CÓMH-OIBREACHAIS
UM THÁILLIÚRACHTA.



Déanfimíd an gnó, a Shagarta,
go cruinn taithneamhach dhíbh.



Cuiridh bhúr n-órdú ag triall
orainn.


L. 87


CÁRTAÍ NODLAG GAEDHEALACHA.



Geibhtear na cártaí is deise agus is Gaedhealaidhe
atá le Fághail, comh maith le Leabhráin, Bréagáin,
agus Féiríní deasa eile i gcir Na Nodlag i siopa



MHÁIRE NÍ RAGHALLAIGH,
Siopadóir Leabhar agus Páipéir,
87 SRÁID UACHT, NA DRISEOIGE, ATH CLIATH.



EARRAIDH GAEDHALACHA AMHAIN.
Guthán 3521.
Ó'GLASÁIN. Is a Chuideachta.



A Léighthéoirí! Ná déinidh dearmhad ar ár gcáirdibh thuas!


L. 88


TICÉIDÍ IGCÓIR AN PHÁIDRÍN PHÁIRTEACH BÉO,
Boinn, Ribíní, &rl, igcóir Cualacht
an Chroidhe ró-Naomhtha.



Is féidir linn iad-so do sholáthar tríd a bpost céadna.



DOLLARD, CLÓDÓIRÍ, TTA.,
Céibh Bellington, Ath-Cliath.



Cuidigh le Déantús in-Éirinn! Tobac d'fás in-Éirinn.



M. R. LEATHLOBHAIR,
36 Sráid Nassau, Ath-Cliath.



M. R. LALOR,
36 Nassau Street, Dublin.



TÍR & TEANGA!



Ceannuighidh Bhur gCuid Píopaí, Sigáraí, Tobac, Toitíní & Snaoisín,
ó



KAPP & PETERSON, TTA.,
55 & 117 SRÁID GRAFTON,
56 SRÁID UÍ CHONAILL,
ATH-CLIATH.



COINNLE IGCÓIR NA H-ALTÓRA
75%, 25%, 65% Céir na mBeach



Ó LEATHIOBHAIR, TTA.,
14 CÉIBH ORMUIN, ÍOCHTAIR,
ATH-CLIATH.



DÉANTA IN-ÉIRINN.



A Léighthéoirí! Ná déinidh dearmhad ar ár gcáirdibh thuas!


L. 89


Guthán 4804 — Telephone 4804.



SIOPA NA LEABHAR nGAEDHEALACH, TTA.



An Siopa Leabhar is feárr. Atá gach aon Leabhar Gaedhealach atá fé
chló againn. Gheobhaidh tú an clár saor tríd an bpost.



PICTIÚR NA MAIGHDINE SÍOR-CHABHRACH.



Clóbhuailtear an pictiúr seo ar fheabhas IN-ÉIRINN.
Fíor-chóip de'n phictiúir atá san Róimh 'seadh í. Sgilling
a luach. Ag cur amach ag.



UA FAOLÁIN & A MHAC,
17 Céibh Uacht. Ormuin,
ATH-CLIATH.



guthán: 464 Seoladh — Telegrafíceach: “Nanoc, Dublin.”



UAITÉAR CONÁIN
TÁILLIÚIR,
SRÁID CHILLE-DARA, 44.



Is Tig leat do chuid
gnótha a dhéanamh as
Gaedhilge sa siopa seo.



Gach aon saghas táilliúireachta
igcóir na Cléire.



NÁ DEARMHAD AN SEOLADH!


L. 90


AR BUN Ó 1824.



TOMÁS,
LIAM &
SEÁN Ó CEALLAIGH
BAILE ÁTHA CLIATH,
89 Sráid Íochtarach
Ghárdiner.



Oifigí: 1 & 2 SRÁID AN FHEISTIGHE, BAILE ÁTHA CLIATH
(Le h-ais Bhannc na h-Éireann).



FÍOR-FHÍON ALTÓRA



Iarramuid go h-umhal ar Uachtaráin na h-Eaglaise agus ar Chléir na
hÉireann leanamhaint de cheannach ar gcuid Fíor-Fhíon Altóra
mar san am atá thart.



Is le h-aghaidh na h-Altóra a gheibhimid é, agus tá sé dá dhíol againn ar
fud na h-Éireann, na Sasan, agus na gCoilíneacht le trí glúinibh.



A luach ar fagháil uainn ach a iarraidh.



3/- an duisín ar na buideáil fholamha dá thabhairt againn nuair a
chuirtear chugainn slán iad agus costas an iomchair díolta.



Níl baint againn le dream ar bith eile ins an obair.



Gothán: BAILE ÁTHA CLIATH 1612. Sreang-Sgéalta & Cáblaí: “Threekays, Dublin.”


L. 91


ARÁN MHIC
CHINNÉIDIGH



An Saghas is Fearr
dá bhfuil ann.



BÁCÚIS
124-130 Sráid Phárnell
agus
Bácús Naomh Pádraig,
BAILE ÁTHA CLIATH.


L. 92


DUAISEANNA.



Bhéarfar dhá dhuais don bheirt a chuirfeas isteach chuig



MUINTIR MHIC AN GHIOLLA
50 SRÁID UACHTARACH UÍ CHONAILL
BAILE ATHA CLIATH AN DÁ LIOSTA



Is mó d'ainmneachaibh cheannuightheoirí an tSÍOLADÓRA le haghaidh na
bliadhna seo.



Caithfidh gach liosta bheith istoigh roimh an chéad lá de mhí na Nodlag seo
chugainn.



Agus mar aon le gach liosta caithfidh 10/- a bheith ar son gach ainme ann.
Punt an chéad duais.
Deich Sgillinge an dara duais.
Fuair Seán Mac Guaigín, Béal Feirste, an chéad duais i mí Lughnasa.



E. J. KEARNEY


L. 93



L. 94


Cléirigh & a Chuideachta



AN TIGH THAR BÁRR.
Igcóir na Cléire ar
a bhfuil eolas maith
aca.



ATH-CLIATH.



LEABHRA NUADHA.



THREE HILLS — Le Eoin Ua Mordha.
Aiste sár-chliste ar stair na tíre agus na daoine atá le feiscint ó bhárr
trí cnoc i Laoighis, Uí bhFáilghe agus Lancashire. Clúdach páipéir
agus pictiúir air.
Luach 1/3d.; tríd an bpost 1/5d.



CLONTARF — Dráma stariúl Gaodhalach do sgriobh Rev. J. B. Dollard
ughdar: Irish Mist and Sunshine, The Gaels of Moondharrig, Irish
Lyrics and Ballads, Collected Poems of Father Dollard, The Jesuit
Trail, and other Poems of New France, etc. Clúdach clóbhuailte go
deas agus pictiúir ó láimh Grace Plunkett air.
Luach 1/3d.; tríd an bpost 1/5d.



THE SOCIAL TEACHINGS OF JAMES CONNOLLY — Le Rev.
Lambert M 'Kenna, S.J. Leabhar gur ríachtanach do gach Éireannach
an lae indiu é bheith leighte aige.
Luach 1/3d.; tríd an bpost 1/5d.



NELLIE M'MAHON, B.A. — Úrsgéal suimúil sár-dhéanta le Bessie
O'Neill. Clúdach láidir agus páipéar le pictiúir tri dath mór-thimpeall air.
Luach 2/6d.; tríd an bpost 2/9d



COMHLUCHT NA FÍRINNE CATOILICE IN ÉIRINN,
24 SRÁID UACH. UÍ CHONAILL,
BAILE ATHA CLIATH.


L. 95


FEACH A CHÁIRDE



Ar maith libh £5,000,000 a choiméad in-Éirinn?



Má's maith, deunidh sibh bhurgéuid Urradhais leis.



AN GAEDHEAL COMHLUCHT TAIGHDE UM
URRADHAS NÁISIÚNTA, TTA.



Ba chóir do gach aon Shagart acuidín linn!
ÁRD-OIFIG: 30 FAITHCHE AN CHOLÁISTE, BAILE-ATH-CLIATH.


L. 96



L. 97


BA CHEART DO GACH AON
tSagart i n-Éirinn na leabhair seo de leabhraibh an Athar Peadair
a bheith aige:—



NA CHEITHRE SOISGÉIL 4/6
AITHRIS AR CHRÍOST 6/-
SEANMÓIN IS TRÍ FICHID I. 4/6
SEANMÓIN IS TRÍ FICHID II. 4/6



Mara bhfuilid agut cheana cuir púnt airgid chun.



BRÚN AGUS Ó NÓLÁIN, TEÓR.,
BAILE ÁTHA CLIATH,
agus gheobhair láithreac bonn iad.



MO SHLIGHE CHUN DÉ — Leabhar Úrnuighthe an Athar Peadair i lámhaibh
na gclódóirí fé láthair.



AN GAEDHEAL TÚ?
MÁ'SEADH BA CHÓIR DO CHUNNTAS BAINNC A BHEITH.



I mBANNC NA TALMHAN, TTA.
BANNC GAEDHEALACH MAR MHAITHE LE GAEDHLAIBH.



£180,000,000.



Tá an méad sin d'airgead na nGaedheal curtha i mBainnc na
h-Éireann & gan aon phioc tairbhe ag teacht don dúthaigh as.



Tá muintir óg na tíre ag imtheacht i n-aghaidh an lae de ceal gnotha.
Cuir do chuid airgid i mBannc na Talmhan & cabhruigh le h-iad a
choiméad ag baile.



ÚNCAMAS.



Cúnntaisí Reaithe 2%
Cúnntaisí Taisge 3½%
Cúnntaisí Taisge Bliana 4%
Cúnntaisí Taisge trí mBlian 4½%



Cúnntaisí Taisge cúig mBlian, 5%.
Tá talamh na h-Éireann mar urradhas led chuid airgid.



FÉADFAIR DO GHNÓ GO LÉIS A DHÉANAMH LINN AS GAEDHILG.



GACH EOLAS Ó'N RÚNAIDHE —
BANNC NA TALMHAN, TTA.,
68, SRÁID IOCH, CHILL MHUIRE, ATH-CLIATH.


L. 98


MUINTEAR UÍ CHUINN,
SRÁID NA h-EAGLAISE, BÉAL FEIRSTE.



DÉANTÓIRÍ BONN AGUS COMHARTHAÍ.



Buinn óir. Buinn airgid. Buinn aluminium. Gach aon tsaghas Bonn
agus Comhartha le h-aghaidh Cuallacht na h-Eaglaise. Ribíní agus
fáisgeáin ortha. Comharthai ioldathacha miotail agus sellulóid.
Stór mór somplaí againn.



Ní'l déantóirí eile de'n tsaghas chéadna i n-Éirinn.
Déantar na buinn agus na comharthaí seo i n-ár monarchain féin.



Ní Bhíonn acht ceárduidhthe Gaedlacha ghá ndéanamh.
Gheobhthar a luach acht a iarraidh.


L. 99


P. QUINN
Printers
Church Street
BELFAST









19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services