Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Vol. III - No.12 Aonach Thír Chonaill
Title
Vol. III - No.12 Aonach Thír Chonaill
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1898
Publisher
The Shan Van Vocht
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
THE SHAN VAN VOCHT Vol. III. — No. 12.
Aonach Thír-Chonaill. Aonach Thír-Chonaill! Is beag an lán Eireannach ar fud an dom- hain nach gcualaidh iomrádh ar an aonach mór do cuireadh ar bun leis an Easbog ro-urramach Ua Domhnaill i Leitir Cheanainn tá coicidhis ó shoin; acht is tnuagh agus is ro-mhór an truaighe nár bhféidir na h-Eireannaighe 'san mbaile agus i gcéin do bhailiughadh isteach go léir chum an aonaigh sin, ionnas go bhfeicfidís gach nidh do righneadh ann, go gcluinfidís gach focal do labhradh ann, agus go mbéidheadh sé le rádh aca 'san am le teacht gur ghlac siad páirt ins an obair mhóir thábhachtaigh ar son creidimh agus ar son cinidheachta na h-Eireann, a bhí 'ga chur ar aghaidh annsinn r feadh seachtmhaine. Ba h-obair dhiadha, ba h-obair ghlormhar, agus, míle buidheachas do Dhia, ba h-obair Ghaodhalach i. Nuair do chuir an t-Easbog Ua Domhnaill roimhe áirdteampoll do thógbháil in a dhioghoise, is ro-chinnte agus is ro-shoilléir do dhuine airbith le súilibh agus le innchinn in a chean, gur mhianaigh sé teampoll do chur suas a bhéidheadh 'na dhearbhadh ar bhuan-sheasmhacht na nGaodhal d'a gcreideamh agus d'a nDia; agus le sin, teampoll do bhéarfadh fios do Ghaodhalaibh na naomhadh aoise deug gur cine ar leith atá ionnta, agus gur cine iad ag a raibh sinnsir saora, sona, calma, cródha agus fóghlumtha ins na laethibh nuair a mhair riaghail Eireannach ó bhun go bárr ár dtíre. Is fíor-mhaith do righne sé an obair. Chuirfeadh áilleacht an áirdteampoill aoibhneas ar Mhichéal Angelo é féin dá mbéidheadh se béo; óir is sí mo bharamhail nach bhfuil teach Dé in Eirinn, no mórán tighteadh d'a shórt agus d'á mhéid 'san domhan chomh beacht in gach ball agus tá áirdteampoll Leitir Cheanainn. Acht níos feárr 'ná sin uile, níl cloch no maide no aon nidh airbith eile ann nach bhfuaireas in Eirinn, agus is siad lámha Eireannach, agus lámha Eireannach amháin, a thóg gach órlach de ó bhun go bárr agus ó thús go deireadh! Ta stair na hEireann — a creideamh 'gus a cródhacht, a buadha 'gus a bróin, agus gloire a mac in gach gairm beatha — le feicsint go soilléir ar gach troighthe de na ballaidh', amuigh agus astigh; ag tabhairt léighinn do chloinn na nGaodhal ar uaisleacht agus ar fhóghluim an chinidh ó tháinic siad. Tá iomhaighe Naoimh Phadraic, Naoimh Choluimcille, Naoimh Adhamhnain Naoimh Brighde agus naomh eile na h-Eireann dealbhuighthe ar an clochaibh thart timchioll an áirdteompoill, in éinfheacht le iomhaighibh Aodha Ui Néill, Aodha Ruaidh Ui Dhomhnaill agus mór-choda de shean-laochraibh eile na tíre. I bhfocal, is Gaodhalach atá gach nidh a bhaineas leis an áirdteampoll ó'n dubhshraith go dtí bárr na croise ar an tor, atá beagnach trí cheud troighthe ó'n talaimh. Acht má's mar seo atá se leis an teampoll is mar an gcéadna bhi sé leis an aonach. Fosgladh an t-aonach le dileagra i nGaedhilig agus dunadh e le dileagra agus beannacht 'san t-sean-teanga cheadna. Bhí seanmóir Ghaedhilge gach tráthóna 'san teampoll beag atá le taoibh an áirdteampoill. Bhí imeartus Ghaedhilge ann, sin e, "Imtheacht Chonaill," do sgríobh an t-Athair O Gramhna; bhí abhrain Ghaedhilge, cláirseoireacht agus piobair eacht 'san áit cheoil; bhí Gaedhilig 'ga labhairt 'san teach ósda agus ar an tsráid; agus ar an treas lá ar fhichid de mhí na Samhna bhí coimhthionól áirigthe de lucht na Gaedhilge ag nach raibh aon fhocal amháin acht Gaedhilig 'ga labhairt. Ag an mhór-chruinn- iughadh do bhi Cairdinéal Maolmhudhóg 'san gcathaoir, agus le n-a thaoibh bhí an t-Easbog MacGiollacheárr as Melbourne, an t-Easbog MacSeaghain, an t-Easbog Ua Domhnaill é féin, agus mórán de shagartaibh agus d'uaislibh an chondae. Bhi lucht connraidh na Gaedhilge ann ás gach áit in Eirinn, agus labhair an Cáirdineal, an t-Athair Ua Scanlain, an t-Athair Macuinealais, Doctur De h-Ide, Doctur Boighid, S. Ua Baoghail, P.T. Mac Fhionnlaigh, agus c., agus c., as Gaedhilig. Ar na bothaibh 'san aonach ba lámh-obair Eireannach a bhi ar an gcuid ba mhó de na h- earraidhibh, agus ba h-í an Ghaedhilig do labhair mórán de na mnáibh óga do bhí d'á ndíol. Go deimhin ba seachtmhain thabhachdach i, do chreideamh agus d'Eirinn. Tuillidh an t-Easbog Ua Domhnaill mór- bhuidhheachas na nEireannach, óir is Eaglaiseach é nach bhfuil náire air admháil gur fíor-Gaodhal atá ann, agus cuireann sé a thir, a theanga, agus oibre a thíre a féin os ceann tírtheadh agus teangthadh agus obair tirtheadh eile an domhain go leir. Dá mbéidheadh gach Eagluiseach in Eirinn mar eisean bhéidheadh Gaedhilig, ceól agus gnó a dtíre faoi mheas gan mhoill, oir neamh- chosamhail le moran daoineadh, daingnigheann se a fhocla le gniomhaibh; mar cruthaigh sé go minic roimhe so, acht go h-airighthe mar chruthaigh sé i dtogbháil áirdtéampoill Leitir Cheanainn, agus in gach nidh a bhain le Aonach Thír-Chonaill. Go dtugaidh Dia fad-saoghal agus slainte dhó! P. O'B. Ratra, Frenchpark, Co. Roscommon Samhain 8th, 1898. A Shaoi Dhílis, Chonnairc mé le luthgháire mhóir go raibh sibh ag cur cuideachta ar bun ann sna Ceallaibh Beaga le sean-teanga ár sinnsear do chongbháil beó, agus do chur ann san áit áird do bhí aici ann san tír, fad ó. Nár leigidh Dia go d-tiucfaidh an lá ann a sinfidh náisiúnta an domhain mhóir, a méar, go sgigeamhail, anaghaidh Eireann, le tarcuisne agus le magadh, ag radh léi nach bhfuil innti ach náisiún cladhaire, gan mhaith gan tairbhe, do chaith dhí, féin gach maith do thug Dia dí, agus gach maith do bhi ar a seilbh féin, mar atá an teanga is sine agus is binne ar thalamh na Críostiugheachta, agus gach sean-fhaisiún agus sean- nós breagh do bhí ag ar seacht sinnsearaibh romhainn. Eirigidhe suas i n-ainn Dé, agus na leigidh an náire agus an sgannail sin do theacht orraibh. Conghaigidh beó gach sean-nó fíor-Ghaodhalach, fír-Eireannach d'a bhfuil againn. Taisbeánaidh do'n domhan nach bhfuilmid 'nár Sacsanaigh go fóil, agus nach mbéidhmid 'nár Sacsanaigh' choidhche! Má tá sibh dá ríribh 'san obair seó ná leigidh do na páistidh teanga ár námhad do labhairt le cheile ann a dtighthibh féin, agus tógfamaoid fál agus, cloidhe idir sinn fein agus spiorad na Sacsanachta, nach léimfidh an námhaid thairis go bráth. Tá áthas mór orm go bhfuil Tír Chonaill ag dúisiughadh. Go gcuiridh Dia rath ar an obair bhreágh atá anois ar bun. Beir buaidh agus beannacht ó do shearbhfoghanta umhal. AN CRAOIBHIN AOIBHINN.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services