Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Vol. III - No.11
Title
Vol. III - No.11
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1898
Publisher
The Shan Van Vocht
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
THE SHAN VAN VOCHT (An t.Sean Bhean Bhocht). Vol. III. — No. 11.
An Sean-Chroppi agus é tinn. Leis an g-"Craoibhin Aoibhinn." Tá mé dúnta liom féin, 'Gus is fuar é mo chroidhe, 'Gus is fuar é an sneachta Ar mhóin a's ar slighe; Is fada ó chualas Aon shúgradh no greann, Ní'l grian anns na spéirthibh, Ní'l éan ar an g-crann. Is trom é an sneachta, Acht is truime mo chroidhe; Tá an condae seo creachta Le annró 's le dlighe. Is fada uaim ruaigeadh Mo mhuinntir 's mo mhac, A's saighdiúraidh 'ga m-bualadh Thart timchioll na g-cnoc.
Musgailt na nGaodhal i dTirchonaill. Feadh tri céad bliadhan, beagnach, atá lucht Gaodhail i dTir- chonaill 'na gcodladh agus faoi trom shnan. Nuair briseadh an cath orra i n-aimsir Elizabet, agus d'imthigh Aodh Ruadh go dti an Spáinn agus tugadh nimh dhó, agus nuair d'imthigh tar lear ua Néill, ua Domhnaill agus taoiseacha Uladh, agus rinne an cead ri Séamus an slad-phlanndail damanta úd ar Uladh, mhúch na neidhthe seo spiorad na nGaodhal i dTirchonaill agus nior thóg siad a gceann go ceart ó shoin. Acht fá dheirionnach atá musgailt ag teacht orra arist. Tá siad a' tógail a gcinn agus a' tabhairt fá deara go bhfuil siad beo go foill agus nach é planndail Uladh dereadh na ceiste. Tá siad ag faghail greim daingean ar an talamh, tá siad ag faghail greim ar riaghaltas na tire, agus is goirid go mbeidh greim aca are gach uile nidh is cóir a bheith aca. Mar sin de ni'l adhbhar iongantais go bhfuil siad ag amharc thart ca bhfuil a dteanga dhuthcais agus ag breithnughadh mar goideadh teangadh na nGaodhall uathá nuair bhi siad faoi an trom-neul sin agus gan neart aca a dteanga do choimhead ar an ghaduidhe choimhgheach. Agus mar bhain siad amach a gcuid talmhan, agus mar tá siad ag gabhail arais a saoirse ó na bodaighibh Gallda, atá sé cinnte go mbeirfidh siad arais a dteanga. Dearc ar cruinniaghadh bhreagh úd do bhi aca anurraidh ag Gartan; feuch Aonach Adhamhnain atá siad ag gléasadh i Litir- cannain; agus amharc mar atá siad ag cur ar bun craobha de Chonnradh na Gaedhilge ann siud agus an seo thrid Thirchonaill. Seadh: agus le nua-bheatha na teangan tiocfaidh nua-bheatha agus spiorad nuadh i bhfearaibh Tirechonaill .i. spiorad dána neamh-eaglach, chroidheamhail, fearamhail na sean-Ghaodhal nach ngéillfidh do nósaibh allmhuracha, agus nach dtréighfidh nósa dhuthchaiseacha na nGhaodal. Spiorad fós nach leigfidh do Mhuintir Tirechonaill a mbeil do thruaillinghadh le teangaidh choimhigheach, no a súile le leigheadh litireacht Gallda; no a n-intinne no a n-intleachta le smuaintibh choig-chricha no cheol mhi-dhuthaiseach. Go bhfásaidh an spiorad seo gan moill! Agus 'sé ar dteanga fréamh agus máthair an spioraid úd. Gabhaidh ar aghaidh, mar sin, le hobair na Gaedhilge. Planndaigh craobha de chonnradh na Gaedhilge i ngach ceanntar de Thirchonaill, agus dibir aisti gach uile rud do tugadh isteach leis na Gallaibh ar feadh na ceadta bliadhan. Bímis 'nar n-Eirionnachaibh arist is cuma cia ta sásta no mi shásta dhe. FEAR NA CÉILLE
AISLING. Air maidin andé le h-éirigh na gréine, Casadh damh an spéirbhean air thaoibh an t-sléibhe, Labhair mé léi go ciuin 's go ceillighe, A's d'fhiosruigheas fein dí ár bh'eise Déirdre, No'n déagh-bhean Bhénis a thug barr-sgéimhe Air mhnáibh budh dheise a bhí faoi spéirthibh, "Ní ceachdar díobh mé," ars an óig-bhean spéiseamhail, "Acht do chéile féin, do mháthair bhocht Eire Atá bh-fad faoi leun, faoi anro 's daoirse, 'S má's mac díom féin thú tar dom' fhuasgailt. Tá mo chlann go tréith-lag 's a bh-fad gan saoirse, Cuid aca i-ngéibhionn ó'n namhaid craosach, Beir chugam go léir iad, a mhic mo chléibh thú, 'Sna leig dóibh mé níos faide thréigbheáil, Iarr orrtha éirigh 'gus seasamh in éinfheacht 'Smo bheannacht do'n té sin a ghlacfas taobh liom." D'éirigheas de léim agus shiúbhailmid le chéile Thart timchioll gach réagúin, 'gus baile 'na dhiaigh sin; Casadh dúinn morán de mhacaibh na h-Eireann, 'Gus chruinnigh siad uile air mhullach chnoic Néifin, Sgaoileadh an brat glas le h-aghaidh na gréine Le ceól agus spórt 'gus an iomarcuidh pléisiuir, Fuair sé ceud fáilte le h'árd ghuth ár m-béilín, 'Gus thugmuid fíor-gheall a bheith seasmhach go h-eug do. Bhí na h-Ultaigh tréightheach faoi chloinn Ui Néill ann, Na Dálaigh 'sna Baoghallaigh 'lig go léir ann, Mac Suibhne Bhóghaineach 's Mac Guibhir Liadruim; 'San iomad eile de uaislibh na h-Eireann; Bhí Mac Gearailt Laighne, croidhe na féile, Ua Mórdha 's Ua Brian 's an iomad de chléirchibh, Búrcaigh 's Blácaigh 's Gráinne Mhaol leó; Ua Choncubhair Shligigh 'gus mórán de Ghaedhealaibh Bhí Fionn Mac Cumhail agus sluaighte na Féinne, Cormac Mac Airt 'gus Cormac Mac Néise, Brian na Boruimhe a's na Múmhanaigh treuna 'San t-easboc Pádraic aig beannughadh an lae doibh. "A Shéaghain mo chléibh, is mithid duit éirigh, Tá'n mhaidin caithte 'gus chómhair an mheadhon lae ann." Chuir an sgairt seo deireadh le m'aisling bréige — Dá m-béidheadh sí níos faide, bhéidheadh tuille dith-chéille! SEÁGHAN S. MAC A'BHÁIRD.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services