Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Vol. III - No.12 Aonach Thír Chonaill

Title
Vol. III - No.12 Aonach Thír Chonaill
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1898
Publisher
The Shan Van Vocht

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


THE SHAN VAN VOCHT



Vol. III. — No. 12.


L. 228


Aonach Thír-Chonaill.



Aonach Thír-Chonaill! Is beag an lán Eireannach ar fud an dom-
hain nach gcualaidh iomrádh ar an aonach mór do cuireadh ar
bun leis an Easbog ro-urramach Ua Domhnaill i Leitir Cheanainn
tá coicidhis ó shoin; acht is tnuagh agus is ro-mhór an truaighe
nár bhféidir na h-Eireannaighe 'san mbaile agus i gcéin do
bhailiughadh isteach go léir chum an aonaigh sin, ionnas go
bhfeicfidís gach nidh do righneadh ann, go gcluinfidís gach focal
do labhradh ann, agus go mbéidheadh sé le rádh aca 'san am le
teacht gur ghlac siad páirt ins an obair mhóir thábhachtaigh ar
son creidimh agus ar son cinidheachta na h-Eireann, a bhí 'ga
chur ar aghaidh annsinn r feadh seachtmhaine. Ba h-obair
dhiadha, ba h-obair ghlormhar, agus, míle buidheachas do Dhia,
ba h-obair Ghaodhalach i. Nuair do chuir an t-Easbog Ua
Domhnaill roimhe áirdteampoll do thógbháil in a dhioghoise, is
ro-chinnte agus is ro-shoilléir do dhuine airbith le súilibh agus le
innchinn in a chean, gur mhianaigh sé teampoll do chur suas a
bhéidheadh 'na dhearbhadh ar bhuan-sheasmhacht na nGaodhal
d'a gcreideamh agus d'a nDia; agus le sin, teampoll do bhéarfadh
fios do Ghaodhalaibh na naomhadh aoise deug gur cine ar leith
atá ionnta, agus gur cine iad ag a raibh sinnsir saora, sona, calma,
cródha agus fóghlumtha ins na laethibh nuair a mhair riaghail
Eireannach ó bhun go bárr ár dtíre.



Is fíor-mhaith do righne sé an obair. Chuirfeadh áilleacht an
áirdteampoill aoibhneas ar Mhichéal Angelo é féin dá mbéidheadh
se béo; óir is sí mo bharamhail nach bhfuil teach Dé in Eirinn,
no mórán tighteadh d'a shórt agus d'á mhéid 'san domhan chomh
beacht in gach ball agus tá áirdteampoll Leitir Cheanainn. Acht
níos feárr 'ná sin uile, níl cloch no maide no aon nidh airbith eile
ann nach bhfuaireas in Eirinn, agus is siad lámha Eireannach,
agus lámha Eireannach amháin, a thóg gach órlach de ó bhun go
bárr agus ó thús go deireadh! Ta stair na hEireann — a creideamh
'gus a cródhacht, a buadha 'gus a bróin, agus gloire a mac in gach
gairm beatha — le feicsint go soilléir ar gach troighthe de na
ballaidh', amuigh agus astigh; ag tabhairt léighinn do chloinn na
nGaodhal ar uaisleacht agus ar fhóghluim an chinidh ó tháinic
siad. Tá iomhaighe Naoimh Phadraic, Naoimh Choluimcille,
Naoimh Adhamhnain Naoimh Brighde agus naomh eile na
h-Eireann dealbhuighthe ar an clochaibh thart timchioll an
áirdteompoill, in éinfheacht le iomhaighibh Aodha Ui Néill, Aodha
Ruaidh Ui Dhomhnaill agus mór-choda de shean-laochraibh eile
na tíre. I bhfocal, is Gaodhalach atá gach nidh a bhaineas leis an
áirdteampoll ó'n dubhshraith go dtí bárr na croise ar an tor, atá
beagnach trí cheud troighthe ó'n talaimh.



Acht má's mar seo atá se leis an teampoll is mar an gcéadna bhi sé
leis an aonach. Fosgladh an t-aonach le dileagra i nGaedhilig
agus dunadh e le dileagra agus beannacht 'san t-sean-teanga
cheadna. Bhí seanmóir Ghaedhilge gach tráthóna 'san teampoll
beag atá le taoibh an áirdteampoill. Bhí imeartus Ghaedhilge
ann, sin e, "Imtheacht Chonaill," do sgríobh an t-Athair O
Gramhna; bhí abhrain Ghaedhilge, cláirseoireacht agus piobair
eacht 'san áit cheoil; bhí Gaedhilig 'ga labhairt 'san teach ósda
agus ar an tsráid; agus ar an treas lá ar fhichid de mhí na Samhna
bhí coimhthionól áirigthe de lucht na Gaedhilge ag nach raibh aon
fhocal amháin acht Gaedhilig 'ga labhairt. Ag an mhór-chruinn-
iughadh do bhi Cairdinéal Maolmhudhóg 'san gcathaoir, agus le
n-a thaoibh bhí an t-Easbog MacGiollacheárr as Melbourne, an
t-Easbog MacSeaghain, an t-Easbog Ua Domhnaill é féin, agus
mórán de shagartaibh agus d'uaislibh an chondae. Bhi lucht
connraidh na Gaedhilge ann ás gach áit in Eirinn, agus labhair an
Cáirdineal, an t-Athair Ua Scanlain, an t-Athair Macuinealais,
Doctur De h-Ide, Doctur Boighid, S. Ua Baoghail, P.T. Mac
Fhionnlaigh, agus c., agus c., as Gaedhilig. Ar na bothaibh 'san aonach
ba lámh-obair Eireannach a bhi ar an gcuid ba mhó de na h-
earraidhibh, agus ba h-í an Ghaedhilig do labhair mórán de na
mnáibh óga do bhí d'á ndíol.



Go deimhin ba seachtmhain thabhachdach i, do chreideamh
agus d'Eirinn. Tuillidh an t-Easbog Ua Domhnaill mór-
bhuidhheachas na nEireannach, óir is Eaglaiseach é nach bhfuil
náire air admháil gur fíor-Gaodhal atá ann, agus cuireann sé
a thir, a theanga, agus oibre a thíre a féin os ceann tírtheadh agus
teangthadh agus obair tirtheadh eile an domhain go leir. Dá
mbéidheadh gach Eagluiseach in Eirinn mar eisean bhéidheadh
Gaedhilig, ceól agus gnó a dtíre faoi mheas gan mhoill, oir neamh-
chosamhail le moran daoineadh, daingnigheann se a fhocla le
gniomhaibh; mar cruthaigh sé go minic roimhe so, acht go
h-airighthe mar chruthaigh sé i dtogbháil áirdtéampoill Leitir
Cheanainn, agus in gach nidh a bhain le Aonach Thír-Chonaill.



Go dtugaidh Dia fad-saoghal agus slainte dhó!



P. O'B.



Ratra,
Frenchpark,
Co. Roscommon



Samhain 8th, 1898.



A Shaoi Dhílis,



Chonnairc mé le luthgháire mhóir go raibh sibh ag
cur cuideachta ar bun ann sna Ceallaibh Beaga le sean-teanga ár
sinnsear do chongbháil beó, agus do chur ann san áit áird do bhí
aici ann san tír, fad ó. Nár leigidh Dia go d-tiucfaidh an lá ann a
sinfidh náisiúnta an domhain mhóir, a méar, go sgigeamhail,
anaghaidh Eireann, le tarcuisne agus le magadh, ag radh léi nach
bhfuil innti ach náisiún cladhaire, gan mhaith gan tairbhe, do
chaith dhí, féin gach maith do thug Dia dí, agus gach maith do
bhi ar a seilbh féin, mar atá an teanga is sine agus is binne ar
thalamh na Críostiugheachta, agus gach sean-fhaisiún agus sean-
nós breagh do bhí ag ar seacht sinnsearaibh romhainn.



Eirigidhe suas i n-ainn Dé, agus na leigidh an náire agus an
sgannail sin do theacht orraibh. Conghaigidh beó gach sean-nó
fíor-Ghaodhalach, fír-Eireannach d'a bhfuil againn. Taisbeánaidh
do'n domhan nach bhfuilmid 'nár Sacsanaigh go fóil, agus nach
mbéidhmid 'nár Sacsanaigh' choidhche! Má tá sibh dá ríribh
'san obair seó ná leigidh do na páistidh teanga ár námhad do
labhairt le cheile ann a dtighthibh féin, agus tógfamaoid fál agus,
cloidhe idir sinn fein agus spiorad na Sacsanachta, nach léimfidh
an námhaid thairis go bráth. Tá áthas mór orm go bhfuil Tír
Chonaill ag dúisiughadh. Go gcuiridh Dia rath ar an obair
bhreágh atá anois ar bun.



Beir buaidh agus beannacht ó do shearbhfoghanta umhal.



AN CRAOIBHIN AOIBHINN.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services